Tuarascáil - A9-0218/2020Tuarascáil
A9-0218/2020

TUARASCÁIL maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

13.11.2020 - (N9-0055/2020 – C9‑0331/2020 – 2020/0805(NLE))

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir don tuairim: Irene Tinagli

Nós Imeachta : 2020/0805(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0218/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0218/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

(N9-0055/2020 – C9‑0331/2020 – 2020/0805(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2020 (N9-0055/2020)[1],

 ag féachaint d’Airteagal 283(2), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0331/2020),

 ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE[2],

 ag féachaint do chinneadh uaithi an 17 Meán Fómhair 2019 maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le ceapadh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh[3],

 ag féachaint do chinntí uaithi an 17 Nollaig 2019 maidir leis na moltaí ón gComhairle i ndáil le beirt Chomhaltaí a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh[4],

 ag féachaint do Riail 130 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0218/2020),

A. de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle Eorpach, i litir an 14 Deireadh Fómhair 2020, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Frank Elderson a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar feadh téarma oifige ocht mbliana, le héifeacht ón 15 Nollaig 2020;

B. de bhrí go ndearna Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise an ghá le haghaidh neamhspleáchas iomlán an Bhainc Ceannais Eorpaigh de bhun Airteagal 130 den Chonradh sin; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón iarrthóir chomh maith lena fhreagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuige;

C. de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an iarrthóir ina dhiaidh sin an 9 Samhain 2020, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

D. de bhrí go bhfuil Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh comhdhéanta de chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus de na 19 gobharnóir de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu; de bhrí, go dtí seo, gur fir ar fad iad na gobharnóirí sin;

E. de bhrí go bhfuil a míshástacht curtha in iúl arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an nós imeachta ceapacháin do chomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus gur iarr sí go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta ina leith sin; de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa go bhfaigheadh sí, in am trátha, gearrliosta de dhá ainm ar a laghad atá cothrom ó thaobh inscne de;

F. de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa tuairim fhabhrach uaithi, an 17 Meán Fómhair 2019, maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Christine Lagarde a cheapadh ina céad-Uachtarán mná ar an mBanc Ceannais Eorpach;

G. de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa tuairimí fabhracha uaithi, an 17 Nollaig 2019, maidir leis na moltaí ón gComhairle i ndáil le Fabio Panetta and Isabel Schnabel a cheapadh mar Chomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

H. de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i gComhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh; de bhrí gur mór is saoth le Parlaimint na hEorpa nár thug na Ballstáit aird ar an iarraidh sin agus de bhrí go n-iarrann sí ar na hinstitiúidí náisiúnta agus ar institiúidí AE obair ghníomhach a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sna chéad ainmniúcháin eile;

I. de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile AE agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

1. ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an moladh ón gComhairle i ndáil le Frank Elderson a cheapadh mar Chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

2. Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig rialtais na mBallstát.


 IARSCRÍBHINN 1: CURRICULUM VITAE FRANK ELDERSON

Faisnéis phearsanta

Ainm: Frank Elderson

Rugadh é ar: 18 Bealtaine 1970

Stádas pósta: Pósta le María Pilar Nosti Escanilla (2 leanaí)

 

Oideachas

 Scoil Dlí Columbia, LL.M. (Nua Eabhrach, SAM) (1994-1995)

 Ollscoil Zaragoza (Zaragoza, an Spáinn) (1993-1994)

 Ollscoil Amstardam, Dlí na hÍsiltíre (Amstardam, an Ísiltír) (1990-1994)

 Ardscoil Waltrip (Houston, SAM) (1988-1989)

 Christelijk Gymnasium (Utrecht, an Ísiltír) (1982-1988)

Taithí ghairmiúil

 De Nederlandsche Bank NV

 Comhalta den Bhord Feidhmiúcháin (ó mhí Iúil 2011) agus ó mhí Iúil 2018 mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Maoirseachta freagrach as maoirseacht ar na bainc, as feidhmeanna cothrománacha agus as maoirseacht ar ionracas, agus as gnóthaí dlíthiúla

 Ard-Abhcóide (2008-2011)

 Seirbhísí Dlí, Stiúrthóir Rannáin (2007-2011)

 Maoirseacht Baincéireachta, Ceann Roinne de ABN AMRO (2006-2007)

 Seirbhísí Dlí, Ceann Roinne (2004-2006)

 Seirbhísí Dlí, Leas-Stiúrthóir Roinne (2001-2004)

 An Banc Ceannais Eorpach

 Rannán an Dlí Institiúidigh, Saineolaí sinsearach dlí (2003)

 

 Seirbhísí Dlí, saineolai dlí (1999-2000) agus saineolaí sinsearach dlí (2000-2001)

 Houthoff Advocaten & Notarissen, Amstardam

Dlíodóir (1995-1999)

Foilseacháin:

Sraith alt agus ábhair do roinnt leabhar

Poist ghaolmhara

 Comhchathaoirleach den Tascfhórsa maidir le Rioscaí a bhaineann leis an Aeráid (TFCR) de CBMB (2020)

 Comhalta de Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) (2018)

 Comhalta de Bhord Maoirseachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE), Frankfurt (2018)

 Cathaoirleach Líonra na mBanc Ceannais agus na Maoirseoirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS) (2018)

 Cathaoirleach d’Ardán Airgeadais Inbhuanaithe na hÍsiltíre (2016)

 Cathaoirleach Chomhairle FEC (2016, Leas-Chathaoirleach 2014-2016)

Poist Thánaisteacha

 Comhalta de Chomhairle na Margaí Inbhuanaitheachta (SMC) (2019)

 Comhalta Chomhairle an Mhachnaimh de Sheirbhís Ionchúisimh Phoiblí na hÍsiltíre (2019)

 Comhalta de Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Aontais maidir le Maoiniú Aistrithe Inbhuanaitheachta (2019)

 Comhalta den Bhord Comhairleach ‘d’Ardán Erasmus um Chruthú Luacha Inbhuanaithe’, Scoil Bhainistíochta Rotterdam, Ollscoil Erasmus Rotterdam (2017)

 Comhalta den Bhord Comhairleach d’Ard LLM sa Dlí agus san Airgeadas (Lárionad Hazelhoff do Dhlí Airgeadais, Ollscoil Leiden) (2016)

 Comhalta de Bhord Maoirseachta Vereniging Hendrick de Keyser (2015)

 Cathaoirleach de Bhord Stichting Nederlands Vioolconcours (2016, Comhalta an Bhoird ó 2013)

Iarphoist ghaolmhara agus thánaisteacha

 Breathnóir an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe AE um Airgeadas Inbhuanaithe (2017-2019)

 Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Náisiúnta Réitigh (NRA) (2015-2018)

 Comhalta den Bhord Réitigh Aonair (BRA) (2015-2018)

 Comhalta de Choiste Réitigh (ResCo) an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) (2015-2018)

 Cathaoirleach an Fhóraim Náisiúnta um Chóras Íocaíochta (NFPS) (2011-2014)

 Comhalta Choiste Dlíthiúil an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) (2000-2011, seachas 2006-2007)

 Comhalta de Bhord Gobharnóirí na cathaoireach um Iompraíocht Léitheoireachta, Vrije Universiteit Amstardam (2015-2020)

 Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta d’Fhondúireacht Léitheoireachta na hÍsiltíre (2017-2020)

 Cathaoirleach an Bhoird d’Fhondúireacht Léitheoireachta na hÍsiltíre (2015-2017)

 Comhalta d’Institiúid Infheistíochta na hÍsiltíre (Ardán NLII) (2015-2018)

 Comhalta den tSochaí Staidéir um Polaitíocht Eacnamaíoch (SEP) (2016-2018)

 Comhalta de Bhord Chomhairleach an LL.M sa Dlí agus san Eacnamaíocht, Scoil Dlí Ollscoil Utrecht (2011-2015)

 Comhalta de Bhord Maoirseachta na Cathaoireach um Bonneagar Airgeadais agus um Riosca Córasach, Ollscoil Tilburg (2012-2014)

Comhalta de Bhord Maoirseachta Stichting Geld- en Bankmuseum (2012-2014)

 


 

IARSCRÍBHINN 2: FREAGRAÍ Ó FRANK ELDERSON AR AN gCEISTNEOIR

A. Cúlra pearsanta agus gairmiúil

 

1. Déan cur síos, le do thoil, ar phríomhghnéithe do scileanna gairmiúla i gcúrsaí airgeadaíochta, airgeadais agus gnó agus ar phríomhghnéithe do thaithí Eorpaí agus idirnáisiúnta.

 

Oilte mar dhlíodóir (Ollscoil Amstardam, Ollscoil Zaragoza agus Ollscoil Columbia), chuaigh mé i mbun fostaíochta le Banc Ceannais na hÍsiltíre (De Nederlandsche Bank - DNB) in 1999, ceithre bliana i ndiaidh dom a bheith i mo aturnae, le speisialtóireacht i ndlí Eorpach na hiomaíochta. Sular ceapadh mé mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin Bhanc Ceannais na hÍsiltíre in 2011, bhí poist bhainistíochta éagsúla agam sa Mhaoirseoireacht ar Bhaincéireacht agus i nGnóthaí Dlíthiúla (lena n-áirítear mar Ard-Abhcóide Bhanc Ceannais na hÍsiltíre). Bhíos mar chomhalta Choiste Dlíthiúil BCE nach mór ar feadh 10 mbliana/ Mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin Bhanc Ceannais na hÍsiltíre, bhí réiteach bainc, córais íocaíochta agus nótaí bainc, maoirseacht ar chistí pinsin, TCF agus acmhainní daonna san áireamh i mo chuid freagrachtaí. Faoi láthair, táim freagrach as maoirseoireacht stuamachta ar bhainc, maoirseacht AML/CFT agus gnóthaí dlíthiúla, agus is Comhalta de chuid na hÍsiltíre mé de Bhord Maoirseachta BCE.

 

Tá taithí agus eolas thar raon éagsúil de réimsí criticiúla BCE bainte amach agam mar chomhalta (i) de Bhord Feidhmiúcháin Bhanc Ceannais na hÍsiltíre ar feadh os cionn naoi mbliana, (ii) de Bhord Maoirseachta BCE, (iii) de Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht, agus, roimhe sin, mar chomhalta de (iv) Bhord Réitigh Aonair. Sna róil sin, chonaic mé agus rannchuidigh mé le freagairtí beartais a cheapadh ar roinnt géarchéimeanna, amhail an ghéarchéim mhór airgeadais, an ghéarchéim fiachais Eorpach agus anois, ar ndóigh, géarchéim COVID-19.

 

Mar chomhbhunaitheoir agus Cathaoirleach Líonra na mBanc Ceannais agus na Maoirseoirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS), chabhraigh mé le NGFS a fhorbairt ina thionscnamh fíordhomhanda, ina bhfuil 75 bhanc ceannais agus maoirseoir stuamachta mar bhaill, lena n-áirítear BCE, agus 13 bhreathnóir, lena n-áirítear CAI, an Banc Domhanda agus BIS. Éachtaí NGFS a baineadh amach le déanaí ná foilseacháin maidir le hanailís ar chásanna aeráide le haghaidh bainc cheannais agus maoirseoirí, agus treoir do mhaoirseoirí ar an mbealach chun rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a chomhtháthú i maoirseacht stuamachta. Chomh maith leis sin, is comhchathaoirleach mé den Tascfhórsa maidir le Rioscaí a bhaineann leis an Aeráid (TFCR) de Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

2. An bhfuil aon sealúchais ghnó nó airgeadais agat nó aon ghealltanais eile a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le do chúraimí ionchasacha, agus an bhfuil aon tosca pearsanta nó tosca ábhartha eile ann a chaithfidh an Pharlaimint a chur i gcuntas agus d’ainmniúchán á bhreithniú?

 

Níl, mar atá léirithe i mo Dhearbhú Leasanna, atá i gcomhréir le ceanglais Chód Iompar Aonair BCE, agus mar atá foilsithe ar shuíomh gréasáin de Mhaoirseacht Bhaincéireacht BCE.

3. Cad iad na príomhchuspóirí a shaothróidh tú le linn do théarma oifige ag an mBanc Ceannais Eorpach?

 

Tá sé tábhachtach go ndéanfaidh institiúidí Eorpach uile, lena n-áirítear BCE  – i gcomhréir lena sainordú féin – a ndícheall cobhsaíocht agus rathúnas a sholáthar ar fud na hEorpa. Trí a shainordú a chur i gcrích, tá ról lárnach ag BCE taca a chur faoi ráth an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta san Eoraip. An chéad chuspóir a bheadh agam ná a áirithiú go gcuirfidh BCE a shainordú i gcrích, mar a leagtar síos i gConarthaí AE. Sa ghearrthéarma, bheadh sé d’aidhm agam a áirithiú go ndéanfaidh BCE a mhéid is féidir, fad is atá gá leis, laistigh dá shainordú chun cobhsaíocht praghsanna a chothabháil, géarchéim reatha COVID-19 a shárú. An dara cuspóir a bheadh agam ná a áirithiú go dtabharfaí aghaidh leordhóthanach agus tráthúil ar dhúshláin fhadtéarmacha amhail an t-athrú aeráide, an digiteáil agus an nuálaíocht. An tríú cuspóir a bheadh agam ná tairbhí an euro a chur chun cinn go gníomhach agus Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos iomláine a thacú. Áirítear leis sin, go háirithe, an tAontas Baincéireachta a chur i gcrích le Scéim Eorpach Árachais Taiscí agus fíorAontas na Margaí Caipitil a chothú. An cuspóir deireanach a bheadh agam ná rannchuidiú le cumarsáid shoiléir de roghanna beartais BCE, agus le hidirphlé le geallsealbhóirí BCE a bheadh chomh hoscailte agus is féidir.

B. Beartas airgeadaíochta BCE

4. Conas ba cheart do BCE a bheartas airgeadaíochta a fheidhmiú sna dálaí reatha maicreacnamaíocha, dar leat? Conas mar a sheasfaidh feidhmíocht BCE, dar leat, i ndáil le gnóthú a phríomhchuspóra, eadhon cobhsaíocht praghsanna a chothabháil?

Sa Chonradh, leagtar síos go soiléir gur cobhsaíocht praghsanna is ea príomhshainordú BCE. Mar sin féin, ní thugtar sainmhíniú beacht ar cad is ciall le cobhsaíocht praghsanna sa Chonradh. In 1998, shainmhínigh Comhairle Rialaithe BCE cobhsaíocht praghsanna mar mhéadú bliain ar bhliain san Innéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) don limistéar euro faoi 2%. Tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis in 2003, shoiléirigh an Chomhairle Rialaithe go bhfuil sé d’aidhm aici rátaí boilscithe a choinneáil faoi, ach gar do, 2% sa mheántéarma.

D’éirigh le BCE a chuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach agus ó 1999 tá meánbhoilsciú ICPT ag teacht tríd is tríd le haidhm boilscithe na Comhairle Rialaithe. Ag an am céanna, le deich mbliana anuas tá laghdú tagtha ar bhoilsciú agus, dá bharr sin, bhog sé ar bhonn leanúnach faoi aidhm na Comhairle Rialaithe. Sa chomhthéacs sin, tá tiomantas na Comhairle Rialaithe maidir le comhréir aidhm a bhoilscithe tábhachtach chun a shoiléiriú gur féidir le boilsciú atá ró-íseal a bheith ina ábhar imní do lucht déanta beartas airgeadaíochta chomh maith céanna le boilsciú atá ró-ard. Tá ráig ghéarchéim COVID-19 ina dúshlán sa bhreis agus bhí BCE an-chinntitheach bearta beartais airgeadaíochta a ghlacadh go gasta chun iarmhairtí eacnamaíocha na géarchéime agus na rioscaí do chobhsaíocht praghsanna a bhaineann leis a mhaolú.

Measaim féin go bhfuil na bearta beartais airgeadaíochta atá i bhfeidhm faoi láthair, go háirithe pacáiste na mbeart a ghlacadh ó mhí an Mhárta mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, éifeachtach ó thaobh dálaí fabhracha maoiniúcháin d’earnálacha agus dlínsí uile ar fud an limistéir euro a chaomhnú, lena soláthraítear tacaíocht ríthábhachtach chun taca a chur faoin téarnamh eacnamaíoch agus chun cobhsaíocht praghsanna sa mheántéarma a choimirciú. Rannchuidigh na bearta a tugadh isteach ó mhí an Mhárta le cobhsú rathúil na margaí airgeadais agus le héascú sheasamh an bheartais airgeadaíochta, rud a chabhraíonn le cur in aghaidh laghdú suntasach san ionchas boilscithe de bharr na paindéime. Áirithítear leis gur féidir le hearnálacha uile, lena n-áirítear gnólachtaí, teaghlaigh agus rialtais leanúint de thairbhe a bhaint as dálaí airgeadais réidhe sna cúinsí deacra sin.

Ar deireadh, ba mhaith liom tabhairt chun suntais go bhfuil an t-athbhreithniú straitéise ó BCE leanúnach agus go ndéanfaidh sé measúnú ar, i measc saincheisteanna eile, shainmhíniú ar chobhsaíocht praghsanna agus ar aidhm boilscithe na Comhairle Rialaithe agus ar na hionstraimí ar féidir tacú leis le himeacht ama. Chun a áirithiú go gcuireann BCE a shainordú i gcrích ar an mbealach is fearr, is ríthábhachtach anailís agus plé a dhéanamh ar na hionstraimí éagsúla a imlonnaigh BCE go dtí seo. Go háirithe, baineann sé sin le meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtaí, beartaithe agus neamhbheartaithe araon.

5. Ar bhonn níos ginearálta, cad é do thuairim faoin mbealach a rinneadh cinntí airgeadais san am atá thart agus an dóigh leat gur cheart é a athrú agus, más dóigh, conas? Cad iad na rioscaí agus na dúshláin is tábhachtaí a mbeidh ar BCE aghaidh a thabhairt orthu, dar leat?

Tá cinntí beartais airgeadaíochta na Comhairle Rialaithe bunaithe ar shonraí maicreacnamaíocha, airgeadaíochta agus airgeadais, agus ar anailísí cuimsitheacha arna déanamh ag foireann BCE agus Eurochórais. Príomhghné den phróiseas cinnteoireachta ná na réamh-mheastacháin ráithiúla arna n-ullmhú ag foireann BCE agus Eurochórais. Déanann siad measúnú láidir ar ionchas fáis agus boilscithe agus ar na rioscaí a bhaineann leis an ionchas sin.

Tá meascán d’anailís chainníochtúil agus úsáid samhlacha eacnamaíocha ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar na roghanna beartais éagsúla. Leis an bpróiseas sonraíbhunaithe, lamháiltear freisin don Chomhairle Rialaithe cinntí a dhéanamh a bhfuil tuiscint mhaith ag rannpháirtithe sa mhargadh orthu chomh maith. Ba cheart don Chomhairle Rialaithe leanúint ar aghaidh leis an gcleachtas sin, agus ag an am céanna a áirithiú go bhfanann a sraith uirlisí anailíseach cuí don chuspóir i dtimpeallacht mhaicreacnamaíoch agus i dtírdhreach airgeadais atá ag athrú. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach a aithint gur dócha go mbeidh na dúshláin a bheidh ann amach anseo éagsúil ó na dúshláin atá romhainn inniu. Mar sin de, tacaím go n-áireofar san athbhreithniú straitéise leanúnach, i measc ábhair spéise eile, measúnú ar bhearnaí eolais sna príomhshamhlacha a úsáidtear le haghaidh cinnteoireacht beartais airgeadaíochta chun tuiscint ar fheidhmiú an gheilleagair a fheabhsú chun tacú le sainordú BCE. Agus sin ráite, ós rud é go bhfuil castachtaí ag baint lenár ngeilleagair chomhaimseartha, beidh ionchas fáis agus boilscithe i gcónaí faoi réir neamhchinnteacht shuntasach agus ní féidir le lucht déanta beartas eacnamaíoch, lena n-áirítear bainc cheannais, iad a stiúradh go beacht.

Sa chomhthéacs sin, tá sé chomh tábhachtach céanna go ndéanann an Chomhairle Rialaithe cinntí a bhfuil tuiscint mhaith ag pobal níos leithne de shaoránaigh Eorpacha orthu. Ba cheart di leanúint ar aghaidh ag leagan amach go cúramach an bealach ina mbíonn tionchar ag breithnithe éagsúla ar a cinntí beartais airgeadaíochta agus ar a measúnú comhréireachta maidir le tacar sonrach uirlisí de bheartas airgeadaíochta a imlonnú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanann BCE meastóireacht leanúnach ar an mbealach a bhaineann a bhearta beartais airgeadaíochta amach a gcuspóir atá beartaithe, go bhfuil siad i gcomhréir leis an riosca do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna agus comhréireach maidir lena bhforghníomhú. Ar deireadh, chun cur lena pléití beartais airgeadaíochta, ba cheart don Chomhairle Rialaithe breithnithe eacnamaíocha agus ábhair imní arna gcur in iúl ag saoránaigh, mar shampla ag ócáidí éisteachta, amhail iad siúd atá á reáchtáil faoi láthair i gcomhthéacs an athbhreithnithe straitéisigh, a ionchorprú ina measúnú.

Tá dúshlán leanúnach ag baint le paindéim reatha COVID-19 agus lena tionchair mhaicreacnamaíocha do BCE agus don Aontas Eorpach ina iomláine. Ba cheart do BCE leanúint d’úsáid a bhaint as a ionstraimí uile chun a áirithiú go bhfanann dálaí maoiniúcháin fabhrach d’fhonn tacú leis an téarnamh eacnamaíoch agus cur in aghaidh thionchar diúltach na paindéime maidir leis an gconair boilscithe réamh-mheasta.

Ag an am céanna, tá BCE ag tabhairt aghaidh freisin ar dhúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha, ó dhearadh an bheartais airgeadaíochta agus airgeadra digiteach bainc ceannais go hathrú aeráide. Is iad seo cuid de na hábhair san athbhreithniú straitéise leanúnach, agus bheinn ag súil go mór le páirt a ghlacadh sna pléití sin.

6. Conas mar a dhéanann tú meastóireacht ar éifeachtaí ráta ísle úis?

Ní mór meastóireacht a dhéanamh ar rátaí ísle úis i gcomhthéacs athruithe déimeagrafacha marthanacha, coigilteas breise domhanda agus moilliú i bhfás táirgiúlachta. Chuir na forbairtí sin le laghdú chothromaíocht na rátaí úis le blianta anuas i ngeallagair ardfhorbartha. Tá an beartas airgeadaíochta ar aon dul leis an bhforbairt sin i gcothromaíocht an ráta úis agus, le blianta beaga anuas, chuir sé tacaíocht beartais shuntasach ar fáil don gheilleagar chun a áirithiú go dtagann boilsciú le chéile go daingean le haidhm BCE.

Le timpeallacht ráta ísil úis ar bhonn leanúnach in éineacht le himlonnú uirlisí beartais airgeadaíochta neamhchaighdeánacha, léiríodh ábhair imní maidir le fo-éifeachtaí díobhálacha an bheartais airgeadaíochta. Baineann na fo-éifeachtaí atá luaite le dí-idirghabháil fhéideartha sna margaí airgeadais, spleáchas iomarcach ar chistiú ó bhainc cheannais, laghdú ar chorrlaigh ráta úis a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar bhrabúsacht na mbanc, rioscaí iomarcacha a thógáil, mí-leithdháileadh acmhainní agus éifeachtaí dáileacháin. Baineann roinnt de na fo-éifeachtaí sin freisin le húsáid fhada a bhaint as beartas caighdeánach réidh maidir le ráta úis. Mar sin féin, mar gheall ar idirghabháil dhíreach sna margaí airgeadais agus tionchar na mbanc ceannais maidir le méadú a gclár comhardaithe, d’fhéadfadh fo-éifeachtaí na n-uirlisí beartais airgeadaíochta neamhchaighdeánacha a bheith níos tábhachtaí i gcleachtas ná na cinn a bhaineann le gnáthbheartas airgeadaíochta.

Ar an iomlán, tá fianaise shoiléir ann go bhfuil saoránaigh an limistéir euro fós ag baint tairbhe as rátaí ísle úis. Bhí tionchar suntasach ag bearta beartais airgeadaíochta BCE ó 2014 ar ghníomhaíocht eacnamaíoch. D’eascair níos mó post agus tuarastal níos airde as sin, rud a chuir borradh faoi ioncam teaghlaigh. D’fhéadfadh ioncam úis agus saibhreas pinsin níos ísle a bheith mar thoradh ar na rátaí ísle úis. Ag an am céanna, ní hamháin gur coigilteoirí iad teaghlaigh, ach iasachtaithe agus infheisteoirí iad chomh maith agus sa cháil sin bainfidh siad tairbhe as laghdú in úschostais (maidir le creidmheas tomhaltais agus iasachtaí morgáiste) agus as feabhas ar shaibhreas teaghlaigh de bharr praghsanna sócmhainní níos airde, lena n-áirítear praghsanna tithíochta. Tá fianaise shuntasach ann go leanfaidh tairbhí na timpeallachta ráta ísil úis de bheith níos mó ná na fo-éifeachtaí diúltacha. Mar sin féin, fiú má tharlaíonn sé go bhfuil iarmhéid comhiomlán na dtairbhí agus na gcostas de bheartas airgeadaíochta dearfach, ní bhaineann sé sin de dhualgas BCE leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar thionchar a chuid beart beartais airgeadaíochta trí bhealaí agus earnálacha sonracha tarchurtha. Éilítear ar BCE le prionsabal na comhréireachta, agus a shainordú á shaothrú aige, tacar ionstraimí a roghnú lena lamháiltear dó a shainordú a chur i gcrích agus an méid is lú fo-éifeachtaí a tháirgeadh ag an am céanna. Ós rud é go bhféadfadh éifeachtacht agus fo-éifeachtaí na mbeart athrú le himeacht ama, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ina leith ar bhonn leanúnach.

Léirigh cinntí ó mhí Mheán Fómhair 2019 go bhfuil an Chomhairle Rialaithe airdeallach maidir le fo-éifeachtaí féideartha agus go bhfuil sí ullamh chun freagairt a thabhairt nuair is gá. Chun fo-éifeachtaí bheartas ráta úis dhiúltaigh BCE a mhaolú i measc leibhéil arda de leachtacht iomarcach, ghlac an Chomhairle Rialaithe le córas dhá shraith chun tacú lena beartas airgeadaíochta a tharchur.

7. Cad a cheapann tú faoi fhreagairt beartais airgeadaíochta BCE ar ghéarchéim COVID-19? I do thuairim, ar cheart go mbeadh nádúr níos buaine ag Clár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime (PEPP)?

Cé gur beartas fioscach is ea an phríomhuirlis chun tionchar eacnamaíoch ghéarchéim COVID-19 a mhaolú, tá ról tábhachtach ag na bearta beartais airgeadaíochta a ghlac BCE ó mhí an Mhárta ó thaobh na margaí a chobhsú, soláthar creidmheasa a chosaint agus an téarnamh a thacú. Dá réir sin, déantar cobhsaíocht praghsanna sa mheántéarma a choimirciú, i gcomhréir le sainordú BCE.

Tá éifeacht chobhsaíochta ag tionchar bhearta BCE maidir le dálaí maoiniúcháin sa gheilleagar ar fhorbairtí maicreacnamaíocha: bíonn laghdú níos lú ar infheistíochtaí agus caomhnaítear poist. Gan na bearta sin chun na bearta arna nglacadh rialtais náisiúnta agus institiúidí Eorpacha eile a chomhlánú, bheadh ionchas fáis agus boilscithe níos measa os comhair an limistéir euro, agus bheadh earr-rioscaí níos airde i ndán dó.

Nuair a bhuail an phaindéim geilleagar an limistéir euro ag tús na bliana, sheol BCE Clár Ceannaithe d'Éigeandáil na Paindéime (PEPP) chun na margaí a chobhsú agus geilleagar an limistéir euro a thacú le linn na dtráthanna dúshlánacha sin. Is ionstraim shealadach, spriocdhírithe agus chomhréireach é PEPP chun na margaí a chobhsú agus geilleagar an limistéir euro a thacú le linn na dtráthanna dúshlánacha sin. Chun a chuspóirí mar ionstraim éigeandála a chomhlíonadh, ceapadh PEPP le níos mó solúbthachta ó thaobh ama, margaí agus dlínsí de i gcomparáid leis an gClár Ceannaithe Sócmhainní (CSS) de BCE atá ann cheana. Bhí solúbthacht PEPP ríthábhachtach maidir le margaí airgeadais a chobhsú i gcomhthéacs na paindéime.

Léirítear a nádúr sealadach le tréimhse glancheannacháin sócmhainní faoi PEPP, rud a mhairfidh, dar leis an gComhairle Rialaithe, go dtí go meastar go bhfuil céim ghéarchéim an choróinvíris thart. Thairis sin, ceapadh PEPP ar bhealach spriocdhírithe chun dul i ngleic le suaitheadh sonrach agus na rioscaí lena mbaineann atá os comhair an limistéir euro le linn na paindéime. Dá bhrí sin, tá calabrú PEPP nasctha go díreach le héabhlóid na paindéime agus a iarmhairtí do tharchur beartais airgeadaíochta agus don ionchas eacnamaíoch, mar atá luaite ag an gComhairle Rialaithe.

8. Conas a fheiceann tú an beartas airgeadaíochta ag athrú ag an gcuimse íochtair nialais?

Is cinnte gur níos dúshlánaí é beartas airgeadaíochta a dhéanamh nuair atá na príomhrátaí beartais gar don chuimse íochtair éifeachtach. Mar sin féin, tar éis na rátaí beartais leibhéil gar do nialas a shroicheadh i ndiaidh na géarchéime airgeadais, bhí BCE in ann tuilleadh spreagtha a chur ar fáil trí bheartais um chlár comhordaithe, réamhthreoir agus beartais ráta úis dhiúltaigh. Measadh go raibh na hionstraimí sin neamhghnách mar go raibh easpa taithí ag bainc cheannais maidir lena n-imscaradh ach cruthaíodh go bhfuil siad cumas iontu tuilleadh beartais airgeadaíochta réidh a sholáthar don gheilleagar.

Cé go bhfuair BCE taithí shuntasach le huirlisí chun beartas airgeadaíochta réidh gar don chuimse íochtair éifeachtach a sholáthar, tá sé fós faoi réir méid níos mó neamhchinnteachta ná gnáthbheartas ráta úis. Baineann sé sin, mar shampla, leis an tuairim go mbraitheann tionchar na n-uirlisí sin ar na himthosca maicreacnamaíocha agus airgeadais atá i réim agus, dá bhrí sin, gur féidir leo a bheith éagsúil le himeacht ama, maidir lena n-éifeachtacht agus ó thaobh fo-éifeachtaí ionchasacha de freisin. Tá gá le faireachán cúramach agus nuashonrú leanúnach chuige sin ar a mhéid a bhfuil idirghabháil beartais airgeadaíochta fós comhréireach. Sa chomhthéacs sin, cuirim in iúl gur geal liom an taithí agus na ceachtanna foghlamtha maidir le uirlisí beartais airgeadaíochta neamhchaighdeánacha, gur gné thábhachtach iad den athbhreithniú straitéiseach.

9. Cad iad an tionchar agus na fo-éifeachtaí a bhaineann le ceannacháin sócmhainne, dar leat? Cad iad, dar leat, na rioscaí agus na tairbhí a bhaineann le Clár Ceannaigh na hEarnála Corparáidí (CSPP)? Conas a áiritheoidh tú trédhearcacht a mhéid a bhaineann leis an gClár Ceannaithe Sócmhainní (CCS) a chur chun feidhme?

Cruthaíodh go bhfuil cláir ceannaithe sócmhainní BCE, lena n-áirítear CCS agus PEPP an-éifeachtach ó thaobh dálaí airgeadais a mhaolú. Trína n-éifeacht ar dhálaí airgeadais, bhí dea-thionchar mór ag ceannacháin sócmhainne ar an ngeilleagar agus ar an margadh saothair. Sa bhreis ar sin, tugtar le fios le hanailísí BCE go bhfuil an boilsciú níos airde ná mar a bheadh sé in éagmais ceannacháin sócmhainne, cé go bhfuil an boilsciú níos ísle fós ná cuspóir na Comhairle Rialaithe maidir le boilsciú.

Is féidir le bearta beartais airgeadaíochta fo-éifeachtaí a bheith acu freisin, go háirithe maidir le praghsanna sócmhainní airgeadais, bainc, institiúidí airgeadais eile, an spleáchas ar chistiú ó bhainc cheannais, leithdháileadh acmhainní, margaí tithíochta, agus staideanna airgeadais teaghlaigh. Is féidir le fo-éifeachtaí den sórt sin éirí níos suntasaí dá fhad atá na bearta i bhfeidhm agus dá thréine a dhéantar iad a riar. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach leanúint de fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt na bhfo-éifeachtaí féideartha agus a dhéanamh deimhin de nach mó iad ná tionchar forbartha bhearta BCE ar an ngeilleagar.

Go ginearálta, dreasaíonn beartas airgeadaíochta réidh infheisteoirí agus idirghabhálaithe airgeadais le dul ar aghaidh go sócmhainní ag a bhfuil riosca níos mó, lena n-áirítear níos mó creidmheasa a chur ar fáil do theaghlaigh agus do ghnólachtaí. Is éifeacht bheartaithe é sin ag beartas airgeadaíochta (dá dtagraítear an bealach athchothromaithe punainne go minic) toisc go dtugann sé le fios go gcuirtear an spreagadh airgeadaíochta ar aghaidh chuig earnálacha nach bhfuil urrúsuithe incheadaithe ina seilbh acu ná á n-eisiúint acu agus dá bhrí sin nach bhfaigheann leas díreach ó chláir cheannaithe. Má éiríonn an dul i riosca iomarcach, áfach, is féidir leis rannchuidiú le carnadh na rioscaí cobhsaíochta airgeadais. D’fhéadfadh beartas airgeadaíochta, agus go háirithe ceannacháin sócmhainne, difear a dhéanamh d’fheidhmiú an mhargaidh trí bhunphrionsabail fholuiteacha praghasmhúnlaithe bannaí a shaobhadh agus difear a dhéanamh do dhálaí leachtacha i ndeighleoga áirithe an mhargaidh. Go dtí seo, tugtar le fios sna hanailísí go bhfuil praghasmhúnlú i margaí bannaí ceannasacha an limistéir euro fós slán den chuid is mó agus gur thacaigh ceannacháin le feidhmiú an mhargaidh dáiríre le linn tréimhsí struis.

Maidir le CSPP, tairbhe soiléir atá ann ná an tacaíocht a thug na ceannacháin sin do chostais chistithe chorparáideacha agus d’infheistíocht chorparáideach agus an fíorgheilleagar dá bhrí sin. Bhí dea-thorthaí iarmhartacha ag CSPP freisin i ndáil leis na dálaí maoinithe do chuideachtaí uile sa limistéar euro, lena n-áirítear na cuideachtaí sin nach mbíonn ag brath ar mhargaí caipitil dá maoiniú, amhail fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Ag an am céanna, tá sé tábhachtach faireachán a dhéanamh go dlúth agus go leanúnach ar na rioscaí a bhaineann leis na cláir ceannaithe sócmhainne. Ba cheart a rioscaí a bhainistiú chun iad a choinneáil ar leibhéil nach gcuireann clár comhardaithe BCE i mbaol, agus ar an mbealach sin, a chosnaíonn a chumas chun a shainordú a chomhlíonadh.

Ar deireadh, bhí ról lárnach ag an trédhearcacht in CCS agus PEPP trí ligean do rannpháirtithe sa mhargadh tuiscint níos fearr a fháil ar conas a chuirtear na cláir chun feidhme. Tá ríthábhacht le nochtadh leanúnach ar shuíomh gréasáin BCE d’faisnéise faoi cheannacháin agus sealúchais CCS agus PEPP.

10. Cad é an rud is mó a bhfuil tú ag súil leis san athbhreithniú ar chreat beartais airgeadaíochta BCE? Cad iad na dúshláin is mó atá ann don athbhreithniú? Ar cheart do BCE athshainiú a dhéanamh ar a shainmhíniú cainníochtúil ar sprioc maidir le cobhsaíocht praghsanna agus ar cén bealach ar cheart dó é sin a dhéanamh? Cad a cheapann tú faoin gcinneadh ón gCóras Cúlchiste Feidearálach (Fed) ó mhí Lúnasa 2020 i ndáil leis sin?

Cuireadh tús le hathbhreithniú ar straitéis airgeadaíochta BCE arís, athbhreithniú ar cuireadh moill de bharr COVID-19, agus díreofar air go príomha sa bhliain amach romhainn. Táim ag dréim le plé leathan agus leathanaigeanta, lena dtabharfar ar áireamh freisin an chaoi a bhféadfadh breithnithe amhail cobhsaíocht airgeadais agus an t-athrú aeráide tionchar a imirt ar chobhsaíocht praghsanna sa mheántéarma.

Roinntear an próiseas athbhreithnithe i raon díospóireachtaí laistigh den Chomhairle Rialaithe, arna dtacú le seimineáir atá ullmhaithe ag foireann an Eorachórais, agus leis na tuairimí a bailíodh i measc geallsealbhóirí eile á gcur san áireamh. Ar an ábhar sin, measaim go bhfuil an t-ionchur ó Pharlaimint na hEorpa ábhartha go háirithe agus cuirim in iúl gur geal liom gur aontaigh Uachtarán BCE idirghníomhú ar bhonn níos dlúithe i gcomhthéacs athbhreithniú na straitéise ó BCE agus a áirithiú go mbeidh ról lárnach ag an idirphlé rialta idir BCE agus Parlaimint na hEorpa.

Tabharfar tacaíocht do sheimineáir na Comhairle Rialaithe trí obair dhomhain ullmhúcháin a dhéanfaidh 10 sruth oibre san Eorachóras. Cumhdófar raon leathan ábhar sna sruthanna oibre: tomhas boilscithe, cuspóir cobhsaíochta praghsanna BCE, samhaltú an Eorachórais, an domhandú, an digitiú, an t-athrú aeráide, cobhsaíocht airgeadais agus beartais mhacrastuamachta, idirghabháil airgeadais neamhbhainc, cumarsáid agus an idirghníomhaíocht idir beartais airgeadaíochta agus beartais fhioscacha.

Is é is aidhm d’athbhreithniú na straitéise ó BCE ná a chinntiú go bhfuil straitéis BCE maidir le beartas airgeadaíochta láidir agus cuí don chuspóir, inniu agus amach anseo, araon.

Beidh sainmhíniú beacht ár bpríomhchuspóir ann go lárnach san athbhreithniú straitéise. Tá foirmliú soiléir de chuspóirí na Comhairle Rialaithe buntábhachtach chun cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Leis sin, déantar trédhearcacht agus cuntasacht a éascú maidir le cinntí beartais airgeadaíochta atá déanta.

I bhfianaise an athbhreithnithe straitéise atá ar bun, bheadh sé róluath conclúidí a tharraingt air sin, agus ar aon cheann dá ngnéithe.

Ar deireadh, sa Ráiteas maidir le Spriocanna Níos Fadtéarmaí agus an Straitéis maidir le Beartas Airgeadaíochta ó Fed, leagtar amach creat nua straitéiseach lena n-áirítear athruithe suntasacha a bhaineann leis an dá thaobh de shainordú déthaobhach Fed – fostaíocht uasta agus cobhsaíocht praghsanna. Thug mé do m’aire agus is díol spéise dom athbhreithniú Fed agus táim ag tnúth le páirt a ghlacadh san athbhreithniú ar straitéis BCE. Ba cheart dom a thabhairt do m’aire go ndéanann BCE, laistigh dá shainordú, a athbhreithniú neamhspleách féin, agus nár cheart go measfar go mbeadh impleachtaí díreacha ag athbhreithnithe straitéisí ó bhainc cheannais eile ar straitéis BCE.

11. Conas a dhéanann tú meastóireacht ar an tuiscint reatha ar dhinimic boilscithe agus na príomh imthosca a spreagann gluaiseachtaí boilscithe le blianta beaga anuas? An gceapann tú go ndéantar an boilsciú sa limistéar euro a mheas faoina luach de bharr sciar neamhleor na gcostas tithíochta sa chiseán ICPT? An n-iarrfá athchoigeartú a dhéanamh ar an gciseán sin?

Tá sé ríthábhachtach do BCE dinimic boilscithe a thuiscint mar aon leis na príomhghnéithe a spreagann boilsciú, agus conas a fhorbraíonn siad le himeacht ama. Do lucht déanta beartas airgeadaíochta, ba léir gur dúshláin níos mó é ná roimhe sin tuiscint iomlán a fháil ar dhinimic boilscithe toisc go n-imríonn go leor imthosca éagsúla tionchar ar bhoilsciú ag an am céanna. I ndáil leis sin, is gá do BCE a bheith oscailte do mhínithe éagsúla ar bhoilsciú íseal a d’fhéadfadh go deimhin a bheith ábhartha ag an am céanna ach a d’fhéadfadh freagairt beartais ar leith a iarraidh chomh maith.

 

Lig dom tagairt a dhéanamh do Tuarascáil um Boilsciú Íseal a foilsíodh in 2016 mar shampla. Tugtar chun suntais inti dhá chineál forsaí a dhéanann dinimic boilscithe a shamhaltú. Ar an gcéad dul síos, is féidir treochtaí níos faide an bhoilscithe a mhíniú trí imthosca struchtúracha a athraíonn an chaoi a n-oibríonn ár ngeilleagar. Áirítear leis sin, an domhandú, go háirithe, cumhacht mhargála an t-saothair atá ag dul i léig, dul chun cinn teicneolaíoch agus treochtaí déimeagrafacha. Ar an dara dul síos, is féidir le suaití – ó thaobh an tsoláthair nó an éilimh araon – tionchar a imirt ar dhinimic boilscithe trí bhealaí difriúla.

I láthair na huaire, an dúshlán atá ann maidir leis an mboilsciú a thuiscint ná na tionchair ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha atá ag an bpaindéim ar an mboilsciú agus go háirithe ar an mboilsciú lárnach a thomhais.

Déanann an tInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) a thiomsaíonn Eurostat a áirithiú go leanann gach tír san Aontas Eorpach an mhodheolaíocht chéanna. Is ionann boilsciú ICPT agus innéacs praghsanna ar ardcháilíocht agus d’oibrigh go maith leis i mórán gnéithe, agus níl sé foirfe. Is é sin an chúis a chuirim fáilte roimh na feabhsuithe éagsúla a tháinig isteach sa mhodheolaíocht ICPT le blianta anuas agus go mbreathnóidh athbhreithniú straitéise BCE ar an gceist faoi thomhas boilscithe. Trí thithíocht úinéir-áitithe san áireamh i ríomhanna ICPT chun caiteachas uile ar thomhaltas a bhaineann le tithíocht a chumhdach, d’fhéadfadh sé a bheith ina fheabhas tábhachtach a chomhfhreagraíonn ar bhonn níos fearr leis an taithí atá ag saoránaigh Eorpacha ar an mboilsciú ina saol laethúil.

 

Tá dúshláin theicniúla ann áfach maidir le tithíocht úinéir-áirithe a ionchorprú, agus níl ann do réiteach is iomchuí agus is fear. Bheinn ag tnúth le páirt a ghlacadh san athbhreithniú straitéise chun tuairimí a mhalartú maidir le conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

 

I gcleachtas, mar a moladh i ríomhanna réamhtheachtacha bunaithe ar tháscaire turgnamhach ar Thithíocht Úinéir-áirithe, dá ndéanfaí í a ionchorprú in ICPT, ní bheadh ach tionchar teoranta uirthi ar an meánbhoilsciú.

 

12. Cad é do mheas ar ilchineálacht na ndálaí airgeadaíochta agus ar rochtain ar chreidmheas ar fud an limistéir euro agus an tionchar atá aige sin ar beartas airgeadaíochta aonadach BCE, go háirithe de réir na dtreochtaí dibhéirseachta eacnamaíocha a eascraíonn as COVID-19?

De bhrí go mbeidh roinnt éagsúlachtaí ann i gcónaí maidir le dálaí maoinithe idir Ballstáit sa limistéar euro, lena léireofar na héagsúlachtaí struchtúracha agus na héagsúlachtaí sa réamhaisnéis eacnamaíoch, tar éis do ghéarchéim COVID-19 geilleagar an limistéir euro a bhuaileadh, bhí riosca soiléir ilroinnte ann a mhéadódh dibhéirseacht an méid sin nach mbeadh sé comhsheasmhach a thuilleadh le beartas airgeadaíochta réidh BCE a tharchur go rianúil chuig gach earnáil agus gach dlínse.

Na bearta a tugadh isteach ó mhí an Mhárta , agus go háirithe PEPP agus TLTRO III, dearadh iad chun tacú leis an tarchur chuig gach earnáil agus gach dlínse de gheilleagar an limistéir euro. Léirítear sna meastacháin go raibh tionchar suntasach ag PEPP, in éineacht le himchlúdach breise CCS de EUR 120 billiún a fógraíodh i mí an Mhárta, i dtaobh an biseach téarma i meántoradh ceannasach 10 mbliana sa limistéar euro a laghdú, ar gné thábhachtach é de rátaí úis fadtéarmacha go ginearálta. Bhí an tionchar éagsúil ó thír go tír, le laghdú i bhfad níos láidre i gcás na dtíortha sin a bhí buailte is measa ag an bpaindéim.

Bhí an glacadh in oibríochtaí TLTRO III mhí an Mheithimh agus mhí an Mheán Fómhair (gar do EUR 1.5 trilliún le chéile) ard agus forleathan gan choinne. De réir suirbhé maidir le hiasachtú bainc sa limistéar euro ó mhí Dheireadh Fómhair, léirigh bainc go dtacaíonn leachtacht TLTRO III go mór lena n-iasachtú, go háirithe do ghnólachtaí. Léirigh bainc freisin go raibh tionchar dearfach ag TLTROnna ar a staid leachtachta agus a ndálaí maoinithe margadh-bhunaithe agus tionchar éascaithe ar na téarmaí agus coinníollacha a tháirgtear d’iasachtaithe. Dá bhrí sin, rannchuidigh TLTROnna le tarchur níos aonfhoirmí de bheartas airgeadaíochta BCE.

Thacódh téarnamh níos aonfhoirmí ón ngéarchéim le héifeachtacht beartais airgeadaíochta sa limistéar euro. Déanann an Chomhairle Rialaithe a cinntí maidir le beartas airgeadaíochta a shaincheapadh d’fhorbairtí gheilleagar an limistéir euro ina iomláine, ach is gá di a chinntiú chomh maith go sroicheann a beartas airgeadaíochta gach cuid den gheilleagar agus gach dlínse chun a sainordú maidir le cobhsaíocht praghsanna a shaothrú.

Chun téarnamh níos aonfhoirmí a shaothrú, tá beartas fioscach riachtanach. Beidh ról tábhachtach ag an bplean téarnaimh Next Generation EU ón gCoimisiún Eorpach, mar shampla, chun iarracht a dhéanamh cothrom iomaíochta a athbhunú agus tacú leo siúd atá buailte is measa ag an bpaindéim.

Dá bhrí sin, is geal liom go mór an plean seo, a neartóidh an Margadh Aonair agus a chruthóidh téarnamh fadmharthanach agus rathúil, agus a thacóidh le tosaíochtaí glasa agus digiteacha an Aontais ag an am céanna.

13. Conas is féidir le BCE rannchuidiú le fás eacnamaíoch, le haistriú éiceolaíoch agus le lánfhostaíocht, agus a phríomhchuspóir á chomhlíonadh aige, eadhon cobhsaíocht praghsanna a choinneáil, dar leat? I do thuairim, an bhfuil bearta beartais airgeadaíochta breise féideartha ann a chuirfeadh feabhas ar an bhfíorgheilleagar?

Mar a chumhdaítear sna Conarthaí, is é príomhchuspóir an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) cobhsaíocht praghsanna a choinneáil. “Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, [áfach] tacóidh CEBC leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha sa Chomhphobal d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Chomhphobail mar atá siad leagtha síos in Airteagal 2.” Mar sin is léir gur féidir le beartas airgeadaíochta ról ríthábhachtach a imirt chun tacú leis an bhfíorgheilleagar. Go deimhin, sa timpeallacht reatha, ina bhfuil an t-éileamh lag agus an boilsciú faoi bhun na leibhéal atá comhsheasmhach le cuspóir na Comhairle Rialaithe maidir leis an mboilsciú, tá beartas airgeadaíochta ríthábhachtach chun tacú leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an mboilsciú araon.

Is sásra ríthábhachtach tarchuir é tacú le tomhaltas teaghlaigh agus infheistíocht i ngnólachtaí chun go mbainfidh beartas airgeadaíochta a chuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna amach. Tá neart fianaise ann gur imir na bearta beartais airgeadaíochta a rinneadh ó lár 2014 tionchar mór ar fhostaíocht, ar ioncaim agus ar an bhfás.

Thairis sin, na bearta a rinneadh ó mhí an Márta 2014 maidir le ceannacháin sócmhainne agus paraiméadair TLTRO, tabharfaidh siad tacaíocht shuntasach don téarnamh eacnamaíoch agus mhaolaigh siad na torthaí don chás is measa.

Beidh deis ann leis an athbhreithniú ar straitéis BCE atá ar siúl tuiscint níos fearr a fháil ar conas is féidir leis na treochtaí níos fadtéarmaí difear a dhéanamh do na hathróga ar a ndéanaimid faireachán rialta agus méid áirithe rialaithe a lorg. I measc na dtreochtaí sin, is cinnte go bhfuil an t-aistriú déimeagrafach, an t-athrú teicneolaíochta suaití agus an téamh domhanda suntasach.

14. Cén méad a mheasann tú go bhfuil dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le saincheisteanna inbhuanaitheachta eile mar chuid de shainordú BCE? Cad iad do thuairimí faoin tionchar atá ag beartas BCE ar athrú aeráide? An dóigh leat gur cheart do BCE a chuid ceannachán sócmhainne a thabhairt i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide? Ar cheart cláir ceannaithe sócmhainní BCE a bheith i gcomhréir le creat tacsanomaíochta an Aontais. Cén ról a bheadh ag BCE sa Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS)? Conas is féidir leis na príomh-mholtaí ó thuarascáil chuimsitheach NGFS “Glao ar ghníomhaíocht maidir leis an tAthrú Aeráide mar fhoinse riosca airgeadais” atá dírithe ar bhainc cheannais a chur i gcleachtas? Cén mhéid, dar leat, a rannchuidíonn bannaí glasa le dícharbónú, agus conas a dhéanann tú measúnú ar thaighde a rinne an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) le déanaí ina leith sin (https://www.bis.org/publ/qtrpdf/r_qt2009c.pdf)?

Chun dlús a chur leis an aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh rialtais, bainc cheannais, údaráis mhaoirseachta agus institiúidí airgeadais gníomhaíocht láidir agus chinntitheach. Tá ról ar leith ag gach ceann de na heintitis sin. Toisc go bhfuil an geilleagar fós ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise, teastaíonn atreorú bunúsach. Lena gcuid beartas aeráide, tá na rialtais ina gceann feadhna ar an atreorú sin. Tá an Eoraip ar thús cadhnaíochta cheana féin ó thaobh gníomhú ar son na haeráide de. Trí Chomhaontú Pháras a shíniú, tá rialtais Eorpacha tar éis tar éis a dtiomantas a thabhairt i leith beartais agus infheistíochtaí a theastaíonn le haghaidh todhchaí inbhuanaithe ísealcharbóin a ghéarú. Sheol an tAontas Eorpach an Comhaontú Glas agus rinne sé sár-obair tríd an tacsanomaíocht a thabhairt isteach le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe a chuireann leis an aistriú. Ar deireadh, thug an tAontas faoi athruithe struchtúracha ríthábhachtacha chun feidhmiú éifeachtúil an mhargaidh a thabhairt ar ais trí an córas trádála astaíochtaí (ETS) agus an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (NFRD) a thabhairt isteach.

Cé go molaim go hard an obair atá curtha i gcrích ag an Aontas go dtí seo, ba mhaith liom béim a leagan ar an bhfíoras go bhfuil go leor fós le déanamh. Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, tá sé riachtanach dul i dtreo geilleagar domhanda inbhuanaithe i bhfad níos tapúla ná mar atáthar ag dul faoi láthair. Dhá phríomh-imthosca atá ann faoi láthair a chuireann moill ar an aistriú ná, ar an gcéad dul síos, go bhfuil easpa dreasachtaí airgeadais ag cuideachtaí fós chun a gcuid astaíochtaí a laghdú agus, ar an dara dul síos, go bhfuil dúshláin sonraí roimh idirghabhálaithe airgeadais chun an t-athrú aeráide a chur san áireamh ar an mbealach is fearr agus cinntí infheistíochta á ndéanamh.

Cé gur cúram de chuid rialtas arna dtoghadh go daonlathach é, ar an gcéad dul síos, na dálaí a chruthú chun aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus gurb í an phraghsáil carbóin an phríomhuirlis dó sin, tá ról ar leith ag na geallsealbhóirí go léir san aistriú fuinnimh, lena n-áirítear BCE. An túsphointe do chúraimí maoirseachta BCE ná an dearcadh riosca. Tá sé aitheanta go forleathan ag maoirseoirí cheana gur foinsí rioscaí airgeadais iad an t-aistriú agus an t-athrú aeráide araon, ar cheart aghaidh a thabhairt orthu agus iad a bhainistiú. Ní hamháin go bhfuil sé sin fíor i gcás rioscaí aistrithe agus rioscaí a bhaineann leis an aeráid, ach i gcás rioscaí comhshaoil agus sóisialta níos leithne freisin.

An túsphointe do chúraim airgeadaíochta BCE ná a chuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna. “Gan dochar do phríomhchuspóir na cobhsaíochta praghsanna”, tacóidh BCE leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas. Áirítear sna beartais sin ardleibhéal cosanta agus feabhas ar cháilíocht an chomhshaoil agus na tosaíochtaí beartais a chuir an tAontas i bhfios go láidir, lena n-áirítear an Comhaontú Glas. I bhfianaise uaillmhianta agus gealltanais an Aontais, tá sé de dhualgas ag BCE tacaíocht a thabhairt do na beartais sin, ar choinníoll gur féidir leis déanamh amhlaidh gan dochar dá chuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna. Go deimhin, sa chomhthéacs sin freisin, ní mór do BCE gníomhú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta agus na cothromaíochta institiúidí. Sa chomhthéacs sin, creidim go bhfuil trí ghné ar a laghad ann lena mbaineann an t-athrú aeráide le beartas airgeadaíochta.

Ar an gcéad dul síos, beidh tionchar níos mó ag an athrú aeráide agus ag a mhaolú ar phríomhathróga maicreacnamaíocha chun beartas airgeadaíochta a stiúradh. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh an t-athrú aeráide difear a dhéanamh do na bealaí tarchuir ag beartas airgeadaíochta. Leis sin, d’fhéadfadh go mbeadh ar bhainc cheannais, lena n-áirítear BCE, a sraith uirlisí anailíseach a nuashonrú trí rioscaí aeráide a chur lena samhalacha maicreacnamaíocha, lena n-uirlisí réamhaisnéisithe agus lena n-oibríochtaí.

Ar an dara dul síos, i bhfianaise ról méadaitheach BCE sna margaí airgeadais, ba cheart do BCE measúnú cúramach a dhéanamh ar thionchar a bhearta neamhchaighdeánacha ar uaillmhian AE dul i dtreo geilleagar ísealcharbóin. Tá impleachtaí tábhachtacha a dearadh TLTROnna agus na cláir ceannaithe sócmhainne ar an leithdháileadh caipitil sa gheilleagar agus tá sé tábhachtach go bhfuil na bearta sin “slán i bhfad na haimsire”, gan bhaint d’éifeachtacht an bheartais airgeadaíochta chun an príomhchuspóir a bhaint amach.

Bheadh sé ina chéim thábhachtach a aithint, dá ngníomhódh BCE i gcomhréir le prionsabal geilleagair margaidh oscailte, ní thabharfadh sé sin le fios gur cheart do BCE in imthosca ar bith cloí go docht le neodracht mhargadh, go háirithe nuair is ann do teipeanna margaidh mar a tugadh chun suntais le déanaí ag Comhalta Bhord Feidhmiúcháin BCE Isabel Schnabel. Thairis sin, d’fhéadfadh BCE féachaint ar conas is féidir a chuid ionstraimí a dhearadh laistigh dá shainordú chun rannchuidiú le hinfheistíochtaí a scaoileadh a thacaíonn leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de. Is féidir bearta AE atá cheana ann, amhail NFRD agus an tacsanomaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe, a thógáil mar thúsphointe chuige sin.

Ar an tríú dul síos, ba cheart do BCE rioscaí a bhaineann leis an aeráid a léiriú go leormhaith ina gcreataí maolaithe riosca agus ba cheart dó a bheith trédhearcach maidir lena neamhchosaintí – mar atá molta ag NGFS. Do phunanna airgeadaíochta, braitheann BCE den chuid is mó ar thuairimí ó ghníomhaíochtaí rátála creidmheasa maidir le conas measúnú a dhéanamh ar riosca creidmheasa. Dá bhrí sin, ní mór do BCE oibriú i gcomhar leo le féachaint an bhfuil rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide léirithe go maith ina mbreithiúnas. Sa mhéid a dhéanann BCE agus na bainc cheannais náisiúnta a measúnuithe creidmheasa féin, is gá dóibh féin é sin a dhéanamh. I bhfianaise ghníomhaíochtaí leathana BCE, tuigim go maith go bhfuil infhaighteacht sonraí ríthábhachtach ach dúshlánach. Cuireann sé sin tábhacht NFRD i bhfios go láidir freisin. A mhéid a bhfuil sonraí ábhartha in easnamh, féadfaidh BCE fiosrú an féidir leis ról a bheith aige cothú a dhéanamh ar fhoilsiú sonraí a bhaineann leis an athrú aeráide ag a gcontrapháirtithe, mar shampla, trí cheanglas a dhéanamh d’fhoilseachán den sórt sin óna gcontrapháirtithe chun dul i mbun oibríochtaí beartais airgeadaíochta. I ndáil leis sin, ba mhaith liom pointe a rinne NGFS agus an Eorachóras araon a athdhearbhú: tacsanomaíocht glas, i.e. tacsanomaíocht le haghaidh gníomhaíochtaí inbhuanaithe trí thagairt a dhéanamh don athrú aeráide, an bhithéagsúlacht agus na cuspóirí comhshaoil eile, amhail an ceann a glacadh le déanamh agus atá á fhorbairt san Aontas, tá siad riachtanach chun snasú glas a sheachaint agus chun a áirithiú go rannchuidíonn táirgí amhail bannaí glasa go héifeachtach le cuspóirí comhshaoil. I ndáil leis sin, tá an obair atá ar siúl ag an gCoimisiún maidir le Caighdeán maidir le Bannaí Glasa a fhorbairt trí thagairt do thacsanomaíocht AE bunriachtanach freisin. Ach chun measúnú ceart a dhéanamh ar an neamhchosaint ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid, is ábhartha fós do bhainc cheannais agus maoirseoirí tacsanomaíocht na ngníomhaíochtaí sin is neamhchosanta i leith aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. Ar an ábhar sin, ba mhaith liom moladh a thabhairt don taighde a rinne an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta le déanaí maidir le creat le haghaidh rátálacha glasa a thabhairt isteach.

Mar fhocal scoir, táim an-sásta go bhfuil an t-ábhar sin ina chuid lárnach den athbhreithniú atá ar siúl ar straitéis BCE, ar athbhreithniú é a bhfuilimid ag súil le rannchuidiú leis.

15. Cén ról is dóigh leat ba cheart do BCE a imirt agus aghaidh á tabhairt aige ar airgeadraí fíorúla? Cad iad na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann le sócmhainní fíorúla, dar leat? Cad é do mheas ar airgeadraí digiteach na mbanc ceannais, agus na rioscaí agus tairbhí a bhaineann leo? Cad a bheidh i gceist le creat rialála iomchuí le haghaidh airgeadraí fíorúla (le haghaidh “cripteamhonaí cobhsaí” go háirithe) i do thuairimse? Ar cheart do BCE euro digiteach a sheoladh, dar leat? Más rud é gur cheart, cén cuma ar cheart a bheith air agus conas a rachfá i ngleic leis na rioscaí a d’fhéadfadh teacht le hairgeadra den chineál sin, lena n-áirítear rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le scaoill bhainc agus  saincheisteanna a bhaineann le príobháideachas?

Cripteashócmhainní[5] nach ionann iad agus éileamh ar aon eintiteas, tá siad luaineach go bunúsach agus níl tréithe airgid acu. Cé go mbaineann rioscaí d’infheisteoirí leis na cripteashócmhainní sin agus gur féidir iad a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí aindleathacha, ní baol ábhartha do chóras airgeadais ná do chobhsaíocht airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh iad faoi láthair. Ba cheart do BCE leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar chripteashócmhainní chun an measúnú riosca sin a choinneáil cothrom le dáta i bhfianaise forbairt margaidh.

Cripteashócmhainní a bhfuil sé i gceist leo luach cobhsaí a choinneáil, trí tagairt a dhéanamh do (1) airgeadra fiat amháin nó roinnt airgeadraí fiat nó tráchtearra amháin nó roinnt tráchtearraí, nó cripteashócmhainn amháin nó roinnt cripteashócmhainní, nó meascán de shócmhainní den sórt sin, ar a dtugtar licíní ríomh-airgid agus licíní sócmhainn-bhunaithe faoi seach, sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní (MiCA), d’fhéadfaí na cripteashócmhainní sin a úsáid go teoiriciúil mar mhodh íocaíochta agus mar stór luacha fiú. Sa bhreis air sin, d’fhéadfadh tionscnaimh licíní den sórt sin lorg domhanda a bhaint amach go gasta trí na boinn úsáideoirí atá ann cheana a ghiaráil.

Baineann deiseanna agus dúshláin araon le licíní ríomh-airgid nó sócmhainn-bhunaithe a éiríonn suntasach, laistigh den Aontas nó ar an leibhéal domhanda. D’fhéadfadh siad cabhrú chun an bua a fháil ar na heasnaimh atá ar luas agus ar chostais na n-íocaíochtaí trasteorann domhanda. Ag an am céanna, is féidir leo cobhsaíocht agus ceannasacht airgeadaíochta agus airgeadais a bhagairt, difear a dhéanamh do shábháilteacht agus éifeachtúlacht córas íocaíochta, chomh maith le raon saincheisteanna eile a bhaineann le, i measc nithe eile, sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta, iomaíocht, cosaint sonraí agus cosaint tomhaltóirí.

Ó thaobh BCE, ba cheart ról a bheith aige trína áirithiú nach mbainfear an bonn ó uathriail straitéiseach an limistéir euro agus athléimneacht chóras na n-íocaíochtaí le licíní sócmhainn-bhunaithe agus ríomh-airgid sistéamacha. Mar fhormhaoirseoir ar chóras na n-íocaíochtaí, ba cheart do BCE, in éineacht le bainc cheannais an limistéir euro, creataí formhaoirseachta ábhartha an Eurochórais a chur i bhfeidhm do chórais íocaíochta, do scéimeanna íocaíochta agus do shocruithe chun rioscaí a bhaineann le licíní ríomh-airgid nó sócmhainn-bhunaithe a mhaolú. Thairis sin, ba cheart do BCE oibriú i gcomhar le ÚBE agus leis na húdaráis inniúla agus a bheith rannpháirteach i gcoláistí licíní airgid shuntasaigh nó sócmhainn-bhunaithe.

Ba cheart go mbeadh an prionsabal “gnó céanna, rioscaí céanna, rialacha céanna” ina threoir ag creat rialála iomchuí maidir le licíní ríomh-airgid agus sócmhainn-bhunaithe. Ba cheart go n-áiritheodh sé machaire comhréidh trí licíní ríomh-airgid agus sócmhainn-bhunaithe a d’fhéadfaí a úsáid mar ionstraimí íocaíochta ilchuspóra a chur faoi réir ceanglais choibhéiseacha. Ina theannta sin, ba cheart go maolófaí aon rioscaí don chobhsaíocht airgeadais le creat, mar aon le haon rioscaí don bheartas airgeadaíochta agus don cheannasacht, agus do chosaint tomhaltóirí, i measc nithe eile, a bhaineann leis na licíní sin. Is céad chéim mhaith é MiCA maidir le rialú criptea-sócmhainní, lena n-áirítear cripteamhonaí cobhsaí, nach gcumhdaítear cheana féin le reachtaíocht AE atá ann cheana, toisc nach gcáilíonn siad mar ionstraim airgeadais faoi MiFID II, ná mar ríomh-airgead faoi EMD, mar shampla. Cuideoidh sé freisin le harbatráiste idir dlínsí an Aontais a sheachaint. Chomh maith leis sin, tá BCE díreach tar éis a chreat nua le haghaidh formhaoirseacht a dhéanamh ar ionstraimí íocaíochta leictreonacha, ar scéimeanna agus ar shocruithe, ar a dtugtar creat PISA, a fhoilsiú le haghaidh comhairliúchán poiblí. Ar an gcaoi chéanna, is é is aidhm don chreat nua an prionsabal “gnó céanna, rioscaí céanna, rialacha céanna” a áirithiú ar bhealach comhréireach agus aghaidh a thabhairt freisin ar licíní ríomh-airgid agus sócmhainn-bhunaithe.

Mar a pléadh freisin sa tuarascáil arna hullmhú le déanaí ag Tascfhórsa Ardleibhéil an Eurochórais maidir le hAirgeadraí Digiteacha na mBanc Ceannais, is uirlis chumhachtach iad na hairgeadraí sin do na bainc cheannais chun dul i ngleic le cuid de na dúshláin agus na riachtanais a thagann chun cinn i gcomhthéacs dhigitiú ár sochaithe agus ár ngeilleagar. Go háirithe: (i) de réir mar a thagann riachtanais íocaíochta nua chun cinn, sholáthródh euro digiteach sócmhainn dhigiteach saor ó riosca chun na riachtanais sin a chomhlíonadh; (ii) i gcás ina dtiocfadh laghdú suntasach ar úsáid airgid thirim mar mhodh íocaíochta, sholáthródh euro digiteach coibhéis dhigiteach nótaí bainc dlíthairisceana in euro, rud a chomhlánódh ról an airgid thirim; (iii) i bhfianaise an mhéadaithe a d’fhéadfadh teacht ar airgeadraí digiteacha príobháideacha nó eachtracha poiblí, chuideodh an euro digiteach cobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais agus ceannasacht a chaomhnú. Tá sé tábhachtach a thabhairt chun suntais go dtabharfaí isteach an euro digiteach – dá dtabharfaí isteach é – in éineacht le hairgead tirim, agus nach ngabhfadh sé ina ionad. Thairis sin, bheadh bunús dlí fónta ag teastáil.

Maidir leis na rioscaí a bhaineann le heisiúint fhéideartha an euro dhigitigh, measaim go bhfuil siad ag brath go mór ar dhearadh iarbhír an euro sin. Ba cheart euro digiteach a cheapadh ar bhealach a sheachnóidh aistrithe iomarcacha taiscí bainc tráchtála i sealúchais dhigiteacha euro, mar fheiniméan struchtúrach agus le linn géarchéimeanna airgeadais. Ina theannta sin, níor cheart, le euro digiteach, go bplódófaí tionscnaimh phríobháideacha a d’fhéadfadh dul chun tairbhe do nuálaíocht agus comhtháthú earnáil íocaíochta miondíola na hEorpa. Ina theannta sin, ba cheart na himpleachtaí trasairgeadra a bhaineann le euro digiteach a chur san áireamh, lena n-áirítear laistigh den Aontas.

Maidir le príobháideachas, tá comhbhabhtáil shoiléir idir an ceart atá ag saoránaigh a sonraí pearsanta a chosaint agus an dualgas poiblí gníomhaíochtaí aindleathacha (amhail sciúradh airgid) a chomhrac. Beidh gá leis an gcothromaíocht cheart idir an dá bhunluach sin a aimsiú i gcomhar leis na comhreachtóirí.

Ní féidir liom a mheas ag an gcéim seo ar cheart do BCE euro digiteach a eisiúint. Measaim gur gá do na páirtithe leasmhara go léir anailís chúramach a dhéanamh ar chastacht an ábhair seo agus gur gá dóibh a bheith rannpháirteach sa phlé. Tá áthas orm, dá bhrí sin, a fheiceáil go bhfuil BCE ag dul i ngleic le hanailís ar an euro digiteach le haird chuí – lena n-áirítear trí thuairimí an phobail a thabhairt trí chomhairliúchán oscailte agus trí thurgnamh praiticiúil a thosú ar dhearaí a d’fhéadfadh a bheith ann in éineacht le roinnt banc ceannais náisiúnta de chuid an Eurochórais – agus go háirithe trí dhul i dteagmháil leis an bParlaimint seo agus lena coistí ábhartha.

16. Cén ról a d’fhéadfadh a bheith ann, dar leat, d’idirbhearta atá bunaithe ar airgead tirim i gcomparáid le hidirbhearta digiteacha amach anseo?

Is ionann airgead tirim agus an t-airgead a úsáidtear i bhformhór na n-idirbheart sa limistéar euro fós, ach tá a sciar d’idirbhearta ag an díolphointe agus duine le duine ag dul i laghad. I dtéarmaí mhéid na n-idirbheart iomlán, thit sé ó 79 % in 2016 go 73 % in 2019. Is íocaíochtaí le cárta a spreag an leathnú comhthreomhar ar idirbhearta gan airgead tirim den chuid is mó, agus mhéadaigh siad ó 19 % go 24 % ó thaobh méide de. Chuir paindéim COVID-19 dlús leis an treocht i dtreo íocaíochtaí gan airgead tirim, agus tá méadú tagtha lena linn ar íocaíochtaí ar líne ó theaghlaigh agus athrú i dtreo íocaíochtaí éadadhaill i siopaí. Ag an am céanna, freastalaíonn airgead tirim ar riachtanais ríthábhachtacha na saoránach. Mar shampla, is é an t-airgead tirim an t-aon chineál airgid bainc ceannais atá ar fáil don phobal (in ainneoin go bhféadfadh ról a bheith ag airgeadra digiteach ó bhainc cheannais amach anseo), d’fhéadfadh airgead tirim feidhmiú mar rogha chúltaca i gcás mórshuaitheadh ar íocaíochtaí leictreonacha, agus is réamhchoinníoll é do go leor daoine i staideanna leochaileacha (amhail seanóirí áirithe, daoine faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil léamh ná scríobh acu) rochtain a bheith acu ar sheirbhísí airgeadais agus a bheith in ann a ngnóthaí airgeadais a bhainistiú go neamhspleách. Ní mór don Eurochóras a áirithiú, de réir mar a mhéadaíonn idirbhearta digiteacha, go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar réitigh íocaíochta digití uile-Eorpacha chomhtháite a fhreastalóidh ar a riachtanais. Níl sé seo ag tarlú faoi láthair, agus tá dornán gníomhaithe neamh-Eorpacha chun tosaigh ar an Eoraip. D’fhéadfadh an comhchruinniú sin a bheith níos measa de bharr chumas na ngnólachtaí teicneolaíochta domhanda – na gnólachtaí móra ardteicneolaíochta mar a thugtar orthu – seirbhísí íocaíochta a thairiscint freisin, rud a dhéanann siad ar scála níos mó.

D’fhreagair an Eurochóras na dúshláin sin trína straitéis íocaíochta miondíola a athnuachan chun forbairt réiteach íocaíochtaí digiteacha Eorpacha a spreagadh agus a éascú. Chomh maith leis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún a Straitéis um Íocaíochtaí Miondíola le déanaí, agus é mar aidhm aige tuilleadh forbartha a dhéanamh ar earnáil na n-íocaíochtaí uile-Eorpacha. Dá bhrí sin, is díol sásaimh dom an Tionscnamh Eorpach um Íocaíochtaí, atá curtha ar bun ag roinnt bainc Eorpacha chun táirgí íocaíochta uile-Eorpacha a fhorbairt, agus roimh thionscnaimh phríobháideacha eile a fhéachann le réitigh íocaíochta uile-Eorpacha a thairiscint.

Mar fhocal scoir, is ionann airgead tirim fós agus an t-airgead a úsáidtear i bhformhór na n-idirbheart sa limistéar euro agus ba cheart dúinn leanúint le cinntiú go mbeidh rochtain ag gach saoránach de chuid AE ar airgead tirim i gcónaí. Is comhlánú iad idirbhearta digiteacha ar airgead tirim, agus ní ionadú air iad. I dteannta a chéile, tacaíonn siad le cuimsiú airgeadais agus cuireann siad rogha ar fáil do thomhaltóirí. Tá sé seo ag teacht le beartas an Eurochórais maidir le hurraim a thabhairt do roghanna tomhaltóirí i dtaca le modhanna íocaíochta.

17. Tá roinnt Ballstát AE ag ullmhú chun dul isteach sa limistéar euro agus tháinig dhá Bhallstát isteach in ERM II i mí Iúil 2020. Conas is féidir éagothromaíochtaí breise a sheachaint idir Ballstáit an limistéir euro sna deich mbliana seo chugainn i bhfianaise dhálaí eacnamaíocha na stát is iarrthóirí, dar leat? Cad é an cás eacnamaíoch is fearr do mhéadú an limistéir euro?

Ar dtús, ba mhaith liom a rá go gceapaim gurb é an euro an comhartha is inbhraite de lánpháirtiú na hEorpa. Faoi láthair, is é airgeadra oifigiúil 19 mBallstát é. Mar a bhunaítear leis an gConradh, maidir le gach tír nach bhfuil clásal díolúine acu nó an rogha fanacht lasmuigh den limistéar euro – go háirithe seacht dtír sa limistéar lasmuigh de limistéar an euro ach amháin an Danmhairg – meastar go nglacfaidh siad an euro luath nó mall.

Creidim go bhfuil an léargas maidir le héagothromaíochtaí eacnamaíocha méadaitheacha laistigh de AEA le deich mbliana anuas níos caolchúisí ná mar is cosúil prima facie. Mar shampla, tá tíortha ísealioncaim na hEorpa Láir agus Thoir a ghlac an euro, go háirithe na Stáit Bhaltacha agus an tSlóvaic, ag breith suas ar na geilleagair ardioncaim. Níos tábhachtaí fós, baineadh de thátal as roinnt staidéar gur cheart, chun go dtuigfí éagothromaíochtaí méadaitheacha san Eoraip i ndáiríre, go ndíreofaí i ndáiríre ar fhachtóirí eile seachas AEA – mar shampla, suaití teicneolaíochta agus domhandaithe, tionchar na géarchéime domhanda airgeadais, chomh maith le laigí struchtúracha tírshonracha. Má bhreathnaítear ar scaipeadh timthriallach i measc gheilleagair an limistéir euro, mar shampla, tá laghdú tagtha air. Mar thoradh air sin, bhíothas in ann ardleibhéal siméadrachta a bhaint amach i dtimthriallta gnó agus airgeadais bhallstáit an limistéir euro, rud atá ríthábhachtach do bheartas airgeadaíochta aonair rathúil. Mar sin féin, ní mór measúnú a dhéanamh fós ar thionchar phaindéim COVID-19 ar dhálaí eacnamaíocha na ngeilleagar laistigh den limistéar euro agus lasmuigh de.

I mo thuairimse, ba cheart an cás eacnamaíoch is fearr do mhéadú an limistéir euro a chur in oiriúint do gach Ballstát ar leith. Maidir le gach tír ar mhaith leo a bheith sa limistéar euro, ba cheart dóibh na bearta agus na hathchóirithe riachtanacha a thabhairt isteach chomh maith lena conair, cur chuige agus sceideal féin. Beidh an sceideal ag brath ar thrí phríomhghné: toil pholaitiúil mar a bheidh léirithe freisin i straitéisí náisiúnta glactha euro; úinéireacht an phobail ar an tionscadal; agus ullmhacht eacnamaíoch.

Déanann BCE agus an Coimisiún Eorpach measúnú rialta ar an dul chun cinn atá déanta ag gach Ballstát nach bhfuil sa limistéar euro maidir leis na critéir atá bunaithe ar na Conarthaí agus is gá chun an euro a ghlacadh a chomhlíonadh, mar atá curtha in iúl sna tuarascálacha cóineasaithe. De réir Thuarascálacha Cóineasaithe 2020 ó BCE agus ón gCoimisiún Eorpach a foilsíodh an 10 Meitheamh, níor chomhlíon aon cheann de na tíortha atá faoi athbhreithniú critéir Maastricht ar fad. Go háirithe, níor chomhlíon ceann ar bith de na seacht dtír an critéar maidir le ráta malairte, a éilíonn go mbeadh Ballstát rannpháirteach ar feadh dhá bhliain ar a laghad sa sásra ráta malairte, ERM II, gan díluacháil in aghaidh an euro.

Tar éis an chinnidh a ghlacadh airí airgeadais thíortha an limistéir euro de thoil a chéile, cuireadh Uachtarán BCE agus airí airgeadais agus gobharnóirí bainc cheannais na Danmhairge, na Bulgáire agus na Cróite, lev na Bulgáire agus kuna na Cróite san áireamh in ERM II an 10 Iúil 2020. Ní mór rannpháirtíocht in ERM II a mheas mar chloch mhíle thábhachtach ó thaobh ullmhú le haghaidh ghlacadh an euro. Dá bhrí sin, tabharfaidh tuarascálacha cóineasaithe BCE agus an Choimisiúin Eorpaigh in 2022 measúnú ar ullmhacht an dá Bhallstát an euro a ghlacadh.

18. Cén ról a cheapann tú atá i ndán don Chiste Téarnaimh? Cad é an chaoi is fearr lenar féidir leis tacú le hathléimneacht an limistéir euro? An dóigh leat go dteastaíonn Sócmhainn Shábháilte Eorpach ón limistéar euro, ní hamháin chun cabhrú leis na margaí airgeadais a chobhsú agus chun ligean do bhainc a neamhchosaint ar fhiachas náisiúnta a laghdú, ach chomh maith leis sin, mar bhealach le traschur ceart an bheartais airgeadais a éascú?

Leis an mborradh nua faoin víreas, tá méadú tagtha ar an éiginnteacht agus tá gá le tacaíocht fhioscach chun leanúint ar aghaidh le ‘éifeachtaí aille’ a sheachaint agus chun cabhrú lenár ngeilleagair a thabhairt ar ais ar an mbóthar ceart. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear pacáiste ‘Next Generation EU’ (NGEU), ar fiú EUR 750 billiún é, i bhfeidhm gan mhoill. D’fhéadfadh an pacáiste téarnaimh sin tacaíocht shuntasach a thabhairt do na tíortha is mó atá buailte ag an bpaindéim, an Margadh Aonair a neartú agus téarnamh buan agus rathúil a fhorbairt.

Beidh tionchar NGEU – agus a chlár lárnach, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta – ag brath ar cé chomh tapa agus a íoctar na cistí amach, agus ar a éifeachtaí a dháiltear iad ar úsáidí táirgiúla. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go dtiocfadh gach déantóir beartais ar chomhaontú maidir le mionsonraí an phacáiste atá fós gan réiteach faoi dheireadh na bliana, agus go ndéanfaidh na Ballstáit na socruithe iomchuí chun caiteachas fónta agus éifeachtach ar chistí aisghabhála a cheadú. Mar a chuir an Chomhairle Rialaithe i bhfios go láidir tar éis an chruinnithe a bhí aici le déanaí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta, má úsáidtear na cistí chun caiteachas poiblí táirgiúil a dhéanamh agus má tá athchóirithe lena gcuirfear feabhas ar tháirgiúlacht ag gabháil leo, rannchuideoidh NGEU le téarnamh níos tapa, níos láidre agus níos aonfhoirmí sa limistéar euro, agus tacóidh sé le huaillmhianta glasa agus digiteacha an Aontais ag an am céanna.

Cé go bhfuil an saol dúshlánach faoi láthair, bhí BCE in ann beartas airgeadaíochta a tharchur go héifeachtach ó bhris an ghéarchéim COVID amach. Mar sin féin, beidh eisiúint fiachais faoi NGEU i bhfoirm bannaí ar leibhéal an Aontais a bhfuil dátaí aibíochta éagsúla acu idir 2028 agus 2058 agus is cinnte gur féidir leis cabhrú le struchtúr téarmach Eorpach a fhorbairt. D‘fhéadfadh struchtúr téarma den sórt sin a bheith ina thagarmharc do mhargaí caipitil AE agus, ar an gcaoi sin, d’fhéadfaí comhtháthú margaidh caipitil a éascú tuilleadh agus comhroinnt riosca a éascú leis sin. D’fhéadfadh bannaí NGEU rannchuidiú freisin chun neamhchosaintí ceannasacha na mbanc a éagsúlú, rud a laghdódh an nasc idir na bainc agus na stáit cheannasacha.

19. Cad é do thuairim faoin nasc méadaitheach idir an beartas fioscach agus an beartas airgeadaíochta tar éis ghéarchéim COVID-19? Cad é an baol go dtarlódh ceannasacht fhioscach sa limistéar euro? Conas is féidir neamhspleáchas BCE a chosaint i gcás ina mbíonn teorainneacha doiléire idir beartais fhioscacha agus airgeadaíochta?

Luaitear go soiléir sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) gurb é príomhchuspóir BCE cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach. Déantar foráil ann freisin maidir le coimircí láidre chun neamhspleáchas oibríochtúil, airgeadais, institiúideach agus polaitiúil BCE a chosaint agus a áirithiú.

D’ainneoin na gcoimircí láidre institiúideacha sin, i measc eacnamaithe, tá méadú tagtha ar an meas ar ábharthacht na n-idirghníomhaíochtaí idir beartas airgeadaíochta agus beartas fioscach. Sna himthosca maicreacnamaíocha atá ann faoi láthair, comhlánaíonn an dá réimse beartais a chéile ó thaobh tacaíocht beartais riachtanach a chur ar fáil do gheilleagar an limistéir euro mar fhreagairt ar an ngéarchéim. D‘fhéadfadh ceisteanna eile teacht chun cinn i ndiaidh na paindéime, lena n-áirítear conas beartas airgeadaíochta a shocrú i ndomhan ina bhfuil leibhéil fiachais phoiblí níos airde a d’fhéadfadh a bheith buan.

Ó atosaíodh an t-athbhreithniú ar an straitéis tá an Chomhairle Rialaithe tar éis sreabhadh oibre nua a bhunú maidir le hidirghníomhaíochtaí fioscacha agus airgeadaíochta a chuireann san áireamh tírdhreach an bheartais fhioscaigh sa limistéar euro agus a dhéanann measúnú ar na himpleachtaí do bheartas airgeadaíochta.

20. Cad iad do thuairimí faoin gcáineadh nach bhfuil creat comhthaobhachta BCE réidh go leor agus go mbraitheann sé an iomarca ar ghníomhaireachtaí seachtracha rátála creidmheasa (CRAnna)?Cad é do thuairim faoi na bearta sealadacha um maolú comhthaobhachta arna nglacadh ag BCE i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19? Amach anseo, conas ba cheart do BCE a údarás lánroghnach a úsáid faoi Airteagal 18 den Reacht maidir le hincháilitheacht comhthaobhachta a shainiú?

I gcomhréir lena reacht, ní sholáthraíonn an Eurochóras creidmheas ach amháin in aghaidh comhthaobhacht leordhóthanach. Glacann sé le raon leathan sócmhainní éagsúla mar chomhthaobhacht, agus caolchorrlaigh luachála á gcur i bhfeidhm arna gcéimniú go cuí de réir na ndifríochtaí idir aibíochtaí, catagóirí leachtachta agus cáilíocht chreidmheasa. Chun cáilíocht chreidmheasa sócmhainní incháilithe a mheasúnú, braitheann an Eurochóras ar fhoinsí éagsúla: Tá gníomhaireachtaí rátála creidmheasa ar cheann díobh sin, ach tá córais measúnaithe creidmheasa inmheánacha (ICASanna) de chuid na mbanc ceannais náisiúnta agus córais inmheánacha na gcontrapháirtithe atá bunaithe ar rátálacha (IRB) freisin. Déantar faireachán feidhmíochta rialta ar gach foinse chun a áirithiú go gcomhlíonann na foinsí uile ardcheanglais rialála, oibríochta agus faisnéise. Léiríodh le bearta um maolú comhthaobhachta a rinneadh le déanaí nach mbraitheann an Eurochóras go meicníoch ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa seachtracha, ach go bhfuil sé in ann a chreat a oiriúnú chun comh-thimthriallacht a laghdú agus chun éifeachtaí aille a sheachaint. 

Ní mór féachaint ar na bearta comhthaobhachta i ndáil leis na bearta beartais eile mar fhreagairt ar éigeandáil an choróinvíris, lena n-áirítear an Clár Ceannaithe d’Éigeandáil na Paindéime (PEPP), na hoibríochtaí athmhaoiniúcháin níos fadtéarmaí de dheasca éigeandáil na paindéime (PELTROnna), agus éascú coinníollacha le haghaidh oibríochtaí spriocdhírithe athmhaoinithe fadtéarmacha (TLTRO III). Is cuid ríthábhachtach iad na bearta um maolú comhthaobhachta, toisc go n-áirithíonn siad infhaighteacht comhthaobhachta incháilithe chun go mbeidh gach contrapháirtí incháilithe de chuid an Eurochórais rannpháirteach sna hoibríochtaí um sholáthar leachtachta sin. Ar an gcaoi sin, tacaíonn na bearta comhthaobhachta sin ar deireadh le hiasachtaí bainc a chur ar fáil don fhíorgheilleagar.

Ba cheart don Eurochóras leanúint dá chreat comhthaobhachta a shainiú ar bhealach lena n-áiritheofar rochtain éifeachtúil ar leachtacht an Eurochórais in aghaidh comhthaobhacht leordhóthanach. Le cuid de na bearta um maolú comhthaobhachta a rinneadh le déanaí, tugtar solúbthacht ar bhonn sealadach do BCNanna aonair glacadh le cineálacha breise comhthaobhachta d’fhonn aghaidh a thabhairt ar choinníollacha margaidh tírshonracha, agus tá sraith chuimsitheach de chritéir incháilitheachta agus de bhearta rialaithe riosca fós infheidhme. Chomh maith leis sin, sa todhchaí, ba cheart, i gcás ar bith, go mbeadh glacadh le comhthaobhacht bunaithe ar shraith dhian rialacha trédhearcacha atá i gcomhréir le lamháltas riosca an Eurochórais.

21. Cad é do thuairim faoin éabhlóid a tháinig le déanaí ar ráta malairte EUR/USD? Cé chomh mór ar cheart don ról atá ag breithnithe trádála a bheith i seoladh an bheartais airgeadaíochta agus a threorú ar aghaidh?

Spreag leathadh phaindéim an choróinvíris gluaiseachtaí láidre sna margaí airgeadais domhanda, lena n-áirítear i margaí malairte eachtraí, agus tháinig lagú ar an euro ag céim luath agus ansin d’éirigh sé níos láidre go tapa le linn an tsamhraidh.

Cé nach sprioc bheartais do BCE é ráta malartaithe an euro – agus dá bhrí sin ní dhéanfaidh mé trácht ar a leibhéal – is léir gur gné thábhachtach é luach seachtrach an euro chun praghsanna a shocrú sa limistéar euro.

Is dócha go mbeidh tionchar ábharach ag aon athrú suntasach i ráta malartaithe an euro ar ionchas boilscithe an limistéir euro.

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí sa ráta malairte ó thaobh a n-impleachtaí maidir leis an ionchas boilscithe meántéarmach, agus ar an gcaoi sin, maidir le sainordú BCE a bhaint amach.

Ar an gcaoi chéanna, is gné thábhachtach í an trádáil dhomhanda lena gcinntear éileamh eachtrach ar earraí agus ar sheirbhísí an limistéir euro agus, dá bhrí sin, tá ról lárnach aici maidir le forbairtí fáis agus boilscithe sa limistéar euro. Is léir gur cuid dhílis í an trádáil dhomhanda d’anailís eacnamaíoch BCE, lena múnlaítear measúnú na Comhairle Rialaithe ar an ionchas eacnamaíoch agus ar chothromaíocht na rioscaí. Dá bhrí sin, a mhéid a bhíonn tionchar ag forbairtí trádála domhanda ar ionchas meántéarmach an bhoilscithe, cuirtear san áireamh iad freisin agus cinntí maidir le beartas airgeadaíochta á ndéanamh.

22. Ar cheart do BCE céimeanna nithiúla a ghlacadh chun borradh a chur faoin euro mar airgeadra idirnáisiúnta? Más ea, cad iad na bearta atá i gceist agat? Cén mheastóireacht a dhéanfá ar an idirghníomhaíocht idir ceannach sócmhainní earnála poiblí ag BCE agus infhaighteacht sócmhainní sábháilte de chuid an limistéir euro d’infheisteoirí coigríche san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí?

I ndeireadh na dála, bheadh ról idirnáisiúnta níos mó ag an euro mar thoradh ar phróiseas a bheadh faoi stiúir an éilimh agus ba léiriú é sin ar mhuinín mhéadaithe as an Aontas, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh neamhspleáchas airgeadais agus eacnamaíoch níos mó a bheith ann. I ndáiríre, is féidir leis an Aontas tacú leis ar bhealaí éagsúla a dhéanann bonneagar airgeadais na hEorpa níos athléimní agus an euro níos tarraingtí mar thoradh air sin, thar a theorainneacha féin freisin. Is féidir le BCE tuilleadh tacaíochta a thabhairt don phróiseas sin a mhéid atá sé i gcomhréir lena shainordú agus le cuspóirí an Aontais i gcoitinne.

Ar an gcéad dul síos, tacóidh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos iomláine le ról idirnáisiúnta an euro, lena n-áirítear aontas na margaí caipitil a bheith críochnaithe. Ar an gcaoi chéanna, is féidir le cur chun feidhme rathúil NGEU cuidiú le muinín infheisteoirí as an euro a chothú. Is inmhianaithe ann féin beartais fhónta eacnamaíocha a shaothrú sa limistéar euro, ach tá sé ríthábhachtach freisin do tharraingteacht dhomhanda an euro.

Ar ábhar gaolmhar, d’fhéadfaí cur le hachainí an euro trí limistéir airgeadais ina bhfuil buntáiste ag AE a fhorbairt tuilleadh, amhail maoiniú inbhuanaithe. Is é an euro rogha airgeadra na margaí bannaí glasa domhanda cheana féin: in 2019, ba é an euro an phríomh-ainmníocht airgeadra chun le haghaidh eisiúint bannaí glasa ar fud an domhain.

Ar deireadh, agus ar ábhar le baint níos dírí le BCE, tugtar tuilleadh tacaíochta do ról idirnáisiúnta an euro trí chórais íocaíochta atá rianúil agus éifeachtúil agus d’fhéadfaí é a fheabhsú trí euro digiteach freisin. Trí úsáid éifeachtúil de chineál euro in idirbhearta trasteorann a éascú, d’fhéadfadh euro digiteach cur le ról ár n-airgeadra aonair sa chóras airgeadaíochta idirnáisiúnta.

23. Cad iad, dar leat, na príomhdhúshláin agus príomhdheiseanna do chumarsáid na mbanc ceannais san am atá romhainn? Cé chomh tábhachtach agus atá sé, dar leat, go labhródh comhaltaí na Comhairle Rialaithe le ‘guth aonair’ tar éis cinntí maidir le beartas airgeadaíochta?

Tá díospóireacht oscailte riachtanach agus is gnáthrud agus rud sláintiúil i ngach eagraíocht é difríocht a bheith ann idir tuairimí. Léirítear leithead tuairimí chomhaltaí na Comhairle Rialaithe i gcuntas na gcruinnithe beartais airgeadaíochta, atá foilsithe ag BCE ó 2015 i leith. Déanann BCE a dhícheall cinntí a dhéanamh trí chomhthoil agus trí chomhghleacúlacht. Maidir le toradh an phlé beartais a chur in iúl, agus míniú á thabhairt ar an réasúnaíocht d’aon ghuth, agus an raon leathan breithnithe agus ábhar imní ar fad á aithint, neartaítear an teachtaireacht.

Thairis sin, tá sé tábhachtach go leanfadh BCE dá dhícheall a dhéanamh chun feabhas a chur ar a chumarsáid agus ar a chumas dul i dteagmháil le gach saoránach sa limistéar euro. Mar sin, ba dhíol sásaimh dom díriú ar theachtaireachtaí soiléire simplí maidir leis an gcuma níos leithne atá ar chúrsaí eacnamaíocha agus na hionchais ina leith, agus díriú níos mó ná, mar shampla, cinntí beartais agus ionchais bhoilscithe. I bhfianaise an mhéid sin, is díol sásaimh dom freisin an tionscnamh nua ‘éisteann BCE’. Thug an ócáid fhíorúil sin, a thug le chéile raon eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta ar an leibhéal Eorpach, deis do BCE tuairimí na saoránach a fháil maidir le tionchar an bheartais airgeadaíochta agus na cumarsáide, agus maidir leis na dúshláin dhomhanda atá amach romhainn.

Ar deireadh, ceapaim gur féidir le Parlaimint na hEorpa ról lárnach a bheith aici maidir le cumarsáid na mbanc ceannais. Is féidir le Parlaimint na hEorpa cabhrú le BCE a nascadh níos fearr le saoránaigh an limistéir euro, agus a chinntiú go bhfoghlaimeoidh BCE na nithe is tábhachtaí do na daoine agus, ag an am céanna, a chinntiú gur fearr a thuigfidh siad beartais BCE. Neartóidh sé sin, ar a sheal, muinín na saoránach as BCE agus éifeachtacht a chuid beartas.

24. Cén chaoi a ndéanfá measúnú ar iarmhairtí beartais airgeadaíochta, go háirithe ó na Stáit Aontaithe, le haghaidh stiúradh beartais airgeadaíochta sa limistéar euro?

Seolann gach banc ceannais beartas airgeadaíochta de réir a shainordaithe féin agus ar mhaithe le tairbhí a dhlínse féin.

Déanann na bearta beartais airgeadaíochta a rinne an Cúlchiste Feidearálach difear do dhinimic bhoilscithe an limistéir euro trí go leor bealaí, mar shampla, le geilleagar láidir sna Stáit Aontaithe, cothaítear éileamh domhanda, rud a théann chun tairbhe gheilleagar an limistéir euro ar deireadh. Thairis sin, déanann beartas airgeadaíochta na Stát Aontaithe difear freisin do dhálaí airgeadais domhanda, ar cinntitheach tábhachtach iad maidir le praghsanna a shocrú sa limistéar euro.

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa timpeallacht dhomhanda maidir leis na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu d’ionchas boilscithe an limistéir euro.

C. Cobhsaíocht airgeadais agus maoirseacht

25. Cad iad na tuairimí atá agat maidir leis an ngá atá ann le deighilt dhocht idir beartas airgeadaíochta agus maoirseacht bhaincéireachta a áirithiú agus cad iad na hathchóirithe, dar leat, lena gcuirfí feabhas ar an deighilt sin agus lena ndéanfaí í a éascú? Cá bhfeiceann tú go bhféadfaí éifeachtúlacht agus éifeachtacht na maoirseachta a mhéadú tríd an SAM?

Glacaim go hiomlán le prionsabal na deighilte idir an beartas airgeadaíochta agus na cúraimí maoirseachta baincéireachta in BCE. Tá sé sin ag feidhmiú go maith i gcleachtas maidir le hoibriú SAM. Ag an am céanna, is léir go bhfuil gnóthachain thábhachtacha ann do mhaoirseoirí agus d’oifigigh baincéireachta ceannais trí bheith mar chuid den eagraíocht chéanna. I dtreo amháin, cuidíonn nochtadh na foirne baincéireachta ceannais in BCE le saineolas maicreacnamaíoch na maoirseoirí rioscaí creidmheasa a mheas; sa treo eile, cabhraíonn an anailís ar shonraí bainc comhiomlánaithe le hoifigigh beartais airgeadaíochta tuiscint níos fearr a fháil ar an gconair tarchurtha airgeadais.

Measaim go bhfuil na hathruithe eagrúcháin a rinneadh le déanaí ar Mhaoirseacht Baincéireachta BCE luachmhar, toisc go bhfuil trí chuspóir acu: (i) an comhar idir foirne maoirseachta banc-shonracha agus téamacha a neartú, (ii) comhsheasmhacht na dtorthaí maoirseachta a áirithiú trí straitéis mhaoirseachta agus feidhmeanna riosca a threisiú, agus (iii) trédhearcacht agus intuarthacht na ngníomhaíochtaí maoirseachta a chothú. Trí na cuspóirí sin a bhaint amach, chuirfeadh SAM tuilleadh feabhais ar a fheidhmíocht agus chuirfeadh sé lena éifeachtacht.

26. Cad é do bharúil de leagan amach idirinstitiúideach reatha BERS faoi scáth BCE i dtaca lena bhfuil bainte amach go hiarbhír aige maidir le maoirseacht macrastuamachta?

I bprionsabal, tacaím leis an leibhéal reatha gaireachta a choimeád idir BERS agus BCE agus ní léir dom go bhfuil coinbhleacht leasa ábhartha ann idir measúnú BERS ar chobhsaíocht airgeadais agus feidhm bheartas airgeadaíochta BCE. Ina ionad sin, tá an dá fheidhm comhlántach. Déanann beartais mhacrastuamachta rioscaí cobhsaíochta airgeadais a mhaolú ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud an limistéir, rud a fhágann gur féidir saoirse iomlán a bheith ag an mbeartas airgeadaíochta a chuspóir féin ar leith a shaothrú, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choinneáil. Ina theannta sin, i bhfianaise an t-saineolais atá ag foireann BCE, tá buntáistí ann ó thaobh costas agus éifeachtúlachta maidir le comhar agus comhoibriú idir rúnaíocht BERS agus BCE. Ag an am céanna, ta nósanna imeachta cinnteoireachta agus comhlachtaí BERS (an Bord Ginearálta) agus BCE (an Chomhairle Rialaithe) deighilte go soiléir ag dlí AE.

Mar sin féin, aithním gur cuireadh BERS faoi dhíon BCE sular sannadh freagracht as maoirseacht baincéireachta mhicreastuamachta do BCE freisin. Cé nár chuir an fhreagracht as maoirseacht mhicreastuamachta agus as maoirseacht mhacrastuamachta isteach ar a chéile go dtí seo, is eol dom go bhfuil litríocht ann ina ndéantar argóint ar son iad a scaradh.

27. Cad é do thuairim faoi fhorbairt cháilíocht sócmhainní na mbanc i gcomhthéacs phaindéim COVID-19? Conas is féidir aghaidh a thabhairt ar shaincheist na n-iasachtaí neamhthuillmheacha? Cad é do mheas d’fhadhb na n-iasachtaí neamhthuillmheacha i gclár comhardaithe institiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide? Cén ról, dar leat, atá ag BCE/ag an Sásra Maoirseachta Aonair ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin? Cad é do mheas do leibhéil réamh-ghéarchéime chóimheasa caipitil agus chóimheasa giarála na mbanc Eorpach?

Tá cláir chomhardaithe, caipiteal, leachtacht agus cóimheas giarála i bhfad níos láidre ag na bainc sa ghéarchéim seo ná mar a bhí acu in 2008 a bhuí leis na hiarrachtaí athchóirithe iar-ghéarchéime agus neartú an chreata rialála agus maoirseachta. Ag féachaint chun cinn, tá sé tábhachtach go n-ullmhódh na bainc do mheathlú dóchúil cháilíocht sócmhainní na mbanc mar thoradh ar an turraing eacnamaíoch mar thoradh ar phaindéim COVID-19.

Ó bunaíodh SAM, tháinig laghdú ar mhéid na n-iasachtaí neamhthuillmheacha ó níos mó ná EUR 1 trilliún in 2014 go díreach os cionn EUR 500 billiún in 2020. Tá sé sin mar thoradh freisin ar an iarracht ollmhór a rinne SAM, lenar tugadh aghaidh ar fhadhb na n-iasachtaí neamhthuillmheacha mar a phríomhthosaíocht. Tá sraith leathan uirlisí forbartha ag rialtóirí agus maoirseoirí le blianta beaga anuas agus tá sé in am í a úsáid, d’fhonn a áirithiú go n-aithníonn na bainc drochiasachtaí agus go ndéileálfaidh siad leo gan mhoill. Dar liom féin, tá sé seo ar cheann de na príomhcheachtanna ón am atá caite.

Tá sé níos tábhachtaí fós go n-ullmhódh na bainc go gníomhach anois do mheathlú dóchúil ar cháilíocht na sócmhainní, agus ag an am céanna go dtacódh siad le héascuithe amhail moratóirí íocaíochta agus go mbeadh feidhm fós ag ráthaíochtaí stáit. Ba cheart do na bainc feabhas a chur ar a gcuid beartas maidir le riosca creidmheasa a shainaithint agus a thomhas, acmhainneacht oibríochtúil leordhóthanach a mhéadú chun borradh a chur faoi iasachtaí neamhthuillmheacha, ach na leibhéil soláthair a mhéadú i gcás inar gá freisin. Má ghníomhaíonn siad anois, is féidir leo éifeachtaí aille féideartha a sheachaint níos déanaí, nuair a rachaidh bearta tacaíochta poiblí in éag. Is é ról BCE mar mhaoirseoir dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chleachtais na mbanc i dtaca leis sin, d’fhonn a áirithiú go n-ullmhófar na bainc go leordhóthanach do thonn an-dhóchúil d’iasachtaí neamhthuillmheacha.  

Maidir leis an tionchar ar shamhlacha sonracha gnó, de bharr chineál na géarchéime seo, is mó a dhéanfar difear do bhainc atá neamhchosanta ar earnálacha leochaileacha amhail an turasóireacht, an t-iompar nó an tsiamsaíocht ná bainc eile. Mar a léirítear san anailís leochaileachta ó BCE, is dócha go mbeidh an tionchar is láidre ag caillteanais iasachtaí ar iasachtóirí éagsúlaithe. Cé gur féidir le G-SIBanna agus bainc uilíocha a gcaillteanais iasachta a fhritháireamh i bpáirt trí ioncam oibriúcháin níos airde, is gnách go mbíonn níos lú ná an glanioncam úis agus glanioncam coimisiúin/táillí ag iasachtóirí beaga intíre agus miondíola agus dá bhrí sin ní féidir leo na caillteanais sin a chúiteamh.

28. Cén dearcadh atá agat maidir le ról BCE/ SAM chun éifeachtaí eacnamaíocha phaindéim COVID-19 a mhaolú? An gcuireann an creat maoirseachta atá ann faoi láthair ionstraimí leordhóthanacha ar fáil do SAM chun dul i ngleic le géarchéim den sórt sin?

D’fhoilsigh Maoirseacht Baincéireachta BCE a chéad sraith de bhearta maolaitheacha an 12 Márta, an lá céanna ar fhógair an Ísiltír, mar shampla, bearta sriantacha i gcomhair cruinnithe poiblí agus imeachtaí poiblí. De bhrí go bhfuil feidhm ag na bearta maoirseachta sin maidir le 19 mBallstát éagsúla, measaim gur mór an t-éacht é sin, a léiríonn an méid atá bainte amach againn le sé bliana ó bunaíodh an t-aontas baincéireachta. Ní fhéadfaí freagairt mhaoirseachta Eorpach atá láidir agus aontaithe a shamhlú roimh ré.

Bhí dhá aidhm leis na bearta maoirseachta: cabhrú leis an sreabhadh creidmheasa a choimeád ar bun chuig an ngeilleagar fíor agus caipiteal a chaomhnú sa chóras. Go háirithe ag tús na géarchéime, bhí sé tábhachtach géarchor creidmheasa tobann agus éifeachtaí comh-thimthriallacha a sheachaint. Mar gheall ar sin, tacaíodh le bainc trí roinnt beart faoisimh. Dá gcuirfeadh na bainc stop go tobann le hiasachtaí a thabhairt do ghnólachtaí inmharthana agus do theaghlaigh, dhéanfadh sé sin dochar ollmhór do gheilleagar na hEorpa. Dá bhrí sin, ba é an chéad sprioc é a chur ar chumas na mbanc leanúint dá bhfeidhm ríthábhachtach maidir le maoiniú an gheilleagair a chomhlíonadh. Ar an dara dul síos, d’fhonn caipiteal a chaomhnú sa chóras, d’iarr BCE freisin ar bhainc agus ar a gcuid scairshealbhóirí gan díbhinní a íoc amach nó stoic a cheannach ar ais le linn na paindéime agus a bheith an-mheasartha maidir le bónais a íoc. Ar deireadh, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go spreagann BCE na bainc go leanúnach chun cleachtais chuí maidir le sainaithint, tomhas agus bainistiú riosca a choinneáil d’fhonn carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha a sheachaint a mhéid is féidir níos déanaí.

Ceapaim go bhfuil sé róluath aon chonclúidí cinnte a dhéanamh maidir le ceachtanna don chreat maoirseachta agus rialála níos leithne. Mar sin féin, tá mo réamhthuairimí níos dearfaí. Chuir ‘Réiteach Tapa’ an Choimisiúin fáilte roimh roinnt coigeartuithe ar CRR d’fhonn cur le cumas an chórais baincéireachta tacú leis an téarnamh, agus príomheilimintí an chreata stuamachta á gcaomhnú ag an am céanna. Ag breathnú chun cinn, níor cheart go n-athródh aon athruithe eile an creat stuamachta go bunúsach ach go n-urramófaí caighdeáin Basel atá comhaontaithe agus bloghadh an leabhair rialacha aonair Eorpaigh a sheachaint i gcónaí.

29. Cad é do mheas den ardleibhéal sócmhainní ar leibhéal 2 agus ar leibhéal 3 atá ar chláir chomhardaithe de chuid roinnt mhaith banc? An bhfuil na sócmhainní sin á gcur san áireamh go cuí leis an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair?

Is éard atá i gceist le sócmhainní leibhéal 2 nó leibhéal 3 sócmhainní a thomhaistear de réir luacha chóir (i.e. an praghas a d’íocfadh ceannaitheoir toilteanach go teoiriciúil) ar chlár comhardaithe bainc ach nach bhfuil aon phraghas a luaitear go díreach ann ar mhargadh gníomhach. Déantar iad a luacháil trí úsáid a bhaint as sonraí inbhraite seachas praghsanna a luaitear go díreach, amhail cuair ráta úis foilsithe a úsáidtear chun babhtálacha luacha (leibhéal 2) nó trí úsáid a bhaint as samhlacha i gcás nach bhfuil ionchuir shuntasacha bunaithe ar shonraí inbhraite (leibhéal 3).  I gcás sócmhainní Leibhéal 3, go háirithe, in éagmais pointí sonraí margaidh, is mó éiginnteacht sa luacháil a bhíonn mar thoradh air sin agus dá bhrí sin is mó an baol atá ann go ndéanfar ró-luacháil ar shócmhainní agus/nó dliteanais a mheas faoina luach ar chlár comhardaithe an bhainc.

De réir BERS, bhí thart ar EUR 7,279 billiún de shócmhainní airgeadais i seilbh na mbanc Eorpach agus iad á dtomhas ag luach cóir i mí na Nollag 2018 (is ionann sin agus thart ar 25% de na sócmhainní iomlána), le EUR 2,379 billiún ar Leibhéal 1, EUR 4,600 billiún ar Leibhéal 2 agus EUR 300 billiún i sócmhainní Leibhéal 3. D’fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith ann do na bainc sócmhainní den sórt sin a bheith ina seilbh acu, mar shampla chun críocha fálaithe, rud a mhíníonn an fáth a bhfuil sócmhainní den sórt sin i seilbh a lán banc atá i mbun gníomhaíochtaí trádála. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na sócmhainní agus na ndliteanas ar luach cóir iad do bhainc an limistéir euro le blianta beaga anuas.

Cé go soláthraíonn an creat cuntasaíochta na prionsabail d’aicmiú cuntasaíochta na sócmhainní sin do chatagóirí Leibhéal 2/Leibhéal 3, fágann sé freisin go bhféadfaí bríonna éagsúla a shannadh, rud a d’fhéadfadh torthaí éagsúla a bheith mar thoradh air do bhainc. Dá bhrí sin, tá riosca bunúsach ann go bhfuil na sócmhainní sin róluacháilte agus gur lú a luach ná mar a bhíothas ag súil leis, go háirithe i ndálaí anáis ar an mhargadh. Bhí riosca trádála agus luacháil sócmhainní ina thosaíocht mhaoirseachta do SAM in 2019 agus 2020. Ciallaíonn sé sin go ndearnadh misin shonracha ar an láthair agus go ndéanfar iad i mbainc atá neamhchosanta ar ionstraimí casta a bhfuil luach cóir orthu. Is é is aidhm do na misin sin measúnú a dhéanamh ar fhóntacht agus éifeachtacht chreat luachála an bhainc agus ar an rialachas agus ar na rialuithe a bhaineann leis, agus freisin an rangú ceart suíomhanna a sheiceáil – mar shampla leibhéal 2 nó leibhéal 3 – agus é sin a thástáil d’idirbhearta sonracha. Comhlánaítear na misin sin ar an láthair le tumthaí doimhne agus le hanailísí dírithe.

30. Cad é do thuairim faoi dhúshláin mhaoirseachta atá roimh BCE/ SAM mar gheall ar nuálaíocht theicneolaíoch san earnáil airgeadais? Cad é do thuairim faoi láimhseáil stuamachta criptea-shócmhainní? An bhfuil na rioscaí a eascraíonn as na criptea-shócmhainní sin á gcur san áireamh go cuí leis an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair?

Baineann deiseanna agus rioscaí araon le nuálaíocht teicneolaíochta d’institiúidí bunaithe agus d’institiúidí nua, agus don earnáil airgeadais ina hiomláine. Mar shampla, is féidir le nuálaíocht éifeachtúlacht agus éagsúlacht a mhéadú trí bhorradh a chur faoi iomaíocht san earnáil airgeadais. Os a choinne sin, d’fhéadfadh dúshláin gan choinne a bheith ag gabháil le teicneolaíochtaí nua do chobhsaíocht chórais TF na n-institiúidí airgeadais agus, ag an am céanna, d’fhéadfadh sé go gcuirfí brú ar thuilleamh mar gheall ar an iomaíocht níos dlúite. Go háirithe nuair a théann nuálaíocht fite fuaite le cinnteoireacht uathoibríoch, eitic agus cóir chothrom do chliaint a bheith ina ngnéithe tábhachtacha do mhaoirseoirí chun measúnú a dhéanamh. Tagann na príomhghnéithe sin faoi shainorduithe údarás maoirseachta ar leith, agus dá bhrí sin tá comhar maith idir na húdaráis sin riachtanach do mhaoirseacht chuí. Ina theannta sin, de réir mar a dhéantar digitiú ar institiúidí airgeadais, géaraíonn na rioscaí oibríochtúla a d’fhéadfadh teacht as córais TF agus spleáchais ar sholáthraithe tríú páirtí digiteacha. D’fhéadfadh iarmhairtí ollmhóra a bheith ag fadhbanna oibríochtúla, go háirithe nuair a tharlaíonn siad in institiúidí sistéamacha. Dá bhrí sin, is geal liom an togra reachtach ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach san earnáil airgeadais. Ciallaíonn sé sin freisin gur cheart go mbeadh a dhóthain acmhainní ag BCE/SAM chun déileáil le rioscaí TF laistigh den earnáil airgeadais.

Beag beann ar nádúr an tionchair, tá an nuálaíocht teicneolaíochta ar cheann de na forbairtí is mó a bhfuil tionchar acu ar an earnáil airgeadais go luath amach anseo.

Tugann sé sin le tuiscint gur gá d’údaráis mhaoirseachta, lena n-áirítear BCE/SAM, dlús a chur lena gcur chuige maoirseachta agus é a ailíniú de réir mar is gá. Déantar é sin, mar shampla, trí phlé laistigh de ghrúpaí saineolaithe BCE/SAM agus trí chomhar idirnáisiúnta leis na húdaráis i ndlínsí eile. Ciallaíonn sé freisin gur gá do mhaoirseoirí tús a chur le hidirphlé luath leis na hinstitiúidí atá faoi mhaoirseacht, ós rud é gur féidir le forbairtí teicneolaíochta dul chun cinn i bhfad níos tapúla ná athrú ar rialáil ardleibhéil. Dá bhrí sin, d’eagraigh BCE an chéad idirphlé tionsclaíoch teicneolaíochta sa bhliain 2019. Ní mór tuiscint agus úsáid na teicneolaíochta i measc maoirseoirí SAM a mhéadú. Tá BCE/SAM ag féachaint go gníomhach ar úsáid teicneolaíochtaí chun cleachtais mhaoirseachta a uasghrádú, nó teicneolaíochtaí maoirseachta (“SupTech”) mar a thugtar orthu. Ós rud é go bhfuil an teicneolaíocht neodrach ó thaobh earnála de, sa chás seo arís, tá gá níos mó le comhoibriú le gníomhaireachtaí maoirseachta eile, e.g. le maoirseacht árachais chun foghlaim ó thaithí eile agus chun fanacht éifeachtach agus éifeachtúil.

Ba cheart ról na gcuideachtaí teicneolaíochta neamhairgeadais, go háirithe iad siúd a bhfuil bonn custaiméirí mór bunaithe acu, (i.e. cuideachtaí mórtheicneolaíochta) a chur san áireamh freisin. Le blianta beaga anuas, tá méadú ag teacht ar an mbaint atá ag cuideachtaí mórtheicneolaíochta le hinstitiúidí airgeadais atá ann cheana, ó sheirbhísí TF ríthábhachtacha áirithe a sholáthar go seirbhísí airgeadais a chur ar fáil go héifeachtach, amhail íocaíochtaí, atá bunaithe go príomha ar bhonneagar institiúide airgeadais atá ann cheana. Mar atá feicthe againn in earnálacha eile, is féidir leis na cuideachtaí mórtheicneolaíochta, in am gearr, fás agus leathnú as cuimse i seirbhísí airgeadais. Maidir leis an earnáil airgeadais, d’fhéadfadh na cuideachtaí mórtheicneolaíochta a bheith ríthábhachtach go sistéamach do chobhsaíocht airgeadais agus do shábháilteacht agus fóntacht na n-institiúidí airgeadais aonair. Ba cheart súil a bheith ag BCE/SAM ar na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as na forbairtí sin, agus idirghníomhú le maoirseoirí agus reachtóirí eile nuair a bhíonn gá le tuilleadh gníomhaíochta chun srian a chur ar na rioscaí sin.

Tá mé den tuairim nach bhfuil criptea-shócmhainní i gcoitinne ina riosca ábhartha faoi láthair do chobhsaíocht airgeadais chóras airgeadais AE. Mar sin féin, ba cheart do BCE leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le criptea-shócmhainní. Tá obair ar bun ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin chun dian stuamachta a bhunú le neamhchosaint na mbanc ar chriptea-shócmhainní. D’fhéadfadh go mbeadh seans níos mó ag cripteamhona cobhsaí (domhanda), mar a thugtar orthu, an bonn a bhaint de chobhsaíocht airgeadais, mura gcuirfí cosaintí iomchuí i bhfeidhm. I ndáil leis an méid sin, is céim thábhachtach é an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní (MiCA) toisc go bhfuil sé mar aidhm aige na caighdeáin chéanna is atá ag táirgí atá ann cheana atá coibhéiseach go feidhmiúil a chur i bhfeidhm ar sholáthraithe táirgí nua. Thairis sin, tá creat comhchuibhithe ar leibhéal AE ríthábhachtach chun ilroinnt an Mhargaidh Aonair a chosc.

Ós rud é go bhféadfadh na forbairtí sin baint a bheith acu le go leor gnéithe d’obair BCE, tá gá le dlúthfhaireachán ar fhorbairtí agus anailís ar na himpleachtaí do chobhsaíocht airgeadais agus do bheartas airgeadaíochta. Tá ról tábhachtach ag teicneolaíocht nua anseo, rud a fhágann gur féidir monatóireacht “fíor-ama” a dhéanamh agus anailís a dhéanamh ar na forbairtí sin. Cuirfidh sé sin ar ár gcumas gníomhú go tráthúil i gcás aon fhorbairtí díobhálacha.

31. Cad iad do thuairimí maidir le cibé ar cheart do BCE/SAM riosca a bhaineann leis an aeráid agus riosca comhshaoil a chomhtháthú i maoirseacht baincéireachta, agus conas ar cheart dóibh é sin a dhéanamh? An bhfuil na rioscaí sin á gcur san áireamh go cuí leis an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair?

Is foinse riosca airgeadais iad rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil agus, dá bhrí sin, tagann siad faoi réim shainordú BCE chun a áirithiú go mbeidh an córas airgeadais athléimneach ó thaobh na rioscaí sin de.

Cé go bhfuil na modheolaíochtaí chun meastachán a dhéanamh ar mhéid na rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol do na bainc fós ina dtús, tugtar le fios sna meastacháin atá ar fáil go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag na rioscaí sin. Léirigh tástáil struis maidir le riosca aistrithe san Ísiltír a rinneadh in 2018 go bhféadfadh caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CET1) na hearnála baincéireachta titim níos mó ná 4 bpointe céatadáin i gcás aistrithe atá dian ach sochreidte. Thángthas ar chonclúidí den chineál céanna freisin i réamhthaighde BCE sa tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais i mí na Bealtaine 2020 maidir le híogaireacht na mbanc sa limistéar euro i leith dícharbónaithe chorparáidigh: i gcás dian, meastar go dtiocfaidh méadú suas le 60% ar chaillteanais na gcóras baincéireachta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héagobhsaíocht airgeadais. Tá líon na dtubaistí arb iad guaiseacha nádúrtha is cúis leo ag ardú cheana féin ó na 1980idí agus tá na caillteanais eacnamaíocha a thagann ina ndiaidh ag méadú freisin.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, na rioscaí a bhíonn roimh bhainc faoi mhaoirseacht a shainaithint agus a mheas do mhaoirseacht baincéireachta agus faireachán ar chobhsaíocht airgeadais araon. Mar a áitíodh i bhfoilseacháin NGFS, ba cheart rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a ionchorprú i maoirseacht stuamachta ar an micrileibhéal ó lá go lá agus measúnú a dhéanamh ar an gcóras airgeadais ina iomláine trí anailísiú riosca cainníochtúil agus trí thástáil struis.

I ndáil leis an méid sin, bhí BCE agus bainc cheannais náisiúnta SAM ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun rioscaí aeráide agus comhshaoil a chomhtháthú ina gcleachtas. Tá an “Treoir maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil” foilsithe le déanaí ag Maoirseoireacht Baincéireachta BCE le haghaidh comhairliúcháin: tugtar míniú mionsonraithe ann ar an mbealach a bhfuil BCE ag súil go mbreithneoidh institiúidí rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil ina straitéis ghnó agus ina gcreataí rialachais agus bainistithe riosca. Mínítear ann freisin an chaoi a bhfuil BCE ag súil go mbeidh institiúidí níos trédhearcaí trína nochtadh a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a fheabhsú. Tá na hionchais sin ar fad oiriúnach cheana féin don chreat maoirseachta atá ann faoi láthair, do CRD, do CRR agus do threoirlínte ÚBE. Tuigim go gcuirfear an Treoirleabhar i bhfeidhm san idirphlé maoirseachta ó 2021 ar aghaidh, lena gceanglaítear ar na bainc aon éagsúlacht i gcleachtais institiúidí a d’fhéadfadh a bheith ann a chomhlíonadh nó a mhíniú. Anuas air sin, thacaigh BCE agus mé féin go láidir leis na sainorduithe a tugadh do ÚBE in CRD V – CRR II lena bhféadfaí tuilleadh taighde agus anailíse a dhéanamh ar conas rioscaí ESG a chomhtháthú sa chreat riosca stuamachta.

Cloch mhíle thábhachtach is ea Treoir BCE, ach ba cheart é a thuiscint mar thús turais, seachas mar chonclúid. Tá go leor fós le déanamh chun tuiscint níos fearr a fháil ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar chobhsaíocht airgeadais agus an tionchar is tábhachtaí atá acu chun a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí airgeadais na céimeanna cearta a ghlacadh chun an t-aistriú dosheachanta chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de agus inbhuanaithe a bhaint amach.

32. Cad iad do thuairimí maidir le heintitis scáthbhaincéireachta a rialáil? An dóigh leat go bhfuil bealaí éalaithe rialaitheacha agus maoirseoireachta ann ar ceart do reachtóirí aghaidh a thabhairt orthu sa ghearrthéarma?

Roimh thús phaindéim COVID-19, bhí imní ann cheana faoi na rioscaí méadaitheacha san earnáil airgeadais neamhbhainc (ar a dtugtaí earnáil na scáthbhaincéireachta roimhe seo) agus faoin easpa uirlisí beartais chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin.

Tá bearnaí leachtachta, úsáid giarála agus idirnascthacht laistigh den earnáil airgeadais neamhbhainc, chomh maith le hidirnaisc leis an earnáil baincéireachta agus leis an earnáil bainistíochta sócmhainní go háirithe, ina bpríomhleochaileachtaí nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Le blianta beaga anuas, forbraíodh uirlisí bainistithe leachtachta (LMT), agus bhain bainisteoirí cistí úsáid astu chun déileáil le tréithchineálacha leachtachta i mí an Mhárta. Tá rioscaí ann fós, fós féin.

Sa taithí struis le déanaí mar gheall ar phaindéim COVID-19, tháinig roinnt de na rioscaí sin chun cinn, mar shampla, d’fhulaing cistí margaidh airgid áirithe agus cistí infheistíochta eile mar gheall ar aistarraingtí airgid tirim i lár luaineacht an mhargaidh ag tús na paindéime. Ós rud é go bhfuil cistí margaidh airgid (CMAnna) ríthábhachtach chun leachtacht ghearrthéarmach a sholáthar, ba fhorbairt thrioblóideach é sin, a leag béim ar a thábhachtaí atá sé athléimneacht na hearnála airgeadais neamhbhainc a neartú. Ina theannta sin, tugadh aird ar leith ar ról glaoanna ar éarlais CCPanna agus comhaltaí imréitigh i gcruinnithe a bhaineann le hIdirghabháil Airgeadais nach mbaineann le bainc le déanaí, ag díriú ar bhealaí chun aghaidh a thabhairt ar nádúr comh-thimthriallach na gceanglas éarlaise domhanda.

Chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí san earnáil ar bhealach réamhghabhálach, agus i bhfianaise na héiginnteachta ard maidir le tuilleadh forbairtí COVID-19, ní mór feabhas a chur ar an gcreat rialála don earnáil airgeadais neamhbhainc. Chuige sin, ní mór cur chuige macrastuamachta cuimsitheach a fhorbairt do neamhbhainc, lena bhféadfaí a áirithiú go mbeidh an earnáil airgeadais neamhbhainc in ann turraingí a sheasamh níos fearr amach anseo seachas a bheith ag brath ar idirghabhálacha ón mbanc ceannais chun an córas a chobhsú.

D’fhéadfaí bearnaí rialála a dhúnadh trí chomhleanúnachas breise na gcreataí rialála a áirithiú, mar shampla maidir le ceanglais cistí dílse le haghaidh gníomhaíochtaí MiFID de chuid cuideachtaí bainistíochta cistí.

Creidim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis sin i bhfianaise ról méadaitheach na n-institiúidí airgeadais neamhbhainc i maoiniú an fhíorgheilleagair agus a n-idirnaisc leis an gcuid eile den chóras airgeadais.

33. Is uirlis thábhachtach iad measúnuithe cuí cóir sa sraith uirlisí maoirseachta. Conas a d’fhéadfaí an ionstraim seo a fhorbairt tuilleadh agus a chur i bhfeidhm ag BCE?

Tá measúnuithe cuí cóir mar bhunchloch an dea-rialachais sna bainc. Mar sin féin, bhainfeadh an Córas Eorpach um Maoirseacht Airgeadais tairbhe as tuilleadh comhchuibhithe. Tá cúpla príomhphointe ann ba mhaith liom a chur in iúl.

Ar an gcéad dul síos, fágann ceanglais CRD faoi láthair gur féidir measúnuithe oiriúnacha cuí cóir ex-post a dhéanamh. I gcás measúnuithe ex-post, glacann duine a cheaptar leis an bpost agus is ansin amháin atá sé faoi réir measúnú atá cuí cóir. I gcás ina mbeidh toradh diúltach ar an measúnú, ní mór an duine atá ceaptha a bhaint dá phost. Tá sé seo difriúil i gcás na dtíortha sin a bhfuil córas ex-ante i bhfeidhm acu agus is gá formheas a fháil ina leith sula gcuirtear tús leis na feidhmeanna. Bhí an taithí a fuair mé ar na measúnuithe ex-ante dearfach den chuid is mó, ach creidim thar aon rud eile gur cheart tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh leis an gcreat rialála chun fíorchothrom iomaíochta a áirithiú.

Ar an dara dul síos, is féidir linn tuilleadh forbartha a dhéanamh ar mheasúnuithe cuí cóir trí fheabhas a chur ar chumarsáid maidir le hionchais mhaoirseachta. Trí thrédhearcacht fheabhasaithe is féidir a áirithiú go mbeidh toradh na measúnuithe oiriúnachta níos intuartha do na bainc.

Ar deireadh, creidim gur cheart don mhaoirseoir measúnuithe cuí cóir a úsáid mar uirlis mhaoirseachta chun bainistíocht éifeachtach, rialachas fónta agus cinnteoireacht chothrom i measc chomhaltaí an bhoird a áirithiú. Go sonrach, d’fhéadfadh BCE grinnscrúdú níos déine a chaitheamh ar na comhaltaí sin den bhord a bhí i bhfeidhm ag an am a tharla teagmhas suntasach sa bhanc mar shampla, dá sáródh an banc ceanglas rialála. Sa chomhthéacs sin, tá cuntasacht aonair agus chomhchoiteann araon tábhachtach agus fíor-riachtanach ionas nach ndéanfar cinntí mí-oiriúnacha chun dul i ngleic le teipeanna tábhachtacha in am trátha.

34. Cad é do mheas de chur chun feidhme an tsásra um réiteach bainc in AE? Cad iad na bearta go díreach a dhéanfá chun na lúba ar lár atá faoi láthair ann a dhúnadh? Cad iad do thuairimí maidir le hinstitiúidí “ró-mhór nó idirnasctha le teip”, maidir le bainc agus comharchumainn choigiltis, agus maidir leis an tsaincheist iomlán faoi bhrabúsacht na hearnála baincéireachta in AE, agus cad é do thuairim faoin mbealach chun cinn dá hailtireacht chun riachtanais an gheilleagair réadaigh agus an mhaoinithe fhadtéarmaigh a chomhlíonadh? Dá dtiocfadh géarchéim baincéireachta Eorpach as an bpaindéim, cén fhoinse caipitil a d’fhéadfadh a bheith ann, dar leat, chun bainc a athchaipitliú agus/nó a athstruchtúrú? An bhféadfaí drochbhanc AE a chur ar bun, SCE a úsáid nó an nglacfaí leis na hinstealltaí ar an leibhéal náisiúnta?

Bunaíodh creat nua maidir le réiteach banc san Eoraip tar éis na géarchéime domhanda airgeadais in 2008. Bhí sé d’onóir agam a bheith i mo chomhalta de BRA óna thús. Tá an creat réitigh sin ríthábhachtach chun bainistiú rianúil géarchéime na mbanc a áirithiú agus chun costais do cháiníocóirí a sheachaint. Tríd an gcúram a shannadh do SCE chun cúlstop coiteann an Chiste Réitigh Aonair a sholáthar, neartófar éifeachtacht agus muinín an chreata réitigh tuilleadh.

Is léir gur feabhas suntasach atá sa chóras nua. D’fhéadfaí tuilleadh feabhsuithe ar an gcreat réitigh a mheas, áfach. Ina theannta sin, ba cheart sraith uirlisí leordhóthanacha a bheith ag an údarás réitigh chun dul i ngleic le cliseadh institiúidí creidmheasa níos lú agus meánmhéide a mhaoinítear go príomha le taiscí, ós rud é go bhfuil dúshláin roimh na bainc sin maidir le leibhéil leordhóthanacha MREL a ardú. Uirlis nua a d’fhéadfadh a bheith ann ná gníomhaíochtaí réitigh teoranta a chistiú le hacmhainní DGS náisiúnta chun gur féidir taiscí a aistriú. D’fhéadfaí é sin a bhaint amach trí chreat BRRD agus DGSD atá ann cheana a shoiléiriú tuilleadh, mar atá curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún Eorpach ina chlár oibre do 2021. Thairis sin, ceapaim go mbeadh gá le feabhas a chur ar na córais leachtaithe chun foirceannadh éifeachtach banc a bhfuil ag cliseadh orthu a áirithiú, ar bainc iad nach dtagann faoi réiteach.

Chomh maith leis na dúshláin thimthriallacha a eascraíonn as paindéim COVID-19, tá dúshláin struchtúracha ábhartha roimh na bainc freisin, a bhfuil tionchar diúltach acu ar bhrabúsacht. Cé go bhfuil gá le hathrú struchtúrach mar fhreagairt ar na dúshláin struchtúracha sin, níl réiteach “aon chur chuige amháin do chách” ann do na bainc chun a áirithiú gur féidir leo riachtanais an fhíorgheilleagair a chomhlíonadh ar an mbealach is fearr. Beidh ar go leor banc athmhachnamh a dhéanamh ar a gcuid samhlacha gnó chun a bheith brabúsach. Thairis sin, ní mór do na bainc bealaí a aimsiú chun costais a laghdú, mar shampla trí bhealaí dáileacháin a shruthlíniú, costais a laghdú, agus feabhas a chur ar chórais TF chomh maith le bearta atá dírithe ar shruthanna ioncaim táillebhunaithe a mhéadú. Le tuilleadh comhdhlúthaithe, d’fhéadfaí deireadh a chur le bac struchtúrach ar bhrabúsacht i gcodanna áirithe d’earnáil baincéireachta an limistéir euro, toisc go gcuirfeadh sé sin feabhas ar an acmhainneacht iomarcach agus ar an ilroinnt ar bhonn náisiúnta. Coinníollacha tábhachtacha chun comhdhlúthú a dhéanamh in earnáil na baincéireachta is ea soláthar méadaithe seirbhísí trasteorann le cumaisc agus éadálacha an limistéir euro, chomh maith le cuideachtaí a laghdú agus an aontas margaidh airgeadais a neartú tuilleadh. Ba cheart na tograí maidir le comhdhlúthú a mheas de réir a bhfiúntas aonair, áfach, agus aird á tabhairt freisin ar mhíbhuntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann amhail sineirgí ró-mheasta, inréiteacht laghdaithe agus rioscaí maidir le cobhsaíocht airgeadais. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin cur chuige ‘cás ar chás’ a chur i bhfeidhm maidir le cumaisc agus éadálacha féideartha in éarnáil na baincéireachta. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh dom an treoirleabhar ó BCE maidir le comhdhlúthú a foilsíodh le déanaí chun a chur chuige a shoiléiriú.

Chun freagairt éifeachtach ar thionchar phaindéim COVID-19 a áirithiú, ba cheart do mhaoirseoirí féachaint ar roghanna beartais éagsúla. Ar an gcéad dul síos, is faoi na bainc féin atá sé bearta iomchuí a dhéanamh, agus is féidir ról tábhachtach a bheith ag maoirseoirí maidir le bainc a dhreasú chun dea-chleachtais a leanúint anseo. Mar shampla, staon bainc mhóra ó dhíbhinní a dháileadh, i gcomhréir le moltaí BCE. Chomh maith leis sin, tá sraith beart ag maoirseoirí a chuirfidh ar chumas na mbanc tacú le maoiniú an fhíorgheilleagair, mar shampla trí bhearta faoisimh sealadacha sa chóras caipitil. Más rud é nach mbeidh bainc in ann deileáil leis na coinníollacha corracha sin, áfach, tá an creat réitigh i bhfeidhm againn. Ar an tríú dul síos, ba cheart dúinn breathnú níos faide ná straitéis an athchaipitlithe trí tarrtháil inmheánach chun na bainc a réiteach. Mar shampla, d’fhéadfadh cuideachtaí bainistíochta sócmhainní a bheith ar cheann de na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann. Ar an leibhéal náisiúnta, freisin, cruthaíodh cuideachtaí bainistíochta sócmhainní san am atá caite i roinnt tíortha agus tá sé léirithe gur féidir leo rannchuidiú go suntasach le glanadh suas na n-earnálacha baincéireachta. Ar ndóigh, ní réiteach uilechuimsitheach iad ar gach fadhb a bhaineann le cáilíocht sócmhainní agus ní bheadh siad ina réiteach iomchuí ach amháin dá mbunófaí iad i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr.

35. Cad é do thuairim faoi chur chun feidhme an Chúnaimh Leachtachta Éigeandála (ELA)? Cad a d’fhéadfaí a fheabhsú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le deonú ELA, go háirithe trí ról níos suntasaí a thuar do BCE?

Faoi láthair, is iad na bainc cheannais náisiúnta a ghníomhaíonn ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta ábhartha atá freagrach as ELA a sholáthar, lena n-áirítear na costais agus na rioscaí a bhaineann leis an soláthar sin. Le hAirteagal 14.4 de Reacht CEBC, tugtar ceart crosta do BCE chun  a áirithiú nach gcuirfidh foráil ELA isteach ar chúraimí ná ar chuspóirí CEBC (go háirithe le cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta sa limistéar euro).

Amach anseo, creidim gur cheart rialachas ELA a fhorbairt i gcomhréir leis an dul chun cinn maidir leis an aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, rud a d’fhéadfadh a bheith ag dul i dtreo cur chuige níos aontaithe maidir le ELA a chinneadh.

36. Cad iad na tuairimí atá agat maidir leis na céimeanna ionsar chomhlánú an Aontais Baincéireachta lena ngabhfaidh Scéim Eorpach Ráthaithe Taiscí agus cúlstop fioscach, lena n-áirítear cur chun feidhme riachtanach reachtaíocht sin an Aontais Baincéireachta atá ann cheana? Cad iad na bearta comhlántacha a dhéanfá chun ilroinnt an mhargaidh a laghdú, chun deiseanna arbatráiste rialála agus maoirseachta a laghdú, chun machaire réidh a choinneáil agus chun dul i ngleic le himfhálú, go sonrach san earnáil baincéireachta?

Ba chéim ríthábhachtach dár n-Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus do shláine an airgeadra aonair é an t-aontas baincéireachta a bhunú.

Léiríodh arís tábhacht an tionscadail leis an bhfreagairt mhaoirseachta thapa, chinntitheach agus chomhordaithe ar an ngéarchéim COVID-19 atá fós ag titim amach.

Ag an am céanna, níl an t-aontas baincéireachta curtha i gcrích go fóill agus tá gá le dul chun cinn chun leas a bhaint as na tairbhí a bhaineann le haontas baincéireachta iomlán.

Céim sa treo ceart is ea an tiomantas chun cúlstop coiteann a bhunú do CRA ar a dhéanaí in 2024. Ba cheart go mbeadh obair ar Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) coiteann ar cheann dár bpríomhthosaíochtaí i gcónaí. Is mór an feabhas a bheadh i gceist cheana féin le tús a chur le ‘samhail hibrideach’ le haghaidh SEÁT, ach ní mór dúinn cuimhneamh ar an sprioc dheiridh. Chuirfeadh cosaint aonfhoirmeach do thaisceoirí san aontas baincéireachta leis an muinín as an gcóras baincéireachta. Dá mbeadh sé dea-dheartha, chaomhnódh sé cobhsaíocht airgeadais agus chuirfeadh sé deireadh leis an nasc idir bainc agus flaithiúnais.

Laghdaítear na tairbhí is féidir linn a bhaint as an aontas baincéireachta i dtéarmaí comhtháthú airgeadais nuair a ndéantar caipiteal agus leachtacht a imfhálú laistigh d’fhochuideachtaí grúpaí baincéireachta laistigh den aontas baincéireachta. Is díol sásaimh dom an moladh ó Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta chun féachaint ar na roghanna laistigh den chreat dhlíthiúil reatha a chuirfeadh ar ár gcumas dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an tsaincheist sin. Chun céimeanna níos mó ar aghaidh a dhéanamh, áfach, bheadh bearta reachtacha ríthábhachtach chun ilroinnt a laghdú, agus ag an am céanna na coimircí riachtanacha a chur ar fáil do na Ballstáit chun comhréiteach a éascú.

37. Cad iad na rioscaí a bhaineann le táirgí urrúsúcháin agus iasachtaí giaráilte atá le feiceáil agat don chobhsaíocht airgeadais agus conas ba cheart do BCE/SMA aghaidh a thabhairt orthu?

Cosúil le go leor aicmí sócmhainní eile, bhí suaiteacht shuntasach sna margaí iasachta giaráilte domhanda, léirithe le linn suaitheadh margaidh a bhain le COVID-19 i mí an Mhárta 2020. D’fhéadfadh sé go bhfuil na rioscaí sistéamacha a eascraíonn as margaí iasachtaí giaráilte ard mar gheall ar an méid seo a leanas: na méideanna gan íoc, toisc go bhfuil fás suntasach tagtha ar an margadh le blianta beaga anuas, go háirithe san Eoraip; giaráil réasúnta ard agus cáilíocht chreidmheasa íseal na ngnólachtaí eisiúna, rud a fhágann go mbíonn na gnólachtaí sin leochaileach do suaití díobhálacha; an treocht maidir le cosaint infheisteoirí a laghdú de bhua an éilimh atá ar an gcaighdeán covenant-lite; an laghdú ar an gcáilíocht chreidmheasa; agus an leibhéal ard idirnascthachta i measc infheisteoirí.

Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí i margaí iasachtaí giaráilte agus measúnú a dhéanamh ar rioscaí a d’fhéadfadh teacht as neamhchosaint dhíreach agus indíreach i gcásanna éagsúla. D’fhoilsigh BCE Treoir maidir le hidirbhearta giaráilte in 2017, ina bhfuil ionchais thábhachtacha mhaoirseachta i leith na mbanc. Tá easnaimh i gcreataí bainistithe riosca na mbanc léirithe ag cleachtaí tagarmharcála, chomh maith le maoirseacht lasmuigh den láthair agus maoirseacht ar an láthair. Cuireadh na heasnaimh sin san áireamh i bPróiseas um Athbhreithniú agus Meastóireacht Maoirseachta 2019 (SREP). Tá sé tábhachtach aird ar leith a thabhairt ar na hidirbhearta is giaráilte, chun a mheas an gcomhlíonann siad an treoir.

Ar an iomlán, is gá leanúint de mheasúnú gníomhach a dhéanamh ar an gcás, lena áirithiú go mbeidh creat bainistithe riosca leormhaith i bhfeidhm ag na bainc. Ag an am céanna, tá sé tábhachtach go gcuirtear leis an obair a dhéantar i bhfóraim idirnáisiúnta chun léargas cuimsitheach a fháil ar threochtaí agus ar rioscaí margaí iasachta giaráilte domhanda. Mar thoradh ar idirnascacht an mhargaidh seo agus, dá bhrí sin, na rioscaí indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ann do bhainc, rannchuideodh tuiscint níos fearr ar neamhchosaintí institiúidí airgeadais nach bainc iad ar iasachtaí giaráilte le measúnú riosca cuimsitheach freisin.

Tá neamhchosaint na mbanc ar urrúsuithe iasachtaí giaráilte, oibleagáidí iasachta atá comhthaobhaithe (CLOanna), mar a thugtar orthu, sách íseal agus meastar go bhfuil sí teoranta do thráinsí a bhfuil cáilíocht chreidmheasa níos airde acu. Mar sin féin, mar gheall ar mheath ar cháilíocht chreidmheasa na dtráinsí iasachta bunúsacha, tá gá le measúnú cúramach ar na rioscaí. Chomh maith leis sin, mar gheall ar neamhchosaint níos mó na mbanc ar CLOanna, is ann do rioscaí contrapháirtí agus indíreacha do bhainc.

Ach súil a chaitheamh níos faide anonn ná CLOanna agus ar gach cineál urrúsaithe ar bhonn níos ginearálta, tugadh aghaidh ar na laigí agus ar na barrachais a bhí ina gcúis leis an ngéarchéim airgeadais in 2008 le rialachán AE nua maidir le hurrúsú (arna thabhairt chun críche in 2017), ach níl sé léirithe go bhfuil sé iomlán éifeachtach maidir le margaí an Aontais a athbheochan. Is féidir le leasuithe spriocdhírithe ar chreat urrúsaithe an Aontais a mhol an Coimisiún le déanaí tacú leis an téarnamh trí iasachtú don fhíorgheilleagar a éascú. Ba cheart athbhreithniú iomlán a dhéanamh faoi Eanáir 2022, áfach, chun féachaint ar conas a d’fhéadfaí na rialacha atá ann cheana a fheabhsú, chun margaí an Aontais a athbheochan i gceart. Ag an am céanna, mar a luaitear sa Tuairim ó BCE a foilsíodh i mí Mheán Fómhair, ní mór a lua go bhfuil BCE freagrach as a áirithiú go ndéanann bainc shuntasacha a gceanglais chaipitil a choigeartú ar bhealach atá i gcomhréir leis an riosca creidmheasa a aistrítear go héifeachtach chuig infheisteoirí tríú páirtí.

38. Cén ról a leagann tú ar disciplín an mhargaidh airgeadais ó thaobh praghsáil flaithiúnas? Céard iad na dúshláin, dar leat, a bheadh le sárú ag BCE dá ndéanfaí an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a thiontú ina Chiste Airgeadaíochta Eorpach (CAE)?

Ba ghnách do na margaí airgeadais a bheith comhthimthriallach le linn thréimhse AEA, le raonta difríochta an-íseal sa tréimhse roimh 2008, ach ansin tháinig ardú orthu go tobann agus go suaiteach i ndiaidh na Géarchéime Móire Airgeadais.

Tá roinnt mínithe nach bhfuil comheisiacha curtha chun cinn i ngeall ar easpa éifeacht smachtaithe na margaí airgeadais: (i) easpa inchreidteachta an chlásail ‘gan tarrtháil’ agus débhríocht, chomh maith le roinnt cúiseanna iontais a bhí ann thar ama mar thoradh ar fhógraí beartais maidir le cur chuige an limistéir euro i ndáil le fiachais cheannasacha a athstruchtúrú, (ii) débhríocht maidir le ról agus sainchúram an bheartais airgeadaíochta mar iasachtóir na rogha deiridh, agus (iii) claontachtaí bunúsacha in iompar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais amhail feiniméin an iompair tréada.

Is féidir le BCE tairbhe mhór a bhaint as neartú chreat institiúideach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA). Athraíodh fócas na bpléití maidir leis an athchóiriú ar SCE ón bhféidearthacht maidir le ‘Ciste Airgeadaíochta Eorpach’ a bhunú, mar a mhol an Coimisiún Eorpach in 2017, go dtí athchóiriú ar Chonradh SCE bunaithe ar athruithe spriocdhírithe, a comhaontaíodh i bprionsabal in 2019.

Agus mé ag breathnú siar ar an togra ó CAE, ba dhíol sásaimh dom dá dtabharfaí SCE isteach faoi chreat an Aontais. Ach is díol mór sásaimh dom an t-athchóiriú ar Chonradh SCE a comhaontaíodh i bprionsabal anuraidh agus tá súil agam go mbeifear in ann dul ar aghaidh go luath leis an bhformhuiniú polaitiúil críochnaitheach agus leis an bpróiseas daingniúcháin.

Ba mhaith liom a chur in iúl go láidir go n-áirítear, i measc roinnt feabhsuithe tábhachtacha eile ar chreat SCE, foráil a bhí mar chuid den togra CAE in 2017 freisin sna hathruithe spriocdhírithe a comhaontaíodh i bprionsabal in 2019: ról an chúlstop choitinn don Chiste Réitigh Aonair a shannadh do SCE. Is príomhghné é sin chun an t-aontas baincéireachta a chomhlánú, go háirithe chun inchreidteacht agus muinín sa chreat um réiteach banc a neartú.

39. Conas a d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos éifeachtaí, ar sciúradh airgid, ar sheachaint cánach agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta ar fud an Aontais Baincéireachta? Cén ról, dar leat, atá ag BCE/SAM sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid? Conas ba cheart rioscaí sciúrtha airgid a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ag BCE ar chobhsaíocht airgeadais na mbanc? Cén ról ar cheart a bheith ag gníomhaireacht láraithe AE um fhrithsciúradh airgid (AML)?

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a athdhearbhú go n-eisiatar ó chúraimí maoirseachta BCE maoirseacht ar bhainc sa chomhrac in aghaidh sciúradh airgid (AML) agus maoiniú sceimhlitheoireachta (CFT) agus nach bhfuil aon inniúlacht ag BCE maidir le seachaint cánach. Dá ainneoin sin, is díol sásaimh dom go bhfuil BCE an-dáiríre faoi na himpleachtaí stuamachta a bhaineann le rioscaí ML/TF, laistigh de shainchúram a shainordaithe maoirseachta. Ciallaíonn sé sin gur féidir le BCE, ina cháil mar mhaoirseoir stuamachta, tionchar rioscaí ML/TF ar phróifíl stuamachta na mbanc a mheas. Chun go mbeidh BCE in ann é sin a dhéanamh, tá malartú faisnéise leormhaith le maoirseoirí AML/CFT bunriachtanach. Leis an gcomhaontú idir BCE agus maoirseoirí AML/CFT náisiúnta maidir le faisnéis a bhaineann le AML/CFT a mhalartú, foráiltear don mhalartú faisnéise sin. Mar thoradh ar an measúnú ar an bhfaisnéis a fhaightear ó údaráis AML/CFT, féadfaidh BCE bearta stuamachta a fhorchur más gá, mar shampla trína chumhachtaí Cholún 2 a úsáid sa Phróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP) Bliantúil. Rannchuidíonn BCE leis an bhforbairt leanúnach ar threoirdhoiciméid thábhachtacha ÚBE a bhfuil sé mar aidhm acu feabhas breise a chur ar an gcomhar le maoirseoirí AML/CFT agus a áirithiú go ndéantar breithniú comhsheasmhach ar ghnéithe AML/CFT in SREP ar fud an Aontais Baincéireachta. Thairis sin, tá sé beartaithe go mbeidh BCE rannpháirteach mar bhreathnóir i gcoláistí maoirseachta AML/CFT atá á mbunú faoi láthair ag maoirseoirí AML/CFT náisiúnta do gach banc atá ag oibriú thar theorainneacha laistigh den Aontas.

Mar sin féin, fad a bheidh rialáil agus maoirseacht AML/CFT fós eagraithe ar an leibhéal náisiúnta den chuid is mó, rud a fhágann go ndéanfar noirm AML/CFT a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach éagsúil ar fud an Aontais, beidh teorainneacha tromchúiseacha ann maidir leis an méid ar féidir linn a bheith ag súil leis trí chomhar níos fearr amháin. Is minic go mbíonn gné trasteorann ag sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus bíonn uirlisí trasteorann de dhíth chun saincheisteanna trasteorann a réiteach. Dá bhrí sin, creidim go láidir go bhfuil gá le cur chuige Eorpach níos láidre chun dul i ngleic leis na rioscaí a bhaineann leis na coireanna sin d’inbhuanaitheacht agus do chobhsaíocht earnáil baincéireachta AE. Ba cheart féachaint le tuilleadh comhchuibhithe a dhéanamh ar chreat rialála AML/CFT, chomh maith le hilroinnt maoirseachta a laghdú trí chúraimí maoirseachta AML/CFT a thabhairt d’údarás AE atá ann cheana nó d’údarás AE nua. Ar ndóigh, thar aon ní eile, is inniúlacht de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é na measúnuithe agus na tograí is gá a dhéanamh i ndáil leis sin. Le déanaí, d’fhoilsigh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, agus tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí reachtacha ábhartha a chur síos go luath an bhliain seo chugainn.

Tá sé thar a bheith tábhachtach gur féidir le maoirseoir AML/CFT a bheidh ann amach anseo ar leibhéal an Aontais a chuid acmhainní a dhíriú ar mhaoirseacht AML/CFT ar na bainc áirithe sin a ndéanann earnáil airgeadais an Aontais a neamhchosaint ar rioscaí arda maidir le mí-úsáid choiriúil agus damáiste do chlú, agus a bhfuil an breisluach is mó ag baint le cur chuige maoirseachta Eorpach ina leith (e.g. bainc a oibríonn thar theorainneacha laistigh den Aontas, a láimhseálann idirbhearta do chliaint a chruthaíonn rioscaí ML/TF méadaithe agus a dhéanann gnó i dtríú tíortha a bhfuil caighdeáin laga AML/CFT acu). Má bhunaítear maoirseacht AML/CFT an Aontais ar bhainc, agus nuair a dhéantar amhlaidh, is féidir sineirgí láidre a chruthú le hobair BCE. Ag an am céanna, beidh comhar idir BCE agus maoirseoirí AML/CFT náisiúnta ríthábhachtach i gcónaí i dtaca le struchtúr maoirseachta athbhreithnithe den sórt sin, toisc nach mbeifí ag súil go dtiocfadh gach banc san Aontas faoi shainchúram údaráis AML/CFT an Aontais. Is léir go bhfuil sé sin ábhartha agus tábhachtach i gcónaí maidir leis na tionscnaimh atá ar bun faoi láthair chun feabhas a chur ar an gcomhar sin a luaigh mé roimhe seo. Ina theannta sin, ba cheart a chuimhneach go bhfuil go leor cineálacha gnólachtaí agus seirbhísí éagsúla ar féidir mí-úsáid a bhaint astu chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta. Dá bhrí sin, san fhadtéarma, d’fhéadfadh údarás láraithe AE le haghaidh AML/CFT sraith níos leithne d’earnálacha airgeadais agus neamhairgeadais a chumhdach ná an earnáil baincéireachta amháin – earnálacha nach bhfuil aon sainordú ag BCE ina leith agus nach bhfuil aon ról le himirt aige iontu. Ar deireadh, i bhfianaise na gcineálacha rioscaí atá ann, tá sé tábhachtach go mbeidh uirlisí leormhaithe ag gníomhaireacht láraithe AE le haghaidh AML chun comhoibriú ní hamháin le maoirseoirí stuamachta ach go fíorthábhachtach, le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus le húdaráis forfheidhmithe dlí freisin.

40. An dóigh leat gur cheart do BCE caighdeáin na Treorach maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go hinmheánach?

Chuir BCE feabhas suntasach ar a bheartas sceithireachta inmheánach le déanaí; dealraíonn sé go n-urramaíonn an beartas nua sin bunphrionsabail Threoir ábhartha an Aontais. Comhlánaíonn sé an sásra tuairiscithe sáruithe le haghaidh cúrsaí maoirseachta atá ann cheana agus atá dea-thástáilte, a chuireann ar chumas duine ar bith tuairisc a dhéanamh go hanaithnid. Bunaítear leis an mbeartas freisin sraith láidir rialacha agus próiseas gaolmhar chun cosaint éifeachtach a thabhairt do bhaill foirne a thuairiscíonn sáruithe ó fhrithbheart. Táim ar an eolas faoi na forbairtí sin ós rud é gur chinn an Chomhairle Rialaithe go sainráite raon feidhme an bheartais nua a leathnú chun comhaltaí uile na Comhairle Rialaithe agus an Bhoird Maoirseachta a chumhdach freisin.

Measaim gur feabhas suntasach é an beartas nua sin, lena léirítear go soiléir tiomantas cheannaireacht BCE do na caighdeáin eitice agus rialachais is fearr. Ní hábhar rialacha cuí amháin é beartas sceithireachta dea-fheidhmiúil, áfach; ní mór an beartas agus na huirlisí tacaíochta a chomhlánú agus a dhreasú tríd an cultúr eitice agus luacha ceart – rud nach féidir a fhorordú ach gur gá a fhorbairt thar ama le go mbeidh sé inbhuanaithe.

Is téamaí iad seo ar féidir liom mé féin a shamhlú leo go héasca toisc go measaim go bhfuil siad ríthábhachtach chun muinín ár bpáirtithe leasmhara a chothú agus a chothabháil. Tacaím go láidir le cúrsaí a bhaineann le dea-iompar agus dea-rialachas agus, dá ndéanfaí mé a dheimhniú mar Chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin, bheinn ag féachaint le beartais BCE a fheabhsú tuilleadh más gá agus de réir mar is gá.

41. Cad iad na rioscaí le haghaidh cobhsaíocht airgeadais a bhaineann le Brexit? Cén ról, dar leat, atá ag BCE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin?

Tá toradh an phróisis Brexit an-neamhchinnte fós. Riosca breise do gheilleagar an limistéir euro a bheadh i gceist le haistriú tobann chuig rialacha trádála na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le trádáil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tar éis na hidirthréimhse ag deireadh na bliana. Is dócha go gcoimeádfaí srian ar an tionchar ach ní tionchar diomaibhseach a bheadh ann. Ina theannta sin, d’fhéadfadh rioscaí macra-airgeadais atá ann faoi láthair a bheith níos déine dá mbeadh Brexit gan mhargadh ann in éineacht leis an suaitheadh eacnamaíoch domhanda leanúnach a bhaineann leis an bpaindéim. Bheadh tionchar níos mó aige sin ar an Ríocht Aontaithe, áfach, ná ar an limistéar euro. Is dócha go mbeadh luaineacht shuntasach sa mhargadh airgeadais mar aon le méadú ar phréimheanna riosca mar thoradh ar Brexit gan mhargadh. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina ábhar imní roimh dheireadh na bliana de réir mar a thosaíonn margaí airgeadais ag praghsáil agus an toradh is dóchúla a bheidh ar chaibidlíocht idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach á chur san áireamh.

Tá rioscaí eile don chobhsaíocht airgeadais a bhaineann le Brexit gan mhargadh a d’fhéadfadh a bheith ann ag deireadh na bliana faoi smacht den chuid is mó agus tá ullmhúchán déanta ag údaráis náisiúnta agus AE don chás seo. Tugadh aghaidh ar bhaol an chliste thobainn i réimse na ndíorthach a imréitítear go lárnach le cinneadh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le coibhéis atá teoranta ó thaobh ama de le haghaidh contrapháirtithe lárnacha na Ríochta Aontaithe. Ina theannta sin, tá acmhainní ar fáil don earnáil phríobháideach chun na rioscaí atá fós gan réiteach a bhaineann le deireadh na hidirthréimhse a mhaolú i roinnt réimsí eile, amhail leanúnachas conarthaí díorthach neamh-imréitithe.

Ba cheart gurb é ról BCE a áirithiú go n-ullmhófar na bainc do gach toradh a d’fhéadfadh a bheith ann ag deireadh na hidirthréimhse, chomh maith le dlúthfhaireachán a dhéanamh ar rioscaí maicreacnamaíocha agus ar rioscaí na hearnála airgeadais, agus spriocdháta dheireadh na bliana ag teannadh linn. I ndáil leis an méid sin, chuir SAM dlús leis an idirphlé maoirseachta le bainc maidir le hullmhúcháin Brexit (institiúidí atá ag fágáil agus ag teacht isteach araon). Tá aird maoirseachta shuntasach á thabhairt freisin ar a áirithiú go mbainfidh na bainc faoi mhaoirseacht a Spriocshamhlacha Oibriúcháin (TOManna) don staid deiridh amach laistigh de na hamlínte a comhaontaíodh roimhe seo.

42. An dóigh leat gur cheart do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro coinníollacha breise a chomhlíonadh sula n-éireodh leo ballraíocht den limistéar euro a bhaint amach agus, ar an gcaoi sin, a bheith ina mball den Aontas Baincéireachta, coinníollacha amhail rialú éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí maidir le sciúradh airgid, margaí maoine atá sách cobhsaí a léiriú agus éilliú a rialú go héifeachtach?

Ní mór do gach tír a bhfuil sé beartaithe aici an euro a ghlacadh na ceithre chritéar maidir le cóineasú eacnamaíoch atá bunaithe ar na Conarthaí a chomhlíonadh (lena n-áirítear e.g. a bheith páirteach i Sásra Ráta Malairte II ar feadh dhá bhliain gan aon deacrachtaí) agus a reachtaíocht náisiúnta a ailíniú le creat dlíthiúil AE. Ní fheictear dom gur gá critéar eile um chóineasú a chur leis na ceithre chritéar thuasluaite, critéir a ndéanann BCE agus an Coimisiún Eorpach measúnú rialta orthu. Thairis sin, sa tuarascáil is déanaí maidir le cóineasú ón dá institiúid AE, sonraítear go ndéantar faireachán ar roinnt de na coinníollacha struchtúracha is gá le haghaidh rannpháirtíocht rianúil san aontas baincéireachta faoi ‘thosca ábhartha eile’. Cé go ndéanann BCE agus an Coimisiún Eorpach anailís neamhspleách, díríonn siad araon ar cháilíocht institiúideach agus ar rialachas chomh maith le toradh nós imeachta um mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, arb é is aidhm dóibh míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha agus macra-airgeadais a chosc.

Ag an am céanna, creidim nach mór do Bhallstáit nua ní hamháin ullmhú do ghlacadh an euro ach freisin chun dul isteach san aontas baincéireachta, agus, dá bhrí sin, a bheith rannpháirteach sa Sásra Aonair Maoirseachta agus sa Sásra Réitigh Aonair. Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh dom rannpháirtíocht na Bulgáire agus na Cróite i ndlúthchomhar maoirseachta le BCE. Mar chuid den phróiseas chun dlúthchomhar a bhaint amach, rinne Maoirseacht Baincéireachta BCE an measúnú cuimsitheach riachtanach ar bhainc na dtíortha. Tar éis don Chomhairle Rialaithe cinneadh dearfach a dhéanamh, chuaigh an Bhulgáir agus an Chróit isteach san Aontas Baincéireachta agus in ERM II ag an am céanna níos luaithe i mbliana.

Ina theannta sin, ghlac an Bhulgáir agus an Chróit roinnt gealltanas tírsonracha sular ndeachaigh siad isteach in ERM II, lenar áiríodh beartais mhacrastuamachta agus struchtúracha freisin, amhail rioscaí frithsciúrtha airgid. Thairis sin, gheall an dá thír go ndéanfaidh siad roinnt gealltanas maidir le beartais struchtúracha a chur chun feidhme ina dhiadh sin, arb é is aidhm dóibh cóineasú eacnamaíoch inbhuanaithe a áirithiú faoin tráth a nglacfaidh an dá thír an euro. Déanfaidh BCE agus an Coimisiún Eorpach faireachán cúramach ar chur chun feidhme na ngealltanas.

43. An bhfuil comhtháthú airgeadais níos doimhne ag teacht i gcónaí le cuspóir na cobhsaíochta airgeadais? An gcreideann tú go neartaíonn banchumaisc threasteorann leis an bhfadhb rómhór le cliseadh? Cén straitéis ar cheart a bheith ag SAM i leith thodhchaí na hearnála baincéireachta san Eoraip ó thaobh cumasc agus éadálacha, comhdhlúthú agus ‘seaimpíní náisiúnta’? Céard iad na spriocanna ba cheart a bheith ag Aontas na Margaí Caipitil (CMU)?

Sonraítear san ‘aincheist thriarach airgeadais’ nach bhfuil cobhsaíocht airgeadais, comhtháthú airgeadais agus beartais airgeadais náisiúnta comhréireach lena chéile. Ní féidir ach dhá cheann de thrí chuspóir a roghnú agus ní mór an tríú ceann a fhágáil ar lár.

Tugann sé sin le tuiscint go mbíonn comhtháthú airgeadais níos doimhne agus cobhsaíocht airgeadais ag teacht le chéile nuair a chuirtear le comhchreat rialála agus maoirseachta iad, agus le banc ceannais atá in ann gníomhú chun tacú le cobhsaíocht airgeadais le linn eachtraí géarchéime.

I ndáil leis an méid sin, tá gá le dul chun cinn nua maidir leis an uaillmhian fhadtéarmach fíormhargadh aonair caipitil a chruthú don Eoraip a bheidh comhtháite go domhain agus a bheidh thar a bheith forbartha. Bainfidh sé leas as na hacmhainní is gá chun geilleagar an limistéir euro a athbheochan, beidh sé ina rannchuidiú chun dul i ngleic le dúshláin amhail Brexit chun cur le hathléimneacht AEA agus chun dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar digiteach agus ísealcharbóin.

Maidir le cumaisc thrasteorann banc, ba cheart dúinn a mheabhrú nach ionann rómhór le teip ar an leibhéal Eorpach agus rómhór le teip ar leibhéal na mBallstát. Is bealach é comhtháthú mhargadh baincéireachta na hEorpa chun an imní sin a mhaolú, gan dearmad a dhéanamh ar ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le cobhsaíocht airgeadais.

Is é mo thuairim gur cheart do mhaoirseoirí measúnú a dhéanamh ar thionscadail chomhdhlúthaithe ar fhorais stuamachta amháin. Ní hé an ról atá acu a bheith i bhfabhar comhdhlúthú ar leith, ná bac a chur orthu, ná tosaíocht a thabhairt do shamhail ghnó ar leith thar shamhail ghnó eile. Is próiseas é nach mór don mhargadh a chur chun cinn agus a thionscnamh.

Sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh dom gur fhoilsigh BCE treoirleabhar maidir le comhdhlúthú chun a chur chuige a shoiléiriú. Le breis trédhearcachta, déantar gníomhaíochtaí maoirseachta níos intuartha agus seachnaítear míthuiscintí maidir le hionchais mhaoirseachta.

44. Saintréithe de roinnt bannaí suntasacha de chuid na hearnála príobháidí agus de chuid na hearnála poiblí san Eoraip is ea torthaí diúltacha. An bhfuil impleachtaí aige sin i dtaca le cobhsaíocht airgeadais de agus, más ea, conas ba cheart aghaidh a thabhairt orthu?

Maidir le hinstitiúidí airgeadais go ginearálta, agus go sonrach cistí infheistíochta agus cuideachtaí árachais agus cistí pinsin, d’fhéadfadh laghdú níos mó teacht ar thoradh a gcuid infheistíochtaí, os rud é go bhfuil punanna móra bannaí corparáideacha agus ceannasacha acu, i gcás ina méadódh líon na n-urrús fiachais a mbeadh torthaí diúltacha acu.

Uime sin, féadfaidh na hinstitiúidí airgeadais neamhbhainc sin ‘cuardach ar thoradh’ a dhéanamh agus leanúint de rioscaí creidmheasa, ré agus leachtachta a ghlacadh ar a gcláir chomhardaithe.

Sampla soiléir de sin is ea carnadh na neamhchosanta ar tháirgí airgeadais giaráilte le blianta beaga anuas, amhail iasachtaí giaráilte, CLOanna agus bannaí ardtoraidh. Mar gheall ar na rioscaí méadaitheacha sin, tá gá le creat macrastuamachta feabhsaithe a thabhairt isteach freisin don earnáil airgeadais neamhbhainc, agus tá roghanna don chreat sin á bplé faoi láthair laistigh d’institiúidí domhanda (BCA) agus AE (BERS, BCE).

45. Cad é do thuairim faoi bheartais reatha BCE maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc laistigh de BCE? An gá aon athruithe a bheith ann?

Cumhdaíonn Creat Eitice BCE láimhseáil coinbhleachtaí leasa iarbhír, ionchasacha agus a mheastar a bheith ann ar bhealach éifeachtach agus comhréireach. Thairis sin, sonraítear ann ní hamháin srianta le linn fhostaíocht BCE ach don chéim réamhfhostaíochta agus iarfhostaíochta freisin. Tá na srianta sin daingean ach tá siad cothrom freisin. Measaim go bhfuil sé an-tábhachtach coinbhleachtaí leasa a mheastar a bheith ann fiú a chosc mar gheall ar chuntasacht fhostaithe BCE agus oifigigh ardleibhéil BCE i leith shaoránaigh AE. Mar shampla, cuidíonn diantréimhsí marana do bhaill foirne atá ag fágáil chun tascanna gairmiúla nua – cúraimí gaolmhara nó codarsnacha – a dhéanamh leis an tuiscint ar choinbhleacht leasa a bheith ann a sheachaint. Déanann BCE dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na rialacha sin agus tá nósanna imeachta cuí agus sásraí maolaithe i bhfeidhm aige chun obair leantach a dhéanamh mar is ceart. Dá bhrí sin, i mo thuairimse, ní gá aon fheabhsuithe móra a dhéanamh ar an gcreat sin ós rud é go bhfuil sé éifeachtach agus comhréireach.

Tá Cód Iompair aonair BCE d’oifigigh ardleibhéil (2019) infheidhme maidir le comhaltaí na Comhairle Rialaithe, an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta. Tá na comhaltaí uile faoi cheangal ag an gCód céanna – is éacht suntasach é sin. Tá feidhm eiseamláireach ag an mbainistíocht ina leith sin. Tá na rialacha d’oifigigh ardleibhéil níos déine i réimsí áirithe ná i gcás fostaithe, mar shampla. Rannchuidíonn sé sin le cultúr eiticiúil a thógáil freisin. Creidim go bhfuil na treoirlínte agus na rialacha comhlíonta reatha maidir leis an ábhar sin daingean ach comhréireach.

Bainistíonn an Cód coinbhleachtaí leasa trí rialacha sonracha a thabhairt isteach maidir le gníomhaíochtaí iarfhostaíochta (marana), idirbhearta airgeadais príobháideacha agus caidreamh le grúpaí leasmhara. Foráiltear ann freisin go bhfoilseofar Dearbhuithe Leasa agus féilirí míosúla, agus áirítear ann bearta chun cásanna neamhchomhlíonta a shaothrú.

Mar thoradh ar mholtaí ó Pharlaimint na hEorpa, foilsítear Dearbhuithe Leasa bliantúla oifigigh ardleibhéil BCE ar shuíomh gréasáin BCE. Creidim go bhfuil an trédhearcacht fíorthábhachtach chun coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann nó a bhraitear a bheith ann a sheachaint.

Sonraítear in Airteagal 11 den Chód nach mór d’oifigigh ardleibhéil a ndualgais a chomhlíonadh trí aon choinbhleachtaí leasa a sheachaint. Mar a luaitear sa Chód, ní hé amháin go bhfolaíonn sé sin an ciorcal gar-theaghlaigh, ach tá sé níos forleithne. Ní mór coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú i scríbhinn chuig Uachtarán agus Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta agus chuig an gCoiste Eitice neamhspleách a thugann comhairle maidir leis na nithe sin.

De bhreis ar thrédhearcacht agus ar Chód Iompair, creidim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh bainistíocht BCE fóirsteanach d’fhostaithe. Spreagann sé sin Cultúr Eiticiúil, agus rannchuidíonn sé leis, le fostaithe nach bhfuil eagla orthu labhairt amach agus, dá bhrí sin, ní hé amháin go neartaítear rialachas na hinstitiúide ach neartaítear a hathléimneacht agus a hinbhuanaitheacht freisin.

D. Feidhmiú BCE agus cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht dhaonlathach

46. Conas is dóigh leat go bhféadfaí cuntasacht BCE i leith Pharlaimint na hEorpa a neartú, go háirithe agus raon feidhme agus castacht mhéadaithe an bheartais airgeadaíochta i ndiaidh géarchéimeanna a tharla le déanaí á gcur san áireamh?

Mar gheall ar ról méadaitheach na mbanc ceannais i gcoitinne, agus ar ról BCE go háirithe, le linn na géarchéime a bhí ann le déanaí, tá méadú ag teacht ar leas an phobail sa bhaincéireacht cheannais. Mar thoradh air sin, tá díospóireacht phoiblí níos déine ann ar ról agus gníomhaíochtaí BCE, go háirithe ar chastacht mhéadaitheach a bheart agus ar chúraimí breise a bheith gafa de láimh ag BCE ó bhí an ghéarchéim dhomhanda airgeadais ann.

Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith dearfach go bhfuil forbairt shuntasach tagtha ar shocruithe cuntasachta BCE i leith Pharlaimint na hEorpa thar na blianta. Rud atá tábhachtach, tá méadú tagtha ar mhinicíocht na n-idirghníomhaíochtaí (tuilleadh éisteachtaí, tuilleadh ceisteanna agus freagraí i scríbhinn) agus rinneadh nuálaíochtaí ar an bhformáid (foilsiú an aiseolais ó BCE i scríbhinn chuig Tuarascáil Bhliantúil BCE). Thairis sin, mar thoradh ar éilimh Pharlaimint na hEorpa freisin, in 2015, thosaigh BCE ar chuntais chruinnithe beartais airgeadaíochta na Comhairle Rialaithe a fhoilsiú.

Is leithne na cleachtais chuntasachta ná na ceanglais a leagtar síos sa Chonradh agus tá siad inchomparáide leis na ceanglais atá ag mórbhainc cheannais eile, amhail Fed SAM nó BoE na Ríochta Aontaithe.

Amach anseo, bheadh sé tábhachtach méid leordhóthanach solúbthachta a choimeád sa chaidreamh cuntasachta ionas go mbeifí in ann freagairt ar an mbealach is fearr do na héilimh ar ghrinnscrúdú.

Tá malartuithe ad hoc le déanaí le hUachtarán BCE agus le Comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE maidir le saincheisteanna tráthúla, lena n-áirítear maidir leis an staid eacnamaíoch atá ag teacht chun cinn agus maidir le freagairt tosaigh BCE ar ghéarchéimeanna, chomh maith le ról idirnáisiúnta an euro agus obair BCE ar airgeadra digiteach bainc ceannais, ina ndea-shampla de chuntasacht éifeachtach agus ba cheart leanúint de iad a úsáid.

Gné eile ina mbeidh dlúth-idirghníomhaíochtaí le Parlaimint na hEorpa tábhachtach is ea an t-athbhreithniú ar an straitéis. Mar ionadaithe ar shaoránaigh an limistéir euro, tá léargas luachmhar ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar ar féidir tarraingt sa phlé. Is geal liom go bhfuil sé fógartha ag Uachtarán BCE go mbeidh ról lárnach ag Parlaimint na hEorpa agus léigh mé, le teann spéise, rannchuidithe Pharlaimint na hEorpa leis an athbhreithniú go dtí seo trí ábhar d’éisteachtaí ECON a dhéanamh den athbhreithniú agus trí pháipéir saineolaithe ar na hábhair a chumhdaítear san athbhreithniú a choimisiúnú.

Ar deireadh, creidim gur cheart do BCE leanúint dá chumarsáid a neartú. Tá cumarsáid níos soiléire agus níos trédhearcaí ríthábhachtach le haghaidh cuntasacht éifeachtach agus chun muinín na saoránach sa limistéar euro as BCE agus as a chuid beartas a fheabhsú.

47. Cad é do mheas ar an idirghníomhaíocht idir BCE agus na parlaimintí náisiúnta atá ag síorathrú?

Sainítear sa Chonradh go bhfuil BCE freagrach go príomha do Pharlaimint na hEorpa, mar ionadaí ar shaoránaigh AE.

Maidir leis an idirghníomhaíocht leis na parlaimintí náisiúnta, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir cúraimí maoirseachta agus cúraimí neamh-mhaoirseachta BCE.

Maidir le cúraimí neamh-mhaoirseachta, thar na blianta, chuaigh BCE i mbun malartuithe le coistí parlaiminteacha náisiúnta agus le comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta. Mar a chuir BCE in iúl go leanúnach, rinneadh é sin ar bhonn deonach agus i bhfoirm “malartú tuairimí”, agus neamhspleáchas BCE agus ról eisiach Pharlaimint na hEorpa á n-urramú go hiomlán ar an gcaoi sin.

Chuidigh an teacht i láthair poiblí sin sna parlaimintí náisiúnta le hargóintí BCE a thabhairt isteach sa díospóireacht náisiúnta agus le tuairimí polaitiúla agus poiblí na hÍsiltíre a chur in iúl do BCE. B’amhlaidh an cás go deimhin nuair a thug an tUasal Draghi cuairt ar Choiste Airgeadais Pharlaimint na hÍsiltíre le haghaidh malartú tuairimí ar bheartas airgeadaíochta BCE. Spreag an méid sin díospóireacht fhónta – ach díospóireacht dhúshlánach ina dhiaidh sin féin – san Ísiltír faoi ghníomhaíochtaí BCE.

Thairis sin, ghlac comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin páirt go rialta sa tSeachtain Pharlaiminteach Eorpach. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an socrú sin toisc go bhfuil sé ina fhóram trasnáisiúnta le haghaidh malartuithe ar bheartas airgeadaíochta BCE agus go gcothaítear comhthuiscint ar na dearcthaí náisiúnta éagsúla leis.

Maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta BCE, áirítear i Rialachán SMA foráil shonrach maidir leis an gcaidreamh idir an Sásra Maoirseachta Aonair agus na parlaimintí náisiúnta. Cé gur léir gur cheart do Mhaoirseacht Baincéireachta BCE a bheith freagrach go príomha do Pharlaimint na hEorpa as a cuid cúraimí maoirseachta a fheidhmiú ar bhainc shuntasacha, d’fhéadfadh Maoirseacht Baincéireachta BCE a bheith faoi réir tuairisciú ad hoc chuig Parlaimintí Náisiúnta chomh maith lena Tuarascáil Bhliantúil a chur faoina mbráid.

Leis an gcur chuige atá á leanúint ag Maoirseoireacht Baincéireachta BCE go dtí seo, aimsítear cothromaíocht mhaith i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag bearta maoirseachta Eorpacha ar an airgeadas poiblí, ar institiúidí creidmheasa, ar a gcustaiméirí agus ar a bhfostaithe agus ar na margaí sna Ballstáit rannpháirteacha.

48. Cad é do thuairim de bhreithiúnas Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhme na Gearmáine dar dáta an 5 Bealtaine 2020 ar PSPP, agus ar chinneadh BCE ina dhiaidh sin doiciméid neamhphoiblí a bhaineann le clár ceannaithe na hearnála poiblí (PSPP) a nochtadh don Bundestag tríd an Bundesbank?

Tá BCE faoi réir dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) go heisiach agus ní faoi réir chúirteanna náisiúnta na mBallstát. Thairis sin, i réimse an bheartais airgeadaíochta, tá BCE freagrach do Pharlaimint na hEorpa de réir na dteorainneacha a leagtar síos sna Conarthaí agus ní do pharlaimintí náisiúnta na mBallstát.

I mí na Nollag 2018, rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais gan débhrí agus faoi dheoidh ar dhlíthiúlacht chlár ceannaithe earnála poiblí (PSPP) BCE. Fuair sí go dtagann an PSPP faoi shainordú beartais airgeadaíochta BCE agus go gcomhlíonann sé prionsabal na comhréireachta agus an toirmeasc ar mhaoiniú airgeadaíochta araon. Go háirithe, chinn an Chúirt Bhreithiúnais go raibh breithnithe comhréireachta leordhóthanacha soláthartha ag BCE.

Mar is léir ní hamháin ó fhoclaíocht na ngníomhartha dlíthiúla ach, chomh maith leis sin, ó dhoiciméid éagsúla arna bhfoilsiú ag BCE, go háirithe na cuntais fhoilsithe ar chruinnithe beartais airgeadaíochta na Comhairle Rialaithe, déanann BCE meastóireacht leanúnach ar na fo-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag a ionstraimí beartais airgeadaíochta, lena n-áirítear PSPP. Is freachnamh ríthábhachtach agus fiúntach é sin.

Ar bhonn a sainchumas cuntasachta, is minic a chuir Parlaimint na hEorpa ceisteanna ar BCE faoina mheasúnú comhréireachta le linn na n-éisteachtaí ráithiúla rialta, sna ceisteanna i scríbhinn a cuireadh faoi bhráid BCE agus ina Rúin maidir le Tuarascálacha Bliantúla BCE. Is gníomhaíocht fhiúntach í sin, óir, mar gheall uirthi, bíonn deis ag BCE míniú níos fearr a thabhairt ar an gcaoi a ndéantar a mheasúnú comhréireachta.

Sa chomhthéacs sin, is geal liom go ndeachthas i gceann na hoibre leantaí ar an mbreithiúnas ó Chúirt Bhunreachtúil Chónaidhm na Gearmáine ar bhealach atá comhsheasmhach le neamhspleáchas BCE agus le neamhspleáchas Deutsche Bundesbank, agus go bhfuil Deutsche Bundesbank ina dhlúthchuid den Eurochóras, maille le tosaíocht dhlí AE agus nádúr ceangailteach bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais.

Measaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go raibh BCE an-trédhearcach do Pharlaimint na hEorpa, a bhfuil sé cuntasach di go heisiach, agus don phobal i gcoitinne, maidir lena chinneadh glacadh le hiarraidh Deutsche Bundesbank ar údarú a thabhairt i leith doiciméid neamhphoiblí a nochtadh ina léirítear conas a rinne BCE a mheasúnú comhréireachta. Tá an próiseas sin i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis arna bhunú sna Conarthaí.

49. Cad é do bharúil faoi go ndearna an Chomhairle uair, san am a chuaigh thart, neamhshuim den tuairim ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ceapachán comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE? An nglacfaidh tú le do cheapachán mar Chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin má vótálann Parlaimint na hEorpa ina choinne?

Déantar róil agus inniúlachtaí faoi seach na Comhairle agus na Parlaiminte sa phróiseas ceapacháin a leagan síos i gConarthaí AE agus ní fúmsa atá sé iad a phlé. Tá fíorshúil agam, áfach, go dtiocfaidh an dá institiúid ar chomhaontú atá chun leasa an Aontais Eorpaigh agus a chuid saoránach. 

Tá an caidreamh cuntasachta idir Parlaimint na hEorpa agus BCE lárnach do dhlisteanacht BCE agus dá neamhspleáchas. Is mór agam ról Pharlaimint na hEorpa agus go háirithe ról Choiste ECON sa phróiseas seo agus is dóigh liom go bhfuil an ceistneoir seo agus an éisteacht atá le teacht ina bpríomhghnéithe de mheasúnú Pharlaimint na hEorpa maidir le cibé an gcomhlíonann mé ceanglas an Chonartha i dtaobh a bheith i do dhuine ag a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta gcúrsaí airgeadaíochta nó baincéireachta. Tá fíorshúil agam go ndéanfaidh sibh mé a mheas ar bhonn mo cháilíochtaí.

50. Cad a dhéanfaidh BCE go nithiúil chun gearrliostaí cothromaithe ó thaobh inscne a bheith ann do na poist is sinsearaí amach anseo agus feabhas foriomlán a chur ar níos mó éagsúlachta inscne in BCE, ós rud é nach mná iad ach beirt as 25 Chomhalta de chomhairle rialaithe BCE faoi láthair? Cad atá beartaithe agat féin a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne in BCE? Cá huair atá súil agat a bheidh céad torthaí do chuid gníomhaíochtaí le sonrú ina leith sin ?

Ach an oiread leat féin, táim buartha faoin éagothromaíocht inscne ar Chomhairle Rialaithe BCE.

Níl ach ról an-bheag ag BCE féin i gceapadh Chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin. Níl an ról sin teoranta do dhul i gcomhairle leis an gComhairle Rialaithe maidir leis na cáilíochtaí gairmiúla atá ag an iarrthóir beartaithe.

A mhéid a bhaineann leis na comhaltaí eile den Chomhairle Rialaithe, ceapann a rialtais náisiúnta faoi seach iad agus, dá bhrí sin, tá a gceapacháin lasmuigh de BCE nó de raon tionchair na Comhairle Rialaithe.

Rinne BCE a straitéis inscne a uasghrádú le déanaí agus sa chomhthéacs sin leathnaigh sé a spriocanna inscne chuig baill foirne neamhbhainistíochta. Is é an cuspóir atá ann ná leath na bpost nua agus oscailte ar a laghad a líonadh le mná ar gach leibhéal, agus méadú a dhéanamh ar an sciar de mhná ar na leibhéil éagsúla a mhéadú go dtí idir 40 % agus 51 % faoi 2026. Is é an comhionannas inscne an aidhm atá ann agus is é an comhionannas inscne an aidhm a chaithfidh a bheith ann.

Maidir liom féin, tá mé tiomanta don éagsúlacht inscne a chur chun cinn in DNB, mar shampla mar Urraitheoir Boird Feidhmiúcháin líonra DNB ar an éagsúlacht, DiverseDNB. Faoi láthair is iad seo a leanas na céatadáin is ábhartha: Bord Maoirseachta DNB: 57 % ina mná, an Bord Feidhmiúcháin: 40% ina mná, iomlán DNB: 40.4 % ina mná, an líon iomlán post bainistíochta: 36.1% ina mná, clár Bainistíochta Tallainne: 50%, Seal Oiliúna: 50 % agus an Clár Sonraí agus Teicneolaíochta Tallainne: 50%. Tá sé mar aidhm ag DNB paireacht inscne a bhaint amach. Má dheimhnítear mé sa ról de chomhalta an Bhoird Feidhmiúcháin, tá sé de rún agam leanúint de thacaíocht ghníomhach a thabhairt do chur chun cinn thallann na mban agus spriocanna uaillmhianacha inscne laistigh de BCE. Ní hé amháin go bhfuil ról ceannasach ag institiúidí poiblí, ach tá dualgas orthu freisin comhionannas inscne a chur chun cinn agus molaim gur cheart go mbeadh sé mar aidhm ag BCE – agus ag an Eorachóras chuige sin – cothromaíocht inscne a bhaint amach ar fud a bhandaí tuarastail.

51. Sa Tuarascáil ó ÚBE (2020) ar thagarmharcáil na gcleachtas éagsúlachta ar leibhéal an Aontais faoi Airteagal 91(11) CRD (EBA/REP/2020/05), fuarthas inter alia go bhfuil Stiúrthóirí Feidhmiúcháin d’aon inscne amháin ag dhá thrian (66,95 %) de na hinstitiúidí creidmheasa agus na gnólachtaí infheistíochta ónar bhailigh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faisnéis. An bhfeictear duit go bhfuil bealaí ann ina bhféadfadh BCE, trína chraobh mhaoirseachta, rannchuidiú le héagsúlacht (inscne) níos airde i gcomhlachtaí bainistíochta na mbanc atá faoina mhaoirseacht?

Tá an éagsúlacht ina príomhghné de rialachas éifeachtach. Mar chuid de sin, tá cothú na cothromaíochta inscne ar bhoird banc ar chlár oibre na maoirseoirí le tamall anuas.

Faoin gcreat dlíthiúil atá ann cheana, a bhuí le hiarrachtaí ó Pharlaimint na hEorpa freisin, tá sé de cheangal ar bhainc beartas éagsúlachta a bheith i bhfeidhm acu do chomhlachtaí bainistíochta agus don fhoireann i gcoitinne.

Ar bhonn níos sonraí, ar bhonn Airteagal 91(10) CRD agus Treoirlínte ÚBE/ÚEUM maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí na comhlachta bainistíochta tá sé de cheangal ar na hinstitiúidí atá faoi mhaoirseacht BCE beartas éagsúlachta a bheith acu, lena n-áirítear maidir le hinscne.

Tá an bunús dlí sin á neartú tuilleadh i láthair na huaire, mar shampla ag ÚBE a bhfuil an éagsúlacht inscne á comhtháthú aige i roinnt dá Threoirlínte. Tacaím go hiomlán freisin le prionsabal na mbeartas inscne-neodrach um luach saothair agus na gcleachtas inscne-neodrach um luach saothair atá tugtha isteach ag CRD V.

 

Cé go ndéanann BCE an inscne, mar cheann de na gnéithe éagsúlachta, a chur san áireamh cheana ina mhaoirseacht, táim suite de gur féidir tuilleadh céimeanna a ghlacadh agus gur cheart iad a ghlacadh. Is féidir le BCE rannchuidiú leis an éagsúlacht (inscne) a fheabhsú i gcomhlachtaí bainistíochta na mbanc atá faoina mhaoirseacht trí mheasúnuithe oiriúnacha agus cuí ar chomhaltaí boird agus ar shealbhóirí príomhfheidhme. Faoi láthair, nuair is infheidhme, déantar tagairt i gcinntí oiriúnachta d’aon tátal i dtaobh easpa na héagsúlachta inscne i measúnuithe rialachais bainc. I gcás ina bhfágann cur chun feidhme dlíthiúil náisiúnta na rialacha maidir le héagsúlacht inscne gur féidir déanamh amhlaidh, molann BCE do na heintitis atá faoi mhaoirseacht, nó cuireann sé d’oibleagáid orthu, urraim a thabhairt do chuótaí inscne a leagtar amach do chomhaltaí de na comhlachtaí bainistíochta sna ceapacháin reatha nó sna ceapacháin atá le teacht. Thairis sin, i gcomhar leis na Comhfhoirne Maoirseachta, tá aird na n-eintiteas atá faoi mhaoirseacht á tarraingt ar thábhacht na héagsúlachta inscne ar bhonn leanúnach.

Mar a léirítear, áfach, i dtuarascáil tagarmharcála ÚBE dá dtagraítear sa cheist, amhail ó mhí Mheán Fómhair 2018, tá go leor institiúidí fós ann, 41.61 % as 834, nár ghlac beartas éagsúlachta. Tá ionadaíocht na mban i gcomhlachtaí bainistíochta fós an-íseal i gcoitinne agus níl bord atá éagsúil ó thaobh inscne de ag dhá thrian de na hinstitiúidí.

Mar sin de, táim suite de gur féidir níos mó a dhéanamh agus gur cheart níos mó a dhéanamh, inár maoirseacht freisin. D’fhéadfadh BCE, trína chraobh mhaoirseachta, rannchuidiú le héagsúlacht (inscne) níos airde i gcomhlachtaí bainistíochta na mbanc atá faoina mhaoirseacht. Dá bhrí sin, d'fhéachfainn leis na bearta seo a leanas a shaothrú, dá gceapfaí mé:

Thacóinn le hathbhreithniú téamach a dhéanamh, agus é mar aidhm leis measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na mbeartas éagsúlachta inscne agus ar chur chun feidhme éifeachtach na mbeartas sin. D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí fhéachaint ar chur i bhfeidhm iarbhír an bheartais, go háirithe i bpleanáil earcaíochta agus comharbais. D’fhéadfaí torthaí an athbhreithnithe théamaigh sin a ardú leis an institiúid i gcomhthéacs na maoirseachta leanúnaí rialachais. D’fhéadfaí tarraingt orthu freisin i Measúnuithe Oiriúnacha agus Cuí, ina bhfuil an chomhoiriúnacht ar cheann de na gnéithe a dhéantar a mheas. D’fhéadfaí torthaí an athbhreithnithe sin a fhoilsiú mar chuid d’idirphlé sóisialta maidir leis an éagsúlacht inscne a chur chun cinn.

Bunaithe i bpáirt ar thorthaí an athbhreithnithe théamaigh, d'oibreoinn chun ionchais mhaoirseachta maidir leis an éagsúlacht inscne a fhoilsiú. Leagfaí síos leo sin ionchais maidir leis an dóigh a gcuirfidh institiúidí chun feidhme na ceanglais a bheidh le cur san áireamh, amhail gné na héagsúlachta inscne do chomhdhéanamh comhlachtaí bainistíochta, chun beartais a bhunú agus chun spriocanna a leagan síos agus a bhaint amach don inscne tearcionadaithe. Chomh maith le fíorthiomantas ó BCE a léiriú, bheadh na hionchais mhaoirseachta sin ina bpointe tagartha nithiúil freisin inár maoirseacht ar na bainc.

Rinneadh bearta tosaigh le blianta beaga anuas chun an éagsúlacht inscne a chomhtháthú sa Phróiseas Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP). Ba mhaith liom cur leis an méid sin. Ar bhonn níos sonraí, le roinn 105 de Threoirlínte ÚBE/ÚEUM maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí na bainistíochta, ceanglaítear ar institiúidí beartas éagsúlachta a bheith acu lena n-áirítear sprioc chainníochtúil i leith ionadaíocht na hinscne tearcionadaithe sa chomhlacht bainistíochta. Leis an roinn sin freisin, ceanglaítear ar institiúidí creat ama iomchuí a shonrú ar laistigh de ba cheart an sprioc a bhaint amach agus conas a bhainfear amach í. Ba cheart dúinn an bunús dlí sin a chur i bhfeidhm ar bhealach níos gníomhaí sa mhaoirseacht a dhéanaimid. Chomh maith leis sin, níor cheart go ndíreofaí ar an éagsúlacht sna comhlachtaí bainistíochta, agus uirthi sin amháin, i measúnú SREP, ach ar an bhfoireann i gcoitinne.

Ba cheart go mbeadh cuid dár bhfócas ar luach saothair comhionann san earnáil freisin. Léirítear i sonraí ó Eurostat gurb é tionscal na seirbhísí airgeadais an tionscal is measa feidhmíocht ó thaobh pá comhionann idir fir agus mná. Tá an creat dlíthiúil ina bhunús chun an méid sin a ionchorprú inár gcleachtas maoirseachta (Airteagal 74(1) CRD V) freisin.

Ag an am céanna, ba cheart do BCE sprioc a leagan síos dó féin atá chomh huaillmhianach céanna leis an sprioc a leagann sé síos do na hinstitiúidí atá faoina mhaoirseacht. Tacaím go hiomlán leis na spriocanna atá leagtha síos ag BCE dó féin i dtaobh sciar na mban ar an bhfoireann a mhéadú. Má cheaptar mé, oibreoidh mé go gníomhach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na spriocanna sin.

Thairis sin, cé go n-aithním go ndéantar ceapacháin sna Bainc Cheannais Náisiúnta agus sna hÚdaráis Cheannais Náisiúnta ar leibhéal intíre, polaitiúil, ba mhaith liom tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh, i gcomhar le comhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin, leis an gComhairle Rialaithe agus leis an mBord Maoirseachta, ar bhealaí ina bhféadfaimis foilsiú, cur chun feidhme agus faireachán beartas éagsúlachta sa BCE, sna Bainc Cheannais Náisiúnta agus sna hÚdaráis Inniúla Náisiúnta a chur chun cinn le chéile.

Ar deireadh, ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil sí an-tábhachtach, nach bhfuil an bhéim a chuirim ar an éagsúlacht teoranta don éagsúlacht inscne. Tacaím go hiomlán le comhlachtaí bainistíochta éagsúla agus le heagraíochtaí éagsúla i gcoitinne, sa chiall is leithne is féidir den fhocal.

52. Conas a d’fhéadfaí, dar leat, cuntasacht BCE i leith Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) a fheabhsú ó thaobh a éifeachtúlachta oibríochtúla de? Cad is geis, dar leat, a mhéid a bhaineann le sainordú CIE?

Tá éifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht BCE ina príomhthoisc chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh BCE a shainordú ar bhealach éifeachtúil. Dá bhrí sin, is mór an díol sásaimh é an ról a thugtar le Conarthaí AE do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa measúnú neamhspleách a dhéanamh agus comhairle a sholáthar ina leith sin.

Tuigim gur tháinig BCE ar chomhaontuithe fóinteacha le CIE, trí ghealltanas a thabhairt rochtain a sholáthar ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúraimí mar a shainítear sa Chonradh iad a chomhlíonadh. Ba cheart do BCE leanúint ar a láimh agus obair leantach a dhéanamh i dtaobh feidhmíocht iniúchtaí lena gcumhdaítear éifeachtúlacht oibríochtúil bhainistíocht BCE, de réir mar is iomchuí.

Ag an am céanna, ba cheart neamhspleáchas BCE a chumhdaítear sna Conarthaí a urramú freisin. Ciallaíonn sé sin gur féidir le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a mheas cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh cuspóir arna leagan síos a bhaint amach leis an líon is lú acmhainní, ach ní féidir léi a mheas cé acu a bhí nó nach raibh an cuspóir arna leagan síos leormhaith nó dlíthiúil.

Maidir le Maoirseacht Baincéireachta BCE, is geal liom gur síníodh Meabhrán Tuisceana le CIE in 2019. Tá an Meabhrán sin ina chomhartha tábhachtach ar an dea-thoil atá ann idir an dá pháirtí. Fágfaidh sé freisin go mbeidh an dá pháirtí in ann comhoibriú go réidh i gcomhthéacs iniúchtaí CIE ar Mhaoirseacht Baincéireachta BCE, a bhuí leis na bealaí seanbhunaithe le haghaidh faisnéis a chomhroinnt. Leis an gcóras nua sin chun faisnéis a chomhroinnt, urramaítear an gá atá ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis ábhartha chun a cúraimí a chomhlíonadh agus ar an ngá atá ann faisnéis íogair a bhaineann go sonrach leis an mbanc a chosaint.

Ar deireadh, meabhraím freisin go bhfuil ról tábhachtach ag Parlaimint na hEorpa freisin mar an institiúid a bhfuil BCE cuntasach di. Is féidir le tátal na dtuarascálacha ó CIE a bheith ina mbonn leis an bplé idir BCE agus Parlaimint na hEorpa agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar oibríochtaí BCE.

53. Cad é an cur chuige a ghlacfaidh tú i leith an idirphlé shóisialta in BCE?

Is gné thábhachtach é an t-idirphlé sóisialta chun dea-fheidhmiú gach institiúide a áirithiú agus go háirithe ceann atá ag brath chomh mór sin ar a fhoireann is atá banc ceannais. Creidim freisin gur gné thábhachtach chun timpeallacht oibre inbhuanaithe agus sásúil a thógáil gurb ea dul i mbun teagmháil agus plé a dhéanamh le hionadaithe na foirne chun a áirithiú go dtabharfar cluas iomlán le tuairimí agus go dtuigfear go hiomlán iad.

Le blianta beaga anuas, tuigim go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag BCE i réimsí amhail ualach oibre, am oibre agus solúbthacht, go háirithe trí chóras ama oibre solúbtha a thabhairt isteach in 2018. Ag tarraingt dom ar an taithí atá ag DNB freisin, mar a bhfuil socruithe ama oibre solúbtha againn fosta, measaim go bhfuil gur céimeanna ríthábhachtacha iad sin ann chun tallann a mhealladh agus a choinneáil, chun cothromaíocht oibre is saoil a áirithiú agus chun tacú le dea-bhail fhadtéarmach na foirne.

Tá an chothromaíocht oibre is saoil ina pointe tábhachtach freisin sna cúinsí atá ann faoi láthair mar gheall ar phaindéim an choróinvíris. Thairis sin, mar gheall ar an bpaindéim, tá roinnt dúshláin nua ann maidir le teagmháil le baill foirne ar gá iad a chur san áireamh, lena n-áirítear conas tacú le baill foirne ar an mbealach is fearr tráth is féidir dúshláin a bheith ann ó thaobh na síceolaíochta de agus a áirithiú go leanfar de chluas a thabhairt le tuairimí na foirne i dtimpeallacht oibre fhíorúil. Ina leith sin, is mór agam cumarsáid shoiléir agus oscailte le fostaithe. Creidim go bhfuil suirbhéanna rialta ar dhálaí oibre iargúlta, agus tuigim go ndearnadh amhlaidh ag BCE le leathbhliain anuas, ríthábhachtach chun tuiscint níos fearr a fháil ar staideanna fostaithe agus chun aird a thabhairt ar na hábhair imní atá acu.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a cheapadh

Tagairtí

N9-0055/2020 – C9-0331/2020 – 2020/0805(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

14.10.2020

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

19.10.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Irene Tinagli

14.10.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

9.11.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

10.11.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

33

21

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Raffaele Fitto, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Cristian Terheş, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Mick Wallace

Dáta don chur síos

13.11.2020

 

 

An nuashonrú is déanaí: 20 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais