TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid AE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2018/816
11.12.2020 - (COM(2019)0003 – C8-0025/2019 – 2019/0001(COD)) - ***I
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Jeroen Lenaers
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid AE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2018/816
(COM(2019)0003 – C8-0025/2019 – 2019/0001(COD))
(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0003),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 82(1) agus 87(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8-0025/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0254/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh Rialacháin
Teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid AE agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) yyyy/xxx [ECRIS-TCN] |
Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear na coinníollacha maidir le rochtain a fháil ar na córais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862, Rialachán (AE) 2019/816 agus Rialachán (AE) 2019/818 |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Leagtar síos sa Rialachán seo an chaoi a bhfuiltear leis an idir-oibritheacht sin agus na coinníollacha a chur chun feidhme, lena mbeidh próiseas uathoibrithe ETIAS in ann sonraí a cheadú a stóráiltear i gcórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus faisnéis de chuid Europol chun amais a aithint. Dá thoradh sin, is gá leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 (Póilíneacht SIS)26 agus Rialachán (AE) Uimh. yyyy/xxxx (ECRIS-TCN)27 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun Lárchóras ETIAS a nascadh le córais faisnéise eile an Aontais Eorpaigh agus le sonraí Europol agus chun na sonraí a chuirfear anonn agus anall idir na córais faisnéise sin de chuid an Aontais Eorpaigh agus sonraí de chuid Europol a shonrú. |
(4) Leagtar síos sa Rialachán seo an chaoi a bhfuiltear leis an idir-oibritheacht sin agus na coinníollacha a chur chun feidhme, lena mbeidh próiseas uathoibrithe ETIAS in ann sonraí a cheadú a stóráiltear i gcórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus faisnéis de chuid Europol chun amais a aithint. Dá thoradh sin, is gá leasú a dhéanamh ar Rialacháin (AE) 2018/1862 (Póilíneacht CFS)26 agus (AE) 2019/816 (Idir-Inoibritheacht Póilíneachta)27a ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun Lárchóras ETIAS a nascadh le córais faisnéise eile an Aontais Eorpaigh agus le sonraí Europol agus chun na sonraí a chuirfear anonn agus anall idir na córais faisnéise sin de chuid an Aontais Eorpaigh agus sonraí de chuid Europol a shonrú. |
__________________ |
__________________ |
26 Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (OJ L 312, 7.12.2018, p. 56). |
26 Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (OJ L 312, 7.12.2018, p. 56). |
27 Rialachán (AE) Uimh. YYYY/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle… (IO L , , lch. ). |
27 Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla (ECRIS-TCN) a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019. lch. 1). |
|
27a Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85). |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus chun costais a laghdú, ba cheart do ETIAS, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí arna bhforbairt le haghaidh an chórais dul isteach/imeachta (‘EES’) a athúsáid chun stóras sonraí céannachta comhroinnte a fhorbairt. An stóras sin a úsáidtear chun shonraí alfa-uimhriúla céannachta iarrthóirí ETIAS agus náisiúnach tríú tír a stóráil agus a cláraítear in EES, ba cheart é a fhorbairt ionas go mbeifear in ann é a shíneadh amach chun an Stóras Coiteann Sonraí Céannachta a chlumhdach a bheidh ann amach anseo. Ar an téad céanna, an uirlís a bhunófar le go mbeidh ETIAS in ann a chuid sonraí a chur i gcomparáid le sonraí gach córais eile a cheadaítear trí aon iarratas amháin, ba cheart í a fhorbairt ionas gurb í an Tairseach Cuardaigh Eorpach an toradh nádúrtha a thiocfaidh as amach anseo. |
(6) Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus chun costais a laghdú, ba cheart do ETIAS, mar a fhoráiltear in Airteagal 6(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí arna bhforbairt le haghaidh an chórais dul isteach/imeachta (‘EES’) a athúsáid chun stóras sonraí céannachta comhroinnte a fhorbairt. An stóras sin a úsáidtear chun sonraí alfa-uimhriúla céannachta iarrthóirí ETIAS agus náisiúnach tríú tír a chláraítear in EES a stóráil, ba cheart é a fhorbairt ionas go mbeifear in ann é a shíneadh. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(6a) Leis an Tairseach Chuardaigh Eorpach (ESP), a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, beifear in ann na sonraí arna stóráil in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí arna stóráil i ngach córas faisnéise de chuid AE trí aon chuardach amháin a dhéanamh. |
|
______________ |
|
1a. Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle. (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27). |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Chun gnóthú iomlán cuspóirí ETIAS a áirithiú, chomh maith le cuspóirí Chóras Faisnéise Schengen (‘SIS’) a chur chun cinn, is gá catagóir rabhadh nua a chur san áireamh i raon feidhme na bhfíoruithe uathoibríocha, catagóir a tugadh isteach leis an athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar SIS, is é sin le rá an foláireamh maidir le daoine atá faoi réir seiceálacha iarratais. |
(8) Chun gnóthú iomlán cuspóirí ETIAS a áirithiú, agus chun cuspóirí Chóras Faisnéise Schengen (‘CFS’) a chur chun cinn, is gá catagóirí foláirimh nua a chur san áireamh i raon feidhme na bhfíoruithe uathoibríocha, catagóirí a tugadh isteach leis an athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar CFS, is é sin le rá an foláireamh maidir le daoine atá faoi réir seiceálacha iarratais agus an foláireamh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh fillidh. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/xxxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 [ECRIS-TCN]] agus leis an rún a luaitear i Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, ba cheart ETIAS a bheith in ann a fhíorú an bhfuil comhfhreagrais ann idir sonraí i gcomhaid iarratais ETIAS agus sonraí sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla – Náisiúnaigh Triú Tír (‘ECRIS-TCN’) agus sonraí sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (‘CIR’) i dtaca le cé acu Ballstáit a bhfuil faisnéis ina seilbh acu faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcion coiriúil tromchúiseach eile. |
(10) I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [ECRIS-TCN]] agus leis an rún a luaitear i Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, ba cheart ETIAS a bheith in ann a fhíorú an bhfuil comhfhreagrais ann idir sonraí i gcomhaid iarratais ETIAS agus sonraí sa Chóras Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla – Náisiúnaigh Triú Tír (‘ECRIS-TCN’) agus sonraí sa Stóras Coiteann Sonraí Céannachta (‘CIR’) i dtaca le cé acu Ballstáit a bhfuil faisnéis ina seilbh acu faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát i gcion sceimhlitheoireachta le linn na 20 bliain roimhe sin, nó i gcion coiriúil tromchúiseach eile le linn na 10 mbliana roimhe sin, mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240, i gcás ina bhfuil na cionta coiriúla sin inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse trí bliana ar a laghad. |
__________________ |
__________________ |
29 [Rialachán (AE) Uimh. …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ….(IO L , , p. )] |
|
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(10a) Déanann na Ballstáit sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír agus faoi dhaoine gan stát a bhailiú agus a phróiseáil cheana chun críocha Rialachán ECRIS-TCN. Níor cheart go ndéanfaí leis an Rialachán seo aon oibleagáid a fhorchur ar na Ballstáit sonraí faoi náisiúnach tríú tír agus faoi dhaoine gan stát a bhailítear cheana féin faoin Rialachán ECRIS-TCN a mhodhnú nó a leathnú. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 2018/1862 (Póilíneacht SIS) agus Rialachán (AE) Uimh. yyyy/xxx [ECRIS-TCN] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) a leasú. |
(22) Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin (AE) Uimh. 2018/1862 (Póilíneacht SIS) agus (AE) 2019/816 (ECRIS-TCN) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus (AE) 2019/818 ((Idir-Inoibritheacht Póilíneachta) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a leasú. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2018/1862
Airteagal 44 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) próiseáil láimhe ar iarratais ETIAS ag Aonad Náisiúnta ETIAS, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240. |
(g) próiseáil láimhe ar iarratais ETIAS ag Aonad Náisiúnta ETIAS, de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/1862
Airteagal 50a – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh an ceart ag Láraonad ETIAS, arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, chun críche na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcrích, sonraí ábhartha arna n-iontráil in SIS a rochtain agus a chuardach. Beidh feidhm ag Airteagal 50(4) go dtí (8) den Rialachán seo maidir leis an rochtain agus leis an gcuardach sin. |
1. Beidh an ceart ag Láraonad ETIAS, arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, chun críche na gcúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcrích, sonraí ábhartha in VIS a rochtain agus a chuardach i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin. Beidh feidhm ag Airteagal 50(4) go dtí (8) den Rialachán seo maidir leis an rochtain agus leis an gcuardach sin. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/1862
Airteagal 50a – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina ndearbhaítear le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS go bhfuil comhfhreagras idir na sonraí a thaifeadtar i gcomhaid iarratais ETIAS agus foláireamh in SIS, beidh feidhm ag Airteagal 23, Airteagal 24 agus Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240. |
2. I gcás ina ndearbhaítear le fíorú arna dhéanamh ag Láraonad ETIAS faoi Airteagal 22 agus Airteagal 23(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 go bhfuil comhfhreagras idir na sonraí a thaifeadtar i gcomhaid iarratais ETIAS agus foláireamh in CFS, nó i gcás ina bhfuil amhras fós ann, beidh feidhm ag Airteagail 23, 24, 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/1862
Airteagal 50b – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ó thús oibríochtaí ETIAS, dá bhforáiltear in Airteagal 88(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, beidh Lárchóras SIS nasctha leis an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 chun an uathphróiseáil dá dtagraítear san Airteagal sin a chumasú. |
1. Ó thús oibríochtaí ETIAS, dá bhforáiltear in Airteagal 88(1) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, beidh Lárchóras CFS nasctha le ESP chun an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11 a chumasú. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/1862
Airteagal 50b – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Chun críocha na bhfíoruithe dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(a), (d) agus (m)(i) agus Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, úsáidfidh Lárchóras ETIAS an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán Uimh. 2018/1240 a chur i gcomparáid le sonraí in SIS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin. |
3. Chun críocha na bhfíoruithe dá dtagraítear i bpointí (a), (d) agus (m)(i) d’Airteagal 20(2), in Airteagal 23(1), i bpointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6) agus i bpointe (b) d’Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, úsáidfidh ESP chun na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 11(5) de Rialachán Uimh. 2018/1240 a chur i gcomparáid le sonraí in CFS, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2018/1862
Airteagal 50b – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina gcuirtear foláireamh nua dá dtagraítear in Airteagal 41(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 isteach in SIS ar dhoiciméid taistil, nó i gcás ina dtuairiscítear gur goideadh é, gur mídhílsíodh é, gur cailleadh é nó gur cuireadh ó bhail é, déanfaidh SIS an fhaisnéis faoin bhfoláireamh sin a tharchur, ag baint úsáid as an uathphróiseáil agus as an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin, chuig Lárchóras ETIAS chun a fhíorú an bhfuil an foláireamh nua sin ag comhfhreagairt d’údarú taistil atá ann cheana.”. |
I gcás ina gcuirtear foláireamh nua dá dtagraítear in Airteagal 41(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 isteach in SIS ar dhoiciméid taistil, nó i gcás ina dtuairiscítear gur goideadh é, gur mídhílsíodh é, gur cailleadh é nó gur cuireadh ó bhail é, déanfaidh SIS an fhaisnéis faoin bhfoláireamh sin a tharchur, ag baint úsáid as an uathphróiseáil agus as ESP, chuig Lárchóras ETIAS chun a fhíorú an bhfuil an foláireamh nua sin ag comhfhreagairt d’údarú taistil atá ann cheana. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. bbbb/xxxx [ECRIS-TCN] |
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/816 |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Leasaítear Rialachán (AE) bbbb/xxxx [Rialachán ECRIS-TCN] mar seo a leanas: 44 45: |
Leasaítear Rialachán (AE) 2019/816 [Rialachán ECRIS-TCN] mar seo a leanas: 44 45: |
_________________ |
_________________ |
44 Cuirtear Togra an Choimisiúin COM (2017) 344 final san áireamh leis na leasuithe sin. |
44 Cuirtear Togra an Choimisiúin COM (2017) 344 final san áireamh leis na leasuithe sin. |
45 Cuirtear san áireamh san uimhriú an leasú ar an Rialachán seo arna dhéanamh leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce), COM(2018) 480 final. |
45 Cuirtear san áireamh san uimhriú an leasú ar an Rialachán seo arna dhéanamh leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise an Aontais Eorpaigh (comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach, tearmann agus imirce), COM(2018) 480 final. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 1 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
“(d) na coinníollacha faoina bhféadfar sonraí i gcóras ECRIS-TCN a úsáid chun críche bainistiú teorainneacha i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*. |
“(d) na coinníollacha faoina bhféadfaidh Láraonad ETIAS sonraí faoi náisiúnaigh tríú tír nó faoi dhaoine gan stát a áirítear i gcóras ECRIS-TCN a úsáid chun críche tacú le cuspóir phointe (a) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir lena dhearbhú an mbeadh rioscaí slándála ag baint le hiarratasóirí ETIAS ar chríoch na mBallstát. |
_________________ |
_________________ |
* Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1)”; |
* Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1)”; |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 2 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil faisnéise céannachta náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit chun críche na Ballstáit inar tugadh na ciontuithe sin a shainaithint, agus chun críche bainistiú teorainneacha [agus rannchuidiú le ceart-sainaithint daoine a éascú agus cabhair a thabhairt ina leith sin]. |
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le próiseáil faisnéise céannachta náisiúnach tríú tír a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit chun críche na Ballstáit inar tugadh na cinntí sin a shainaithint. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 2 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Leis an Rialachán seo, déantar ceart-sainaithint daoine a éascú agus a chabhrú freisin i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/818. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 2 – mír 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Leis an Rialachán seo, tacaítear freisin leis an gcuspóir faoi phointe (a) de Rialachán (AE) 2018/1204 maidir lena dhearbhú an mbeadh rioscaí slándála ag baint le hiarratasóirí ETIAS ar chríoch na mBallstát. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 2 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Cé is moite de phointe (ii) d’Airteagal 5(1)(b), i dtaca leis na forálacha den Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír, tá feidhm acu freisin maidir le saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil náisiúnaigh tríú tír acu freisin agus a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit.; |
Cé is moite de na forálacha a bhaineann le pointe (a) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1240 agus le pointe (11) d’Airteagal 5(1)(b), i dtaca leis na forálacha den Rialachán seo a bhfuil feidhm acu maidir le náisiúnaigh tríú tír, tá feidhm acu freisin maidir le saoránaigh de chuid an Aontais a bhfuil náisiúnaigh tríú tír acu freisin agus a bhí faoi réir ciontuithe sna Ballstáit.; |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe a
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 3 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f): |
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (6): |
“(f) ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha agus na comhlachtaí de chuid an Aontais (Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, ETIAS arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta) is inniúil chun an córas ECRIS-TCN a rochtain nó a chuardach i gcomhréir leis an Rialachán seo;”; |
“(6) ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis lárnacha agus Eurojust, Europol, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus Láraonad ETIAS arna mbunú faoi Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2018/1240 is inniúil chun córas ECRIS-TCN a rochtain nó a chuardach i gcomhréir leis an Rialachán seo;”; |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3 – pointe b
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 3 – pointe t and u
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) cuirtear na pointí seo a leanas leis: |
scriosta |
“(t) ‘(t) ciallaíonn ‘cion sceimhlitheoireachta’ cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* nó atá coibhéiseach le ceann acu; |
|
(u) ciallaíonn ‘cion coiriúil tromchúiseach’ cion a chomhfhreagraíonn do cheann de na cionta dá dtagraítear in Airteagal 2(2) de Chinneadh Réime 2002/584/CGB**, nó atá coibhéiseach leo, má tá sé inphionósaithe faoin dlí náisiúnta le pianbhreith coimeádta nó le hordú coinneála arb é trí bliana ar a laghad a uastréimhse. |
|
_____________ |
|
* Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6) |
|
** Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1)”; |
|
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 – pointe a
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 5 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) i gcás inarb infheidhme, bratach lena léirítear gur ciontaíodh an duine lena mbaineann i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcion coiriúil tromchúiseach eile, agus sna cásanna sin cód an Bhallstáit chiontaithigh nó na mBallstát ciontaithigh.; |
(c) i gcás inarb infheidhme, bratach lena léirítear, chun críoch Rialachán (AE) 2018/1240, gur ciontaíodh an náisiúnach tríú tír lena mbaineann, le linn na 20 bliain a chuaigh thart, i gcion sceimhlitheoireachta nó, le linn na 10 mbliana a chuaigh thart, in aon chion coiriúil eile arna liostú san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1240 i gcás ina bhfuil na cionta coiriúla sin inphionóis faoin dlí náisiúnta le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála ar feadh uastréimhse trí bliana ar a laghad, agus cód an Bhallstáit chiontaithigh nó na mBallstát ciontaitheach sna cásanna sin.; |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 – pointe b
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 5 – mír 1a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1a. [In CIR beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 agus i mír 2, mar aon leis na sonraí seo a leanas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1: sloinne (ainm teaghlaigh); ainm(neacha) ainm(eacha) baiste; dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír); náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; cineál agus uimhir dhoiciméad taistil an duine nó dhoiciméid taistil an duine, mar aon le hainm údaráis eisiúna an doiciméid taistil sin nó na ndoiciméad taistil sin; agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha roimhe sin, ainm (ainmneacha) bréige agus/nó ainm (ainmneacha) ailias, mar aon le cód an Bhallstáit chiontaithigh. Stórálfar na sonraí ECRIS-TCN atá fágtha i Lárchóras ECRIS-TCN.]; |
1a. In CIR beidh na sonraí dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 agus i mír 2, mar aon leis na sonraí seo a leanas dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1: sloinne (ainm teaghlaigh); sloinne (ainm teaghlaigh); ainm(neacha) ainm(eacha) baiste; dáta breithe; áit bhreithe (baile agus tír); náisiúntacht nó náisiúntachtaí; inscne; ainmneacha roimhe sin, más infheidhme, ainm (ainmneacha) bréige agus/nó ainm (ainmneacha) ailias, i gcás ina bhfuil siad ar fáil, cineál agus uimhir dhoiciméid taistil an duine, ainm an údarás eisiúna agus, sna cásanna dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1, cód an Bhallstáit chiontaithigh. Stórálfar na sonraí ECRIS-TCN atá fágtha i Lárchóras ECRIS-TCN.; |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4 – pointe b a (nua)
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 5 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ba) cuirtear an mhír seo a leanas isteach: |
|
“6a. Ní bheidh bratacha agus cód an Bhallstáit chiontaithigh nó na mBallstát ciontaitheach amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 den Airteagal seo inrochtana agus inchuairdithe ach amháin ag Lárchóras ETIAS chun críoch an fhíoraithe de bhun Airteagal 7a den Rialachán seo i gcomhar le pointe (n) d’Airteagal 20(2) de Rialachán (AE) 2018/1240 i gcás ina sainaithneofar amais tar éis na huathphróiseála dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán sin. |
|
Gan dochar don chéad fhomhír, ní bheidh bratacha agus cód an Bhallstáit chiontaithigh nó na mBallstát ciontaitheach amhail dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 1 infheicthe ag aon údarás seachas údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh a chruthaigh an taifead a bhfuil bratach leis.” |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 7 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: |
(5) In Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: |
“5. I gcás amais, cuirfidh an Lárchóras [nó CIR] faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoin mBallstát nó faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis ar thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír, mar aon leis an uimhir thagartha ghaolmhar nó na huimhreacha tagartha gaolmhara dá dtagraítear in Airteagal 5(1) agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach amháin chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní féidir toradh ar chuardach sa Lárchóras a úsáid ach amháin chun iarratas a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB, chun iarratas dá dtagraítear in Airteagal 16(4) den Rialachán seo a dhéanamh, nó chun críocha bainistíochta teorann [agus chun ceart-sainaithint daoine atá cláraithe sa chóras ECRIS-TCN a éascú agus cabhrú leis].;” |
“7. I gcás amais, cuirfidh an Lárchóras nó CIR faisnéis ar fáil go huathoibríoch don údarás inniúil faoin mBallstát nó faoi na Ballstáit ag a bhfuil faisnéis ar thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír, mar aon leis an uimhir thagartha ghaolmhar nó na huimhreacha tagartha gaolmhara agus aon fhaisnéis chéannachta chomhfhreagrach. Ní úsáidfear an fhaisnéis chéannachta sin ach amháin chun céannacht an náisiúnaigh tríú tír lena mbaineann a fhíorú. Ní féadfar toradh ar chuardaigh sa Lárchóras a úsáid ach amháin chun iarratas a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh Réime 2009/315/CGB, chun iarratas dá dtagraítear in Airteagal 17(3) den Rialachán seo a dhéanamh, nó chun críocha ceart-sainaithint daoine a éascú agus cabhrú léi agus chun críche tacú leis an gcuspóir faoi phointe (a) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1240 maidir lena dhearbhú an mbeadh rioscaí slándála ag baint le hiarratasóirí ETIAS ar chríoch na mBallstát.”; |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 7a – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Beidh de ceart ag Láraonad ETIAS, arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, chun críche na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcrích, sonraí ábhartha arna n-iontráil in SIS a rochtain agus a chuardach in [CIR]. Ní bheidh rochtain aige, áfach, ach amháin ar thaifid sonraí a bhfuil bratach curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán seo. |
1. Beidh de ceart ag Láraonad ETIAS, i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, chun críoch na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 a chur i gcrích, sonraí ECRIS-TCN in CIR a rochtain agus a chuardach. Ní bheidh rochtain aige, áfach, i gcomhréir le hAirteagal 11(8) den Rialachán sin, ach amháin ar thaifid sonraí a bhfuil bratach curtha leo i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(c) den Rialachán seo. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 7a – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Beidh [CIR] ceangailte leis an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1240 chun an uathphróiseáil dá dtagraítear san Airteagal sin a chumasú. |
2. Beidh CIR nasctha le ESP chun an uathphróiseáil dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2018/1240 a chumasú. . |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 7a – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críche leanúint ar aghaidh leis na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 20(2)(n) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, úsáidfidh Lárchóras ETIAS an uirlis dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí arna sonrú in ECRIS-TCN [in CIR], de bhun Airteagal 5(1)(c) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 11(8) de Rialachán 2018/1240, agus na comhfhreagrachtaí a liostaítear sa tábla in Iarscríbhinn II á n-úsáid aige.; |
Chun críche leanúint ar aghaidh leis na fíoruithe a dhéanamh dá dtagraítear i bpointe (n) d’Airteagal 20(2)(n) de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240, bainfidh Lárchóras ETIAS úsáid as ESP chun na sonraí in ETIAS a chur i gcomparáid leis na sonraí arna sonrú in ECRIS-TCN [in CIR], de bhun phointe (c) d’Airteagal 5(1)(c) den Rialachán seo agus i gcomhréir le hAirteagal 11(8) de Rialachán 2018/1240, agus na comhfhreagrachtaí a liostaítear sa tábla in Iarscríbhinn II á n-úsáid aige.; |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 8 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
“2. Nuair a bheidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 imithe in éag, scriosfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh an taifead sonraí, lena n-áirítear aon mhéarloirg, íomhánna den aghaidh, nó bratacha dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c), ón Lárchóras [agus ó CIR]. Sna cásanna sin ina ndéanfar na sonraí a bhaineann le ciontú i gcion sceimhlitheoireachta nó i gcoir thromchúiseach de chineál eile dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c) a scrios ón taifead náisiúnta coiriúil, ach go gcoinneofar faisnéis ar chiontuithe eile de chuid an duine sin, ní bhainfear ón taifead sonraí ach an bhratach dá dtagraítear in Airteagal 5(1)(c). Déanfar an scriosadh sin go huathoibríoch, i gcás inar féidir, agus ar aon nós tráth nach déanaí ná aon mhí tar éis dhul in éag na tréimhse coinneála.”; |
“2. Nuair a bheidh an tréimhse choinneála dá dtagraítear i mír 1 imithe in éag, scriosfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh an taifead sonraí, lena n-áirítear aon sonraí méarlorg nó íomhánna den aghaidh nó bratacha dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1)(c), ón Lárchóras agus ó CIR. Déanfar an léirscriosadh go huathoibríoch, nuair is féidir, agus in aon chás tráth nach déanaí ná mí tar éis don tréimhse choinneála sin dul in éag. |
|
I gcás ina mbaineann dul in éag na tréimhse coinneála le bratacha amhail dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1), scriosfaidh údarás lárnach an Bhallstáit chiontaithigh na bratacha ón Lárchóras agus ó CIR. Déanfar an scriosadh sin go huathoibríoch.”; |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (AE) 201816
Airteagal 22 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) In Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: |
(8) In Airteagal 24, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: |
“1. Ní dhéanfar na sonraí atá sa Lárchóras [agus in CIR] a phróiseáil ach chun críche na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis ar thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír, agus chun críche bainistiú teorainneacha [mar aon le cuidiú le ceart-sainaithint daoine atá cláraithe sa chóras ECRIS-TCN agus é a éascú].”‘; |
“1. Ní dhéanfar na sonraí atá sa Lárchóras agus in CIR a phróiseáil ach chun críche na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis ar thaifid choiriúla náisiúnach tríú tír, agus chun críocha bainistiú teorainneacha, mar aon le ceart-sainaithint daoine a éascú, agus chun cuidiú leis sin, agus chun tacú le cuspóir phointe (a) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1240 maidir lena shainaithint an mbeadh riosca slándála ann mar thoradh ar iarratasóirí ETIAS a bheith ar chríoch na mBallstát.”; |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) in Airteagal 30(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: |
(9) in Airteagal 32(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 30 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gach mí cuirfidh eu-LISA staitisticí faoi bhráid an Choimisiúin, gan sainaithint iarratasóirí aonair a cheadú, staitisticí a bhaineann le taifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise a bhaintear as taifid choiriúla tríd an gcóras ECRIS-TCN agus trí na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, lena n-áirítear na taifid sonraí a bhfuil bratach ceangailte leo i gcomhréir le hAirteagal 5(1)(c). |
Gach mí cuirfidh eu-LISA staitisticí faoi bhráid an Choimisiúin staitisticí a bhaineann le taifeadadh, stóráil agus malartú faisnéise a bhaintear as taifid choiriúla trí chóras ECRIS-TCN agus trí na bogearraí tagartha do chur chun feidhme ECRIS, lena n-áirítear na taifid sonraí a bhfuil bratach ceangailte leo i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 5(1). Déanfaidh eu-LISA a áirithiú nach féidir daoine aonair a shainaithint ar bhonn na staitisticí sin. Arna iarraidh sin don Choimisiún, cuirfidh eu-LISA ar fáil dó staidreamh maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo.” |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 29a – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Airteagal 29a |
Airteagal 31a |
Logaí a choinneáil chun críocha ETIAS |
Logaí a choinneáil chun críocha idir-inoibritheacht le ETIAS |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 29a – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I dtaca leis na ceaduithe a liostaítear in Airteagal 7a den Rialachán seo, coinneofar log ar gach oibríocht próiseála sonraí ECRIS-TCN a rinneadh laistigh de [CIR] agus ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.; |
I dtaca leis na ceaduithe a liostaítear in Airteagal 7a den Rialachán seo, coinneofar log ar gach oibríocht próiseála sonraí ECRIS-TCN a rinneadh laistigh de CIR agus ETIAS i gcomhréir le hAirteagal 69 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240.; |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10 a (nua)
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 36 – mír 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(10a) in Airteagal 36, cuirtear isteach mír 8a: |
|
“8a. Bliain amháin tar éis do ECRIS-TCN tús a chur lena oibríochtaí, measfaidh an Coimisiún an raibh gá le cuardach ECRIS-TCN ag córas ETIAS chun tacú leis an gcuspóir faoi phointe (a) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2018/1240 chun a shainaithint an mbeadh rioscaí slándála ann de dheasca iarratasóirí ETIAS a bheith ar chríoch na mBallstát. Tarchuirfidh an Coimisiún an measúnú chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha.” |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10 b (nua)
Rialachán (AE) 2019/816
Airteagal 36 – mír 10 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(10b) in Airteagal 36, mír 10, cuirtear an pointe seo a leanas isteach: |
|
“(aa) a mhéid, ar bhonn sonraí staidrimh ábhartha agus faisnéise breise ó na Ballstáit, a bhí gá le ECRIS-TCN a chuardach le córas ETIAS chun tacú leis an gcuspóir faoi phointe (a) d’Airteagal (AE) 2018 maidir lena dhearbhú an mbeadh rioscaí slándála ag baint le hiarratasóirí ETIAS ar chríoch na mBallstát; |
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 11
Rialachán (AE) 2019/816
Iarscríbhinn II – Tabla
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
|
Sonraí Airteagal 17(2) de Rialachán 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS |
Na sonraí ECRIS-TCN atá comhfhreagrach agus dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo in [CIR] ar cheart sonraí ETIAS a sheiceáil i gcomparáid leo. |
sloinne (ainm teaghlaigh) |
sloinne (ainm teaghlaigh) |
sloinne breithe |
ainm (ainmneacha) a bhí ar an duine roimhe seo |
ainm(neacha) (ainm(neacha) baiste) |
ainm(neacha) (ainm(neacha) baiste) |
ainmneacha eile (ainm(neacha) bréige, ainm(neacha ealaíona, gnáthainm(neacha)) |
ainm (ainmneacha) bréige agus/nó ainm (ainmneacha) ailias |
dáta breithe |
dáta breithe |
áit bhreithe; |
áit bhreithe (baile agus tír) |
tír bhreithe |
áit bhreithe (baile agus tír) |
gnéas |
inscne |
náisiúntacht i láthair na huaire |
náisiúntacht(aí) |
náisiúntachtaí eile (más ann dóibh) |
náisiúntacht(aí) |
cineál an doiciméid taistil |
catagóir dhoiciméid aitheantais an duine |
uimhir an doiciméid taistil |
líon na ndoiciméad aitheantais atá ag an duine |
tír eisiúna an doiciméid taistil |
sonraí an údaráis eisiúna |
|
|
Leasú |
|
Sonraí Airteagal 17(2) de Rialachán 2018/1240 arna seoladh ag Lárchóras ETIAS |
Na sonraí ECRIS-TCN atá comhfhreagrach agus dá dtagraítear in Airteagal 5(1) den Rialachán seo in CIR ar cheart na sonraí in ETIAS a sheiceáil i gcomparáid leo. |
sloinne (ainm teaghlaigh) |
sloinne (ainm teaghlaigh) |
sloinne breithe |
ainm (ainmneacha) a bhí ar an duine roimhe seo |
ainm(neacha) (ainm(neacha) baiste) |
ainm(neacha) (ainm(neacha) baiste) |
ainmneacha eile (ainm(neacha) bréige, ainm(neacha ealaíona, gnáthainm(neacha)) |
ainm (ainmneacha) bréige agus/nó ainm (ainmneacha) ailias |
dáta breithe |
dáta breithe |
áit bhreithe; |
áit bhreithe (baile agus tír) |
tír bhreithe |
áit bhreithe (baile agus tír) |
gnéas |
inscne |
náisiúntacht i láthair na huaire |
náisiúntacht(aí) |
náisiúntachtaí eile (más ann dóibh) |
náisiúntacht(aí) |
cineál an doiciméid taistil |
catagóir dhoiciméid taistil nó aitheantais an duine |
uimhir an doiciméid taistil |
catagóir dhoiciméid taistil nó aitheantais an duine |
tír eisiúna an doiciméid taistil |
sonraí an údaráis eisiúna |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 2a |
|
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818 (Póilíneacht Idir-Inoibritheachta) |
|
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2019/818 mar seo a leanas: |
|
(1) In Airteagal 18, cuirtear an mhír seo a leanas isteach: |
|
“1a. Chun críoch Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1240, stórálfaidh CIR, agus iad scartha ó thaobh na loighce de ó na sonraí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE 2019/816. Ní bheidh na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/816 inrochtana ach amháin ar an mbealach dá dtagraítear in Airteagal 5(6a) den Rialachán sin.” |
|
(2) In Airteagal 68(1), cuirtear an mhír seo a leanas isteach: |
|
“1a. Gan dochar do mhír 1, chun críocha uathphróiseáil Airteagal 20, Airteagal 23, pointe (c)(ii) d’Airteagal 24(6), Airteagal 41 agus pointe (b) d’Airteagal 54(1) de Rialachán (AE) 2018/1240, cuirfidh ESP tús le hoibríochtaí, a bheidh teoranta do na críocha sin, a luaithe a chomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 88 de Rialachán (AE) 2018/1240.” |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh feidhm aige ón dáta a socraíodh i gcomhréir le dara fomhír Airteagal 96 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240. |
scriosta |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Cúlra agus ábhar an togra
I ndiaidh don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa dhá ghníomh reachtacha a ghlacadh, i mí Mheán Fómhair 2018, ar gnímh reachtacha iad lena leagtar amach ETIAS - Rialachán lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (‘ETIAS’)[1] agus leasú ar Rialachán Europol chun ETIAS a bhunú[2] - thíolaic an Coimisiún a thograí le haghaidh leasuithe iarmhartacha ETIAS, mar a thugtar orthu.
Sonraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán ETIAS an méid seo a leanas: “Na leasuithe ar na gníomhartha dlíthiúla lena mbunaítear córais faisnéise an Aontais Eorpaigh is gá iad lena n-idir-inoibritheacht le ETIAS a bhunú, chomh maith leis na forálacha comhfhreagracha a chur leis an Rialachán seo, déanfar iad in ionstraim dhlíthiúil faoi leith.” Ar an mbonn sin, an 7 Eanáir 2019, thíolaic an Coimisiún dhá thogra éagsúla maidir le leasuithe iarmhartacha arb é is aidhm leo na leasuithe teicniúla a leagan amach a bhfuil gá leo chun córas ETIAS a chur ar bun go hiomlán trí leasú a dhéanamh ar ghnímh dhlíthiúla na gcóras teicneolaíochta faisnéise AE a ndéanann ETIAS cuardach orthu, chomh maith leis na forálacha comhfhreagracha a leagan amach agus Rialachán ETIAS a leasú dá réir sin (2019/0001 (COD) agus 2019/0002 (COD)).
Ar deireadh, i gcomhréir leis an gCumarsáid ó mhí Aibreáin 2016 “Córais Faisnéise níos Cliste do Theorainneacha agus don tSlándáil”, tá ETIAS le tógáil ar chomhpháirteanna crua-earra agus bogearra a athúsáid arna bhforbairt le haghaidh EES. Is é sin an cur chuige freisin a leantar sna tograí reachtacha maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise. Maidir le forbairt theicniúil an stórais choitinn sonraí céannachta agus na tairsí cuardaigh Eorpaí dá bhforáiltear le tograí reachtacha maidir le hidir-inoibritheacht na gcóras faisnéise dhéanfaí an fhorbairt sin a fhorbairt ar bhonn chomhpháirteanna EES/ETIAS. Tíolactar leis an togra seo, dá bhrí sin, leasuithe ar Rialachán ETIAS chun a shainiú go gcuirfeadh Lárchóras ETIAS le comhpháirteanna crua-earra agus bogearra Lárchóras EES chun stóras comhroinnte sonraí céannachta a bhunú chun sonraí alfa-uimhriúla céannachta de chuid iarrthóirí ETIAS agus náisiúnaigh tríú tír a chláraítear in EES a stóráil.
Nós imeachta
Ar an ábhar nach raibh Measúnuithe Tionchair ag gabháil leis na tograí ón gCoimisiún, agus chun measúnú cuí a dhéanamh ar na tograí agus ullmhú don dréacht-tuarascáil seo, rinne Comhordaitheoirí na ngrúpaí polaitiúla an cinneadh Measúnú Tionchair ionaid arna ullmhú ag Seirbhís Taighde Pharlaimintigh na hEorpa (EPRS) a iarraidh, ar tuarascáil í a cuireadh i gcrích agus a tíolacadh chuig Coiste LIBE i mí na Nollag 2019.
Cuireann an rapóirtéir i bhfáth a thábhachtaí atá sé Measúnuithe Tionchair a bheith ann chun measúnú cúramach agus anailís chuí a dhéanamh ar na tograí reachtacha nua, agus ar a n-ábharthacht mar thoisc a chuireann le cáilíocht reachtóireachta.
Chomh maith leis sin, chun an fhaisnéis a chomhlánú, iarradh tuairimí ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ón tSeirbhís Eorpach um Chosaint Sonraí agus ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
Seasamh an Rapóirtéara
Is díol sásaimh don rapóirtéir iad, tríd is tríd, na tograí le haghaidh Leasuithe Iarmhartacha ar an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil. Measann sé, áfach, go bhféadfaí feabhsú a dhéanamh maidir le roinnt de na hairteagail leasaithe agus maidir le leanúint na moltaí sa Mheasúnú Tionchair ionaid a rinne EPRS.
Aontaíonn sé le réasúnaíocht fhoriomlán agus príomhghnéithe na dtograí ón gCoimisiún, agus é á aithint aige gurb amhlaidh is ann do na tograí mar thoradh agus mar oibleagáid i ndiaidh fhorálacha Rialachán 2018/1240 (rialachán ETIAS) ar tháinig na comhreachtóirí ar chomhaontú ina leith. Ní féidir na seiceálacha uathoibrithe a éilítear faoi Rialachán ETIAS a dhéanamh ach amháin más féidir le Lárchóras ETIAS cumarsáid a dhéanamh le córais faisnéise eile de chuid AE. Leagtar amach sna tograí na gnéithe teicniúla a bhfuil gá leo chun sonraí pearsanta sna feidhmchláir éagsúla a chur i gcomparáid leis na sonraí atá i dtaifid, i gcomhaid nó i bhfoláirimh a chláraítear i gcórais faisnéise agus bunachair sonraí de chuid AE i bhfianaise idir-inoibritheacht na gcóras faisnéise le haghaidh bainistiú slándála, teorann agus imirce.
Ós rud é go ndearnadh na tograí ón gCoimisiún a thíolacadh an 7 Eanáir 2019, agus caibidlíochtaí idirinstitiúideacha maidir le tograí le haghaidh creat idir-inoibritheachta agus togra ECRIS-TCN fós ar siúl, ba ghá na tograí ón gCoimisiún a nuashonrú i gcomhréir leis na comhaontaithe ar na comhaid sin a glacadh idir an dá linn.
I gcomhréir leis na moltaí a rinneadh sa Mheasúnú Tionchair ionad a d’ullmhaigh EPRS, rinneadh tuilleadh feabhsuithe ar an nós imeachta le haghaidh náisiúnach tríú tír atá ciontaithe i sceimhlitheoireacht nó i gcionta coiriúla tromchúiseacha. Ina theannta sin, tá na forálacha maidir le faireachán agus staidrimh neartaithe ar bhealach ina gcinntítear go mbeidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh go rialta ar an gceadú a dhéantar le córas ETIAS ar chóras ECRIS-TCN, agus Parlaimint na hEorpa agus EDPS a chur ar an eolas ina leith sin. Ar deireadh, measann an rapóirtéir gur míchuí an sainmhíniú ar chomhfhreagairt pháirteach idir taifid i gcórais faisnéise de chuid AE trí bhíthin gníomh cur chun feidhme. Maidir leis an tionchar suntasach a d’fhéafadh a bheith ann ar chearta chun saoil phríobháidigh agus chun cosaint sonraí, tá sé níos iomchuí é sin a dhéanamh trí bhíthin gníomh tarmligthe chun formhaoirseacht chuí ag Parlaimint na hEorpa a áirithiú i gcomhréir le forálacha comhchosúla atá sna Rialacháin le haghaidh Creat Idir-Inoibritheachta.
Ar deireadh, creideann an rapóirtéir go mbaineann breisluach le Córais Faisnéise Schengen (CFSanna) a cheadú freisin le haghaidh foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir cinneadh fillidh. Má dhéantar CFS a cheadú le haghaidh foláireamh den chineál sin ag luathchéim, sula mbeidh an náisiúnach tríú tír é féin nó í féin i láthair ag teorainn an Bhallstáit, beidh sé sin chun tairbhe don Bhallstát agus don náisiunach tríú tír.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Bunú na gcoinníollacha maidir le rochtain a fháil ar chórais faisnéise eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus leasú ar Rialachán (AE) 2018/1862 agus Rialachán (AE) 2018/xxx [ECRIS-TCN] |
|||
Tagairtí |
COM(2019)0003 – C8-0025/2019 – 2019/0001(COD) |
|||
Dáta tíolactha don Pharlaimint |
7.1.2019 |
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta an fhógartha sa suí iomlánach |
LIBE 17.1.2019 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim uathu Dáta an fhógartha sa suí iomlánach |
AFET 17.1.2019 |
TRAN 17.1.2019 |
|
|
Gan tuairimí a thabhairt Dáta an chinnidh |
AFET 6.11.2019 |
TRAN 21.1.2019 |
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Jeroen Lenaers 24.9.2019 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
3.9.2020 |
10.9.2020 |
15.10.2020 |
7.12.2020 |
Dáta an ghlactha |
7.12.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
55 9 0 |
||
Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Konstantinos Arvanitis, Malik Azmani, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Lívia Járóka, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Delara Burkhardt, Andor Deli, Leopoldo López Gil, Kostas Papadakis, Anne-Sophie Pelletier, Rob Rooken, Domènec Ruiz Devesa, Hilde Vautmans, Petar Vitanov |
|||
Dáta don chur síos |
11.12.2020 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH
55 |
+ |
EPP |
Magdalena ADAMOWICZ, Vladimír BILČÍK, Vasile BLAGA, Ioan-Rareş BOGDAN, Andor DELI, Lena DÜPONT, Andrzej HALICKI, Lívia JÁRÓKA, Jeroen LENAERS, Leopoldo LÓPEZ GIL, Nuno MELO, Roberta METSOLA, Nadine MORANO, Emil RADEV, Paulo RANGEL, Ralf SEEKATZ, Tomas TOBÉ, Javier ZARZALEJOS |
S&D |
Katarina BARLEY, Pietro BARTOLO, Delara BURKHARDT, Maria GRAPINI, Sylvie GUILLAUME, Evin INCIR, Marina KALJURAND, Łukasz KOHUT, Juan Fernando LÓPEZ AGUILAR, Javier MORENO SÁNCHEZ, Domènec RUIZ DEVESA, Birgit SIPPEL, Petar VITANOV, Bettina VOLLATH |
RENEW |
Malik AZMANI, Anna Júlia DONÁTH, Sophia in 't VELD, Fabienne KELLER, Moritz KÖRNER, Maite PAGAZAURTUNDÚA, Michal ŠIMEČKA, Ramona STRUGARIU, Hilde VAUTMANS |
ID |
Nicolas BAY, Nicolaus FEST, Jean-Paul GARRAUD, Peter KOFOD, Annalisa TARDINO, Tom VANDENDRIESSCHE |
GREENS/EFA |
Alice KUHNKE |
ECR |
Jorge BUXADÉ VILLALBA, Patryk JAKI, Assita KANKO, Nicola PROCACCINI, Rob ROOKEN |
NI |
Martin SONNEBORN, Milan UHRÍK |
9 |
- |
GREENS/EFA |
Patrick BREYER, Saskia BRICMONT, Damien CARÊME, Tineke STRIK |
EUL/NGL |
Konstantinos ARVANITIS, Pernando BARRENA ARZA, Cornelia ERNST, Anne-Sophie PELLETIER |
NI |
Kostas PAPADAKIS |
0 |
0 |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Rialachán (AE) Uimh. 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) Uimh. 2016/399, (AE) Uimh. 2016/1624 agus (AE) Uimh. 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
- [2] Rialachán (AE) Uimh. 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, 19.9.2018, lch. 72).