Nós Imeachta : 2020/2047(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0005/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0005/2021

Díospóireachtaí :

PV 08/02/2021 - 21
CRE 08/02/2021 - 21

Vótaí :

PV 09/02/2021 - 14
PV 10/02/2021 - 3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0042

<Date>{20/01/2021}20.1.2021</Date>
<NoDocSe>A9-0005/2021</NoDocSe>
PDF 218kWORD 68k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>ar chur chun feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar</Titre>

<DocRef>(2020/2047(INI))</DocRef>


<Commission>{LIBE}An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Erik Marquardt</Depute>

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN - ACHOIMRE AR FHÍORAIS AGUS AR THORTHAÍ
 TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN - ACHOIMRE AR FHÍORAIS AGUS AR THORTHAÍ

Dírítear sa tuarascáil seo ar chur chun feidhme nósanna imeachta teorann ag na Ballstáit. Le hAirteagal 43 de Threoir 2013/32/AE maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (an Treoir maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn – APD), bunaítear nósanna imeachta teorann ionas go bhféadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint astu mar chuid d’fheidhmiú an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn. Nuair a dhéantar iarratas ar thearmann ag an teorainn nó i gcrios idirthurais, is féidir le Ballstáit, faoi choinníollacha áirithe, an t-iarratas a scrúdú ag na suíomhanna sin.

Cuspóir na tuarascála

Is é príomhchuspóir na tuarascála a ligean don Pharlaimint cinntí fianaise-bhunaithe, eolasacha a dhéanamh sna caibidlíochtaí atá ar na bacáin maidir leis an gComhshocrú um Imirce agus Tearmann, ar caibidlíochtaí iad ina mbeidh ról ríthábhachtach ag nósanna imeachta teorann. Tá ról lárnach ag nósanna imeachta teorann sa togra maidir leis an gComhshocrú. Ní dhearna an Coimisiún aon iarracht riamh, áfach, meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear chun feidhme iad, a fháil amach an mbaintear amach a gcuspóirí, má a chinneadh cad iad na conclúidí ar cheart teacht orthu le haghaidh reachtaíocht nua.

 

Tá tuarascálacha cur chun feidhme ina bpríomhchuid de chlár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr, lena bhféachtar le beartais AE a cheapadh agus meastóireacht a dhéanamh orthu ionas go mbainfidh siad a gcuid cuspóirí amach ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí. Mar sin féin, níl tuarascáil cur chun feidhme i ndáil le APD foilsithe go dtí seo ag an gCoimisiún, rud ar sárú é ar a oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 50 APD. Ina theannta sin, in 2016, tráth a mhol an Coimisiún athchóiriú ar APD, chun rialachán a dhéanamh de, bhí measúnú tionchair in easnamh. Is amhlaidh atá maidir leis an Togra Leasaithe (COM(2020) 611 final) a foilsíodh le déanaí.

Níl sé beartaithe leis an tuarascáil seo go ngabhfadh sé ionad na tuarascála cur chun feidhme lánfheidhme ar APD ón gCoimisiún atá sé thar am ag an gCoimisiún a dhéanamh, ná go ndéanfaí measúnú ar thionchair na dtograí nua ón gCoimisiún. Ina ionad sin, tá sé mar aidhm léi léargas éigin a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit nósanna imeachta teorann chun feidhme faoi APD, agus ar cad iad na dúshláin agus ar na bearnaí cur chun feidhme atá ann. Ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas na Parlaiminte cinntí eolasacha agus fianaise-bhunaithe a dhéanamh sna caibidlíochtaí atá ar na bacáin i dtaobh an Togra maidir le Leasú ar APR.

Tá an tuarascáil bunaithe ar Mheasúnú Cur Chun Feidhme EPRS ó mhí na Samhna 2020, ina gcuirtear ar fáil anailís chomparáideach ar chur i bhfeidhm Airteagal 43 APD chomh maith le measúnú dlíthiúil ar thrasuí agus cur i bhfeidhm an Airteagail sin ag na Ballstáit. Tá an chéad dréacht-tuarascáil bunaithe ar réamhthorthaí an Mheasúnaithe sin. D’fhéadfadh an Rapóirtéir leasuithe ar an dréacht-tuarascáil a chur síos chun an tuarascáil a oiriúnú don mheasúnú cur chun feidhme deiridh.

Ní thugtar sainmhíniú beacht ar nósanna imeachta teorann

Léirítear i Measúnú Cur Chun Feidhme EPRS gur coincheap i ndlí tearmainn AE iad nósanna imeachta teorann, ar coincheap é nach dtugtar sainmhíniú beacht air. Ardaítear ábhair imní thromchúiseacha leis an méid sin maidir lena gcur i bhfeidhm, go háirithe i ndáil le cearta bunúsacha agus coimircí nós imeachta.

Is eisceacht iad nósanna imeachta teorann ar an riail a shainítear go dlíthiúil faoi APD, ar riail í faoina bhfuil sé de cheart ag iarrthóirí tearmainn fanacht ar chríoch Bhallstáit, lena n-áirítear ag an teorainn nó i gcrios idirthurais. Dá bhrí sin, déanann APD nósanna imeachta teorann a theorannú go docht do líon iomlán cásanna. Thairis sin, bhí sé beartaithe ag an reachtóir de chuid AE léirmhíniú cúng a thabhairt trína thabhairt chun solais, fad agus is féidir le hiarrthóir cúis mhaith a léiriú, nár cheart go mbainfí leas go huathoibríoch as nósanna imeachta teorann nó brostaithe (aithris 21 APD) mar gheall ar easpa doiciméad a bheith ann ar dhul isteach ná mar gheall ar úsáid doiciméad brionnaithe. Go hiarbhír, áfach, fágann APD go bhfuil an iomarca saoirse ag na Ballstáit úsáid à la carte a bhaint as nósanna imeachta teorann, agus iad ag dul go minic roinnt mhaith thar na teorainneacha atá leagtha síos le APD.

Déanann roinnt Ballstát scrúdú ar inghlacthacht iarratas ar thearmann i nósanna imeachta teorann, agus déanann roinnt Ballstát scrúdú ar shubstaint na n-iarratas sin freisin. Déanann roinnt Ballstát scrúdú ar chásanna Bhaile Átha Cliath i nósanna imeachta teorann, ach tá roinnt Ballstát eile ann nach ndéanann amhlaidh. Déanann roinnt Ballstát cosaint idirnáisiúnta a dheonú i nós imeachta teorann, agus tá Ballstáit eile ann a dheonaíonn cead isteach d’iarrthóirí nuair a aithníonn siad go bhféadfadh iarrthóir a bheith incháilithe le haghaidh cosaint idirnáisiúnta. Ina theannta sin, cuireann roinnt Ballstát nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ar bhealach i bhfad níos fairsinge ná mar a fhorordaítear le APD, agus tá roinnt Ballstát ann fiú amháin a dhéanann na hiarratais uile ar thearmann ag an teorainn a sheoladh chuig nós imeachta teorann. Thairis sin, cuireann roinnt Ballstát nósanna imeachta i bhfeidhm gan iad a cháiliú mar sin sa dlí náisiúnta.

Coinneáil mar riail i nósanna imeachta teorann

Is minic a bhunaítear nósanna imeachta teorann ar fhicsean dlíthiúil na neamhiontrála, sa chaoi go nglactar leis go leantar an nós imeachta teorann sula ndéantar cinneadh maidir leis an gceart atá ag iarrthóir dul isteach i gcríoch Bhallstáit, nó i gcomhthéacs an chinnidh sin. Tá iarmhairtí tromchúiseacha ag an méid sin d’iarrthóirí tearmainn. I ngach cás a ndéantar anailís air i Measúnú Cur Chun Feidhme EPRS, déantar coinneáil de facto ar iarrthóirí tearmainn i nósanna imeachta teorann.

Bíonn tionchar tromchúiseach ag an gcoinneáil agus ag cailleadh saoirse ar chearta bunúsacha duine. Dá bhrí sin, leagtar síos tairseacha arda maidir le hiarrthóirí tearmainn a choinneáil le dlí AE agus leis an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine. Le hAirteagal 26 APD, cuirtear toirmeasc ar iarrthóirí a choinneáil ar an gcúis aonair gur iarrthóir iad. Tá liosta iomlán d’fhorais choinneála chomh maith le coimircí do dhaoine atá á gcoinneáil i dTreoir 2013/33/AE (an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha).

Mar sin féin, i nósanna imeachta teorann, is minic a thugtar neamhaird ar na tairseacha agus na coimircí sin. De ghnáth, déanann na Ballstáit iarrthóirí tearmainn a choinneáil ar bhonn de facto, agus is minic é sin déanta gan tástáil riachtanais a dhéanamh nó gan roghanna eile ar choinneáil a chur ar fáil. I mórán cásanna, ní bhíonn rochtain ag iarrthóirí tearmainn ar na coimircí is infheidhme maidir le hiarrthóirí tearmainn a choinnítear i nósanna imeachta intíre. Déanann roinnt Ballstát iarrthóirí tearmainn a choinneáil ar bhonn de facto, bunaithe ar fhicsean na neamhiontrála, gan a aithint gur cailleadh saoirse atá i gceist. Mar thoradh air sin, ní bhíonn rochtain fiú ag iarrthóirí tearmainn a chuirtear faoi choinneáil i nós imeachta teorann den sórt sin ar ráthaíochtaí bunúsacha nós imeachta, amhail athbhreithniú breithiúnach ar a gcoinneáil. Is mór an chúis imní é sin mar is minic nach leormhaith na dálaí coinneála ag na teorainneacha. I gcás líon mór daoine a bheith ag teacht isteach, amhail ar oileáin na Gréige, is ionann na nósanna imeachta teorann agus dálaí mídhaonna.

I gcás ina ndéantar iarrthóirí tearmainn a choinneáil ag na teorainneacha ar bhonn de facto, ba cheart i gcónaí coinneáil a fhorordú leis an dlí, agus ba cheart na coimircí nós imeachta céanna a chur i bhfeidhm agus a bheadh ann d’iarrthóirí tearmainn a choinnítear i nósanna imeachta intíre. I gcás ar bith, níor cheart iarrthóirí tearmainn a choinneáil trí réamhshocrú.

Diúltú iontrála

Ní mór an deis a thabhairt do dhaoine éileamh tearmainn a dhéanamh ag an teorainn. Más rud é go léirítear gur mian le duine ag na teorainneacha seachtracha iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, ní mór do na Ballstáit an duine a chur ar an eolas gur féidir é sin a dhéanamh agus socruithe a dhéanamh le haghaidh ateangaireachta chun rochtain ar an nós imeachta tearmainn a éascú.

 

Tá go leor tuairiscí ann, áfach, maidir le cead isteach a bheith á dhiúltú do dhaoine nó iad a bheith á mbrú ar ais i gcomhthéacs nósanna imeachta teorann, gan measúnú a dhéanamh ar a riachtanais chosanta, ná a n-éilimh ar thearmann a chlárú. Is ionann é sin agus sárú tromchúiseach ar dhlí an Aontais agus ar an dlí idirnáisiúnta.

Chun cleachtais neamhdhleathacha den sórt sin a chosc agus chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta ag na teorainneacha seachtracha, ba cheart sásraí faireacháin neamhspleácha a bhunú. I gcomhréir le Treoir Ghníomhaireacht an Aontais um Chearta Bunúsacha (FRA) maidir le Rialú Teorann, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit rochtain ar shaoráidí teorann a thabhairt do chomhlachtaí faireacháin chun cosaint éifeachtach ceart bunúsach agus tuairisciú córasach ar sháruithe a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú freisin go ndéanfar imscrúdú éifeachtach ar gach líomhain agus go ngearrfar smachtbhannaí ina leith.

Measúnú ar leochaileacht

Is cúis imní é nach bhfuil sásraí leordhóthanacha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu a shainaithint chun iad a dhíolmhú ón nós imeachta teorann. Léirítear i Measúnú Cur Chun Feidhme EPRS go bhfuil sásraí cuí éifeachtacha um shainaithint leochaileachta in easnamh i ngach tír a scrúdaíodh, agus nach bhfuil aon sásra ar bith ag roinnt Ballstát. Is ar éigean a dhéantar daoine a bhfuil leochaileachtaí dofheicthe acu, amhail íospartaigh chéasta nó mí-úsáide gnéasaí, a shainaithint i nós imeachta teorann. Fágann an easpa sásraí leordhóthanacha um shainaithint gur minic a bhíonn coimircí speisialta nós imeachta agus tacaíocht leormhaith gan aon éifeacht iarmhír. Is cúis imní é sin go háirithe i gcás leanaí agus ardaíonn sé ceisteanna maidir le comhlíonadh leas an linbh mar a chumhdaítear é in Airteagal 24(2) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, ba cheart leanaí agus a dteaghlaigh a dhíolmhú go ginearálta ó nósanna imeachta teorann.

Coimircí nós imeachta agus cothroime na nósanna imeachta teorann

I Measúnú Cur Chun Feidhme EPRS, tuairiscítear fadhbanna suntasacha maidir le coimircí nós imeachta i ngach Ballstát a scrúdaíodh. Ní mór na hiarrthóirí a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoin nós imeachta tearmainn, agus ní mór rochtain éifeachtach a thabhairt dóibh ar eagraíochtaí agus ar dhaoine a thugann comhairle. Go hiarbhír, áfach, is minic nach ndéantar an méid sin. Is iomaí Ballstát a dhéanann foráil sa dlí maidir leis an gceart chun cúnamh dlíthiúil a fháil saor in aisce an chéad uair a úsáidtear nósanna imeachta teorann, cé nach bhfuil sé d’oibleagáid orthu é sin a dhéanamh. Mar sin féin, is minic a chuirtear cosc, de dheasca teorainneacha ama gearra agus de dheasca coinneála (de facto), ar rochtain éifeachtach ar chúnamh dlíthiúil. Ní féidir le hiarrthóirí tearmainn teagmháil a dhéanamh le dlíodóir mar gheall ar easpa uirlisí cumarsáide, tugtar méid neamhleor ama do dhlíodóirí chun an t-achomharc a ullmhú nó chun éisteacht a fháil lena gcliant, nó bíonn easpa iomlán dlíodóirí cáilithe ann. Is minic nach féidir le ENRanna an bhearna a líonadh mar gheall ar a rochtain ar shaoráidí ag na teorainneacha a bheith laghdaithe nó in easnamh ar fad. Is minic nach mbíonn ateangaireacht ar fáil, a bhíonn sí ar dhrochchaighdeán, nó gur deacair í a dhéanamh nuair a dhéantar ar an bhfón í. Ina theannta sin, is minic nach gcuirtear iarrthóirí ar an eolas go córasach faoin nós imeachta tearmainn agus faoina gcearta.

 

De bharr bhunchineál na nósanna imeachta teorann iad féin, is deacair lánráthaíochtaí nós imeachta a thabhairt go hiarbhír. Baintear an bonn óna n-éifeachtacht de bharr na teaglama de choinneáil (de facto) agus teorainneacha ama níos giorra i nósanna imeachta teorann. De ghnáth, socraíonn na Ballstáit spriocdhátaí an-ghearr nach faide iad ná cúpla lá don nós imeachta achomhairc freisin, rud ar sárú é ar an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil, i bhfianaise na rochtana teoranta ar chúnamh agus ar an saol lasmuigh. Is cúis mhór imní é nach ráthaítear éifeacht fionraíochta achomhairc le APD.

Maidir leis an nós imeachta mear teorann ar oileáin na Gréige, tá ábhair imní thromchúiseacha tarraingthe anuas ag FRA, ag Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, agus ag Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe i dtaobh chearta daonna na n-imirceach maidir le ráthaíochtaí cuí nós imeachta agus dúshláin i ndáil le cearta bunúsacha a bhfuil cuma beagnach dosháraithe orthu.

Saintréith de nósanna imeachta teorann is ea an aincheist dhosheachanta maidir le gan go leor ama a bheith ann le haghaidh nós imeachta cothrom agus an tréimhse ama is giorra is féidir a bheith ann i gcás iarrthóirí a bheith á gcoinneáil. Dá bhrí sin, níl siad ag rannchuidiú le cuspóirí APD. Ba cheart do na Ballstáit, dá bhrí sin, staonadh go ginearálta ó nósanna imeachta teorann a chur i bhfeidhm agus níor cheart, i gcás ar bith, go mbeadh sé d’oibleagáid orthu nósanna imeachta teorann a chur i bhfeidhm. Faoi nósanna imeachta teorann, ní féidir leis na Ballstáit nós imeachta cothrom a áirithiú, nó sáraíonn siad cearta bunúsacha iarrthóirí trína gcoinneáil ar feadh tréimhsí fada.

I gcás ina gcuirtear nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ina ainneoin sin, ba cheart iad a theorannú go docht do chásanna ar lú an chastacht a bhaineann leo, mar shampla i gcásanna inar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta don iarrthóir i (mBall)stát eile nó i gcásanna nach n-ardaítear ach saincheisteanna nach bhfuil ábhartha maidir le nós imeachta tearmainn a scrúdú.

 


 

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar chur chun feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar

(2020/2047(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (NA) in 1948, agus don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,

 ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR),

 ag féachaint do Choinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus do Phrótacal 1967 a ghabhann leis, agus go háirithe don cheart chun non-refoulement,

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go háirithe Airteagail 1, 3, 4, 6, 7, 18, 19, 20 agus 47 di,

 ag féachaint don Chomhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta, a ndearna Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe é a ghlacadh an 19 Nollaig 2018,

 ag féachaint d’Airteagal 78 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar[1] (Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn – APD),

 ag féachaint do chásdlí ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),

 ag féachaint do Threoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (RCD)[2],

 ag féachaint don chomhaontú sealadach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle an 14 Meitheamh 2018 maidir leis an athmhúnlú ar RCD,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen)[3],

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (Baile Átha Cliath III)[4],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 dar teideal ‘COVID-19: Treoir maidir le cur chun feidhme fhorálacha ábhartha de chuid an Aontais i réimse na nósanna imeachta um thearmann agus um fhilleadh agus maidir le hathlonnú’ (C(2020)2516),

 ag féachaint don Mheasúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS) ó mhí na Samhna 2020 maidir le Nósanna imeachta tearmainn ag an teorainn[5],

 ag féachaint don staidéar ón Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO) ó mhí Mheán Fómhair 2020 dar teideal Border Procedures for Asylum Applications in EU+ Countries [Nósanna Imeachta Teorann maidir le hIarratais Tearmainn i dtíortha AE+] agus d’fhoilseachán EASO ó mhí Mheán Fómhair 2019 dar teideal Guidance on asylum procedure: operational standards and indicators [Treoir maidir le nós imeachta tearmainn: caighdeáin agus táscairí oibríochtúla],

 ag féachaint do Thuarascáil um Chearta Bunúsacha 2020 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA),

 ag féachaint do Thuairim 3/2019 ó FRA an 4 Márta 2019 dar teideal Update of the 2016 Opinion of the European Union Agency for Fundamental Rights on fundamental rights in the ‘hotspots’ set up in Greece and Italy [Nuashonrú ar Thuairim 2016 Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha maidir le cearta bunúsacha sna ‘teophointí’ a bunaíodh sa Ghréig agus san Iodáil’],

 ag féachaint do thuarascáil FRA an 8 Nollaig 2020 dar teideal Migration: Fundamental Rights Challenges at Land Borders [Imirce: Dúshláin do Chearta Bunúsacha ag Teorainneacha Talún],

 ag féachaint do Phrionsabail Mholta agus Treoirlínte Molta Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le Cearta an Duine ag Teorainneacha Idirnáisiúnta,

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach,

 ag féachaint do rún uaithi an 30 Bealtaine 2018 maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh maidir le Reachtóireacht Níos Fearr[6],

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 22 Bealtaine 2018 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0005/2021),

A. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an rún seo faisnéis fhianaise-bhunaithe a chur ar fáil do na comhreachtóirí maidir le cur i bhfeidhm reatha nósanna imeachta teorann trí mheasúnú a dhéanamh ar an gcaoi ina ndéanann na Ballstáit Airteagal 43 APD agus na forálacha gaolmhara a chur chun feidhme; de bhrí nach bhfuil sé beartaithe leis an tuarascáil seo go ngabhfadh sé ionad na tuarascála cur chun feidhme lánfheidhme ar APD ón gCoimisiún atá sé thar am ag an gCoimisiún a dhéanamh, ná na gcaibidlíochtaí reachtacha ar an Togra leasaithe nua maidir le APR;

B. de bhrí gur minic nach mbailítear sonraí imdhealaithe agus inchomparáide maidir le cur chun feidhme Airteagal 43 APD nó nach gcuirtear ar fáil go poiblí iad; de bhrí nach bhfuil fáil ar chostais airgeadais na nósanna imeachta teorann; de bhrí gur féidir le costais dhaonna shuntasacha do dhaoine aonair eascairt as cailleadh saoirse, go háirithe mura bhfuil saoráidí coinneála teorann leordhóthanach nó mura gcuirtear coimircí nós imeachta i bhfeidhm nó mura gcuirtear i bhfeidhm go leormhaith iad;

C. de bhrí nach dtugtar sainmhíniú soiléir ar nósanna imeachta teorann ná nach sonraítear na cuspóirí atá acu in APD; de bhrí go gceadaítear do na Ballstáit an rogha a dhéanamh nósanna imeachta teorann a úsáid le hAirteagal 43(1) APD; de bhrí go bhfuil nós imeachta teorann ag 14 Bhallstát agus, ina measc siúd, tá trí cinn de na Ballstáit arna gcumhdach le Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS tar éis forais a úsáid a théann níos faide ná APD; de bhrí gur féidir leis na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta inghlacthachta agus/nó nósanna imeachta scrúdúcháin substainteacha ag an teorainn nó i gcrios idirthurais i gcúinsí dea-shainithe; de bhrí go ndéanann formhór na mBallstát measúnú freisin ar infheidhmeacht nós imeachta Bhaile Átha Cliath ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais; de bhrí nach bhfuil sna nósanna imeachta teorann ach céatadán beag de chás-ualach iomlán na n-údarás cinntitheach, cé is moite den Ghréig ina bpróiseáiltear níos mó ná 50 % de na hiarratais faoi nós imeachta mear arna bhunú tar éis ráiteas AE-na Tuirce;

D. de bhrí nach sonraítear go sainráite in Airteagal 43 APD cé acu teorainn ag ar féidir leis na Ballstáit nósanna imeachta teorann a úsáid; de bhrí go gcinntear i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS gur cheart a thuiscint go gciallaíonn an téarma ‘teorainn’ san airteagal thuasluaite teorainneacha seachtracha AE; de bhrí go gcuireann dhá Bhallstát nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ag teorainneacha inmheánacha, agus go gcoinníonn siad iarrthóirí i saoráidí póilíneachta;

E. de bhrí go gcoinníonn Ballstáit áirithe iarrthóirí tearmainn i nósanna imeachta teorann gan bunús dlí sa dlí náisiúnta; de bhrí, sa bhreis ar na coimircí neamhleora d’iarrthóirí, go bhféadfadh sé go ndiúltófaí an ceart atá ag Teachtaí Parlaiminte cuairt a thabhairt orthu;

F. de bhrí go bhfuil coinneáil i nósanna imeachta teorann faoi réir na rialacha céanna a bhaineann le coinneáil iarrthóirí in áiteanna eile ar chríoch Bhallstáit; de bhrí go sonraítear in RCD nach féidir iarrthóirí a choinneáil ach amháin mar rogha dheireanach tar éis scrúdú cuí a dhéanamh ar na bearta malartacha neamhchoimeádta uile ar choinneáil, agus nach mór an choinneáil a bheith bunaithe ar phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta; de bhrí, i gcás in n-ordaíonn údaráis riaracháin an choinneáil, go gcaithfidh na Ballstáit foráil a dhéanamh d’athbhreithniú breithiúnach mear ar dhlíthiúlacht na coinneála agus go mbeidh an t-athbhreithniú breithiúnach sin le seoladh ex officio agus/nó arna iarraidh sin ag an iarrthóir; de bhrí, i gcás mionaoiseach, go gcaithfidh na Ballstáit, faoin gcreat dlíthiúil reatha, gach iarracht a dhéanamh freisin iad a scaoileadh ón gcoinneáil agus iad a chur i gcóiríocht atá oiriúnach do mhionaoisigh;

G. de bhrí, in ainneoin an mhéadaithe shuntasaigh atá tagtha ar sháruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha ag teorainneacha seachtracha AE, nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit sásra faireacháin neamhspleách a bhunú lena n-áirithítear cosaint na gceart bunúsach ag teorainneacha seachtracha;

H. de bhrí gur cheart faisnéis shoiléir agus cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil do náisiúnaigh tríú tír nó do dhaoine gan stát i nósanna imeachta teorann, lena n-áirítear cúnamh dlíthiúil agus socruithe ateangaireachta, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh;

I. de bhrí gur cinneadh i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS nach bhfuil ráthaíochtaí nós imeachta dá bhforáiltear in APD, go háirithe an ceart chun faisnéise, cúnaimh dlí agus ateangaireachta, á gcur i bhfeidhm, nó go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm go sriantach amháin, go hiarbhír ag na Ballstáit a scrúdaíodh sa mheasúnú;

J. de bhrí gur léirítear roinnt cásanna de neamhchomhlíonadh APD i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS; de bhrí nach bhfuil imeachtaí um shárú seolta ag an gCoimisiún ach amháin i gcoinne dhá Bhallstát;

Barúlacha ginearálta

1. á thabhairt dá haire go bhfuil comhairliúcháin le geallsealbhóirí seolta ag an gCoimisiún mar aon le malartuithe leis an bParlaimint agus leis na Ballstáit mar ullmhúchán don Chomhshocrú Nua um Thearmann agus um Imirce; á thabhairt chun suntais, áfach, d’ainneoin a oibleagáide maidir le tuairisciú dlíthiúil agus na gceanglas a eascraíonn as an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, nár thíolaic an Coimisiún tuarascáil cur chun feidhme riamh maidir le APD, agus gur thíolaic sé tograí le haghaidh Rialachán maidir le Nósanna Imeachta Tearmainn in 2016 agus 2020 gan foráil a dhéanamh d’aon mheasúnú tionchair; ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin, atá thar am ó 2017 a thíolacadh;

2. á athdhearbhú a thábhachtaí atá cur chuige fianaise-bhunaithe chun ceapadh beartas comhleanúnach a threorú;

3. á thabhairt dá haire go bhfuil sonraí faireacháin agus staidrimh riachtanach chun comhlíonadh dhlí an AE a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit staidreamh a bhailiú maidir leis na nithe seo a leanas: (i) líon na n-iarratas a bhreithnítear i nósanna imeachta teorann agus catagóir na n-iarrthóirí lena mbaineann; (ii) na cineálacha foras a chuirtear i bhfeidhm chun an nós imeachta teorann a úsáid agus a minicíocht; (iii) torthaí na nósanna imeachta teorann, ag an gcéad chéim agus ag an achomharc araon, agus (iv) líon agus catagóirí na ndaoine nach gcuirtear chuig an nós imeachta teorann;

Raon feidhme

4. á thabhairt chun suntais gurb ionann nósanna imeachta teorann faoi láthair agus eisceachtaí ón riail arna sainiú go dlíthiúil go bhfuil sé de cheart ag iarrthóirí ar thearmann dul isteach ar chríoch Bhallstáit; á thabhairt dá haire go ndéantar mórán iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn nó i gcrios idirthurais de Bhallstát roimh chinneadh maidir le dul isteach an iarrthóra; á thabhairt dá haire, sna cásanna sin, nach bhféadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do nósanna imeachta teorann ach amháin sna cásanna a leagtar amach go hiomlán in Airteagail 31(8) agus 33 APD agus i gcomhréir le bunphrionsabail agus ráthaíochtaí Chaibidil II APD; á thabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht ann idir na Ballstáit maidir le nósanna imeachta teorann faoi APD a thrasuí agus a chur i bhfeidhm, rud a fhágann easpa aonfhoirmeachta ar fud AE; á thabhairt dá haire nach gcuireann an chuid is mó de na Ballstáit nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ach i líon beag cásanna, agus gur gnách go staonann roinnt Ballstát ó nósanna imeachta teorann a úsáid; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil nósanna imeachta teorann a théann níos faide ná na forais dá bhforáiltear in Airteagal 43 APD á gcur i bhfeidhm ag trí cinn as na seacht mBallstát a scrúdaíodh i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS, agus á iarraidh orthu staonadh ón méid sin a dhéanamh; á iarraidh, thairis sin, ar na Ballstáit staonadh ó nósanna imeachta teorann a chur i bhfeidhm ag teorainneacha inmheánacha;

5. á thabhairt dá haire go bhfuil leas ag gach duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu ina n-iarrataí a bheith á láimhseáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir, ar choinníoll go bhfuil gach iarratas faoi réir measúnú aonair agus go bhfuil feidhm ag na coimircí nós imeachta agus na cearta a dheonaítear d’iarrthóirí faoi dhlí an Aontais agus gur féidir iad a fheidhmiú go héifeachtach;

Ficsean dlíthiúl na neamhiontrála agus na coinneála

6. á mheabhrú go mbaineann scrúdú ar iarratas ar thearmann ag an teorainn nó i gcrios idirthurais leis na nósanna imeachta teorann sula ndéantar cinneadh maidir le dul isteach ar chríoch Bhallstáit; á athdhearbhú nach mór diúltú cead isteach faoi Chód Teorainneacha Schengen a bheith gan dochar do chur i bhfeidhm forálacha speisialta maidir leis an gceart chun tearmainn agus maidir le cosaint idirnáisiúnta; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit a mheas cibé a bhfuil nó nach bhfuil cosaint de dhíth ar iarrthóir ar thearmann;

7. á thabhairt dá haire, thairis sin, nach mór, faoi Airteagal 9(1) APD, cead a thabhairt d’iarrthóirí fanacht i gcríoch na mBallstát, lena n-áirítear ag an teorainn nó sna criosanna idirthurais ina ndearnadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

8. á chur i bhfios gur ficsean dlíthiúil é iarrthóir a bheith ann nár tháinig isteach go dleathach i gcríoch an Bhallstáit le linn dó nó di fanacht ar an gcríoch sin; á thabhairt chun suntais go mbíonn tionchar ag an bhficsean dlíthiúil sin ar an gceart dul isteach agus fanachta amháin, ach nach gciallaíonn sé sin nach bhfuil an t-iarrthóir faoi dhlínse an Bhallstáit lena mbaineann;

9. á thabhairt chun suntais gur dócha go gcuirfear iarrthóirí atá faoi réir nósanna imeachta teorann faoi choinneáil le linn scrúdú a dhéanamh ar a n-iarratas ar thearmann; á chur i bhfios, thairis sin, go ndéanann na Ballstáit uile a ndearnadh scrúdú orthu sa Mheasúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach a rinne EPRS iarrthóirí tearmainn a choinneáil faoi chuimsiú nósanna imeachta teorann;

10. á athdhearbhú, amhail dá sonraítear in RCD, nach ceadmhach do na Ballstáit duine a choimeád faoi choinneáil ar an gcúis gur iarrthóir é nó í, agus ar an gcúis sin amháin, agus nach féidir iarrthóirí a choinneáil ach amháin faoi imthosca eisceachtúla atá sainithe ar chaoi an-soiléir; ag meabhrú a comhaontaithe chomhpháirtigh shealadaigh leis an gComhairle maidir le hathmhúnlú RCD ina sonraítear nach gcoinneoidh na Ballstáit iarrthóir ar bhonn a náisiúntachta; á chur i bhfáth go leagtar síos in RCD nach mór coinneáil a bheith ina rogha dheireanach, ar feadh tréimhse chomh gearr agus is féidir, agus ar feadh na tréimhse sin amháin, chomh fada agus atá na forais a leagtar amach in Airteagal 8(3) de RCD infheidhme, agus go gcaithfear deis a thabhairt do dhaoine atá á gcoinneáil achomharc a dhéanamh i gcoinne chailleadh saoirse na ndaoine sin; á athdhearbhú go bhfuil feidhm freisin ag an gceart chun saoirse mar a leagtar síos in Airteagal 6 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 5 ECHR ag teorainneacha AE; á chur in iúl gurb oth léi gur ar éigean go ndearnadh aon roghanna eile ar choinneáil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i nósanna imeachta teorann, agus ag spreagadh na mBallstát na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhfuil roghanna eile seachas coinneáil ar fáil;

11. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go ndéanann Ballstáit áirithe iarrthóirí tearmainn a choinneáil i nósanna imeachta teorann gan bunús dlí ábhartha le haghaidh coinneála faoi nósanna imeachta teorann sa dlí náisiúnta, mar go bhféadfadh coimircí neamhleora a bheith mar thoradh air sin; á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit bunús dlí a sholáthar dó sa dlí náisiúnta má roghnaíonn na Ballstáit dul i muinín coinneála;

12. á mheabhrú go ndearna CBAE a rialú, i gCásanna Uamtha C-924/19 PPU agus C-925/19 PPU, fiú más féidir le hiarrthóir crios idirthurais a fhágáil i dtreo tríú tír, gur féidir leis an staid sin a bheith incháilithe mar choinneáil;

13. á chur in iúl gur cúis mhór imní di na tuairiscí maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus coinníollacha coinneála náireacha i gcriosanna idirthurais nó in ionaid choinneála i limistéir teorann; á iarraidh ar na Ballstáit dálaí glactha díniteacha a áirithiú i saoráidí teorann i gcomhréir le caighdeáin RCD; á mheabhrú i ndáil leis sin gur cheart caitheamh le hiarrthóirí atá faoi choinneáil agus dínit an duine á hurramú go hiomlán;

14. á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do shárleasanna an linbh agus APD á chur i bhfeidhm acu, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989; á thabhairt dá haire gur shoiléirigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh nár cheart leanaí a choinneáil riamh ar chúiseanna inimirce; ag athdhearbhú a seasaimh maidir le APR nár cheart mionaoisigh a choinneáil riamh mar chuid de nósanna imeachta teorann, agus nach bhféadfar an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm i gcás mionaoiseach ach amháin i gcás ina mbeidh rogha eile ar fáil lena gcoinneáil; á iarraidh ar na Ballstáit a bhfuil an nós imeachta teorann á chur i bhfeidhm acu faoi láthair ar mhionaoisigh roghanna malartacha ar choinneáil a chur i ngníomh i gcomhréir le sárleasanna an linbh; á iarraidh ar na Ballstáit gan nósanna imeachta teorann a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil na roghanna neamhchoinneála sin i bhfeidhm;

Diúltú iontrála agus faireachán

15. ag tabhairt na dtorthaí le déanaí ó FRA chun suntais, go háirithe go bhfuil méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar líon na dteagmhas líomhnaithe de sháruithe ar chearta bunúsacha a tuairiscíodh ag teorainneacha seachtracha; á thabhairt dá haire go n-áirítear leis sin mórán cásanna ina ndiúltaítear cead isteach do dhaoine gan a n-éilimh ar thearmann a chlárú, lena n-áirítear i gcomhthéacs nósanna imeachta teorann; á athdhearbhú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit trasnuithe teorann neamhúdaraithe a chosc, agus á mheabhrú go bhfuil an oibleagáid sin gan dochar do chearta daoine a iarrann cosaint idirnáisiúnta; ag aontú le tuairim FRA gur ábhar mór imní maidir le cearta bunúsacha iad rialtacht agus tromchúis na dteagmhas líomhnaithe sin; á athdhearbhú go bhfuil diúltú iontrála uathoibríoch, refoulement agus díbirt chomhchoiteann toirmiscthe faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit, faoi Airteagal 8 APD, daoine a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht iarratas a dhéanamh ar thearmann má tá tásca ann gurb ann do riachtanais chosanta, agus nach mór a áirithiú go mbeidh rochtain ar leigheas éifeachtach ag daoine atá faoi réir diúltú cead isteach i gcomhréir le dlí AE agus le ECHR; á chur in iúl gur saoth léi na cásanna ina dteipeann ar Bhallstáit a n-oibleagáidí a urramú i ndáil leis sin, agus á iarraidh orthu na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh go hiomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na hoibleagáidí sin go héifeachtach, lena n-áirítear trí íocaíochtaí AE a chur ar fionraí i gcás easnaimh thromchúiseacha;

16. á mheas go bhfuil sé tábhachtach sásra faireacháin neamhspleách a bhunú agus á iarraidh ar na Ballstáit rochtain gan srian a thabhairt do chomhlachtaí faireacháin ar shaoráidí teorann chun cosaint éifeachtach ceart bunúsach agus tuairisciú córasach ar sháruithe a áirithiú, i gcomhréir le moltaí FRA ina thuarascáil maidir le Saincheisteanna maidir le Cearta Bunúsacha ag Teorainneacha Talún; á chreidiúint gur cheart go bhfíoródh faireachán neamhspleách cáilíocht an phróisis cinnteoireachta agus an toradh a bhí air, chomh maith le coinníollacha coinneála agus comhlíonadh na gcoimircí nós imeachta; á mheas gur cheart go mbeadh institiúidí náisiúnta neamhspleácha agus inniúla um chearta an duine agus ENRanna, gníomhaireachtaí AE amhail FRA, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail UNHCR, mar chuid de na comhlachtaí faireacháin;

Mionaoisigh neamhthionlactha agus iarrthóirí leochaileacha a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu sa nós imeachta teorann

17. á thabhairt dá haire go sonraítear in Airteagal 24 APD go ndéanfaidh na Ballstáit a mheas, laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a dhéanamh, an t-iarrthóir é an t-iarrthóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth air, agus nach ceadmhach dóibh an nós imeachta teorann a chur i bhfeidhm mura féidir na ráthaíochtaí sin a sholáthar laistigh dá chreat;

18. á chur i bhfáth, cé go bhfuil sásraí bunaithe ag na Ballstáit chun iarrthóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint, gur minic nach mbíonn siad éifeachtach chun riachtanais den sórt sin a bhrath agus, nuair a shainaithnítear riachtanais, gur minic nach ndéanann siad ach measúnú ar riachtanais infheicthe; á thabhairt dá haire gur dúshlán i gcónaí é iarrthóirí a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint go héifeachtach agus go pras; á thabhairt chun suntais go bhfuil daoine leochaileacha i dteideal go ndéanfaí measúnú ar a gcuid riachtanas maidir le sainráthaíochtaí nós imeachta, agus, má chuirtear nósanna imeachta teorann i bhfeidhm ina leith, go bhfuil siad i dteideal tacaíocht leordhóthanach a fháil dá bhforáiltear faoi dhlí AE; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar gach iarrthóir a bhfuil sainráthaíochtaí nós imeachta de dhíth orthu a shainaithint go héifeachtach agus go dtabharfar rochtain iomlán dóibh ar na ráthaíochtaí agus ar an tacaíocht speisialta sin, mar a shonraítear in RCD; á chur i bhfáth, i gcás nach féidir tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil faoi chuimsiú an nós imeachta teorann, nó i gcás ina measann an t-údarás cinntitheach go bhfuil gá ag an iarrthóir le ráthaíochtaí sonracha nós imeachta agus aird ar leith á tabhairt ar íospartaigh an chéasta, an éignithe nó cineálacha tromchúiseacha eile foréigin shíceolaíoch, fhisiciúil, ghnéasaigh nó inscnebhunaithe, nár cheart don údarás cinntitheach na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm ar an iarrthóir, nó scor de na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm;

19. á mheabhrú go bhforordaítear le hAirteagal 25(6)(b) APD sraith imthosca teoranta lena gceadaítear do na Ballstáit iarratais ar mhionaoisigh neamhthionlactha a phróiseáil i nós imeachta teorann; á thabhairt chun suntais nach bhfuil modhanna measúnaithe aoise leormhaithe curtha ar bun ag na Ballstáit a scrúdaíodh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar sárleasanna an linbh, agus go gcosnófar leanaí, lena n-áirítear  íospartaigh na gáinneála; á thabhairt chun suntais go dtugtar an rogha do na Ballstáit le APD mionaoisigh neamhthionlactha a dhíolmhú ón nós imeachta teorann, agus a n-iarratais a phróiseáil dá réir sin faoin ngnáthnós imeachta tearmainn; á iarraidh ar na Ballstáit mionaoisigh neamhthionlactha a dhíolmhú ó nósanna imeachta teorann;

Coimircí nós imeachta

20. á thabhairt dá haire gur nósanna imeachta meara iad nósanna imeachta teorann agus á mheabhrú go bhfuil na cearta agus na ráthaíochtaí céanna ag iarrthóirí i nósanna imeachta teorann faoi Airteagal 43 APD agus atá ag iarrthóirí i ngnáthnósanna imeachta;

21. á tabhairt chun suntais gur tuairiscíodh fadhbanna suntasacha maidir le rochtain ar chúnamh dlí agus cáilíocht an chúnaimh dlí sin sna Ballstáit go léir a scrúdaíodh; á chur i bhfáth go bhfuil cúnamh dlíthiúil ríthábhachtach chun nósanna imeachta tearmainn cothroma a áirithiú; á mholadh gur cheart cúnamh dlí saor in aisce a ráthú cheana féin ag an gcéad chéim, a luaithe a chlárófar an t-iarratas ar thearmann; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain éifeachtach ar chúnamh dlí a chur ar fáil go hiarbhír, agus a áirithiú go mbeidh fáil ar chomhairleoirí dlí atá leordhóthanach agus cáilithe;

22. á thabhairt dá haire go dtugann APD an rogha do na Ballstáit rochtain a thabhairt do ENRanna ar an nós imeachta teorann chun cúnamh a chur ar fáil d’iarrthóirí; á chur in iúl gur oth léi, faoi chuimsiú na nósanna imeachta teorann, nach rialaíonn a lán Ballstát an rochtain sin d’eagraíochtaí speisialaithe neamhrialtasacha ag saoráidí teorann, pointí trasnaithe agus criosanna idirthurais, a d’fhéadfadh príomhról a bheith acu maidir le cearta dlíthiúla agus nós imeachta an iarrthóra a dhaingniú, agus cáilíocht na gcinntí céadchéime a fheabhsú;

23. á chur i bhfáth go bhfuil teaglaim de theorainneacha ama gearra nós imeachta agus coinneáil ina saintréith de nósanna imeachta teorann; á mheas go bhfuil gá le teorainneacha ama nós imeachta éifeachtúla d’fhonn cailleadh sealadach na saorghluaiseachta a íoslaghdú má bhíonn daoine faoi choinneáil; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit teorainneacha ama níos giorra, ach réasúnta a thabhairt isteach, gan dochar do scrúdú leordhóthanach agus iomlán a bheith á dhéanamh ná do rochtain éifeachtach an iarrthóra ar bhunráthaíochtaí agus ar bhunphrionsabail dá bhforáiltear in APD; á thabhairt dá haire go mbíonn éagsúlacht i gceist leis an teorainn ama do chinneadh i nós imeachta teorann idir dhá lá agus 28 lá, agus chun achomharc a thaisceadh idir dhá lá agus seacht lá; á chur i bhfios gur féidir le teorainneacha ama gearra a bheith dúshlánach chun an t-agallamh nó achomharc a ullmhú go críochnúil agus dá bhrí sin le haghaidh an nós imeachta a chur i bhfeidhm go cóir, go cinnte mura gcuirtear na coimircí nós imeachta a chumhdaítear in APD i bhfeidhm go héifeachtach;

24. ag athdhearbhú oibleagáidí na mBallstát maidir le rochtain a thabhairt d’iarrthóirí ar chúnamh, ionadaíocht agus faisnéis nós imeachta, mar a shonraítear faoi APD; á chur i bhfáth gur gá d’iarrthóirí rochtain thráthúil a bheith acu ar fhaisnéis leordhóthanach agus intuigthe maidir le nósanna imeachta teorann agus a gcearta agus a n-oibleagáidí; á chur i bhfios gur cheart ateangaireacht a sholáthar go pearsanta agus ag gach céim den nós imeachta teorann; á mheabhrú gurb ionann agallaimh phearsanta agus comhthoradh ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit deis éifeachtach a thabhairt d’iarrthóirí na forais dá n-iarratais agus na príomhghnéithe don nós imeachta scrúdúcháin a chur i láthair, agus nach mór do phearsanra atá oilte go leordhóthanach iad a dhéanamh; á chur i bhfáth gur cheart dóthain ama a chur ar fáil d’iarrthóirí an t-agallamh a ullmhú; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, nach gcomhlíonann na Ballstáit a ndearnadh scrúdú orthu i Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach EPRS a gcuid oibleagáidí faoi APD a bhaineann le coimircí nós imeachta i gcomhthéacs nósanna imeachta teorann, agus á chur i bhfáth go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag na deacrachtaí atá ag iarrthóirí rochtain a fháil ar choimircí nós imeachta ar a gcearta a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar na Ballstáit na coimircí atá cumhdaithe in APD a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ina n-iomláine;

25. á aithint go bhfágann APD go bhfuil sé faoi rogha na mBallstát a chinneadh an bhfuil éifeacht fionraíochta uathoibríoch ag achomhairc; á mheabhrú, áfach, go bhfuil sé aitheanta ag CBAE nach mór éifeacht fionraíochta a bheith ag achomharc i gcoinne cinneadh um fhilleadh, a bhféadfadh a fhorfheidhmiú an náisiúnach tríú tír lena mbaineann a nochtadh ar riosca tromchúiseach refoulement;

Nósanna imeachta teorann agus líon mór daoine ag teacht isteach

26. á thabhairt dá haire, i gcomhréir le hAirteagal 43(3) APD, i gcás ina dtagann líon mór náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát isteach atá ag taisceadh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ag an teorainn nó i gcrios idirthurais, féadfar na nósanna imeachta sin a chur i bhfeidhm freisin i gcás ina ndéantar, agus fad is a dhéantar, na náisiúnaigh tríú tír nó na daoine gan stát sin a chur i gcóiríocht de ghnáth ag láithreacha i ngaireacht don teorainn nó don chrios idirthurais;

27. á mheabhrú go bhfuil feidhm freisin ag na coimircí a leagtar síos i gCaibidil II APD i gcás líon mór daoine a bheith ag teacht isteach; á mheas go bhfuil dóthain foirne agus acmhainní fíor-riachtanach i ndáil leis sin; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, i gcásanna mar sin, gur féidir le cur i bhfeidhm cuí nósanna imeachta teorann a bheith dúshlánach, go bhféadfaí riosca de sháruithe ar chearta bunúsach a chruthú leis agus go bhféadfadh cúiseanna imní maidir le héifeachtúlacht eascairt as;

28. á chur in iúl go bhfuil na hábhair imní chéanna aici a rinne FRA, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe agus Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe a chur in iúl maidir le cearta daonna imirceach i ndáil le hurraim do ráthaíochtaí nós imeachta agus cearta bunúsacha i nósanna imeachta meara teorann a úsáideadh i dteophointí na Gréige; á chur in iúl gur oth léi na bearnaí tromchúiseacha maidir le cearta bunúsacha atá sna teophointí Eorpacha sin arna sainaithint ag FRA;

29. á thabhairt dá haire gur féidir le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais tacú leis na Ballstáit i gcás ina mbeidh líon mór iarrthóirí tearmainn ag pointí iontrála teorann chun nós imeachta tapa agus cothrom a áirithiú do gach iarrthóir; á thabhairt dá haire, go háirithe gur féidir le EASO tacaíocht oibríochtúil a thabhairt ag céimeanna éagsúla den nós imeachta tearmainn, agus gur féidir le Frontex cabhrú le scagadh, sainaithint agus méarlorgaireacht; á thabhairt dá haire nár chuir EASO cúnamh ar fáil go dtí seo ach sa Ghréig faoi chuimsiú an nós imeachta mhear teorann, mar a thugtar air, d’oileáin; á chur i bhfios, thairis sin, go bhfuil feabhsuithe déanta, ach go bhfuil easnaimh thromchúiseacha fós ann, amhail meánfhad roinnt míonna do nósanna imeachta teorann; á chur in iúl gur súil léi go rannchuideoidh Gníomhaireacht Tearmainn AE atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin;

Cur i bhfeidhm nósanna imeachta teorann

30. á mheabhrú go mbeidh cur i bhfeidhm nósanna imeachta teorann fós de rogha na mBallstát; á athdhearbhú, má chuireann na Ballstáit nósanna imeachta teorann i bhfeidhm, gur cheart dóibh foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha lena n-áiritheofar nós imeachta cothrom agus leordhóthanach chomh maith le soiléireacht ghasta maidir leis an toradh a bheidh air d’iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta; á thabhairt dá haire, go háirithe i gcásanna níos casta, go bhféadfaí an bonn a bhaint ó éifeachtacht ráthaíochtaí nós imeachta, amhail an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil; á chur i bhfáth nach mór nósanna imeachta agus coimircí nós imeachta éifeachtúla a bheith fite fuaite lena chéile; á thabhairt chun suntais, i gcás nach féidir cinneadh a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ar a dhéanaí, go mbeidh an t-iarratas le próiseáil i gcomhréir le forálacha eile APD; á iarraidh ar na Ballstáit cloí go hiomlán faoin dlí agus i gcleachtadh leis na coimircí nós imeachta a leagtar síos in APD;

31. á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú go leanúnach maidir le cur i bhfeidhm ceart na nósanna imeachta teorann atá ann faoi láthair agus iad a roinnt leis an gCoimisiún freisin;

32. á iarraidh ar na Ballstáit measúnú criticiúil a dhéanamh ar cibé an leor nó nach leor an acmhainneacht oibríochtúil atá acu faoi láthair chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a gcuid oibleagáidí i nósanna imeachta teorann; á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar oibríochtúil agus ar an gcúnamh oibríochtúil i gcás inar gá;

33. á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 43 agus ar fhorálacha gaolmhara APD agus gníomhú i gcás neamhchomhlíonta, lena n-áirítear trí imeachtaí sáraithe a sheoladh i gcás inarb iomchuí;

°

° °

 

34. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.



FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

12.1.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

50

11

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Malik Azmani, Katarina Barley, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Lívia Járóka, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nathalie Loiseau, Sira Rego, Miguel Urbán Crespo, Hilde Vautmans, Petar Vitanov

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

50

+

EPP

Magdalena ADAMOWICZ, Vladimír BILČÍK, Vasile BLAGA, Ioan-Rareş BOGDAN, Lena DÜPONT, Andrzej HALICKI, Jeroen LENAERS, Lukas MANDL, Nuno MELO, Roberta METSOLA, Emil RADEV, Paulo RANGEL, Ralf SEEKATZ, Tomas TOBÉ, Javier ZARZALEJOS

S&D

Katarina BARLEY, Pietro BARTOLO, Caterina CHINNICI, Maria GRAPINI, Sylvie GUILLAUME, Evin INCIR, Marina KALJURAND, Łukasz KOHUT, Juan Fernando LÓPEZ AGUILAR, Javier MORENO SÁNCHEZ, Birgit SIPPEL, Petar VITANOV, Bettina VOLLATH, Elena YONCHEVA

RENEW

Malik AZMANI, Sophia IN 'T VELD, Fabienne KELLER, Nathalie LOISEAU, Maite PAGAZAURTUNDÚA, Michal ŠIMEČKA, Ramona STRUGARIU, Dragoş TUDORACHE, Hilde VAUTMANS

GREENS/EFA

Patrick BREYER, Saskia BRICMONT, Damien CARÊME, Alice KUHNKE, Terry REINTKE, Tineke STRIK

THE LEFT

Clare DALY, Cornelia ERNST, Sira REGO, Miguel URBÁN CRESPO

NI

Laura FERRARA, Martin SONNEBORN

 

11

-

EPP

Balázs HIDVÉGHI, Lívia JÁRÓKA, Nadine MORANO

ID

Nicolas BAY, Nicolaus FEST, Jean-Paul GARRAUD, Marcel de GRAAFF, Peter KOFOD, Annalisa TARDINO

ECR

Jorge BUXADÉ VILLALBA, Nicola PROCACCINI

 

3

0

ECR

Joachim Stanisław BRUDZIŃSKI, Assita KANKO, Jadwiga WIŚNIEWSKA

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[1] IO L 180, 29.6.2013, lch. 60.

[2] IO L 180, 29.6.2013, lch. 96.

[3] IO L 77, 23.3.2016, lch. 1.

[4] IO L 180, 29.6.2013, lch. 31.

[5] W. van Ballegooij, K. Eisele, Asylum procedures at the border, European Implementation Assessment [Nósanna imeachta tearmainn ag an teorainn, Measúnú ar Chur Chun Feidhme Eorpach], Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, 2020.

[6] IO C 76, 9.3.2020, lch. 86.

An nuashonrú is déanaí: 27 Eanáir 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais