MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook
7.12.2020 - (11262/20 – C9‑0368/2020 – 2020/0275(NLE)) - ***
An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: François‑Xavier Bellamy
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook
(11262/20 – C9‑0368/2020 – 2020/0275(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11262/20),
– ag féachaint don dréacht-chomhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook (11271/20),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0368/2020),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0243/2020),
1. ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán seasamh na Parlaiminte a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus Parlaimintí na mBallstát agus Oileáin Cook.
RÉASÚNÚ GEARR
Is oileánra lonnaithe san Aigéan Ciúin iad Oileáin Cook, atá comhdhéanta de 15 oileán roinnte ina dhá ngrúpa agus le thart ar 15 000 duine ina gcónaí ann (sonraí ó 2011). Ba cheart aird a tharraingt ar an gcaidreamh pribhléideach idir Oileáin Cook agus an Nua-Shéalainn, ós rud é go bhfuil an t-airgeadra céanna acu agus go ráthaítear saoránacht na Nua-Shéalainne do shaoránaigh uile Oileáin Cook. Is lú ná 3 % de OTI na tíre luach earnáil an iascaigh. D’fhan a luach comhréireach cobhsaí i gcomhthéacs fhás OTI de thart ar 34 %, agus tháinig laghdú ar a ualú coibhneasta sa gheilleagar áitiúil dá bhrí sin.
Is lasmuigh d’Oileáin Cook a dhéantar formhór mór na ngabhálacha baile de thuinnín a thabhairt i dtír. Déantar roinnt gabhálacha a thabhairt i dtír i gcalafort Avatiu in Rarotonga, lena gcumhdaítear tomhaltas intíre agus onnmhairí chuig an Nua-Shéalainn agus chuig an tSeapáin.
Clúdaíonn limistéar eacnamaíoch eisiach (LEE) Oileáin Cook, a bhfuil teorainn le Kiribati, Tokelau, Polainéis na Fraince, Samó Mheiriceá agus na limistéir mhórmhara aige, achar 1,98 milliún km². Cuireann sé sin le hacmhainneacht na hearnála iascaigh ach cruthaíonn sé deacrachtaí maidir le faireachán agus rialú, rud a fhágann gur deacair réiteach a fháil ar an bhfadhb a bhaineann le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte toisc go bhfuil acmhainní scaipthe i limistéar chomh mór sin.
Go traidisiúnta, cheadaigh Oileáin Cook do shoithí ó thíortha eile rochtain a bheith acu ar a LEE. Mar sin féin, is ann do na comhaontuithe sin i gcomhthéacs tráchtála agus príobháideach amháin, rud a fhágann gur deacair caidrimh a bhunú ar chritéir inbhuanaitheachta acmhainní. Bhí tionchar tromchúiseach aige sin ar dhálaí maireachtála na bpobal cósta agus bhí éifeachtaí aige sin ar speicis áirithe tuinníní.
Tá bratach na Stát Aontaithe ar foluain ag formhór na mbád saighne ag iascaireacht in LEE Oileáin Cook agus cruthaíodh deiseanna eacnamaíocha nua sa réigiún mar gheall ar athoscailt cannalainne i Samó Mheiriceá. Is ag soithí ón tSín agus ó Vanuatú den chuid is mó atá údaruithe iascaigh spiléireachta.
Is báid saighne atá sa chabhlach Eorpach sa réigiún. Os rud é go ndéantar gabhálacha ó bháid spiléireachta an Aontais go tradisiúnta in uiscí níos measartha ó dheas ó Oileáin Cook, agus i bhfianaise riachtanais an rialacháin maidir le caomhnú siorcanna Oileáin Cook, is beag an spéis atá ag báid spiléireachta an Aontais in iascaireacht a dhéanamh amach anseo in LEE Oileáin Cook.
Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus rialtas Oileáin Cook i bhfeidhm an 10 Bealtaine 2017. Tá an Prótacal cur chun feidhme a ghabhann leis an gComhaontú i bhfeidhm ón 14 Deireadh Fómhair 2016 ar feadh tréimhse ceithre bliana agus rachaidh sé in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.
An 7 Iúil 2020, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le Rialtas Oileáin Cook chun Prótacal nua a thabhairt i gcrích chun an Comhaontú a chur chun feidhme. Toisc gur chuir géarchéim COVID-19 moill ar dhul chun cinn na caibidlíochta, rinne an Coimisiún, i gcomhréir lena shainordú, caibidlíocht ar son an Aontais, maidir le comhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook i ndáil le síneadh a chur leis an bPrótacal cur chun feidhme a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook ar feadh uastréimhse bliana. Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche go rathúil agus cuireadh inisealacha leis an malartú litreacha an 29 Iúil 2020.
Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm malartú litreacha a chur ar chumas an Aontais agus Rialtas Oileáin Cook leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí Oileáin Cook a shaothrú ar bhealach fónta agus ligean do shoithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.
Chun leanúnachas na gníomhaíochta iascaigh a dhéanann soithí an Aontais in uiscí Oileáin Cook a áirithiú, ba cheart an Comhaontú i bhfoirm malartú litreacha a chur i bhfeidhm go sealadach, go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.
Is rogha straitéiseach de chuid an Aontais agus de chuid Oileáin Cook é an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe, a thugann deiseanna iascaireachta do shoithí a bhfuil bratach Ballstáit de chuid an Aontais ar foluain acu ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, i gcomhréir le bearta caomhnaithe agus bainistíochta an Choimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC) agus laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil. Tacaíonn an mheastóireacht ex ante thuasluaite a rinne saineolaithe seachtracha i mí an Mheithimh 2013 le rogha an chomhaontaithe sa réimse seo, meastóireacht inar thángthas ar an gconclúid gur réiteach níos fearr go fadtéarmach a bhí i gceist le prótacal a bhunú d’inbhuanaitheacht acmhainní iascaigh, d’urramú chearta oibrithe agus d’fhorbairt earnálacha iascaigh an dá chomhpháirtí seachas caibidlíocht dhíreach a dhéanamh idir na soithí agus údaráis Oileáin Cook.
Déantar foráil sa Phrótacal maidir le deiseanna iascaireachta do cheithre bhád saighne tuinníní. I bhfianaise cheanglais na gcomhaontuithe a bhfuil feidhm acu maidir leis an Aigéan Ciúin Láir agus Thiar (Kiribati agus Oileáin Sholomón), cuirfidh an prótacal ar chumas chabhlach thíortha an Aontais leanúint de bheith ag feidhmiú ag na leibhéil reatha agus cuideoidh an prótacal le sraith deiseanna iascaireachta, a bhféadfadh éifeachtaí dearfacha a bheith acu san fhadtéarma, a chruthú.
Is é EUR 735 000 an ranníocaíocht airgeadais bhliantúil faoin gcomhaontú don chéad bhliain agus don dara bliain agus EUR 700 000 don tríú bliain agus don cheathrú bliain, agus beidh an ranníocaíocht sin bunaithe ar na nithe seo a leanas:
a) tonnáiste tagartha de 7 000 tona, méid atá nasctha le rochtain de EUR 385 000 don chéad bhliain agus don dara bliain agus de EUR 350 000 don tríú bliain agus don cheathrú bliain; agus
b) tacaíocht d’fhorbairt bheartas earnála iascaigh Oileáin Cook, arb ionann é agus EUR 350 000 don chéad, dara, tríú agus ceathrú bliain. Luíonn an tacaíocht sin le cuspóirí an bheartais náisiúnta iascaigh agus comhlíontar riachtanais Oileáin Cook léi go háirithe i dtéarmaí taighde eolaíoch, gníomhaíochtaí iascaigh ar mhionscála agus gníomhaíochtaí faireacháin, rialaithe agus faireachais agus an chomhraic i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí.
I ndáil leis sin, ba mhaith leis an Rapóirtéir a chur i bhfios go láidir gur rannchuidiú suntasach iad na rannchuidithe, idir 47.6 % agus 50 % d’iomlán an aistrithe, chun tacú le beartas earnála iascaigh Oileáin Cook a fhorbairt.
Molann an Rapóirtéir don Pharlaimint fadú an phrótacail seo a fhormheas, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé d’Oileáin Cook agus do chabhlaigh AE atá ag oibriú in uiscí Oileáin Cook araon.
Mar fhocal scoir, cuireann an rapóirtéir i bhfios go láidir nach mór an Pharlaimint a chur ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim faoi nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal nó faoi nósanna imeachta a bhaineann lena athnuachan.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (17.11.2020)
chuig an gCoiste um Iascach
ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook
(COM(2020)0589 – C9-0368/2020 – 2020/0275(NLE))
Rapóirtéir don tuairim: Valérie Hayer
RÉASÚNÚ GEARR
Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe atá ann faoi láthair idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook (‘an Comhaontú Comhpháirtíochta’), arbh é an chéad chomhaontú é, an 14 Deireadh Fómhair 2016[1] ar feadh tréimhse ocht mbliana.
Síníodh an Prótacal[2] is déanaí ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta an 14 Deireadh Fómhair 2016 freisin agus chuaigh sé in éag an 13 Deireadh Fómhair 2020.
Tá sé d’aidhm ag an bPrótacal deiseanna iascaireachta a thabhairt do shoithí an Aontais Eorpaigh in uiscí Oileáin Cook i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch agus le moltaí ón gCoimisiúin Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir (WCPFC), laistigh de theorainneacha an bharrachais atá ar fáil. Tá sé d’aidhm aige freisin comhar idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook a neartú, agus ar an gcaoi sin creat comhpháirtíochta a chruthú trínar féidir beartas iascaigh inbhuanaithe a fhorbairt agus saothrú fónta a dhéanamh ar acmhainní iascaigh i limistéar iascaireachta Oileáin Cook, chun leasa an dá pháirtí.
Go dtí go dtabharfar na caibidlíochtaí maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus a Phrótacal i gcrích, rinne an Coimisiún, ar bhonn údarú ón gComhairle, Comhaontú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, le Rialtas Oileáin Cook i bhfoirm malartú litreacha lena gcuirtear síneadh leis an bprótacal reatha ar feadh uastréimhse d’aon bhliain amháin. Cuireadh inisealacha leis an gComhaontú i bhfoirm malartú litreacha an 29 Iúil 2020.
Is é is cuspóir don Chomhaontú i bhfoirm malartú litreacha a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh agus Rialtas Oileáin Cook leanúint de bheith ag obair go dlúth le chéile chun beartas iascaigh inbhuanaithe a chur chun cinn agus acmhainní iascaigh in uiscí Oileáin Cook a shaothrú ar bhealach fónta agus ligean do shoithí an Aontais a ngníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh sna huiscí sin.
Féachann an tAontas le deiseanna eacnamaíocha leordhóthanacha a áirithiú dá iascairí ar fud an domhain, agus, sa chomthéacs sin, cuireann sé síneadh leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe le hOileáin Cook.
Déanfar na socruithe is infheidhme le linn bhliain dheireanach an Phrótacail a athnuachan faoi na coinníollacha céanna ar feadh bliain amháin ar a mhéad.
Is é EUR 700 000 ranníocaíocht airgeadais bhliantúil an Aontais, bunaithe ar an méid seo a leanas:
(a) méid bliantúil le haghaidh rochtain ar acmhainní iascaigh i gcás na gcatagóirí dá bhforáiltear sa Phrótacal, arna shocrú ag EUR 350 000 go deireadh an tsínidh ama seo ar an bPrótacal;
(b) tacaíocht d’fhorbairt bheartas earnála iascaigh Oileáin Cook, arb ionann é agus EUR 350 000 in aghaidh na bliana go deireadh an tsínidh ama seo ar an bPrótacal. Is gá don tacaíocht sin rannchuidiú le cuspóirí bheartas iascaigh Oileáin Cook faoi chláir le haghaidh bhainistiú inbhuanaithe a n-acmhainní iascaigh mhuirí, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach neamhthuairiscithe neamhrialáilte agus tacaíocht don earnáil iascaigh ar mhionscála, le linn thréimhse iomlán an Phrótacail.
Bunaítear an méid bliantúil maidir le leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n-áirítear an cúlchiste le haghaidh prótacail nach mbeidh tagtha i bhfeidhm ag tús na bliana.
Sa mhalartú litreacha a bhaineann leis an síneadh, leagtar síos freisin clásal pro-rata sa chás go síneofar na litreacha de thoradh an caibidlíochta chun an Prótacal a athnuachan agus go dtiocfaidh siad i bhfeidhm ina dhiaidh sin sula rachaidh an síneadh bliantúil a bhfuil feidhm ag an malartú litreacha maidir leis in éag.
******
Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Iascach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go dtabharfaí formheas don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook.
NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook |
|||
Tagairtí |
11262/2020 – C9-0368/2020 – 2020/0275(NLE) |
|||
An coiste freagrach
|
PECH
|
|
|
|
Rapóirtéir Dáta an cheapacháin |
Valérie Hayer 8.10.2020 |
|||
Pléite sa choiste |
10.11.2020 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
16.11.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
36 1 3 |
||
Na Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Mislav Kolakušić, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Mauri Pekkarinen |
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA
SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
36 |
+ |
ECR |
Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveld |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
RENEW |
Olivier Chastel, Valerie Hayer, Moritz Körner, Mauri Pekkarinen, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds |
ID |
Anna Bonfrisco, Valentino Grant |
S&D |
Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs |
VERTS/ALE |
Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro |
GUE/NGL |
Dimitris Papadimoulis |
1 |
- |
GUE/NGL |
Silvia Modig |
3 |
0 |
ID |
Joachim Kuhs, Hélène Laporte |
NI |
Mislav Kolakušić |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Cook maidir le síneadh a chur leis an bPrótacal i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe a chur chun feidhme idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Oileáin Cook |
|||
Tagairtí |
11262/2020 – C9-0368/2020 – 2020/0275(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
17.11.2020 |
|
|
|
An coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
PECH 23.11.2020 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
DEVE 23.11.2020 |
BUDG 23.11.2020 |
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
DEVE 29.6.2020 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
François-Xavier Bellamy 20.10.2020 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
12.10.2020 |
2.12.2020 |
|
|
Dáta an ghlactha |
3.12.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
25 2 0 |
||
Na Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Clara Aguilera, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Massimo Casanova, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, João Ferreira, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Grace O’Sullivan, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Theodoros Zagorakis |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Carmen Avram, Catherine Chabaud |
|||
Dáta don chur síos |
7.12.2020 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
25 |
+ |
ECR |
Bert-Jan Ruissen |
GUE/NGL |
João Ferreira |
ID |
Massimo Casanova, Rosanna Conte |
NI |
Rosa D'Amato |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Peter Van Dalen, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro De Aguiar, Annie Schreijer-Pierik, Theodoros Zagorakis |
RENEW |
Izaskun Bilbao Barandica, Catherine Chabaud, Søren Gade, Pierre Karleskind |
S&D |
Clara Aguilera, Carmen Avram, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro |
VERTS/ALE |
Francisco Guerreiro, Grace O'sullivan, Caroline Roose |
2 |
- |
ID |
France Jamet |
GUE/NGL |
Anja Hazekamp |
0 |
0 |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh