Nós Imeachta : 2018/2070(ACI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0261/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0261/2020

Díospóireachtaí :

PV 16/12/2020 - 4
CRE 16/12/2020 - 4

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0358

<Date>{14/12/2020}14.12.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0261/2020</NoDocSe>
PDF 279kWORD 118k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>maidir le tabhairt i gcrích Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach</Titre>

<DocRef>(2018/2070(ACI))</DocRef>


<Commission>{AFCO}An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Esteban González Pons</Depute>



PR_ACI_IIA

CLÁR

Leathanach

No table of contents entries found.


TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le tabhairt i gcrích Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach

(2018/2070(ACI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 Ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais (COM(2018)0323) agus an togra leasaithe (COM(2020)0444),

 ag féachaint don chomhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach,

 ag féachaint d’Airteagail 295, 310, 311, 312, 323 agus 324 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do Chomhaontú Pháras a glacadh ag an aonú seisiún is fiche de Chomhdháil na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a reáchtáladh i bPáras, i mí na Nollag 2015,

 ag féachaint dá rún an 14 Samhain 2018 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú[1],

 ag féachaint dá rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: uain chun ionchais na saoránach a chomhlíonadh[2],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[3],

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Bealtaine 2020 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh[4],

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach a glacadh an 21 Iúil 2020,

 ag féachaint do rún uaithi an 23 Iúil 2020 ar chonclúidí an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020[5],

 ag féachaint do rún reachtach uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh[6],

 ag féachaint do Riail 148(1) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don litir ón gCoiste um Buiséid,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0211/2020),

A. de bhrí gurb iomchuí, i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI), comhaontú idirinstitiúideach a ghlacadh ina leagfar amach forálacha maidir lena chur chun feidhme;

B. de bhrí gur thángthas ar chomhaontú polaitiúil foriomlán an 10 Samhain 2020 idir ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le CAI do 2021-2027, acmhainní dílse agus an Ionstraim Eorpach don Téarnamh (Next Generation EU (NGEU));

C. de bhrí go bhfolaíonn comhaontú polaitiúil den sórt sin Comhaontú Idirinstitiúideach athnuaite ar smacht buiséadach, ar chomhar i gcúrsaí buiséadacha agus ar bhainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (“an IIA”);

D. de bhrí, ina theannta sin, gur thángthas ar chomhaontú polaitiúil an 5 Samhain 2020 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit;

E. de bhrí go dtiocfaidh an comhaontú nua sin in ionad Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais[7];

F. de bhrí, chun an smacht buiséadach agus an comhar idir na hinstitiúidí maidir le hábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais a chur chun feidhme, gur gá don Chomhairle an fhaisnéis is gá a roinnt leis an bParlaimint faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh a bhaineann leis an gComhairle Eorpach agus leis an gComhairle, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis is gá ag an bParlaimint faoin gcaoi a bhfuil a buiséad á cur chun feidhme ag an gComhairle, ar bhealach díreach nó tríd an gCoimisiún;

G. de bhrí go bhfuil eilimintí tábhachtacha nua sa chomhaontú nua, go háirithe treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach sna seacht mbliana atá romhainn, forálacha maidir le grinnscrúdú buiséadach feabhsaithe ar chaiteachas mhaoiniú NGEU agus socruithe chun faireachán a dhéanamh ar chaiteachas ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta agus ar chomhionannas inscne agus príomhshruthú inscne;

H. de bhrí go bhfuil forálacha maidir le hacmhainní dílse an Aontais Eorpaigh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach den chéad uair, eadhon Iarscríbhinn nua ina leagtar amach treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach le linn thréimhse CAI 2021-2027, ar forálacha iad a bheidh leordhóthanach chun ús agus costais aisíocaíochta Ionstraim an Aontais Eorpaigh maidir le Téarnamh (NGEU) a chlúdach; de bhrí go gcuireann an treochlár le hinchreidteacht agus le hinbhuanaitheacht an leasaithe ar an gcinneadh maidir le hAcmhainní Dílse lena n-áirithítear go bhfuil na huasteorainneacha acmhainní dílse ard go leor chun go mbeifear in ann dliteanas an Aontais a chumhdach, i gcomhréir le prionsabal an smachta bhuiséadaigh de réir bhrí Airteagal 310(4) CFAE;  de bhrí go leanfar de bhuiséad an Aontais a chistiú mar ioncam ginearálta le hioncam ó acmhainní dílse ar mó é ná a bhfuil ag teastáil don aisíocaíocht, i gcomhréir le prionsabal na huilíochta; de bhrí nach gcuireann an treochlár bac ar thograí breise le haghaidh acmhainní dílse nua le linn na tréimhse airgeadais 2021-2027;

 

I. de bhrí go bhfuil cuid nua maidir le comhar i dtaca le hIonstraim Téarnaimh an Aontais Eorpaigh (NGEU) sa Chomhaontú Idirinstitiúideach lena ndírítear ar rannpháirtíocht iomchuí an údaráis bhuiséadaigh a áirithiú i rialachas an ioncaim shannta sheachtraigh faoi NGEU; de bhrí go dtagraíonn an chuid sin do dhearbhú Comhpháirteach nua maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua atá bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith aige do bhuiséad an Aontais;

J. de bhrí go bhforáiltear leis an gcomhaontú d’fhaireachán a dhéanamh ar chaiteachas ar fud chláir an Aontais maidir le cuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, comhionannas inscne agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil feabhsuithe suntasacha sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le ceapadh agus cur chun feidhme modheolaíochtaí chun rianú a dhéanamh ar an sprioc maidir le caiteachas aeráide de 30 % de bhuiséad foriomlán an Aontais agus ar chaiteachas faoi Ionstraim Téarnaimh an Aontais Eorpaigh, chun sprioc bhliantúil nua CAI um chaiteachas ar bithéagsúlacht de 7,5 % ó 2024 agus 10 % in 2026 agus 2027 a fhorbairt, agus chun caiteachas inscne a thomhas, lena n-áirítear príomhshruthú inscne a chur chun cinn;

K. de bhrí go bhfuil cuid nua sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí faoi thairbhithe arb é is aidhm dóibh bearta caighdeánaithe a thabhairt isteach chun faisnéis agus figiúirí maidir le tairbhithe deiridh chistiú an Aontais a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú;

L. de bhrí go dtuigtear go bhfuil an Comhaontú Idirinstitiúideach cothrománach ina chur i bhfeidhm cothrománach agus nach gcuirtear bac ar na comhreachtóirí bearta breise a chomhaontú, laistigh de raon feidhme rialacháin shonraigh, chun feabhas a chur ar cháilíocht agus inchomparáideacht sonraí, go háirithe maidir le cláir um bainistíocht dhíreach, nó chun rannpháirtíocht an údaráis bhuiséadaigh i rialachas an ioncaim shannta sheachtraigh  a fheabhsú tuilleadh;

 

M. de bhrí go n-áirítear sa Chomhaontú Idirinstitiúideach den chéad uair forálacha a bhaineann le comhar agus le hidirphlé ar thaobh na n-institiúidí le linn na caibidlíochta maidir le CAI, agus é mar aidhm leo ceanglais na gconarthaí a oibríochtú ar dá réir a dhéanfaidh na hinstitiúidí aon bheart is gá chun glacadh CAI a éascú agus chun comhairliúchán agus réiteach a seasamh maidir le cúrsaí buiséadacha a chur chun cinn;

N. de bhrí go ndéantar forálacha atá ann cheana a choimirciú leis an gComhaontú Idirinstitiúideach, agus go n-áirítear ann socruithe nua maidir le hionstraimí speisialta a úsáid, eadhon an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála, Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, an Ionstraim Corrlaigh Aonair agus an Ionstraim Sholúbthachta;

O. de bhrí go ndéantar foráil sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le coigeartuithe spriocdhírithe breise ar thrédhearcacht clársceidealaithe agus réamhaisnéisí;

P. de bhrí go n-áirítear in Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus Saoráid nua Téarnamh agus Athléimneachta; de bhrí gurb iomchuí, i gcomhthéacs an chomhaontaithe pholaitiúil ar thángthas air maidir le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus rannpháirtíocht an údaráis bhuiséadaigh i rialachas an ioncaim shannta sheachtraigh faoin ionstraim seo, a mheabhrú go bhfuil gá le creat dlíthiúil oibiachtúil, cothrom agus trédhearcach chun na tionscadail a mhaoineofar faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a roghnú, chomh maith le béim a leagan ar ról na n-údarás réigiúnach agus áitiúil maidir le cuidiú le téarnamh a bhaint amach atá siméadrach ní hamháin idir na Ballstáit ach idir na réigiúin freisin.

1 ag formheas thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe atá i gceangal leis seo;

2 á threorú dá hUachtarán an comhaontú a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus le hUachtarán an Choimisiúin agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3 á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo, lena n-áirítear a iarscríbhinní, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, mar fhaisnéis.


 


 


 


 


ÁBHAR: COMHAONTÚ IDIRINSTITIÚIDEACH IDIR PARLAIMINT NA HEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN COIMISIÚN EORPACH MAIDIR LEIS AN SMACHT BUISÉADACH, LE COMHAR IN ÁBHAIR BHUISÉADACHA AGUS LE BAINISTÍOCHT FHÓNTA AIRGEADAIS, AGUS MAIDIR LE HACMHAINNÍ DÍLSE NUA, LENA N-ÁIRÍTEAR TREOCHLÁR I DTREO ACMHAINNÍ DÍLSE NUA A THABHAIRT ISTEACH

 

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA, COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS AN COIMISIÚN EORPACH,

 

dá ngairtear "na hInstitiúidí" anseo feasta,

 

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 295 de,

 

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

 


1. Is é cuspóir an Chomhaontaithe seo an smacht buiséadach a chur chun feidhme, feabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil agus ar an gcomhar idir na hInstitiúidí in ábhair bhuiséadacha chomh maith le bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú, agus comhar a chur chun feidhme agus treochlár a bhunú i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach thar thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 ("CAI 2021-2027"), ar leor iad chun aisíocaíocht Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2020/…[8][+] ón gComhairle ("Rialachán EURI") a chumhdach.

 

2. Cumhdaítear leis an smacht buiséadach dá dtagraítear sa Chomhaontú seo gach caiteachas. Beidh an Comhaontú seo ina cheangal ar na hInstitiúidí fad a bheidh sé i bhfeidhm. Is cuid dhílis den Chomhaontú seo iad na hIarscríbhinní a ghabhann leis.

 


3. Leis an gComhaontú seo ní athraítear cumhachtaí buiséadacha agus reachtacha na nInstitiúidí faoi seach mar a leagtar síos sna Conarthaí, i Rialachán (AE, Euratom) 2020/… ón gComhairle[9][+] ("Rialachán CAI"), i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10] ("an Rialachán Airgeadais") agus i gCinneadh (AE, Euratom) 2020/…[11][++] ón gComhairle ('an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse')[12], agus tá sé gan dochar do chumhachtaí na bparlaimintí náisiúnta i ndáil le hacmhainní dílse.

 

4. Is de chomhthoil na nInstitiúidí a dhéanfar aon leasú ar an gComhaontú seo.

 

5. Roinntear an Comhaontú seo ina cheithre chuid:

 

  I gCuid I tá forálacha a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus leis na hionstraimí speisialta téamacha agus neamhthéamacha;

 


  Baineann Cuid II le comhar idirinstitiúideach in ábhair bhuiséadacha;

 

  I gCuid III tá forálacha a bhaineann le bainistíocht fhónta airgeadais ar chistí an Aontais;

 

  I gCuid IV tá forálacha maidir le cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí faoi thairbhithe i gcomhthéacs chosaint bhuiséad an Aontais.

 

6. Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an …[+] agus gabhann sé ionad Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais[13].

 

 


CUID I

 

CAI AGUS IONSTRAIMÍ SPEISIALTA

 

  A.  FORÁLACHA A BHAINEANN LE CAI

   

7. Áiritheoidh na hInstitiúidí, chun críocha bainistíochta fónta airgeadais, a mhéid is féidir le linn an nós imeachta bhuiséadaigh agus tráth a nglacfar buiséad ginearálta an Aontais, go mbeidh corrlaigh leordhóthanacha fós ar fáil faoi na huasteorainneacha do cheannteidil éagsúla CAI, cé is moite den fho-cheannteideal "Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach".

 

Réamhaisnéisí le haghaidh leithreasuithe íocaíochta a nuashonrú

 

8. Gach bliain, tabharfaidh an Coimisiún na réamhaisnéisí le haghaidh leithreasuithe íocaíochta tar éis 2027 cothrom le dáta. Cuirfear san áireamh sa nuashonrú sin an fhaisnéis ábhartha uile, lena n-áirítear cur chun feidhme iarbhír leithreasaí buiséadacha faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasaí buiséadacha faoi chomhair íocaíochta, chomh maith leis na réamhaisnéisí cur chun feidhme. Breithneoidh sé freisin na rialacha atá ceaptha chun a áirithiú go dtiocfaidh forbairt ar leithreasaí faoi chomhair íocaíochta ar bhealach ordúil i gcomparáid leis na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leis na réamhaisnéisí fáis ar ollioncam náisiúnta an Aontais (ONA).

 


  B.  FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS NA HIONSTRAIMÍ
SPEISIALTA TÉAMACHA AGUS NEAMHTHÉAMACHA

   

An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú

 

9. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach sa bhunghníomh ábhartha maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh, déanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chun é a shlógadh, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an cinneadh maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh go comhpháirteach.

 

A chomhuain is a dhéanfaidh sé an togra uaidh a thíolacadh le haghaidh cinnidh chun an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haistriú chuig na línte buiséid ábhartha.

 

Déanfar aistrithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

 


An Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála

 

10. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil na coinníollacha maidir leis an gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a shlógadh á gcomhlíonadh, cuirfidh sé togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haistriú ón gCúlchiste sin chuig na línte buiséid comhfhreagracha i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

 

Ar thogra ón gCoimisiúin i gcomhréir leis an mbunghníomh ábhartha, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach an cinneadh maidir le méideanna a shlógadh faoi phointe (a) d'Airteagal 8(1) de Rialachán CAI.

 

Sula ndéanfar aon togra maidir le haistriú ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála le haghaidh cúnaimh faoi phointe (b) d’Airteagal 9(1) de Rialachán CAI, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an raon feidhme maidir le leithreasuithe a ath-leithdháileadh.

 

Cúlchiste Coigeartaithe le haghaidh Brexit

 

11. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis an gCúlchiste Coigeartaithe Brexit a shlógadh a leagtar amach san ionstraim ábhartha, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le haistriú chuig na línte buiséid ábhartha.

 

Déanfar aistrithe a bhaineann leis an gCúlchiste Coigeartaithe le haghaidh Brexit i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

 


An Ionstraim Corrlaigh Aonair

 

12. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh go slógfaí méideanna a chomhfhreagraíonn do na corrlaigh ar fad nó do chuid de na corrlaigh dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) den chéad fhomhír d'Airteagal 11(1) de Rialachán CAI, i ndáil le dréachtbhuiséad nó dréachtbhuiséad leasaitheach. Is é an Coimisiún a mholfaidh aon mhéideanna dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 11(1) den Rialachán sin a shlógadh tar éis dó anailís chríochnúil a dhéanamh ar na féidearthachtaí airgeadais eile ar fad.

 

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na méideanna sin a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

An Ionstraim Sholúbthachta

13. Tíolacfaidh an Coimisiún togra maidir leis an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí uile i ndáil le leithreasuithe a ath-leithdháileadh faoin gceannteideal a dteastaíonn caiteachas breise ina leith.

Sa togra sin sainaithneofar na riachtanais a bheidh le cumhdach agus an méid. Féadfar togra den sórt sin a dhéanamh i ndáil le dréachtbhuiséad nó le dréachtbhuiséad leasaitheach.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Ionstraim Sholúbthachta a shlógadh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE.

 

 


  CUID II

   

  COMHAR IDIRINSTITIÚIDEACH IN
ÁBHAIR BHUISÉADACHA A FHEABHSÚ

   

  A. AN NÓS IMEACHTA UM CHOMHAR IDIRINSTITIÚIDEACH

   

14. Leagtar amach in Iarscríbhinn I na mionsonraí maidir leis an gcomhar idirinstitiúideach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh.

 

15. I gcomhréir le hAirteagal 312(5) CFAE, déanfaidh na hInstitiúidí aon bheart is gá chun glacadh CAI nua nó aon leasú air a éascú, i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach speisialta dá dtagraítear in Airteagal 312(2) CFAE. Ar na bearta sin, áireofar cruinnithe tráthrialta agus malartú faisnéise idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ar thionscnamh an Choimisiúin, cruinnithe idir Uachtaráin na n-Institiúidí mar a leagtar amach in Airteagal 324 CFAE chun comhairliúchán agus comhréiteach sheasaimh na nInstitiúidí a chur chun cinn. I gcás ina dtíolacfar togra le haghaidh CAI nua nó leasú suntasach air, féachfaidh na hInstitiúidí le socruithe sonracha a chinneadh don chomhar agus don idirphlé eatarthu i gcaitheamh an nós imeachta as a leanfaidh a ghlacadh.

 


Trédhearcacht bhuiséadach

 

16. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil le gabháil le buiséad ginearálta an Aontais, ina dtabharfar le chéile faisnéis atá ar fáil agus nach bhfuil faoi rún a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

 

(a) sócmhainní agus dliteanais an Aontais, lena n-áirítear sócmhainní agus dliteanais a eascraíonn as oibríochtaí chun iasachtaí a fháil agus a thabhairt arna gcur i gcrích ag an Aontas i gcomhréir lena chumhachtaí faoi na Conarthaí;

 

(b) ioncam, caiteachas, sócmhainní agus dliteanais an Chiste Eorpaigh Forbraíochta[14], na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais, an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, agus sásraí eile a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo;

 

(c) an caiteachas a thabhóidh na Ballstáit faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe, a mhéid nach n-áirítear é i mbuiséad ginearálta an Aontais;

 


(d)   caiteachas aeráide, ar bhonn modheolaíocht éifeachtach arna leagan amach ag an gCoimisiún agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le reachtaíocht earnálach, chun faireachán a dhéanamh ar chaiteachas aeráide agus ar a fheidhmíocht d'fhonn sprioc fhoriomlán a bhaint amach de 30 % ar a laghad de mhéid foriomlán bhuiséad an Aontais agus de chaiteachas Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh lena dtacaítear le cuspóirí aeráide, agus éifeachtaí céimniú amach an cistiú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh á gcur san áireamh agus idirdhealú á dhéanamh idir maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, i gcás inarb indéanta.

 

I gcás nach mbeidh dul chun cinn leordhóthanach i dtreo na sprice maidir le caiteachas aeráide i gceann amháin nó níos mó de na cláir ábhartha, rachaidh na hInstitúidí, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí agus leis an reachtaíocht ábhartha, i gcomhairle lena chéile maidir le bearta iomchuí a bheidh le déanamh chun a áirithiú go mbeidh caiteachas an Aontais ar chuspóirí aeráide thar CAI 2021-2027 ina iomlán cothrom le 30 % ar a laghad de mhéid iomlán bhuiséad an Aontais agus chaiteachais ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh;

 

(e) caiteachas chun meathlú na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, ar bhonn modheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach arna leagan amach ag an gCoimisiún, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle, agus, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis an reachtaíocht earnálach, d'fhonn oibriú i dtreo na huaillmhéine 7,5 % i 2024 agus 10% i 2026 agus i 2027 den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta, agus forluí atá ann cheana féin idir chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta á gcur san áireamh;

 


(f) an comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn chomh maith le cearta agus comhdheiseanna do chách ar feadh chur chun feidhme na gclár ábhartha agus an fhaireacháin orthu, agus p na cuspóirí sin a phríomhshruthú chomh maith le príomhshruthú inscne, lena n-áirítear tríd an measúnú ar thionchair inscne a neartú i measúnuithe tionchair agus meastóireachtaí faoin gcreat maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Breathnóidh an Coimisiún ar an gcaoi le modheolaíocht a fhorbairt chun an caiteachas ábhartha ar leibhéal an chláir in CAI 2021-2027 a thomhas. Úsáidfidh an Coimisiúin an mhodheolaíocht sin a luaithe a bheidh sí ar fáil. Tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2023, cuirfidh an Coimisiún an mhodheolaíocht sin chun feidhme maidir le cláir áirithe atá faoi bhainistíocht lárnach chun a hindéantacht a thástáil. I lár an téarma, fiosrófar an féidir an mhodheolaíocht a leathnú chun cláir eile a chumhdach ar feadh a bhfuil fágtha de CAI 2021-2027.

 

(g)   cur chun feidhme Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe i gcláir ábhartha uile an Aontais de CAI 2021-2027.

 

Áireofar sna modheolaíochtaí éifeachtacha dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e) den chéad mhír, a mhéid is féidir, tagairt do ranníocaíocht bhuiséad an Aontais leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ina n-áirítear prionsabal na neamhdhíobhála.

 

Beidh an mhodheolaíocht éifeachtach dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad mhír trédhearcach, cuimsitheach, dírithe ar thorthaí agus feidhmíochtbhunaithe, áireofar inti comhairliúchán bliantúil idir an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa agus  an Chomhairle agus sainaithneofar léi na bearta ábhartha a bheidh le déanamh i gcás nach ndéanfar dul chun cinn leordhóthanach i dtreo na spriocanna is infheidhme a bhaint amach.

 


Níor cheart ualach riaracháin iomarcach ar shealbhóirí tionscadail ná ar thairbhithe a bheith mar thoradh ar cheann ar bith de na modheolaíochtaí dá dtagraítear sa phointe seo.

 

17. Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil ar chur chun feidhme Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Tabharfar le chéile sa tuarascáil bhliantúil sin faisnéis neamhrúnda atá ar fáil agus a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

 

- sócmhainní agus dliteanais a eascraíonn as oibríochtaí trína bhfaightear agus trína dtugtar iasachtaí a dhéantar faoi Airteagal 5 den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse;

 

- méid comhiomlán na bhfáltas arna sannadh do chláir an Aontais le linn chur chun feidhme Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh sa bhliain roimhe sin, arna miondealú de réir cláir agus líne bhuiséid;

 

- rannchuidiú na gcistí a fuarthas ar iasacht chun cuspóirí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus chláir shonracha an Aontais a bhaint amach.

 


B. FORÁLACHA AIRGEADAIS A IONCHORPRÚ I NGNÍOMHARTHA REACHTACHA

 

18. Beidh i ngach gníomh reachtach, maidir le clár ilbhliantúil, arna ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, foráil ina leagann an reachtóir síos an t-imchlúdach airgeadais don chlár.

 

Is é a bheidh sa mhéid sin an méid príomhthagartha do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

 

Maidir le cláir dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán CAI, méadófar go huathoibríoch an méid príomhthagartha faoi na leithdháiltí breise dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán CAI.

 

Gabhann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, agus an Coimisiún, nuair a tharraingeoidh sé suas an dréachtbhuiséad, orthu féin gan imeacht níos mó ná 15 % ón méid sin ar feadh ré iomlán an chláir lena mbaineann, mura rud é go dtagann imthosca nua, oibiachtúla, fadtéarmacha chun cinn a dtugtar cúiseanna sainráite agus beachta ina leith, agus na torthaí a fuarthas ón gclár a chur chun feidhme á gcur san áireamh, go háirithe ar bhonn measúnuithe. Beidh aon mhéadú a eascróidh ón athrú sin fós faoi bhun na huasteorann atá ann cheana don cheannteideal lena mbaineann, gan dochar d'úsáid na n‑ionstraimí dá dtagraítear i Rialachán CAI agus sa Chomhaontú seo.

 


Ní bheidh feidhm ag an gceathrú mír maidir leis na leithdháiltí breise dá dtagraítear sa tríú mír.

 

Níl feidhm ag an bpointe seo maidir le leithreasuithe don chomhtháthú i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus arna réamh-leithdháileadh de réir Ballstát ina bhfuil imchlúdach airgeadais do ré iomlán an chláir ná leis na tionscadail mhórscála dá dtagraítear in Airteagal 17 de Rialachán CAI.

 

19. Ní bheidh "méid a mheastar is gá" i ngníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaineann le cláir ilbhliantúla nach nglacfar i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtaigh.

 

Más mian leis an gComhairle méid tagartha airgeadais a áireamh, glacfar leis gur léiriú é an méid sin ar thoil an reachtóra agus ní dhéanfaidh sé difear do chumhachtaí buiséadacha Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle mar a leagtar amach in CFAE. Áireofar foráil chuige sin i ngníomhartha uile an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí agus ina bhfuil méid tagartha airgeadais den sórt sin.

 


C. CAITEACHAS A BHAINEANN LE COMHAONTUITHE IASCAIGH

 

20. Beidh caiteachas ar chomhaontuithe iascaigh faoi réir na rialacha sonracha seo a leanas.

 

Gabhann an Coimisiún air féin Parlaimint na hEorpa a choimeád ar an eolas go tráthrialta faoi ullmhú agus seoladh na gcaibidlíochtaí maidir le comhaontuithe iascaigh , lena n-áirítear impleachtaí buiséadacha na gcomhaontuithe sin.

 

Le linn an nós imeachta reachtaigh a bhaineann le comhaontuithe iascaigh, gabhann na hInstitiúidí orthu féin gach dícheall a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear gach nós imeachta i gcrích a thapúla is féidir.

 

Cuirfear i gcúlchiste na méideanna dá bhforáiltear sa bhuiséad le haghaidh comhaontuithe iascaigh nua nó le haghaidh athnuachan comhaontuithe iascaigh a thiocfaidh i bhfeidhm tar éis an 1 Eanáir den bhliain airgeadais lena mbaineann.

 

Más amhlaidh nach leor na leithreasuithe a bhaineann le comhaontuithe iascaigh, lena n‑áirítear an cúlchiste, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis is gá ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis na cúiseanna leis an staid agus maidir le bearta a d'fhéadfaí a ghlacadh faoi nósanna imeachta bunaithe. I gcás inar gá, molfaidh an Coimisiún bearta iomchuí.

 

Gach ráithe, cuirfidh an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe faoi chur chun feidhme na gcomhaontuithe iascaigh atá i bhfeidhm agus réamhaisnéis airgeadais don chuid eile den bhliain faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

 

21. Gan dochar don nós imeachta ábhartha lena rialaítear comhaontuithe iascaigh a chaibidil, geallann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, faoi chuimsiú an chomhair bhuiséadaigh, go dtiocfaidh siad ar chomhaontú tráthúil maidir le maoiniú leordhóthanach comhaontuithe iascaigh.

 


D. AN COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA (CBES) A MHAOINIÚ

 

22. Déanfar méid iomlán chaiteachas oibríochta CBES a iontráil go hiomlán in aon chaibidil amháin den bhuiséad, dar teideal CBES. Cumhdófar sa mhéid sin na fíor-riachtanais intuartha, arna measúnú faoi chuimsiú bhunú an dréachtbhuiséid, ar bhonn réamhaisnéisí arna dtarraingt suas go bliantúil ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ('an tArdionadaí'). Ceadófar corrlach réasúnta chun gníomhaíochtaí gan choinne a chumhdach. Ní fhéadfar aon chistí a chur isteach i gcúlchiste.

 

23. Maidir le caiteachas CBES a mhuirearófar ar bhuiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 41 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, féachfaidh na hInstitiúidí, sa Choiste Idir-réitigh dá dtagraítear in Airteagal 314(5) CFAE agus ar bhonn an dréachtbhuiséid arna bhunú ag an gCoimisiún, le comhaontú a fháil gach bliain maidir le méid an chaiteachais oibríochtúil, agus maidir le dáileadh an mhéid sin idir airteagail chaibidil CBES den bhuiséad. In éagmais comhaontaithe, tuigtear go n-iontrálfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle sa bhuiséad an méid a bhí sa bhuiséad roimhe sin nó an méid atá beartaithe sa dréachtbhuiséad, cibé acu is lú.

 

Dáilfear méid iomlán chaiteachas oibríochtúil CBES idir airteagail chaibidil CBES den bhuiséad mar a thugtar le fios sa tríú mír. Cumhdóidh gach airteagal gníomhaíochtaí atá glactha cheana féin, gníomhaíochtaí atá beartaithe ach nach bhfuil glactha go fóill agus méideanna do ghníomhaíochtaí sa todhchaí — nach bhfuil beartaithe — atá le glacadh ag an gComhairle le linn na bliana airgeadais lena mbaineann.

 


I gcaibidil CBES den bhuiséad, d'fhéadfaí na hairteagail ina mbeidh gníomhaíochtaí CBES le hiontráil a léamh mar a leanas:

 

  mórmhisin aonair dá dtagraítear i bpointe (g) d'Airteagal 52(1) den Rialachán Airgeadais;

 

  misin eile (le haghaidh oibríochtaí bainistíochta géarchéime, coinbhleachtaí a chosc, a réiteach agus a chobhsú, agus faireachán a dhéanamh ar phróisis síochána agus slándála agus iad a chur chun feidhme);

 

  neamhleathadh agus dí-armáil;

 

  bearta éigeandála;

 

  bearta ullmhúcháin agus bearta leantacha;

 

  Ionadaithe Speisialta an Aontais Eorpaigh.

 

Ós rud é, faoin Rialachán Airgeadais, go bhfuil an t-údarás ag an gCoimisiún leithreasuithe a aistriú go huathrialach idir airteagail laistigh de chaibidil CBES den bhuiséad, áiritheofar dá réir sin an tsolúbthacht a mheastar a bheith riachtanach chun gníomhaíochtaí CBES a chur chun feidhme go tapa. I gcás nach leor méid chaibidil CBES den bhuiséad le linn na bliana airgeadais chun na costais riachtanacha a chumhdach, lorgóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle réiteach mar ábhar práinne, ar thogra ón gCoimisiún.


24. Gach bliain, rachaidh an tArdionadaí i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le doiciméad réamhbhreathnaitheach, a tharchuirfear faoin 15 Meitheamh den bhliain i dtrácht, ina leagfar amach príomhghnéithe agus bunroghanna CBES, lena n-áirítear na himpleachtaí airgeadais do bhuiséad an Aontais, meastóireacht ar na bearta a seoladh i mbliain n-1 agus measúnú ar chomhordú agus ar chomhlántacht CBES le hionstraimí airgeadais seachtracha eile an Aontais. Thairis sin, cuirfidh an tArdionadaí Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta trí chruinnithe comhairliúcháin comhpháirteacha a thionól cúig huaire sa bhliain ar a laghad, faoi chuimsiú an idirphlé pholaitiúil rialta maidir le CBES, a bheidh le comhaontú an 30 Samhain ar a dhéanaí gach bliain. Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle faoi seach an rannpháirtíocht sna cruinnithe sin, agus aird á tabhairt acu ar chuspóir agus ar chineál na faisnéise a mhalartófar sna cruinnithe sin.

 

Iarrfar ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin freisin.

 

Má ghlacann an Chomhairle cinneadh i réimse CBES lena ngabhann caiteachas, cuirfidh an tArdionadaí chuig Parlaimint na hEorpa láithreach, agus i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná cúig lá oibre ina dhiaidh sin, meastachán ar na costais atá beartaithe ('ráiteas airgeadais'), go háirithe na costais sin a bhaineann leis an tréimhse ama, an fhoireann a fhostaítear, úsáid an áitribh agus bonneagair eile, saoráidí iompair, riachtanais oiliúna agus socruithe slándála.

 

Uair sa ráithe, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoi chur chun feidhme ghníomhaíochtaí CBES agus réamhaisnéisí airgeadais don chuid eile den bhliain airgeadais.


E.  RANNPHÁIRTÍOCHT NA N-INSTITIÚIDÍ
MAIDIR LE SAINCHEISTEANNA BEARTAIS FORBARTHA

 

25. Bunóidh an Coimisiún idirphlé neamhfhoirmiúil le Parlaimint na hEorpa maidir le saincheisteanna beartais forbartha.

 

 

CUID III

 

BAINISTÍOCHT FHÓNTA AIRGEADAIS CHISTÍ AN AONTAIS

 

A. CLÁRÚ AIRGEADAIS

 

26. Tíolacfaidh an Coimisiún dhá uair sa bhliain, an chéad uair in éineacht  leis na doiciméid a ghabhann leis an dréachtbhuiséad agus an dara huair tar éis buiséad ginearálta an Aontais a ghlacadh, clárú airgeadais iomlán le haghaidh cheannteideal 1, 2 (seachas an fo‑cheannteideal "Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach"), 3 (le haghaidh "An comhshaol agus gníomhú ar son na haeráide" agus "Beartas muirí agus iascach"), 4, 5 agus 6 de CAI. Ba cheart an clárú sin, arna struchtúrú de réir ceannteidil, réimse beartais agus líne bhuiséid, an méid a leanas a shainaithint:

 

(a)  an reachtaíocht atá i bhfeidhm, agus idirdhealú á dhéanamh idir cláir ilbhliantúla agus gníomhaíochtaí bliantúla:

 

(i) i gcás clár ilbhliantúil, ba cheart don Choimisiún an nós imeachta faoinar glacadh iad (gnáthnós imeachta reachtach nó nós imeachta reachtach speisialta) a shonrú, mar aon lena ré, an t-imchlúdach airgeadais iomlán agus an sciar arna leithdháileadh ar chaiteachas riaracháin;


(ii) na theannta sin, maidir le cláir ilbhliantúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán CAI, ba cheart don Choimisiún na leithdháiltí breise faoi Airteagal 4a de Rialachán CAI a léiriú ar bhealach trédhearcach;

 

(iii) i gcás gníomhaíochtaí bliantúla (a bhaineann le treoirthionscadail, gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus gníomhaireachtaí) agus gníomhaíochtaí arna maoiniú faoi shainchumais an Choimisiúin, ba cheart don Choimisiún meastacháin ilbhliantúla a sholáthar;

 

(b)  tograí reachtacha ar feitheamh: tograí leanúnacha ón gCoimisiún, leis an nuashonrú is déanaí.

 

Ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun an clárú airgeadais a chrostagairt lena chlárú reachtach chun réamhaisnéisí níos cruinne agus níos iontaofa a sholáthar. Maidir le gach togra reachtach, ba cheart don Choimisiún a thabhairt le fios cibé an bhfuil sé san áireamh sa chlárú a chuirtear in iúl tráth an dréachtbhuiséid a thíolacadh nó tar éis an buiséad a ghlacadh go críochnaitheach. Ba cheart, go háirithe, don Choimisiúin Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

 

(a)  gach gníomh reachtach nua a glacadh agus gach togra atá ar feitheamh a tíolacadh ach nach n-áirítear sa chlárú a cuireadh in iúl tráth an dréachtbhuiséid nó tar éis an buiséad a ghlacadh go críochnaitheach (agus na méideanna comhfhreagracha ag gabháil leis);

(b)  reachtaíocht dá bhforáiltear i gclár oibre reachtach bliantúil an Choimisiúin, ina dtugtar le fios cibé an dócha go mbeidh tionchar airgeadais ag na gníomhaíochtaí.

 

Nuair is gá, ba cheart don Choimisiún an t-athchlárú a ghabhann le tograí reachtacha nua a léiriú.

 


B. GNÍOMHAIREACHTAÍ AGUS SCOILEANNA EORPACHA

 

27. Sula dtíolacfaidh sé togra chun gníomhaireacht nua a chruthú, ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair fónta, iomlán agus oibiachtúil a chur ar fáil, lena gcuirtear san áireamh, inter alia, mais chriticiúil na foirne agus na n-inniúlachtaí, gnéithe costais is tairbhe, coimhdeacht agus comhréireacht, an tionchar ar ghníomhaíochtaí náisiúnta agus ar ghníomhaíochtaí an Aontais, agus na himpleachtaí buiséadacha don cheannteideal caiteachais lena mbaineann. Ar bhonn na faisnéise sin agus gan dochar do na nósanna imeachta reachtacha lena mbunaítear an ghníomhaireacht, geallann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, faoi chuimsiú an chomhair bhuiséadaigh, go dtiocfaidh siad ar chomhaontú tráthúil maidir le maoiniú na gníomhaireachta atá beartaithe.

 

Cuirfear na céimeanna nós imeachta seo a leanas i bhfeidhm:

 

  ar an gcéad dul síos, déanfaidh an Coimisiún aon togra maidir le gníomhaireacht nua a chur ar bun a thíolacadh go córasach don chéad chruinniú tríthaobhach tar éis an togra uaidh a ghlacadh, agus tíolacfaidh sé an ráiteas airgeadais a bheidh ag gabháil leis an togra reachtach maidir leis an ngníomhaireacht a bhunú agus léireoidh sé na hiarmhairtí a bheidh ann don chuid eile den chlárú airgeadais;

 

  ar an dara dul síos, le linn an phróisis reachtaigh, cabhróidh an Coimisiún leis an reachtóir iarmhairtí airgeadais na leasuithe arna mbeartú a mheasúnú. Ba cheart na hiarmhairtí airgeadais sin a mheas le linn na gcruinnithe tríthaobhacha reachtacha ábhartha;

 

  ar an tríú dul síos, tíolacfaidh an Coimisiún, roimh an bpróiseas reachtach a thabhairt i gcrích, ráiteas airgeadais nuashonraithe a chuirfidh san áireamh leasuithe a d'fhéadfadh an reachtóir a dhéanamh; cuirfear an ráiteas airgeadais críochnaitheach sin ar chlár oibre an chruinnithe thríthaobhaigh reachtaigh dheireanaigh agus formhuineoidh an reachtóir go foirmiúil é. Cuirfear ar chlár oibre cruinnithe thríthaobhaigh bhuiséadaigh ina dhiaidh sin é freisin (i gcásanna práinneacha, i bhfoirm shimplithe) d'fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an maoiniú;

 


  ar an gceathrú dul síos, déanfar an comhaontú ar thángthas air le linn cruinniú thríthaobhach, agus measúnú buiséadach an Choimisiúin maidir le hábhar an phróisis reachtaigh á chur san áireamh, a dhaingniú i ndearbhú comhpháirteach. Beidh an comhaontú sin faoi réir formheas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, gach ceann acu i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin.

 

Chuirfí an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon leasú ar ghníomh dlí a bhaineann le gníomhaireacht a mbeadh tionchar aige ar acmhainní na gníomhaireachta i dtrácht.

 

Má dhéantar cúraimí gníomhaireachta a athrú go suntasach gan leasú ar an ngníomh dlí lena mbunaítear an ghníomhaireacht i dtrácht, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas trí bhíthin ráiteas airgeadais athbhreithnithe, ionas go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle teacht ar chomhaontú tráthúil maidir le maoiniú na gníomhaireachta.

 

28. Ba cheart na forálacha ábhartha ón gCur Chuige Coiteann atá i gceangal leis an Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ón gCoimisiún Eorpach maidir le gníomhaireachtaí díláraithe a síníodh an 19 Iúil 2012 a chur san áireamh go cuí sa nós imeachta buiséadach.

 

29. Nuair a bheartaíonn an Bord Gobharnóirí scoil Eorpach nua a chruthú, bíonn nós imeachta comhchosúil le cur i bhfeidhm, mutatis mutandis, maidir lena himpleachtaí buiséadacha ar bhuiséad an Aontais.

 

 


CUID IV

COSAINT AR BHUISÉAD AN AONTAIS:  CÁILÍOCHT
AGUS INCHOMPARÁIDEACHT SONRAÍ FAOI THAIRBHITHE

 

30. I gcomhréir le hiarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus mar fhreagra ar phointe 24 de Chonclúidí ón gComhairle an 17 go 21 Iúil 2020, chun feabhas a chur ar chosaint bhuiséad an Aontais agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh  i gcoinne na calaoise agus na neamhrialtachtaí, comhaontaíonn na hInstitiúidí faoin ngá atá le bearta caighdeánaithe chun faisnéis ar fhaighteoirí deiridh agus ar thairbhithe deiridh cistithe ón Aontas a bhailiú, a chomparáid agus a chomhiomlánú, chun críoch rialaithe agus iniúchóireachta.

 

Chun rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha a áirithiú, is gá sonraí a bhailiú i dtaca leo siúd a dtéann cistiú ón Aontas faoi bhainistíocht chomhroinnte agus faoi thionscadail agus athchóirithe lena dtacaítear faoi Rialachán Pharlaimint na hEorpa agus an Comhairle lena mbunaítearan tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta leo chun sochair dóibh go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear sonraí faoi úinéirí tairbhiúla faighteoirí cistithe ón Aontas. Ní mór do na rialacha maidir le sonraí den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil na rialacha cosanta sonraí is infheidhme a chomhlíonadh.

 


Chun feabhas a chur le cosaint bhuiséad an Aontais, cuirfidh an Coimisiún córas comhtháite agus idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin ar fáil, lena n-áirítear uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála riosca amháin, chun measúnú agus anailís a dhéanamh ar na sonraí dá dtagraítear i bpointe 31 d'fhonn go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ar bhealach ginearálaithe é. D'áiritheofaí leis an gcóras sin go ndéanfaí seiceálacha éifeachtúla ar choinbhleachtaí leasa, neamhrialtachtaí, saincheisteanna cistithe dúbailte agus aon mhí-úsáid  a bhaintear as na cistí. Ba cheart an rochtain is gá a bheith ag an gCoimisiún, ag an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) agus ag comhlachtaí imscrúduithe agus rialúcháin eile de chuid an Aontais ar na sonraí sin chun a bhfeidhmeanna mhaoirseachta a fheidhmiú maidir leis na rialuithe agus na hiniúchtaí atá le déanamh ag na Ballstáit ar an gcéad dul síos chun neamhrialtachtaí a bhrath agus imscrúduithe riaracháin a dhéanamh ar mhí-úsáid an chistithe ón Aontas lena mbaineann. agus chun forléargas beacht a fháil ar a leithdháileadh.

 

Gan dochar do shainchumais na n-Institiúidí faoi bhunúis dlí na gConarthaí, le linn an nós imeachta reachtaigh a bhaineann leis na bunghníomhartha ábhartha, geallann na hInstitiúidí go gcomhoibreoidh siad go dílis chuna áirithiú go ndéanfar an obair leantach ar Chonclúidí ón gComhairle an 17 go 21 Iúil 2020, i gcomhréir leis an gcur chuige a ndéantar cur síos air sa Chuid seo.

 

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

 

 

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle  Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán An tUachtarán   An tUachtarán

 

 


 

IARSCRÍBHINN I

 

COMHAR IDIRINSTITIÚIDEACH LE LINN AN NÓS IMEACHTA BHUISÉADAIGH

 

Cuid A. Féilire an nós imeachta bhuiséadaigh

 

Comhaontóidh na hInstitiúidí féilire pragmatach gach bliain in am trátha roimh thús an nós imeachta bhuiséadaigh ar bhonn an chleachtais reatha.

 

  Chun a áirithiú go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in ann a sainchumais bhuiséadacha a fheidhmiú go héifeachtach, déanfar riochtaí buiséadacha, aistrithe nó fógraí eile lena ndéantar spriocanna a chur i ngníomh a thíolacadh agus aird chuí á tabhairt ar aon tréimhsí sosa, a bhfuil a ndátaí curtha in iúl ag na hinstitiúidí dá chéile in am trátha trína seirbhísí faoi seach.

 

Cuid B. Tosaíochtaí le haghaidh an nós imeachta bhuiséadaigh

 

In am trátha sula nglacfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad, tionólfar cruinniú tríthaobhach chun na tosaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann do bhuiséad na bliana airgeadais atá le teacht a phlé, mar aon le haon cheisteanna a eascraíonn as cur chun feidhme bhuiséad na bliana airgeadais reatha, ar bhonn na faisnéise arna cur ar fáil ag an gCoimisiún i gcomhréir le pointe 37.

 


Cuid C. An dréachtbhuiséad a bhunú agus na meastacháin a nuashonrú

 

Iarrtar ar na hinstitiúidí, seachas an Coimisiún, a ráiteas meastachán a ghlacadh roimh dheireadh mhí an Mhárta.

 

Tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad, gach bliain, a thaispeánfaidh riachtanais maoinithe iarbhír an Aontais.

 

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh ann:

 

(a) réamhaisnéisí arna soláthar ag na Ballstáit i ndáil leis na Cistí Struchtúracha;

 

(b) an cumas chun leas a bhaint as leithreasuithe, agus iarracht á dhéanamh

dianchaidreamh a choimeád ar bun idir leithreasuithe do ghealltanais agus leithreasuithe d'íocaíochtaí;

 

(c) go bhféadfadh sé go gcuirfí tús le beartais nua trí threoirthionscadail, trí ghníomhaíochtaí nua ullmhúcháin nó tríd an dá rud, nó go leanfaí le gníomhaíochtaí ilbhliantúla atá ag teacht chun deiridh, tar éis measúnú a dhéanamh i dtaobh an féidir bunghníomh a áirithiú, de réir bhrí an Rialacháin Airgeadais (sainmhíniú ar bhunghníomh, an gá atá le bunghníomh le haghaidh cur chun feidhme agus eisceachtaí);

 

(d) a riachtanaí atá sé a áirithiú go bhfuil aon athrú ar chaiteachas i ndáil leis an mbliain roimhe sin i gcomhréir le srianta an smachta bhuiséadaigh.

 


Seachnóidh na hinstitiúidí, a mhéid is féidir, míreanna a iontráil sa bhuiséad a bhaineann le méideanna neamhshuntasacha caiteachais ar oibríochtaí.

 

Gabhann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle orthu féin freisin aird a thabhairt ar an measúnú ar na féidearthachtaí chun an buiséad arna dhéanamh ag an gCoimisiún ina dhréachtaí a chur chun feidhme agus i ndáil leis an mbuiséad don bhliain airgeadais reatha. a chur chun feidhme.

 

Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais agus mar gheall ar éifeacht athruithe móra ar theidil agus ar chaibidlí na hainmníochta buiséid ar fhreagrachtaí tuairiscithe bainistíochta ranna an Choimisiúin, gabhann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle orthu féin aon athruithe móra a phlé leis an gCoimisiún le linn an idir-réitigh.

 

Ar mhaithe le comhar institiúideach dílis fónta, geallann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go gcoinneoidh siad teagmhálacha rialta agus gníomhacha ar bun ar gach leibhéal, trína n-idirbheartaithe faoi seach, ar feadh an nós imeachta bhuiséadaigh ar fad agus, go háirithe, le linn na tréimhse uile idir-réitigh. Gabhann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle orthu féin a áirithiú go malartófar faisnéis agus doiciméid ábhartha go tráthúil leanúnach agus go frithpháirteach ar an leibhéal foirmiúil agus neamhfhoirmiúil araon, agus cruinnithe teicniúla nó neamhfhoirmiúla a thionól de réir mar is gá, le linn na tréimhse idir-réitigh, i gcomhar leis an gCoimisiún. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh rochtain thráthúil chomhionann ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid.

 


Go dtí go dtionólfar an Coiste Idir-réitigh, féadfaidh an Coimisiún, más gá, litreacha leasaitheacha a ghabhann leis an dréachtbhuiséad a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 314(2) CFAE, lena n-áirítear litir leasaitheach lena dtabharfar cothrom le dáta, go háirithe, meastacháin chaiteachais don talmhaíocht. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir leis na nuashonruithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a luaithe a bheidh sí ar fáil ionas go bhféadfaidh siad iad a bhreithniú. Soláthróidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na cúiseanna cuí-réasúnaithe go léir a fhéadfaidh a bheith de dhíth orthu.

 

Cuid D. An nós imeachta buiséadach roimh an nós imeachta idir-réitigh

 

Tionólfar cruinniú tríthaobhach in am trátha roimh léamh na Comhairle, chun go mbeidh na hInstitiúidí in ann a dtuairimí a mhalartú maidir leis an dréachtbhuiséad.

 

Ionas go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh in am trátha ar infhorghníomhaitheacht na leasuithe arna mbeartú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, ar leasuithe iad a chruthaíonn gníomhaíochtaí nua ullmhúcháin nó tionscadail phíolótacha nua nó a chuireann síneadh le gníomhaíochtaí nó tionscadail den sórt sin atá ann cheana, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Coimisiún ar an eolas faoina bhfuil ar intinn acu i ndáil leis sin, ionas go bhféadfar an chéad phlé a dhéanamh ag an gcruinniú tríthaobhach sin.

 

D'fhéadfaí cruinniú tríthaobhach a thionól roimh na vótaí i suí iomlánach Pharlaimint na hEorpa.

 


Cuid E. An nós imeachta idir-réitigh

 

Má ghlacann Parlaimint na hEorpa leasuithe ar sheasamh na Comhairle, tabharfaidh Uachtarán na Comhairle aird, le linn an tsuí iomlánaigh chéanna, ar na difríochtaí idir seasaimh an dá institiúid agus toileoidh sé/sí d'Uachtarán Pharlaimint na hEorpa an Coiste Idir-réitigh a chomóradh láithreach. Seolfar an litir lena gcomórtar an Coiste Idirréitigh, ar a dhéanaí, ar an gcéad lá oibre den tseachtain tar éis dheireadh an pháirtseisiúin pharlaimintigh ar lena linn a rinneadh an vótáil i suí iomlánach, agus tosóidh an tréimhse idir-réitigh an lá dar gcionn. Ríomhfar an tréimhse 21 lá i gcomhréir le Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle[15].

 

Más rud é nach féidir leis an gComhairle teacht ar chomhaontú maidir leis na leasuithe go léir a ghlac Parlaimint na hEorpa, ba cheart di a seasamh a dheimhniú i litir a sheolfar roimh an gcéad chruinniú dá bhforáiltear le linn na tréimhse idir-réitigh. Sa chás sin, gníomhóidh an Coiste Idir-réitigh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna pointí seo a leanas.

 

Beidh ionadaithe Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina gcomhchathaoirligh ar an gCoiste Idir-réitigh. Is é an comhchathaoirleach as an institiúid ina mbeidh an cruinniú ar siúl a dhéanfaidh cathaoirleacht ar chruinnithe an Choiste Idir-réitigh. Déanfaidh gach institiúid, i gcomhréir lena rialacha nós imeachta féin, a rannpháirtithe i ngach cruinniú a ainmniú agus déanfaidh siad a sainordú le haghaidh na caibidlíochta a leagan amach. Is oifigigh ar leibhéal iomchuí a dhéanfaidh ionadaíocht ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle ag an gCoiste Idir-réitigh, ionas go bhféadfaidh gach toscaireacht gealltanas polaitiúil a thabhairt ar son a hinstitiúide féin, agus go bhféadfar dul chun cinn iarbhír a dhéanamh i dtreo an chomhaontaithe deiridh.

 


I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 314(5) CFAE, beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus tabharfaidh sé faoi na tionscnaimh go léir is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a réiteach.

 

Tionólfar cruinnithe tríthaobhacha le linn an nós imeachta idir-réitigh, ar leibhéil éagsúla ionadaíochta, d'fhonn saincheisteanna atá fós gan fhuascailt a réiteach agus d'fhonn an bealach a ullmhú chun teacht ar chomhaontú sa Choiste Idir-réitigh.

 

Beidh cruinnithe an Choiste Idir-réitigh agus na cruinnithe tríthaobhacha in áitreabh Pharlaimint na hEorpa agus in áitreabh na Comhairle gach re seal, d'fhonn saoráidí a roinnt go cothrom, lena n-áirítear saoráidí ateangaireachta.

 

Socrófar dátaí chruinnithe an Choiste Idir-réitigh agus na gcruinnithe tríthaobhacha roimh ré trí chomhaontú na n-Institiúidí.

 


Cuirfear ar fáil don Choiste Idir-réitigh sraith choiteann doiciméad ('doiciméid ionchuir') ina ndéanfar comparáid idir céimeanna éagsúla an nós imeachta bhuiséadaigh[16]. Áireofar sna doiciméid sin figiúirí "líne ar líne", iomláin de réir cheannteidil CAI agus doiciméad comhdhlúite ina mbeidh figiúirí agus nótaí do na línte buiséid uile a mheastar a bheith "oscailte" go teicniúil. Gan dochar do chinneadh críochnaitheach an Choiste Idir-réitigh, liostófar i ndoiciméad sonrach gach líne bhuiséid a mheastar a bheith dúnta go teicniúil[17]. Aicmeofar na doiciméid sin de réir ainmníocht bhuiséadach.

 

Cuirfear doiciméid eile i gceangal freisin leis na doiciméid ionchuir don Choiste Idir‑réitigh, lena n-áirítear litir infhorghníomhaitheachta ón gCoimisiún maidir le seasamh na Comhairle agus leasuithe Pharlaimint na hEorpa, agus aon litir nó litreacha ó institiúidí eile maidir le seasamh na Comhairle nó leasuithe Pharlaimint na hEorpa.

 

D'fhonn teacht ar chomhaontú faoi dheireadh na tréimhse idir-réitigh, déanfar an méid seo a leanas sna cruinnithe tríthaobhacha:

 

(a) saineofar raon feidhme na caibidlíochta maidir leis na saincheisteanna buiséadacha ar a dtabharfar aghaidh;

 

(b) formhuineofar liosta na línte buiséid a mheastar a bheith dúnta go teicniúil, faoi réir comhaontú deiridh a bheith ann maidir le buiséad iomlán na bliana airgeadais;


(c) pléifear saincheisteanna a sainaithníodh faoi phointe (a) d'fhonn teacht ar chomhaontuithe a fhormhuineoidh an Coiste Idir-réitigh;

 

(d) tabharfar aghaidh ar shaincheisteanna téamacha, lena n-áirítear ceannteidil CAI.

 

Cuirfear conclúidí trialacha i dtoll a chéile go comhpháirteach le linn gach cruinnithe thríthaobhaigh nó díreach ina dhiaidh, agus, ag an am céanna, comhaontófar clár oibre an chéad chruinnithe eile. Is í an institiúid ina raibh an cruinniú tríthaobhach ar siúl a chláróidh na conclúidí sin agus measfar iad a bheith formheasta go sealadach tar éis 24 uair an chloig, gan dochar do chinneadh deiridh an Choiste Idir-réitigh.

 

Beidh conclúidí na gcruinnithe tríthaobhacha agus doiciméad a d'fhéadfaí a fhormhuiniú ar fáil don Choiste Idir-réitigh ag a chuid cruinnithe, mar aon leis na línte buiséid ar thángthas ar chomhaontú ina leith go trialach le linn na gcruinnithe tríthaobhacha.

 

Le cúnamh ón gCoimisiún, bunóidh rúnaíochtaí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an téacs comhpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal 314(5) CFAE. Litir tharchuir a bheidh sa téacs sin, a chuirfidh cathaoirligh an dá thoscaireacht chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle, ina mbeidh dáta an chomhaontaithe ag an gCoiste Idir-réitigh, agus iarscríbhinní ina mbeidh an méid a leanas:

 

(a) figiúirí mionsonraithe de réir gach míre buiséid agus figiúirí achoimre de réir cheannteideal CAI;

 


(b) doiciméad comhdhlúite, ina léirítear figiúirí agus téacs deiridh na línte uile a leasaíodh le linn an nós imeachta idir-réitigh;

 

(c) liosta na línte nár leasaíodh maidir leis an dréachtbhuiséad nó le seasamh na Comhairle ina leith.

 

Féadfaidh an Coiste Idir-réitigh conclúidí a fhormheas mar aon le ráitis chomhpháirteacha i ndáil leis an mbuiséad a d'fhéadfadh a bheith ann.

 

Aistreofar an téacs comhpháirteach go teangacha oifigiúla institiúidí an Aontais (is iad seirbhísí Pharlaimint na hEorpa a aistreoidh) agus tíolacfar iad ionas go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle iad a fhormheas, laistigh de thréimhse 14 lá ó dháta an chomhaontaithe maidir leis an téacs comhpháirteach dá dtagraítear i bpointe 24.

 

Déanfar athbhreithniú dlítheangeolaíoch ar an mbuiséad tar éis ghlacadh an téacs chomhpháirtigh trí iarscríbhinní an téacs chomhpháirtigh a chomhtháthú leis na línte buiséid nár leasaíodh le linn an nós imeachta idir-réitigh.

 


Cuirfidh an institiúid ina mbeidh an cruinniú ar siúl (an cruinniú tríthaobhach nó idirréitigh) saoráidí ateangaireachta ar fáil lena ngabhfaidh córas iomlán teanga maidir le cruinnithe an Choiste Idir-réitigh agus córas teanga ad hoc maidir leis na cruinnithe tríthaobhacha.

 

Is í an institiúid ina mbeidh an cruinniú ar siúl a fhorálfaidh do chóipeáil agus dáileadh na ndoiciméad cruinnithe.

 

Oibreoidh seirbhísí na nInstitiúidí i gcomhar le chéile chun torthaí na gcaibidlíochta a ionchódú chun bailchríoch a chur ar an téacs comhpháirteach.

 

Cuid F. Buiséid Leasaitheacha

 

Prionsabail ghinearálta

 

Agus é á chur san áireamh acu go ndírítear go minic sna buiséid leasaitheacha ar shaincheisteanna sonracha agus, uaireanta, ar shaincheisteanna práinneacha, comhaontaíonn na hInstitiúidí ar na prionsabail seo a leanas chun comhar iomchuí idirinstitiúideach a áirithiú do phróiseas cinnteoireachta rianúil sciobtha le haghaidh buiséid leasaitheacha agus ag an am céanna nach mbeidh gá, a mhéid is féidir, le cruinniú idir-réitigh a thionól le haghaidh buiséid leasaitheacha.

 

A mhéid is féidir, féachfaidh na hInstitiúidí le líon na mbuiséad leasaitheach a theorannú.

 


An féilire

 

Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas roimh ré faoi na dátaí a fhéadfar dréachtbhuiséid leasaitheacha a ghlacadh, gan dochar do dháta deiridh an ghlactha.

 

Féachfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, gach ceann acu i gcomhréir lena rialacha nós imeachta inmheánacha, leis an dréachtbhuiséad leasaitheach a mholfaidh an Coimisiún a scrúdú go luath tar éis don Choimisiún é a ghlacadh.

 

Chun dlús a chur leis an nós imeachta, áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go ndéanfar a bhféilirí oibre faoi seach a chomhordú a mhéid is féidir, chun go bhféadfar imeachtaí a riaradh ar bhealach comhleanúnach agus cóineasaithe. Féachfaidh siad, dá bhrí sin, le tráthchlár táscach a bhunú a luaithe is féidir le haghaidh na gcéimeanna éagsúla as a dtiocfaidh glacadh críochnaitheach an bhuiséid leasaithigh.

 

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle san áireamh an phráinn, i dtaca le holc, atá leis an mbuiséad leasaitheach agus an gá atá lena fhormheas in am trátha le go mbeidh sé éifeachtach le linn na bliana airgeadais lena mbaineann.

 


An comhar le linn na léamha

 

Comhoibreoidh na hInstitiúidí de mheon macánta ar feadh an nós imeachta ar fad, agus réiteoidh siad an bealach, a mhéid is féidir, chun buiséid leasaitheacha a ghlacadh ag céim luath le linn an nós imeachta.

 

I gcás inarb iomchuí, agus i gcás ina bhféadfadh éagsúlacht a bheith ann, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle, sula nglacfaidh gach ceann acu a seasamh críochnaitheach maidir leis an mbuiséad leasaitheach, nó féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith, a mholadh go dtionólfaí cruinniú tríthaobhach ar leith chun na heisréimneachtaí a phlé agus chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach.

 

Na dréachtbhuiséid leasaitheacha go léir arna mholadh ag an gCoimisiún agus nach bhfuil formheasta go críochnaitheach go fóill, cuirfear iad go córasach ar chlár oibre na gcruinnithe tríthaobhacha atá beartaithe don nós imeachta buiséadach bliantúil. Tíolacfaidh an Coimisiún na dréachtbhuiséid leasaitheacha agus cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a seasaimh faoi seach in iúl, a mhéid is féidir, roimh an gcruinniú tríthaobhach.

 

Má thagtar ar chomhréiteach ag cruinniú tríthaobhach, gabhfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle orthu féin, i gcomhréir le CFAE agus lena rialacha nós imeachta, torthaí an chruinnithe thríthaobhaigh a bhreithniú agus an buiséad leasaitheach á phlé acu.

 


An comhar tar éis na léamha

 

Má fhormheasann Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle gan leasuithe, glacfar an buiséad leasaitheach i gcomhréir le CFAE.

 

Má ghlacann Parlaimint na hEorpa leasuithe trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, beidh feidhm ag pointe (c) d'Airteagal 314(4) CFAE. Sula dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh le chéile, áfach, comórfar cruinniú tríthaobhach:

 

(a) má thagtar ar chomhaontú le linn na gcruinnithe tríthaobhacha sin agus, faoi réir chomhaontú Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le torthaí an chruinnithe thríthaobhaigh, cuirfear deireadh leis an idir-réiteach le malartú litreacha gan cruinniú den Choiste Idir-réitigh;

 

(b) mura dtiocfar ar chomhaontú le linn an chruinnithe thríthaobhaigh sin, tiocfaidh an Coiste Idir-réitigh le chéile agus eagróidh sé a chuid oibre i gcomhréir leis na himthosca, d'fhonn an próiseas cinnteoireachta a chur i gcrích a mhéid is féidir roimh an sprioc 21 lá a leagtar síos in Airteagal 314(5) CFAE. Féadfaidh an Coiste Idir-réitigh bailchríoch a chur ar a chuid oibre trí mhalartú litreacha.

 


Cuid G. Cur chun feidhme an bhuiséid, íocaíochtaí agus reste à liquider (RAL)

 

Ós rud é gur gá forchéimniú ordúil na leithreasuithe iomlána faoi chomhair íocaíochtaí a áirithiú maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas chun aon aistriú neamhghnách RAL ó bhliain amháin go bliain eile a sheachaint, comhaontaíonn na hinstitiúidí faireachán géar a dhéanamh ar leibhéal RAL chun an riosca a mhaolú go gcuirfí bac ar chur chun feidhme chláir an Aontais de dheasca easpa leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta ag deireadh CAI.

 

Chun a áirithiú gur féidir leibhéal agus próifíl na n-íocaíochtaí faoi gach ceannteideal a bhainistiú, cuirfear rialacha maidir le saoradh i bhfeidhm go docht faoi gach ceannteideal, go háirithe na rialacha maidir le saoradh uathoibríoch.

 

Le linn an nós imeachta bhuiséadaigh, tiocfaidh na hInstitiúidí le chéile go tráthrialta d'fhonn measúnú comhpháirteach a dhéanamh ar an staid mar atá agus ar an ionchas maidir le cur chun feidhme buiséadach sa bhliain reatha agus sna blianta airgeadais atá le teacht. Beidh an measúnú sin i bhfoirm cruinnithe idirinstitiúideacha tiomnaithe ar an leibhéal iomchuí, agus roimh na cruinnithe sin soláthróidh an Coimisiún tuairisc mhionsonraithe ar an staid mar atá, arna miondealú de réir ciste agus de réir Ballstáit, maidir le cur chun feidhme íocaíochta, maidir le héilimh ar aisíocaíocht a fuarthas agus maidir le réamhaisnéisí athbhreithnithe, lena n-áirítear réamhaisnéisí fadtéarmacha, i gcás inarb infheidhme. Go háirithe, chun a áirithiú gur féidir leis an Aontas a oibleagáidí airgeadais uile a eascraíonn as gealltanais a tugadh cheana agus gealltanais a thabharfar amach anseo sa tréimhse 2021- 2027 a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 323 CFAE, déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle anailís agus plé ar mheastacháin an Choimisiúin maidir le leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a cheanglófar.

 

 


Cuid H – Comhar a mhéid a bhaineann le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh[18][+]

 

Chun dul i ngleic le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19, agus chun na críche sin amháin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún cistí ar mhargaí caipitil suas le EUR 750 000 milliún a fháil ar iasacht i bpraghsanna 2018 thar ceann an Aontais , agus féadfar suas le EUR 390 000 milliún de sin i bpraghsanna 2018 a úsáid le haghaidh agus féadfar suas le EUR 360 000 milliún de sin i bpraghsanna 2018 a úsáid chun iasachtaí a sholáthar caiteachas i gcomhréir le hAirteagal 5(1) den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse. Mar a fhoráiltear i Rialachán EURI, is ioncam sannta seachtrach chun críocha Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sa mhéid a úsáidfear le haghaidh caiteachais.

 

Comhaontaíonn na hInstitiúidí gur gá cur leis an ról atá ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle, ag gníomhú dóibh ina gcáil mar údarás buiséadach, i ndáil leis an ioncam sannta seachtrach faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, d'fhonn formhaoirseacht chuí ar úsáid an ioncaim sin agus rannpháirtíocht in úsáid an ioncaim sin a áirithiú, laistigh de na teorainneacha a leagtar amach i Rialachán EURI agus, de réir mar is iomchuí, rannpháirtíocht sa reachtaíocht earnálach ábhartha. Tá na hInstitiúidí ar aon fhocal freisin gur gá trédhearcacht agus infheictheacht iomlán na gcistí uile faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a áirithiú.

 


Ioncam sannta seachtrach faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

 

Ós rud é gur gá rannpháirtíocht iomchuí Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i rialachas ioncaim shannta sheachtraigh faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh  a áirithiú, comhaontaíonn na trí hInstitiúid maidir leis an nós imeachta a leagtar amach i bpointí 41 go 46.

 

Soláthróidh an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe maille lena dhréachtmheastacháin i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh. Áireofar ar an bhfaisnéis sin meastacháin mhionsonraithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí mar aon le meastacháin mhionsonraithe ar ghealltanais dhlíthiúla, arna miondealú de réir teidil agus de réir an chláir atá ag fáil ioncam sannta faoi Rialachán EURI. Soláthróidh an Coimisiún aon fhaisnéis ábhartha bhreise a iarrfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle. Cuirfidh an Coimisiún doiciméad i gceangal leis an dréachtbhuiséad ina dtiomsófar an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, lena náirítear táblaí achoimre lena gcomhbhailítear leithreasuithe buiséid agus ioncam sannta faoin Ionstraim Eorpach Théarnaimh . Beidh an doiciméad sin ina chuid den iarscríbhinn a ghabhann le buiséad ginearálta an Aontais maidir le hioncam sannta seachtrach dá bhforáiltear i bpointe 44.

 

Déanfaidh an Coimisiún, le linn na bliana airgeadais agus roimh gach cruinniú tiomnaithe dá dtagraítear i bpointe 45 ar a laghad, nuashonruithe tráthrialta ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe 41 a thíolacadh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ábhartha ar fail do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle in am trátha ionas gur féidir pléití agus díospóireachtaí fiúntacha a dhéanamh ar dhoiciméid phleanála chomhfhreagracha, lena n-áirítear sula nglacfaidh an Coimisiún cinntí ábhartha.

 


Tiocfaidh na trí Institiúid le chéile go tráthrialta i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh d'fhonn measúnú comhpháirteach a dhéanamh ar chur chun feidhme an ioncaim shannta sheachtraigh faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, go háirithe staid na himeartha agus lena bhfuil i ndán, agus chun plé a dhéanamh ar na meastacháin bhliantúla a sholáthraítear leis na dréachtbhuiséid faoi seach agus lena ndáileadh, agus aird chuí á tabhairt ar na teorainneacha agus na coinníollacha a leagtar amach i Rialachán EURI agus, de réir mar is iomchuí, sa reachtaíocht earnálach ábhartha.

 

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gceangal le buiséad ginearálta an Aontais, i bhfoirm iarscríbhinne, doiciméad ina leagfar amach na línte buiséid go léir a fhaigheann ioncam sannta faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Thairis sin, úsáidfidh siad an struchtúr buiséid chun freastal ar an ioncam sannta faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe na barúlacha buiséadacha, chun rialú cuí a dhéanamh agus úsáid á baint as an ioncam sin. I gcomhréir le hAirteagal 22 den Rialachán Airgeadais, áireoidh Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle barúlacha sa ráiteas ar chaiteachas, lena n-áirítear barúlacha ginearálta, ina dtaispeánfar na línte buiséid a fhéadfaidh na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don ioncam sannta ar bhonn Rialachán EURI a fháil agus ina léireofar na méideanna ábhartha. Gabhann an Coimisiún air féin, trína fhreagracht as an ioncam sannta a chur chun feidhme, aird chuí a thabhairt ar na barúlacha sin.

 


Comhaontaíonn na hInstitiúidí cruinnithe idirinstitiúideacha tiomnaithe a eagrú ar an leibhéal iomchuí d'fhonn measúnú a dhéanamh ar staid na himeartha agus ar a bhfuil i ndán i dtaobh ioncam sannta seachtrach faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh. Beidh na cruinnithe ar siúl trí huaire ar a laghad i mbliain airgeadais go luath roimh chruinnithe tríthaobhacha buiséadacha nó go luath ina ndiaidh. Thairis sin, tiocfaidh na trí Institiúid le chéile ar bhonn ad hoc má chuireann institiúid amháin iarraidh réasúnaithe ar fáil. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle barúlacha i scríbhinn a thíolacadh tráth ar bith maidir le cur chun feidhme ioncaim shannta sheachtraigh. Gabhann an Coimisiún air féin aird chuí a thabhairt ar aon bharúlacha agus moltaí a thugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle. Féadfar aghaidh a thabhairt sna cruinnithe sin ar dhialltaí móra i gcaiteachas Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le pointe 46.

 

Soláthróidh an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe maidir le haon dhiallas óna chéad réamhaisnéisí roimh chruinniú idirinstitiúideach tiomnaithe dá dtagraítear i bpointe 45 agus ar bhonn ad hoc i gcás claonadh mór. Is mór claonadh ó chaiteachas réamh-mheasta maidir leis an Ionstraim Eorpach Théarnaimh  má dhiallann an caiteachas níos mó ná 10 % ón réamhaisnéis do bhliain airgeadais ar leith nó i gclár ar leith. I gcás dialltaí móra ó na chéad réamhaisnéisí, déanfaidh na hInstitiúidí an cheist a phlé, má iarann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an méid sin a dhéanamh laistigh de choicís tar éis fógra diallais suntasach a fháil. Déanfaidh na hInstitiúidí measúnú comhpháirteach ar an ábhar sin  d'fhonn teacht ar chomhdhearcadh laistigh de thrí seachtaine tar éis iarraidh chun cruinniú a eagrú. Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar aon bharúlacha a fhaightear. Gabhann an Coimisiún air féin gan aon chinneadh a dhéanamh go dtabharfar na pléití i gcrích nó go rachaidh an tréimhse trí seachtaine in éag. Sa dara cás díobh sin, tabharfaidh an Coimisiún údar cuí lena chinneadh. I gcás práinne, féadfaidh na hInstitiúidí a chomhaontú seachtain a ghearradh de na spriocdhátaí.


Iasachtaí arna gcur ar fáil faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

 

Chun faisnéis iomlán chomh maith le trédhearcacht agus infheictheacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le comhpháirt iasachta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh cuirfidh an Coimisiún faisnéis mhionsonraithe ar fáil faoi iasachtaí a thugtar do na Ballstáit faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh in éineacht lena dhréachtmheastacháin, agus aird ar leith á tabhairt ag an am céanna ar fhaisnéis íogair, atá faoi chosaint.

 

Taispeánfar faisnéis faoi iasachtaí faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh sa bhuiséad i gcomhréir leis na ceanglais atá i bpointe (d) d'Airteagal 52(1) den Rialachán Airgeadais agus ina n-áireofar freisin an iarscríbhinn dá dtagraítear i bpointe (iii) den phointe sin.

 

 

________________


IARSCRÍBHINN II

 

 

COMHAR IDIRINSTIÚIDEACH MAIDIR LE TREOCHLÁR I DTREO ACMHAINNÍ DÍLSE NUA A THABHAIRT ISTEACH

 

Brollach

 

Tá na hInstitiúidí tiomanta do chomhar dílis trédhearcach agus don obair ar threochlár a chur chun feidhme chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach thar fhad CAI 2021-2027.

 

B. Aithníonn na hInstitiúidí an tábhacht atá le comhthéacs Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, inar cheart na hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach.

 

C. Chun dul i ngleic le hiarmhairtí ghéarchéim COVID-19, agus chun na críche sin amháin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún, faoi Airteagal 5(1) den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, cistí ar mhargaí caipitil suas le EUR 750 000 milliún i bpraghsanna 2018a fháil ar iasacht thar ceann an Aontais , agus féadfar suas le EUR 390 000 milliún de sin i bpraghsanna 2018 a úsáid le haghaidh caiteachas i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 5(1) den Chinneadh sin.

 


D. Caithfear aisíocaíocht phríomhshuim na gcistí sin a bheidh le húsáid le haghaidh caiteachas faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus an t-ús gaolmhar atá dlite a mhaoiniú le buiséad ginearálta an Aontais, lena n-áirítear trí fháltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021. Aisíocfar na dliteanais ghaolmhara go léir ina n-iomláine faoin 31 Nollaig 2058 ar a dhéanaí mar a fhoráiltear sa dara fomhír d'Airteagal 5(2) den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse. Braithfidh na suimeanna bliantúla is iníoctha ar aibíochtaí na mbannaí arna n-eisiúint agus ar an straitéis aisíocaíochta fiachais, agus urramófar ag an am céanna an teorainn le haisíocaíocht phríomhshuim na gcistí dá dtagraítear sa tríú fomhír den mhír sin a shocraítear ag 7,5 % den uasmhéid atá le húsáid i gcás an chaiteachais dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(1) den Chinneadh sin.

 

E. Níor cheart laghdú míchuí ar chaiteachas cláir ná ar ionstraimí infheistíochta faoi CAI a bheith mar thoradh ar chaiteachas bhuiséad an Aontais i ndáil le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a  aisíoc. Is inmhianaithe freisin na méaduithe ar an acmhainn dhílis ONI-bhunaithe a mhaolú do na Ballstáit.

 

F. Dá bhrí sin, agus ionas go bhfeabhsófar inchreidteacht agus inbhuaine phlean aisíocaíochta Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, oibreoidh na hInstitiúidí chun acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach d'fhonn méid a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a bhfuiltear ag súil leis agus a bhaineann leis an aisíocaíocht a chumhdach. I gcomhréir le prionsabal na huilíochta, ní chiallódh sin go gcuirfí i leataobh ná go sannfaí aon acmhainn dhílis ar leith chun cineál sonrach caiteachais a chumhdach.

 


G. Aithníonn na hInstitiúidí gur cheart go gcuirfí maoiniú leordhóthanach chaiteachas an Aontais in CAI chun cinn le tabhairt isteach ciseán d'acmhainní dílse nua agus go laghdófaí sciar na ranníocaíochtaí náisiúnta OIN-bhunaithe i maoiniú bhuiséad bliantúil an Aontais. Dá ndéanfaí foinsí ioncaim a éagsúlú, thiocfaí díriú níos fearr ar chaiteachas ar leibhéal an Aontais a bhaint amach ar réimsí tosaíochta agus ar earraí poiblí comhchoiteanna le gnóthachain éifeachtúlachta móra i gcomparáid le caiteachas náisiúnta.

 

H. Dá bhrí sin, ba cheart acmhainní dílse nua a ailíniú le cuspóirí beartais an Aontais agus ba cheart dóibh tosaíochtaí de chuid an Aontais a chur chun cinn amhail an Comhaontú Glas don Eoraip agus Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, agus ba cheart dóibh rannchuidiú le cothromas cánach agus leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise cánach agus na himghabhála cánach a neartú.

 

Comhaontaíonn na hInstitiúidí gur cheart, de rogha, acmhainní dílse nua a chruthú ar shlí ina bhféadfaí "airgead úr" a ghiniúint. Ag an am céanna, tá sé mar aidhm acu an rómhaorlathas agus an t-ualach ar chuideachtaí, go háirithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus ar shaoránaigh, a laghdú.

 

J. Ba cheart go gcomhlíonfaí critéir na simplíochta, na trédhearcachta, na hintuarthachta agus na cothroime le hacmhainní dílse nua. Níor cheart ualach riaracháin iomarcach ar institiúidí an Aontais agus ar chórais riaracháin náisiúnta a bheith mar thoradh ar ríomh, aistriú agus rialú na n‑acmhainní dílse nua.

 


K. I bhfianaise na gceanglas nós imeachta trom a bhaineann le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach, comhaontaíonn na hInstitiúidí gur cheart an t-athchóiriú riachtanach ar chóras na n‑acmhainní dílse a bhaint amach le líon teoranta athchóirithe ar an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

L. Dá bhrí sin, comhaontaíonn na hInstitiúidí go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile le linn thréimhse 2021-2027 ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach san Iarscríbhinn seo ar mhaithe le hacmhainní dílse nua a thabhairt isteach i gcomhréir leis an treochlár a leagtar amach i gCuid B agus leis na dátaí a leagtar amach inti.

M. Aithníonn na hInstitiúidí freisin a thábhachtaí atá na huirlisí do Reachtóireacht Níos Fearr mar a leagtar amach sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr[19], go háirithe an measúnú tionchair.

 

CUID A Prionsabail maidir leis an gcur chun feidhme

 

1. Déanfaidh an Coimisiún na tograí reachtacha is gá le haghaidh acmhainní dílse nua agus le haghaidh acmhainní dílse nua a d'fhéadfadh a bheith ann dá dtagraítear i bpointe 10 i gcomhréir le prionsabail um Reachtóireacht Níos Fearr. Chuige sin, tabharfaidh sé aird chuí ar na moltaí arna dhéanamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Beidh an reachtaíocht cur chun feidhme is ábhartha d'acmhainní dílse ag gabháil leis na tograí reachtacha sin.

 


2. Comhaontaíonn na hInstitiúidí maidir leis na prionsabail threoracha seo a leanas i dtaca le ciseán acmhainní dílse nua a thabhairt isteach:

 

(a) méid a chruinniú trí na hacmhainní dílse nua ar leor é chun leibhéal an chaiteachais ionchasaigh iomláin a chumhdach i gcomhair aisíocaíocht na príomhshuime agus ús na gcistí a gheofar ar iasacht chun úsáid ar chaiteachas dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 5(1) den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, agus prionsabal na huilíochta á urramú ag an am céanna. Leanfar de bhuiséad an Aontais a chistiú mar ioncam ginearálta le hioncam ó acmhainní dílse ar mó é ná a bhfuil ag teastáil don aisíocaíocht, i gcomhréir le prionsabal na huilíochta;

 

(b) beidh sé mar aidhm leis na caiteachais lena gcumhdaítear costais mhaoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh gan caiteachais ar chláir agus ar chistí de chuid an Aontais a laghdú;

 

(c) na hacmhainní dílse a ailíniú le tosaíochtaí de chuid an Aontais, amhail an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, an geilleagar ciorclach, Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach agus rannchuidiú le cothromas cánach agus leis an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach agus na himghabhála cánach a neartú;

 

(d) critéir na simplíochta, na trédhearcachta agus na cothroime a urramú;

 

(e) cobhsaíocht agus intuarthacht an tsreafa ioncaim a áirithiú;

 

(f) gan ualach riaracháin iomarcach a chur ar institiúidí an Aontais ná ar chórais riaracháin náisiúnta;

 


(g) ioncam breise "úr" a ghiniúint más féidir;

 

(h) ag an am céanna, é a bheith mar aidhm an rómhaorlathas agus an t-ualach ar chuideachtaí a laghdú., go háirithe ar FBManna, agus ar shaoránaigh.

 

3. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle anailís agus plé ar na tograí reachtacha dá dtagraítear i bpointe 1 agus rachaidh siad ar aghaidh gan moill mhíchuí leo i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha d'fhonn cinneadh gasta a éascú. Tar éis don Choimisiún na tograí uaidh a thíolacadh, tiocfaidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus ionadaithe ón gComhairle le chéile i láthair ionadaithe an Choimisiúin le linn a bpléití chun staid na himeartha a chur in iúl dá chéile. Chomh maith leis sin, rachaidh na hInstitiúidí i mbun idirphlé tráthrialta chun an dul chun cinn a mhéid a bhaineann leis an treochlár a bhreithniú.

 

CUID B Treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach

 

An chéad chéim: 2021

 

4. Mar chéad chéim, tabharfar acmhainn dhílis nua isteach a mbeidh feidhm aici amhail ón 1 Eanáir 2021 agus ag a mbeidh sciar d'ioncam ó ranníocaíochtaí náisiúnta arna ríomh de réir mheáchan na dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, mar a fhoráiltear sa Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse. Tá sé beartaithe go dtiocfaidh an cinneadh sin i bhfeidhm i mí Eanáir 2021, faoi réir formheas ó na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

 


5. Cuirfidh an Coimisiún, tar éis na measúnuithe tionchair a seoladh in 2020, tograí ar aghaidh maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus maidir le tobhach digiteach, mar aon le togra tionlacain chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach ar an mbonn sin faoi mhí an Mheithimh 2021. Tá sé beartaithe na hacmhainní dílse nua sin a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.

 

6. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Chóras an Aontais Eorpaigh i ndáil le Trádáil Astaíochtaí in earrach na bliana 2021, lena n-áirítear an fhéidearthacht é a leathnú chun eitlíocht agus cúrsaí muirí a chumhdach. Molfaidh sé faoi mhí an Mheithimh 2021 acmhainn dhílis atá bunaithe ar Chóras an Aontais Eorpaigh i ndáil le Trádáil Astaíochtaí.

 

7. Comhaontaíonn na hInstitiúidí go bhfuil an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha agus Córas an Aontais Eorpaigh i ndáil le Trádáil Astaíochtaí idirnasctha ó thaobh téama de agus gurbh fhiú dá réir sin iad a phlé den mheon céanna.

 

An dara céim: 2022 agus 2023

 

8. Tar éis na nósanna imeachta is infheidhme faoi na Conarthaí agus faoi réir formheas ó na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach, tá sé beartaithe na hacmhainní dílse nua seo a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023.

 

9. Pléifidh an Chomhairle na hacmhainní dílse nua seo faoin 1 Iúil 2022 ar a dhéanaí chun iad a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023.

 


An tríú céim: 2024 -2026

 

10. Déanfaidh an Coimisiún, bunaithe ar mheasúnuithe tionchair, acmhainní dílse nua breise a mholadh, lena bhféadfaí a áireamh Cáin ar Idirbhearta Airgeadais agus ranníocaíocht airgeadais a bhaineann leis an earnáil chorparáideach nó comhbhonn nua don cháin chorparáideach. Féachfaidh an Coimisiún le togra a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2024.

 

11. Tar éis na nósanna imeachta is infheidhme faoi na Conarthaí agus faoi réir formheas ó na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach, tá sé beartaithe na hacmhainní dílse breise nua den sórt sin a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2026.

 

12. Pléifidh an Chomhairle na hacmhainní dílse nua seo faoin 1 Iúil 2025 ar a dhéanaí chun iad a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2026.

 

 

________________

 

 

________________


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Réamhrá

 

An 2 Bealtaine 2018, chuir an Coimisiún Eorpach a thograí le haghaidh creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do na blianta 2021-2027 i láthair.

 

In éineacht leis an togra le haghaidh Rialachán nua ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[20], bhí togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh[21] agus trí thogra ghaolmhara[22], mar aon le togra le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach (IIA) idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht stuama airgeadais[23] agus togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit[24].

 

Mar chuid d’fhreagairt an Aontais ar ghéarchéim COVID-19, agus mar fhreagairt ar an iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ciste téarnaimh, rinne an Coimisiún Plean Téarnaimh don Eoraip (Next Generation EU) a mholadh an 27 Bealtaine 2020, lena n-áirítear Saoráid nua Téarnaimh agus Athléimneachta, agus leasaigh sé na tograí uaidh maidir le CAI agus Acmhainní Dílse, dréacht-IIA[25] agus roinnt tograí eile a bhaineann le CAI[26].

 

I ndiaidh don Chomhairle Eorpach teacht ar chomhaontú maidir leis an gCiste Téarnaimh agus ar CAI 2021-2027 an 21 Iúil 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le conclúidí na Comhairle Eorpaí, inar dhearbhaigh an Pharlaimint, cé gur chuir sí in iúl gur geal léi gur ghlac Cinn Stáit agus Rialtais AE le ciste téarnaimh, nach raibh an Parlaimint in ann glacadh leis an gcomhaontú polaitiúil a rinneadh mar a bhí sé ag an bpointe sin, chuir sí in iúl go raibh sí réidh dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle chun feabhas a chur ar an gcomhaontú polaitiúil maidir le CAI 2021-2027 agus leag sí amach tosaíochtaí na Parlaiminte (sásra maidir leis an smacht reachta, acmhainní dílse, cláir shuaitheanta AE, saincheisteanna cothrománacha, Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus an prionsabal daonlathach, líontán sábhála le haghaidh tairbhithe chláir AE nó ‘plean teagmhais’) d’fhonn comhaontú foriomlán a bhaint amach.

 

Thángthas ar chomhaontú polaitiúil maidir le sásra do choinníollacht an smachta reachta Déardaoin an 5 Samhain.

 

Chuaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i mbun caibidlíochta maidir le CAI, an cinneadh maidir le hacmhainní dílse agus IIA an 27 Lúnasa. Tháinig na trí institiúid ar chomhaontú polaitiúil an 10 Samhain 2020.

 

 

 

 

 

Comhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Comhairle agus an Coimisiún maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht stuama airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, ar de thoradh an chomhaontaithe pholaitiúil iad.

 

Leagtar amach sa chomhaontú idirinstitiúideach forálacha maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil a chur chun feidhme. Tá sé roinnte ina cheithre chuid:

 

I gCuid I tá forálacha a bhaineann leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) agus leis na hionstraimí speisialta téamacha agus neamhthéamacha.

 

Baineann Cuid II leis an gcomhar idirinstitiúideach in ábhair bhuiséadacha.

 

I gCuid III tá forálacha a bhaineann le bainistíocht stuama airgeadais ar chistí an Aontais.

 

I gCuid IV tá forálacha maidir le cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí faoi thairbhithe d’fhonn cosaint a dhéanamh ar bhuiséad an Aontais.

 

Tá IIA ceangailteach ar na hinstitiúidí ó thaobh dlí de. Glacadh le roinnt iarrataí tábhachtacha ó Pharlaimint na hEorpa agus ionchorpraíodh iad in IIA, go háirithe forálacha maidir le:

 

- comhar maidir le treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach thar thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, d’fhonn ar a laghad aisíoc na gcistí arna n-úsáid le haghaidh caiteachais faoi chiste Next Generation EU (NGEU) agus na leasanna gaolmhara a chumhdach, chomh maith le prionsabail threoracha chun an bascaed sin d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach;

 

- comhar idir na hinstitiúidí chun rannpháirtíocht iomchuí an údaráis bhuiséadaigh a áirithiú i rialachas ioncaim shannta sheachtraigh faoi NGEU agus trédhearcacht agus infheictheacht iomlán na gcistí uile faoi NGEU;

 

- faireachán a dhéanamh ar chaiteachas ar chuspóirí aeráide agus bithéagsúlachta, comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

 

- ionstraimí solúbthachta feabhsaithe chun freagairt do riachtanais gan choinne;

 

- comhar agus idirphlé idir na hinstitiúidí chun glacadh CAI nua nó athbhreithniú air a éascú, i   gcomhréir le hAirteagal 312 (5) agus le hAirteagal 324 CFAE;

 

- bearta caighdeánaithe chun faisnéis faoi thairbhithe deiridh chistiú an Aontais a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú chun cosaint bhuiséad an Aontais agus Next Generation EU i gcoinne calaois agus neamhrialtachtaí a fheabhsú.


 

 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM BUISÉID

An tUasal Antonio Tajani

Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar an Togra le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht stuama airgeadais</Titre> <DocRef>(COM(2020)0444 – C9-0155/2020 – 2018/2070(ACI))</DocRef>

A Chathaoirligh,

Faoin nós imeachta thuasluaite, iarradh ar an gCoiste um Buiséid tuairim a chur faoi bhráid do choiste.

Idir an 27 Lúnasa agus an 10 Samhain 2020, ar bhonn na dtograí ón gCoimisiún agus ar bhonn na seasamh a chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl, rinne foireann caibidlíochta an Choiste um Buiséid maidir le CAI agus na hAcmhainní Dílse comhaontú nua idirinstitiúideach i réimse an bhuiséid a chaibidliú le hionadaithe na Comhairle agus an Choimisiúin mar chuid de phacáiste lena gcumhdaítear Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, na hAcmhainní Dílse agus Ionstraim AE don Téarnamh - Next Generation EU. Leis seo, cuirtear an comhaontú idirinstitiúideach faoi do bhráid ionas go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa é a fhormheas.

I bhfianaise a phráinní atá an cheist, chinn comhordaitheoirí Choiste BUDG tríd an nós imeachta i scríbhinn Dé Luain an 16 Samhain an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

 

Rinne an Coiste um Buiséid breithniú ar an ábhar ag a sheisiún vótála an 19 Samhain 2020. Cinneadh ag an seisiún vótála sin[27], a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idirinstitiúidigh i dtrácht a fhormheas, agus na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin.

Is mise, le meas,


 

 

Johan Van Overtveldt

 

Cóip:

Comhaltaí de CAI/NÓ den fhoireann chaibidlíochta:

Jan OLBRYCHT, comhrapóirtéir CAI

Jan OLBRYCHT, comhrapóirtéir CAI

José Manuel FERNANDES, NÓ comhrapóirtéir

Valérie HAYER, NÓ comhrapóirtéir

Rasmus ANDRESEN, Comhalta

 

MOLTAÍ

A. De bhrí gur thángthas ar chomhaontú polaitiúil foriomlán an 10 Samhain 2020 idir ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027, acmhainní Dílse agus Ionstraim Téarnaimh; de bhrí go bhfolaíonn comhaontú polaitiúil den sórt sin comhaontú idirinstitiúideach athnuaite maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (“an CI”);

B.  de bhrí go bhfuil forálacha den chéad uair in CI maidir leis na hacmhainní dílse, eadhon Iarscríbhinn nua lena leagtar amach treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach thar thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 atá leordhóthanach chun leasanna agus costais aisíocaíochta na hIonstraime Téarnaimh (Next Generation EU) a chlúdach, agus a leanfaidh a hioncam de bhreis ar na riachtanais le haghaidh aisíocaíochta de bheith ag maoiniú bhuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta i gcomhréir le prionsabal na huilíochta;

C. de bhrí go bhfuil cuid nua in CI i ndáil le comhar maidir leis an Ionstraim Téarnaimh/ Next Generation EU (NGEU) a bhfuil sé mar aidhm aige rannpháirtíocht iomchuí an údaráis bhuiséadaigh a áirithiú i rialachas ioncaim shannta sheachtraigh faoi NGEU; de bhrí go dtagraíonn an chuid sin do dhearbhú Comhpháirteach nua maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua atá bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith aige do bhuiséad an Aontais;

D. de bhrí go bhfuil feabhsuithe suntasacha in CI maidir le dearadh agus cur chun feidhme modheolaíochtaí chun sprioc caiteachais aeráide 30% a rianú, chun sprioc nua caiteachais bithéagsúlachta CAI 7,5% a fhorbairt ó 2024 agus 10% in 2026 agus 2027, agus chun caiteachas inscne a thomhas, lena n-áirítear príomhshruthú inscne a chur chun cinn;

E. de bhrí go bhfuil cuid nua in CI maidir le cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí faoi thairbhithe arb é is aidhm di bearta caighdeánaithe a thabhairt isteach chun faisnéis agus figiúirí maidir le tairbhithe deiridh chistiú an Aontais a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú; 

F. de bhrí go dtuigtear go bhfuil CI cothrománach i bhfeidhm agus nach gcuireann sé cosc ar na comhreachtóirí aontú, laistigh de raon feidhme rialacháin shonraigh, bearta breise a bheith ann chun cáilíocht agus inchomparáideacht sonraí a fheabhsú, go háirithe maidir le cláir bainistíochta dírí, nó feabhas breise a chur ar rannpháirtíocht an údaráis bhuiséadaigh i rialachas ioncaim shannta sheachtraigh;

G. de bhrí go n-áirítear in CI den chéad uair forálacha a bhaineann le comhar agus idirphlé le linn chaibidlíocht CAI, atá dírithe ar cheanglais an Chonartha a oibríochtú chun aon bheart a dhéanamh is gá chun glacadh CAI a éascú agus chun comhairliúchán agus athmhuintearas ó thaobh seasamh in ábhair bhuiséadacha a chur chun cinn;

H.  De bhrí go ndeimhníonn an CI nua, ar deireadh, forálacha atá ann cheana maidir le hionstraimí speisialta agus tuilleadh athruithe spriocdhírithe a shlógadh maidir le trédhearcacht na gclár agus na réamhaisnéisí;

1  ag formheas thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe.

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta a ghlactha

14.12.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

3

2

Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Gabriele Bischoff, Damian Boeselager, Fabio Massimo Castaldo, Leila Chaibi, Włodzimierz Cimoszewicz, Gwendoline Delbos-Corfield, Pascal Durand, Daniel Freund, Esteban González Pons, Sandro Gozi, Brice Hortefeux, Laura Huhtasaari, Giuliano Pisapia, Paulo Rangel, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Jacek Saryusz-Wolski, Helmut Scholz, Pedro Silva Pereira, Antonio Tajani, László Trócsányi, Mihai Tudose, Guy Verhofstadt, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Angel Dzhambazki, Maite Pagazaurtundúa

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH

 

23

+

GUE/NGL

Leila Chaibi, Helmut Scholz

NI

Fabio Massimo Castaldo

EPP

Esteban González Pons, Brice Hortefeux, Paulo Rangel, Antonio Tajani, László Trócsányi, Loránt Vincze, Rainer Wieland

RENEW

Pascal Durand, Sandro Gozi, Maite Pagazaurtundúa, Guy Verhofstadt

S&D

Gabriele Bischoff, Włodzimierz Cimoszewicz, Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira, Mihai Tudose

Na Glasaigh/ALE

Damian Boeselager, Gwendoline Delbos Corfield, Daniel Freund

 

3

-

ECR

Jacek Saryusz Wolski

ID

Gerolf Annemans, Laura Huhtasaari

 

2

0

ECR

Angel Dzhambazki

ID

Antonio Maria Rinaldi

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

[1] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0449.

[2] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0032.

[3] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.

[4] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0124.

[5] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0206.

[6] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0220.

[7] IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

[8] Rialachán (AE) 2020/… ón gComhairle an… lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh an de chuid Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (IO L ….. lch …).

[+] IO: Cuir isteach, le do thoil, sa téacs an uimhir agus san fhonóta a ghabhann leis uimhir agus dáta an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 9971/20 (2020/0111(NLE)) agus líon isteach an tagairt IO.

[9] Rialachán (AE, Euratom) ón gComhairle 2020/ … an … lena leagtar síos an creat ilbhliantúil airgeadais do na blianta 2021 go dtí 2027 (IO L, , lch. ).

[+] IO: Cuir isteach sa téacs le do thoil an uimhir agus san fhonóta a ghabhann leis cuir isteach uimhir agus dáta an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 9970/20 (2018/0166(APP)) agus líon isteach an tagairt IO.

[10] Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

[11]  Rialachán (AE Euratom) 2020/… an … maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE (IO L …).

[++] IO: Cuir isteach sa téacs le do thoil an uimhir agus san fhonóta a ghabhann leis cuir isteach uimhir agus dáta an Rialacháin atá i ndoiciméad ST 10046/20 (2018/0135(CNS)) agus líon isteach an tagairt IO.

 

[+]  IO: cuir isteach le do toil dáta sínithe deiridh an Chomhaontaithe seo.

[13] IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

[14] Mar a leagtar amach sa Chomhaontú Inmheánach idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát den Aontas Eorpach, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le maoiniú an chúnaimh ón Aontas Eorpach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, de réir Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus maidir le cionroinnt an chúnaimh airgeadais do Thíortha agus do Chríocha Thar Lear lena mbaineann Cuid a Ceathair den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO L 210, 6.8.2013, lch 1) agus na Comhaontuithe Inmheánacha roimhe sin.

 

 

[15] Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).

 

[16] Ar na céimeanna éagsúla tá na cinn a leanas: buiséad na bliana airgeadais reatha (lena n‑áirítear na buiséid leasaitheacha arna nglacadh); an dréachtbhuiséad tosaigh; seasamh na Comhairle maidir leis an dréachtbhuiséad; leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle agus na litreacha leasaitheacha a thíolaic an Coimisiún (murar fhormheas na hInstitiúidí go hiomlán fós iad).

[17] Is líne bhuiséid a mheastar a bheith dúnta go teicniúil líne nach bhfuil aon easaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ina leith, agus nár tíolacadh aon litir leasaitheach ina leith.

 

[18] I gcás ina ndéanann an Coimisiún togra a thíolacadh le haghaidh gníomh ón gComhairle faoi Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí buiséadacha suntasacha a bheith ag baint leis, tá feidhm ag an nós imeachta mar a leagtar amach é sa dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiúin an… maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith acu ar bhuiséad an Aontais (IO…, lch. …). .

[+]  IO: cuir isteach san fhonóta, le do toil, dáta an Dearbhaithe Comhpháirtigh atá i ndoiciméad SN 3633/20 REV3 ADD1 agus líon isteach tagairt IO.

[19] An Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

[22] Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun Acmhainní Dílse bunaithe ar an gComhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide, ar Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach nach ndéantar athchúrsáil uirthi a chur ar fáil, agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh

COM/2018/326 final, Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos bearta cur chun feidhme maidir le córas Acmhainní Dílse an Aontais Eorpaigh, COM/2018/327 final, Togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir le comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú, COM/2018/328 final

[26]https://ec.europa.eu/info/strategy/eu-budget/long-term-eu-budget/eu-budget-2021-2027_en#commission-proposal-may-2020, 

https://ec.europa.eu/info/publications/mff-legislation_en, 

https://ec.europa.eu/info/publications/sectoral-legislation_en

[27] Bhí na daoine seo a leanas i láthair ag an vótáil chríochnaitheach: Janusz Lewandowski (Leas-Chathaoirleach ), Olivier Chastel (Leas-Chathaoirleach ), Niclas Herbst (Leas-Chathaoirleach ), Margarida Marques (Leas-Chathaoirleach/Comhrapóirtéir don tuairim), Jan Olbrycht (Comhrapóirtéir don tuairim), Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Gheorghe Vlad, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Monika Hohlmeier, Mislav Kolakušić, Moritz Körner, Zbigniew Kuźmiuk, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Rainer Wieland, Angelika Winzig.

An nuashonrú is déanaí: 15 Nollaig 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais