Tuarascáil - A9-0226/2020Tuarascáil
A9-0226/2020

TUARASCÁIL ar staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach - Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018 - 2019

19.11.2020 - (2019/2199(INI))

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Clare Daly


Nós Imeachta : 2019/2199(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0226/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0226/2020
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach - Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018 - 2019

 

(2019/2199(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD),

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CRC),

 ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR),

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),–  ag féachaint do na tagairtí a rinneadh i dtuarascálacha roimhe seo do staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach,

- ag féachaint d’Airteagal 20 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ina luaitear go bhfuil gach duine comhionann os comhair an dlí,

 ag féachaint d’Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, lena dtoirmisctear gach cineál idirdhealaithe,

 ag féachaint don oibleagáid atá ar AE aontú don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine faoi Airteagal 6(2) CAE,

 ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach,

 ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha,

 ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais,

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail,

 ag féachaint dá díospóireacht sa seisiún iomlánach in Strasbourg faoin ngníomhaíocht phráinneach is gá chun aghaidh a thabhairt ar easpa dídine san Eoraip, a bhí ar siúl an 13 Eanáir 2020,

 ag féachaint do Phrionsabal 19 de Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ina sonraítear ‘go soláthrófar rochtain ar thithíocht shóisialta nó ar chúnamh tithíochta ar dhea-cháilíocht dóibh siúd atá i ngátar’,

 ag féachaint d’Airteagal 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa (athbhreithnithe) maidir leis an gCeart chun Tithíochta,

 ag féachaint d’Airteagal 34(3) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena ndearbhaítear an ceart chun cúnamh sóisialta agus tithíochta a fháil chun eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chomhrac,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún 2019 ar bhochtaineacht lucht oibre[1]

 ag féachaint don tuarascáil ó FRA dar teideal 'Bochtaineacht leanaí a chomhrac: saincheist a bhaineann le cearta bunúsacha;

 ag féachaint do Rún 2280 ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 11 Aibreán 2019 ar staid na n-imirceach agus na ndídeanaithe ar oileán na Gréige, dar dáta an 11 Aibreán 2019[2],

 ag féachaint do rún reachtach uaithi an 4 Aibreán 2019 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)[3],

 ag féachaint d’Airteagal 2 de Chairt Shóisialta na hEorpa (athbhreithnithe) maidir leis an gceart chun dálaí córa oibre,

 ag féachaint d’Airteagal 31 den Chairt ar dhálaí cothroma agus córa oibre;

 ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 9 Aibreán 2019 maidir leis an mbeartas eacnamaíoch sa limistéar euro (2019/C 136/01),

 ag féachaint do rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 ar bheartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro[4],

 ag féachaint do Straitéis AE i leith na hÓige do 2019-2027, bunaithe ar rún ón gComhairle an 26 Samhain 2018,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE ón gComhairle,

 ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle dar teideal “An dara tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhaoine (2018) mar a cheanglaítear faoi Airteagal 20 de Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint” (COM(2018)0777),

 ag féachaint don 8ú Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí GRETA[5] agus do thuarascálacha GRETA ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine ag na Ballstáit uile[6],

 ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta maidir le ‘Pláinéad Glan do chách: fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach chun geilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach' (COM(2018)0773)[7],

 ag féachaint do Phrionsabal 16 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena leagtar béim ar an gceart chun rochtain thráthúil a fháil ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach agus leigheasach ar dhea-cháilíocht,

 ag féachaint do rún uaithi an 12 Aibreán 2016 ar an staid sa Mheánmhuir agus an gá atá le cur chuige iomlánaíoch ó AE i leith na himirce[8],

 ag féachaint do rún uaithi n 5 Iúil 2018 ar threoirlínte do na Ballstáit chun cosc a chur ar chabhair dhaonnúil a choiriúlú[9],

 ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2018 ar leanaí a chosaint san imirce[10],

 ag féachaint don rún ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa ó mhí Dheireadh Fómhair 2014 ar na roghanna malartacha ar choinneáil inimirce leanaí (RES 2020),

 ag féachaint don mholadh ón gCoimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa ó mhí an Mheithimh 2019 dar teideal 'Daoine á dtabhairt slán. Cearta á gcosaint. Ag dúnadh na bearna cosanta do dhídeanaithe agus d’imircigh sa Mheánmhuir’[11],

 ag féachaint do Thuarascáil 2019 ar Chearta Bunúsacha ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus do nuashonrú mhí an Mheithimh 2019 ar an nóta ó FRA dar teideal ‘longa eagraíochtaí neamhrialtasacha atá páirteach i gcuardach agus tarrtháil sa Mheánmhuir agus imscrúduithe coiriúla’[12],

 ag féachaint do rún uaithi an 5 Deireadh Fómhair 2017 ar chórais agus dálaí príosúin[13],

- ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2017 ar fhrithsheimíteachas a chomhrac[14],

-  ag féachaint do rún uaithi an 15 Aibreán 2015 ar Lá Idirnáisiúnta na Romach – frithghiofógachas san Eoraip agus aitheantas AE do lá cuimhneacháin chinedhíothú na Romach le linn an Dara Cogadh Domhanda[15],

 ag féachaint do rún uaithi an 11 Deireadh Fómhair 2017 ar ghnéithe de chearta bunúsacha i lánpháirtiú na Romach in AE: frithghiofógachas a chomhrac[16],

- ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2019 ar an ngá atá ann le Creat Straitéiseach AE neartaithe tar éis na bliana 2020 do Straitéisí Náisiúnta maidir le Comhtháthú na Romach agus dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh an fhrithghiofógachais[17],

-  ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romach san Eoraip a chomhrac[18]

 ag féachaint don tuarascáil ó FRA dar teideal ‘Mná Romacha i naoi dtír san Aontas’,

 ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2018 ar iolrachas sna meáin agus saoirse na meán san Aontas Eorpach[19],

 ag féachaint do rún uaithi an 7 Feabhra 2018 ar chosaint agus neamh-idirdhealú i ndáil le mionlaigh i mBallstáit AE[20],

 ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2016 ar chur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe na Breithnithe Deiridh ó Choiste UNCRPD[21],

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2018 ar an úsáid a bhaineann Cambridge Analytica as sonraí úsáideoirí Facebook agus maidir leis an tionchar ar chosaint sonraí[22],

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2018 ar mhéadú an fhoréigin nuafhaisistigh san Eoraip[23],

 ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 ar Shásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha a bhunú[24],

 ag féachaint do rún reachtach uaithi an 17 Eanáir 2019 ar bhuiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe a mhéid a bhaineann leis an smacht reachta sna Ballstáit[25],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta laistigh den Aontas a neartú – treoirphlean gníomhaíochta (COM(2019)0343),

- ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Tuarascáil 2020 ar an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach’ (COM(2020)0580) agus na 27 gcaibidil tíre a ghabhann léi maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit (SWD(2020)0300-0326), ina dtugtar aghaidh ar thionchar bhearta COVID-19 arna nglacadh ag na Ballstáit ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha,

 ag féachaint do rún uaithi an 8 Feabhra 2019 ar chearta daoine idirghnéasacha[26],

 ag féachaint do rún uaithi an 14 Feabhra 2019 ar an gceart chun agóid shíochánta a dhéanamh agus úsáid chomhréireach fornirt[27],

 ag féachaint do rún uaithi an 26 Márta 2019 ar chearta bunúsacha daoine de bhunadh Afracach san Eoraip[28],

 ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2019 ar choiriúlú an ghnéasoideachais sa Pholainn[29],

 ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2019 ar chearta leanaí tráth chomóradh 30 bliain Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh[30],

 ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 ar fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE[31],

 ag féachaint do Mholadh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais,

 ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2018 ón gCoimisiún ar an Liosta de ghníomhaíochtaí chun comhionannas LADTI a chur chun cinn,

 ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 ar idirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne daoine LADTI, lena n-áirítear limistéir atá saor ó dhaoine LADTI[32],

 ag féachaint do rún uaithi an 30 Bealtaine 2018 ar chur chun feidhme Threoir 2012/29/AE lena mbunaítear ceanglais íosta maidir le cearta íospartaigh na coireachta, maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh agus maidir lena gcosaint[33],

 ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 ar éisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir[34],

 ag féachaint do chinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine (ECtHR) an 19 Nollaig 2017 i gCás A.R. agus L.R. v an Eilvéis (22338/15), lenar dearbhaíodh go saothraíonn gnéasoideachas cuimsitheach na haidhmeanna dlisteanacha seo a leanas: an tsláinte phoiblí a chosaint, leanaí a chosaint ar fhoréigean gnéasach, agus iad a ullmhú do réaltachtaí sóisialta; dá bhrí sin, níor aithníodh ann oibleagáid ar na Ballstáit cead a thabhairt do thuismitheoirí a leanaí a tharraingt siar ón oideachas sin,

 ag féachaint do chás ECtHR Sh.D. agus eile v an Ghréig, an Ostair, an Chróit, an Ungáir, an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia agus an tSlóivéin [35],lena ndearbhaítear gur cheart forlámhas a bheith ag fíorleochaileacht an linbh ar stádas neamhrialta le bearta riachtanacha arna nglacadh chun iad a chosaint agus gur sháraigh na húdaráis Airteagal 5 tríd an gcóras cosanta coimeádta a chur i bhfeidhm go huathoibríoch gan aird a thabhairt ar aon roghanna malartacha ar choinneáil ná ar an gceanglas faoi dhlí AE chun coinneáil leanaí a sheachaint[36],

 ag féachaint do rún ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2019 ar fhoréigean cnáimhseach agus gínéiceolaíoch (RES 2306) agus do thuarascáil ghaolmhar ón gCoiste um Chomhionannas agus Neamh-Idirdhealú i gComhairle na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2019, ina n-iarrann an Tionól ar Bhallstáit Chomhairle na hEorpa foréigean cnáimhseach agus gínéiceolaíoch a chomhrac agus ina dtugtar moladh maidir le conas é sin a dhéanamh,

- ag féachaint don Pháipéar Saincheiste dar teideal ‘Cearta agus sláinte gnéis agus atáirgthe na mban san Eoraip’ (2017) ag Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine,

 ag féachaint don tuarascáil ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine tar éis a cuairt ar an Ungáir ón 4 go dtí an 8 Feabhra 2019[37] ,

 ag féachaint do rún 299 (2019) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa ar Bheartais agus cleachtas brú siar i mBallstáit Chomhairle na hEorpa[38],

 ag féachaint do na tuarascálacha ó eagraíochtaí neamhrialtasacha náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta, agus do na tuarascálacha ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine,

 ag féachaint don obair arna déanamh ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), ag Comhairle na hEorpa agus ag Coimisiún na Veinéise,

 ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus do chásdlí ECtHR,

 ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a osclaíodh lena shíniú in Iostanbúl an 11 Bealtaine 2011 (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’),

-  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 ar aontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac[39],

 ag féachaint d’obair an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus an Choiste um Achainíocha,

- ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2018 ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh[40],

 

 ag féachaint do Thuarascálacha um Chearta Bunúsacha 2018 agus 2019 ó FRA[41],

 ag féachaint don pháipéar ó FRA dar teideal ‘Spás na sochaí sibhialta: tuairimí eagraíochtaí’ maille leis an tuarascáil ón FRA dar tideal ‘Dúshláin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta an duine in AE’,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Achainíocha,

 ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0226/2020),

A. de bhrí nach aontas airgeadaíochta amháin atá in AE, ach gur aontas sóisialta gurb ea é freisin, mar a chumhdaítear sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, i gCairt Shóisialta na hEorpa agus i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta; de bhrí go dtagraítear in Airteagal 151 CFAE do chearta sóisialta bunúsacha amhail na cearta sin a leagtar amach i gCairt Shóisialta na hEorpa; de bhrí go bhfuil AE fothaithe ar na luachanna seo a leanas: urraim do dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE agus mar a léirítear sa Chairt agus mar atá leabaithe i gconarthaí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; de bhrí gur cuid de dhlí príomha AE í an Chairt; de bhrí nár aontaigh an tAontas do CECD go fóill, in ainneoin na hoibleagáide atá air déanamh amhlaidh faoi Airteagal 6(2) CAE;

 

B. de bhrí go bhfuil na luachanna sin i gcoiteann ag na Ballstáit uile agus gur cheart don Aontas agus do gach Ballstát, ar bhonn aonair, seasamh leo agus iad a chur chun cinn go gníomhach ina gcuid beartas go léir, go hinmheánach agus go seachtrach ar bhealach comhsheasmhach; de bhrí go bhfuil urraim don smacht reachta ina réamhriachtanas le haghaidh cearta bunúsacha a chosaint agus de bhrí gurb ar na Ballstáit atá an fhreagracht deiridh as cearta daonna an uile dhuine a chosaint;

 

C. de bhrí go sonraítear in Airteagal 17 CAE nach mór don Choimisiún cur i bhfeidhm na gConarthaí a áirithiú; de bhrí go bhfuil diúltú ó Bhallstát seasamh go hiomlán le dlí AE, scaradh cumhachtaí, neamhspleáchas na mbreithiúna agus intuarthacht gníomhaíochtaí stáit ag baint an bhoinn ó inchreidteacht AE; de bhrí gur codanna lárnacha den smacht reachta iad neamhspleáchas na mbreithiúna, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil agus iolrachas sna meáin;

 

D. de bhrí, sna blianta 2018 agus 2019, go raibh dúshláin thromchúiseacha agus ilghnéitheacha le sárú ag AE i ndáil le cosaint na gceart bunúsach, leis an smacht reachta agus leis an daonlathas, a bhfuil dlúthbhaint acu le chéile; de bhrí go léiríonn Eorabharaiméadar Speisialta an Choimisiúin Eorpaigh ó mhí an Mhárta 2019 go bhfuil an fheasacht ar an gCairt fós íseal; de bhrí, de réir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, nach é amháin go ndearnadh sáruithe ar chearta an duine ar fud AE in 2018, ach freisin gur diúltaíodh do chórais chosanta chearta an duine ina n-iomláine[42];

 

E. de bhrí gur gá an Chairt a chur chun cinn ar bhealach níos fearr, mar shampla trí fheachtais trína gcuirtear feasacht chun cinn, chun forálacha na Cairte a dhéanamh níos éifeachtaí agus chun í a chur chun cinn mar fhoinse dhearfach léirmhínithe; de bhrí go bhféadfaí leas a bhaint as malartú níos cuimsithí faisnéise maidir le taithí agus cuir chuige i leith úsáid na Cairte idir breithiúna, comhlachais dlíodóirí agus riaracháin phoiblí laistigh de na Ballstáit, agus thar theorainneacha náisiúnta chomh maith, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as ionstraimí cistiúcháin atá cheana ann, amhail na hionstraimí sin dá bhforáiltear sa Chlár um Cheartas, chomh maith le cláir oiliúna spriocdhírithe do chleachtóirí dlí;

 

F. de bhrí go bhfuil an t-éilliú ina bhagairt thromchúiseach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha agus go ndéanann sé díobháil do na Ballstáit uile agus don Aontas ina iomláine; de bhrí go bhfuil cur chun feidhme an chreata dhlíthiúil i gcoinne na héillitheachta fós míchothrom i measc na mBallstát;

 

G. de bhrí gur cúis mhór bhuartha atá sa mhéadú ar an bhfostaíocht fhorbhásach, chomh maith leis an dífhostaíocht i measc na hóige, agus go bhféadfadh sé a bheith ina shiocair le tionchair dhiúltacha fhadtéarmacha ar na cearta a chumhdaítear in Airteagal 31 den Chairt;

 

H. de bhrí go bhfuil cearta leanaí cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha AE; de bhrí gur cheart aird ar leith a thabhairt ar leas an linbh i ngníomhaíocht uile AE agus gur cheart prionsabal leas an linbh a urramú go hiomlán sa reachtaíocht uile, sna cinntí cúirte uile agus sa cinntí rialtais uile ar gach leibhéal; de bhrí gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an ceart chun oideachais ag gach leanbh in AE agus iad a chosaint ar aon idirdhealú;

 

I. de bhrí gur sárú ar chearta bunúsacha gurb ea gach cineál foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear ciapadh agus foréigean san áit oibre, ag baile agus ar líne, a dhéanann difear do leibhéil uile na sochaí, gan beann ar aois, ar oideachas, ar sheasamh sóisialta agus ar thír thionscnaimh nó chónaithe, agus gur mórbhacainn é ar chomhionannas idir mná agus fir; de bhrí go bhfuil a oiread le 11 Bhallstát ann nach ndéanann sonraí a sholáthar maidir le mná ar íospartaigh iad de dhúnmharú intinniúil faoi láimh dlúthpháirtí nó duine muinteartha[43];

 

J. de bhrí gur dheimhnigh ECtHR go bhféadfadh cineálacha éagsúla díghrádaithe comhshaoil a bheith ina gcúis le sáruithe ar chearta an duine, amhail an ceart chun na beatha, an ceart chun saoil phríobháidigh agus chun saoil teaghlaigh, toirmeasc ar íde atá mídhaonna agus táireach, agus ceart an duine ar bheith ar a shuaimhneas sa bhaile[44]; de bhrí go mbaineann éagóracha comhshaoil go rialta le rioscaí sláinte agus iarmhairtí diúltacha don dea-bhail, agus go ndéanann ualaí comhshaoil difear díréireach do phobail agus grúpaí áirithe, lena n-áirítear grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, chomh maith le daoine gorma, daoine de chine daite agus daoine ar de mhionlaigh eitneacha iad;

 

K. de bhrí gur ceart bunúsach é rochtain ar an gceartas agus gur bacainn shuntasach í an tsaoirse ó phionós ar théarnamh agus cosaint íospartach;

 

 

L. de bhrí gurbh ann do frithfhreagairt eagraithe i gcoinne chearta na mban agus na gcailíní le blianta beaga anuas, inar fhéach roinnt Ballstát le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a chur ar neamhní, amhail cosaintí dlíthiúla atá ann cheana le haghaidh rochtain na mban ar chúram ginmhillte, lena n-áirítear tabhairt isteach réamhchoinníollacha cúlchéimnitheacha is gá a chomhlíonadh sular féidir ginmhilleadh a dhéanamh, amhail comhairleoireacht chlaonta éigeantach nó tréimhsí feithimh éigeantacha, gan a áirithiú go ndéanfar bacainní a chuireann bac ar rochtain ar ghinmhilleadh sa chleachtas a dhíothú, chomh maith le hiarrachtaí ar chosc iomlan a chur ar an n ginmhilleadh nó forais atá ann cheana don ghinmhilleadh a dhísciú; de bhrí go ndearnadh iarrachtaí i roinnt Ballstát ar oideachas gnéis agus staidéar inscní a theorannú nó a thoirmeasc agus ar fheachtais i gcoinne Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun cinn a shéanann gurb ann d’fhoréigean inscnebhunaithe; de bhrí gur minic an fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne a bheith nasctha le meath ginearálta ar staid an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach;

 

M. de bhrí go bhfuil cásanna d’fhoréigean  gínéiceolaíoch agus cnáimhseach á gcáineadh mó sa mhó i roinnt Ballstát[45] ; de bhrí go gcosnaítear cearta na mban ina n-éagsúlacht uile faoin gConradh, lena n-áirítear mná Romacha, mná gorma agus mná de chine daite, mná LADT agus mná faoi mhíchumas; de bhrí go ndéantar difear ar leith do mhná Romacha a mhéid a bhaineann le cearta na mban agus gur minic a bhíonn orthu dul i ngleic le ciapadh béil, fiosacach, síceolaíoch agus ciníoch de chineál urchóideach i suíomhanna cúraim sláinte atáirgthe; de bhrí go ndearnadh idirdheighilt ar bhonn eitneach ar mhná Romacha i saoráidí cúraim sláinte do mháithreacha, agus go gcuirtear i seomraí leithscartha iad le seomraí folctha agus áiseanna itheacháin leithscartha, de bhrí, i roinnt Ballstát, go ndearnadh cleachtais chórasacha aimridithe éigeantaigh agus comhéignigh na Romaigh agus nach raibh siad in ann cúiteamh leormhaith a fháil, lena n-áirítear airgead cúitimh, as na sáruithe ar a gcearta daonna a tharla;

 

N. de bhrí go bhfacthas in AE scaipeadh an chiníochais, na héadulaingthe, an antoisceachais, na seineafóibe, na hIoslamafóibe, an fhrithsheimíteachais agus dearcthaí diúltacha i leith na Romach ar gnáthrudaí coitianta anois iad i mBallstáit áirithe agus a dtarraingíonn ceannairí tuairimíochta agus polaiteoirí ar fud AE orthu, rud is cúis le timpeallacht shóisialta is údar le ciníochas, le hidirdhealú agus le coireanna fuatha; de bhrí go bhfuil Moslamaigh, lena n-áirítear mná Moslamacha, fós ag dul i ngleic le naimhdeas agus éadulaingt fhorleathan i roinnt mhaith tíortha in AE[46];  de bhrí gur thug Gníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha leis sa tuarascáil a d’eisigh sí in 2019 go bhfuil cleachtais institiúideacha, beartais agus dlíthe idirdhealaitheacha ann i mórán tíortha; de bhrí nár cheart go mbeadh an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus beartais frithsceimhlitheoireachta ina siocair le hidirdhealú ginearálta in aghaidh pobail áirithe; de bhrí gur chruthaigh FRA i mí na Nollag 2018 an chéad bhunachar sonraí tiomnaithe maidir leis an bhfuath do Mhoslamaigh; de bhrí go ndealraíonn sé go bhfuil an  frithsheimíteachas ag dul i méid, mar a léiríodh i dtuarascáil an 4 Iúil 2019 ó Ghníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha, agus gur thuairiscigh roinnt Ballstát gur tháinig méadú ar an líon coireanna a bhí bunaithe ar an bhfrithsheimíteachas; de bhrí gur minic a dhéantar ciapadh béil, fisiciúil, síceolaíoch agus ciníoch ar mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí oideachas agus oiliúint a fhorbairt chun smaointeoireacht chriticiúil a chothú, chun uirlisí a sholáthar chun gach cineál idirdhealaithe agus éadulaingthe a shainaithint agus chun an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn;

 

O. de bhrí go bhfuil roinnt rioscaí ag baint le claonadh méadaithe na stát chun na teicneolaíochta nua, amhail póilíneacht réamhfháistineach agus úsáid na haghaidh-aitheanta, go háirithe do mhionlaigh chiníocha san Eoraip;

 

P. de bhrí go bhfuil frithfhreagairt thromchúiseach ann i gcoinne cearta LADTI, fiú sa mhéid gur tugadh isteach “limistéir atá saor ó daoine LADTI”[47] i mBallstát amháin;

 

Q. de bhrí go bhfuil na hinniúlachtaí céanna ag AE agus ag na Ballstáit i réimse na tithíochta; de bhrí go bhfuil gá le straitéis náisiúnta agus le straitéis ar leibhéal AE; de bhrí gur staid í an easpa dídine a fhágann daoine aonair a bheith ar bith a gceart daonna, agus gur sárú ar chearta an duine í; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar dhíshealbhuithe agus ar an easpa dídine ar fud AE[48];(AM 131)

 

R. de bhrí go bhfuil tithíocht inacmhainne gann san Eoraip sa lá atá inniu ann, tar éis go bhfuil an t-éileamh ag dul i méid; de bhrí go bhfuarthas i bhforléargais bhliantúla a d’fhoilsigh Cónaidhm Eorpach na nEagraíochtaí Náisiúnta atá ag Obair le Daoine gan Dídean (FEANTSA) fianaise ar mhéadú a bheith ag teacht ar an easpa dídine ar fud AE/LEE geall leis; tugadh faoi deara i dtuarascáil 2018 ó FEANTSA  go bhfuil leanaí ar an ngrúpa daoine is mó a bhfuil dídean éigeandála acu mar thoradh ar mheath ar dhálaí maireachtála teaghlach fíorleochaileach[49];

 

S. de bhrí go bhfuil an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse agus iolrachas sna meáin cumhdaithe in Airteagal 11 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 10 den Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR); de bhrí go bhfuil neamhspleáchas na mbreithiúna, an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus an tsaoráil faisnéise agus iolrachas sna meáin ina gcodanna ríthábhachtacha den smacht reachta agus go bhfuil siad bunriachtanach d’fheidhmiú daonlathach AE agus a Bhallstát;

 

T. de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na mbagairtí agus na n-ionsaithe atá á ndéanamh i gcoinne iriseoirí ar fud AE[50]; de bhrí go dtuairiscítear le ESCE go bhfuil an tsaoirse ó phionós fós i réim, ós rud é, mar shampla, go bhfuil níos lú ná 15 % de chásanna inar dhúnmharaíodh iriseoirí i réigiún ESCE a bhfuil réiteach déanta ina leith (tuarascáil ó shaoirse na Meán); de bhrí gur meathlú soiléir é sin a mhéid a bhaineann le cosaint iriseoirí, lena mbaintear an bonn ó shaoirse na meán agus ón tsaoirse tuairimí a nochtadh, lena gcuirtear an daonlathas i mbaol;

 

U. de bhrí gur cuireadh i bhfáth i rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hiolrachas sna meáin agus saoirse na meán in AE gur cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún staonadh ó bhearta neamhriachtanacha nó díréireacha a ghlacadh lena dteorannófar rochtain ar an idirlíon agus ar fheidhmiú chearta bunúsacha an duine, nó a bhfuil smacht a ghabháil ar chumarsáidí poiblí i gceist leo trí staid éigeandála a chur i bhfeidhm go treallach nó ar fhorais eile; de bhrí go mbaintear úsáid as foclaíocht atá doiléir agus neamhbheacht sna dlíthe sin ar uairibh, lena dtugtar corrlach lánroghnach leathan d’údaráis forfheidhmithe dlí a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme, agus lena méadaítear na rioscaí maidir le srianta treallacha ar an gceart chun saoirse comhthionóil shíochánta;

 

 

V. de bhrí in 2018 agus in 2019, go bhfuil sé cruthaithe go ndearna roinnt de mhórchuideachtaí na meán sóisialta, agus sárú á dhéanamh acu ar an dlí cosanta sonraí atá ann faoi láthair, rochtain ar shonraí pearsanta úsáideoirí a dheonú d’fheidhmchláir tríú páirtí, agus go bhfuil mí-úsáid ar bhonn méadaitheach á baint as sonraí pearsanta le haghaidh iompraíocht a thuar agus a ionramháil, lena n-áirítear chun críoch feachtais toghcháin; de bhrí, i bhfianaise na forbartha leanúnaí atá á déanamh ar an teicneolaíocht, gur féidir leis an cur isteach ar chearta bunúsacha a bheith ard ar bhonn tromchúiseach; de bhrí gur féidir le córais faisnéise éagsúla iarmhairtí a bheith acu ar chearta bunúsacha, amhail cosaint sonraí agus sárú príobháideachta;

 

 

W. de bhrí go bhfuil ról riachtanach ag sceithirí in aon daonlathas atá oscailte agus trédhearcach; de bhrí go bhfuil sceithirí ríthábhachtach ó thaobh trédhearcachta, an daonlathais agus an smachta reachta de a chur chun cinn, trí thuairisciú a dhéanamh ar iompar neamhdhleathach nó míchuí lena mbaintear an bonn ó leas an phobail amhail gníomhartha éillithe, cionta coiriúla nó coinbhleachtaí leasa, lena léirítear bagairtí i gcoinne chearta agus shaoirsí na saoránach leo;

 

X. de bhrí go luaitear in Airteagal 11 de CECD agus in Airteagal 12 den Chairt go bhfuil ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais, lena n-áirítear an ceart chun ceardchumainn a bhunú agus gabháil le ceardchumainn chun a leasanna a chosaint; de bhrí i sochaithe daonlathacha, go bhfuil an ceart chun saoirse comhthionóil ar cheann de na hionstraimí lenar féidir le daoine a bheith rannpháirteach sa díospóireacht phoiblí agus athrú sóisialta a chur i gcrích;

 

Y. de bhrí nach foláir d’oifigigh phóilíneachta a bhíonn i mbun gnímh a bheith inaitheanta i gcónaí chun go mbeifear in ann imscrúduithe a dhéanamh ar úsáid iomarcach fornirt a d’fhéadfadh a bheith ann agus nach foláir do na húdaráis náisiúnta cinneadh a dhéanamh i leith na bhfreagrachtaí lena mbaineann; de bhrí go bhfuil tairseacha éagsúla ag na Ballstáit i gcás na húsáide a bhaineann údaráis forfheidhmithe dlí as forneart agus airm ar mhaithe leis an ord poiblí a choimeád; de bhrí go bhfuil dlíthe glactha ag roinnt Ballstát[51], a bhféadfadh srianta díréireacha ar an gceart chun saoirse comhthionóil shíochánta a bheith mar thoradh leo;

 

Z. de bhrí go bhfuil laghdú ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta i mBallstáit ar leith; de bhrí gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a áirithiú nach ndéanfar cearta eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus chosantóirí chearta an duine a shrianadh, agus go mbeidh timpeallacht fhabhrach reachtach agus rialála i bhfeidhm, de réir mar a neartaíodh i gconclúidí ón gComhairle a glacadh le déanaí maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha tar éis 10 mBliana: An Staid Reatha agus an Obair sa Todhchaí; de bhrí gur cheart do na Ballstáit tacú leis an obair atá á déanamh ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta trí chistiú leordhóthanach agus a áirithiú go mbeidh sásraí le haghaidh comhar fiúntach ag gabháil leo;

 

AA. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag feachtais a fhaigheann urraíocht Stáit nó urraíocht neamhstáit míchlú a tharraingt ar chosantóirí chearta an duine agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta trína straitéisí chun na dlíthe atá cheana ann maidir le cearta bunúsacha a chur ar ceal; de bhrí gur mhinic leis na meáin thraidisiúnta agus na líonraí sóisialta aird a tharraingt ar na feachtais sin, agus go leantar díobh siúd a dhéanann cosaint ar imircigh agus ar iarrthóir tearmainn, ar phobal LADTI+, ar mharthanóirí an fhoréigin inscnebhunaithe, ar dhaoine cráifeacha agus ar dhaoine ar mór acu a gcreideamh agus ar ghrúpaí imeallaithe eile a choiriúlú agus a stiogmatú;

 

 

AB. de bhrí, de réir IOM, creidtear go bhfuair1885 dhuine in 2019 agus 2299 nduine in 2018 bás nó go ndeachaigh siad ar iarraidh sa Mheánmhuir agus iad ar a mbealach chun na hEorpa; de bhrí go bhfuil an bealach ón Libia chun na hEorpa fós ar an mbealach imirce leis an ráta is airde básanna ar domhan (646 bhás go dtí seo in 2019) agus go raibh sé a chúig oiread níos marfaí in 2018 ná mar a bhí in 2015 go háirithe i ngeall ar an laghdú ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála (SAR) amach ó chósta na Libia[52]; de bhrí gur gníomh dlúthpháirtíochta leo siúd a bhíonn i mbaol é beatha daoine a shábháil, ach thar aon ní eile, gur oibleagáid dhlíthiúil faoin dlí idirnáisiúnta agus faoi dhlí an Aontais é araon, ós rud é le hAirteagal 98 de Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) – atá daingnithe ag na Ballstáit uile agus ag an Aontas féin – go gceanglaítear ar na Ballstáit cúnamh a thabhairt d’aon duine atá i gcruachás ar muir[53];

 

AC. de bhrí gur leanadh d’úsáid a bhaint as coiriúlú na dlúthpháirtíochta mar uirlis chun cur isteach ar obair ENRanna a bhí ar a ndícheall ag iarraidh daoine a shábháil sa Mheánmhuir; de bhrí go ndearnadh daoine a chúiseamh as cásanna a bhain leis an gcúnamh a thugadar d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn i roinnt tíortha AE, lena léirítear an treocht imníoch maidir le cúnamh daonnúil d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn a choiriúlú;

 

AD. de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar AE faoi dhlí AE agus faoin dlí idirnáisiúnta glacadh le hiarratais na ndaoine sin a thagann chuig AE atá ag lorg tearmainn agus iad a phróiseáil; de bhrí gurb ionann frithbheartaíocht agus sárú ar dhlí AE agus ar an dlí idirnáisiúnta agus go gcuireann sé cosc ar iarrthóirí tearmainn ó thairbhiú de na ráthaíochtaí dlíthiúla atá leagtha síos go daingean sna dlíthe sin; de bhrí gur chuir Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine a údar mór imní in iúl i leith na dtuairiscí leanúnacha ar fhrithbheartaíochtaí foréigneacha;

 

 

AE. de bhrí go bhfuil an imirce ina cuid de stair, de chúrsaí mar atá agus de thodhchaí AE agus go bhfuil sí ar cheann de na dúshláin is mó dár linn a bhfuil impleachtaí soiléire aici ar chearta bunúsach; de bhrí go bhfuil an ceart agus an deis ag iarratasóirí ar thearmann a n-iarratais ar thearmann a chur isteach ag trasnuithe teorann oifigiúla agus iad ag teacht isteach in AE; de bhrí gurbh ann do líomhaintí go ndearnadh sárú ar chearta bunúsacha na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn; de bhrí nach foláir d’oifigigh teorann seirbhísí leormhaithe a chur ar fáil do dhídeanaithe, agus cúinsí speisialta daoine leochaileacha á gcur san áireamh, amhail leanaí, daoine ar bhain tráma dóibh agus mná torracha;

 

 

AF. de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann in 2018 gur mhná iad 18 % de na hiontrálacha neamhdhleathacha uile a tháinig thar theorainneacha seachtracha AE, agus gur leanaí bunáite duine as gach cúigear imirceach a cláraíodh, le tuairim is 3 3,750 díobh neamhthionlactha; de bhrí go bhfuil na mná agus na leanaí sin go háirithe leochaileach i leith mí-úsáidí ar a gcearta bunúsacha, amhail gáinneáil ar dhaoine; de bhrí gur gá do na Ballstáit córais cosanta leanaí a thógáil agus a neartú chun foréigean, mí-úsáid, faillí agus dúshaothrú leanaí a chosc agus freagairt dóibh;

 

AG.  de bhrí gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar rochtain ar oideachas do leanaí imirceacha agus do leanaí is dídeanaithe go mear tar éis dóibh teacht isteach i gcríoch an Aontais Eorpaigh;

 

AH.  de bhrí gurb ionann gníomhartha sceimhlitheoireachta agus ceann de na sáruithe is tromchúisí ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha; de bhrí le linn 2018 agus 2019, go ndearnadh gníomhartha sceimhlitheoireachta a adhmholadh agus ómós a léiriú do sceimhlitheoirí laistigh den Aontas Eorpach; de bhrí go ndéanann gníomhartha den sórt sin an sceimhlitheoireacht a dhlisteanú, go gcuireann siad ár ndaonlathas i mbaol agus go ndéantar na híospartaigh a uirísliú;

 

Cearta eacnamaíocha agus sóisialta

1. á aithint a thábhachtaí atá ról AE i dtaca leis an mbochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chosc sna Ballstáit; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé do AE agus dá Bhallstáit cláir shonracha a chur i gcrích lena ndíreofar ar dheireadh a chur le bochtaineacht leanaí, ós rud é nach mór aird ar leith a thabhairt ar an tionchar díobhálach ar leith a bhíonn ag an mbochtaineacht ar fhorbairt shóisialta, shíceolaíoch agus fhisiceach leanaí; agus na himpleachtaí sláinte do ghlúnta fásta na todhchaí; á chur i bhfáth go bhfuil leanaí i mbaol díréireach eisiaimh shóisialta agus eacnamaíoch agus go mbíonn sárú a dhéanamh ar a gcearta bunúsacha i ngeall ar mhí-úsáid, foréigean, dúshaothrú, bochtaineacht, agus gach cineál eisiaimh shóisialta; á chur i bhfáth gur cineál éagóra sóisialta í an bhochtaineacht inti féin, atá bunaithe ar neamhionannas inscne, idirdhealú agus deiseanna éagothroma chun rochtain a fháil ar earraí agus ar sheirbhísí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle cearta bunúsacha a mheas agus tograí beartais eacnamaíocha á ndéanamh acu agus a áirithiú go ndéanfar measúnuithe tionchair ar chearta an duine i gcomhar le haon chinntí maidir lena nglacadh, chun measúnú a dhéanamh ar aon drochthionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta an duine; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúram sláinte, ar oideachas ardcháilíochta agus ar thithíocht ar chomhchéim a ráthú do chách;

2. á chur i bhfáth go raibh éifeachtaí tromchúiseacha ar neamhionannais ag laghduithe móra i gcaiteachas rialtais ar sheirbhísí poiblí, lenar imríodh tionchar mór ar chreatlach shóisialta AE i roinnt mhaith Ballstát agus go leantar de sin i gcónaí, lena ngéaraítear ar na neamhionannais atá ag dul i méid cheana agus lena ndéantar sárú ar chearta bunúsacha – agus go n-imrítear tiochar leis sin go háirithe ar mhná, ar dhaoine faoi mhíchumais, ar dhaoine scothaosta, ar leanaí, ar imircigh, ar Romaigh, ar an Lucht Siúil, ar dhaoine LGBTI+ agus ar dhaoine i ngrúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste; á athdhearbhú nach foláir go mbeadh beartais mhaicreacnamaíocha á dtreorú ní hamháin ag fás eacnamaíoch ach ag caighdeáin shóisialta freisin, chun a áirithiú gur féidir leis na daoine is leochailí sa tsochaí a gcearta sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha a theachtadh go hiomlán; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag rochtain chomhionann agus ag deiseanna comhionanna ar oideachas ardcháilíochta agus ar fhostaíocht ardcháilíochta ar mhaithe leis an neamhionannas a mhaolú agus chun daoine a thabhairt slán as an mbochtaineacht; á aithint a thábhachtaí atá cearta oibrithe, amhail saoire mháithreachais agus atharthachta, lena gcabhraítear le timpeallacht shláintiúil, chobhsaí a chur ar fáil do leanaí; á iarraidh ar an Ballstáit dlíthe a ghlacadh chun na cearta sin a chosaint agus a neartú, ar dlíthe iad lena rannchuidítear le cobhsaíocht shóisialta agus eacnamaíoch na dteaghlach; á iarraidh go ndéanfar dálaí oibre iomchuí agus cosaint ar dhúshaothrú eacnamaíoch agus ar idirdhealú a áirithiú, go háirithe do na grúpaí sin is leochailí d’fhulaingt na neamhionannas sin, amhail daoine óga; á iarraidh ar na Ballstáit cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg a neartú; lena n-áirithítear go mbeidh rochtain ag gach duine óg ar dheiseanna fostaíochta, oideachais agus oiliúna ar ardcháilíocht, agus go ndáilfear na tairiscintí sin go cothrom i measc na mBallstát agus na réigiún; á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir um Chomhionannas Fostaíochta a chur chun feidhme go hiomlán, chun rochtain chomhionann ar dheiseanna fostaíochta a áirithiú, gan beann ar chreideamh, aois, míchumas agus gnéaschlaonadh;

3. á chur i bhfáth nach tráchtearra amháin atá sa tithíocht, ach gur riachtanas í, toisc nach féidir le saoránaigh a bhfuil an tithíocht bainte díobh a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí ná rochtain a fháil ar a gcearta bunúsacha uile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil daoine óga go háirithe nach bhfuil in acmhainn tithíocht a cheannach agus á chur in iúl gur saoth léi na cásanna idirdhealaithe atá á ndéanamh ag tiarnaí talún agus beartais lena laghdaítear sochair thithíochta do dhaoine óga; á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil bunáite aon trian de na daoine gan dídean i bhformhór na mBallstát idir 18 agus 29 mbliana d’aois; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhtháthú a dhéanamh ar na moltaí a rinne Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ina tuairim an 23 Eanáir 2020 dar teideal ‘An ceart chun tithíochta inacmhainne: Dualgas faillithe na hEorpa’, go háirithe an moladh gur cheart do na Ballstáit uile glacadh go mear lena bheith faoi cheangal ag Airteagal 31 de Chairt Shóisialta na hEorpa maidir leis an gceart chun tithíochta; á iarraidh ar na Ballstáit an ceart chun tithíocht leormhaith do shaoránaigh a chur i measc na dtosaíochtaí atá acu i mbeartais shóisialta agus dlús a chur leis an infheistíocht i dtithíocht shóisialta agus i dtithíocht inacmhainne chun ró-ualach an chostais tithíochta a chomhrac, go háirithe chun grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú cuí a dhéanamh ar idirdhealú maidir le rochtain ar thithíocht de réir mar a thoirmisctear é faoin Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha agus imeachtaí um shárú a thionscnamh i gcás sáruithe;

4. á thabhairt chun suntais, Airteagal 37 den Chairt lena ndearbhaítear nach foláir go gcomhtháthaítear bearta ionsar ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil a bhaint amach i mbeartais an Aontais; ag cur béim ar an bhfíoras, an géarghá atá le hábhair imní ábhartha maidir leis an gcomhshaol a áireamh i bpróiseas cinnteoireachta na mbeartas agus na dtionscnamh uile agus á chreidiúint nach foláir don inbhuanaitheacht a bheith ina threoirphrionsabal do na beartais mhaicreacnamaíocha uile chun an t-aistriú cóir chuig geilleagar atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú, agus fostaíocht inbhuanaithe á cosaint agus á cruthú ag an am céanna; agus chun déileáil le ceann de na bagairtí is suntasaí atá os comhair an chine dhaonna; á iarraidh go gcuirfí Coinbhinsiún Aarhus chun feidhme ar fud an AE lena nascfar cearta comhshaoil agus cearta an duine; á thabhairt chun suntais go bhféadfaidh iarmhairtí tromchúiseacha díobhálacha a bheith ann do dhaoine aonair de dheasca dochar a bheith á dhéanamh don chomhshaol agus mainneachtain roinnt údarás poiblí faisnéis a sholáthar faoi rioscaí tromchúiseacha comhshaoil a bhfuil daoine aonair nochta dóibh;

 

An ceart chun córa comhionainne

5. á athdhearbhú nach foláir go mbeadh smacht ag mná agus ag cailíní ar a gcolainn agus ar a ngnéasacht; á iarraidh ar an Ballstáit gnéasoideachas cuimsitheach, rochtain éasca do mhná agus do chailíní ar phleanáil teaghlaigh agus réimse iomlán seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a ráthú, lena n-áirítear modhanna frithghiniúna nua-aimseartha agus ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil;

6. ag cáineadh na frithfhreagartha infheicthe agus eagraithe atá infheicthe faoi láthair ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal Eorpach i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe; á dhearbhú go láidir gur cineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní gurb ea diúltú do sheirbhísí sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus á chur i bhfáth gur rialaigh ECtHR ar ócáidí éagsúla go ndéantar sárú ar chearta daonna na mban le dlíthe sriantacha ginmhillte agus le cosc a chur ar rochtain ar ghinmhilleadh dlíthiúil; á athdhearbhú nach bhféadfar ceart na mban nó na gcailíní chun rochtain a fháil ar chúram atáirgthe a shárú de thoradh diúltú ó ghairmithe leighis do raon iomlán seirbhísí sláinte atáirgthe agus gnéis a sholáthar ar fhorais phearsanta; á iarraidh ar an gCoimisiún an gá atá ann seasamh le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a chur san áireamh ina Straitéis um Chearta Bunúsacha;

7. ag cáineadh go láidir líon scáfar na bhfeimeamharuithe in AE, arb é an cineál foréigin is measa i gcoinne na mban é; á chur in iúl gurb oth léi an easpa sonraí atá ar fáil i roinnt Ballstát, lena léirítear an easpa aitheantais a thugtar don fhadhb seo; á iarraidh ar an gComhairle go dtabharfaí chun críche go práinneach daingniú AE ar Choinbhinsiún Iostanbúl chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ar bhonn aontachas leathan, gan aon teorannú; ag tathant ar an gComhairle agus ar na Ballstáit sin nár dhaingnigh Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill, é a thabhairt i gcrích;

 

8. ag cáineadh go láidir gach cineál foréigin ghnéasaigh, ghínéiceolaíoch agus chnáimhsigh in aghaidh na mban, amhail gníomhartha míchuí nó neamh-chomhfhiosacha, idirghabhálacha pianmhara gan ainéistéiseach, ciorrú ball giniúna ban, ginmhilleadh éigeantach, steiriliú éigeantach agus máthairionadaíocht éigeantach;

9. ag cáineadh go láidir leithlisiú eitneach na mban Romach i saoráidí cúraim sláinte do mháithreacha; á iarraidh ar na Ballstáit cineálacha uile leithlisithe eitnigh i saoráidí sláinte a thoirmeasc láithreach bonn, lena n-áirítear suíomhanna cúram sláinte do mháithreacha; á iarraidh ar an Ballstáit leigheasanna éifeachtacha agus tráthúla a áirithiú do na daoine sin a thagann slán as steiriliú éigeantach agus comhéigneach, lena n-áirítear trí scéimeanna éifeachtacha cúitimh a bhunú;

10. ag cáineadh na fuathchoireachta agus na fuathchainte, mar aon le hidirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil, stádas mionlaigh, míchumas, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne nó tréithe gnéasacha; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go bhfuil an fhuathchaint ar líne fós ina saincheist fhorleathan phráinneach; ag tabhairt rabhadh i gcoinne leibhéil mhéadaitheacha na fuathchainte agus i gcoinne normalú na fuathchainte agus cineálacha éagsúla ciníochais, amhail ioslamafóibe, frithghiofógachas, frithsheimíteachas agus i gcoinne daoine gorma agus daoine de chine daite in go leor Ballstát, atá á threisiú le teacht chun cinn gluaiseachtaí antoisceacha agus a reitric, agus ag ionadaithe rialtais nó ceannairí polaitiúla i mBallstáit áirithe, a bhaineann úsáid as dioscúrsa fuatha, trí reitric chiníoch, sheineafóbach, frith-LADTI a leathadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa tuairiscithe a dhéanann íospartaigh ar choireanna fuatha i ngeall ar choimircí neamhleora agus ar mhainneachtain na n-údarás imscrúdú cuí a dhéanamh ar choireanna fuatha sna Ballstáit agus teacht ar chiontuithe ina leith; ag cur béim ar an ngá atá le híospartaigh a spreagadh agus a éascú chun coireanna fuatha nó idirdhealú a thuairisciú, agus chun cosaint agus tacaíocht iomlán a thabhairt dóibh; á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a thaifeadadh, a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thriail go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar FRA leanúint dá gcuid oibre maidir le faireachán a dhéanamh ar fhuathchoireacht agus ar fhuathchaint sna Ballstáit, agus tuairisciú rialta a dhéanamh ar chásanna agus ar threochtaí;

 

11. ag meabhrú an oibleagáid atá ar institiúidí agus ar ghníomhaireachtaí AE an ceart um shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, i ndáil leis na saoránaigh uile, agus an toirmeasc ar idirdhealú ar fhorais reiligiúin nó creidimh, lena n-áirítear creidimh fhealsúnacha, ar bhonn poiblí agus ar bhonn príobháideach, a chaomhnú go hiomlán; á iarraidh ar na Ballstáit an tsaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh a chosaint agus Treoirlínte AE maidir lena gcur chun cinn agus lena gcosaint a chur chun feidhme go héifeachtach;

 

12. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an Treoir um Chomhionannas Ciníocha (2000/43/CE) chun feidhme ina hiomláine chun ciníochas leanúnach i gcoinne daoine gorma agus daoine de chine daite, trasfóibe, frithghiofógachas, frithsheimíteachas agus ioslamafóibe a chomhrac; ag cáineadh go mbíonn ar mhionlaigh chiníocha, eitneacha, teanga agus reiligiúnacha aghaidh a thabhairt ar chiníochas struchtúrach, idirdhealú, fuathchoireacht agus fuathchaint, ar easpa rochtana ar an gceartas, agus ar neamhionannais shocheacnamaíocha leanúnacha i réimsí amhail tithíocht, cúram sláinte, fostaíocht agus an t-oideachas, agus nach foláir iad a aithint mar bhacainní móra ar theachtadh iomlán na gceart bunúsach agus mar phríomhbhacainní ar chuimsiú agus ar chomhionannas;

 

13. á iarraidh go nglacfaí gan mhoill Treoir 2008 maidir le Cóir Chomhionann atá beartaithe, agus atá fós le formheas ag an gComhairle, chun an bhearna chosanta atá ann faoi láthair i gcreat dlíthiúil AE a mhéid a bhaineann le neamh-idirdhealú ar fhorais aoise, mhíchumais, reiligiúin nó creidimh, nó gnéaschlaonadh i bpríomhréimsí den saol a dhúnadh, amhail cosaint shóisialta, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí; á iarraidh ar an gCoimisiún an leithscaradh agus an t-idirdhealú a chomhrac go gníomhach, lena n-áirítear trí nósanna imeachta um shárú a thionscnamh chun cothú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach an Chinnidh Réime maidir le cineálacha áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil; á mheabhrú gur cheart go mbeadh straitéisí cuí náisiúnta maidir le lánpháirtiú ag gabháil leis na bearta sin;

 

14. á mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas (UNCRPD) comhdheiseanna a áirithiú maidir le hinrochtaineacht, rannpháirtíocht, comhionannas, fostaíocht, an t-oideachas agus oiliúint, cosaint shóisialta, an tsláinte agus gníomhaíocht sheachtrach AE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil daoine faoi mhíchumais fós faoi mhíbhuntáiste agus go ndéantar idirdhealú ina gcoinne maidir le fostaíocht, oideachas agus cuimsiú sóisialta; á chur i bhfáth, ina leith sin, a thábhachtaí atá inrochtaineacht i spásanna poiblí, céatadán íosta le haghaidh fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumais, ráthaíochtaí maidir le hoideachas cuimsitheach, lena n-áirítear rochtain ar thionscnaimh amhail Erasmus +, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí faoi mhíchumais;

 

Saoirsí

15. á iarraidh ar na Ballstáit earnáil na meán atá bríomhar, neamhspleách, iolraíoch agus saor in aisce a chosaint agus a fhorbairt; ag cáineadh, ina leith sin, aon bhearta atá dírithe ar na meáin chriticiúla a chur ina dtost agus lena mbaintear an bonn ó shaoirse agus ó iolrachas sna meáin, lena n-áirítear ar bhealaí sofaisticiúla nach iondúil leo go gcuirtear foláireamh faoi bhráid Ardán Chomhairle na hEorpa chun Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na comhlachtaí faoi rialú an rialtais atá á gcruthú lena ndéantar bainistiú ar chodanna móra de thírdhreach na meán i dtír agus ar fhuadach eagraíochtaí mheáin na seirbhíse poiblí chun freastal ar leasanna páirtiseánacha; á mheabhrú go bhfuil baol suntasach ann d’éagsúlacht na faisnéise agus na ndearcthaí a léirítear in inneachar na meán i gcás ina bhfuil úinéireacht na meán an-chomhchruinnithe, cibé acu faoi úinéireacht rialtais nó phríobháideach atá i gceist; á mheabhrú go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoráil faisnéise, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí ealaíonta a nochtadh agus saoirse na meán bunriachtanach don daonlathas agus don smacht reachta agus ag tathant ar na Ballstáit neamhspleáchas a n-údarás meán a ráthú; á mheabhrú gur cuid den tsaoirse chun tuairimí ealaíonta a nochtadh é an ceart chun faisnéis agus smaointe a lorg, a fháil agus a thabhairt ó bhéal, i scríbhinn nó i gcló, i bhfoirm ealaíne nó trí aon mheán eile[54];

 

16. ag meabhrú ról bunúsach na hiriseoireachta iniúchaí i bhfeidhmiú mar fhaireoir i sochaí dhaonlathach, lena neartaítear an mhaoirseacht phoiblí ar ghníomhaithe polaitiúla, lena n-áirítear i réimse an éillithe; ag cáineadh gur ann fós d’foréigean, do bhagairtí agus d’imeaglú in go leor Ballstát, lena n-áirítear i ndáil le faisnéis a nochtadh faoi sháruithe ar chearta bunúsacha, ar minic leis féin-chinsireacht a bheith mar thoradh air agus a bhaineann an bonn ó cheart chun faisnéise na saoránach; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh sásraí láidre agus cuimsitheacha chun saoirse cainte agus saoirse na meán a chosaint agus a neartú agus cosaint d’iriseoirí a fheabhsú, lena n-áirítear trí thrédhearcacht úinéireacht na meán a ráthú, lena nglacfar treoir frith-SLAPP ar fud AE, lena gcruthófar buanchiste AE do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí iniúchacha agus lena mbunófar sásra mearfhreagartha d’iriseoirí atá i mbaol; á iarraidh ar na Ballstáit ionsaithe ar iriseoirí iniúchacha agus iad i mbun a gcuid oibre a chosc agus pionós a ghearradh ina leith;

 

 

17. ag cur béim ar an ról thar a bheith tábhachtach atá ag sceithirí maidir le leas an phobail a chosaint agus maidir le cultúr na cuntasachta poiblí agus na sláine poiblí a chur chun cinn in institiúidí poiblí agus príobháideacha araon; á iarraidh ar na Ballstáit forálacha Threoir (AE) 2019/1937 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a thrasuí go hiomlán sa dlí náisiúnta mar ábhar práinne chun a éifeachtaí a uasmhéadú a luaithe a thiocfaidh sé i bhfeidhm; ag spreagadh na mBallstát na bearta sin a chomhlánú chun sceithirí a chosaint i gcásanna ina dtuairiscíonn siad sáruithe lasmuigh de raon feidhme dhlí an Aontais;

 

18. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bhagairt a bhaineann le cineálacha éagsúla bolscaireachta agus mífhaisnéise don tsaoirse cainte agus don tsaoirse tuairimí a nochtadh agus do neamhspleáchas na meán, agus na héifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith acu ar cháilíocht na díospóireachta polaitiúla agus ar rannpháirtíocht na saoránach i sochaithe daonlathacha; á iarraidh ar an gCoimisiún neartú na litearthachta sna meáin a chur chun cinn agus infheistíocht a dhéanamh inti, tacú go gníomhach le hiriseoireacht ardcháilíochta agus cosaint sonraí a chothú agus éiceachóras ar líne atá níos trédhearcaí a chruthú agus saoirse na meán agus iolrachas sna meáin á gcosaint ag an am céanna;

19. á chur i bhfáth gur bagairt do luachanna daonlathacha AE é an próifíliú polaitiúil, an bhréagaisnéis agus ionramháil na faisnéise; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannchuidiú le forbairt an oideachais agus na hoiliúna sa tuairim chriticiúil chun gur féidir le saoránaigh teacht ar a dtuairimí féin chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;

 

20. á chur i bhfáth nach foláir d’oifigigh forfheidhmithe dlí dínit an duine a urramú agus a chosaint agus cearta daonna gach duine a choimeád agus a chothabháil le linn dóibh a gcuid dualgas a fheidhmiú; á chur i bhfáth gur é cúraim na bhfórsaí póilíneachta i dtús báire ná sábháilteacht na saoránach a áirithiú agus a áirithiú go ndéantar agóidí ar bhealach síochánta; ag cáineadh na húsáide a bhaintear as idirghabhálacha foréigneacha agus díréireacha ag na húdaráis forfheidhmithe dlí le linn léirsithe síochánta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh aon úsáid a bhaineann údaráis forfheidhmithe dlí as fórsa de réir an dlí, riachtanach, comhréireach agus ina rogha dheiridh i gcónaí, agus go ndéanfar beatha an duine agus sláine choirp a chaomhnú; á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta ábhartha, i gcásanna ina bhfuil amhras ann i leith úsáid fórsa dhíréirigh nó ina líomhnaítear gur baineadh úsáid as fórsa díréireach, imscrúdú trédhearcach, neamhchlaonta, neamhspleách agus éifeachtach a áirithiú, agus saoirse ó phionós a sheachaint; á mheabhrú go bhfuil na gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí go hiomlán cuntasach i leith chomhlíonadh a ndualgas agus as a gcomhlíontacht leis na creataí ábhartha dlíthiúla agus oibríochtúla;

21. ag cáineadh go láidir na srianta méadaitheacha ar shaoirse comhthionóil , lena n-áirítear le linn tréimhsí toghcháin; á iarraidh ar an Ballstáit staonadh ó dhlíthe sriantacha a ghlacadh maidir le saoirse comhthionóil agus ag spreagadh AE agus a Bhallstáit tuilleadh céimeanna a ghlacadh chun saoirse comhthionóil a choimirciú agus a chosaint, mar cheart bunúsach agus mar bhunphrionsabail na bpróiseas daonlathach; á iarraidh ar an gCoimisiún ról gníomhach a ghlacadh chun na cearta sin a chur chun cinn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

 

22. ag meabhrú an róil ríthábhachtaigh atá ag an tsochaí shibhialta ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal AE agus ar na leibhéil idirnáisiúnta chun ionadaíocht a dhéanamh ar leas na saoránach; agus guth na mionlach sin nach ndéantar ionadaíocht cheart orthu a neartú; agus na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE á gcosaint agus á gcur chun cinn; á chur i bhfáth an gá atá le timpeallacht chumasúcháin a áirithiú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, áit ina mbeidh siad in ann oibriú saor ó ionsaithe agus gan srian nach bhfuil gá leis nó gan srian treallach;

 

23. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an cúngú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta neamhspleách i roinnt Ballstát, go háirithe d’eagraíochtaí um chearta na mban, d’eagraíochtaí LGBTI agus do chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear ualaí riaracháin míréasúnta, laghdú ar thacaíocht airgeadais chun tacaíocht a thabhairt, chomh maith le srianta ar shaoirse comhthionóil agus ar shaoirse eagraíochta; ag cáineadh na srianta maidir le rochtain ar chistiú ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bhfuil, i roinnt Ballstát, gné níos córasaí ag baint leis i bhfoirm athruithe dlíthiúla agus beartais agus atá ag cur isteach go mór ar a gcuid oibre agus ar a seasamh dlíthiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar an gComhairle tacaíocht AE a mhéadú d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag cosaint luachanna Airteagal 2 CFAE san Aontas Eorpach tríd an gClár um Chearta agus Luachanna, ar cheart go ndéanfaí cistiú suntasach ina leith, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa;

24. á áitiú go bhfuil faireachán rialta agus cuimsitheach ríthábhachtach chun na dúshláin atá os comhair na sochaí sibhialta ar fud na hEorpa a thuiscint; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach go ndéanfaí táscairí ábhartha a bhaineann le spás sibhialta, saoirse tuairimí a nochtadh agus saoirse comhlachais a áireamh i dtuarascálacha bliantúla amach anseo maidir leis an smacht reachta, plean gníomhaíochta a mholadh chun an tsochaí shibhialta a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear Treoirlínte a ghlacadh maidir le saoirse tuairimí a nochtadh, saoirse comhlachais agus saoirse comhthionóil shíochánta a chosaint agus maidir le cosantóirí chearta an duine atá i mbaol a chosaint agus ciste éigeandála a bhunú dá gcosaint; á chur in iúl gur díol sásaimh di togra maidir le athbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 an 15 Feabhra 2007 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus á chur i bhfáth an gá atá lena sainordú a neartú agus a mhéadú tar éis measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh; ag spreagadh an Choimisiúin, na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa chun na sonraí arna dtáirgeadh ag FRA a úsáid go córasach i gceapadh beartas;

25. ag aithint gur féidir le saincheisteanna tromchúiseacha teacht chun cinn laistigh de phobail ina bhfuil an tEoraisceipteachas coitianta, go háirithe pobail atá nasctha le tuairimí polaitiúla foréigneacha, agus ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit go ndéanfaí rannpháirtíocht ghníomhach in ábhair AE a spreagadh do shaoránaigh an Aontais, go háirithe i measc daoine óga, ionas gur féidir a dtuairimí a léiriú trí bhealaí daonlathacha;

26. ag cur béim ar na róil thábhachtacha atá ag oideachas sibhialta agus idirphlé idirchultúrtha ó thaobh feabhas a chur ar thuiscint shaoránaigh an Aontais maidir lena rannpháirtíocht pholaitiúil; ag spreagadh go gcuirfí saoránaigh an Aontais ar an eolas faoina gcearta;

27. ag tabhairt dá haire go bhfuil tionchar atá ag méadú ag na modhanna nua maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta chun críocha tuar agus ionramháil iompraíochta ar chearta bunúsacha na mbilliún duine san Aontas agus ar fud an domhain, go háirithe na cearta i ndáil le príobháideachais, cosaint sonraí, faisnéis, agus saoirse agus iolrachas na meán; ag tathant ar na gníomhaithe príobháideacha agus údaráis inniúla, ina leith sin, a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas, agus a áirithiú go dtuigeann daoine aonair cén uair agus conas a dhéantar próiseáil ar a gcuid sonraí pearsanta, agus conas ar féidir leo cur i gcoinne próiseáil sonraí agus gearáin a chomhdú, chun a gceart maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint;

 

28. á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach go ndéanfaí nósanna imeachta um shárú a sheoladh i gcoinne Ballstáit nár aisghaireadh a ndlíthe lena gcuirtear an Treoir maidir le sonraí a choimeád i bhfeidhm, ar treoir neamhbhailithe í, chun go mbeidís i gcomhréir le cásdlí CBAE[55];

 

 

29. ag tabhairt chun suntais na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ann do na saoirsí bunúsacha agus don tslándáil maidir le húsáid teicneolaíochtaí nua, go háirithe córais na hintleachta saorga (IS), lena n-áirítear rioscaí a bhaineann leis an gceart chun sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint, buarthaí bitheitice a bhaineann le húsáid IS i gcúram sláinte, idirdhealú agus claontaí díreacha agus indíreacha a d’fhéadfadh a bheith ann, rud a d’fhéadfadh claontacht agus imeallú a ghéarú agus bréagaisnéis a scaipeadh; á chur i bhfios go bhféadfadh go n-eascródh aschuir chlaonta as claontaí i dtacair sonraí, agus i ndearadh agus oibríocht na gcóras sin, go háirithe agus údaráis forfheidhmithe dlí á n-úsáid, rud d’fhéadfadh na córais sin claontaí sochaíocha, claontaí pearsanta agus claontaí eile a athchruthú, agus d’fhéadfadh idirdhealú bunaithe ar thosca sóisialta, eacnamaíocha, eitneacha, ciniúla, gnéaschlaonta, inscne, stádais míchumais nó aon toisc eile a bheith mar thoradh orthu; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tuilleadh coimircí chun príobháideachas agus cosaint sonraí a áirithiú i bhfianaise na dteicneolaíochtaí nua, agus nach mór aon impleachtaí do chearta bunúsacha a mheas; á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an ‘mbearna dhigiteach’ atá ag teacht chun cinn, go háirithe i réimsí an riaracháin phoiblí agus seirbhísí; á chur i bhfáth gurb iad daoine scothaosta, mar aon leo siúd atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, cuid de na grúpaí is mó a ndéanann an ‘bhearna dhigiteach’ difear dóibh; á chur i bhfáth gur cheart don chur chuige maidir le IS a bheith ‘duinelárnach’ agus a áirithiú go mbeidh luachanna daonna lárnach sa bhealach ina ndéantar córais IS a fhorbairt, a imlonnú, a úsáid agus faireachán a dhéanamh orthu, trí urraim do na chearta bunúsacha a leagtar amach sna Conarthaí agus sa Chairt a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a chur chun cinn le haghaidh cur chuige Eorpach comhordaithe i leith IS, lena mbainfí úsáid as treoirlínte Eitice le haghaidh IS iontaofa arna n-ullmhú ag Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Choimisiúin um IS (AI HLEG);

30. á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnaimh agus gníomhaíochtaí atá dírithe ar comhar slándála idir na Ballstáit a neartú agus freagairt éifeachtach an Aontais ar sceimhlitheoireacht agus ar bhagairtí slándála san Aontas Eorpach a leagan amach; ag tathant ar na Ballstáit comhoibriú go hiomlán lena chéile, agus feabhas a chur ar an malartú faisnéise eatarthu féin agus le gníomhaireachtaí an Aontais um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cearta bunúsacha a urramú sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh sásraí maoirseachta i réimse na seirbhísí faisnéise i gcomhréir leis an gCairt agus le ECHR; á iarraidh ar na hinstitiúidí lena mbaineann go ndéanfaí coimircí a sholáthar chun cosc a chur ar aon íospairt ina dhiaidh sin arna díorthú ó náiriú agus ionsaithe i leith íomhá na n-íospartach a thagann ó earnálacha sóisialta a bhaineann leis an ionsaitheoir;

Cearta bunúsacha na n-imirceach, na n-iarrthóirí tearmainn agus na ndídeanaithe

31. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go ndéanfaí Moladh ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine ó mhí an Mheithimh 2019 a chur chun feidhme dar teideal ‘Daoine á dtabhairt slán. Cearta á gcosaint. Ag dúnadh na bearna cosanta do dhídeanaithe agus d’imircigh i réigiún na Meánmhara’; á athdhearbhú gurb iad bealaí sábháilte agus dleathacha don imirce an tslí is fearr chun básanna a sheachaint; ag tathant ar na Ballstáit bearta athlonnaithe a ghéarú, conairí daonnúla chuig an Aontas a chur i bhfeidhm, agus an fhéidearthacht chun iarratas a dhéanamh ar víosaí daonnúla d’iarrthóirí tearmainn a thabhairt isteach;

32. á chur in iúl gur cúis mhór imní di na tuairiscí leanúnacha ar fhrithbheartaíochtaí foréigneacha á ndéanamh ag oifigigh forfheidhmithe an dlí i roinnt de na Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-ábhar a imscrúdú agus bearta éifeachtacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear deireadh le beartais agus cleachtais den sórt sin, lena n-áirítear trí fhaireachán neamhspleách ar ghníomhaíochtaí rialaithe teorann ag institiúidí naisiúnta um chearta an duine atá ann cheana (institiúidí Ombudsman, institiúidí náisiúnta um chearta an duine, sásraí náisiúnta coisctheacha), agus tacaíocht acu ó chomhlachtaí AE agus idirnáisiúnta (Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine, CPT, ECRI, FRA) agus a áirithiú nach bhfuil cistiú an Aontais á úsáid chun sáruithe ar chearta bunúsacha a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go ndéanfaí dlí AE agus idirnáisiúnta a urramú, chomh maith leis an gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, chun creat leathan a fhoráil d’fhonn imirce eagraithe a chumasú agus ionas nach mbeadh ar imircigh bealaí imirce neamhrialta a úsáid;

33. ag cáineadh gur ghlac roinnt Ballstát dlíthe, beartais agus cleachtais a bhaineann an bonn de chosaint éifeachtach ar chearta an duine atá ag dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus imircigh, ar talamh agus ar muir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cearta an duine atá ag imircigh, iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe, chomh maith le prionsabal um chomhroinnt freagrachta, a chur i gcroílár a bheartas imirce agus tearmainn; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an staid dhaonnúil i dteophointí; á iarraidh ar an gCoimisiún réiteach práinneach a mholadh chun deireadh a chur leis na sáruithe mínáireacha ar chearta an duine in ionaid ghlactha do dhídeanaithe agus d’imircigh ar thalamh na hEorpa;

 

34. á chur i bhfáth gur oibleagáid dhlíthiúil é faoi dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais beatha a shábháil; ag cáineadh an imeaglaithe, na ngabhálacha agus na n-imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i roinnt Ballstát i gcoinne eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus daoine aonair de bharr cabhair dhaonnúil a chur ar fáil d’imircigh a bhí i mbaol báis; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir le Prótacal Smuigleála na Náisiún Aontaithe, nach ndéanfaí gníomhartha cabhrach daonnúla a choiriúlú;

35. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh imircigh gan doiciméid in ann a gcearta bunúsacha a theachtadh go hiomlán, gan beann ar a stádas dlíthiúil nó riaracháin; á mheabhrú go bhféadfaí iallach a chur ar mhná agus ar leanaí gabháil de ghníomhaíocht ghnéasach mar chúiteamh ar chosaint nó ar thacaíocht bhunúsach chun maireachtáil, agus go minic go bhfuil sé sin mar gheall ar bhearnaí i gcabhair, teipeanna córas clárúcháin agus teipeanna comhlíontachta phrionsabal leas an linbh, scaradh teaghlaigh nó easpa modhanna sábháilte agus dlíthiúla maidir le teacht isteach san Aontas;

36. á thabhairt chun suntais gur leanaí iad nach mór aon triú d’iarrthóirí tearmainn agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad go háirithe leochaileach; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí cosc a chur ar mhionlaigh neamhthionlactha a bheith ina n-íospartaigh na gáinneála agus an teacht i dtír gnéasach;

37. á athdhearbhú nach chun leas an linbh riamh é leanaí a choinneáil i gcomhthéacs na hinimirce, i gcomhréir le Dearbhú Nua-Eabhrac do Dhídeanaithe agus Imircigh; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur le gníomhaíocht chun deireadh a chur le coinneáil leanaí, go háirithe i gcomhthéacs na himirce ar fud an Aontais, agus roghanna pobalbhunaithe eile ar choinneáil a dhéanamh amach, chomh maith le tosaíocht a thabhairt do lánpháirtiú, oideachas agus tacaíocht shíceolaíoch; á chur i bhfáth go bhfuil leanbh neamhthionlactha, thar aon ní eile, leanbh a d’fhéadfadh a bheith i mbaol agus nach mór do chosaint leanaí, seachas na beartais imirce, a bheith mar phríomhphrionsabal ag na Ballstáit agus ag an Aontas Eorpach agus iad á bplé leo, agus croíphrionsabal leas an linbh a urramú dá bhrí sin.

 

An smacht reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe

38. á athdhearbhú go bhfuil éilliú ina bhagairt thromchúiseach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chóir chothrom do na saoránaigh go léir; ag tabhairt chun suntais an nasc idir an t-éilliú agus sáruithe ar chearta bunúsacha i líon réimsí amhail neamhspleáchas na breithiúnachta, saoirse na meán agus saoirse iriseoirí agus sceithirí tuairimí a nochtadh, saoráidí coinneála, rochtain ar chearta sóisialta, nó gáinneáil ar dhaoine[56];

 

39. á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit an t-éilliú a chomhrac go diongbháilte agus ionstraimí éifeachtacha a cheapadh chun an t-éilliú a chosc, a chomhrac agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith agus chun calaois a chomhrac, mar aon le faireachán rialta a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as cistí poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur arís lena fhaireachán agus tuairisciú frith-éillithe láithreach bonn, lena dtagraítear d’institiúidí AE agus do na Ballstáit; á iarraidh ar na Ballstáit uile moltaí GSE a chomhlíonadh;

40. á chur i bhfáth gurb é an t-éilliú a chumasaíonn an choireacht eagraithe go príomha; ag cáineadh go láidir an méadú atá tagtha ar gháinneáil ar dhaoine agus ag tathant ar na Ballstáit agus ar institiúidí an Aontais comhar a mhéadú agus dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe;

41. á athdhearbhú tacaíocht na Parlaiminte le haghaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) atá éifeachtúil, neamhspleách agus oibríochtúil go hiomlán a bhunú go gasta chun an comhrac i gcoinne na calaoise san Aontas Eorpach a neartú;

 

42. á chur i bhfios go láidir gur bunchloch an daonlathais é an smacht reachta, lena gcoinnítear scaradh na gcumhachtaí, lena n-áirithítear cuntasacht, lena rannchuidítear le hiontaoibh sna hinstitiúidí poiblí agus lena ráthaítear prionsabail na dlíthiúlachta, deimhneacht dhlíthiúil, toirmeasc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin, neamhspleáchas breithiúnach, neamhchlaontacht, agus comhionannas os comhair an dlí; á chur i bhfáth go bhfuil an smacht reachta agus neamhspleáchas breithiúnach go háirithe ríthábhachtach do chumas na saoránach ar theachtadh a gcuid ceart agus saoirsí bunúsacha; á chur i bhfios, faoi Airteagal 47 den Chairt, go bhfuil rochtain ar bhinse ‘neamhspleách’ ag teastáil don cheart bunúsach chun leighis éifeachtaigh; ag tabhairt chun suntais gur minic nach mbíonn an bhreithiúnacht in ann a ról ó thaobh rialú neamhspléach ar úsáid threallach na cumhachta ag brainsí feidhmiúcháin agus reachtacha an rialtais a chomhlíonadh de bharr tionchar polaitiúil nó smacht ar an mbreithiúnacht agus bacainní comhchosúla ar neamhspleáchas na mbreithiúna aonair; ag cáineadh úsáid an chórais bhreithiúnaigh chun críoch polaitiúil, a bhfuil sé mar aidhm dochar a dhéanamh d’easaontas polaitiúil, amhras a chaitheamh air agus é a chur ina thost;

43. á mheabhrú an nasc bunúsach atá idir an smacht reachta agus na cearta bunúsacha agus an gá atá le feasacht a mhéadú maidir leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt trí fhaisnéis ar chearta na saoránach a sholáthar;

44. ag cáineadh go láidir iarrachtaí na rialtas de roinnt Ballstát scaradh na gcumhachtaí agus neamhspleáchas na breithiúnachta a lagú; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, ach go háirithe, na cinntí lena gcuirtear in amhras príomhacht an dlí Eorpaigh agus á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid a bhaint as na modhanna uile atá ar fáil chun gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne na n-ionsaithe sin;

45. á iarraidh ar an gCoimisiún go dtabharfaí aghaidh, go tráthúil, ar sháruithe uile ar Airteagal 2 CAE, go háirithe iad siúd a mbíonn tionchar acu ar chearta bunúsacha, faoi chuimsiú a chuid timthrialla athbhreithniúcháin bhliantúil ar an smacht reachta arna fhógairt; á athdhearbhú an gá criticiúil atá le sásra an Aontais maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha mar a mhol Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear athbhreithniú bliantúil, neamhspleách, fianaise-bhunaithe agus neamh-idirdhealaitheach lena ndéantar measúnú ar chomhlíonadh na mBallstát uile le hAirteagal 2 CAE; ag tabhairt chun suntais go mbaineann sáruithe ar Airteagal 2 CAE an bonn d’iontaoibh fhrithpháirteach i measc na mBallstát agus nach féidir comhar breithiúnach trasteorann a chothú leo;

46. á chur in iúl gurb oth léi an easpa dul chun cinn in imeachtaí Airteagal 7 atá ar siúl faoi láthair sa Chomhairle in ainneoin tuarascálacha agus ráiteas ón gCoimisiún, ó na Náisiúin Aontaithe, ó ESCE agus ó Chomhairle na hEorpa lena léirítear go bhfuil an staid sna Ballstáit lena mbaineann tar éis éirí níos measa; á iarraidh ar an gComhairle go gcuirfí staid na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smachta reachta san áireamh in éisteachtaí maidir leis an nós imeachta Airteagal 7.1; á mheabhrú nach féidir Parlaimint na hEorpa a choinneáil amach ó na héisteachtaí sin atá ar siúl faoi láthair;

47. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle úsáid iomlán a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil acu chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar an smacht reachta agus chun bogadh ar aghaidh leis na nósanna imeachta Airteagal 7 atá ar siúl faoi láthair; á chur i bhfios go gcuireann neamhéifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais i dtaca le cearta bunúsacha a chosaint dlí an Aontais ina iomláine, agus cearta na saoránach atá bunaithe air, i mbaol agus go lagaíonn sé inchreidteacht an Aontais;

Coinníollacha príosúin

 

48. á chur in iúl gur cúis imní di coinníollacha príosúin i mBallstáit áirithe; á iarraidh ar na Ballstáit na rialacha maidir le coinneáil a thagann ó ionstraimí an dlí idirnáisiúnta agus ó chaighdeáin Chomhairle na hEorpa a chomhlíonadh; á mheabhrú go bhfuil sé beartaithe gur beart eisceachtúil í an choinneáil réamhthrialach, le húsáid i gcásanna ina bhfuil géarghá léi, atá comhréireach agus don méid is lú ama agus á chur in iúl gurb oth léi ró-úsáid leanúnach a bhaint as coinneáil réamhthrialach seachas bearta eile nach mbaineann le saoirse a bhaint; á mheabhrú go bhfuil riachtanais áirithe ag grúpaí leochaileacha de phríosúnaigh, amhail mná, ógánaigh, mionlaigh eitneacha, príosúnaigh LADTI, príosúnaigh le riachtanais chúraim meabhairshláinte nó príosúnaigh atá go dona tinn, nach mór a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún comhchaighdeáin an Aontais maidir le coinníollacha príosúin a ghlacadh chun cearta na bpríosúnach a chosaint agus caighdeáin coinneála san Aontas a chur chun cinn;

Aontachas an Aontais le ECHR

 

49. á mheabhrú an oibleagáid a leagtar síos in airteagal 6 CAE chun aonú do ECHR; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí na bearta is gá chun deireadh a chur leis na bacainní dlíthiúla lena gcuirtear cosc ar chríoch an phróisis aontachais, agus chun dréacht-chomhaontú nua a thíolacadh le haghaidh aontachas an Aontais do ECHR; á mheas, agus é curtha i gcrích, go dtabharfaí isteach tuilleadh coimircí lena gcosnófaí cearta bunúsacha de shaoránaigh agus de chónaitheoirí an Aontais agus lena soláthrófaí sásra sa bhreis chun cearta an duine a fhorfheidhmiú, eadhon an fhéidearthacht gearán a thaisceadh leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine maidir le sárú ar chearta an duine arna dhíorthú ó ghníomh d’institiúid an Aontais nó de Bhallstát lena gcuirtear chun feidhme dlí an Aontais, a thagann faoi shainchúram ECHR;

 

50. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta


 

 


 


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA (03.6.2020)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

maidir le Staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach - Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019

(2019/2199(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Antonio Tajani



MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á mheabhrú gurb iad ‘dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus an urraim do chearta an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad’ na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, amhail atá luaite in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE); á chur i bhfáth nach bhfuil aon ordlathas i gceist le luachanna an Aontais agus gur cheart don Aontas an chosaint ar a luachanna a áirithiú ina n-iomláine, ós rud é nach féidir le ceann a bheith ann gan an ceann eile;

2. á chreidiúint gur bonn maith atá i gconclúidí agus i dtuairimí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun léirmhíniú a thabhairt ar Airteagal 2 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus ar raon feidhme na gceart a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha;

3. á thabhairt chun suntais go luaitear in Airteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha nach foláir do na Ballstáit ‘aird a thabhairt ar na cearta, na prionsabail a urramú agus a gcur i bhfeidhm a chur chun cinn’; á chur in iúl gurb oth leis, de réir FRA, nach bhfuil go leor iarrachtaí á ndéanamh ag roinnt Ballstát chun feasacht ar fhorálacha na Cairte, nó a gcur chun feidhme, a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis an gCairt a chur chun cinn ar bhonn níos fearr chun go mbeidh a forálacha níos éifeachtaí agus a úsáid ag reachtóirí agus breithiúna náisiúnta a mholadh b’fhéidir, mar fhoinse dhearfach léirmhínithe fiú i gcásanna nach gá gur cásanna iad a thagann faoi raon feidhme dhlí AE;

4. á chur i bhfios go bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus don urraim do chearta an duine; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé lánurraim do na luachanna sin a chomhdhlúthú agus a chur chun cinn ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; á mheabhrú go bhfuil cearta an duine uilíoch agus doroinnte;

5. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí lánchomhlíontacht leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a áirithiú ar feadh an phróisis reachtaigh ina iomláine; ag tabhairt aird ar a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí anailís ar thionchar na gceart bunúsach sna measúnuithe tionchair; á mheabhrú go bhfuil ríthábhacht le cur chun feidhme éifeachtach agus mionsonraithe dhlí AE chun luachanna AE a choimirciú, ar atá inchreidteacht AE ina hiomláine ag brath; á chur i bhfios go mbeidh ar na rialtais náisiúnta feasacht an phobail a mhéadú chun a áirithiú go mbeidh saoránaigh AE go hiomlán ar an eolas maidir lena gcearta agus conas gníomhú má dhéantar sárú ar na cearta sin;

6. á iarraidh ar na Ballstáit go seolfaí tionscnaimh agus beartais fianaise-bhunaithe atá dírithe ar fheasacht agus ar chur chun feidhme na Cairte ar an leibhéal naisiúnta a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit ‘scagthástáil Airteagal 51’ a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh go luath cibé acu a ardaíonn nó nach n-ardaíonn cás breithiúnach nó comhad reachtach ceisteanna faoin gCairt; á mheas go bhféadfadh Lámhleabhar FRA maidir le hinfheidhmeacht na Cairte a bheith ina inspioráid ina leith sin;

7. á mheas go bhfuil gá le malartú faisnéise ar bhonn níos fearr a bheith ann maidir le taithí agus cuir chuige i leith úsáid na Cairte idir breithiúna, comhlachais dlíodóirí agus riaracháin phoiblí laistigh de na Ballstáit, agus thar theorainneacha náisiúnta chomh maith, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as ionstraimí cistithe atá cheana ann, amhail na hionstraimí sin dá bhforáiltear sa Chlár um Cheartas, agus an gá atá le cláir oiliúna spriocdhírithe a shocrú do chleachtóirí dlí;

8. ag tacú go láidir le tús a bheith curtha go mear an athuair le caibidlíochtaí ar aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, mar thoradh ar Thuairim 2/13 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 18 Nollaig 2014[57]; á athdhearbhú an tábhacht a bhaineann le dlús a chur leis an bpróiseas aontachais, chun cosaint na gceart bunúsach a neartú san Aontas agus a seasamh i bpléití ar an smacht reachta a neartú agus Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas go seasta i gcomhréir le hAirteagal 218(10) CFAE; á chur in iúl gur geal leis, sna míonna atá amach romhainn, go bhfuil dhá sheisiún caibidlíochtaí sceidealaithe cheana le Comhairle na hEorpa[58] agus á iarraidh ar an gCoimisiún teacht os comhair coistí iomchuí Pharlaimint na hEorpa le linn na bpríomhthréimhsí polaitiúla sna caibidlíochtaí;

9. á iarraidh go ndéanfaí sásra AE maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a ghlacadh a bheadh bunaithe ar na rúin a tháinig uaithi roimhe sin[59] , ar sásra é nach gcruthaítear ordlathas luachanna leis agus lena n-áirithítear go ndéantar ní hamháin an smacht reachta, ach luachanna eile de chuid an Aontais freisin, lena n-áirítear réimse níos leithne de chearta bunúsacha, a mheasúnú go cuí;

10. á chur i bhfios go láidir gurb í an bhreithiúnacht neamhspleách cloch choirnéil an smachta reachta agus an chirt i dtaca le cosaint dlí éifeachtach a fháil[60]; ag moladh go n-imeofaí ón gcur chuige atá ann faoi láthair chun dul i ngleic le cásanna an smachta reachta i dtíortha ar leith ar bhealach ad hoc agus á iarraidh go ndéanfaí critéir agus measúnuithe comhthéacsúla a fhorbairt chun treoir a thabhairt do na Ballstáit maidir le haon saincheisteanna féideartha i leith an smachta reachta a aithint agus dul i ngleic leo ar bhealach rialta agus comparáideach; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith ullamh i gcónaí chun an smacht reachta a chosaint; ag moladh an chultúir chomhroinnte i leith an smachta reachta atá bainte amach sna 27 mBallstát agus in institiúidí an Aontais trí úsáid a bhaint as sainmhínithe, caighdeáin agus tagarmharcanna comhchoiteanna, ionas go saineofar coincheap an ‘smachta reachta’ agus go bhféadfar bealach a chinneadh chun an feidhmiú cuí de a fhíorú; á chur i bhfios go bhfuil feidhm ag prionsabal an smachta reachta ní hamháin i leith cháilíocht na bpróiseas reachtach, ach freisin i leith chur i bhfeidhm de facto agus neamh-idirdhealaitheach na reachtaíochta atá cheana ann; á mheas, thairis sin, go mbeadh meastóireachtaí rialta á ndéanamh ag saineolaithe neamhspleácha úsáideach toisc go mbeadh an Coimisiún in ann cinneadh a dhéanamh maidir leis an ngá atá ann le nósanna imeachta um shárú a sheoladh ar bhonn níos comhleanúnaí;

11. á chur i bhfáth go bhfuil ionstraimí idirnáisiúnta eile ann lena ndéanfaí coimircí breise a thabhairt isteach i dtaca le cearta bunúsacha shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais a chosaint, amhail Coinbhinsiún Iostanbúl agus Cairt Shóisialta na hEorpa; ag tathant ar an gCoimisiún daingniú AE ar Choinbhinsiún Iostanbúl a thabhairt i gcrích agus á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá a dhéanamh i gcomhair aontachas AE le Cairt Shóisialta na hEorpa;

12. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé cearta an duine agus cearta an linbh a neartú i ngach Ballstát, ar gá iad a thabhairt chun cuntais as aon sárú ar na cearta sin a bhraitear ar a chríoch;

13. á athdhearbhú go bhféadfadh sé go sainaithneofaí, faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa a reáchtálfar go luath, tosaíochtaí beartais atá réamhshainithe ach neamhchuimsitheach amhail luachanna Eorpacha, cearta agus saoirsí bunúsacha[61]; á chur in iúl gur geal leis go bhfuil an chosaint ar luachanna Eorpacha, go háirithe, cearta agus saoirsí bunúsacha shaoránaigh AE, i measc na sé thosaíocht pholaitiúla atá ag an gCoimisiún Eorpach agus gur féidir teacht orthu i gClár Oibre Straitéiseach na Comhairle Eorpaí do 2019-2024, ós rud é nach bhfuil aon amhras ach gur ábhar díospóireachta atá ann ar mór ag na saoránaigh é; á mheas go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaí na sásraí nua a glacadh chun luachanna Eorpacha a chosaint, lena n-áirítear cearta agus saoirsí bunúsacha, mar aon leis na sásraí smachtbhannaí dá bhforáiltear in Airteagal 7(3) CAE a phlé le linn na Comhdhála;

14. á athdhearbhú an gá atá le bearta chun a áirithiú go ndéanfar guth shaoránaigh AE a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh i leith thodhchaí na hEorpa agus atá le fíorchomhairliúchán oscailte, cuimsitheach agus daonlathach a bheith ann lena ndéanfar teagmháil leis na saoránaigh uile i ngach réigiún agus cathair den Aontas; á chur i bhfios nach foláir do AE leanúint de theagmháil dhíreach a dhéanamh lena shaoránaigh tar éis na Comhdhála chun buansásra idirphlé a bhunú.

15. ag moladh gur cheart don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa breithniú a dhéanamh i leith dlínse a thabhairt do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le gnéithe uile de dhlí AE, i gcomhréir le prionsabal dheighilt na cumhachta;

16. á mheabhrú, leis an togra le haghaidh rialachán maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálta maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, go mbeifí in ann smachtbhannaí a thabhairt isteach lena ndíreofaí ar Bhallstáit a ndéanann a neamhaird ar an smacht reachta cur chun feidhme fónta ar bhuiséad an Aontais agus leasanna airgeadais an Aontais a chur i mbaol; á thabhairt chun suntais, áfach, an gá atá le hathruithe a dhéanamh ar an gConradh ar an Aontas Eorpach chun na sásraí smachtbhannaí foriomlána de réir mar a fhoráiltear iad in Airteagal 7(3) a neartú;

17. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéanfar an smacht reachta a chosaint go héifeachtach agus go comhsheasmhach agus go ndéanfar sáruithe ar chearta bunúsacha a chosc i ngach Ballstát; á aithint go bhfuil ról lárnach ag an smacht reachta maidir le sáruithe ar chearta bunúsacha a chosc; á mheabhrú go bhfuil cearta bunúsacha de dhlúth agus d’inneach i luachanna an Aontais agus go bhfuil sásra in Airteagal 7 CAE chun freagairt d’aon sárú tromchúiseach leanúnach nó riosca soiléir maidir le sárú tromchúiseach ag Ballstát ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE; á thabhairt chun suntais gur cheart Airteagal 7 a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach ar na Ballstáit uile chun cóir chomhionann a áirithiú;

18. á mheabhrú gurb é an ceanglas i gcomhair aontoilíochta sa Chomhairle an príomhbhac atá ar chur i bhfeidhm Airteagal 7(2) CAE, mar shásra rogha deiridh chun luachanna an Aontais a chosaint; ag tabhairt dá aire go bhfuil sé thar a bheith deacair tairseach chomh hard sin a bhaint amach i gcomhlacht ina bhfuil ról tábhachtach ag gnéithe polaitiúla agus nár úsáideadh, dá bhrí sin, an sásra sin go héifeachtach fós;

19. ag moladh nár cheart gur taobh le réamhchoinníoll le haghaidh aontachais amháin a bheadh in urramú an smachta reachta mar cheann de na critéir d’aontachas Ballstát nua, ach gur critéar ceangailteach agus infhorfheidhmithe a bheadh ann chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na mBallstát leis na critéir sin ar feadh a mballraíochta in AE[62].

20. á chur i bhfáth nach foláir do AE úsáid níos córasaí a bhaint as na clásail shonracha dá bhforáiltear sna Conarthaí lena neartófaí an chosaint ar na cearta bunúsacha; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí na forálacha a chumhdaítear in Airteagal 83(1) CFAE a ghníomhachtú a luaithe is féidir chun foréigean inscnebhunaithe a áireamh i gcatalóg na gcoireanna atá aitheanta ag AE;

21. á chur in iúl gur geal leis gur fhógair an Coimisiún Straitéis nua maidir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha a chur chun feidhme ina Chlár Oibre do 2020; ag dréim leis go ndíreofar inti ar fheasacht a ardú ar an leibhéal náisiúnta;

 

22. á aithint go mbeidh tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ar chearta na saoránach dá dtagraítear i gCuid a Dó CFAE agus i dTeideal V den Chairt um Chearta Bunúsacha; á áitiú go mbeadh tairbhe ag baint le grinnscrúdú comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na Ríochta Aontaithe ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, agus go mbeadh sé ina dhíol sásaimh di dá bhféadfaí struchtúir chomhpháirteacha chun na críche sin a bhunú[63]; á chur in iúl gur geal léi, le linn na chéad chúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe um tharraingt siar, go mbeidh sé de cheangal ar an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh ar bhonn bliantúil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an chomhaontaithe, go háirithe maidir le Cuid a Dó (Cearta na Saoránach); ag dréim leis go leanfaidh an Coimisiún de thuairisciú a dhéanamh ar an dara cuid den chomhaontú tar éis na tréimhse sin.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

26.5.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

22

3

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Gabriele Bischoff, Geert Bourgeois, Fabio Massimo Castaldo, Leila Chaibi, Włodzimierz Cimoszewicz, Pascal Durand, Daniel Freund, Charles Goerens, Esteban González Pons, Sandro Gozi, Maria Grapini, Brice Hortefeux, Paulo Rangel, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Helmut Scholz, Pedro Silva Pereira, Antonio Tajani, László Trócsányi, Guy Verhofstadt, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

François Alfonsi, Brando Benifei, Jorge Buxadé Villalba, Markéta Gregorová

 

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

22

+

GUE/NGL

Leila Chaibi, Helmut Scholz

NI

Fabio Massimo Castaldo

PPE

Esteban González Pons, Paulo Rangel, Antonio Tajani, László Trócsányi, Loránt Vincze, Rainer Wieland

RENEW

Pascal Durand, Charles Goerens, Sandro Gozi, Guy Verhofstadt

S&D

Brando Benifei, Gabriele Bischoff, Włodzimierz Cimoszewicz, Maria Grapini, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira

NA GLASAIGH/SCE

François Alfonsi, Daniel Freund, Markéta Gregorová

 

 

 

3

-

ECR

Jorge Buxadé Villalba

ID

Gerolf Annemans, Antonio Maria Rinaldi

 

 

 

2

0

ECR

Geert Bourgeois

PPE

Brice Hortefeux

 

 

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA (7.9.2020)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

maidir le staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach - tuarascáil bhliantúil do na blianta 2018-2019

(2019/2199(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Yana Toom

 

 

 

 

PA_NonLeg

MOLADH

Iarrann an Coiste um Achainíocha ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), gníomh de dhlí príomha AE[64], a bheith á húsáid ag na Ballstáit ag leibhéal náisiúnta trí na cúirteanna náisiúnta agus trína chuimsiú i nósanna imeachta reachtacha agus dlí AE á chur chun feidhme, agus á chur in iúl gur oth léi gur chuir na Ballstáit a forálacha i bhfeidhm ar bhealach míchothrom, go háirithe Airteagal 51, a d‘fhéadfadh an tionscadal Eorpach a lagú agus a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de cháilíocht an daonlathais san Aontas Eorpach; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go seasfar agus go gcloífear leis an gCairt, agus leas á bhaint as na hionstraimí dlíthiúla go léir dá bhforáiltear; á mheabhrú go dtéann ionchais shaoránaigh AE maidir lena gcearta bunúsacha a chosaint, mar atá léirithe ag achainíocha, thar réimse chur i bhfeidhm na Cairte; á mheas gur gá an Chairt a chur chun cinn ar bhealach níos fearr, mar shampla trí fheachtais spriocdhírithe sna Ballstáit agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon, chun na forálacha a bhaineann léi a dhéanamh níos éifeachtaí agus í a chur chun cinn mar fhoinse dhearfach léirmhínithe fiú i gcásanna nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais; ag moladh do na parlaimintí náisiúnta, den mheon céanna, na caighdeáin is airde cosanta do chearta bunúsacha a áirithiú ina ndréacht reachtach; á mheas gur féidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) tacaíocht luachmhar a thabhairt do na Ballstáit ina leith sin, má théitear i gcomhairle léi;

2. á chur i bhfios go láidir an gá atá le hathruithe a d‘fhéadfaí a dhéanamh ar na conarthaí d’fhonn cosaint na gceart bunúsach dá bhforáiltear i gConarthaí AE do shaoránaigh AE a neartú tuilleadh;

3. ag meabhrú don Choimisiún an dualgas institiúideach atá air anailís a dhéanamh ar ghearáin ó shaoránaigh maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha laistigh de na Ballstáit;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear saoránaigh agus cónaitheoirí AE ar an eolas faoina gceart achainíocha a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoina gceart dul i muinín an Ombudsman chun seasamh lena gcearta agus chun sáruithe a thuairisciú, mar a leagtar síos in Airteagal 44 den Chairt agus in Airteagal 227 CFAE;

5. á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar ról na n-achainíocha trí idirphlé agus trí idirghníomhaíocht le saoránaigh AE maidir le cásanna drochriaracháin ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh; á mheabhrú gurb iad achainíocha de ghnáth na táscairí is luaithe ar sháruithe ar chearta bunúsacha sna Ballstáit;

6. á chreidiúint gur cheart go gcuirfí tús le comhrac an Aontais i gcoinne an chiníochais, na seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe le cumarsáid shoiléir agus le malartuithe oifigiúla faisnéise cruinne; á mheas nár cheart go mbeadh aon ghlacadh sa saol sóisialta leis an bhfuathchaint ná leis an tseineafóibe, lena n-áirítear in imeachtaí spóirt, agus go bhfuil sí buartha go háirithe faoi dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad, mar is minic iad a bheith á n-ionsaí; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a bhailiú go córasach sa réimse seo ionas gur féidir freagairtí dlíthiúla agus beartais atá éifeachtach agus bunaithe ar fhianaise a cheadú; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nár chuir na Ballstáit chun feidhme go hiomlán nó go cuí Cinneadh Réime na Comhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil[65] ná a íoschaighdeáin maidir le cionta i dtaobh coireanna áirithe a dhiúltú, glacadh leo agus a bheag a dhéanamh díobh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar aon fhuathchaint nó aon fhuathchoireacht líomhnaithe a shainaithint go héifeachtach agus go bpléifear leo i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus le dlí an Aontais;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún réiteach práinneach a mholadh chun deireadh a chur leis na cásanna neamhnáireacha de sháruithe ar chearta daonna na ndídeanaithe agus na n-imirceach in ionaid glactha ar ithir na hEorpa;

8. ag cur béim ar an bhfíoras gur gnéithe ríthábhachtacha den smacht reachta iad an bhreithiúnacht neamhspleách, an rochtain ar an gceartas, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse chun teacht ar fhaisnéis, í a ghlacadh agus a roinnt, agus iolrachas sna meáin; á iarraidh ar an gCoimisiún na croíluachanna sin de AE a fhorfheidhmiú nuair a sháraíonn na Ballstáit iad; á chur i bhfios an ról bunúsach atá ag an oideachas maidir le cumas na ndaoine anailís a dhéanamh ar theachtaireachtaí na meán a fhorbairt, agus á thabhairt chun suntais go ginearálta an gá práinneach atá ann céimeanna éifeachtacha a ghlacadh chun mífhaisnéis a chomhrac agus “bréagnuacht” chun dea-fheidhmíocht na meán i sochaí dhaonlathach a áirithiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na heasnaimh sa rochtain ar an gceartas, ar an gceart chun cosanta agus an easpa neamhspleáchais atá ag na breithiúna i roinnt Ballstát, a bhfuil lagú ar an smacht reachta mar thoradh orthu, rud a d’fhágfadh go mbeadh saoirse ó phionós agus éagóir ann dá bharr; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar shásra críochnúil chun measúnú neamhchlaonta rialta a dhéanamh ar an staid maidir leis an smacht reachta, leis an daonlathas agus le cearta bunúsacha sna Ballstáit uile; ag moladh go mbunódh an Coimisiún comhlacht AE chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an smachta reachta sna Ballstáit;

9. á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar éifeachtacht ionstraimí comhair bhreithiúnaigh AE, go háirithe an Barántas Gabhála Eorpach, agus a áirithiú go bhfuil íospartaigh uile na coireachta ar an eolas faoina gcearta agus go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí tacaíochta iomchuí, de bhun na Treorach maidir le Cearta Íospartach[66];

10. á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit sásraí dlí a bhunú chun coir a dhéanamh de ghníomhartha sonracha sceimhlitheoireachta agus de choireanna in aghaidh an chine dhaonna a mhóradh, agus iad ag náiriú na n-íospartach agus a bheith ina gcúis le híospairt thánaisteach trí dhíobháil a dhéanamh do dhínit agus do théarnamh na n-íospartach;

11. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme tuilleadh, prionsabail a mheastar a bheith ina mbunchloch do na hiarrachtaí an tAontas a fheabhsú dá shaoránaigh agus dá chónaitheoirí, lena n-áirítear trí bhearta reachtacha, i gcás inarb iomchuí, chun cearta sóisialta a áirithiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, amhail rochtain uilíoch ar oideachas ardcháilíochta cuimsitheach, foghlaim ar feadh an tsaoil, lánpháirtiú sóisialta agus gairme, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, dálaí oibre agus seirbhísí sóisialta feabhsaithe, mar a shainítear le prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena rannpháirtíocht i sásraí faireacháin lena ndírítear ar bhearta cuimsithe shóisialta do dhaoine faoi mhíchumas, agus le trédhearcacht na sásraí sin, mar a leagtar síos in Airteagal 26 den Chairt; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé leanúint d’fhorbairt a dhéanamh ar na gnéithe uile is gá de Chreat an Aontais Eorpaigh do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tacaíocht phobalbhunaithe leormhaith do dhaoine atá faoi mhíchumas, agus dá bhrí sin, á áitiú go ndíreoidh cistí comhfhreagracha AE go heisiach ar thionscnaimh den sórt sin, agus go seachnófaí cur chuige institiúidithe;

12. á iarraidh ar gach Ballstát AE nach bhfuil páirteach fós sa Phrótacal Roghnach a ghabhann le CRPD an Prótacal a dhaingniú go hiomlán chun cumarsáid ó dhaoine aonair nó thar ceann daoine aonair a cheadú; á iarraidh ar an gComhairle na bearta is gá a dhéanamh chun aontachas an Aontais leis an bPrótacal Roghnach a áirithiú;

13. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an ceart chun oideachais ag gach leanbh in AE agus go ndéanfar leas an linbh a urramú, agus iad a chosaint ar aon idirdhealú; á chur i bhfios go bhféadfadh córais oideachais a bhfuil scéimeanna tumtha teanga acu cur as don fhoghlaim, go háirithe i gcás leanaí faoi mhíchumas a bhaineann le fadhbanna forbartha teanga, amhail neamhord ar speictream an uathachais (ASD);

14. á chur i bhfios go bhfuil go leor achainíocha a cháineann mí-úsáidí ar chonarthaí ar théarma seasta, san earnáil phoiblí freisin; á chur in iúl gur oth léi go mór na cleachtais sin atá ann cheana agus á mheas go bhfuil siad contrártha le hAirteagail 30 agus 31 den Chairt, maidir leis an gcosaint ar dhífhostú agus maidir le dálaí cothroma oibre faoi seach;

15. á mheas gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an gceart bunúsach chun cúraim sláinte, atá cumhdaithe in Airteagal 35 den Chairt, agus ar na himpleachtaí ar leith do dhaoine a ndéanann einceifealaimiailíteas miailgeach/siondróm tuirse ainsealaí difear dóibh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil maoiniú leordhóthanach don taighde ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun tuiscint níos fearr a fháil ar na cúiseanna agus na húdair atá le heinceifealaimiailíteas miailgeach/siondróm tuirse ainsealaí agus le galair neamhchoitianta eile;

16. á mheabhrú gur gá rochtain a sholáthar ar cholún an cheartais comhshaoil de Choinbhinsiún Aarhus ar leibhéal AE, chun foráil a dhéanamh do chreat leordhóthanach agus do shásraí éifeachtacha don tsochaí shibhialta chun páirt níos mó a ghlacadh sa dualgas atá uirthi maidir le cosaint an chomhshaoil, i gcomhréir le spiorad Airteagal 37 den Chairt;

17. ag tabhairt chun suntais go bhfuil gá le coimircí nua-aimseartha chun príobháideachas agus cosaint sonraí a áirithiú i bhfianaise fhorbairt na dteicneolaíochtaí nua; ag tabhairt dá haire, seachas na himpleachtaí eiticiúla a ghabhann le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga (AI) agus mórshonraí, gur gá cearta bunúsacha úsáideoirí a chur san áireamh; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin creat dlíthiúil leormhaith a chur ar fáil do theicneolaíochtaí IS-bhunaithe; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs bhunú líonraí 5G agus an bhonneagair lena mbaineann, an chosaint is airde do chearta na saoránach a áirithiú, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a chur ar fáil, lena n-áirítear caighdeáin eiticiúla agus comhrialacha maidir le trédhearcacht, agus comhcheanglais a leagan síos maidir le measúnuithe tionchair ar chearta bunúsacha;

18. ag cur béim ar an ngá atá le reachtaíocht fheabhsaithe ar leibhéal an Aontais chun an pobal a chosaint ar chionta a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a d’fhéadfadh a gcearta bunúsacha a shárú;
á iarraidh go mbeadh rannpháirtíocht éifeachtach ag eintitis cháilithe na sochaí sibhialta i bhfaireachán a dhéanamh ar rialacha cosanta sonraí, trína chur ar a gcumas gearáin maidir le sáruithe ar chosaint sonraí a thaisceadh leis na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí; ag tabhairt dá haire gur gá, mar aon leis an gcreat dlíthiúil ábhartha, oideachas a chur ar an bpobal maidir le forbairtí digiteacha nua chun cosaint éifeachtach a gceart príobháideachais a áirithiú; ag tabhairt chun suntais go háirithe an gá atá le tionscnaimh spriocdhírithe agus nuálacha agus le treoirdhoiciméid shonracha do ghairmithe, lena n-áirítear gairmithe sláinte;

19. á mheabhrú go gcuirtear cosaint ar fáil le creat dlíthiúil AE atá ann faoi láthair in aghaidh idirdhealú ar fhorais inscne nó tionscnaimh chiníoch nó eitnigh, cé nach gcumhdaítear cineálacha eile idirdhealaithe ach amháin má bhaineann siad le réimse na fostaíochta agus na gairme; ag tabhairt chun suntais an fhianaise ollmhór maidir le hidirdhealú ar fhorais éagsúla i réimsí amhail oideachas, cosaint shóisialta agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí, lena n-áirítear tithíocht, agus á chur in iúl gur saoth léi an tsáinn atá ann maidir leis an dTreoir um Chóir Chomhionann a ghlacadh;

20. á iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) gealltanas a thabhairt maidir le comhionannas deiseanna a chur ar fáil agus maidir le dearbhú buanprionsabal a dhéanamh de Chód Eitice AE, lena dtugtar aghaidh ar theicneolaíocht agus ar chleachtais forbartha atá ag athrú;

21. ag tabhairt chun suntais gur sárú tromchúiseach agus do-ghlactha fós é an foréigean inscne; á iarraidh ar an gComhairle daingniú AE ar Choinbhinsiún Iostanbúl maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ar bhonn aontachas leathan, gan aon teorainneacha, a thabhairt i gcrích go práinneach; á iarraidh chomh maith ar na Ballstáit eile Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú agus a chur chun feidhme; ag spreagadh na mBallstát go léir nár dhaingnigh Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill é sin a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi go háirithe an obair atá déanta ag an nGrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht i gcoinne Foréigean Ban agus Foréigean Teaghlaigh (GREVIO), chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme Choinbhinsiún Iostanbúl; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht cur chun feidhme, agus fo-iarmhairtí an fhoréigin inscne á gcur san áireamh, agus a áirithiú go mbeidh fáil ar shonraí staidrimh maidir le foréigean in aghaidh na mban ar fud AE chun lucht déanta beartas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a chur ar an eolas;

22. á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon na n-achainíocha lena leagtar béim ar idirdhealú in aghaidh daoine a fheidhmíonn a gcearta bunúsacha, go háirithe réimse an neamh-idirdhealaithe, cearta teanga, cearta mionlaigh agus an ceart chun maoine; á mheabhrú go bhfuil urraim don éagsúlacht ar cheann de phrionsabail bhunaidh an Aontais agus á mheabhrú freisin an oibleagáid atá uirthi an éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teanga a urramú, mar a chumhdaítear in Airteagal 22 den Chairt; á chur i bhfáth gur cheart gníomhaíochtaí tacaíochta a chur chun cinn ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais araon chun an éagsúlacht sin a chaomhnú; á chreidiúint gur féidir dul i ngleic leis an idirdhealú teanga trí chur leis an gcur chun cinn ar úsáid teangacha réigiúnacha agus mionlaigh, i measc bealaí eile; á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá an ceart chun oideachais i mionteangacha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil rochtain theoranta ag roinnt cónaitheoirí fadtéarmacha ar an tsaorghluaiseacht agus nach bhfuil siad faoi chosaint ag cearta a bhaineann le frith-idirdhealú, in ainneoin an fhíornaisc atá acu leis an Aontas; á chur in iúl gur geal léi i ndáil leis an méid sin an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh maidir leis an ‘Minority SafePack’; á iarraidh ar an gCoimisiún ionstraimí dlí a mholadh chun na moltaí ón ‘Minority SafePack’ a chur chun feidhme;

23. á chur i bhfáth nach mór forálacha Airteagal 24 den Chairt maidir le cearta bunúsacha an linbh a urramú go cuí, go háirithe an coincheap go gcaithfidh leas an linbh a bheith ríthábhachtach in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh údaráis phoiblí, lena n-áirítear, mar shampla, cinntí a bhaineann le díospóidí trasteorann maidir le coimeád; á mheabhrú freisin i ndáil leis an méid sin ceart bunúsach éisteachta an pháiste mar aon leis an gceart, i bprionsabal, teagmháil a choimeád leis an mbeirt tuismitheoirí, mura léir go bhfuil sé contrártha le leas an linbh, agus ina dteanga féin chun oidhreacht chultúrtha éagsúil an linbh a chosaint;

24. á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chomhbheartaithe AE i réimse na cosanta leanaí ar leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur leis an gcomhar trasteorann idir na Ballstáit agus institiúidí AE chun teacht ar réitigh leormhaithe phrasa i gcásanna fuadaigh leanaí; á chreidiúint go bhfuil ról ag AE maidir le cearta an linbh a chur chun cinn, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta;

25. á áitiú go ndéanfaí cumhachtaí an Ombudsman Eorpaigh a thabhairt cothrom le dáta, mar a moladh i dtogra reachtach Pharlaimint na hEorpa le déanaí le haghaidh athbhreithniú ar Reacht an Ombudsman Eorpaigh[67], chun na cearta bunúsacha arna dtabhairt le hAirteagail 42 agus 43 den Chairt maidir le rochtain ar dhoiciméid agus cásanna a tharchur chuig an Ombudsman, faoi seach, a uasghrádú; á mheabhrú go bhfuil an rialachán nua seo maidir leis na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman, mar a ghlac an Pharlaimint iad, fós ar feitheamh ar thoiliú na Comhairle.

 

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

7.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

26

4

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Andrus Ansip, Jordan Bardella, Alexander Bernhuber, Markus Buchheit, Ryszard Czarnecki, Eleonora Evi, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Emmanouil Fragkos, Mario Furore, Gianna Gancia, Ibán García Del Blanco, Alexis Georgoulis, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Frédérique Ries, Alfred Sant, Monica Semedo, Massimiliano Smeriglio, Yana Toom, Loránt Vincze, Thomas Waitz, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pernando Barrena Arza, Ádám Kósa, Marie-Pierre Vedrenne

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

26

+

PPE

Alexander Bernhuber, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Ádám Kósa, Dolors Montserrat, Loránt Vincze

S&D

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Ibán García Del Blanco, Cristina Maestre Martín De Almagro, Alfred Sant, Massimiliano Smeriglio

RE

Frédérique Ries, Monica Semedo, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne

Na Glasaigh/SCE

Thomas Waitz, Tatjana Ždanoka

GUE

Pernando Barrena Arza, Alexis Georgoulis

NI

Eleonora Evi, Mario Furore

 

4

-

RE

Andrus Ansip

ECR

Ryszard Czarnecki, Emmanouil Fragkos, Kosma Złotowski

 

4

0

ID

Jordan Bardella, Markus Buchheit, Gianna Gancia, Stefania Zambelli

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

 

 

 

SEASAMH I bhFOIRM LEASUITHE ÓN gCOISTE UM CHEARTA NA mBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE (4.3.2020)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

maidir le staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach – Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019

(2019/2199(INI))

Thar ceann an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne Samira Rafaela (rapóirtéir)

 

LEASUITHE

Déanann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne na leasuithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach:

Leasú  1

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 5 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD),

Leasú  2

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 5 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla (ICCPR),

Leasú  3

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 5 c (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha (ICESCR),

Leasú  4

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 5 d (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú (ICERD),

Leasú  5

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 5 e (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint don Choinbhinsiún um Chearta an Linbh (CRC),

Leasú  6

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 6 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

Leasú  7

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 6 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

Leasú  8

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 8 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,

Leasú  9

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 21 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint don Innéacs Comhionannas Inscne ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) do 2018 agus 2019, mar aon lena tuarascáil ‘Béising +25 – An 5ú Athbhreithniú ar Chur Chun Feidhme Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising i mBallstáit an Aontais Eorpaigh’,

Leasú  10

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 27 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 ar fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE1,

______________

1 Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0111.

Leasú  11

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 34 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint do Mholadh (AE) 2018/951 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais,

Leasú  12

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 34 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2018 ón gCoimisiún ar an Liosta de ghníomhaíochtaí chun comhionannas LADTI a chur chun cinn,

Leasú  13

Tairiscint i gcomhair rúin

Lua 38 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

- ag féachaint don Pháipéar Saincheiste maidir le cearta agus sláinte gnéis agus atáirgthe na mBan san Eoraip (2017) ag Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine,

Leasú  14

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Aa. de bhrí gur cearta daonna iad cearta na mban agus gur cearta uilíocha iad dá réir sin, agus nach mór iad a urramú agus a chur chun cinn sna Ballstáit uile;

Leasú  15

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ab. de bhrí gur minic an fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne a bheith nasctha leis an meath ar bhonn níos leithne ar staid an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go n-áireofaí cearta na mban i sásra an smachta reachta sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile; de bhrí gur cheart do mhná agus d’fhir a bheith ina gcomhghuaillithe ag a chéile sa chomhrac i gcoinne na frithfhreagartha seo agus i dtacú leis an dul chun cinn maidir le comhionannas inscne agus i gcur chun cinn chearta na mban;

Leasú  16

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A c (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ac. de bhrí nach leor an dul chun cinn atá déanta maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear cearta na mban, agus go háirithe i bpríomhréimsí na gcreataí institiúideacha agus beartais um chomhionannas inscne; de bhrí gurbh ann do fhrithfhreagairt eagraithe i gcoinne chearta na mban agus LADTI+, ar údar imní é, i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas, agus gluaiseachtaí frith-inscne ag iarraidh cearta agus sláinte gnéis agus atáirgthe a theorannú, lena n-áirítear trí dhiúltú do rochtain ar chineálacha nua-aimseartha frithghiniúna agus trí réamhchoinníollacha cúlchéimnitheacha a thabhairt isteach i ndáil le ginmhilleadh, iarrachtaí chun toirmeasc iomlán a chur ar ghinmhilleadh, comhionannas do dhaoine LADTI+ a theorannú, toirmeasc a chur ar ghnéasoideachas agus staidéar inscní, agus feachtais á gcur chun cinn i gcoinne Choinbhinsiún Iostanbúl, lena ndiúltaítear d’fhoréigean inscne a bheith ann;

Leasú  17

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A d (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ad. de bhrí gur sárú ar chearta bunúsacha gurb ea gach cineál foréigin inscne (lena n-áirítear ciapadh agus foréigean san áit oibre, ag baile agus ar líne) a dhéanann difear do leibhéil uile na sochaí, gan beann ar aois, ar oideachas, ar sheasamh sóisialta agus ar thír thionscnaimh nó chónaithe, agus ar mórbhacainn é ar chomhionannas idir mná agus fir;

Leasú  18

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A e (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ae. de bhrí gur minice mná a bheith faoi réir cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe, go háirithe mná atá faoi mhíchumas, mná imirceacha agus mná ar de bhunadh mionlaigh eitnigh iad, mná de chine daite, mná Romacha, mná scothaosta, mná le leibhéil níos ísle oideachais, mná a bhfuil fadhbanna sláinte acu, mar aon le mná LADTI+;

Leasú  19

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A f (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Af. de bhrí go bhfuil a oiread le 11 Bhallstát nach ndéanann sonraí a sholáthar maidir le mná ar íospartaigh iad de dhúnmharú intinniúil faoi lámha dlúthpháirtí nó duine muinteartha; de bhrí, de réir na sonraí ó na 17 mBallstát de chuid AE atá fágtha, gur maraíodh 788 mbean faoi lámha dlúthpháirtí nó duine muinteartha in 20162;

______________

2 https://eige.europa.eu/sites/default/files/documents/20190390_mh0419039enn_pdf.pdf

Leasú  20

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A g (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ag. de bhrí go leagtar síos in Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh prionsabal an phríomhshruthaithe inscne trína mhaíomh nach mór don Aontas ina chuid gníomhaíochtaí uile díriú ar neamhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn;

Leasú  21

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A h (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ah. de bhrí gur bunluach de chuid an Aontais Eorpaigh é an comhionannas idir fir agus mná; de bhrí gur ceart bunúsach é an chóir chomhionann agus an neamh-idirdhealú a chumhdaítear sna Conarthaí ar cheart é a chur i bhfeidhm sa reachtaíocht, i gcleachtas, i gcásdlí, agus sa ghnáthshaol;

Leasú  22

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A i (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ai. de bhrí go dtugann Airteagal 13 de Chonradh Amstardam bunús dlí do AE chun idirdhealú ar fhorais maidir le bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh a chomhrac;

Leasú  23

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A j (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Aj. de bhrí go bhfuil creat ginearálta do chóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha curtha chun feidhme cheana ag AE, lena dtugtar sainordú dó idirdhealú atá bunaithe ar reiligiún nó creideamh, aois, míchumas agus gnéaschlaonadh sa mhargadh saothair a chomhrac; de bhrí gur cheart bearta frithidirdhealaitheacha comhchosúla a chur chun feidhme ar bhonn práinneach lasmuigh den mhargadh saothair;

Leasú  24

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A k (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ak. de bhrí go bhfuil mná fós faoi thearcionadíocht agus go leantar den idirdhealú ina gcoinne ar an margadh saothair, go háirithe i bpoist cheannaireachta, agus go bhfuil siad ró-ionadaithe sna tionscail ísealioncaim amhail obair shóisialta, obair chúraim agus an t-oideachas, agus gur mó ama a chaitheann siad ná fir le hobair tí agus cúram gan íocaíocht, ós rud é gur cúramóirí neamhfhoirmiúla neamhíoctha a sholáthraíonn 80% den chúram uile a sholáthraítear ar fud AE agus gur mná iad 75% de na cúramóirí sin; de bhrí gur ann fós do dheighilt shuntasach fostaíochta idir róil agus poist na mban agus na bhfear, ag a bhfuil tionchair dhiúltacha ar chomhionannas ioncaim inscne agus ar fhorbairt shochaíoch; de bhrí go bhfuil gá le bearta speisialta chun tacú le mná, go háirithe mná atá ag filleadh ar an margadh saothair tar éis sos fada gairme chun cur lena n-acmhainneacht sa mhargadh saothair;

Leasú  25

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A l (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Al. de bhrí, ar an meán, go dtuilleann bean 84 cent in aghaidh na huaire in aghaidh gach euro a thuilleann fear, agus bearna phá 16% idir na hinscní mar thoradh air; de bhrí gurb ionann an bhearna phinsin idir na hinscní agus 35 %3;

_______________

3 https://eige.europa.eu/sites/default/files/documents/20190390_mh0419039enn_pdf.pdf

Leasú  26

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A m (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Am. de bhrí gur sampla é an digitiú ina bhfaightear íocaíocht níos fearr ina leith agus ag a bhfuil mórthionchar sochaíoch; de bhrí nach bhfuil ach 17% de speisialtóirí TFC ar mná iad; de bhrí go bhfuil mná faoi thearcionadíocht ar go leor leibhéal san Eoraip, amhail i ngnólachtaí nuathionscanta, in earnáil na nuálaíochta, agus mar fhaighteoirí caipitil fiontair;

 

Leasú  27

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris A n (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

An. de bhrí, de réir thorthaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) ina Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2019, ina suirbhéanna agus staidéir náisiúnta éagsúla, gur fíordhálaí fós sa ghnáthshaol ar fud AE gurb ea an t-idirdhealú agus neamhionannais ar fhorais éagsúla; de bhrí go léirítear go comhsheasmhach leis na torthaí sin freisin gurb annamh le daoine a ndéantar idirdhealú orthu é a thuairisciú; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag comhlachtaí comhionannais náisiúnta i gcur chun cinn na córa comhionainne agus sa soláthar cúnaimh d’íospartaigh an idirdhealaithe;

Leasú  28

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris C a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Ca. de bhrí, de réir Innéacs Comhionannais Inscne 2019, go bhfuil ionadaíocht pholaitiúil na mban ar leibhéal aireachta in AE fós tuairim is aon trian chun deiridh ar ionadaíocht na bhfear;

Leasú  29

Tairiscint i gcomhair rúin

Aithris F a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

Fa. de bhrí, de réir an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann in 2018 gur mhná iad 18% de na hiontrálacha neamhdhleathacha uile a tháinig thar theorainneacha seachtracha AE, agus gur leanaí bunáite duine as gach cúigear imirceach a cláraíodh, le tuairim is 3 750 díobh neamhthionlactha; de bhrí go bhfuil na mná agus na leanaí sin go háirithe leochaileach i leith mí-úsáidí ar a gcearta bunúsacha, amhail gáinneáil ar dhaoine;

Leasú  30

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 1 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

1a. ag tathant ar an gComhairle na caibidlíochtaí faoin Treoir maidir le Mná ar Bhoird a dhíbhlocáil ar bhonn práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an éagothroime shuntasach ar ann di idir mná agus fir sa chinnteoireacht eacnamaíoch ar an leibhéal is airde, ag cruthú na ndálaí, dá bhrí sin, chun go mbeidh ar chumas na mban a gcearta iomlána sóisialta agus eacnamaíocha a theachtadh; á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas Uachtarán an Choimisiúin ina Treoirlínte Polaitiúla i leith tromlach a bhaint amach chun an Treoir seo a dhíbhlocáil;

Leasú  31

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 2 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

2a. ag tabhairt dá haire nach raibh faireachán an Choimisiúin éifeachtach i leith chur chun feidhme Threoir 2006/54/CE maidir le prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha i ndáil leis an mbearna phá a dhúnadh, agus á iarraidh go ndéanfaí an Treoir a chur chun feidhme go hiomlán, mar aon lena hathbhreithniú, agus go n-áireofaí ceanglas éigeantach do chuideachtaí ar mhaithe le pleananna comhionannais inscne a tharraingt suas;

Leasú  32

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 2 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

2b. á chur i bhfáth go bhfuil tionchar ag neamhionannas pá inscnebhunaithe sna Ballstáit ar chearta bunúsacha na mban; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an prionsabal ‘pá comhionann as obair chomhionann’ do na bearta uile a bhaineann leis an margadh saothair atá cumhdaithe in Airteagal 157 CFAE;

Leasú  33

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 2 c (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

2c. ag tathant ar an gCoimisiún clár Eorpach do chúramóirí a chur faoi bhráid na Comhairle lena fhormheas, d’fhonn na cineálacha éagsúla de sholáthair neamhfhoirmiúil cúraim san Eoraip a shainaithint agus chun aitheantas a thabhairt dóibh, agus lena ráthaítear tacaíocht airgeadais do chúramóirí, ag treisiú, dá bhrí sin, cearta chun fostaíochta na mban;

Leasú  34

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 2 d (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

2d. á iarraidh ar an Ballstáit tacú le cur chun feidhme na Treorach maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil ós rud é go ndéanann sí prionsabal an chomhionannais a threisiú ina lán réimsí amhail an fhostaíocht agus an obair;

Leasú  35

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 d (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4d. á chur i bhfios, de réir Innéacs Comhionannais Inscne 2019, gurb iad na neamhionannais inscne is mó is díol imní i réimse na cumhachta; ag tabhairt dá haire, mar threocht ghinearálta, gur tháinig feabhas ar ionadaíocht na mban sna Ballstáit a bhfuil cuótaí d’iarrthóirí arna bhforordú leis an dlí glactha acu; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do rannpháirtíocht na mban a spreagadh sa phróiseas toghchánach Eorpach trí liosta atá cothrom ó thaobh inscne de a áireamh sa chéad athbhreithniú eile ar an Ionstraim a bhaineann le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach;

Leasú  36

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 e (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4e. ag tabhairt dá haire go bhfuil éagsúlachtaí suntasacha ar fud AE maidir le sainorduithe, inniúlachtaí agus acmhainní na gcomhlachtaí comhionannais arna mbunú ag na Ballstáit i gcomhréir leis na treoracha maidir le comhionannas; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú gur féidir leo na cúraimí a shanntar dóibh a chomhlíonadh go héifeachtach agus go neamhspleách ar bhealach lena dtugtar aird chuí ar an moladh ón gCoimisiún;

Leasú  37

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 f (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4f. á iarraidh ar an gComhairle an Treoir um Chóir Chomhionann atá beartaithe a dhíbhlocáil ar bhonn práinneach tar éis 10 mbliana dúsháinne chun an bhearna reatha chosanta i gcreat dlíthiúil AE don neamh-idirdhealú ar fhorais aoise, mhíchumais, reiligiúin nó chreidimh, nó ghnéaschlaonta a dhúnadh; á iarraidh ar an gComhairle prionsabal na córa comhionainne idir daoine i bpríomhréimsí amhail cosaint shóisialta, an t-oideachas agus rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí a chur chun feidhme ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne de, agus a áirithiú nach ndéanfaidh AE ordlathas saorga foras a chur chun feidhme;

Leasú  38

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 g (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4g. á chur i bhfáth go n-imríonn éifeachtaí an athraithe aeráide tionchar ar an tsochaí ina hiomláine, ach go háirithe ar mhná agus ar ghrúpaí atá i staid neamhchinnte nó leochaileach, ag cur, dá bhrí sin, leis na neamhionannais agus ag laghdú ar a gcumas a gcearta bunúsacha a fheidhmiú;

Leasú  39

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 h (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4h. á chur in iúl gurb oth léi gurb ann do bhearnaí leanúnacha agus fadsheasmhacha pá agus pinsin idir na hinscní arb ionann fós iad agus 16% agus 35% de réir na sonraí is déanaí atá ar fáil; á chur i bhfáth go léirítear neamhionannas leanúnach i réimse na hoibre leis na figiúirí sin;

Leasú  40

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 i (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4i. á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas Uachtarán an Choimisiúin agus an Choimisinéara Comhionannais araon maidir le bearta a chur síos chun bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá a thabhairt isteach sa chéad 100 lá de shainordú an Choimisiúin; á mheas gur cheart go n-áireofaí beartais láidre forfheidhmiúcháin agus smachtbhannaí láidre sa treoir bheartaithe dóibh siúd nach gcomhlíonann na ceanglais, agus gur cheart go mbeadh feidhm aici maidir leis an earnáil phríobháideach agus leis an earnáil phoiblí araon, mar aon le pacáistí luacha saothair ina n-iomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a thabhairt isteach a chuirfeadh le moladh 2014 amhail (a) sainmhíniú soiléir ar chritéir chun luach na hoibre a mheas, (b) córais mheastóireachta agus rangaithe post inscne-neodrach, (c) iniúchtaí éigeantacha pá idir na hinscní agus tuairisciú chun pá comhionann a ráthú (d) teidlíocht oibrithe faisnéis lánphá a iarraidh agus an ceart chun sásaimh (e) spriocanna soiléire d’fheidhmíocht chomhionannais cuideachtaí;

Leasú  41

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 j (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4j. á chur in iúl gurb oth léi a mhoille atá an dul chun cinn ar an gcomhionannas inscne de réir EIGE, agus nár tháinig ach ardú d’aon phointe amháin ar scór AE don chomhionannas inscne ó 2017 i leith; ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon fheabhsuithe á ndéanamh i roinnt mhaith réimsí, agus go bhfuil cearta bunúsacha na mban fós á sárú;

Leasú  42

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 k (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4k. á iarraidh ar an Ballstáit agus ar chomhlachtaí uile AE oibriú i gcomhar le EIGE agus le FRA, i gcomhréir leis an diongbháilteacht chomhroinnte oibriú i gcomhar le chéile chun an foréigean agus an t-idirdhealú inscne a chomhrac; á iarraidh go gcuirfí leis an gcomhar le heintitis ábhartha idirnáisiúnta amhail na Náisiúin Aontaithe, go háirithe le Mná NA; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí stóinsithe, imdhealaithe agus inchomparáide a bhailiú chun bonn eolais a chur faoi bheartais neamh-idirdhealaithe atá bunaithe ar fhianaise, faireachán a dhéanamh ar threochtaí, agus measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme threoracha AE maidir le comhionannas agus caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, bunú an Ghrúpa Ardleibhéil de chuid AE maidir le Neamh-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Comhionannas (HLG) agus an Fhoghrúpa maidir le Sonraí Comhionannais agus a threoirlínte maidir le feabhas a chur ar bhailiú agus ar úsáid sonraí;

Leasú  43

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 l

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4l. á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas an Choimisinéara Helena Dalli i leith Straitéis nua uaillmhianach Chomhionannais Inscne a chur chun cinn faoin 8 Márta 2020, ina mbeidh tograí nua reachtacha chomh maith le bearta beartais géaraitheacha, lena n-áirítear, inter alia, bearta maidir le rannpháirtíocht inscne, steiréitíopaí inscne, míchumas, frithfhreagairt in éadan chearta na mban agus foréigean i gcoinne na mban a chomhrac;

Leasú  44

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 5 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

5a. ag cáineadh na frithfhreagartha in éadan chearta na mban agus an chomhionannais inscne i roinnt de na Ballstáit; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na srianta ar shláinte agus ar chearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) agus á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó aon bhearta a ghlacadh lena mbainfí an bonn de chearta an duine, den chomhionannas inscne agus de SRHR; á athdhearbhú gur cearta bunúsacha iad SRHR do mhná agus do chailíní uile, agus nach mór iad a urramú, lena n-áirítear an ceart chun neamhspleáchais colainne agus ghnéasaigh agus a bheith saor ó chomhéigean, ó idirdhealú agus ó fhoréigean; á chreidiúint go láidir gur cheart go ráthófaí do gach bean in AE rochtain ar SRHR agus go háirithe an rogha maidir le frithghiniúint agus pleanáil teaghlaigh agus cúram sláinte príomhúil, gínéiceolaíoch agus cnáimhseach, lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil; á iarraidh ar na Ballstáit uile ginmhilleadh agus cúram a bhaineann le ginmhilleadh a dhíchoiriúlú; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun cinn agus feabhsú SRHR a áireamh sa chéad Straitéis Sláinte eile;

Leasú  45

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6a. á chur i bhfáth go bhfuil an foréigean inscnebhunaithe mar iarmhairt agus mar cheann de na cúiseanna araon atá leis an neamhionannas leanúnach inscne;

Leasú  46

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6b. á athdhearbhú go láidir an luach atá le Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa i ndáil le foréigean i gcoinne na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) mar an chéad ionstraim iomlánaíoch idirnáisiúnta chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac; á chur in iúl gur díol sásaimh di an gealltanas a thug Uachtarán an Choimisiúin ina Clár Oibre don Eoraip i leith aontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl a dhíbhlocáil; á chur i bhfáth an gá atá le haontachas AE a thabhairt chun críche go práinneach ar bhonn aontachas leathan gan teorainneacha, chun tacú lena dhaingniú ag na Ballstáit uile agus chun cur chun feidhme cuí an Choinbhinsiúin a áirithiú; á mheabhrú do na Ballstáit nach ndéanann aontachas beartaithe AE iad a shaoradh ón gCoinbhinsiún a dhaingniú ar leibhéal náisiúnta; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tuairim a thug Coimisiún na Veinéise i gComhairle na hEorpa le déanaí maidir leis an Airméin mar uirlis den scoth chun na míthuairimí ar fad faoi Choinbhinsiún Iostanbúl a shoiléiriú agus a chomhrac;

Leasú  47

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 c (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6c.  á chur in iúl gur díol sásaimh di na gealltanais i leith comhionannas a thug Uachtarán an Choimisiúin ina Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile (2019-2024), na bearta a fógraíodh i gClár Oibre an Choimisiúin do 2020, agus go háirithe na tograí maidir le híoschaighdeáin i ndáil le cineálacha áirithe foréigin a shainmhíniú agus an Treoir maidir le Cearta Íospartach a neartú, chomh maith le togra a chur síos chun foréigean i gcoinne na mban a chur ar liosta na gcoireanna sin a aithnítear in AE agus a shainítear sa Chonradh; á mheas gurb é an bealach is fearr chun cinn ná rialú a dhéanamh, i ngníomh reachtach aonair, ar chosc agus ar dhíothú gach cineáil agus gach gné den fhoréigean inscnebhunaithe trí threoir a ghlacadh maidir leis an bhforéigean i gcoinne na mban agus na gcailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe a chomhrac;

Amendment  48

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 d (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Amendment

 

6d. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di líon scáfar na bhfeimeamharuithe san Eoraip, arb é an cineál foréigin is measa i gcoinne na mban é; á chur in iúl gurb oth léi an easpa sonraí atá ar fáil i roinnt Ballstát, lena léirítear nach n-aithnítear an fhadhb seo;

Leasú  49

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 e (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6e. á mheabhrú go bhfuil foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh forleathan ar fud AE, agus gur minic a bhíonn rochtain theoranta ag íospartaigh ar cheartas agus ar chosaint chuí; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freagairt go hiomchuí don dúshlán forleathan seo maidir le cearta bunúsacha agus slándáil trí thosaíocht a dhéanamh de agus trí oibriú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun rochtain níos fearr ar cheartas a chur chun cinn;

Leasú  50

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 f (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6f. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an ‘clásal passerelle’ a chumhdaítear in Airteagal 83(1) CFAE a ghníomhachtú a luaithe is féidir chun foréigean i gcoinne na mban agus na gcailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe a áireamh i gcatalóg na gcoireanna atá aitheanta ag AE, agus chun a ligean don Choimisiún togra le haghaidh treorach a chur chun cinn ina n-úsáidtear Airteagal 83 CFAE mar bhunús dlí;

Leasú  51

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 g (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6g. á chur in iúl gurb oth léi an claonadh atá ann le blianta beaga anuas ciorrú a dhéanamh ar chistí de chuid AE a úsáidtear chun gach cineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní a chomhrac; á athdhearbhú a hiarraidh i leith acmhainní a chur i leataobh agus a mhéadú do shraith Daphne sa Chlár um Chearta agus Luachanna, mar aon lena cuspóir sonrach a bhaineann le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn agus a chosaint;

Leasú  52

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 h (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6h. á chur i bhfios go bhfuil an iomarca ban fós á gcur faoi ghnéaschiapadh i spásanna poiblí agus san ionad oibre; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí, ar chomhlachtaí agus ar ghníomhaireachtaí AE dlús a chur lena bhfreagairt ar an bhfeiniméan seo; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur i gcoinne an chiaptha ar líne lena ndírítear ar chailíní agus ar mhná go díréireach, go háirithe iad siúd sa saol poiblí agus sa saol polaitiúil; á chur in iúl gur díol sásaimh di Coinbhinsiún EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh sa Domhan Oibre (C190) a glacadh le déanaí, agus á iarraidh ar na Ballstáit uile é a dhaingniú gan mhoill; á iarraidh ar an Ballstáit feachtais múscailte feasachta a chur chun feidhme ina leith sin, lena ndíreofar ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach araon;

Leasú  53

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 i (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6i. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar inchomparáideacht na sonraí imdhealaithe ardcháilíochta maidir le foréigean inscnebhunaithe trí chomhar le Eurostat, le EIGE agus le FRA i gcomhréir le hoibleagáidí Choinbhinsiún Iostanbúl maidir le sonraí a bhailiú agus taighde; á iarraidh ar an gCoimisiún an athuair faireachlann Eorpach maidir le foréigean inscnebhunaithe a bhunú d’fhonn sonraí cruinne agus inchomparáide a bhailiú i gcomhréir leis an bhFaireachlann Stáit um Fhoréigean i gcoinne na mBan de chuid EIGE;

Leasú  54

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 j (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6j. á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag tionscnaimh lena ndéantar neamhionannas inscne a mhaolú in AE i leith chearta bunúsacha na mban a chur chun cinn agus a chosaint; á iarraidh i ndáil leis an méid sin, go mbeidh cur chuige láidir fianaise-bhunaithe ann lena bhféadfar measúnuithe tionchair leormhaithe agus úsáideacha a dhréachtú maidir le comhionannas inscne;

Leasú  55

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 6 k (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

6k. á mheabhrú gur uirlis fhíor-riachtanach gurb ea an príomhshruthú inscne chun deireadh a chur le neamhionannais, comhionannas inscne a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac; á athdhearbhú a hiarraidh ar an gCoimisiún príomhshruthú inscne a thabhairt isteach i mbeartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha uile an Aontais; á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas an Choimisinéara nua um Chomhionannas i leith Tascfhórsa um Chomhionannas a chruthú ar mhaithe le cur chuige trasnach a fhorbairt i leith príomhshruthú inscne i mbeartais uile AE; á chreidiúint gur féidir cuidiú le beartais AE atá íogair ó thaobh inscne de a fhorbairt trí chaidreamh idirinstitiúideach níos láidre i réimse an phríomhshruthaithe inscne; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh comhar struchtúrtha ann maidir le príomhshruthú inscne idir na comhpháirtithe institiúideacha uile, amhail an Coimisiún, an Chomhairle agus EIGE;

Leasú  56

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 7 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

7a. á iarraidh go dtabharfadh an straitéis nua maidir le sláinte na Romach agus straitéis 2020 na Romach aghaidh ar an idirdhealú i gcoinne na mban Romach, lena n-áirítear na sáruithe tromchúiseacha ar chearta atáirgthe agus ar chearta sláinte máthartha i saoráidí sláinte;

Leasú  57

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 7 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

7b. ag tabhairt dá haire i ndáil le SDG 5, gur fhoilsigh FRA in 2014 an chéad suirbhé — agus an t-aon suirbhé uile-Aontais go dtí seo — ar fhoréigean i gcoinne na mban, agus go mbaileofar an tacar iomlán sonraí don chéad suirbhé eile idir 2020 agus 2022; ag spreagadh na gníomhaireachta an suirbhé a fhoilsiú níos minice agus níos rialta, agus suirbhéanna eile a dhéanamh maidir le hidirdhealú inscne;

Leasú  58

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8a. á iarraidh ar an gCoimisiún gné an phríomhshruthaithe inscne a bheith níos lárnaí sa Seimeastar Eorpach trí ghné na hinscne a thabhairt isteach sa suirbhé bliantúil fáis agus i bpróiseas foirmlithe na Moltaí Tírshonracha (CSRanna);

Leasú  59

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8b. á chur i bhfáth an gá atá ann aghaidh a thabhairt ar bhacainní inscneacha maidir le rochtain a fháil ar cheartas sna Ballstáit, bíodh sin i dtéarmaí socheacnamaíocha, dlí nó nós imeachta, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit céimeanna a ghlacadh chun deireadh a chur leo; á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir maidir le Cearta Íospartach a chur chun feidhme go hiomlán chun feasacht ar chearta a áirithiú, agus go mbeidh rochtain ar sheirbhísí tacaíochta iomchuí agus ar leigheasanna éifeachtacha ar fáil d’íospartaigh uile na coireachta; á chur i bhfios go láidir gur saincheist ríthábhachtach gurb ea rochtain ar cheartas d’íospartaigh mhná an fhoréigin inscnebhunaithe agus, i measc íospartach, go bhfuil mná imirceacha gan doiciméid i staid atá a dhá oiread níos leochailí amhail go bhféadfadh drogall a bheith orthu sáruithe a thuairisciú do na póilíní;

Leasú  60

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 c (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8c. ag tabhairt dá haire go bhfuil buiséadú inscne ar cheann de na príomhghnéithe de straitéis príomhshruthaithe inscne; á chur i bhfáth nach mór do bhuiséadú inscne a bheith mar chuid lárnach den nós imeachta buiséadach, lena n-áirítear sa chéad CAI eile; á chur i bhfáth a hiarraidh i leith clásal buiséadaithe inscne a chur isteach sa rialachán maidir leis an gcéad CAI eile, agus foráil chun athbhreithniú meántéarmach a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a áirithiú;

Leasú  61

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 d (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8d. á iarraidh ar an Ballstáit a n-oibleagáidí a chomhlíonadh go hiomlán faoin ICESCR, faoin gCoinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in Aghaidh na mBan a Dhíothú agus faoi ICERD;

Leasú  62

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 e (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8e. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle buiséad réalaíoch a chur ar fáil lena bhféadfaí an t-idirdhealú agus an neamhionannas ar fhorais éagsúla a chomhrac go héifeachtach, lena gcuirfí cóir chomhionann chun cinn, agus lena dtabharfaí tacaíocht d’íospartaigh an idirdhealaithe; á athdhearbhú gur cheart maoiniú leordhóthanach buiséid a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí todhchaíocha FRA;

Leasú  63

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 f (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8f. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit UN CRPD agus a Phrótacal Roghnach a chur chun feidhme go hiomlán; á mheabhrú go bhfuil mná agus cailíní atá faoi mhíchumas go mór faoi lé an iliomad cineálacha idirdhealaithe agus go gcoisctear iad, dá bhrí sin, ar a gcearta bunúsacha a theachtadh go hiomlán ar bhonn comhionann;

Leasú  64

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 g (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8g. á iarraidh ar an Ballstáit a áirithiú go ndéanfar cearta na mban agus cearta LADTI + a chosaint agus a aithint mar phrionsabail chomhionannais atá ina ndlúthchuid den daonlathas agus den smacht reachta;

Leasú  65

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 h (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8h. ag tabhairt dá haire i mí na Bealtaine 2019, gur athsheol an Ghníomhaireacht, tar éis seacht mbliana, an dara suirbhé LGBTI ar fud AE, arb é is aidhm dó tiomsú a dhéanamh ar na daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha ar fud an Aontais, na Macadóine Thuaidh agus na Seirbia a ndearnadh idirdhealú orthu agus fuathchoireacht ina leith, chomh maith lena dtuairimí agus na dúshláin atá os a gcomhair; ag tathant ar FRA torthaí an tsuirbhé a fhoilsiú in 2020 agus a áirithiú go ndéanfar an suirbhé níos minice agus níos rialta amach anseo;

Leasú  66

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 i (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8i. á thabhairt chun suntais an gá atá le beartais spriocdhírithe ag a bhfuil cur chuige trasnach chun cearta bunúsacha na mban leochaileach a ndéantar il-idirdhealú orthu a ráthú, amhail dídeanaithe mná, iarrthóirí tearmainn agus imircigh, mná ó mhionlaigh reiligiúnacha agus eitneacha, mná LADTI+ mná scothaosta agus mná atá faoi mhíchumas;

Leasú  67

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 j (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8j. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil gluaiseachtaí frith-chomhionannais inscne agus frith-LADTI+ tar éis teacht chun cinn i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas; á chur i bhfáth go bhféachann na gluaiseachtaí sin le dúshlán a thabhairt do chearta bunúsacha bunaithe a bhaineann le comhionannas inscne, agus go bhféachann siad le dlíthe agus beartais lena gcosnaítear cearta na mban agus lena gcosnaítear daoine LGBTI+ a chosaint ar fhuathchoireacht agus ar idirdhealú a chosc agus a rolladh siar;

Leasú  68

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 k (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8k. á athdhearbhú a hiarraidh ar an Coimisiún straitéis EU LADTI+ a ghlacadh lena gcuirtear san áireamh éilimh roimhe seo na Parlaiminte, agus lena n-áirithítear leanúnachas agus obair leantach stóinsithe ar an liosta gníomhaíochtaí roimhe seo an Choimisiúin chun comhionannas LADTI+ a chur chun cinn;

Leasú  69

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 l (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8l. ag tabhairt dá haire gur le grúpaí mionlaigh a bhaineann na mná is leochailí, lena n-áirítear mionlaigh inscne agus mionlaigh ghnéis, mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh chun dul i ngleic le fuathchaint i gcoinne grúpaí leochaileacha den chineál sin;

Leasú  70

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 m (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8m. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur in iúl agus a athdhearbhú a thábhachtaí agus a thairbhí atá sé cearta na mban agus an comhionannas inscne a chosaint agus steiréitíopaí inscne a dhíothú don tsochaí, agus tacú tuilleadh le forbairt agus scaipeadh taighde agus faisnéise atá bunaithe ar fhianaise maidir le cearta na mban;

Leasú  71

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 8 n (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

8n. á ghealladh go molfaidh sí bearta chun cothromaíocht inscne a bhaint amach in institiúidí AE faoi chuimsiú na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa atá ar na bacáin;

Leasú  72

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 11 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

11a. ag tabhairt dá haire an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí neamhspleách shibhialta i roinnt Ballstát, go háirithe eagraíochtaí chearta na mban agus cosantóirí chearta an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht agus cosaint eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí ban chearta an duine atá gníomhach ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil a neartú, ar cosantóirí iad atá ag saothrú chun comhionannas inscne agus sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe go háirithe a chur chun cinn, lena n-áirítear tríd an gClár um Chearta agus Luachanna; ag cur béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa;

Leasú  73

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 12 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

12a. á iarraidh ar na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le cearta an duine a chomhlíonadh agus breithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme go hiomlán;

Leasú  74

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 13 a (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

13a. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh mná agus leanaí imirceacha gan doiciméid in ann a gcearta bunúsacha a theachtadh go hiomlán, gan beann ar a stádas dlíthiúil nó riaracháin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di staid na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn a smuigleáiltear isteach in AE; á iarraidh go n-osclófaí bealaí dleathacha agus sábháilte imirce agus tearmainn chun foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe a sheachaint; á chur i bhfáth an athuair i ndáil leis an méid sin gur cheart na nósanna imeachta dlíthiúla agus riaracháin uile a dhéanamh go gasta; á mheabhrú go bhféadfaí iallach a chur ar mhná agus ar leanaí gabháil de ghníomhaíocht ghnéasach mar chúiteamh ar chosaint nó ar thacaíocht bhunúsach chun maireachtáil; á chur i bhfios go láidir i ndáil leis an méid a ríthábhachtaí atá sé feabhas a chur ar chórais chúnaimh agus chlárúcháin, mar aon leis an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar scaradh teaghlaigh agus ar an easpa modhanna sábháilte agus dlíthiúla maidir le teacht isteach san Aontas; á chur i bhfáth an gá atá le nósanna imeachta athaontaithe teaghlaigh lena áirithiú go n-urramófar cearta aonair do mhná agus do chailíní atá á n-athaontú lena dteaghlaigh san Aontas, chun nach mbeidh d’oibleagáid orthu a bheith ag brath ar dhuine muinteartha chun rochtain a fháil ar shláinte, ar oideachas nó ar obair;

Leasú  75

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 13 b (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

13b. ag tathant ar AE na modhanna is gá a úsáid chun an gháinneáil agus an teacht i dtír gnéasach a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun cosc a chur ar úsáid teicneolaíochtaí nua agus chun aghaidh a thabhairt ar na teicneolaíochtaí sin a úsáidtear mar uirlis chun mná agus cailíní a earcú don gháinneáil ar dhaoine, go háirithe don dúshaothrú gnéasach agus saothair;

Leasú  76

Tairiscint i gcomhair rúin

Mír 4 m (nua)

 

Tairiscint i gcomhair rúin

Leasú

 

4m. á iarraidh, dá bhrí sin, aird ar leith a thabhairt ar an mbearna inscne dhigiteach, a bhfuil tionchar suntasach aici ar an rochtain ar phoist agus ar sheirbhísí, agus ar cheart na mban chun fostaíochta dá bhrí sin;

 


 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

17.11.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

34

23

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Malik Azmani, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Nuno Melo, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Malin Björk, Delara Burkhardt, Klára Dobrev, Rasa Juknevičienė, Kris Peeters, Karlo Ressler

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH

34

+

S&D

Pietro Bartolo, Delara Burkhardt, Caterina Chinnici, Klára Dobrev, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Birgit Sippel, Bettina Vollath, Elena Yoncheva

RENEW

Malik Azmani, Anna Júlia Donáth, Sophia In 'T Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache

NA GLASAIGH/SGE

Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Terry Reintke, Diana Riba I Giner, Tineke Strik

EUL/NGL

Malin Björk, Clare Daly, Cornelia Ernst

NI

Laura Ferrara

 

23

-

PPE

Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Rasa Juknevičienė, Jeroen Lenaers, Nuno Melo, Nadine Morano, Kris Peeters, Emil Radev, Karlo Ressler, Ralf Seekatz, Tomas Tobé

ID

Nicolas Bay, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

ECR

Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska

 

3

0

PPE

Javier Zarzalejos

ID

Peter Kofod

ECR

Assita Kanko

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 23 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais