Tuarascáil - A9-0220/2020Tuarascáil
A9-0220/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

17.11.2020 - (COM(2020)0215 – C9-0157/2020 – 2020/0095(COD)) - ***I

An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Isabel Carvalhais


Nós Imeachta : 2020/0095(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0220/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0220/2020
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe is infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

(COM(2020)0215 – C9-0157/2020 – 2020/0095(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0215),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0157/2020),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0220/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

 

Leasú  1

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Ó glacadh Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) roinnt cinntí, ag an 41ú Cruinniú Bliantúil a bhí aici, atá ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le hacmhainní iascaigh faoina cúram a chaomhnú.

(1) Ó glacadh Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle2, ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) roinnt cinntí atá ceangailteach ó thaobh an dlí de maidir le caomhnú a dhéanamh ar acmhainní iascaigh atá faoina cúram, ag an 41ú agus an 42ú Cruinniú Bliantúil a bhí aici, in 2019 agus 2020.

__________________

__________________

Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).

Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2115/2005 agus (CE) 1386/2007 ón gComhairle (IO L 141, 28.5.2019, lch. 1).

Réasúnú

Is gá an tagairt do chruinniú 2020 a áireamh ós rud é go ndéanann an rapóirtéir cuid de na cinntí a thabhairt isteach mar leasuithe.

Leasú  2

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Is ar Pháirtithe Conarthacha NAFO go háirithe a dhírítear na gníomhartha sin, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith. Tar éis theacht i bhfeidhm na mbeart an 2 Nollaig 2019, tá Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe NAFO (CEM), ina gceangal ar gach Páirtí Conarthach NAFO. A mhéid a bhaineann leis an Aontas, tá siad le hionchorprú i ndlí an Aontais sa mhéid is nach bhforáiltear maidir leo cheana le dlí an Aontais.

(2) Is ar Pháirtithe Conarthacha NAFO go háirithe a dhírítear na cinntí sin, ach cuirtear oibleagáidí ar oibreoirí leo chomh maith. Tá Bearta Caomhnaithe agus Forfheidhmithe (CEM) nua NAFO atá ina gceangal ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO tagtha i bhfeidhm. A mhéid a bhaineann leis an Aontas, tá siad le hionchorprú i ndlí an Aontais sa mhéid is nach ndéantar foráil maidir leo cheana le dlí an Aontais.

Réasúnú

Is gá athrú a dhéanamh ar an tagairt do theacht i bhfeidhm dhá CEM éagsúla, CEM 2019 agus 2020 a thug athruithe isteach atá ina gceangal ar Pháirtithe Conarthacha uile NAFO agus atá ionchorpraithe i ndlí an Aontais anois.

Leasú  3

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 3 – pointe 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) ‘Ciallaíonn “Suíomh gréasáin MSC” Suíomh Gréasáin Monatóireachta, Rialála agus Faireachais NAFO a bhfuil faisnéis ábhartha ann le haghaidh cigireachtaí ar muir agus cigireachtaí i gcalafort. Leagtar amach an nós imeachta maidir le rochtain ar an suíomh gréasáin sin a dheonú do dhaoine laistigh de Pháirtithe Conarthacha in Iarscríbhinn II.XX a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 45 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.’.

(31) ‘Ciallaíonn “Suíomh gréasáin MSC” Suíomh Gréasáin Monatóireachta, Rialála agus Faireachais NAFO a bhfuil faisnéis ábhartha ann le haghaidh cigireachtaí ar muir agus cigireachtaí i gcalafort. Leagtar amach an nós imeachta maidir le rochtain ar an suíomh gréasáin sin a dheonú do dhaoine aonair laistigh de Pháirtithe Conarthacha in Iarscríbhinn II.H a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 45 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Réasúnú

Tá an tagairt d’Iarscríbhinn CEM mícheart.

Leasú  4

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 6 – mír 1 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) In Airteagal 6(1), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

"(fa) cosc a chur ar a iascach dírithe ar throsc i Roinn 3M idir 24:00 Am Uilíoch Lárnach (AUL) an 31 Nollaig 2020 agus 24:00 AUL an 31 Márta 2021;”

Réasúnú

Cinneadh a glacadh ag cruinniú NAFO 2020 nach mór a ionchorprú i ndlí an Aontais.

Leasú  5

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 9a

 

Trosc i Roinn 3M

 

1. Beidh feidhm ag na bearta rialaithe seo a leanas maidir le soithí ag a bhfuil níos mó ná 1 250 kg de ghabhálacha troisc ó Roinn 3M ar bord:

 

(a) ní dhéanfaidh soithí a ngabhálacha troisc ó Roinn 3M a thabhairt i dtír nó a thrasloingsiú ach amháin i gcalafoirt atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 39;

 

(b) 48 n-uair ar a laghad roimh an am a mheastar a shroicfidh soitheach an calafort, cuirfidh soitheach nó ionadaí thar a cheann an t-am a mheastar a shroicfidh sé an calafort in iúl don údarás calafoirt inniúil, mar aon le cainníocht mheasta gabhálacha troisc ó Roinn 3M atá á coinneáil ar bord, agus faisnéis maidir leis an Roinn nó na Ranna inar gabhadh aon ghabhálacha eile troisc atá á gcoinneáil ar bord;

 

(c)  déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar gach gabháil troisc ó Roinn 3M a thabharfar i dtír nó a thrasloingseofar ina gcalafoirt agus ullmhóidh sé tuarascáil chigireachta san fhormáid a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 9 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus cuirfidh sé chuig an gCoimisiún í agus EFCA i gcóip, laistigh de 12 lá oibre ón dáta a cuireadh an chigireacht i gcrích. Sa tuarascáil, déanfar aon sárú ar an Rialachán seo a braitheadh le linn na cigireachta sa chalafort a shainaithint agus soláthrófar sonraí maidir leis. Áireofar inti an fhaisnéis ábhartha uile atá ar fáil maidir le sáruithe a braitheadh ar muir le linn thuras reatha an tsoithigh ar a ndearnadh an chigireacht.

 

2. Déanfaidh gach Ballstát cigireacht ar shoithí ag a bhfuil níos lú ná 1 250 kg de ghabhálacha troisc ó Roinn 3M ar bord ar bhonn bainistithe riosca.

 

3. Áiritheoidh an Coimisiún nó comhlacht arna ainmniú aige go dtraschuirfear an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO gan mhoill chun go ndéanfar í a phostáil ar shuíomh gréasáin MCS.”

Réasúnú

Cinneadh a glacadh ag cruinniú NAFO 2020 nach mór a ionchorprú i ndlí an Aontais.

Leasú  6

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a – pointe i

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 10 – pointe 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún ainm gach calafoirt atá ainmnithe aige dá réir sin agus déanfaidh an Coimisiún é a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NEAFC. Gach athrú a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, fógrófar go gcuirfear é in ionad an tseanliosta tráth nach lú ná 20 lá roimh theacht i bhfeidhm don athrú.;

(c) seolfaidh gach Ballstát chuig an gCoimisiún ainm gach calafoirt atá ainmnithe aige dá réir sin agus déanfaidh an Coimisiún é a tharchur chuig Rúnaí Feidhmiúcháin NAFO. Aon athruithe a dhéanfar ar an liosta ina dhiaidh sin, fógrófar go gcuirfear é in ionad an tseanliosta tráth nach lú ná 20 lá sula dtiocfaidh an t-athrú i bhfeidhm.;

Réasúnú

Tá an tagairt do NEAFC mícheart agus ba cheart gur NAFO a bheadh ann.

Leasú  7

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 14 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) In Airteagal 14, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

“3a. Soithí trálaeir a bhfuil iascaireacht spriocdhírithe ar throsc i Roinn 3M á seoladh acu, bainfidh siad úsáid as greille shórtála nach mó an spás idir na barraí atá inti ná 55mm chun laghdú a dhéanamh ar ghabhálacha na n-eiseamal troisc níos lú. Coiméadfar an ghreille shórtála sa phainéal uachtair ar thaobh an tráil os comhair an tsoic-fhoircinn.”

Réasúnú

Cinneadh a glacadh ag cruinniú NAFO 2020 nach mór a ionchorprú i ndlí an Aontais.

Leasú  8

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 18 – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(7b) In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1. Go dtí an 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill in aon cheann de na limistéir a léirítear i bhFíor 3 de CEM dá dtagraítear i bpointe 14 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 15 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.”

"1. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill in aon cheann de na limistéir a léirítear i bhFíor 3 de CEM dá dtagraítear i bpointe 14 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 15 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1601979773580&uri=CELEX:32019R0833)

Réasúnú

Cinneadh a glacadh ag cruinniú NAFO 2020 nach mór a ionchorprú i ndlí an Aontais.

Leasú  9

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 c (nua)

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 18 – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(7c) In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéar Roinn 3O mar a léirítear i bhFíor 4 de CEM dá dtagraítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 6 de CEM dá dtagraítear i bpointe 17 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

"2. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéar Roinn 3O mar a léirítear i bhFíor 4 de CEM dá dtagraítear i bpointe 16 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 6 de CEM dá dtagraítear i bpointe 17 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1601979773580&uri=CELEX:32019R0833)

Réasúnú

Cinneadh a glacadh ag cruinniú NAFO 2020 nach mór a ionchorprú i ndlí an Aontais.

Leasú  10

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 d (nua)

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 18 – mír 3

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(7d) In Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

3. Go dtí an 31 Nollaig 2020, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéir 1-13 mar a léirítear i bhFíor 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí seo a leanas a shonraítear i dTábla 7 de CEM dá dtagraítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangail ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.

"3. Go dtí an 31 Nollaig 2021, ní rachaidh aon soitheach i mbun gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill i limistéir 1-13 mar a léirítear i bhFíor 5 de CEM dá dtagraítear i bpointe 18 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus mar a shainítear trí na comhordanáidí a shonraítear i dTábla 7 de CEM dá dtagraítear i bpointe 19 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, a cheangal ina n-ord uimhreach agus ar ais go comhordanáid 1.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1601979773580&uri=CELEX:32019R0833)

Réasúnú

Cinneadh a glacadh ag cruinniú NAFO 2020 nach mór a ionchorprú i ndlí an Aontais.

Leasú  11

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 – pointe a – pointe ii

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 25 – mír 6 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

‘Déanfar gabháil a thuairisciú ar leibhéal speiceas faoina chód 3-alfa comhfhreagrach a leagtar amach in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo nó, murar ann di in Iarscríbhinn I.C Liosta Speiceas Eolaíocht Uisceach agus Córas Faisnéise Iascaigh FAO chun críocha Staidrimh Iascaigh. Déanfar meáchan measta siorcanna a ghabhtar in aghaidh an dola nó an chuir a thaifead freisin.’;

Déanfar gabháil a thuairisciú ar leibhéal speiceas faoina chód 3-alfa comhfhreagrach a chuirtear i láthair in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM dá dtagraítear i bpointe 11 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo nó, murar ann di in Iarscríbhinn I.C a ghabhann le CEM, bainfear úsáid as Liosta Speiceas EBT i ndáil le hEolaíocht Uisceach agus Córas Faisnéise Iascaigh chun críocha Staidrimh Iascaigh. Déanfar meáchan measta siorcanna a ghabhtar in aghaidh an dola nó an chuir a thaifead freisin.;

Réasúnú

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na tagairtí d’Iarscríbhinní CEM.

Leasú  12

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe b

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 35 – mír 1 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) iascaireacht a dhéanamh i limistéar coiscthe, de shárú ar Airteagal 9(5) agus Airteagal 18;’;

(e) iascaireacht a dhéanamh i limistéar coiscthe, de shárú ar Airteagal 9(5) Airteagal 18;

Réasúnú

Ar mhaithe le comhsheasmhacht le CEM 2020.

Leasú  13

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe b a (nua)

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 35 – mír 1 – pointe g

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(ba) In Airteagal 35(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

(g) mogallmhéid neamhúdaraithe a úsáid de shárú ar Airteagal 13;

"(g) méid mogaill nó méid greille neamhúdaraithe a úsáid de shárú ar Airteagal 13 nó Airteagal 14 ;”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1601979773580&uri=CELEX:32019R0833)

Réasúnú

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na cinntí a glacadh ag cruinniú NAFO 2020.

Leasú  14

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe c

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 35 – mír 1 – pointe k

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k) gan teachtaireachtaí a bhaineann le gabháil a chur in iúl, de shárú ar Airteagal 12(1) agus Airteagal 25;’;

(k) gan teachtaireachtaí a bhaineann le gabháil a chur in iúl, de shárú ar Airteagal 12(1) Airteagal 25;

Réasúnú

Ar mhaithe le comhsheasmhacht le CEM 2020.

Leasú  15

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 50 – mír 2 – pointe j

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) sonraíochtaí teicniúla maidir le greillí sórtála nó grátaí agus maidir le slabhraí scoránaithe in iascaireacht ar an séacla a leagtar amach in Airteagal 14(2);

(j) sonraíochtaí teicniúla maidir le greillí sórtála, grátaí agus slabhraí scoránaithe in iascaireacht ar an séacla Artach a leagtar amach in Airteagal 14(2) mar aon leis na sonraí teicniúla maidir leis na greillí sórtála nó na socrúcháin a leagtar amach in Airteagal 14(3) nó (3a);

Réasúnú

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na cinntí a glacadh ag cruinniú NAFO 2020.

Leasú  16

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19

Rialachán (AE) 2019/833

Airteagal 50 – mír 2 – pointe k

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k) srianta limistéar maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill a leagtar amach in Airteagal 18.’.

(k) srianta limistéir nó tréimhse maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta grinnill a leagtar amach in Airteagal 18.

Réasúnú

Ar mhaithe le comhsheasmhacht leis na cinntí a glacadh ag cruinniú NAFO 2020.

Leasú  17

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 – pointe b

Rialachán (AE) 2019/833

Iarscríbhinn – pointe 45

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(45) Iarscríbhinn II.XX de CEM dá dtagraítear i bpointe (31) d'Airteagal 3.’.

(45) Iarscríbhinn II.H de CEM dá dtagraítear i bpointe (31) d’Airteagal 3.

Réasúnú

Tá an tagairt d’Iarscríbhinn CEM mícheart.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

(1) Ábhar an togra

 

An 29 Bealtaine 2020, thíolaic an Coimisiún togra chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2019/833, lenar trasuíodh i ndlí AE na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe (CEM) a ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO), dá bhfuil an tAontas Eorpach (AE) ina pháirtí conarthach ó 1979. Is é cuspóir an togra ná na leasuithe ar na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac NAFO ag an gcruinniú bliantúil a bhí aige in 2019 a thrasuí i ndlí an Aontais. Áirítear ann freisin feabhsuithe eagarthóireachta NAFO agus cuireann sé an fhoclaíocht in oiriúint do chomhthéacs dlíthiúil AE.

 

Is é NAFO an eagraíocht réigiúnach bainistithe iascaigh (ERBI) atá freagrach as acmhainní iascaigh a bhainistiú san Atlantach Thiar Thuaidh. Tá feidhm ag bearta caomhnaithe agus bainistíochta NAFO maidir le Limistéar Rialála NAFO na mórmhara agus maidir leis sin amháin. Faoi théarmaí Choinbhinsiún NAFO, tá a Choimisiún, comh-chomhlacht a bhfuil gach páirtí conarthach ina mball de, freagrach as bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlacadh. 

 

Deir an Coimisiún sin go bhfuil na bearta caomhnaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún ceangailteach agus go bhfuil oibleagáid ar na páirtithe conarthacha iad a chur chun feidhme. Glacann Coimisiún NAFO bearta nua ag a chruinnithe bliantúla i bhfoirm cinntí, a dtugann an Rúnaí Feidhmiúcháin fógra maidir leo do na páirtithe conarthacha ina dhiaidh sin. Sonraítear in Airteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go gcloífidh AE go docht leis an dlí idirnáisiúnta. Áirítear leis sin comhlíonadh bhearta caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO.

 

Leis an togra seo, trasuítear na bearta a ghlac NAFO in 2019 a tháinig i bhfeidhm an 2 Nollaig agus a lean de bheith infheidhme ó shin i leith.

 

 

(2) Seasamh an Rapóirtéara

 

Is díol sásaimh don rapóirtéir an leasú ar an rialachán atá beartaithe, lena ndéanfar dlí AE a nuashonrú trí thrasuí bhearta nua caomhnaithe agus forfheidhmithe NAFO.

 

Ba mhian léi a chur in iúl, cé go bhfuil líon shoithí AE atá údaraithe iascaireacht a dhéanamh i Limistéar Rialála NAFO in 2020 laghduithe go 47, go bhfuil méideanna na ngabhálacha suntasach mar sin féin i bhfianaise mhéid an chabhlaigh. De réir shuíomh gréasáin NAFO, rinne soithí ó chúig Bhallstát gníomhaíochtaí a thuairisciú sa limistéar sin in 2019, agus bhí gabháil iomlán AE cothrom le 51 076 thonna. Is ionann an Phortaingéil agus an Spáinn agus 80% de ghabháil iomlán AE, is é sin le rá 44.5% (22 735 thonna) agus 35.5% (18 151 thonna) faoi seach.

 

Tá sé bunriachtanach a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta caomhnaithe is fearr le haghaidh iascaigh sna huiscí sin, i bhfianaise a íogaire atá spriocspeicis áirithe, go háirithe iad siúd a bhfuil saolré fhada acu. Ní mór caighdeáin CEM a thabhairt isteach dá réir sin chun cosaint a thabhairt don siorc beagcheannach, ag a bhfuil an tsaolré is faide de na speicis veirteabracha uile. 

 

Dá bhrí sin, is gá a ráthú go ndéanfaidh cabhlaigh iascaigh an Aontais an Comhbheartas Iascaigh a chur chun feidhme ar bhonn uilechoiteann, gan beann ar a limistéar oibríochta geografach, agus, thar aon ní eile, laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag saothrú acmhainní ar ghnáthóga, ar acmhainní eile agus ar speicis eile. Ba mhian leis an rapóirtéir a chur in iúl go mbaineann úsáid trealamh trálaeireachta le gníomhaíochtaí iascaireachta i Limistéar an Choinbhinsiúin, a d’fhéadfadh díobháil do ghrinneall na farraige a dhéanamh agus, dá bhrí sin, díobháil do ghnáthóga a dhéanamh freisin. Dá réir sin, tá sí ag tathant ar an gCoimisiún a thuairimí a chur in iúl go láidir ag cruinnithe NAFO agus, go háirithe, a áirithiú go mbeidh na bearta caomhnaithe agus bainistíochta a ghlacfaidh NAFO i gcomhréir le spriocanna uaillmhianacha CBI.

 

Ar deireadh, i bhfianaise go bhfuil géarghá le luas maidir le leasuithe CEM a thrasuí i ndlí an Aontais, tá roinnt leasuithe curtha síos ag an rapóirtéir a eascraíonn go díreach as na cinntí ó 42ú Cruinniú Bliantúil NAFO i mí Mheán Fómhair 2020. I ndáil leis sin, cuireann sí béim ar an ngá atá le forálacha a áireamh lena ndéantar gabhálacha troisc Roinn 3M a chosc ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2021 agus bearta sonracha teicniúla agus rialaithe le haghaidh gabhálacha troisc sa Roinn sin a thabhairt isteach don chuid eile den bhliain. Dá réir sin, tá sí ag tathant go ndéanfar na bearta tábhachtacha sin a thrasuí agus a chur chun feidhme láithreach bonn, trína seachnófar an gá le leasuithe breise ar an Rialachán chun go mbeidh na CEManna a glacadh in 2020 ina gcuid de dhlí an Aontais.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

Tagairtí

COM(2020)0215 – C9-0157/2020 – 2020/0095(COD)

Dáta tíolactha do Pharlaimint na hEorpa

29.5.2020

 

 

 

An coiste freagrach

 Dáta an fhógartha sa suí iomlánach

PECH

17.6.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Isabel Carvalhais

16.6.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

25.6.2020

26.10.2020

 

 

Dáta a ghlactha

16.11.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

28

0

0

Na Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Fredrick Federley, Giuseppe Ferrandino, João Ferreira, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Grace O’Sullivan, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Ruža Tomašić, Peter van Dalen, Theodoros Zagorakis

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Valentino Grant

Dáta don chur síos

17.11.2020

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH

28

+

ECR

Bert‑Jan Ruissen, Ruža Tomašić

GUE/NGL

João Ferreira, Anja Hazekamp

ID

Rosanna Conte, Valentino Grant, France Jamet

NI

Rosa D'Amato

PPE

François‑Xavier Bellamy, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Annie Schreijer‑Pierik, Theodoros Zagorakis, Peter van Dalen

RENEW

Izaskun Bilbao Barandica, Fredrick Federley, Søren Gade, Pierre Karleskind

S&D

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro

VERTS/ALE

Francisco Guerreiro, Grace O'Sullivan, Caroline Roose

 

0

-

 

 

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 2 Nollaig 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais