Tuarascáil - A9-0208/2020Tuarascáil
A9-0208/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh chun cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19

3.11.2020 - (COM(2020)0280 – C9-0210(2020) – 2020/0152(COD)) - ***I

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Markus Ferber


Nós Imeachta : 2020/0152(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0208/2020

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh chun cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19

(COM(2020)0280 – C9-0210(2020) – 2020/0152(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0280),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0210(2020)),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0208/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú  1  

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA[*]

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

2020/0152 (COD)

Togra le haghaidh

TREOIR Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Treoir 2014/65/AE maidir le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh chun cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 53(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Tá paindéim COVID-19 ag déanamh difear ollmhór do dhaoine, do chuideachtaí, do chórais sláinte agus do gheilleagair agus córais airgeadais na mBallstát. Ina teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig coiste eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na réigiún an 27 Bealtaine 2020 dar teideal ‘Deis na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile’[1] chuir an Coimisiún i bhfáth go leanfaidh leachtacht agus rochtain ar mhaoiniú de bheith ina ndúshlán sna míonna atá le teacht. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach tacaíocht a thabhairt don téarnamh ón suaitheadh tromchúiseach eacnamaíoch arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi trí rómhaorlathas a laghdú trí leasuithe spriocdhírithe teoranta a thabhairt isteach ar an reachtaíocht airgeadais atá ann cheana. Dá bhrí sin, ba cheart gurb é aidhm fhoriomlán na leasuithe deireadh a chur le rómhaorlathas nach bhfuil gá leis agus eisceachtaí sealadacha a dhéanamh a mheastar a bheith éifeachtach chun an suaitheadh eacnamaíoch a mhaolú. Níor cheart go ndéanfadh na leasuithe athruithe a d’fhágfadh níos mó ualaí ar an earnáil agus níor cheart go bhfágfadh na leasuithe go mbeadh ceisteanna casta reachtacha le réiteach le linn an athbhreithnithe atá beartaithe ar MIFID II. Glactar an pacáiste beart seo faoin teideal “Pacáiste Téarnaimh um Margaí Caipitil”.

(2) Glacadh Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[2] maidir le margaí in ionstraimí airgeadais in 2014 mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais a tháinig chun cinn in 2007-2008. Leis an Treoir sin, rinneadh neartú substaintiúil ar chóras airgeadais an Aontais agus ráthaíodh ardleibhéal cosanta d'infheisteoirí ar fud an Aontais. D’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar thuilleadh iarrachtaí chun castacht rialála agus costais chomhlíonta gnólachtaí infheistíochta a laghdú agus chun deireadh a chur le saobhadh iomaíochta, ar choinníoll go gcuirtear cosaint infheisteoirí san áireamh go leordhóthanach ag an am céanna.

(3) Maidir leis na ceanglais a beartaíodh chun infheisteoirí a chosaint, níor gnóthaíodh an cuspóir atá ag Treoir 2014/65/AE chun bearta a chuireann sainiúlachtaí gach catagóire infheisteoirí (cliaint mhiondíola, cliaint ghairmiúla agus contrapháirtithe incháilithe) san áireamh a oiriúnú. Ní i gcónaí a chuir cuid de na ceanglais sin feabhas ar chosaint na n-infheisteoirí ach, uaireanta, chuir siad bac ar fhorghníomhú rianúil na gcinntí infheistíochta. Chun cosaint infheisteoirí a fheabhsú ar bhealach níos fearr, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear leibhéal fiachais na n-infheisteoirí miondíola san áireamh sa mheasúnú oiriúnachta, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar leibhéal an fhiachais tomhaltóirí mar gheall ar phaindéim COVID-19. Thairis sin, d’fhéadfaí ceanglais áirithe i dTreoir 2014/65/AE a leasú chun soláthar seirbhísí infheistíochta agus feidhmíocht gníomhaíochtaí infheistíochta a éascú ar choinníoll go ndéantar an leasú ar bhealach cothrom a thugann cosaint iomlán d’infheisteoirí.

(4) D'fhéadfadh ceanglais um rialachas táirgí srian a chur le díol bannaí corparáide. Meastar go ginearálta gur táirgí slán simplí atá incháilithe do chliaint mhiondíola iad bannaí corparáide ag a bhfuil “make-whole clause” [“clásal déanta-iomlán”]. Le “clásal déanta-iomlán” den sórt sin cosnaítear infheisteoirí ar chaillteanas i gcás ina roghnódh eisitheoir aisíocaíocht luath a dhéanamh trína áirithiú go gcuirfí íocaíocht ar fáil do na hinfheisteoirí a bheadh cothrom le glanluach reatha na ndearbhán a bheadh acu dá mba rud é nár glaodh an banna. Dá bhrí sin níor cheart feidhm a bheith ag na ceanglais um rialachas táirgí a thuilleadh maidir le bannaí corparáide a bhfuil “clásail déanta-iomlán” den chineál sin acu.

(5) An glao ar fhianaise, a sheol an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), maidir le tionchar na n-aslach agus tionchar na gceanglas sin i ndáil le costais agus muirir a nochtadh faoi Threoir 2014/65/AE, agus comhairliúchán poiblí an Choimisiúin, leis an dá rud sin dheimhnigh siad nach bhfuil faisnéis chaighdeánaithe éigeantach faoi chostais ag teastáil ó chliaint ghairmiúla agus ó chontrapháirtithe incháilithe ós rud é go bhfaigheann siad an fhaisnéis is gá le linn na caibidlíochta lena soláthraí seirbhíse. Tá an fhaisnéis sin curtha in oiriúint dá riachtanais agus is minic a bhíonn sí níos mionsonraithe. Dá bhrí sin, ba cheart contrapháirtithe incháilithe agus cliaint ghairmiúla a bheith díolmhaithe ó na ceanglais sin maidir le costais agus muirir a nochtadh, seachas i gcás seirbhísí ar nós comhairle infheistíochta agus bainistiú punainne ós rud é nach bhfuil saineolas leordhóthanach ná eolas leordhóthanach ag cliaint ghairmiúla a dhéanann caidrimh bainistithe punainne nó comhairle infheistíochta le bheith díolmhaithe ó na nochtuithe costas agus muirear.

(6) Tá ceanglas ar ghnólachtaí infheistíochta faoi láthair measúnú costais is tairbhe a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí punainne áirithe i gcás caidrimh leanúnacha lena gcliaint ina n-aistrítear ionstraimí airgeadais. Mar sin, tá ceanglas ar ghnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis is gá a fháil ón gcliant agus a bheith in ann a léiriú gur fearr an tairbhe a thiocfadh as aistriú den chineál sin ná na costais a bhainfeadh leis. Ós rud é go mbíonn ualach rómhór ag baint leis an nós imeachta seo le haghaidh cliaint ghairmiúla, cliaint a dhéanfadh aistriú ar bhonn minic go leor, ba cheart iad a dhíolmhú ón gceanglas sin, ach an rogha a bheith páirteach á coinneáil dóibh an tráth céanna. Os rud é go bhfuil ardleibhéal cosanta de dhíth ar chliaint mhiondíola, ba cheart an rogha sin a bheith teoranta do chliaint ghairmiúla amháin.

(7) Faigheann cliaint a bhfuil caidreamh leanúnach acu le gnólacht infheistíochta tuarascálacha seirbhíse sainordaitheacha, bíodh sé sin go tréimhsiúil nó bunaithe ar chúis áirithe. Ní bhíonn na tuarascálacha seirbhíse sin úsáideach do ghnólachtaí infheistíochta ná dá gcliaint ghairmiúla, dar leo. Ní raibh mórán maitheasa sna tuarascálacha sin go háirithe do chliaint ghairmiúla i margaí atá thar a bheith luaineach ós rud é go gcuirtear na tuarascálacha sin ar fáil ar ardmhinicíocht agus ar líon ard. Nuair a fhaigheann na cliaint ghairmiúla na tuarascálacha seirbhíse sin, is minic nach léitear iad nó go ndéantar cinntí infheistíochta tapa mar gheall orthu seachas leanúint de straitéis infheistíochta fadtéarmaí. Dá bhrí sin, níor cheart go bhfaigheadh contrapháirtithe incháilithe na tuarascálacha seirbhíse sin a thuilleadh. Ba cheart an deis a bheith ag cliaint ghairmiúla, áfach, na tuarascálacha seirbhíse sin a fháil.

(8) Le Treoir 2014/65/AE tugadh isteach ceanglais um thuairisciú maidir leis an gcaoi a ndearnadh orduithe a fhorghníomhú ar na téarmaí ab fhabhraí don chliaint. Sna tuarascálacha teicniúla sin tá cuid mhaith faisnéis chainníochtúil mhionsonraithe faoin ionad forghníomhaithe, faoin ionstraim airgeadais, faoin bpraghas, faoi na costais agus faoin dóchúlacht go ndéanfar an forghníomhú. Is minic nach léann na hinfheisteoirí iad, rud a léirítear leis an líon an-íseal íoslódála ó shuíomhanna gréasáin na ngnólachtaí infheistíochta. Ós rud é nach gcuirtear ar a gcumas do na hinfheisteoirí aon chomparáid fiúntach a dhéanamh ar bhonn na sonraí sin, ba cheart foilsiú na dtuarascálacha sin a chur ar fionraí.

(9) Chun cumarsáid idir gnólachtaí infheistíochta agus a gcliaint a éascú, agus mar sin chun an próiseas infheistíochta féin a éascú, ba cheart nach gcuirfear faisnéis infheistíochta ar fáil ar pháipéar a thuilleadh agus gur cheart, mar rogha réamhshocraithe, í a chur ar fáil go leictreonach. Ba cheart, áfach, an rogha a bheith ag cliaint mhiondíola a iarraidh go leanfadh soláthar na faisnéise ar pháipéar ar aghaidh.

(10) Le Treoir 2014/65/AE, ceadaítear do dhaoine a bhíonn ag trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh de lamháltais astaíochtaí, ar bhonn gairmiúil, díolúine ó údarú a úsáid mar ghnólacht infheistíochta nuair a bhíonn a ngníomhaíocht trádála coimhdeach dá bpríomhghnó. Tá ceanglas orthu siúd a chuirfidh isteach ar an triail gníomhaíochta coimhdí fógra a thabhairt don údarás inniúil ábhartha gach bliain go mbaineann siad úsáid as an deis tástála sin agus go soláthraíonn siad na heilimintí is gá chun an dá thástáil chainníochtúla a shásamh, trialacha lena gcinntear an bhfuil a ngníomhaíocht trádála coimhdeach dá bpríomhghnó nó nach bhfuil. Leis an gcéad triail déantar comparáid idir an méid gníomhaíochta trádála amhantraí a dhéanann eintiteas agus an ghníomhaíocht trádála iomlán a dhéantar san Aontas ar bhonn cineál sócmhainní. Leis an dara tástáil, déantar comparáid idir méid na gníomhaíochta trádála amhantraí, agus na sócmhainní go léir san áireamh, agus gníomhaíocht trádála iomlán na n-ionstraimí airgeadais a dhéanann an t-eintiteas ar leibhéal an ghrúpa. Tá bealach eile ann chun an dara tástáil a dhéanamh, is é sin comparáid a dhéanamh idir an caipiteal a mheastar a úsáideadh sa ghníomhaíocht trádála amhantraí agus an méid iarbhír caipitil a úsáideadh ar leibhéal an ghrúpa sa phríomhghnó. Ba cheart go bhfanfadh na tástálacha cainníochtúla sin mar riail bhonnlíne don díolúine gníomhaíochta coimhdí. Mar mhalairt air sin, ba cheart údaráis mhaoirseachta náisiúnta a bheith in ann údarú a fháil chun brath ar ghnéithe cáilíochtúla, faoi réir coinníollacha atá sainithe go soiléir. Ba cheart an chumhacht a thabhairt do ESMA treoir a chur ar fáil maidir leis na himthosca faoina bhféadfadh údaráis náisiúnta cur chuige cáilíochtúil a chur i bhfeidhm, chomh maith le dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir leis na critéir cháilíochtúla. Na daoine atá incháilithe don díolúine, cruthaitheoirí margaidh san áireamh, tá na daoine sin ag déileáil ar a gcuntas féin nó ag soláthar seirbhísí infheistíochta seachas a bheith déileáil ar a gcuntas féin do chustaiméirí nó do sholáthraithe a bpríomhghnó. Bheadh an díolúine ar fáil sa dá chás ina n-aonar agus ar bhonn comhiomlán i gcás inar gníomhaíocht choimhdeach í seo, nuair a dhéantar í a mheas ar bhonn grúpa. Níor cheart an díolúine sin a bheith ar fáil do dhaoine a chuireann teicníc um thrádáil algartamach ardmhinicíochta i bhfeidhm ná do dhaoine atá páirteach i ngrúpa arb é a phríomhghnó seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí baincéireachta a sholáthar, nó arb é a phríomhghnó gníomhú mar chruthaitheoir margaidh i ndáil le díorthaigh tráchtearraí. ▌

(11) Faoi láthair ní mór do na húdaráis inniúla teorainneacha suímh a bhunú agus a chur i bhfeidhm maidir le méid an ghlansuímh a fhéadfaidh duine a shealbhú i gcónaí i ndíorthaigh tráchtearraí arna dtrádáil ar ionaid trádála agus i gconarthaí “thar an gcuntar” atá coibhéiseach go heacnamaíoch (EEOTC). Ós rud é gur léir go bhfuil córas na dteorannacha suímh neamhfhabhrach i leith forbairt margaí tráchtearraí nua, ba cheart margaí tráchtearraí nuaghinte a chur as an áireamh ón gcóras teorann suímh. Ina ionad sin, níor cheart feidhm a bheith ag na teorainneacha suímh ach amháin maidir leis na díorthaigh tráchtearraí sin a mheastar a bheith suntasach nó criticiúil agus maidir lena gconarthaí EEOTC. Is díorthaigh shuntasacha nó chriticiúla iad díorthaigh tráchtearraí fuinnimh lena mbaineann leas oscailte 300 000 beart ar a laghad in imeacht tréimhse bliana. Ós rud é go bhfuil fíorthábhacht ag baint leo do shaoránaigh, leanfaidh tráchtearraí talmhaíochta a bhfuil bunús acu atá lena gcaitheamh ag an duine, agus a gconarthaí EEOTC, de bheith faoin gcóras teorann suímh atá ann faoi láthair. Ba cheart sainordú a thabhairt do ESMA dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt chun tráchtearraí talmhaíochta, a bhfuil bunús acu atá lena gcaitheamh ag an duine, a shainiú faoi réir teorainneacha suímh agus díorthaigh chriticiúla nó shuntasacha faoi réir teorainneacha suímh. I gcás díorthaigh shuntasacha agus chriticiúla, ba cheart do ESMA an leas oscailte 300 000 beart in imeacht tréimhse bliana a chur san áireamh, chomh maith leis an líon rannpháirtithe sa mhargadh agus an tráchtearra foluiteach.

(12) Le Treoir 2014/65/AE, ní cheadaítear díolúintí fálaithe le haghaidh aon eintitis airgeadais. Maidir le roinnt grúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil agus a bhfuil eintiteas airgeadais bunaithe acu chun a gcríoch trádála, is é an cás é nach féidir lena n-eintiteas airgeadais an trádáil ar fad a dhéanamh ar son an ghrúpa ós rud é nach raibh an t-eintiteas airgeadais incháilithe don díolúine fálaithe. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine fálaithe chúngshainithe le haghaidh contrapháirtithe airgeadais a thabhairt isteach. Ba cheart an díolúine fálaithe sin a bheith ar fáil i gcás, laistigh de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, inar cláraíodh duine mar ghnólacht infheistíochta agus ina mbíonn sé ag trádáil thar ceann an ghrúpa tráchtála. Chun an díolúine fálaithe a theorannú do na heintitis airgeadais sin amháin a bhíonn ag trádáil ar son eintitis neamh-airgeadais sa ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil, ba cheart feidhm a bheith ag an díolúine fálaithe sin maidir leis na suíomhanna atá ag an eintiteas airgeadais sin is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna a laghdaíonn na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála de chuid eintitis neamh-airgeadais an ghrúpa.

(13) Fiú i gcás conarthaí leachtacha, níl ach líon teoranta rannpháirtithe sa mhargadh a ghníomhaíonn go hiondúil mar chruthaitheoirí margaidh i margaí tráchtearraí. Nuair nach mór do na rannpháirtithe sin sa mhargadh teorainneacha suímh a chur i bhfeidhm, ní féidir leo a bheith chomh héifeachtach céanna le cruthaitheoirí margaidh. Dá bhrí sin, ba cheart díolúine ón gcóras teorann suímh a thabhairt isteach do contrapháirtithe airgeadais agus do chontrapháirtithe neamh-airgeadais i gcás suíomhanna a thagann as idirbhearta a dhéantar chun forálacha leachtachta sainordaitheacha a chomhlíonadh.

(13a) Tá na hathruithe ar an gcóras teorann suímh ceaptha chun tacú le forbairt conarthaí nua fuinnimh, go háirithe sa mhargadh leictreachais, agus níl sé mar aidhm acu an córas le haghaidh conarthaí tráchtearraí talmhaíochta a mhaolú.

(14) Leis an gcóras teorann suímh atá ann faoi láthair, ní thugtar aitheantas ar shaintréithe uathúla díorthach urrúsaithe. Ba cheart díorthaigh urrúsaithe a chur as an áireamh ón gcóras teorann suímh.

(15) Ó tháinig Treoir 2014/65/AE i bhfeidhm, níor sainaithníodh aon chonarthaí díorthach tráchtearraí céanna. Ós rud é go dtagraítear do “conradh céanna” sa Treoir sin, déanann an mhodheolaíocht lena gcinntear teorainn na míonna eile dochar don ionad ag a bhfuil an margadh beagleachtach, agus ionaid trádála in iomaíocht le díorthaigh tráchtearraí atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu. Dá bhrí sin, ba cheart an tagairt do “conradh céanna” i dTreoir 2014/65/AE a scriosadh. Ba cheart do na húdaráis inniúla a bheith in ann a chomhaontú go bhfuil na díorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar a n-ionaid trádála féin bunaithe ar an mbunús céanna agus go bhfuil na saintréithe céanna acu, ina bhféadfaidh úsáid a bhaint as bonnlíne theorainn na míonna eile ar an margadh is leachtaí don díorthach tráchtearraí mar theorainn bhonnlíne chun teorainn suímh na míonna eile a shocrú do na conarthaí iomaíocha a thrádáiltear ar na hionaid nach bhfuil chomh leachtach céanna.

(16) Tá difríochtaí móra ann maidir leis an gcaoi a ndéanann ionaid trádála na suíomhanna a bhainistiú. Dá bhrí sin, ba cheart rialuithe ar bhainistiú suímh a dhaingniú i gcás inar gá.

(17) Chun tuilleadh forbartha a áirithiú i margaí tráchtearraí AE atá sloinnte in euro, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na ndíorthach tráchtearraí talmhaíochta ba cheart a bheith faoi réir teorainneacha suímh agus i leith na ndíorthach criticiúil nó suntasach ba cheart a bheith faoi réir teorainneacha suímh, i leith nós imeachta lena bhféadfaidh daoine cur isteach ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna a thagann as idirbhearta a dhéantar chun forálacha leachtachta sainordaitheacha a chomhlíonadh, i leith nós imeachta lena bhféadfaidh eintitis airgeadais atá páirteach i ngrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil cur isteach ar dhíolúine fálaithe i gcás suíomhanna atá ag an eintiteas airgeadais sin is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar shuíomhanna a laghdaíonn na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála de chuid eintitis neamh-airgeadais an ghrúpa, agus i leith ábhar na rialuithe ar bhainistiú suíomhanna a shoiléiriú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr[3]. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(18) Is í Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS) beartas suaitheanta an Aontais chun dícharbónú an gheilleagair a bhaint amach i gcomhréir le Margadh Glas na hEorpa. Tá an trádáil i lamháltais astaíochtaí agus an trádáil i ndíorthaigh díobh faoi réir Threoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus is cuid thábhachtach de mhargadh carbóin an Aontais í an trádáil sin. Leis an díolúine ó ghníomhaíocht choimhdeach faoi Threoir 2014/65/AE, cuirtear ar chumas rannpháirtithe áirithe sa mhargadh a bheith gníomhach i margaí lamháltas astaíochtaí gan a bheith orthu a bheith údaraithe mar ghnólachtaí infheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. I bhfianaise a thábhachtaí atá margaí airgeadais ordúla, dea-rialáilte agus maoirsithe, i bhfianaise an róil nach beag atá ag ETS maidir le cuspóirí inbhuanaitheachta an Aontais a bhaint amach, agus i bhfianaise an róil atá ag margadh tánaisteach dea-fheidhmiúil i lamháltais astaíochtaí chun tacú le feidhmiú ETS, tá sé fíor-riachtanach go gceapfar an díolúine ó ghníomhaíocht choimhdeach go hiomchuí chun rannchuidiú leis na cuspóirí sin. Tá sé sin ábhartha go háirithe nuair a dhéantar an trádáil in lamháltas astaíochtaí in ionaid trádála tríú tír. Chun a áirithiú go gcosnófar cobhsaíocht airgeadais, sláine margaidh, cosaint infheisteoirí agus cothrom iomaíochta an Aontais, agus chun a áirithiú go leanfaidh ETS de bheith ag feidhmiú ar bhealach trédhearcach láidir chun laghdú astaíochtaí costéifeachtach a áirithiú, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt na trádála i lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh díobh san Aontas agus i dtríú tíortha, ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar thionchar na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha ar ETS, agus i gcás inar gá, ba cheart dó aon leasú iomchuí a mholadh maidir le raon feidhme agus cuir i bhfeidhm na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha.

(19) Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/65/AE a leasú dá réir.

(20) Ós rud é go bhfuil cuspóirí an leasuithe seo dírithe ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh atá ann cheana a fhorlíonadh, is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais seachas trí thionscnaimh náisiúnta éagsúla. Is margaí trasteorann iad margaí airgeadais agus tá an tréith sin ag dul i méid i rith an ama. Toisc an lánpháirtithe sin, ní bheadh idirghabháil náisiúnta ar leithlis chomh héifeachtúil agus dhéanfaí margaí a ilroinnt dá bharr, agus tharlódh arbatráiste rialála agus saobhadh ar iomaíocht mar thoradh air sin.

(20a) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo eadhon reachtaíocht de chuid an Aontais atá ann cheana a athscagadh, lena n-áirithítear ceanglais aonfhoirmeacha iomchuí a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta ar fud an Aontais, ós rud é nach féidir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a bhfairsinge agus a n-éifeachtaí, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(21) I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin[4], ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo measann an reachtóir go bhfuil údar cuí le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(21a) Ba cheart é a bheith mar aidhm leis na leasuithe eisceachtaí sealadacha a dhéanamh agus deireadh a chur le rómhaorlathas soiléir chun an ghéarchéim eacnamaíoch a mhaolú; dá bhrí sin, níor cheart go dtabharfaí aghaidh leis na leasuithe ar shaincheisteanna níos casta a bhaineann leis an reachtaíocht a d’fhéadfadh níos mó ualaí a chur ar an earnáil. Ba cheart athruithe níos mó ar an reachtaíocht a athmheas ar dtús san athbhreithniú atá beartaithe ar MiFID II,

 

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/65/AE

Leasaítear Treoir 2014/65/AE mar a leanas:

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

 i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (j):

 daoine:

 a dhéileálann ar a gcuntas féin, lena n-áirítear cruthaitheoirí margaidh, i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh, seachas daoine a dhéileálann ar a gcuntas féin agus orduithe cliaint á bhforghníomhú acu; nó

 a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta, seachas déileáil ar a gcuntas féin, i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh do chustaiméirí nó do sholáthraithe a bpríomhghnó;

ar choinníoll

 i gcás gach ceann de na cásanna sin ina n-aonar agus ar bhonn comhiomlán, go bhfuil an ghníomhaíocht coimhdeach dá bpríomhghnó, nuair a bhreithnítear ar bhonn grúpa iad;

 nach cuid de ghrúpa iad na daoine sin arb é a phríomhghnó seirbhísí infheistíochta a sholáthar de réir bhrí na Treorach seo, feidhmiú aon ghníomhaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2013/36/AE, nó a bheith ag gníomhú mar dhéantóir margaidh i ndáil le díorthaigh tráchtearraí;

 nach gcuireann na daoine sin teicníc trádála algartamaí ardmhinicíochta i bhfeidhm;

 go dtuairisceoidh na daoine sin, arna iarraidh sin, do na húdaráis inniúla an bonn ar a ndearna siad measúnú go bhfuil a ngníomhaíocht faoi phointí (i) agus (ii) coimhdeach dá bpríomhghnó”`;

 

(ba) cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“(4a)  De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a roghnú critéir cháilíochtúla a chur i bhfeidhm maidir leis na díolúintí a shonraítear i bpointe (j) de mhír 1.

Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun treoir a sholáthar maidir leis na critéir cháilíochtúla is féidir a úsáid chun measúnú a dhéanamh i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag na díolúintí a shonraítear i bpointe (j) de mhír 1 den Airteagal seo.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2021.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa dara fomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.’

(2) Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:

(a) cuirtear isteach an pointe (8a) seo a leanas:

“(8a) ciallaíonn ‘aistriú ionstraimí airgeadais’ ionstraim airgeadais a dhíol agus ionstraim airgeadais eile a cheannach nó ceart a fheidhmiú chun athrú a dhéanamh i ndáil le hionstraim airgeadais atá ann cheana;”;

(b) cuirtear isteach an pointe (50a) seo a leanas:

“(50a) ciallaíonn ‘bannaí corparáide a bhfuil clásail déanta-iomlán acu’ bannaí corparáide a bhfuil clásal acu lena gcuirtear de cheangal ar an eisitheoir, i gcás aisíoc luath, príomhshuim an bhanna a thabhairt ar ais don infheisteoir chomh maith le glanluach reatha na ndearbhán a bheadh faighte ag an infheisteoir i gcás nár glaodh an banna;”;

(c) cuirtear isteach an pointe (62a) seo a leanas:

“(62a) ciallaíonn ‘formáid leictreonach’ aon mheán marthanach seachas páipéar;”

(3) in Airteagal 16(3), cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa dara fomhír go dtí an cúigiú fomhír den mhír seo maidir le bannaí corparáide a bhfuil clásail déanta-iomlán acu.”;

(4) Leasaítear Airteagal 24 mar a leanas:

(a) Cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 2:

“Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le bannaí corparáide a bhfuil clásail déanta-iomlán acu.”;

(b) Cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 4:

“I gcás ina dtabharfar an comhaontú chun ionstraim airgeadais a cheannach nó a dhíol i gcrích trí úsáid a bhaint as modhanna cianchumarsáide, rud a chuirfidh cosc ar an bhfaisnéis faoi chostais agus faoi mhuirir a sheachadadh roimh ré, féadfaidh an gnólacht infheistíochta an fhaisnéis faoi chostais agus faoi mhuirir▌ a sholáthar gan aon mhoill mhíchuí tar éis an t-idirbheart a thabhairt chun críche, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(i) gur thug an gnólacht infheistíochta an rogha don chliant moill a dhéanamh le tabhairt i gcrích an idirbhirt go dtí go bhfuil an fhaisnéis faighte ag an gcliant;

(ii) gur aontaigh an cliant an fhaisnéis a fháil gan moill mhíchuí tar éis an t-idirbheart a thabhairt i gcrích.”;

Tabharfaidh an gnólacht infheistíochta deis don chliant an fhaisnéis sin a fháil ar an nguthán sula dtabharfar an t-idirbheart chun críche.”;

(c) cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas:

 “5a. Soláthróidh gnólachtaí infheistíochta gach faisnéis is gá faoin Treoir seo do chliaint nó do chliaint fhéideartha i bhformáid, seachas i gcás inar cliant miondíola nó cliant miondíola féideartha é an cliaint nó na cliaint fhéideartha a d'iarr an fhaisnéis a fháil ar pháipéar, agus sa chás sin soláthrófar an fhaisnéis ar pháipéar agus saor in aisce.

Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta cliaint mhiondíola nó cliaint mhiondíola fhéideartha ar an eolas go bhfuil an rogha acu an fhaisnéis a fháil ar pháipéar.

Maidir leis na cliaint mhiondíola atá ann cheana a bhíodh ag fáil na faisnéise a cheanglaítear leis an Treoir seo ar pháipéar, cuirfidh gnólachtaí iad ar an eolas go bhfaighidh siad an fhaisnéis sin i bhfoirm leictreonach ocht seachtaine ar a laghad sula seolfar an faisnéis sin i bhfoirm leictreonach. Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta na cliaint mhiondíola atá ann cheana ar an eolas go bhfuil rogha acu leanúint d'fhaisnéis a fháil ar pháipéar nó athrú go faisnéis a fháil i bhformáid leictreonach. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta freisin na cliaint mhiondíola atá ann cheana a chur ar an eolas go ndéanfar athrú uathoibríoch go dtí an fhormáid leictreonach i gcás nach n-iarrann siad go leanfar den fhormáid pháipéir a fháil, laistigh den tréimhse ocht seachtaine sin.”; Cliaint miondíola atá ann cheana a fhaigheann an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Treoir seo i bhformáid leictreonach, ní gá iad a chur ar an eolas.

(ca) cuirtear isteach an mhír 9a seo a leanas:

“9a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh gnólachtaí infheistíochta íoc as soláthar seirbhísí forghníomhaithe agus soláthar taighde infheistíochta go comhpháirteach, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) sula soláthrófar na seirbhísí forghníomhaithe nó na seirbhísí taighde infheistíochta, go ndéanfar comhaontú idir an gnólacht infheistíochta agus an soláthraí taighde, lena sainaithneofar cén chuid den íocaíocht chomhpháirteach atá inchurtha i leith taighde infheistíochta;

(b) go gcuirfidh an gnólacht infheistíochta a chliant ar an eolas faoi na híocaíochtaí comhpháirteacha;

(c) na seirbhísí feidhmiúcháin ar ina leith a dhéanfar an íocaíocht chomháirteach, gur i leith eisitheoirí nár sháraigh caipitliú margaidh de EUR 1 billiún le linn na tréimhse 36 mhí roimh sholáthar an taighde infheistíochta, agus ina leith siúd amháin, a dhéanfar iad.

 Chun críche an Airteagail seo, tuigfear go gcumhdaítear le taighde infheistíochta ábhar taighde nó seirbhísí taighde maidir le ceann amháin nó níos mó d’ionstraimí airgeadais nó sócmhainní eile, nó eisitheoirí nó eisitheoirí ionchasacha ionstraimí airgeadais, nó go gcumhdaítear ábhar taighde nó seirbhísí taighde a bhfuil dlúthbhaint acu le tionscal nó margadh ar leith sa chaoi is go mbeidh sé ina bhonn le hionstraimí airgeadais, sócmhainní nó eisitheoirí sa tionscal nó sa mhargadh sin.

Is éard a bheidh i dtaighde infheistíochta freisin ná ábhar nó seirbhísí lena molfar straitéis infheistíochta go sainráite nó go hintuigthe agus lena dtabharfar tuairim  shubstaintiúil de luach nó praghas reatha nó todhchaíoch ionstraimí nó sócmhainní airgeadais, nó beidh anailís agus léargas bunaidh ann ar shlí eile agus tiocfar ar chonclúidí ann bunaithe ar fhaisnéis nua nó ar fhaisnéis atá ann cheana a d’fhéadfaí a úsáid chun eolas a thabhairt faoi straitéis infheistíochta agus a bheith ábhartha agus in ann luach a chur le cinntí an ghnólachta infheistíochta thar ceann na gcliant mhuirearófar ar an taighde sin.

 

(5) in Airteagal 25(2), cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Agus comhairle infheistíochta nó seirbhísí bainistithe punainne lena mbaineann malartú ionstraimí airgeadais á soláthar acu, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta anailís ar chostais agus tairbhí malartaithe ionstraimí airgeadais. Agus comhairle infheistíochta á soláthar acu, cuirfidh gnólachtaí infheistíochta an cliant ar an eolas faoi cé acu atá nó nach bhfuil na tairbhí a bhaineann le malartú ionstraimí airgeadais níos mó ná na costais a bhaineann leis an malartú sin.”;

(5a) in Airteagal 25(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Níl feidhm ag an mír seo maidir le hoibleagáidí i dtaca le tairseacha tuairiscithe caillteanais mar a leagtar síos in Airteagal 25a den Treoir seo.”

(5b) in Airteagal 25(8), leasaítear an chuid réamhráiteach mar a leanas:

“8. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 89 chun a áirithiú go gcomhlíonann gnólachtaí infheistíochta na prionsabail a leagtar amach i mír 2 go mír 6 den Airteagal seo nuair a sholáthraíonn siad seirbhísí infheistíochta nó seirbhísí coimhdeacha dá gcliaint, lena n-áirítear faisnéis a bhailítear chun measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht na seirbhisí agus ionstraimí airgeadais dá gcliaint nó a iomchuí atá siad, critéir le hionstraimí airgeadais neamhchasta a mheas chun críocha phointe (a)(vi) do mhír 4 den Airteagal seo, inneachar agus formáid na dtaifead agus na gcomhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí do chliaint agus soláthar tuarascálacha tréimhsiúla do chliaint i dtaca le seirbhísí a soláthraíodh, ach gan oibleagáidí maidir le tairseacha tuairiscithe caillteanais a leagtar síos in Airteagal 25a a chur san áireamh. Cuirfear san áireamh leis na gníomhartha tarmligthe sin.’

(5c)  cuirtear isteach Airteagal 25a seo a leanas:

“Airteagal 25a

Tairseacha tuairiscithe caillteanais

(1) Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta a sholáthraíonn seirbhís an bhainistithe punainne an cliant ar an eolas i gcás ina laghdóidh luach foriomlán na punainne, arna mheas ag tús gach tréimhse tuairiscithe, de 10 % agus d’iolraí de 10 % ina dhiaidh sin, tráth nach déanaí ná deireadh an lae gnó ar a shárófar an tairseach nó, i gcás ina sárófar an tairseach ar lá nach lá gnó é, deireadh an chéad lae gnó eile.

(2) Cuirfidh gnólachtaí infheistíochta a bhfuil cuntas cliaint miondíola acu ina n-áirítear suíomhanna in ionstraimí airgeadais giaráilte nó idirbhearta dliteanais teagmhais an cliant ar an eolas i gcás ina laghdóidh an luach tosaigh d’aon ionstraim de 10 % agus ag iolraí de 10 % ina dhiaidh sin. Ba cheart go ndéanfaí tuairisciú faoin mír seo ar bhonn ionstraim ar ionstraim, mura gcomhaontófar a mhalairt leis an gcliant, agus déanfar é tráth nach déanaí ná deireadh an lae gnó ar a shárófar an tairseach nó, i gcás ina sárófar an tairseach ar lá nach lá gnó é, deireadh an chéad lae gnó eile.”

 

(6) in Airteagal 27(3), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

“Ní bheidh feidhm ag an gceanglas um thuairisciú a leagtar síos sa mhír seo, áfach, go dtí [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí + 2 bhliain]; déanfaidh an Coimisiún Eorpach athbhreithniú cuimsitheach ar leormhaitheas na gceanglas tuairiscithe sa mhír seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo + 1 bhliain].”;

(6a) in Airteagal 27(6), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“Déanfaidh an Coimisiún Eorpach athbhreithniú cuimsitheach ar leormhaitheas na gceanglas tuairiscithe sa mhír seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo + 1 bhliain];”

(7) cuirtear isteach an tAirteagal 29a seo a leanas:

‘Airteagal 29a
Seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla

(1) Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointe (c) d'Airteagal 24(4) maidir le seirbhísí eile a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla, seachas maidir le comhairle infheistíochta agus bainistiú punainne. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i bpointe(c) d’Airteagal 24(4) maidir le contrapháirithe incháilithe ach oiread.

(2) Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos sa tríú fomhír d'Airteagal 25(2) agus in Airteagal 25(6) maidir le seirbhísí a sholáthraítear do chliaint ghairmiúla, mura rud é go gcuirfidh na cliaint sin an gnólacht infheistíochta ar an eolas i scríbhinn gur mian leo leas a bhaint as na cearta dá bhforáiltear sna forálacha sin. 

(3) Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneoidh gnólachtaí infheistíochta taifead de na hiarrataí i scríbhinn dá dtagraítear i mír 2.”;

(8) in Airteagal 30, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag gnólachtaí infheistíochta atá údaraithe chun orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant, chun déileáil ar a gcuntas féin, nó chun orduithe a fháil agus a tharchur, deis chun idirbhearta a chruthú nó a dhéanamh le contrapháirtithe incháilithe gan oibleagáid a bheith orthu Airteagal 24 a chomhlíonadh, seachas mír 5a, Airteagal 25, Airteagal 27 agus Airteagal 28 (1), i ndáil leis na hidirbhearta sin nó i ndáil le haon seirbhís choimhdeach a bhaineann go díreach leis na hidirbhearta sin.”;

(9) Leasaítear Airteagal 57 mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis inniúla, i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa arna cinneadh ag ESMA i gcaighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh i gcomhréir le mír 3, teorainneacha suímh a shocrú agus a chur i bhfeidhm maidir le méid glansuímh is féidir le duine a shealbhú i gcónaí i ndíorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus i ndíorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha arna dtrádáil ar ionaid trádála, agus i gconarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch. Socrófar na teorainneacha ar bhonn na suíomhanna go léir atá i seilbh duine agus na suíomhanna a shealbhaítear thar a cheann nó thar a ceann ar leibhéal grúpa comhiomlán chun:

(a) drochúsáid mhargaidh a chosc;

(b) tacú le dálaí praghsála agus socraíochta ordúla, lena n-áirítear suíomhanna saofa margaidh a chosc, agus a áirithiú, go háirithe, go mbeidh cóineasú ann idir praghsanna díorthach sa mhí seachadta agus spotphraghsanna don tráchtearra foluiteach, gan dochar d'fhionnachtain praghsanna ar an margadh don tráchtearra foluiteach.;

Ní bheidh feidhm ag na teorainneacha suímh maidir leo seo a leanas:

(a) suíomhanna arna sealbhú ag eintiteas neamhairgeadais, nó thar a cheann, atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála an eintitis neamhairgeadais sin.;

(b) suíomhanna arna sealbhú ag eintiteas neamhairgeadais, nó thar a cheann, atá mar bhall de ghrúpa neamhairgeadais agus atá ag gníomhú thar ceann an ghrúpa neamhairgeadais sin agus atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála an ghrúpa neamhairgeadais sin;

(c) positions held by financial and non-financial counterparties for positions that are objectively measurable as resulting from transactions entered into to fulfil obligations to provide liquidity on a trading venue as referred to in point (c) of the fourth subparagraph of Article 2(4);

(d) urrúis amhail dá dtagraítear i bpointe (44)(c) d'Airteagal 4(1) a bhaineann le tráchtearra nó le bunús amhail dá dtagraítear i roinn C(10) d'Iarscríbhinn I.”;

Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun nós imeachta a chinneadh le haghaidh eintitis neamhairgeadais atá mar chuid de ghrúpa a bhaineann go príomha leis an tráchtáil agus a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna, atá i seilbh an eintitis airgeadais sin, atá intomhaiste go hoibiachtúil mar shuíomhanna lena laghdaítear na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála na n-eintiteas neamhairgeadais den ghrúpa. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun nós imeachta a chinneadh lena leagfar amach conas a fhéadfaidh daoine iarratas a dhéanamh ar dhíolúine fálaithe le haghaidh suíomhanna a thiocfadh as idirbhearta a rinneadh chun oibleagáidí maidir le leachtacht a sholáthar ar ionad trádála a chomhlíonadh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [9 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;.”;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 3 agus 4:

“3. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus na díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha dá dtagraítear i mír 1 a shonrú, agus chun an mhodheolaíocht ríofa a chinneadh a bheidh le cur i bhfeidhm ag údaráis inniúla agus teorainneacha suímh spotmhíosa agus teorainneacha suímh de mhíonna eile á mbunú acu le haghaidh díorthaigh tráchtearraí a shocraítear go fisiciúil agus le hairgead tirim bunaithe ar thréithe an díorthaigh ábhartha lena mbaineann.

Agus díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó suntasacha á sonrú aige, cuirfidh ESMA an méid seo a leanas san áireamh:

(a) méid an leasa oscailte de 300 000 beart ar an meán in imeacht bliana

(b) an líon rannpháirtithe sa mhargadh;

(c) an tráchtearra is bunús leis an díorthach lena mbaineann.

Agus an mhodheolaíocht ríofa dá dtagraítear sa chéad fhomhír á cinneadh aige, cuirfidh ESMA na tosca seo a leanas san áireamh:

(a) an soláthar inseachadta sa tráchtearra foluiteach;

(b) an leas oscailte foriomlán sa díorthach sin agus an leas oscailte foriomlán in ionstraimí airgeadais eile a bhfuil an tráchtearra foluiteach céanna acu;

(c) líon agus méid na rannpháirtithe sa mhargadh;

(d) saintréithe an mhargaidh tráchtearra fholuitigh, lena n-áirítear patrúin táirgthe, tomhaltais agus iompair chuig an margadh;

(e) díorthaigh nua a fhorbairt;

(f) taithí gnólachtaí infheistíochta nó oibreoirí margaidh a bhfuil ionad trádála á oibriú acu, nó taithí dlínsí eile maidir leis na teorainneacha suímh.

Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

4. Socróidh údarás inniúil teorainneacha suímh le haghaidh conarthaí criticiúla nó suntasacha i ndíorthaigh tráchtearraí a thrádáiltear ar ionaid trádála agus le haghaidh díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta bunaithe ar an modheolaíocht ríofa arna cinneadh sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag ESMA i gcomhréir le mír 3. Áireofar sa teorainn suímh sin conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch.

Déanfaidh údarás inniúil athbhreithniú ar theorainneacha suímh i gcás ina bhfuil athrú suntasach ar an margadh, lena n-áirítear athrú suntasach ar an soláthar inseachadta nó ar leas oscailte, bunaithe ar a chinneadh maidir leis an soláthar atá inseachadta agus maidir le leas oscailte, agus déanfaidh sé an teorainn suímh a athshocrú i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 3;.”;

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6, 7 agus 8:

“6. I gcás ina ndéantar díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasach bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu a thrádáil i méideanna suntasacha ar ionaid trádála i níos mó ná dlínse amháin, socróidh údarás inniúil an ionaid trádála ina dtarlaíonn an méid trádála is mó (‘an t-údarás inniúil lárnach’) an teorainn suímh aonair atá le cur i bhfeidhm maidir le gach trádáil sa díorthach sin. Rachaidh an t-údarás inniúil lárnach i gcomhairle le húdaráis inniúla ionad trádála eile ar a ndéantar an díorthach sin a thrádáil i méideanna suntasacha maidir leis an teorainn suímh aonair atá le cur i bhfeidhm agus maidir le haon athbhreithniú ar an teorainn suímh aonair sin. Más rud é nach n-aontóidh na húdaráis inniúla go socróidh an t-údarás inniúil lárnach an teorainn suímh aonair, tabharfaidh siad i scríbhinn na fáthanna iomlána agus mionsonraithe nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i mír 1 á gcomhlíonadh. Réiteoidh ÚEUM aon díospóid a thiocfaidh as easaontú idir údaráis inniúla.

Maidir le húdaráis inniúla na n-ionad trádála ina dtrádáiltear díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus díorthaigh tráchtearraí chriticiúla nó shuntasacha atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu, agus maidir le húdaráis inniúla na sealbhóirí suímh sna díorthaigh sin, déanfaidh siad socruithe comhair a chur i bhfeidhm, lena n-áireofar malartú sonraí ábhartha, chun faireachán agus forfheidhmiú na teorann suímh aonair a chumasú.

7. Déanfaidh ESMA faireachán uair sa bhliain ar a laghad ar an tslí ar chuir na húdaráis inniúla na teorainneacha suímh, a leagadh síos i gcomhréir leis an modheolaíocht ríofa arna bunú ag ESMA faoi mhír 3, chun feidhme. Lena linn sin, áiritheoidh ESMA go mbeidh feidhm éifeachtach ag teorainn suímh aonair maidir leis na díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta agus conarthaí criticiúla nó suntasacha atá bunaithe ar an mbunús céanna agus a bhfuil na saintréithe céanna acu gan beann ar an áit ina ndéantar é a thrádáil i gcomhréir le mír 6.

8. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnólacht infheistíochta nó oibreoir margaidh a oibríonn ionad trádála a thrádálann díorthaigh tráchtearraí rialuithe ar bhainistiú suímh a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cumhachtaí don ionad trádála chun:

(a) faireachán a dhéanamh ar shuíomhanna leasa oscailte daoine;

(b) faisnéis a fháil, lena n-áirítear an doiciméadacht ábhartha uile, ó dhaoine maidir le méid agus cuspóir suímh nó nochtadh a rinneadh, faisnéis faoi úinéirí tairbhiúla nó foluiteacha, aon socruithe comhbheartaithe, agus aon sócmhainní nó dliteanais ghaolmhara sa mhargadh bunúsach, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, suíomhanna arna sealbhú i gconarthaí gaolmhara maidir le hionaid trádála eile agus i gconarthaí thar an gcuntar trí chomhaltaí agus rannpháirtithe;

(c) ceangal a chur ar dhuine suíomh a fhoirceannadh nó a laghdú, ar bhonn sealadach nó buan, agus gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh go haontaobhach chun a áirithiú go ndéanfar an foirceannadh nó an laghdú i gcás nach gcomhlíonfaidh an duine an iarraidh sin; agus

(d) ceangal a chur ar dhuine leachtacht a chur ar ais sa mhargadh ar phraghas agus méid comhaontaithe ar bhonn sealadach leis an rún sainráite na héifeachtaí a bhaineann le suíomh mór nó ceannasach a mhaolú.

Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun inneachar na rialuithe ar bhainistiú suímh a shonrú, agus, ar an gcaoi sin, saintréithe na n-ionad trádála lena mbaineann a chur san áireamh.

Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin [9 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;.”;

(10) in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh gnólachtaí infheistíochta a thrádálann i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh lasmuigh d'ionad trádála miondealú iomlán ar a suíomhanna arna nglacadh i ndíorthaigh tráchtearraí nó i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh a thrádáiltear in ionad trádála agus conarthaí thar an gcuntar atá coibhéiseach go heacnamaíoch a sholáthar don údarás inniúil lárnach dá dtagraítear in Airteagal 57(6), ar bhonn laethúil ar a laghad, chomh maith le conarthaí a gcliant agus cliaint na gcliant sin go dtí go sroichtear an cliant deiridh, i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 agus, i gcás inarb infheidhme, le hAirteagal 8 de Rialachán (AE ) Uimh. 1227/2011.”.

(11) in Airteagal 90, cuirtear isteach an mhír 1a seo a leanas:

“1a. Faoin 31 Nollaig 2021 déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thionchar na díolúine a leagtar síos in Airteagal 2(1), pointe (j), maidir le lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh, agus beidh togra reachtach chun an díolúine sin a leasú ag gabháil leis an athbhreithniú sin i gcás inarb iomchuí. Sa chomhthéacs seo, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an trádáil i lamháltais astaíochtaí an Aontais agus i ndíorthaigh díobh san Aontas agus i dtríú tíortha, déanfaidh sé measúnú ar thionchar na díolúine faoi Airteagal 2(1), pointe (j), ar chosaint infheisteoirí, ar shláine agus trédhearcacht na margaí i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh díobh sin, agus ar cé acu a cheart nó nár cheart bearta a ghlacadh i ndáil le trádáil a dhéantar ar ionaid trádála i dtríú tíortha.”.

 

Airteagal 1a

Athruithe ar Threoir (AE) 2019/878

 

Leasaítear Airteagal 2(1) de Threoir (AE) 2019/878 mar a leanas:

(1)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

‘Déanfaidh na Ballstáit a ghlacadh agus a fhoilsiú, faoin 28 Nollaig 2020:(i)   na bearta is gá chun forálacha na Treorach seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann siad le hinstitiúidí creidmheasa;(ii)   na bearta is gá chun Airteagal 1(1) agus (9) den Treoir seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le hAirteagal 2(5) agus (6) agus Airteagal 21b de Threoir 2013/36/AE,  a mhéid a bhaineann siad le hinstitiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta.’

(2)  cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas tar éis na chéad fhomhíre:

‘Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.’

 

Article 1b

Athruithe ar Threoir 2013/36/AE

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír, an cheathrú fomhír agus an chúigiú fomhír d’Airteagal 94(2):

‘Chun baill foirne a shainaithint a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na hinstitiúide amhail dá dtagraítear in Airteagal 92(2), seachas maidir le baill foirne i ngnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina leagfar amach na critéir chun an méid seo a leanas a shainiú:

(a)  feidhmeanna rialála agus freagrachtaí lucht bainistíochta;

(b)  aonad gnó ábhartha agus tionchar suntasach ar phróifíl priacail an aonaid ábhartha gnó; agus

(c) catagóirí eile foirne nach dtagraítear go sainráite dóibh in Airteagal 92(2) a bhfuil tionchar ag a gcuid gníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl priacail na hinstitiúide, ar tionchar é atá chomh hábhartha céanna le tionchar na gcatagóirí foirne dá dtagraítear sa mhír sin.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 28 Nollaig 2019.

Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. A mhéid a bhaineann leis na caighdeáin theicniúla rialála a bhfuil feidhm acu maidir le gnólachtaí infheistíochta mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leanfaidh an cumhachtú a leagtar síos in Airteagal 94(2) den Treoir seo arna leasú le Treoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle d’fheidhm a bheith aige go dtí an 26 Meitheamh 2021.

Airteagal 2
Trasuí

(1) Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad téacs na mbeart sin in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh na Ballstáit na bearta sin i bhfeidhm ón ... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].

(2) Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 2a

Clásal athbhreithniúcháin

Faoin 31 Iúil 2021 ar a dhéanaí, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, agus bunaithe ar thoradh comhairliúcháin phoiblí a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún le haga tionscanta leordhóthanach, tíolacfaidh an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar Threoir 2014/65/AE agus ar Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Beidh an t-athbhreithniú ina athbhreithniú leathan agus cuirfear san áireamh ann saincheisteanna amhail na saincheisteanna sin a bhaineann le struchtúr an mhargaidh, sonraí, trádáil agus iarthrádáil, rialacha taighde, rialacha maidir le haslaigh a íoc le comhairleoirí, leibhéal cáilíochtaí gairmiúla comhairleoirí san Eoraip, catagóiriú cliant agus Brexit.

Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4
Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Title

lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh chun cabhrú leis an téarnamh ó phaindéim COVID-19

References

COM(2020)0280 – C9-0210/2020 – 2020/0152(COD)

Dáta tíolactha do Pharlaimint na hEorpa

27.7.2020

 

 

 

An coiste freagrach

 Dáta an fhógartha sa suí iomlánach

ECON

14.9.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta an fhógartha sa suí iomlánach

DEVE

14.9.2020

ITRE

14.9.2020

 

 

Gan tuairimí a thabhairt

 Dáta an chinnidh

DEVE

23.10.2020

ITRE

10.9.2020

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Markus Ferber

7.9.2020

 

 

 

Dáta a ghlactha

28.10.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

12

18

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Raffaele Fitto, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Cristian Terheş, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Chris MacManus, Eva Maydell

Dáta don chur síos

3.11.2020

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

26

+

ECR

Derk Jan Eppink, Raffaele Fitto, Cristian Terhes, Johan Van Overtveldt, Roberts Zīle

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Markus Ferber, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Eva Maydell, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Ralf Seekatz, Inese Vaidere

Renew

Gilles Boyer, Engin Eroglu, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Caroline Nagtegaal, Dragoș Pîslaru, Stéphanie Yon-Courtin

 

12

-

GUE/NGL

José Gusmão, Chris MacManus, Dimitrios Papadimoulis

NI

Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini

S&D

Aurore Lalucq

Verts/ALE

Sven Giegold, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Philippe Lamberts, Kira Marie Peter-Hansen, Ernest Urtasun

 

18

0

ID

Gunnar Beck, Francesca Donato, Valentino Grant, Jörg Meuthen, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

S&D

Marek Belka, Jonás Fernández, Eero Heinäluoma, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 16 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais