Tuarascáil - A9-0227/2020Tuarascáil
A9-0227/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus tagarmharcanna athsholáthair a ainmniú le haghaidh tagarmharcanna áirithe ar scor

19.11.2020 - (COM(2020)0337 – C9‑0209/2020 – 2020/0154(COD)) - ***I

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Caroline Nagtegaal


Nós Imeachta : 2020/0154(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0227/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0227/2020
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus tagarmharcanna athsholáthair a ainmniú le haghaidh tagarmharcanna áirithe ar scor

(COM(2020)0337 – C9‑0209/2020 – 2020/0154(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0337),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0209/2020),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an ...,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Deireadh Fómhair 2020[1],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0227/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


 

Leasú  1

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA[*]

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

2020/0154 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus tagarmharcanna athsholáthair a ainmniú le haghaidh tagarmharcanna áirithe ar scor agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1) Chun fálú in aghaidh neamhchosaint ar luaineacht sa ráta malairte eachtraí in airgeadraí nach féidir a chomhshó go héasca ná nach bhfuil faoi réir rialú malairte, déanann cuideachtaí san Aontas réamhchonarthaí agus babhtálacha airgeadra neamh-inseachadta. Cuireann na hionstraimí sin ar a gcumas dá n-úsáideoirí cosaint ar luaineacht airgeadraí eachtracha nach féidir a chomhshó go héasca go bunairgeadra, amhail dollar SAM nó an euro. Neamh-infhaighteacht spotrátaí malairte in airgeadra eachtrach lena ndéanfaí na híocaíochtaí amach atá dlite faoi réamhchonarthaí agus babhtálacha airgeadra a ríomh, bheadh tionchar diúltach aici ar chuideachtaí san Aontas a onnmhairíonn go margaí éiritheacha nó a choinníonn sócmhainní sna margaí sin, le neamhchosaint dá réir ar luaineacht in airgeadraí margaí éiritheacha. Tar éis dhul in éag na hidirthréimhse a leagtar amach i mír 5 d’Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[3], ní bheidh sé indéanta a thuilleadh úsáid a bhaint as spotrátaí malairte eachtraí arna soláthar ag riarthóir i dtríú tír nach banc ceannais é.

(2) Chun é a chur ar a gcumas do chuideachtaí san Aontas leanúint dá ngníomhaíochtaí gnó agus riosca malairte eachtraí á mhaolú acu, ba cheart na spotrátaí malairte dá dtagraítear i réamhchonarthaí agus babhtálacha neamh-inseachadta chun íocaíochtaí amach conarthacha a ríomh a eisiamh ó raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011.

(3) Chun spotrátaí malairte áirithe i dtríú tír a ainmniú mar spotrátaí atá eisiata ó raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith dhíolmhú an spotráta malairte eachtraí maidir le hairgeadraí nach bhfuil inmhalartaithe nuair a úsáidtear an spotráta malairte sin chun na híocaíochtaí amach a thagann chun cinn faoi réamhchonarthaí agus babhtálacha airgeadra neamh-inseachadta a ríomh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(3a) Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/1011, go dtí an 31 Nollaig 2021, gur féidir le rannpháirtithe i margadh an Aontais úsáid a bhaint as tagarmharcanna a riaradh i dtír lasmuigh den Aontas, gan beann ar chinneadh coibhéise a bheith i bhfeidhm nó an t-innéacs a bheith aitheanta nó formhuinithe lena úsáid san Aontas. Bhí na reachtóirí ag dréim leis go gcuirfeadh tríú tíortha a gcóras tagarmharcanna in oiriúint go dtí deireadh 2021 do na rialacha a chuirtear chun cinn sa Rialachán seo agus go n-áiritheofaí úsáid tagarmharcanna a riaradh i dtír lasmuigh den Aontas ag rannpháirtithe margaidh an Aontais trí chinntí coibhéise nó formhuiniúcháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún, agus, ar an gcaoi sin, go ndéanfaí an deimhneacht dhlíthiúil a chosaint. Is beag dul chun cinn a rinneadh ina leith sin, áfach. I bhfianaise na héagsúlachta agus na déine atá ann idir rialáil na dtagarmharcanna airgeadais lena n-úsáid san Aontas agus i dtríú tíortha, agus chun feidhmiú réidh an mhargaidh agus infhaighteacht tagarmharcanna tríú tír lena n-úsáid san Aontas tar éis dheireadh mhí na Nollag 2021 a áirithiú, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh, faoin 30 Meitheamh 2021, ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir le córas tagarmharcanna tríú tíortha i Rialachán (AE) 2016/1011 trí bhíthin gníomh tarmligthe chun na constaicí atá ann faoi láthair a shárú agus ba cheart cumhachtaí breise a thabhairt dó, más iomchuí, tagarmharcanna tríú tíortha nó grúpa tagarmharcanna a fhormhuiniú.

(4) Tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, scoirfidh Ráta Tairgthe Idirbhainc Londan (LIBOR) de bheith cáilithe mar thagarmharc criticiúil amhail ó dheireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020. Sa bhreis air sin, tá sé fógartha ag an Údarás um Iompar Airgeadais (FCA) sa Ríocht Aontaithe go stopfaidh sé de bhainc a spreagadh nó a chur de cheangal orthu ranníocaíochtaí a dhéanamh le LIBOR, rud a chruthóidh baol suntasach go ndéanfar ceann de na tagarmharcanna ráta úis is tábhachtaí a scor faoi dheireadh 2021.Mar sin féin, mar thoradh ar scor LIBOR d’fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith ann a n-eascródh míshocracht nach beag astu i bhfeidhmiú margaí airgeadais san Aontas. San Aontas, tá stoc conarthaí i réimsí an fhiachais, na n-iasachtaí, na dtaiscí téarma agus na ndíorthach a dhéanann tagairt do LIBOR, a rachaidh in aibíocht tar éis an 31 Nollaig 2021, agus nach bhfuil forálacha cúltaca conarthacha láidre acu chun scor LIBOR a chumhdach. Ní féidir a lán de na conarthaí sin a athchaibidliú chun cúltaca conarthach a ionchorprú iontu roimh an 31 Nollaig 2021. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh suaitheadh suntasach i bhfeidhmiú na margaí airgeadais san Aontas a bheith ann mar thoradh ar scor LIBOR.

(5) Leagtar síos in Airteagal 28(2) de Rialachán 2016/1011 nach mór d’eintitis faoi mhaoirseacht, cé is moite de riarthóirí tagarmharcanna, pleananna teagmhais a bheith curtha i bhfeidhm acu i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó i gcás ina scoirtear dá sholáthar. Más féidir, ba cheart ceann amháin nó níos mó de thagarmharcanna athsholáthair a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint sna pleananna teagmhais sin. Ba cheart an modh díláraithe neamhreachtach sin a bheith ina mhodh réamhshocraithe i gcónaí ó thaobh soláthar a dhéanamh i gcás ina scoirtear tagarmharc, ach tá sé léirithe ag cás LIBOR, sa chleachtas, go bhféadfadh sé nach leor an modh sin i gcónaí. Dá bhrí sin, chun a áirithiú go ndéanfar conarthaí ina dtagraítear do thagarmharc a úsáidtear go forleathan a scor go hordúil agus a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha a chruthódh míshocracht nach beag i bhfeidhmiú margaí airgeadais san Aontas a bheith ann mar thoradh ar a scor agus i gcás nach féidir na conarthaí sin a athchaibidliú chun ráta conartha cúltaca a áireamh faoin am a scoirfear an tagarmharc sin, ba cheart modh cúltaca a bheith ann lena bhforáiltear nach mór tagarmharc athsholáthair a ainmniú go poiblí. Ba cheart sásra a chuimsiú sa mhodh sin a bheadh dírithe ar na conarthaí sin a athrú go tagarmharcanna athsholáthair oiriúnacha. Ba cheart a áirithiú le tagarmharcanna athsholáthair go seachnófar dírathú conartha a bhféadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith mar thoradh air a n-eascródh míshocracht nach beag astu i bhfeidhmiú margaí airgeadais san Aontas.

(6) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun tagarmharc athsholáthair a ainmniú a d’úsáidfí chun conarthaí a scor nach ndearnadh iad a athchaibidliú faoin uair a éireofar as an tagarmharc ar scor a fhoilsiú. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4]. Le haghaidh deimhneacht dhlíthiúil, tá ceanglas ar an gCoimisiún na cumhachtaí cur chun feidhme sin a fheidhmiú tar éis teagmhais truiceartha arna sainmhíniú go beacht lena léirítear go soiléir go dtiocfaidh deireadh buan le riaradh agus foilsiú an tagarmhairc atá le hathsholáthar, agus tar éis na dteagmhas sin amháin.

(7) I gcás inar gá, ba cheart don Choimisiún Eorpach moladh a ghlacadh ag an bpointe iomchuí lena spreagfaí na Ballstáit chun ráta athsholáthair a ainmniú, de bhua dlíthe náisiúnta, le haghaidh an tagarmhairc ar scor maidir le conarthaí a rinne eintitis nach eintitis faoi mhaoirseacht iad atá faoi réir Rialachán (AE) 2016/1011. Chun foráil maidir le hidircheangailteacht na gconarthaí, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún moladh a dhéanamh go mbeadh na rátaí athsholáthair náisiúnta mar an gcéanna leis an ráta athsholáthair a ainmníonn sé le haghaidh conarthaí a dhéanann eintitis faoi mhaoirseacht.

(8) Níor cheart don Choimisiún a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú ach i gcásanna ina measann sé go n-eascródh iarmhairtí diúltacha as scor tagarmhairc a chruthódh míshocracht nach beag i bhfeidhmiú margaí airgeadais agus san fhíorgheilleagar san Aontas. Níor cheart don Choimisiún ach oiread a chumhachtaí cur chun feidhme a fheidhmiú ach i gcás inar léir nach féidir ionadaíochas an tagarmhairc lena mbaineann a athbhunú ná nach bhfoilseofar an tagarmharc a thuilleadh ar bhonn fadtéarmach.

(9) Níor cheart úsáid an tagarmhairc athsholáthair sin a cheadú ach le haghaidh conarthaí nach ndearnadh iad a athchaibidliú roimh dháta scoir an tagarmhairc lena mbaineann. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáid an tagarmhairc athsholáthair arna ainmniú ag an gCoimisiún a bheith teoranta do chonarthaí a bhí déanta cheana ag eintitis faoi mhaoirseacht ag tráth theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme lena n-ainmnítear an tagarmharc athsholáthair. Thairis sin, de bhrí gurb é is aidhm don ghníomh cur chun feidhme sin leanúnachas conartha a áirithiú, níor cheart d’ainmniú an tagarmhairc athsholáthair difear a dhéanamh do chonarthaí ina soláthraítear foráil chúltaca chonarthach ábhartha cheana.

(10) I bhfeidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme maidir le tagarmharc athsholáthair a ainmniú, ba cheart don Choimisiún aird a thabhairt ar mholtaí ó mheithleacha san earnáil phríobháideach a fheidhmíonn faoi choimirce údaráis phoiblí an airgeadra ina bhfuil rátaí úis an tagarmhairc athsholáthair sloinnte a mhéid a bhaineann leis na rátaí athsholáthair atá le húsáid in ionstraimí airgeadais atá ann cheana agus le conarthaí a dhéanann tagairt don tagarmharc ar scor. Ba cheart don Choimisiún na moltaí ó údarás maoirseachta ábhartha an riarthóra tagarmharcanna agus ESMA a chur san áireamh freisin. Ba cheart na moltaí sin a bheith bunaithe ar chomhairliúcháin phoiblí fhairsinge agus ar shaineolas, agus ba cheart go mbeidís ina léiriú ar chomhaontú idir úsáideoirí tagarmhairc maidir leis an ráta athsholáthair is iomchuí le haghaidh tagarmharc ráta úis ar scor. Thairis sin, is é go huile atá iontu ná moltaí ó na meithleacha sin den earnáil phríobháideach, agus ní dhéanann na húdaráis phoiblí a bhfuil an meithleacha sin ag oibriú faoina gcoimirce aon fhreagracht ná dliteanas a ghlacadh as inneachar na moltaí agus ní gá go mbeidís ag aontú leis na tuairimí atá léirithe iontu.

(11) Ós rud é gurb é príomhchuspóir na gcumhachtaí cur chun feidhme sin deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú le haghaidh eintitis faoi mhaoirseacht a bhfuil conarthaí déanta acu cheana ina dtagraítear do thagarmharc ar scor, ba cheart d’údaráis inniúla eintitis faoi mhaoirseacht a úsáideann an tagarmharc ar scor faireachán a dhéanamh ar theacht chun cinn an stoic leagáide idir contrapháirteanna do na conarthaí sin agus na torthaí a thuairisciú go bliantúil don Choimisiún agus don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (‘ESMA’).

(12) Ba ceart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú dá réir.

(12a) Tá Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5] á leasú faoi láthair ar mhaithe le soiléiriú a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh trína dhearbhú i dtaobh idirbhearta a thionscnófar nó a dhéanfar a nuachan sula dtiocfaidh na ceanglais imréitigh nó chorrlaigh i bhfeidhm maidir le hidirbhearta díorthach thar an gcuntar a dhéanann tagairt do thagarmharc ráta úis (trádálacha leagáide) nach mbeidh siad faoi réir na gceanglas sin nuair a dhéanfar iad a nuachan chun athchóiriú an tagarmhairc ráta úis a chur chun feidhme nó chun ullmhú don chur chun feidhme sin, agus chun na críche sin amháin. Ceanglaíonn Rialachán (AE) 2016/1011 ar eintitis faoi mhaoirseacht pleananna láidre i scríbhinn a chur ar fáil agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó go scoireann sé de bheith á sholáthar, agus go ndéanfar na pleananna sin a léiriú sa chaidreamh conarthach leis na cliaint. Chun rannpháirtithe sa mhargadh a éascú ó thaobh chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin agus chun gníomhaíocht ag rannpháirtithe sa mhargadh a éascú ó taobh feabhas a chur ar stóinseacht conarthaí díorthacha thar an gcuntar a dhéanann tagairt d’aon chineál tagarmhairc, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 a leasú chun é a shoiléiriú nach mbeidh trádálacha leagáide faoi réir na gceanglas imréitigh agus corrlaigh sin nuair a dhéantar na trádálacha sin a athsholáthar, a leasú nó a nuachan, bíodh sin ina gceann agus ina gceann nó mar chuid d’athruithe a bhaineann le punann idirbheart, chun na críche amháin go ndéanfaí an tagarmharc ráta úis a ndéanann sé tagairt dóibh a athsholáthar ar mhaithe le hathchóiriú an tagarmhairc ráta úis a chur chun feidhme, nó ullmhú don chur chun feidhme sin, nó ar mhaithe le forálacha cúltaca a thabhairt isteach i ndáil le haon tagarmharc a ndéanann sé tagairt dóibh chun an t-athchóiriú sin a chur chun feidhme, nó ullmhú don athchóiriú sin, nó chun stóinseacht a gconarthaí a fheabhsú ar shlí eile. Tá na leasuithe sin riachtanach chun soiléireacht a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh agus níor cheart go ndéanfaidís difear do raon feidhme na n-oibleagáidí imréitigh agus corrlaigh ó thaobh athsholáthar, leasú nó nuachan conartha díorthach thar an gcuntar chun aon chríoch eile.

(13) Óir ní bheidh LIBOR ina thagarmharc criticiúil de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/1011 a thuilleadh ón 1 Eanáir 2021, is iomchuí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm gan mhoill,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011

(1) Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(-a) cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 “1a. Tá feidhm ag Airteagal 28a maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) aon chonradh nó aon ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i dTreoir 2014/65/AE iad a rialaítear le dlíthe ceann de na Ballstáit agus ina ndéantar tagairt do thagarmharc; agus

(b) aon chonradh atá faoi réir dlí tríú tír ach go bhfuil na páirtithe ar fad ann bunaithe san Aontas agus i gcás nach bhforáiltear le dlí an tríú tír sin do scor ordúil tagarmhairc.”

(a) i mír 2, cuirtear pointe (i) seo a leanas isteach:

“(i) tagarmharc malairte eachtraí a d’ainmnigh an Coimisiún i gcomhréir le mír 3.”;

(b) cuirtear míreanna 3 agus 4 seo a leanas isteach:

“3. Is féidir leis an gCoimisiún tagarmharcanna malairte eachtraí a riarann riarthóirí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas a ainmniú i gcás ina gcomhlíontar na critéir seo ar fad a leanas:

(a) tagraíonn an tagarmharc malairte eachtraí do spotráta malairte in airgeadra tríú tír nach féidir a chomhshó go héasca;

(b) úsáideann eintitis atá faoi mhaoirseacht an tagarmharc malairte eachtraí ar bhonn rialta, córasach agus tráthrialta i gconarthaí díorthacha chun fálú in aghaidh luaineacht airgeadra i dtríú tír;

(c) úsáidtear an tagarmharc malairte eachtraí mar ráta athsholáthair chun íocaíocht amach an chonartha dhíorthaigh dá dtagraítear i bpointe (b) a ríomh in airgeadra seachas an t-airgeadra le hinmhalartacht theoranta dá dtagraítear i bpointe (a).

4. Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin phoiblí chun na tagarmharcanna malairte eachtraí a chomhlíonann critéir mhír 3 den Airteagal seo a shainaithint. Faoin 31 Nollaig 2022,glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun liosta spot-tagarmharcanna malairte eachtraí a chruthú chun fálú in aghaidh luaineacht airgeadra i dtríú tír, agus déanfaidh sé an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta. Maidir le húdaráis inniúla eintiteas atá faoi mhaoirseacht agus a úsáideann tagarmharcanna malairte eachtraí i dtríú tíortha atá ainmnithe ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 3, tabharfaidh siad tuarascáil don Choimisiún ▌maidir le líon na gconarthaí díorthacha ina n-úsáidtear an tagarmharc malairte eachtraí sin gach dara bliain ar a laghad chun fálú in aghaidh luaineacht airgeadra i dtríú tír.”;

(1a) Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:

(a)  i mír 1, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

“(22a) ciallaíonn ‘tagarmharc ráta malairte eachtraí’ tagarmharc a gcinntear a luach i ndáil leis an bpraghas, arna shloinneadh in airgeadra amháin, atá ar airgeadra amháin nó ar bhascaed airgeadraí eile;”

(b) leasaítear pointe i de phointe 24(a) mar a leanas:

“(i) ionad trádála mar a shainmhínítear i bpointe (24) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE é nó ionad trádála i dtríú tír a bhfuil an Coimisiún tar éis cinneadh cur chun feidhme a ghlacadh ina leith á rá go meastar go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat dlíthiúil agus maoirseachta na tíre sin laistigh de bhrí Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22) nó Airteagal 25(4) de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó margadh rialáilte a mheastar a bheith coibhéiseach faoi Airteagal 2a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ach i ngach cás le tagairt do shonraí idirbhirt a bhaineann le hionstraimí airgeadais, agus leis an tagairt sin amháin;”

(1b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 28(2):

"2. Déanfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc, cé is moite de riarthóir amhail dá dtagraítear i mír 1, pleananna láidre i scríbhinn a chur ar fáil agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh siad i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó ina scoireann sé de bheith á sholáthar. I gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, déanfar tagarmharc amháin nó roinnt tagarmharcanna malartacha a ainmniú sna pleananna sin, ar tagarmharcanna iad a bhféadfaí tagairt dóibh chun teacht in ionad tagarmharcanna nach soláthraítear a thuilleadh, agus tabharfar le fios sna pleananna an chúis a mbeadh na tagarmharcanna sin ina roghanna malartacha oiriúnacha. Seolfaidh na heintitis faoi mhaoirseacht na pleananna sin agus aon nuashonruithe orthu chuig an údarás ábhartha inniúil gan aon mhoill mhíchuí agus déanfaidh siad na pleananna sin a léiriú sa chaidreamh conarthach leis na cliaint. Déanfaidh na húdaráis inniúla stóinseacht na bpleananna sin a mheas."

(2) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 28a
Athsholáthar éigeantach tagarmhairc

(1) Féadfaidh an Coimisiún tagarmharc athsholáthair amháin nó níos mó a ainmniú le haghaidh tagarmharc nach leanfar dá fhoilsiú i gcás ina bhféadfadh drochthioncharnach beag ar shláine an mhargaidh, ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar a bheith ann mar thoradh ar scor fhoilsiú an tagarmhairc sin agus ar choinníoll go bhfuil aon cheann de na himeachtaí seo a leanas tar éis tarlú:

(a) tá sé luaite go poiblí ag údarás inniúil riarthóir an tagarmhairc sin tá ráiteas poiblí eisithe aige, nó tá faisnéis foilsithe aige, inar fógraíodh nach féidir inniúlacht an tagarmhairc sin maidir le bunmhargadh nó fíorchás eacnamaíoch a thomhas a athbhunú ▌; sula ndéanfar an fógra sin, beidh cumhachtaí feabhais Airteagal 23 curtha i bhfeidhm ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus beidh cinneadh déanta acu nach leor na cumhachtaí in Airteagal 23 chun an tagarmharc a athbhunú;

(b) tá sé luaite go poiblí ag riarthóir tagarmhairc, nó duine atá ag gníomhú thar ceann an riarthóra, trí ráiteas poiblí a eisiúint nó faisnéis a fhoilsiú, ▌gur éirigh an riarthóir as an tagarmharc sin a sholáthar nó go n-éireoidh sé as é a sholáthar, go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a eiseofar an ráiteas nó nuair a fhoilseofar an fhaisnéis a leanfaidh den tagarmharc a sholáthar;

(c) tá sé luaite go poiblí ag údarás inniúil riarthóra tagarmhairc nó aon eintiteas ag a bhfuil údarás dócmhainneachta nó réitigh ar riarthóir an tagarmhairc sin, trí ráiteas poiblí a eisiúint nó faisnéis a fhoilsiú, ▌gur éirigh riarthóir an tagarmhairc sin as an tagarmharc sin a sholáthar nó go n-éireoidh sé as é a sholáthar go buan nó go ceann tréimhse éiginnte, ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a eiseofar an ráiteas nó nuair a fhoilseofar an fhaisnéis a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar;

(ca) déanann an t-údarás inniúil údarú nó clárú an riarthóra tagarmharcanna a tharraingt siar nó a chur ar fionraí, ar choinníoll nach mbeidh aon chomharba riarthóra ann nuair a tharraingeofar an t-údarú nó an clárú sin siar nó nuair a chuirfear ar fionraí iad a leanfaidh den tagarmharc sin a sholáthar.

(2) Déanfar an tagarmharc athsholáthair, trí oibriú an dlí, a chur in ionad na dtagairtí ar fad don tagarmharc ▌i gconarthaí ▌atá faoi réir Airteagal 2(1a) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:

(a) tagraítear sna ▌conarthaí ▌sin don tagarmharc nach bhfoilsítear a thuilleadh ar an dáta a thagann an gníomh cur chun feidhme lena n-ainmnítear an tagarmharc athsholáthair i bhfeidhm;

(b) níl aon fhorálacha cúltaca oiriúnacha sna hionstraimí airgeadais, sna conarthaí ná sna tomhais sin;

(ba) ní mheasfar foráil chúltaca a bheith oiriúnach i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

a) ní chumhdaítear léi tagarmharc a bheith á scor go buan;

b) comhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(i) níl aon ráta cúltaca ann;

(ii) tá gá le toiliú breise ó thríú páirtithe chun an ráta cúltaca a chur i bhfeidhm;

(iii) déantar an ráta cúltaca a ríomh ar bhonn meastacháin arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe nó socraítear é ar leibhéal fhoilsiú deireanach an tagarmhairc lena mbaineann;

c) tá sé suite ag an údarás ábhartha, go ginearálta, nach léiriú a thuilleadh é cur i bhfeidhm na forála cúltaca a comhaontaíodh de réir conartha ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch a bhfuil an tagarmharc scoir ceaptha é a thomhas, agus go bhfuil difríocht shuntasach ann, agus go bhféadfadh drochthionchar a bheith aige sin ar an gcobhsaíocht airgeadais.

Chun críocha phointe (c) de phointe (b a), cuirfidh an t-údarás ábhartha an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoina mheasúnú gan moill mhíchuí. I gcás ina bhféadfadh an measúnú difear a dhéanamh d’eintitis i níos mó ná Ballstát amháin, déanfaidh údaráis ábhartha na mBallstát sin uile an measúnú i gcomhar le chéile.

Ainmneoidh na Ballstáit údarás ábhartha amháin nó níos mó a bheidh in ann an measúnú a dhéanamh i gcomhréir le pointe (c). Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus ESMA ar an eolas maidir le hainmniú na n-údarás inniúil de bhun na míre seo faoin [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

(3) Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun tagarmharc athsholáthair amháin nó níos mó a ainmniú i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 50(2) i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha a leagtar amach i mír 1. Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á ghlacadh, déanfaidh an Coimisiún an moladh ó mheitheal ráta tagartha mhalartaigh a fheidhmíonn faoi choimirce údaráis phoiblí an airgeadra ina bhfuil rátaí úis an tagarmhairc athsholáthair ainmnithe a chur san áireamh, i gcás ina bhfuil fáil ar an moladh sin. Sula mbunóidh sé tagarmharc athsholáthair nua, cuirfidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí i gcrích agus rachaidh sé i gcomhairle le ESMA agus le húdarás náisiúnta inniúil an riarthóra tagarmharcanna.

(3a) Áireofar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 3 an méid seo a leanas:

(i) an tagarmharc nó na tagarmharcanna athsholáthair;

(ii) an coigeartú corrlaigh, lena n-áirítear an modh chun an coigeartú corrlaigh sin a chinneadh, atá le cur i bhfeidhm maidir le hathsholáthar an tagarmhairc arna scor ar dháta an athsholáthair le haghaidh gach téarma ar leith chun aird a thabhairt ar éifeachtaí an aistrithe nó an athraithe ón tagarmharc atá le scor go dtí an tagarmharc athsholáthair;

(iii) na hathruithe riachtanacha comhfhreagracha chun críche comhréireachta a bhaineann le tagarmharc athsholáthair a úsáid nó a chur i bhfeidhm agus a bhfuil gá réasúnta leo chuige sin;

(iv) an dáta ábhartha óna mbeidh feidhm ag an tagarmharc nó na tagarmharcanna athsholáthair.

(4) Déanfaidh údaráis inniúla eintiteas faoi mhaoirseacht a úsáideann an tagarmharc arna ainmniú ag an gCoimisiún faireachán chun a fháil amach an mbaineann dírathú íoslaghdaithe conartha nó aon éifeachtaí díobhálacha eile ar an bhfás eacnamaíoch agus infheistíochtaí san Aontas leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir le mír 1. Tabharfaidh siad tuarascáil chuige sin don Choimisiún agus do ESMA go bliantúil.

(4a) Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le tagarmharcanna criticiúla. Beidh feidhm aige freisin maidir le tagarmharcanna nach bhfuil criticiúil agus tagarmharcanna tríú tír dá mba rud é go mbeadh drochthionchar nach beag ag scor na dtagarmharcanna sin ar shláine an mhargaidh, ar an gcobhsaíocht airgeadais agus ar an bhfíorgheilleagar san Aontas.

(2a) In Airteagal 29, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:

"1a. Féadfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint freisin as tagarmharc athsholáthair san Aontas má dhéanann an Coimisiún an t-athsholáthar a ainmniú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 23a."

Airteagal 1a

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012

Cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad Airteagal 13a de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012:

“Airteagal 13a

Tagarmharcanna ráta úis a athsholáthar agus cúltacaí conarthacha a neadú i dtrádálacha leagáide

1. Féadfaidh contrapháirtithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 11(3) leanúint de na nósanna imeachta bainistithe riosca atá i bhfeidhm acu ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm i dtaca le conarthaí díorthach thar an gcuntar nach bhfuil imréitithe go lárnach agus a rinneadh, nó a rinneadh a nuachan, roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an oibleagáid ó thaobh nósanna imeachta bainistithe riosca de bhun Airteagal 11(3) a bheith ann i gcás, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, ina ndéanfar na conarthaí sin a ionadú, a leasú nó a nuachan chun an tagarmharc ráta úis a ndéanann siad tagairt dóibh a athsholáthar nó chun forálacha cúltaca maidir le haon tagarmharc dá dtagraítear san idirbheart a thabhairt isteach, agus chuige sin amháin.

2. Na hidirbhearta a rinneadh, nó a rinneadh a nuachan, roimh an dáta a bheidh éifeacht ag an oibleagáid imréitigh de bhun Airteagal 4 agus a dhéantar a ionadú, a leasú nó a nuachan ina dhiaidh sin, tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun críche an tagarmharc ráta úis a ndéanann siad tagairt dó a athsholáthar nó chun forálacha cúltaca maidir le haon tagarmharc dá dtagraítear san idirbheart a thabhairt isteach, agus chun na críche sin amháin, ní thiocfaidh siad, ar an gcúis sin, faoi réir na hoibleagáide imréitigh dá dtagraítear in Airteagal 4.”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú a mhéid a bhaineann le tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe de chuid tríú tíortha a dhíolmhú agus tagarmharcanna athsholáthair a ainmniú le haghaidh tagarmharcanna áirithe ar scor

Tagairtí

COM(2020)0337 – C9-0209/2020 – 2020/0154(COD)

Dáta tíolactha do Pharlaimint na hEorpa

27.7.2020

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

14.9.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

14.9.2020

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

ITRE

10.9.2020

 

 

 

Rapóirtéir

 Dáta an cheapacháin

Caroline Nagtegaal

7.9.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

19.11.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

49

0

10

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Manon Aubry, Patryk Jaki, Eugen Jurzyca, Maximilian Krah, Ville Niinistö, Mick Wallace

Dáta don chur síos

19.11.2020

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

49

+

ECR

Derk Jan Eppink, Patryk Jaki, Eugen Jurzyca, Johan Van Overtveldt, Roberts Zīle

NI

Piernicola Pedicini

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Markus Ferber, Frances Fitzgerald, José Manuel García‑Margallo y Marfil, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Ralf Seekatz, Inese Vaidere

Renew

Gilles Boyer, Engin Eroglu, Luis Garicano, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Caroline Nagtegaal, Dragoș Pîslaru, Stéphanie Yon Courtin

S&D

Marek Belka, Jonás Fernández, Eero Heinäluoma, Dietmar Köster, Aurore Lalucq, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Alfred Sant, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli

Verts/ALE

Sven Giegold, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Philippe Lamberts, Ville Niinistö, Ernest Urtasun

 

0

-

 

10

0

GUE/NGL

Manon Aubry, José Gusmão, Mick Wallace

ID

Gunnar Beck, Francesca Donato, Valentino Grant, Maximilian Krah, Jörg Meuthen, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Nollaig 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais