TUARASCÁIL maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Riail 122(7)) – tuarascáil bhliantúil do na blianta 2016-2018
26.1.2021 - (2019/2198(INI))
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Ioan-Rareş Bogdan
PR_INI
CLÁR
Leathanach
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Riail 122(7)) – tuarascáil bhliantúil do na blianta 2016-2018
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 1, 9, 10, 11 agus 16 CAE agus Airteagal 15 CFAE,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 41 agus 42 di,
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún[1],
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2014 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Riail 104(7)) do na blianta 2011-2013[2],
– ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2016 ar rochtain phoiblí ar dhoiciméid (Riail 116(7)) do na blianta 2014-2015[3],
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 ar thrédhearcacht, cuntasachta agus sláine sna hinstitiúidí Eorpacha[4],
– ag féachaint do Thuarascálacha Bliantúla an Ombudsman Eorpaigh agus dá Tuarascáil Speisialta i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017 maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle,
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Eanáir 2019 ar iniúchadh straitéiseach OI/2/2017 an Ombudsman ar thrédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle an Aontais Eorpaigh[5],
– ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),
– ag féachaint do thuarascálacha ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón bParlaimint ó 2016, 2017 agus 2018 ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001,
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail[6],
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Samhain 2017 maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ón Ombudsman Eorpach in 2016[7],
– ag féachaint do Threoirlínte Polaitiúla ó Uachtarán Ursula von der Leyen don Choimisiún, 2019-2024,
– ag féachaint do Riail 54, agus do Riail 122(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0004/2021),
A. de bhrí, faoi na Conarthaí, go ‘n-urramóidh an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach agus gheobhaidh na saoránaigh cóir chomhionann óna chuid institiúidí’ (Airteagal 9 CAE); de bhrí go ‘mbeidh an ceart ag gach saoránach a bheith rannpháirteach i saol daonlathach an Aontais’, agus de bhrí go ‘nglacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus ar leibhéal chomh gar agus is féidir don saoránach’ (Airteagal 10(3) CAE, á léamh i bhfianaise an tríú aithris déag dá bhrollach agus Airteagail 1(2) agus 9 de);
B. de bhrí go luaitear in Airteagal 15 CFAE ‘d’fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir’ agus go ‘mbeidh ag gach saoránach den Aontas, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe reachtach aige i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais’;
C. de bhrí go gcuirtear béim bhreise ar an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, agus ar a stádas mar cheart bunúsach, le hAirteagal 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a bhfuil ‘an stádas dlí céanna leis na Conarthaí’ aici anois (Airteagal 6(1) CAE); de bhrí go gcuirtear, leis an ceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid, ar chumas na saoránach a gceart scrúdú a dhéanamh ar obair agus gníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an próiseas reachtach, a fheidhmiú go héifeachtach;
D. de bhrí gur cheart d’fheidhmiú institiúidí an Aontais a bheith i gcomhréir le prionsabal an smachta reachta; de bhrí nach mór d’institiúidí an Aontais féachaint leis na caighdeáin is airde trédhearcachta, chuntasachta agus sláine a bhaint amach; de bhrí gur príomhghnéithe iad na treoirphrionsabail sin chun an dea-rialachas a chur chun cinn laistigh d’institiúidí an Aontais agus chun oscailteacht níos fearr a áirithiú i bhfeidhmiú an Aontais agus ina phróiseas cinnteoireachta; de bhrí go bhfuil muinín na saoránach in institiúidí an Aontais bunriachtanach don daonlathas, don dea-rialachas agus do cheapadh beartais éifeachtach; de bhrí gur cheart trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid a ráthú freisin i ndáil leis an gcaoi a gcuirtear beartais an Aontais chun feidhme ar gach leibhéal agus a n-úsáidtear cistí an Aontais; de bhrí go bhfuil oscailteacht agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta fíor-riachtanach chun dea-rialachas a chur chun cinn in institiúidí an Aontais; de bhrí, i gcomhréir le bunphrionsabail an daonlathais, go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh eolas a bheith acu ar an bpróiseas cinnteoireachta agus é a leanúint; de bhrí go n-oibríonn Parlaimint na hEorpa le hardleibhéal trédhearcachta ina cuid nós imeachta reachtach, lena n-áirítear ag céim an choiste, ionas gur féidir le saoránaigh, na meáin agus geallsealbhóirí an chaoi agus an fáth a ndéantar cinntí a fheiceáil agus seasaimh éagsúla laistigh den Pharlaimint agus bunús tograí ar leith a shainaithint go soiléir, agus gur féidir leo glacadh na gcinntí críochnaitheacha a leanúint freisin;
E. de bhrí, de réir Airteagal 16(8) CAE, nach mór don Chomhairle teacht le chéile go poiblí nuair a dhéanann sí dréachtghníomh reachtach a phlé agus nuair a dhéanann sí vótáil ina leith; de bhrí, de réir an Ombudsman, gurb ionann an cleachtas reatha an marc ‘LIMITE’ a chur ar fhormhór na ndoiciméad ullmhúcháin i nósanna imeachta reachtúla leanúnacha agus srian díréireach ar cheart na saoránach ar an rochtain is leithne is féidir ar dhoiciméid reachtacha[8]; de bhrí go léirítear, in éagmais gealltanas ón gComhairle an trédhearcacht a áirithiú, easpa cuntasachta ina ról mar chomhreachtóir an Aontais;
F. de bhrí gurbh iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid (24.6 %), cultúr seirbhíse (19.8 %) agus úsáid chuí lánrogha (16.1 %) na príomhchúiseanna imní sna fiosrúcháin a thug an tOmbudsman chun críche in 2018; de bhrí gur áiríodh ar na hábhair imní eile urraim do chearta nós imeachta amhail an ceart chun éisteacht a fháil, urraim do chearta bunúsacha, saincheisteanna eitice, rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht an Aontais, lena n-áirítear nósanna imeachta um shárú, bainistíocht fhónta airgeadais thairiscintí, dheontais agus chonarthaí an Aontais, agus saincheisteanna a bhaineann le hearcaíocht agus dea-bhainistiú pearsanra an Aontais;
G. de bhrí gur sheol an tOmbudsman in 2018 suíomh gréasáin nua ina bhfuil comhéadan athbhreithnithe soláimhsithe do ghearánaigh ionchasacha; de bhrí, maidir le nós imeachta ‘mear’ an Ombudsman chun déileáil le gearáin faoi rochtain phoiblí ar dhoiciméid, go léirítear leis tiomantas an Ombudsman cúnamh a chur ar fáil agus cinntí a ghlacadh go tapa dóibh siúd atá ag lorg cúnaimh;
H. de bhrí gur cinneadh i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE ón Ombudsman gurb ionann agus drochriarachán easpa trédhearcachta na Comhairle maidir le rochtain phoiblí ar a doiciméid reachtaíochta agus a cleachtais reatha ina próiseas cinnteoireachta, go háirithe le linn na céime ullmhúcháin i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, lena n-áirítear a coistí, a meithleacha agus Coiste na mBuanionadaithe (Coreper); de bhrí, tar éis drogall ón gComhairle a cuid moltaí a chur chun feidhme, gur chuir an tOmbudsman Tuarascáil Speisialta OI/2/2017/TE ar thrédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle faoi bhráid na Parlaiminte an 16 Bealtaine 2018; de bhrí gur fhormhuinigh an Pharlaimint moltaí an Ombudsman ina rún an 17 Eanáir 2019 maidir le hiniúchadh straitéiseach an Ombudsman;
I. de bhrí, i gcás 1302/2017/MH maidir leis an láimhseáil a rinne an Coimisiún ar iarraidh ar rochtain phoiblí ar thuairimí a Sheirbhíse Dlí maidir leis an gClár Trédhearcachta, gur chinn an tOmbudsman gurbh ionann agus drochriarachán diúltú leanúnach an Choimisiúin rochtain níos leithne a thabhairt ar na doiciméid toisc gur mhainnigh an Coimisiún a bheith chomh hoscailte agus chomh fírinneach agus ab fhéidir maidir leis an mbeart sin a bhí dírithe ar chur chun cinn na trédhearcachta mar mhodh chun dlisteanacht agus cuntasacht níos fearr ar pháirt an Aontais a bhaint amach;
An trédhearcacht ó dhearcadh níos leithne
1. tiomanta go diongbháilte ina hiarracht na saoránaigh a thabhairt níos gaire don phróiseas cinnteoireachta; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil trédhearcacht agus cuntasacht ríthábhachtach chun muinín na saoránach i ngníomhaíochtaí polaitiúla, reachtacha agus riaracháin an Aontais a choinneáil; á chur i bhfáth go n-aithnítear in Airteagal 10(3) de CAE go bhfuil an daonlathas rannpháirteach ar cheann de phríomhphrionsabail dhaonlathacha an Aontais, agus go dtugtar chun suntais dá réir sin nach mór cinntí a dhéanamh chomh gar agus is féidir do na saoránaigh; á mheabhrú go bhfuil cinnteoireacht atá lándaonlathach agus an-trédhearcach fíor-riachtanach chun muinín na saoránach as institiúidí an Aontais a mhéadú; ag cur béim ar a riachtanaí atá sé go rachadh institiúidí uile an Aontais ar aghaidh le leibhéal trédhearcachta den sórt céanna;
2. ag tabhairt dá haire le sásamh ainmniúchán Coimisinéara a bheidh freagrach as an trédhearcacht agus é ina aidhm aige nó aici breis trédhearcachta a thabhairt isteach sa phróiseas reachtach sna hinstitiúidí Eorpacha;
3. á mheabhrú di go ndéanann an Pharlaimint ionadaíocht ar leasanna na saoránach Eorpach ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus é mar aidhm leis sin iad a choinneáil ar an eolas go hiomlán, mar atá deimhnithe ag an Ombudsman, agus ag tabhairt dá haire an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún chun a chaighdeáin trédhearcachta a fheabhsú; ag cur in iúl gur cúis mhór imní di nach bhfuil caighdeáin inchomparáide curtha chun feidhme fós ag an gComhairle in ainneoin é sin a bheith iarrtha agus molta ag an bParlaimint agus ag an Ombudsman agus nach bhfuil próiseas cinnteoireachta na Comhairle trédhearcach ná baol air; á iarraidh ar an gComhairle rialuithe ábhartha CBAE a chur chun feidhme sa chleachtas agus gan dul timpeall orthu; ag cur in iúl gur mór aici na dea-chleachtais atá ag Uachtaránachtaí áirithe ar an gComhairle agus ag roinnt Ballstát maidir le doiciméid de chuid na Comhairle, lena n-áirítear tograí ó Uachtaránacht na Comhairle, a fhoilsiú;
4. á chur in iúl gur oth léi cleachtas athfhillteach an Choimisiúin gan ach méid an-teoranta faisnéise a chur ar fáil don Pharlaimint go minic maidir le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais; á iarraidh ar na hinstitiúidí prionsabal an chomhair dhílis a urramú agus an fhaisnéis sin a fhoilsiú go réamhghníomhach; á chur in iúl gur oth léi gur dhiúltaigh an Coimisiún staidreamh a fhoilsiú lena léirítear éifeachtacht bheartais an Aontais, agus bac á chur dá réir ar aon ghrinnscrúdú poiblí ar bheartais a bhfuil tionchar suntasach acu ar chearta bunúsacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos réamhghníomhaí ó thaobh an staidreamh sin a fhoilsiú d’fhonn a chruthú go bhfuil beartais riachtanach agus comhréireach chun a gcuspóir a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith trédhearcach maidir le conarthaí le tríú páirtithe; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith níos réamhghníomhaí ó thaobh an oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú faoi na próisis tairisceana i gcomparáid lena chleachtais reatha;
5. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta arna nglacadh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht na gcinntí a dhéantar i nósanna imeachta um shárú; á iarraidh, go háirithe, go ndéanfaí na doiciméid a chuireann an Coimisiún chuig na Ballstáit i dtaca leis na nósanna imeachta sin, agus na freagraí gaolmhara, a chur ar fáil don phobal;
6. á chur i bhfáth go bhfuil comhaontuithe idirnáisiúnta ceangailteach ó thaobh dlí de agus go mbíonn tionchar acu ar reachtaíocht an Aontais, agus á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh an chaibidlíocht trédhearcach le linn an phróisis ar fad; á mheabhrú nach mór, de réir Airteagal 218 CFAE, an Pharlaimint a chur ar an eolas go hiomlán agus láithreach ag gach céim le linn na caibidlíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí agus comhlíonadh iomlán Airteagal 218 CFAE a áirithiú;
7. á chur in iúl gur oth léi go n-éilíonn an Coimisiún agus an Chomhairle cruinnithe a thionól i seomra iata gan bonn cirt cuí; a mheas gur cheart meastóireacht cheart a dhéanamh ar iarrataí ar chruinnithe i seomra iata; á iarraidh go mbeadh critéir shoiléire agus rialacha soiléire ann lena rialaítear iarrataí ar sheisiúin i seomra iata in institiúidí an Aontais;
8. á chur i bhfios go bhfuil an trédhearcacht sa reachtóireacht buntábhachtach do shaoránaigh agus gur bealach tábhachtach é chun a rannpháirtíocht ghníomhach sa phróiseas reachtóireachta a áirithiú; ag cur in iúl gur geal léir Comhaontú Idirinstitiúideach (IIA) 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, agus an gealltanas ann ó na trí institiúid chun trédhearcacht na nósanna imeachta reachtacha a áirithiú ar bhonn reachtaíocht agus cásdlí ábhartha, lena n-áirítear caibidlíochtaí tríthaobhacha a láimhseáil go hiomchuí;
9. ag tathant ar na hinstitiúidí leanúint den phlé maidir le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo bunachar sonraí comhpháirteach tiomnaithe soláimhsithe a bhunú maidir le staid reatha na gcomhad reachtach (Bunachar Comhpháirteach Sonraí Reachtaíochta) mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr chun trédhearcacht níos fearr a áirithiú;
10. á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a seoladh cheana féin lena dtugtar aghaidh ar éilimh phoiblí ar bhreis trédhearcachta, amhail Clár Idirinstitiúideach na nGníomhartha Tarmligthe a seoladh i mí na Nollag 2017 mar uirlis chomhpháirteach de chuid na Parlaiminte, an Choimisiúin agus na Comhairle lena dtugtar rochtain ar shaolré iomlán na ngníomhartha tarmligthe;
11. á chur i bhfios gur cheart trédhearcacht na nósanna imeachta coiste agus inrochtaineacht chlár na coisteolaíochta a mhéadú tuilleadh agus gur cheart athruithe a chur ar a inneachar d’fhonn tuilleadh trédhearcachta maidir leis an bpróiseas cinnteoireachta a áirithiú; á chur i bhfios go láidir gur cheart gur chuid riachtanach den phróiseas sin feabhas a chur ar fheidhmeanna cuardaigh an chláir ionas gur féidir cuardaigh a dhéanamh de réir réimse beartais;
12. á chur in iúl gur geal léi an Cód Iompair nua do chomhaltaí an Choimisiún a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra 2018, agus lena méadaítear an trédhearcacht go háirithe i dtaca leis na cruinnithe a reáchtáiltear idir na Coimisinéirí agus ionadaithe leasa, mar aon leis na costais a bhaineann le taisteal gnó Coimisinéirí aonair; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cód iompair fós glactha ag an gComhairle dá comhaltaí agus ag tathant ar an gComhairle cód den sórt sin a ghlacadh gan a thuilleadh moille; á áitiú go gcaithfidh an Chomhairle a bheith chomh cuntasach agus chomh trédhearcach leis na hinstitiúidí eile;
13. á mheabhrú di a Rialacha Nós Imeachta athbhreithnithe, ar iarradh ar na Feisirí dá réir, an cleachtas córasach a ghlacadh nach mbuailfidh siad ach le hionadaithe leasa atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta; á mheabhrú di freisin gur iarradh ar Fheisirí na cruinnithe uile atá sceidealaithe le hionadaithe leasa a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne, agus go bhfuil rapóirtéirí, scáth-rapóirtéirí agus cathaoirligh coistí faoi oibleagáid, do gach tuarascáil, na cruinnithe uile atá sceidealaithe le hionadaithe leasa a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta a fhoilsiú ar líne; á chur i bhfios sa chomhthéacs sin, áfach, go bhfuil sé de shaoirse ag ionadaithe tofa bualadh le haon duine a mheasann siad a bheith ábhartha agus tábhachtach dá gcuid oibre polaitiúla, gan srianta;
14. á mheas nach bealach soláimhsithe an bealach atá ann faoi láthair chun faisnéis a fháil faoi phatrúin vótála Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, trí chomhaid PDF lena gcumhdaítear na céadta vótaí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte, agus nach gcuirtear le trédhearcacht an Aontais leis; á iarraidh go mbeadh córas soláimhsithe ag baint le gach glao rolla lena bhféadfar an téacs a vótáiltear air agus torthaí na vótála a scagadh de réir grúpa agus de réir Feisire, agus dá bhrí sin gur féidir é sin a fheiceáil an tráth céanna;
15. á athdhearbhú gur iarr sí ar an gComhairle, lena n-áirítear ar a comhlachtaí ullmhúcháin, páirt a ghlacadh sa Chlár Trédhearcachta gan a thuilleadh moille;
16. á chur in iúl gur oth léi go mór gur go mall atá an chaibidlíocht ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Comhaontú Idirinstitiúideach ar Chlár Trédhearcachta éigeantach (COM(2016)0627) ag dul ar aghaidh agus nár tugadh i gcrích go fóill í, agus ag tathant ar na trí institiúid leanúint den chaibidlíocht sin go gníomhach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh trédhearcachta i ndáil leis na cruinnithe a eagraítear laistigh de na hinstitiúidí, chun ardleibhéal muiníne a choinneáil sna hinstitiúidí Eorpacha i measc na saoránach;
17. ag spreagadh freisin chomhaltaí na rialtas náisiúnta agus na bparlaimintí náisiúnta a bheith níos trédhearcaí maidir lena gcruinnithe le hionadaithe leasmhara ós rud é, agus cinntí á ndéanamh acu maidir le gnóthaí an Aontais, gur cuid de reachtas an Aontais iad sa chiall is leithne;
Rochtain ar dhoiciméid
18. á mheabhrú gur ceart bunúsach atá cumhdaithe sna Conarthaí agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha é an ceart rochtain phoiblí a fháil ar dhoiciméid de chuid na n-institiúidí agus go bhfuil dlúthbhaint aige le cineál daonlathach na n-institiúidí; á chur i bhfáth go bhfuil feidhmiú is leithne an chirt sin ag an gcéim is luaithe fíor-riachtanach, mar go n-áirithítear leis grinnscrúdú daonlathach ar obair agus ar ghníomhaíochtaí institiúidí an Aontais; á mheabhrú gur gné bhunúsach bhunaidh de dhaonlathais ionadaíocha í muinín na saoránach as na hinstitiúidí polaitiúla;
19. á mheabhrú di na hiarrataí a rinne sí i rúin uaithi roimhe seo maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna an Coimisiún ná an Chomhairle aon obair iardain chuí i dtaobh roinnt tograí a rinne an Pharlaimint;
20. á chur i bhfios nach mór don trédhearcacht agus don lánrochtain ar dhoiciméid atá i seilbh na n-institiúidí a bheith i réim mar riail, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, agus gurb amhlaidh, mar a foráladh cheana sna fasaigh atá leagtha síos go leanúnach ag CBAE, nach mór eisceachtaí ar an riail sin a léirmhíniú go docht, agus an leas sáraitheach poiblí i ndáil le nochtadh á chur san áireamh;
21. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé gan ró-aicmiú a dhéanamh ar dhoiciméid a d’fhéadfadh a bheith chun aimhleas an ghrinnscrúdaithe phoiblí; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn na doiciméid oifigiúla ró-aicmithe go minic; á athdhearbhú gurb é a seasamh gur cheart rialacha soiléire aonfhoirmeacha a bhunú maidir le haicmiú agus dí-aicmiú doiciméad;
22. ag tabhairt dá haire go bhfuil an líon is airde d’iarratais tosaigh a ghabhann le doiciméid shonracha os chomhair an Choimisiúin (6 912 in 2018), an Chomhairle ina dhiaidh sin (2 474 in 2018) agus ansin an Pharlaimint (498 in 2018); ag aithint ráta foriomlán na bhfreagraí deimhneacha (80% don Choimisiún, 72% don Chomhairle agus 96% don Pharlaimint in 2018 ab iad na figiúirí in 2018);
23. ag tabhairt dá haire, agus is díol spéise di, go mbíonn na príomhfhorais le diúltú bunaithe ar an riachtanas atá ann próiseas cinnteoireachta na n-institiúidí, príobháideachas agus sláine daoine aonair, agus leasanna tráchtála duine nádúrtha nó dlíthiúil aonair a chosaint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, i gcás na Parlaiminte, go raibh cosaint comhairle dlí ina foras ábhartha freisin i gcásanna go háirithe inar iarradh doiciméid ón mBiúró, agus ag an am céanna, i gcás an Choimisiúin, gur forais ábhartha iad cigireachtaí, imscrúduithe agus iniúchtaí a rith, mar aon le slándáil phoiblí, maidir le rochtain ar dhoiciméid a dhiúltú;
24. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa, i gcás C-213/15 P (an Coimisiún v Patrick Breyer), inar sheas an Chúirt le breithiúnas na Cúirte Ginearálta, á chinneadh nach féidir leis an gCoimisiún diúltú do rochtain ar aon aighneacht i scríbhinn ó Bhallstát atá ina sheilbh aige, gan d’fhoras leis ach gur doiciméad é a bhaineann le himeachtaí cúirte; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt nach mór aon chinneadh maidir le hiarratas den sórt sin ar rochtain a dhéanamh ar bhonn Rialachán 1049/2001 agus nach bhfuil na doiciméid a bhaineann le gníomhaíocht bhreithiúnach na Cúirte Breithiúnais, mar phrionsabal, lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin, i gcás ina bhfuil na doiciméid sin i seilbh institiúidí an Aontais Eorpaigh a liostaítear sa Rialachán, amhail an Coimisiún sa chás sonrach seo;
25. á mheabhrú a hiarrataí ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle ina rún an 28 Aibreán 2016 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid do na blianta 2014-2015;
26. á mheabhrú go bhfuil bac ar athbhreithniú Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó 2012 i leith, agus ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur oth léi go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra sin a aistarraingt; ag tathant ar na páirtithe rannpháirteacha uile tabhairt faoi bpróiseas an athuair agus leanúint den obair ar an athbhreithniú chun forálacha an Rialacháin a chur in oiriúint do Chonradh Liospóin agus chun a áirithiú go sínfear an raon feidhme chuig institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, agus é mar aidhm, thar aon ní eile, rochtain níos leithne agus rochtain níos fearr ar dhoiciméid an Aontais a thabhairt do shaoránaigh an Aontais;
27. á chur i bhfios, mar thoradh ar theacht i bhfeidhm CAE agus CFAE, go mbaineann an ceart rochtain a fháil ar dhoiciméid le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais, mar a luaitear in Airteagal 15(3) CFAE; á chreidiúint gur cheart Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a leasú agus a nuachóiriú chun é a chur i gcomhréir leis na Conarthaí agus chun freagairt do na forbairtí atá tagtha chun cinn sa réimse sin agus i bhfianaise chásdlí ábhartha CBAE agus ECtHR; ag tathant, dá bhrí sin, ar na trí institiúid obair chuiditheach a dhéanamh d’fhonn Rialachán athbhreithnithe a ghlacadh;
28. á chur i bhfáth gur ceanglas dlíthiúil faoi na Conarthaí é a áirithiú go bhfuil sé ar chumas saoránach dul chun cinn reachtaíochta a thuiscint, a leanúint go mion agus páirt a ghlacadh ann agus gur bunriachtanas é don ghrinnscrúdú daonlathach agus don daonlathas ina iomláine; á mheas, i gcás ina gcruthaítear doiciméid faoi chuimsiú na gcruinnithe tríthaobhacha, amhail cláir oibre, achoimrí ar thorthaí, miontuairiscí agus modhanna ginearálta cur chuige sa Chomhairle, i gcás ina bhfuil siad ar fáil agus san fhormáid ina bhfuil siad ar fáil, go mbaineann na doiciméid sin le nósanna imeachta reachtacha agus nach féidir, i bprionsabal, caitheamh leo ar bhealach atá éagsúil le doiciméid reachtacha eile;
29. ag cur béim ar thábhacht na trédhearcacht agus na rochtana poiblí ar dhoiciméid; á chur i bhfáth go bhfuil ardleibhéal trédhearcachta sa phróiseas cinnteoireachta riachtanach i dtaobh saoránaigh, na meáin, an tsochaí shibhialta agus geallsealbhóirí eile a chumasú chun na hoifigigh agus na rialtais atá tofa acu a thabhairt chun cuntais; ag aithint an róil thábhachtaigh atá ag an Ombudsman i dtaobh idirchaidreamh a dhéanamh agus gníomhú mar idirghabhálaí idir institiúidí agus saoránaigh an Aontais Eorpaigh, agus á thabhairt chun suntais obair an Ombudsman maidir le próiseas reachtach AE a dheanamh níos cuntasaí don phobal;
30. á mheabhrú gur chóir, dar leis an Ombudsman, do na srianta ar rochtain ar dhoiciméid, ar dhoiciméid reachtúla go háirithe, a bheith eisceachtúil agus teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach; á chur in iúl gur geal léi nós imeachta mear an Ombudsman maidir le rochtain ar dhoiciméid, ach gur oth léi nach bhfuil a cuid moltaí ceangailteach ó thaobh dlí;
31. á chur i bhfios nach mór d’aon chinneadh lena ndiúltaítear rochtain phoiblí ar dhoiciméid a bheith bunaithe ar dhíolúintí dlíthiúla atá sainithe go soiléir agus go docht, agus údar réasúnaithe agus sonrach ag gabháil leis, lena gcuirtear ar chumas na saoránach diúltú rochtana a thuiscint agus úsáid éifeachtach a bhaint as na réitigh dhlíthiúla atá ar fáil; ag tabhairt dá haire le teann imní nach bhfuil aon bhealach dlíthiúil ann faoi láthair chun agóid a dhéanamh i gcoinne diúltú iarrata ar rochtain ar dhoiciméid ach caingean dlí a thionscnamh in CBAE, lena mbaineann próisis fhada, an baol go mbeidh costais arda agus toradh neamhchinnte ann, agus lena gcuirtear ualach míréasúnta ar shaoránaigh a dhéanann agóid i gcoinne cinntí, agus déanamh agóidí acu á dhíspreagadh dá réir;
32. á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais nósanna imeachta a ghlacadh a bheidh níos gasta, nach mbeidh chomh hanásta agus a bheidh níos inrochtana chun gearáin a láimhseáil i gcoinne diúltuithe rochtain a thabhairt; á mheas go gcabhródh cur chuige níos réamhghníomhaí le trédhearcacht éifeachtach a áirithiú, chomh maith le cosc a chur ar dhíospóidí dlíthiúla nach bhfuil gá leo a bhféadfadh costais agus ualaí gan ghá a bheith mar thoradh orthu do na saoránaigh agus do na hinstitiúidí araon; á mheas nár cheart cosc a chur ar shaoránaigh agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí de cheal acmhainne; á mheabhrú go bhféadfaí iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlíthiúil mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha; á iarraidh ar institiúidí an Aontais staonadh ó iarraidh ar an bpáirtí freasúrach costais na gcásanna cúirte a sheasamh;
33. á mheabhrú di, sa chomhthéacs seo, cinntí an Ombudsman dar dáta an 19 Nollaig 2017, i gcás 682/2014/JF gurb ionann agus drochriarachán ceanglas an Choimisiúin go gcaithfidh na daoine uile a iarrann rochtain phoiblí ar dhoiciméid a seoladh poist a chur ar fáil le haghaidh a chuid socruithe chun ábhar páipéir a sheoladh sa phost, agus é á thabhairt chun suntais gurb ionann agus dímheas ar chearta bunúsacha na saoránach go n-éilítear iarrataí agus foirmiúlachtaí nós imeachta athnuaite, agus gan gá ná cuspóir úsáideach follasach ar bith leo;
34. á chur in iúl gur oth go mór léi nach ndéanann an Chomhairle formhór na ndoiciméad a bhaineann le comhaid reachtacha a fhoilsiú go réamhghníomhach, agus cosc á chur dá réir ar shaoránaigh a bheith ar an eolas faoi na doiciméid atá ann iarbhír agus, dá bhrí sin, bac á chur ar a gceart rochtain ar dhoiciméid a iarraidh; á chur in iúl gur oth léi gur i gclár atá neamhiomlán agus nach bhfuil soláimhsithe a dhéanann an Chomhairle an fhaisnéis atá ar fáil maidir le doiciméid reachtacha a chur i láthair; á iarraidh ar an gComhairle na doiciméid a bhaineann le comhaid reachtacha a liostú i gclár poiblí soláimhsithe, agus ar an gcaoi sin léiriú iomlán a thabhairt ar leas an phobail sa trédhearcacht agus iniúchadh dlisteanach ní hamháin ag na saoránaigh ach ag na parlaimintí náisiúnta freisin a thabhairt san áireamh;
35. ag tathant ar an gComhairle a modhanna oibre a ailíniú le caighdeáin an daonlathais pharlaimintigh agus rannpháirtíochta mar a cheanglaítear faoi na Conarthaí, agus á athdhearbhú nach mór don Chomhairle a bheith chomh cuntasach agus chomh trédhearcach leis na hinstitiúidí eile;
36. ag formhuiniú go hiomlán na moltaí a chuir an tOmbudsman Eorpach faoi bhráid na Comhairle tar éis an fhiosrúcháin straitéisigh, eadhon: a) taifead sistéamach a dhéanamh ar na seasaimh a chuir na Ballstáit in iúl i bpléití le comhlachtaí ullmhúcháin, b) critéir shoiléire a bheadh ar fáil go poiblí a fhorbairt maidir leis an gcaoi a n-ainmníonn sí doiciméid mar dhoiciméid ‘LIMITE’, agus c) athbhreithniú sistéamach a dhéanamh ar stádas ‘LIMITE’ doiciméad sula nglactar píosa áirithe reachtaíochta go críochnaitheach agus gur cheart an t-athbhreithniú sin a dhéanamh roimh an gcaibidlíocht neamhfhoirmiúil sna cruinnithe tríthaobhacha, tráth a bhíonn an Chomhairle tagtha ar sheasamh tosaigh cheana féin; ag tathant ar an gComhairle na bearta go léir is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman a chur chun feidhme chomh tapa agus is féidir chun trédhearcacht na bpléití reachtacha ina cuid comhlachtaí ullmhúcháin a áirithiú;
37. á mheas, maidir leis an gcleachtas forleathan treallach atá ag an gComhairle faoi láthair an marc ‘LIMITE’ a chur ar fhormhór na ndoiciméad ullmhúcháin i nósanna imeachta reachtacha leanúnacha, gurb ionann an cleachtas sin agus srian ar cheart na saoránach ar an rochtain is leithne is féidir ar dhoiciméid reachtacha;
38. ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach ar líon na n-iarratas ar rochtain phoiblí ar na doiciméid ilcholúin arna bplé sna cruinnithe tríthaobhacha tar éis breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta i gcás De Capitani[9], agus ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, ón mbreithiúnas sin, gur nocht an Pharlaimint na doiciméid ilcholúin ar fad a raibh rochtain iarrtha orthu faoi Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001; á chur in iúl gur geal léi é sin toisc go dtugtar breis dlisteanachta do na hinstitiúidí i súile shaoránaigh an Aontais de thoradh oscailteacht an phróisis reachtaigh; ag leagan béim ar an bhfíoras gurb é an ceanglas ginearálta maidir le rochtain a thabhairt ar dhoiciméid an uirlis is oiriúnaí d’institiúidí uile an Aontais chun gur féidir leo freagra a thabhairt ar an méadú ollmhór ar iarrataí ar dhoiciméid;
39. á chur i bhfios go láidir go luaitear sa rialú ón gCúirt i gcás De Capitani i mí an Mhárta 2018, nár tháinig dearcaí na n-institiúidí a léirítear sna doiciméid ‘ceithre cholún’ faoi thoimde ghinearálta neamhnochta; ag tabhairt dá haire nach mbreithnítear gur foras leordhóthanach é nádúr íogair an ábhair fhéin a léirítear sna doiciméid thríthaobhacha chun rochtain don phobal a dhiúltú;
40. á mheabhrú go mbaineann conclúidí na Cúirte Ginearálta le hinstitiúidí uile an Aontais agus gur chinn an Chúirt go soiléir gurb amhlaidh, i gcás ina bhfuil doiciméad a thionscnaítear in institiúid de chuid an Aontais á chumhdach le heisceacht ar cheart na rochtana poiblí, nach mór don institiúid measúnú agus míniú soiléir a thabhairt ar an bhfáth a bhféadfadh rochtain ar an doiciméad sin an bonn a bhaint go sonrach agus go héifeachtach den leas atá á chosaint ag an eisceacht, go háirithe an fáth go ndéanfadh lánrochtain ar na doiciméid atá i dtrácht an bonn a bhaint, go sonrach agus go hiarbhír, den phróiseas cinnteoireachta, agus dá bhrí sin gur gá gur riosca réasúnta intuartha é agus nach riosca hipitéiseach amháin é; ag cur i bhfios go láidir nach mór bonn cirt iomlán, i ngach cás sonrach, a bheith faoi aon diúltú rochtain a thabhairt ar dhoiciméid;
41. á chur in iúl gur geal léi go soiléiríonn cás ClientEarth v an Coimisiún raon feidhme an choincheapa ‘doiciméid reachtacha’ agus gur chinn CBAE gur cheart a mheas gurb ionann doiciméid arna dtarraingt suas i gcomhthéacs measúnú tionchair agus doiciméid reachtacha agus dá bhrí sin nach féidir iad a chosaint faoi thoimhde ghinearálta i gcoinne nochtadh poiblí;
42. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil teorainn leis an rochtain ar chomhairle ó Sheirbhísí Dlí na Comhairle, an Choimisiúin agus na Parlaiminte faoi seach, agus gur minic nach mbíonn comhairle ó Sheirbhís Dlí na Parlaiminte ar fáil do chomhaltaí coistí eile fiú; á iarraidh ar na hinstitiúidí an trédhearcacht a áirithiú;
43. á chur in iúl gur geal léi na himscrúduithe a sheol an tOmbudsman Eorpach ar mhíchleachtais ghníomhaireacht FRONTEX maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid; ag tathant ar an ngníomhaireacht a hoibleagáidí dlíthiúla agus morálta a chomhlíonadh trí rochtain a dheonú agus na doiciméid atá ar fáil di a fhoilsiú;
44. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na sceithirí ó thaobh cásanna drochriaracháin a nochtadh, agus ag tacú le bearta chun cosaint sceithirí ar fhrithbheart a fheabhsú; á iarraidh ar na hinstitiúidí meastóireacht a dhéanamh ar a socruithe inmheánacha maidir le héagóir a thuairisciú agus, i gcás inar gá sin, athbhreithniú a dhéanamh orthu;
Conclúidí
45. á chur i bhfáth gur cheart don ghá atá le trédhearcacht a bheith chothromaithe go cúramach leis an ngá atá le cosaint sonraí pearsanta agus a bheith in ann cinntí a dhéanamh le rúndacht áirithe nuair is gá;
46. á iarraidh ar na hinstitiúidí, na comhlachtaí, na hoifigí agus na gníomhaireachtaí uile cur chuige comhchoiteann a fhorbairt maidir le rochtain ar dhoiciméid, lena n-áirítear an nós imeachta maidir le hábhair do na cruinnithe tríthaobhacha, agus modhanna agus bearta nua a fhiosrú agus a fhorbairt i gcónaí chun an trédhearcacht is fearr a bhaint amach;
47. á iarraidh ar na hinstitiúidí trédhearcacht na nósanna imeachta reachtacha a áirithiú ar bhonn na reachtaíochta ábhartha agus an chásdlí ábhartha agus ar bhonn mholtaí an Ombudsman;
48. á iarraidh ar na hinstitiúidí uile feabhas a chur ar an gcumarsáid ó thús deireadh an timthrialla reachtaigh agus níos mó dá ndoiciméid a bhaineann leis an nós imeachta reachtach a scaipeadh go réamhghníomhach ar an mbealach is simplí, is soláimhsithe agus is inrochtana is féidir, trína suíomhanna gréasáin poiblí agus gach modh cumarsáide eile; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh trédhearcachta i ndáil leis an gcinnteoireacht laistigh de na nósanna imeachta um shárú; á iarraidh ar na hinstitiúidí dlús a chur lena n-iarrachtaí bunachar sonraí comhpháirteach tiomnaithe soláimhsithe a bhunú maidir le staid reatha na gcomhad reachtach a bhfuil obair fós ar siúl ina leith, mar a comhaontaíodh sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, lena n-éascófar trédhearcacht sna céimeanna éagsúla den phróiseas reachtach agus lena gcuirfear tuiscint níos soiléire ar fáil do na saoránaigh ar nósanna imeachta reachtacha an Aontais;
49. á mheabhrú nach mór éagsúlacht shaibhir teanga an Aontais a urramú, i gcomhréir le hAirteagal 3 CAE agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha; á iarraidh go ndéanfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh gach iarracht rochtain a thabhairt ar dhoiciméid i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh;
50. ag cur béim ar an bhfíoras go mbraitheann sochaithe oscailte daonlathacha ar chumas na saoránach rochtain a fháil ar raon foinsí faisnéise infhíoraithe ionas gur féidir leo dearcadh a bheith acu ar shaincheisteanna éagsúla; á chur i bhfios go gcuirtear feabhas ar an gcuntasacht sa chinnteoireacht de thoradh rochtain a bheith ar fhaisnéis agus go bhfuil sí bunriachtanach le haghaidh fheidhmiú na sochaithe daonlathacha;
°
° °
51. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig an Ombudsman, chuig comhlachtaí, oifigí, Gníomhaireachtaí eile an Aontais agus de chuid Comhairle na hEorpa.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA (2.9.2020)
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
ar Rochtain Phoiblí ar Dhoiciméid (Riail 122(7)) – Tuarascáil bhliantúil do na blianta 2016-2018
Rapóirtéir don tuairim: Loránt Vincze
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á chur i bhfáth go bhfuil sé d’oibleagáid ar institiúidí AE Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chur chun feidhme agus ionstraim dhlíthiúil a ghlacadh maidir le rochtain ar dhoiciméid i gcomhréir leis na prionsabail dhaonlathacha atá sonraithe in Airteagal 10(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus le cearta shaoránaigh AE a chumhdaítear in Airteagal 41 agus 42 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á chreidiúint go bhféadfadh córas dlí nuashonraithe forbairtí teicneolaíochta agus taithí a chur san áireamh le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 agus dlí-eolaíocht ábhartha; á thabhairt chun suntais go ndéantar, le hAirteagal 15(3) CFAE, foráil maidir le raon feidhme feabhsaithe d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus go gceanglaítear leis sin go mbeidh a gcuid imeachtaí trédhearcach; á chreidiúint go bhfuil gá le rialacha soiléire chun iarrataí a dheonú chun seisiún a thionól in institiúidí an Aontais i seomra iata;
2 á mheabhrú go bhfuil muinín na saoránach as an Aontas ag brath ar thrédhearcacht; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rochtain phoiblí ar dhoiciméid ríthábhachtach chun grinnscrúdú poiblí a dhéanamh ar ghníomhaíocht AE; á chur i bhfios, dá bhrí sin, nach mór gur mar riail, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, a bheidh an trédhearcacht agus an rochtain is leithne is féidir ar dhoiciméid atá i seilbh na n-institiúidí; á chreidiúint, thairis sin, mar atá leagtha síos cheana i gcásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach mór eisceachtaí ón riail sin a léirmhíniú go docht, agus ceanglais an daonlathais á gcur san áireamh, lena n-áirítear rannpháirtíocht níos dlúithe na saoránach sa phróiseas cinnteoireachta, dlisteanacht an rialachais, éifeachtúlacht, agus cuntasacht do na saoránaigh; á iarraidh ar institiúidí AE freagra a thabhairt go pras ar iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil sé fós deacair do shaoránaigh rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh institiúidí AE mar gheall ar easpa cur chuige idirinstitiúideach éifeachtach; ag tathant ar na hinstitiúidí, ar na comhlachtaí agus ar na gníomhaireachtaí nósanna imeachta a ghlacadh a bheidh níos gasta, nach mbeidh chomh hanásta agus a bheidh níos inrochtana chun gearáin a láimhseáil i gcoinne diúltuithe rochtain a thabhairt; á mheas i gcásanna a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid, nár cheart d’institiúidí AE a cheangal ar an bpáirtí freasúrach costais cásanna cúirte a sheasamh;
3. á mheabhrú go bhfuil tosaíocht ag na comhaontuithe idirnáisiúnta, atá mar chuid de dhlíchóras AE, ar reachtaíocht AE, agus mar sin á áitiú go bhfuil gá le trédhearcacht mhéadaithe sa phróiseas chun iad a chaibidliú;
4. á mheabhrú i gcomhréir le hAirteagal 15(1) CFAE, chun an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, nach mór d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre a sheoladh ar an dóigh is oscailte agus is féidir; á chur i bhfios go láidir go dtugtar, le hAirteagal 10(3) CAE, an ceart do shaoránaigh AE páirt a ghlacadh i saol daonlathach an Aontais agus ag sonrú go gcaithfear cinntí a dhéanamh ar an dóigh is oscailte agus is féidir agus chomh dlúth agus is féidir leis an saoránach; á áitiú go gcaithfidh na hinstitiúidí uile na prionsabail sin a chur chun feidhme, ag áirithiú go leanfaidh an córas polaitiúil daonlathach de bheith cuntasach agus dlisteanach; á chur i bhfáth go bhfuil an Chomhairle, mar dhlúthchuid de reachtas AE, faoi cheangal ag na hoibleagáidí céanna trédhearcachta agus atá institiúidí eile an Aontais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, agus rialuithe CBAE maidir le trédhearcacht a chur chun feidhme ina n-iomláine i mbrí agus i meon, go háirithe cás Access Info Europe;
5. á mheabhrú di a rún an 17 Eanáir 2019 maidir le fiosrúchán straitéiseach an Ombudsman OI/2/2017 ar thrédhearcacht na bpléití reachtaíochta i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle AE[10], agus ag tathant ar an gComhairle feabhas a chur ar a rialacha agus a nósanna imeachta maidir le trédhearcacht reachtach, lena n-áirítear rochtain agus aicmiú ar dhoiciméid reachtacha, rud a léiríonn go hiomlán leas an phobail i dtrédhearcacht, agus iniúchadh dlisteanach a cheadú ní hamháin ag saoránaigh, ach ag parlaimintí náisiúnta freisin; á mheabhrú di gur cheart don Chomhairle rochtain a sholáthar ar dhoiciméid a bhaineann le nósanna imeachta reachtacha leanúnacha, céannacht na mBallstát a thaifeadadh go córasach nuair a chuireann siad a seasaimh in iúl i gcomhlachtaí ullmhúcháin na Comhairle, agus a fhoráil do chóras réamhghníomhach foilsithe dá cuid doiciméad i bhformáid atá soláimhsithe agus inchuardaithe;
6. á chur i bhfios go láidir gur ceanglas riachtanach é ardleibhéal trédhearcachta sa phróiseas reachtach chun cinnteoirí a choimeád cuntasach in institiúidí uile AE; á iarraidh ar reachtóirí uile AE breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Márta 2018 maidir le rochtain ar dhoiciméid na gcruinnithe tríthaobhacha a chomhlíonadh go hiomlán a luaithe is féidir (cás T-540/15, cás De Capitani), agus ar an gcaoi sin cultúr na trédhearcachta agus na hoscailteachta a neartú tuilleadh in obair reachtach AE; á mheabhrú, mar sin féin, cineál straitéiseach na ndoiciméad sin atá mar bhunús do sheasaimh chaibidlíochta nach léiríonn na téacsanna deiridh arna gcomhaontú ag na comhreachtóirí ina dhiaidh sin, agus a bhféadfadh páirtithe seachtracha mí-úsáid a bhaint as a bhfoilsiú roimh an gcruinniú trípháirteach;
7. ag tathant ar institiúidí an Aontais Eorpaigh a dtiomantas a chur chun feidhme gan mhoill sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr chun bunachar sonraí idirinstitiúideach amháin de dhoiciméid reachtacha a chruthú a mbeidh rochtain éasca air, lena gceadaítear trédhearcacht sna céimeanna éagsúla sa phróiseas reachtach, agus lena gcuirtear tuiscint níos soiléire ar nósanna imeachta reachtacha an Aontais ar fáil do shaoránaigh an Aontais;
8. ag tathant ar na hinstitiúidí an chaibidlíocht maidir leis an togra le haghaidh Clár Trédhearcachta éigeantach a thabhairt chun críche a luaithe is féidir, ionas go mbeidh a gcuid oibre chomh trédhearcach agus is féidir ar mhaithe leis an bpróiseas daonlathach;
9. ag cur in iúl gur geal léi é gur chruthaigh Uuachtarán an Choimisiúin post an Leas-Uachtaráin le freagracht shainráite as trédhearcacht; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin um Luachanna agus um Thrédhearcacht staonadh ó ghníomhú ar an rún atá aige a thogra maidir le hathbhreithniú ar Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a tharraingt siar, agus ina ionad sin gach iarracht a dhéanamh chun teacht ar chomhaontú go tapa ina leith, lena bhféadfar Airteagal 15(3) CFAE a chur chun feidhme a bhfuiltear ag feitheamh air le fada an lá;
10. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Rialachán (AE) 2019/788, maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, lena gcuirfear chun cinn rannpháirtíocht fheabhsaithe shaoránaigh AE sa saol daonlathach, agus lena gceanglaítear ar an gCoimisiún na caighdeáin is airde trédhearcachta a chur i bhfeidhm maidir leis na gníomhaíochtaí chun iarrataí a chur chun feidhme i dtionscnaimh rathúla (i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus Airteagal 15(3) den Rialachán);
11. á mheabhrú nach mór éagsúlacht shaibhir teanga an Aontais a urramú, i gcomhréir le hAirteagal 3 CAE agus leis an gCairt um Chearta Bunúsacha; á iarraidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh gach iarracht a dhéanamh chun rochtain a chur ar fáil ar dhoiciméid i dteangacha oifigiúla uile an Aontais Eorpaigh.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
1.9.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
26 0 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Gerolf Annemans, Gabriele Bischoff, Damian Boeselager, Geert Bourgeois, Fabio Massimo Castaldo, Włodzimierz Cimoszewicz, Gwendoline Delbos-Corfield, Daniel Freund, Charles Goerens, Esteban González Pons, Brice Hortefeux, Laura Huhtasaari, Giuliano Pisapia, Paulo Rangel, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Jacek Saryusz-Wolski, Helmut Scholz, Pedro Silva Pereira, Antonio Tajani, László Trócsányi, Mihai Tudose, Loránt Vincze, Rainer Wieland |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Gilles Boyer, Cristian Ghinea, Maite Pagazaurtundúa, Nikolaj Villumsen |
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
26 |
+ |
GUE/NGL |
Helmut Scholz, Nikolaj Villumsen |
ID |
Gerolf Annemans, Laura Huhtasaari, Antonio Maria Rinaldi |
NI |
Fabio Massimo Castaldo |
PPE |
Esteban González Pons, Brice Hortefeux, Paulo Rangel, Antonio Tajani, László Trócsányi, Loránt Vincze, Rainer Wieland |
RENEW |
Gilles Boyer, Cristian Ghinea, Charles Goerens, Maite Pagazaurtundúa |
S&D |
Gabriele Bischoff, Włodzimierz Cimoszewicz, Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira, Mihai Tudose |
|
Damian Boeselager, Gwendoline Delbos Corfield, Daniel Freund |
0 |
- |
|
|
2 |
0 |
ECR |
Geert Bourgeois, Jacek Saryusz Wolski |
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
12.1.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
60 4 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Malik Azmani, Katarina Barley, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Lívia Járóka, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Nathalie Loiseau, Sira Rego, Miguel Urbán Crespo, Hilde Vautmans, Petar Vitanov |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH
60 |
+ |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Lívia Járóka, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Tomas Tobé, Javier Zarzalejos |
S&D |
Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Birgit Sippel, Petar Vitanov, Bettina Vollath, Elena Yoncheva |
RENEW |
Malik Azmani, Sophia In 'T Veld, Fabienne Keller, Nathalie Loiseau, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache, Hilde Vautmans |
ID |
Peter Kofod, Annalisa Tardino |
NA GLASAIGH/SCE |
Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Terry Reintke, Tineke Strik |
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Assita Kanko, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska |
AN CHLÉ |
Clare Daly, Cornelia Ernst, Sira Rego, Miguel Urbán Crespo |
NI |
Laura Ferrara, Martin Sonneborn |
4 |
- |
ID |
Nicolas Bay, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Marcel De Graaff |
0 |
0 |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.
- [2] IO C 378, 9.11.2017, lch. 27.
- [3] IO C 66, 21.2.2018, lch. 23.
- [4] IO C 337, 20.9.2018, lch. 120.
- [5]IO C 411, 27.11.2020, lch. 149.
- [6] IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.
- [7] IO C 356, 4.10.2018, lch. 77.
- [8] https://www.ombudsman.europa.eu/ga/recommendation/en/89518
- [9] Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 22 Márta 2018, Emilio De Capitani v Parlaimint na hEorpa, T-540/15, ECLI:EU:T:2018:167.
- [10] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0045.