TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-údaraítear don Choimisiún vóta a chaitheamh i bhfabhar mhéadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta
10.12.2020 - (COM(2020)0774 – C9‑0378/2020 – 2020/0343(COD)) - ***I
An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Johan Van Overtveldt
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-údaraítear don Choimisiún vóta a chaitheamh i bhfabhar mhéadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta
(COM(2020)0774 – C9‑0378/2020 – 2020/0343(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0774),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0378/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0253/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-údaraítear don Choimisiún vóta a chaitheamh i bhfabhar mhéadú caipitil an Chiste Eorpaigh Infheistíochta |
|||
Tagairtí |
COM(2020)0774 – C9-0378/2020 – 2020/0343(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
25.11.2020 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 26.11.2020 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Johan Van Overtveldt 2.12.2020 |
|
|
|
Nós Imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
2.12.2020 |
|||
Dáta an ghlactha |
10.12.2020 |
|
|
|
Dáta don chur síos |
10.12.2020 |