Tuarascáil - A9-0216/2020Tuarascáil
A9-0216/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm

12.11.2020 - (COM(2020)0375 – C9‑0274/2020 – 2020/0176(COD)) - ***I

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Christophe Hansen


Nós Imeachta : 2020/0176(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0216/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0216/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí  eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm

(COM(2020)0375 – C9‑0274/2020 – 2020/0176(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0375),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0274/2020),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0216/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialachán

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Réasúnú

Is gá foráil a dhéanamh do theacht i bhfeidhm an rialacháin i ndiaidh a fhoilsithe, de bharr an achair ama ghearr inar gá do chomhreachtóirí AE an gníomh seo a ghlacadh. Níl aon leasú déanta ar dháta chur i bhfeidhm an rialacháin, is é sin an 1 Eanáir 2021.


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

 

Tharraing Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) siar as an Aontas Eorpach an 1 Feabhra 2020. Beidh feidhm ag an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar (an Prótacal) ó dheireadh na hidirthréimhse, i.e. ón 1 Eanáir 2021.

Luaitear sa Phrótacal gur cuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe é Tuaisceart Éireann, agus gur féidir leis an Ríocht Aontaithe Tuaisceart Éireann a áireamh i raon feidhme críochach a chuid sceideal faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Faoin bPrótacal, i gcás aon tagairt do chríoch chustaim AE, agus sna forálacha i ndlí an Aontais a dhéantar infheidhme leis an bPrótacal maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann, ní mór an tagairt sin a léamh mar a bheadh críoch thalún Thuaisceart Éireann san áireamh. Is éard is brí leis sin, in ainneoin go bhfuil Tuaisceart Éireann i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe go foirmiúil, go bhfuil dualgas ar an Ríocht Aontaithe, i ndáil le Tuaisceart Éireann, reachtaíocht chustaim AE a chur i bhfeidhm amhail is dá mbeadh Tuaisceart Éireann fós i gcríoch chustaim an Aontais.

Ní eascraíonn cearta agus oibleagáidí do thríú tíortha as na socruithe déthaobhacha idir AE agus an Ríocht Aontaithe faoin bPrótacal. Aon allmhairí de bhun chuótaí rátaí taraife AE nó de bhun cuótaí eile ar allmhairí a bhfuil feidhm acu maidir le hearraí de thionscnamh tríú tír a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann, ní fhéadfaí iad a áireamh mar chuid de chearta an tríú tír sin i leith an Aontais, mura rud é go gcomhaontóidh an tríú tír sin. Tá bagairt ann d’fheidhmiú cuí Mhargadh Aonair AE agus do shláine an Chomhbheartais Tráchtála de dheasca na staide seo tríd an bhféidearthacht go ndéanfaí sárú ar chuótaí rátaí taraife AE nó ar chuótaí eile ar allmhairí. Aon chomhaontú le tríú tíortha lena ndéantar foráil maidir le cuótaí rátaí taraife ar onnmhairí, ceanglaítear leis go ndéanfar earraí a allmhairiú laistigh de AE. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tríú tíortha diúltú do cheadúnais onnmhairithe a eisiúint le haghaidh allmhairí díreach isteach i dTuaisceart Éireann.

Soiléiríonn an togra seo, ina fhoráil shubstaintiúil amháin, nár cheart cuótaí rátaí taraife AE nó cuótaí eile ar allmhairí a bheith ar fáil ach d’earraí a allmhairítear agus a scaoiltear i saorchúrsaíocht in AE agus ní i dTuaisceart Éireann. Déantar é sin trí na críocha uile in AE inar féidir earraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht a liostáil, agus níl Tuaisceart Éireann ar an liosta sin.

Aontaíonn an Rapóirtéir leis an togra. An t-aon leasú amháin a mholtar ná teacht i bhfeidhm níos luaithe an rialacháin i ndiaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil AE, ós rud é go bhfuil a ndóthain ama ag teastáil ó chomhreachtóirí AE chun an gníomh a ghlacadh roimh dheireadh na bliana 2020. Níl aon leasú déanta ar dháta chur i bhfeidhm an rialacháin. Mholfadh an Rapóirtéir d’Fheisirí gan leasuithe eile ar an togra a chur síos chun go nglacfar an gníomh ar an mbealach is rianúla ar féidir.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Cuótaí rátaí taraife an Aontais agus cuótaí eile ar allmhairí a chur i bhfeidhm

Tagairtí

COM(2020)0375 – C9-0274/2020 – 2020/0176(COD)

Dáta tíolactha do Pharlaimint na hEorpa

14.8.2020

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

14.9.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

14.9.2020

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

IMCO

2.10.2020

 

 

 

Rapóirtéir

 Dáta an cheapacháin

Christophe Hansen

10.9.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

15.10.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

10.11.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

40

1

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Saskia Bricmont, Udo Bullmann, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Raphaël Glucksmann, Markéta Gregorová, Enikő Győri, Roman Haider, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Margarida Marques, Gabriel Mato, Sara Matthieu, Emmanuel Maurel, Maxette Pirbakas, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Liesje Schreinemacher, Sven Simon, Dominik Tarczyński, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mazaly Aguilar, Nikos Androulakis, Marek Belka, Sergio Berlato, Markus Buchheit, Reinhard Bütikofer, Marco Campomenosi, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Clare Daly, Nicola Danti, Jérémy Decerle, Luke Ming Flanagan, José Manuel García-Margallo y Marfil, Dino Giarrusso, Márton Gyöngyösi, Svenja Hahn, Yannick Jadot, Agnes Jongerius, Sandra Kalniete, Seán Kelly, Peter Kofod, Andrey Kovatchev, Miapetra Kumpula-Natri, Jean-Lin Lacapelle, Aurore Lalucq, Morten Løkkegaard, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Costas Mavrides, Liudas Mažylis, David McAllister, Javier Moreno Sánchez, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Luisa Regimenti, Manuela Ripa, Annie Schreijer-Pierik, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Witold Jan Waszczykowski, Angelika Winzig, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Dáta don chur síos

12.11.2020

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

40

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Dominik Tarczynski, Jan Zahradil

GUE/NGL

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

ID

Maximilian Krah, Jean-Lin Lacapelle

NI

Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó

PPE

Anna Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn , Iuliu Winkler

RENEW

Barry Andrews, Jordi Cañas, Svenja Hahn, Samira Rafaela, Liesje Schreinemacher, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Udo Bullmann, Miroslav Číž, Paolo De Castro, Raphaël Glucksmann, Bernd Lange, Margarida Marques, Inma Rodríguez Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

NA GLASAIGH/SCE

Saskia Bricmont, Markéta Gregorova, Heidi Hautala, Sara Matthieu

 

1

-

ID

Hervé Juvin

 

1

0

ID

Roman Haider

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 18 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais