Nós Imeachta : 2020/2077(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0008/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0008/2021

Díospóireachtaí :

PV 08/02/2021 - 15
CRE 08/02/2021 - 15

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0040

<Date>{28/01/2021}28.1.2021</Date>
<NoDocSe>A9-0008/2021</NoDocSe>
PDF 390kWORD 168k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>maidir leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach nua</Titre>

<DocRef>(2020/2077(INI))</DocRef>


<Commission>{ENVI}An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Jan Huitema</Depute>

Rapóirtéir don tuairim (*):

Patrizia Toia, An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

Anna Cavazzini, an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra

(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta)

LEASUITHE
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach nua

(2020/2077(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach: Eoraip níos glaine agus níos iomaíche’ (COM(2020)0098), agus an doiciméad inmheánach oibre 'Ag díriú ar an mbealach chuig geilleagar ciorclach domhanda: staid na himeartha agus ionchas’ (SWD(2020)100),

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), lena n-áirítear SDG 12 ‘Tomhaltas agus táirgeadh freagrach’ agus SDG 15 ‘An Saol ar Thalamh’,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí (COM(2020)0667)[1],

 ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht[2],

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip’ (COM(2020)0102),

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives’ [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM (2020) 0380),

 ag féachaint do Thuarascáil IPBES maidir le Measúnú Domhanda ar Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais, mí Bealtaine 2019,

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system’ [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 dar teideal ‘A sustainable Bioeconomy for Europe: Strengthening the connection between economy, society and the environment’ [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip: An nasc idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú] (COM(2018)0673),

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2018, dar teideal  ‘A European Strategy for Plastics in a Circular Economy’ [Straitéis Eorpach maidir le Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach] (COM(2018)0028),

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol,

 ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de[3],

 ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil[4],

 ag féachaint don rún uaithi an 4 Iúil 2017 maidir le saolré níos faide do tháirgí: buntáistí do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí[5],

 ag féachaint don rún uaithi an 9 Iúil 2015 maidir le héifeachtúlacht acmhainní: ag bogadh i dtreo geilleagar ciorclach (2014/2208/(INI)[6].

 ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 maidir le cur chun feidhme an phacáiste maidir leis an ngeilleagar ciorclach, roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir reachtaíocht ceimicí, táirgí agus dramhaíola (2018/2589(RSP)[7],

 ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le cur chuige cuimsitheach Eorpach i dtaca le stóráil fuinnimh de (2019/2189(INI))[8],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/741 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce,

 ag féachaint don togra le haghaidh an 8ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol a thíolaic an Coimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020, go háirithe an cuspóir tosaíochta dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a leagtar amach in Airteagal 2(2)(c) den togra,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),

 ag féachaint do thuarascálacha speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an athrú aeráide, fairsingiú fásaigh, díghrádú talún, bainistiú inbhuanaithe talún, slándáil bia, agus floscanna gáis cheaptha teasa in éiceachórais talún, agus maidir leis an Aigéan agus an Criosphere in Aeráid atá ag Athrú, agus tuarascáil speisialta IPCC ‘Téamh Domhanda 1.5 °C’, an cúigiú tuarascáil mheasúnaithe (AR5) uaidh agus an tuarascáil sintéise uaidh i Meán Fómhair 2018,

 ag féachaint don chéad Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach a seoladh in 2015 (teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2015 dar teideal ‘An Ciorcal a shlánú - Plean gníomhaíochta AE don Gheilleagar Ciorclach’ (COM(2015)0614)) agus na gníomhaíochtaí a rinneadh faoin bplean sin,

 ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir le Straitéis Ceimiceán don inbhuanaitheacht[9],

 ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip[10],

 ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 maidir le hábhar plaisteach i ngeilleagar ciorclach[11],

 ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2018 maidir le cur chun feidhme an phacáiste maidir leis an ngeilleagar ciorclach, roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcomhéadan idir an reachtaíocht um cheimiceáin, um tháirgí agus um an dramhaíl[12],

 ag féachaint don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 31 Bealtaine 2018 maidir le cur chun feidhme na Treorach faoi Éicidhearthóireacht[13],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol[14],

 ag féachaint don athbhreithniú ar reachtaíocht dramhaíola AE, a glacadh in 2018: Treoir (AE)2018/851 an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2008/98/CE maidir le dramhaíl[15]; Treoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62 /CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistiú[16]; Treoir (AE) 2018/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 1999/31 /CE maidir le líonadh talún le dramhaíl[17]; agus Treoir (AE) 2018/849 lena leasaítear Treoracha 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, 2006/66/EC, maidir le cadhnraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola, 2012/19/EU, maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach[18],

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (‘Rialachán CLP’)[19],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2017 maidir le ról na dramhaíola go fuinneamh sa gheilleagar ciorclach (COM(2017)0034),

 ag féachaint don tuarascáil ‘Ionchas Acmhainní Domhanda 2019[20]’, agus don tuarascáil maidir le hÉifeachtúlacht Acmhainní agus an tAthrú Aeráide[21] ón bPainéal Idirnáisiúnta Acmhainní,

 ag féachaint don Fhoilseachán eolaíochta ‘Evaluating scenarios toward zero plastic pollution’ [Meastóireacht a dhéanamh ar chásanna i dtreo truailliú plaisteach nialasach][22],

 ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, an Coiste um Iompar agus Turasóireacht agus an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0008/2021),

A. de bhrí go measann an Painéal Idirnáisiúnta Acmhainní, sa tuarascáil uaidh ‘Ionchas Acmhainní Domhanda 2019’, go dtagann leath d’iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa agus breis agus 90 % den chaillteanas bithéagsúlachta agus den strus uisce ó eastóscadh agus próiseáil acmhainní; de bhrí go n-úsáideann an geilleagar domhanda méid acmhainní is coibhéiseach le 1,5 pláinéad d’acmhainní agus go mbeadh gá cheana le 3 phláinéad, dá ndéanfaí gach duine acmhainní a ídiú ar mheánráta ídithe chónaitheorí AE, agus de bhrí gur cheart gurbh é cuspóir uileghabhálach an gheilleagair chiorclaigh laghdú suntasach a dhéanamh ar an úsáid fhoriomlán a bhainimid as acmhainní nádúrtha agus laghdú suntasach a dhéanamh ar ár dtáirgeadh dramhaíola; de bhrí go n-éileofar leis sin fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní, agus an t-idirdhealú idir díchúpláil iomlán agus díchúpláil choibhneasta á chur san áireamh;

B. de bhrí go léiríonn na figiúirí sin an ról lárnach atá ag úsáid inbhuanaithe acmhainní, go háirithe amhábhair phríomhúla agus an gá atá le dlús a chur le gníomhaíocht ar gach leibhéal agus ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil coincheap an gheilleagair chiorclaigh de chineál cothrománach agus go rannchuideoidh sé go mór le cuspóirí comhshaoil eile a bhaint amach, lena n-áirítear cuspóirí Chomhaontú Pháras;

C. de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an aistriú chuig geilleagar ciorclach maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) AE a laghdú agus maidir le sprioc aeráide AE do 2030 agus cuspóir na nglanastaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, agus go n-éilítear leis athrú ó bhonn a dhéanamh ar shlabhraí luacha ar fud an gheilleagair;

D. de bhrí, má dhéantar aistriú chuig geilleagar ciorclach, go bhféadfadh cleachtais ghnó inbhuanaithe a chur chun cinn agus de bhrí go meastar go mbeidh cuideachtaí agus geilleagair Eorpacha ar thús cadhnaíochta sa rás domhanda i dtreo na ciorclaíochta, mar gheall ar shamhlacha gnó dea-fhorbartha AE, ar an eolas ciorclach atá againn agus ar an saineolas athchúrsála atá againn;

E. de bhrí gur cheart gurb iad prionsabail an gheilleagair chiorclaigh croíghné aon bheartas tionsclaíoch Eorpach agus náisiúnta, agus croíghné Phleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát faoi chuimsiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;

F. de bhrí go bhfuil ídiú foriomlán fuinnimh suntasach in AE agus gur cheart go mbeadh éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsiú inbhuanaithe foinsí fuinnimh i gceist freisin le gníomhaíocht an gheilleagair chiorclaigh;

G. de bhrí go bhfuil dearadh chun deireadh a chur le diomailt ar cheann de phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh;

H. de bhrí go bhfuil an geilleagar ciorclach ábhartha do SDGanna éagsúla lena n-áirítear Sprioc 12 ‘Patrúin tomhaltais agus táirgthe inbhuanaithe a áirithiú’ chomh maith le Sprioc 13 maidir le ‘Gníomhaíocht ar son na haeráide’;

I. de bhrí go bhfuil dearadh chun deireadh a chur le diomailt agus truailliú ar cheann de phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh;

J. de bhrí, de réir staidéir a rinne Cambridge Econometrics le déanaí, go bhfuil an acmhainneacht ag an ngeilleagar ciorclach méadú breise 0,5 % a dhéanamh ar OTI AE agus os cionn 700 000 post nua a chruthú faoi 2030[23], agus go bhfuil sé d’acmhainneacht aige freisin cáilíocht na bpost a fheabhsú; de bhrí gur tháinig méadú 5 % ar líon na bpost a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach san Aontas Eorpach idir 2012 agus 2018, rud a d’fhag gur shroich sé thart ar 4 mhilliún; de bhrí, le beartais tacaíochta agus le hinfheistíocht tionsclaíochta, go bhfuiltear ag dréim leis go bhféadfadh luach bliantúil idir thart ar EUR70bn agus EUR100bn a bheith ag déantúsaíocht AE faoi 2030, agus fostaíocht d’idir 450,000 agus beagnach 600,000 duine a bheith ag gabháil léi;

K. de bhrí go bhfuil foinsiú inbhuanaithe agus freagrach amhábhar príomhúil ríthábhachtach chun éifeachtúlacht acmhainní a bhaint amach agus cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh a chomhlíonadh; agus, dá bhrí sin, nach mór forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin inbhuanaithe foinsithe d’ábhair agus do thráchtearraí tosaíochta;

L. de bhrí gur le linn chéim an dearaidh a chinntear suas le 80 % den tionchar comhshaoil a bhíonn ag táirgí agus nach dtagann ach 12 % de na hábhair a úsáideann tionscal AE ó athchúrsáil[24].

M. de bhrí, mar gheall ar theacht chun cinn gasta na r-thráchtála, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar mhéid na dramhaíola ó phacáistíocht, amhail plaisteach aon úsáide agus dramhaíl chairtchláir; agus de bhrí go bhfuil loingsiú dramhaíola go tríú tíortha fós ina ábhar imní;

N. de bhrí go meastar go ngintear 88 milliún tona de dhramhaíl bhia san Aontas gach bliain agus go meastar gur ó theaghlaigh agus ó leibhéal na dtomhaltóirí a thagann breis agus 50 % den dramhaíl bhia; de bhrí go bhfuil tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag dramhaíl bhia, arb ionann na hastaíochtaí uaithi agus thart ar 6 % d’astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa iomlán AE;

O. de bhrí go gcruthaíonn plaistigh ábhair imní ó thaobh an chomhshaoil de mura ndéantar bainistiú ceart orthu, ábhair imní amhail bruscar, deacracht athúsáide agus athchúrsála, substaintí ar údar imní iad, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus úsáid acmhainní;

P. de bhrí go bhfuil tuairim eolaíoch glactha ag ECHA chun srian a chur ar úsáid micreaphlaisteach a chuirtear d’aon ghnó le táirgí ar mhargadh AE/LEE, i dtiúchaintí ar mó iad ná 0.01 % meáchan de réir meáchain;

Q. de bhrí, de réir mheastacháin na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA) gur tháinig méadú 40 % idir 1996 agus 2012 ar líon na n-éadaí a ceannaíodh in aghaidh an duine in AE agus, ag an am céanna, nár úsáideadh níos mó ná 30 % d’éadaí i vardrúis san Eoraip le bliain anuas ar a laghad. Thairis sin, a luaithe a chaitear amach iad, ní dhéantar níos mó ná leath na mball éadaigh a athchúrsáil, ach téann siad i ndramhaíl mheasctha tí agus ina dhiaidh sin seoltar chuig loisceoirí nó chuig líonadh talún iad[25].

R. de bhrí go meastar go mbeidh cuideachtaí agus geilleagair Eorpacha ar thús cadhnaíochta ina measc siúd a mbeidh an rás domhanda i dtreo na ciorclaíochta á gcur chun feidhme acu, ach tairbhe á baint acu as freisin, mar gheall ar shamhlacha gnó dea-fhorbartha AE, ar an eolas ciorclach atá againn agus ar an saineolas athchúrsála atá againn;

S. de bhrí go bhfuil os cionn dhá bhliain caite ó d’eisigh IPCC a Thuarascáil Speisialta maidir le Téamh Domhanda 1.5 °C, tuarascáil inar luadh go n-éileofaí athruithe tapa, forleathana agus gan fasach i ngach gné den tsochaí chun bheith in ann an téamh domhanda a theorannú do 1.5 °C;

1. á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta Nua an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach; á thabhairt chun suntais go bhfuil an geilleagar ciorclach, in éineacht leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach le haghaidh comhshaol saor ó thocsain, ríthábhachtach chun lorg foriomlán táirgthe agus tomhaltais na hEorpa ar an gcomhshaol a laghdú, chun teorainneacha pláinéadacha a urramú, agus chun sláinte an duine a chosaint, agus geilleagar iomaíoch agus nuálach á áirithiú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach rannchuidiú go mór le spriocanna Chomhaontú Pháras, spriocanna an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh uile faoin bPlean Gníomhaíochta a thabhairt ar aghaidh i gcomhréir leis na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Teachtaireacht agus gach togra reachtach a bhunú ar mheasúnú tionchair cuimsitheach, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé costais na neamhghníomhaíochta a chur san áireamh freisin;

3. á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach réitigh a chur ar fáil ar na dúshláin nua atá ann agus atá á léiriú mar thoradh ar ghéarchéim COVID‑19 trí na slabhraí luacha a neartú laistigh den Aontas agus ar fud an domhain agus a leochaileacht a laghdú, agus trí éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa a dhéanamh níos athléimní, níos inbhuanaithe, níos iomaíche agus níos brabúsaí; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar an méid sin, go gcuirfear neamhspleáchas straitéiseach an Aontais chun cinn agus go rannchuideofar le cruthú post; á chur i bhfios go láidir gur léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil gá le timpeallacht chumasúcháin don gheilleagar ciorclach; á iarraidh ar na Ballstáit an geilleagar ciorclach a phríomhshruthú ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta;

4. á chreidiúint gurb é geilleagar ciorclach an bealach chun go leanfaidh AE agus cuideachtaí Eorpacha de bheith nuálach agus iomaíoch i margadh domhanda, agus a lorg ar an gcomhshaol á laghdú acu ag an am céanna; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, infheistíochtaí a dhíriú chun tionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh a uas-scálú agus chun tacú leis an nuálaíocht; á mheas gur cheart plean téarnaimh eacnamaíoch AE (Next Generation EU) chomh maith leis an gCiste um Aistriú Cóir agus Fís Eorpach a úsáid chun tionscnaimh, cleachtais, bonneagar agus teicneolaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn;

5. á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh chun geilleagar ciorclach a bhaint amach laistigh de AE; á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá sé na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme go cuí agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach chun margadh aonair inbhuanaithe agus dea-fheidhmiúil a bheith ann; á mheabhrú gurb é AE an dara cumhacht eacnamaíoch is mó ar domhan agus an chumhacht trádála is mó ar domhan; á chur i bhfios gur uirlis chumhachtach é an margadh aonair nach mór a úsáid chun táirgí nó teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus ciorclacha a fhorbairt a bheidh ina gcaighdeáin amach anseo, rud a chuirfidh ar chumas na saoránach táirgí inacmhainne a cheannach atá sábháilte, sláintiúla agus a ndéantar an pláinéad a urramú leo;

6. á chur i bhfios go láidir gur gá fás a dhíchúpláil go huile agus go hiomlán ó úsáid acmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha meántéarmacha agus fadtéarmacha AE atá bunaithe ar an eolaíocht a mholadh chun laghdú a dhéanamh ar úsáid amhábhar príomhúil agus ar thionchair chomhshaoil; á iarraidh go leagfar síos spriocanna AE trí chur chuige siarghabhálach chun a áirithiú go mbeidh cuspóirí beartais ar chonair inchreidte chun geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, saor ó thocsain agus go hiomlán ciorclach laistigh de theorainneacha pláinéadacha a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha AE a mholadh do 2030 chun laghdú suntasach a dhéanamh ar lorg ábhair agus lorg tomhaltais AE agus iad a thabhairt laistigh de theorainneacha pláinéadacha faoi 2050, agus na táscairí atá le glacadh faoi dheireadh 2021 á n-úsáid mar chuid den chreat faireacháin nuashonraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis na samplaí atá leagtha síos ag na Ballstáit is uaillmhianaí, agus aird chuí á tabhairt ar na difríochtaí idir na pointí tosaigh agus na cumais ó Bhallstát go Ballstát;

8. ag tathant ar an gCoimisiún táscairí comhchuibhithe, inchomparáide agus aonfhoirmeacha ciorclaíochta a thabhairt isteach faoi 2021, táscairí ina mbeidh táscairí lorg ábhair agus táscairí lorg tomhaltais, chomh maith le roinnt fotháscairí maidir le héifeachtúlacht acmhainní agus seirbhísí éiceachórais; ba cheart go ndéanfaí tomhaltas acmhainní agus táirgiúlacht acmhainní a thomhas leis an táscairí sin, agus ba cheart allmhairí agus onnmhairí a áireamh iontu, ar leibhéal an AE, ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an tionscail agus ba cheart go mbeidís comhsheasmhach le measúnú comhchuibhithe saolré agus le modheolaíochtaí cuntasaíochta caipitil nádúrtha; ba cheart iad a chur i bhfeidhm ar fud bheartais, ionstraimí airgeadais agus thionscnaimh rialála an Aontais;

9. á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiún an creat faireacháin don gheilleagar ciorclach a nuashonrú agus a athbhreithniú; ag cur in iúl gurb oth léi nach bhfuil sraith chuimsitheach agus iomlánaíoch táscairí ag gabháil leis an gcreat faireacháin atá ann faoi láthair lenar féidir díchúpláil an fháis eacnamaíoch ó úsáid acmhainní agus tionchar comhshaoil a thomhas; á thabhairt chun suntais gur cheart go gcumhdófaí leis an gcreat faireacháin na táscairí ciorclaíochta thuasluaite agus, sa bhreis air sin, raon iomlán chuspóirí agus ghníomhaíochtaí nithiúla an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach chun ionstraim éifeachtach a sholáthar le haghaidh tomhas a dhéanamh ar chiorclaíocht ar an dul chun cinn a dhéantar i dtreo a chuspóirí a bhaint amach ar bhealach cuimsitheach;

10. á thabhairt chun suntais freisin gur gá tomhas atá láidir ó thaobh na heolaíochta de a dhéanamh chun sineirgí a ghabháil idir an geilleagar ciorclach agus maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear trí thomhais a dhéanamh ar lorg carbóin;

11. á thabhairt chun suntais go bhfuil deiseanna ag gabháil le húsáid bharrfheabhsaithe a bhaint as táirgí agus seirbhísí, chomh maith le bearta lena gcuirtear síneadh le saolréanna agus le húsáid ábhair; sa chomhthéacs sin, á chur i bhfáth go háirithe go bhfuil deiseanna ann réitigh an gheilleagair chiorclaigh agus an digitiú a chomhcheangal; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a fhorbairt chun tacú le samhlacha gnó nua atá inbhuanaithe agus ciorclach, amhail cur chuige táirge mar sheirbhís (PaaS) lena sábháiltear acmhainní agus lena laghdaítear tionchair chomhshaoil agus, ag an am céanna, á iarraidh ar an gCoimisiún na cuir chuige PaaS sin a éascú sa Tionscnamh nua um Tháirgí Inbhuanaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bacainní míchuí rialála agus fioscacha atá ar na cuir chuige sin a bhaint agus forbairt bonneagar a chur chun cinn lena gcumasófar ciorclaíocht agus geilleagar digiteach inbhuanaithe; á mheabhrú go bhfuil tionchair shuntasacha ag an digitiú freisin ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, tionchair amhail éileamh méadaitheach ar fhuinneamh, eastóscadh amhábhar agus giniúint dramhaíola leictreonaí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na dúshláin sin agus aghaidh a thabhairt orthu trí mhodheolaíocht a bhunú chun faireachán agus cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil a bhíonn ag teicneolaíochtaí digiteacha, ag struchtúir agus ag seirbhísí digiteacha lena n-áirítear lárionaid sonraí, agus trí bhearta a mholadh – lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, bearta reachtacha – chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na réiteach digiteach a áirithiú, ar réitigh iad lena gcuirtear éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú astaíochtaí GCT agus úsáid acmhainní agus bunú geilleagair chiorclaigh i gcroílár aistriú digiteach inbhuanaithe;

12. á iarraidh ar an gCoimisiún bearta rialála agus gníomhaíochtaí eile a shainaithint a mbeadh gá leo chun na bacainní riaracháin agus dlíthiúla atá ar gheilleagar ciorclach comhroinnte agus seirbhíse a bhaint agus chun forbairt an gheilleagair sin dhreasú; á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe, féachaint ar réitigh ar dhúshláin amhail saincheisteanna dliteanais agus cearta úinéireachta a bhaineann leis an ngeilleagar comhroinnte agus seirbhíse, agus á chur san áireamh go bhfuil deimhneacht dhlíthiúil fheabhsaithe do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí araon ríthábhachtach chun na coincheapa sin a chumasú; á mholadh go mbreathnódh an Coimisiún ar straitéis Eorpach don gheilleagar comhroinnte agus seirbhíse a fhorbairt, ar straitéis í lena ndéileálfaí leis na ceisteanna sin, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar shaincheisteanna sóisialta;

13. ag leagan béim ar an ngá atá le tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi ar féidir le teicneolaíochtaí na hintleachta saorga tacú le geilleagar ciorclach trína gcur i bhfeidhm a spreagadh i ndearadh, i samhlacha gnó agus i mbonneagar; á chur in iúl a thábhachtaí atá sé caitheamh leis an digitiú mar chumasóir don gheilleagar ciorclach, go háirithe maidir le pasanna táirgí nó faisnéis ábhartha i gcomhthéacs ‘spás sonraí’ uile-Aontais: á chur i bhfáth go mbeidh sé ríthábhachtach inrochtaineacht agus comhroinnt sonraí a fheabhsú, agus comhar gníomhach á áirithiú idir na geallsealbhóirí chun a áirithiú go leanfaidh cineálacha nua cur chuige de bheith cothrom agus cuimsitheach, agus chun príobháideachas agus slándáil sonraí a chosaint.

14. á chur i bhfios go láidir gur gá dreasachtaí eacnamaíocha agus an timpeallacht rialála cheart a chruthú don nuálaíocht i réitigh, ábhair agus samhlacha gnó ciorclacha agus, ag an am céanna, fóirdheontais a shaobhann an margadh agus fóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol a dhíothú, agus á iarraidh go dtacófar leis sin sa straitéis thionsclaíoch nua don Eoraip agus sa Straitéis FBM; ag leagan béim ar an ról sonrach atá ag ceannródaithe, FBManna (fiontair bheaga agus mheánmhéide) agus ag gnólachtaí nuathionscanta san aistriú chuig geilleagar ciorclach; á chur i bhfios go láidir gur féidir buntáiste iomaíoch domhanda a chur ar fáil do chuideachtaí Eorpacha trí thaighde a dhéanamh ar ábhair, próisis, teicneolaíochtaí agus táirgí inbhuanaithe, chomh maith le huas-scálú tionsclaíoch a dhéanamh orthu; ag leagan béim ar an ngá atá le beartais ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta chun tacú leo siúd atá chun tosaigh sa gheilleagar ciorclach agus i samhlacha gnó ciorclacha;

15. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tionscal na hEorpa a bheith rannpháirteach mar gheallsealbhóir san aistriú chuig geilleagar níos ciorclaí; á mheabhrú go bhfuil ról ríthábhachtach ag bearta an gheilleagair chiorclaigh maidir le dícharbónú tionsclaíoch a bhaint amach; á iarraidh go mbeidh cur chuige ciorclachta sa tionsclaíocht, ar gach leibhéal de dhearadh táirgí, foinsiú ábhar, athúsáid agus athchúrsáil táirgí, agus bainistiú dramhaíola, agus ag leagan béim ar an ngá atá le spreagadh a thabhairt d’fhorbairt na margaí tosaigh d’ábhair agus táirgí tionsclaíocha inbhuanaithe;

16. á mholadh do chuideachtaí pleananna aistrithe a ullmhú mar chuid dá dtuairisciú bliantúil ina ndéanfar cur síos ar an gcaoi a bhfuil sé ar intinn acu neodracht aeráide, geilleagar ciorclach agus inbhuanaitheacht a bhaint amach agus cén uair atá sé beartaithe acu é sin a dhéanamh;

17. á iarraidh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt do roghanna lena mbaineann ualaí íosta riaracháin agus á iarraidh orthu neartú a dhéanamh ar fhorbairt comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha maidir le Taighde agus Forbairt lena soláthraítear réitigh shistéamacha iomlánaíocha;

18. á iarraidh ar an gCoimisiún creat rialála a bhunú do dheimhniú gach réitigh dhúlra-bhunaithe agus gach réitigh teicneolaíochta bainte carbóin, lena n-áirítear gabháil, stóráil agus úsáid carbóin (CCSU);

19. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mbithaithris mar luasaire ciorclaitheachta, maidir le réitigh bhithaithriseacha a chur chun cinn lena n-íoslaghdaítear, trí dhearadh, úsáid ábhar, fuinnimh agus comhdhúile tocsaineacha agus lena gcuirtear réitigh inbhuanaithe, athghiniúnacha agus nuálacha ar fáil atá spreagtha ag an dúlra agus ar réitigh iad is infheidhme maidir leis an iliomad earnálacha,

20. á iarraidh go mbeidh leibhéil foirne leordhóthanacha agus buiséad leordhóthanach ann do na seirbhísí de chuid an Choimisiúin a bhfuil sé de chúram orthu a áirithiú go gcuirfear an Plean Gníomhaíochta chun feidhme go rathúil; á chur i bhfáth nach mór go bhfreagródh leithdháileadh acmhainní do thosaíochtaí polaitiúla reatha agus fadtéarmacha araon agus, dá bhrí sin, i gcomhthéacs Mhargadh Glas na hEorpa, ag dréim leis go ndéanfar acmhainní daonna a atreisiú go suntasach, go háirithe in Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil sa Choimisiún;

Creat beartais táirge inbhuanaithe

21. ag leagan béim ar an ngá atá leis an ngeilleagar líneach ‘tóg-déan-diúscair’ a iompú ina gheilleagar fíorchiorclach, bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: laghdú ar úsáid acmhainní agus fuinnimh; luach a choinneáil sa gheilleagar; dramhaíl a chosc; dearadh chun deireadh a chur le diomailt agus le substaintí dochracha agus truailliú; táirgí agus ábhair a choinneáil in úsáid agus i lúba dúnta; sláinte an duine a chosaint; tairbhí do thomhaltóirí a chur chun cinn; agus córais nádúrtha a athghiniúint; ba cheart go mbeadh na cuspóirí sin mar threoir don chreat beartais nua maidir le táirgí inbhuanaithe agus don Straitéis Geilleagair Chiorclaigh ina hiomláine, agus mar threoir don Straitéis Thionsclaíoch; á chur i bhfáth gur gá smaointeoireacht an chórais chiorclaigh inbhuanaithe a chomhtháthú go hiomlán i ngach gníomhaíocht, lena n-áirítear beartais, táirgí, próisis táirgthe agus samhlacha gnó;

22. á chur i bhfios go láidir gur cheart táirgí agus ábhair atá inbhuanaithe, ciorclach, sábháilte agus neamhthocsaineach a bheith ina ngnáthabhair i margadh an Aontais Eorpaigh agus nár cheart nithe eisceachtúla a dhéanamh díobh agus gur cheart féachaint orthu mar an rogha réamhshocraithe, rogha atá tarraingteach, inacmhainne agus inrochtana do na tomhaltóirí uile; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, plean an Choimisiúin tionscnamh reachtach a mholadh maidir le táirgí inbhuanaithe chun prionsabail chothrománacha a leagan síos do bheartas táirgí agus ceanglais cheangailteacha le haghaidh táirgí a chuirtear ar mhargadh AE;

23. ag tacú go láidir le leathnú raon feidhme na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht chun táirgí nach mbaineann le fuinneamh a áireamh agus prionsabail chothrománacha inbhuanaitheachta agus caighdeáin táirgeshonracha a leagan síos maidir le feidhmíocht, marthanacht, athúsáid, indeisitheacht, neamhthocsaineacht, in-uasghrádaitheacht, in-athchúrsáilteacht, ábhar athchúrsáilte, agus éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh i dtáirgí a chuirtear ar mhargadh AE, agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh ina leith sin in 2021; ag an am céanna, á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún a bheith uaillmhianach maidir le héicidhearthóireacht a chur chun feidhme do na táirgí uile a úsáideann fuinneamh faoi raon feidhme reatha na Treorach maidir le hÉicidhearthóireacht, lena n-áirítear i ndáil le gnéithe den gheilleagar ciorclach;

24. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat reachtach comhleanúnach soiléir AE a choinneáil do tháirgí inbhuanaithe agus ag leagan béim ar an ngá atá ann sineirgí le beartais eile a neartú, lena n-áirítear Éicilipéad an AE; á chur i bhfios go láidir, i gcomhthráth le híoschaighdeáin dhlíthiúla maidir le dearadh táirgí, go bhfuil sé tábhachtach dreasachtaí margaidh a chur ar fáil do na cuideachtaí is inbhuanaithe agus do tháirgí agus ábhair inbhuanaithe;

25. á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha lorg ábhair agus lorg comhshaoil a mholadh do shaolré iomlán an táirge le haghaidh gach catagóire táirgí a chuirtear ar mhargadh AE, lena n-áirítear na leaththáirgí is déine ó thaobh carbóin de; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin spriocanna ceangailteacha táirgeshonracha agus/nó earnáilsonracha a mholadh maidir le hábhar athchúrsáilte, agus feidhmíocht agus sábháilteacht na dtáirgí lena mbaineann á n-áirithiú ag an am céanna, agus á iarraidh go ndéanfar iad a dhearadh le haghaidh athchúrsála; ag tathant ar an gCoimisiún dálaí tacaíochta teicneolaíochta, rialála agus margaidh a bhunú chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus chun na hathruithe tionsclaíocha is gá agus na timthriallta infheistíochta i ngach earnáil a chur san áireamh; ag an am céanna, ag tathant ar an gCoimisiún breathnú ar cheanglais éigeantacha chun inbhuanaitheacht seirbhísí a mhéadú;

26. ag tacú leis an bplean pasanna táirgí digiteacha a thabhairt isteach chun cabhrú le cuideachtaí, le tomhaltóirí agus le húdaráis um fhaireachas margaidh, chun súil a choinneáil ar na tionchair aeráide, chomhshaoil, shóisialta agus eile a bhíonn ag táirge ar fud an tslabhra luacha agus chun faisnéis, a bheidh iontaofa, trédhearcach agus a mbeifear in ann í a rochtain go héasca, a sholáthar faoi mharthanacht an táirge agus faoi na féidearthachtaí a ghabhann leis maidir le cothabháil, athúsáid, deisiú agus díchóimeáil agus faoi láimhseáil deiridh ré ina leith, chomh maith lena chomhdhéanamh ó thaobh ábhar agus ceimiceán a úsáidtear agus a dtionchar comhshaoil agus eile; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na roghanna do lipéad i ndáil leis sin; á mheas gur cheart pasanna táirgí a thabhairt isteach ar bhealach lena seachnófaí ualach rialála míchuí ar chuideachtaí, go háirithe FBManna; ag creidiúint gur cheart go mbeidís comhoiriúnach le huirlisí digiteacha eile, amhail an Pas Athchóirithe Foirgneamh atá ar na bacáin agus bunachar sonraí SCIP;

27. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach timthriallta ábhair neamhthocsaineacha agus athchóiritheacha a bhaint amach chun go n-éireoidh leis an ngeilleagar ciorclach agus chun margadh aonair inbhuanaithe a chruthú, agus, ar deireadh thiar, chun timpeallacht atá saor ó thocsainí a áirithiú do shaoránaigh na hEorpa; dá bhrí sin, ag athdhearbhú na seasamh a glacadh ina rún maidir le Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht agus a rún maidir leis an gcomhéadan idir an reachtaíocht ceimicí, táirgí agus dramhaíola, agus á áitiú go ndéanfar gníomhaíochtaí go gasta chun an Straitéis Cheimiceach don Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí a chur chun feidhme;

28. ag leagan béim ar an gceart atá ag tomhaltóirí faisnéis níos beaichte, níos comhchuibhithe agus níos cruinne a fháil faoi na tionchair ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a bhíonn ag táirgí agus seirbhísí feadh a saolré, lena n-áirítear ó thaobh marthanachta agus indeisitheachta de, agus á iarraidh go ndéanfar bearta i gcoinne an ghlas-snasaithe agus i gcoinne na maíomh comhshaoil a bhaineann le táirgí a bhíonn á dtairiscint ar líne agus as líne araon; ag tacú go láidir lena bhfuil ar intinn ag an gCoimisiún maidir le tograí a dhéanamh chun úsáid maíomh glas a rialáil trí mhodhanna ríofa soladacha agus comhchuibhithe a bhunú lena gcumhdófaí an slabhra luacha iomlán, bunaithe ar tháscairí comhchuibhithe agus ar mheasúnuithe saolré amhail loirg chomhshaoil, lena n-áirítear maidir le cosc dramhaíola, úsáid amhábhar, seachaint substaintí díobhálacha, marthanacht agus fad saoil an táirge chomh maith le táirgí a dhearadh chun go mbeidh siad indeisithe agus in-athchúrsáilte; ina theannta sin, á chur i bhfáth gur gá Treoir 2005/29/CE, a leasaíodh le déanaí, a fhorfheidhmiú trí bhearta réamhghníomhacha chun dul i ngleic le maímh ghlasa;

29. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le forbairt uirlisí digiteacha le haghaidh faisnéis do thomhaltóirí chun an tomhaltóir a chumhachtú sa ré dhigiteach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ardáin agus margaí ar líne chun táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe a chur chun cinn agus ag tabhairt dá haire go bhféadfaí faisnéis níos soiléire agus níos sothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí ar na hardáin agus margaí sin maidir le marthanacht agus indeisitheacht na dtáirgí a bhíonn á dtairiscint orthu;

30. á thabhairt chun suntais gur gá Éicilipéad AE a atreisiú mar thagarmharc don inbhuanaitheacht chomhshaoil, trí fheasacht agus aitheantas ina leith a mhéadú sa mhargadh agus i measc tomhaltóirí, trí chaighdeáin chuimsitheacha a leagan síos agus tríd an scéim a leathnú tuilleadh chuig táirgí ábhartha agus úsáid na scéime sa soláthar a éascú;

31. ag tacú leis na tionscnaimh atá beartaithe chun marthanacht agus indeisitheacht táirgí a fheabhsú i gcomhréir le prionsabal an choisc dramhaíola in ord na réiteach dramhaíola, agus cearta tomhaltóirí á neartú i margaí gnólacht le tomhaltóir agus margaí gnólacht le gnólacht araon; dá bhrí sin, á chur in iúl gur díol mór sásaimh di na tionscnaimh atá beartaithe chun ‘ceart chun deisithe’ nua a bhunú, ar cheart go gcuimseofaí leis, ar a laghad, saolré fhadaithe táirgí, rochtain ar pháirteanna spártha agus ar fhaisnéis chuimsitheach agus rochtain ar sheirbhísí deisiúcháin inacmhainne do thomhaltóirí;

32. á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh bearta ann chun rochtain saor in aisce ar fhaisnéis riachtanach faoi dheisiú agus cothabháil a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis faoi pháirteanna spártha agus faoi nuashonruithe bogearraí, do na rannpháirtithe uile sa mhargadh, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar na dianriachtanais maidir le sábháilteacht tomhaltóirí agus gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, agus chun rochtain gan baic éagóracha ar pháirteanna spártha a áirithiú do ghníomhaithe uile na hearnála deisiúcháin, lena n-áirítear deisitheoirí neamhspleácha, agus tomhaltóirí, chun íostréimhsí éigeantacha a shainiú maidir le páirteanna spártha agus/nó nuashonruithe a bheith ar fáil agus uasteorainneacha ama seachadta a shainiú le haghaidh raon leathnaithe catagóirí táirgí, arbh uasteorainneacha iad lena gcuirfí sonraíochtaí na dtáirgí san áireamh, agus chun measúnú a dhéanamh ar conas is féidir deisiú a spreagadh faoin gcóras ráthaíochta dlíthiúla; á chur i bhfáth gur cheart do dhíoltóirí gach rannpháirtí sa mhargadh a chur ar an eolas maidir le hindeisitheacht a chuid táirgí;

33. á iarraidh, chun cinnteoireacht tomhaltóirí a éascú, go mbeadh lipéadú comhchuibhithe ann a bheadh soiléir agus éasca a thuiscint, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm innéacs, maidir le marthanacht táirgí (i.e. maidir le saolré mheasta táirge) agus maidir le hindeisitheacht, agus chun scór deisiúcháin aonfhoirmeach a fhorbairt agus méadair úsáide a thabhairt isteach le haghaidh catagóirí áirithe táirgí; á iarraidh go mbeadh íoscheanglais maidir le faisnéis ann de bhun Threoir 2005/29/AE agus Threoir 2011/83/AE; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus a athbhreithniú ar Threoir (AE) 2019/771 á ullmhú aige, breathnú ar na cearta ráthaíochta dlíthiúla agus na rialacha aisiompaithe dualgais cruthúnais a leathnú chuig roinnt catagóirí táirgí a bhfuil saolré níos faide acu, agus dliteanas díreach táirgeora a thabhairt isteach;

34. á iarraidh go mbeadh bearta reachtacha ann chun stop a chur le cleachtais a mbíonn dífheidhmeacht phleanáilte mar thoradh orthu, trí bhreathnú freisin trí chleachtais den sórt sin a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/AE;

35. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún reachtaíocht a thabhairt isteach lena gcuirfí toirmeasc ar scriosadh earraí marthanacha nár díoladh mura rud é go bhfuil siad ina mbagairt sábháilteachta nó sláinte; á chur i bhfios go láidir gur cheart athchúrsáil, athúsáid agus athdháileadh earraí neamhbhia a bheith mar ghnáthchleachtas agus gur cheart go bhforfheidhmeofaí iad le reachtaíocht;

36. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le borradh a chur faoin margadh inmheánach do tháirgí inbhuanaithe agus á chreidiúint gur cheart don earnáil phoiblí a bheith ar thús cadhnaíochta; ag tabhairt dá haire gur minic fós nach gcuireann údaráis phoiblí i bhfeidhm ach an critéar praghais is ísle mar chritéar dámhachtana, agus na dtairiscintí is fearr le haghaidh earraí, seirbhísí nó oibreacha á roghnú acu; ag tacú le bunchritéir agus spriocanna éigeantacha a bhunú maidir le soláthar poiblí glas sa reachtaíocht earnála;

37. á chur i bhfáth go bhfuil ról ag an Soláthar Poiblí Glas (SPG) i ndlús a chur leis an aistriú i dtreo geilleagar ciorclach agus inbhuanaithe agus go bhfuil sé tábhachtach SPG a chur chun feidhme le linn théarnamh eacnamaíoch AE;

38. ag tathant ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh i ndáil le nósanna imeachta soláthair phoiblí ghlais; á mheas gurb iad táirgí athúsáide, deisithe, athmhonaraithe, athchóirithe agus táirgí eile atá tíosach ar fhuinneamh agus ar acmhainní agus réitigh lena n-íoslaghdaítear tionchair chomhshaoil saolré an rogha réamhshocraithe i ngach soláthar poiblí, i gcomhréir le cuspóirí an Mhargaidh Ghlais don Eoraip, agus mura nglacfar leo mar rogha thosaíochta, ba cheart feidhm a bheith ag an bprionsabal ‘géill nó mínigh’; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún treoirlínte a chur ar fáil chun tacú le soláthar corparáideach inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh oibleagáidí um thuairisciú ar an Coimisiún agus ar na Ballstáit maidir le hinbhuanaitheacht a gcinntí soláthair, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu ag an am céanna.

39. ag leagan béim ar an ngá atá le hardcháilíocht sreafaí bailithe ábhar, athúsáid agus athchúrsáil ábhar a chur chun cinn, chun na hábhair is airde luach a choimeád agus chun lúba ábhair iata atá glan, neamhthocsaineach agus inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá infhaighteacht agus cáilíocht ábhar athchúrsáilte a mhéadú, ag díriú ar an gcumas atá ag ábhar a airíonna bunúsacha a choinneáil i ndiaidh a athchúrsála, agus ar a chumas amhábhair phríomhúla a ionadú i bhfeidhmeanna amach anseo; sa chomhthéacs sin, ag leagan béim ar an ngá atá le spreagadh a thabhairt d’in-athchúrsáilteacht mhéadaithe i ndearadh táirgí agus do bhearta amhail córais éifeachtacha bailithe ar leithligh agus aisíoca earlaise; á iarraidh go mbeadh tacaíocht ann do chruthú saoráidí agus acmhainní athchúrsála, de réir phrionsabal na gaireachta, i gcás nach ann dóibh sin cheana féin;

40. ag tathant an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le forbairt bonneagar bailithe, sórtála agus athúsáide ábhair agus athchúrsála ar ardcháilíocht, agus tacú le taighde ar fhorbairt teicneolaíochtaí nuálacha nua a laghdaíonn úsáid acmhainní agus giniúint dramhaíola iarmharaí, a fheabhsaíonn toradh agus cáilíocht ábhar tánaisteach in-athchúrsáilte agus in-athúsáidte, a dhí-éillíonn ábhair athchúrsáilte, agus a laghdaíonn an lorg comhshaoil foriomlán – lena n-áirítear loirg fuinnimh agus aeráide – i gcomparáid le teicneolaíochtaí eile; á chreidiúint go bhféadfadh athchúrsáil cheimiceach, i gcás ina gcomhlíonann sí na critéir sin, rannchuidiú leis an lúb ábhair i sruthanna dramhaíola áirithe a dhúnadh;

41. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar measúnú críochnúil ar an leibhéal tionsclaíoch ar na tionchair a bhíonn ag próisis agus aschuir na dteicneolaíochtaí nua athchúrsála agus aisghabhála, ó thaobh na sláinte, an chomhshaol agus na aeráide de, sula ndéanfar iad a dhreasú, agus trédhearcacht a ráthú ar feadh na meastóireachta;

42. á mheas gur gá an sainmhíniú ar athchúrsáil cheimiceach a chomhlíonadh de bhun na Treorach Réime Dramhaíola chun a áirithiú nach measfar gur athchúrsáil cheimiceach é ábhair a athphróiseáil ina n-ábhair agus ina substaintí lena n-úsáid mar bhreoslaí; ag tathant ar an gCoimisiún deimhniú dlíthiúil a chur ar fáil i ndáil leis sin;

43. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit teicneolaíochtaí digiteacha a chumasú, amhail blocshlabhra agus comharthaíocht uisce dhigiteach, agus iad a dhéanamh idir-inoibritheach ionas gur féidir leo tacú le forbairt an gheilleagair chiorclaigh trí úsáid acmhainní agus sreabha táirgí a rianú, a lorg agus a mhapáil i rith gach céime den tsaolré;

44. ag cur béim ar a thábhachtaí a bheidh sé an rochtain ar chistí le haghaidh taighde agus tionscadail nuálaíochta maidir leis an ngeilleagar ciorclach a fheabhsú; dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach a dhíriú ar thacaíocht don taighde agus don nuálaíocht i gcás na nithe seo a leanas:

 próisis agus teicneolaíochtaí athchúrsála;

 éifeachtúlacht acmhainní na bpróiseas tionsclaíoch;

 ábhair, táirgí, próisis, teicneolaíochtaí agus seirbhísí nuálacha agus inbhuanaithe, agus iad á bhfás ar scála tionsclaíoch;

 an bithgheilleagar, tríd an nuálaíocht bhithbhunaithe, lena gcuimsítear forbairt ábhar agus táirgí bithbhunaithe;

 satailítí Domhanbhreathnóireachta, mar go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith á imirt acu san fhaireachán ar fhorbairt geilleagair chiorclaigh trí mheastóireacht a dhéanamh ar an mbrú ar ogh-amhábhair agus ar leibhéil na n-astaíochtaí;

45.  ag leagan béim ar an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag ionchuir inbhuanaithe in-athnuaite i bpróisis chiorclacha i dtreo an dícharbónaithe agus ar an gcaoi ina bhféadfar feabhas a chur ar chiorclaíocht shaolré na dtáirgí le húsáid fuinnimh in-athnuaite, agus an t-aistriú fuinnimh á bhrú chun cinn ag an am céanna;

 

 

 

46.  á chur i bhfáth gur cheart córas cuntasaíochta carbóin agus comhshaoil atá láidir agus trédhearcach agus a ghníomhaíonn mar chatalaíoch d’infheistíocht a dhéanamh i dtáirgí agus i bpróisis an gheilleagair chiorclaigh a bheith mar bhonn taca faoi reachtaíocht maidir le “creat beartais táirge inbhuanaithe”;

47. á chur i bhfáth gur gá saolré iomlán táirge, ó chliabhán go huaigh, agus tionchar an fhoinsithe, táirgí leathchríochnaithe, páirteanna spártha agus seachtháirgí ar fud an tslabhra luacha a chur i gcuntas agus caighdeáin táirgí á leagan síos do thionchair aeráide agus chomhshaoil; á mheas go gcaithfear iad seo a bhunú trí phróiseas oscailte, trédhearcach agus eolaíocht-bhunaithe, le rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha; ag spreagadh, sa chomhthéacs sin, modheolaíochtaí coiteanna maidir le measúnú saolré agus bailiú feabhsaithe sonraí a bhunú;

48. á chur i bhfáth go bhfuil caighdeánú ríthábhachtach maidir le beartas táirgí inbhuanaithe a chur chun feidhme trí shainmhínithe, méadracht agus tástálacha iontaofa a sholáthar le haghaidh saintréithe amhail marthanacht agus indeisitheacht;

49. á áitiú go bhforbrófar caighdeáin AE go tráthúil agus i gcomhréir le dálaí fíorúsáide, agus ag an am céanna go seachnófar baic riaracháin, ina mbíonn moill ar chaighdeáin a fhoilsiú mar thoradh orthu, do gheallsealbhóirí lena mbaineann;

50. á mheabhrú teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2016 dar teideal European Standards for the 21st century [Caighdeáin Eorpacha don 21ú aois] agus an obair a rinneadh ar an Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Caighdeánú (JIS); á iarraidh ar an gCoimisiún JIS a neartú tuilleadh agus gníomhaíochtaí agus tionscadail nua a ghlacadh chun feabhas a chur ar fheidhmiú na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú;

51. á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht AE a bhaineann le sábháilteacht táirgí agus ceanglais inbhuanaitheachta ríthábhachtach chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a chuirtear ar an margadh rialacha den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020; á chur in iúl, thairis sin, nach gcomhlíonann líon an-mhór táirgí a cheannaítear ar líne agus a allmhairítear isteach in AE íoscheanglais sábháilteachta AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun a áirithiú go bhfuil táirgí comhlíontach, lena n-áirítear táirgí a dhíoltar ar líne, agus go dtugtar aghaidh ar na rioscaí a bhaineann le táirgí góchumtha do shábháilteacht tomhaltóirí trí fhaireachas margaidh feabhsaithe agus trí chaighdeáin choibhéiseacha rialuithe custaim, agus trí chomhar neartaithe sa réimse sin agus trí bhuiséid agus acmhainní daonna méadaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh maoirseacht AE níos éifeachtaí ann, trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an líon íosta seiceálacha agus maidir lena minicíocht, agus tríd an gCoimisiún a chumhachtú chun faireachán agus iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta faireachais margaidh;

52. á chur i bhfios go láidir gur léiríodh go bhfuil comhaontuithe deonacha neamhéifeachtach maidir le réiteach luchtaithe coiteann agus inbhuanaithe a bhaint amach do threalamh raidió soghluaiste; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún forálacha Threoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió a chur chun feidhme mar ábhar práinne, agus go háirithe, luchtaire coiteann a thabhairt isteach le haghaidh fóin chliste agus gach gléas beag agus meánmhéide leictreonach chun caighdeánú, comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcumas luchtaithe a áirithiú ar an mbealach is fearr, lena n-áirítear luchtú gan sreang, mar chuid de straitéis dhomhanda chun dramhaíl leictreonach a laghdú á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis díchúplála a ullmhú go tráthúil lena n-áiritheofar nach mbeidh sé d’oibleagáid ar thomhaltóirí luchtairí nua a cheannach agus gléasanna nua á gceannach acu chun lamháil do thairbhí comhshaoil, coigiltis ar chostais agus áisiúlacht níos fearr do thomhaltóirí; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé do thomhaltóirí faisnéis iontaofa agus ábhartha a fháil, trí lipéadú comhchuibhithe i bhformáid atá éasca le léamh, faoi ghnéithe ábhartha luchtairí amhail idir-inoibritheacht agus feidhmíocht luchtaithe, lena n-áirítear comhlíonadh USB 3.1 nó níos airde, chun iad a chur ar a gcumas na roghanna is áisiúla, is costéifeachtaí agus is inbhuanaithe a dhéanamh;

53. á chur i bhfáth gur gá le comhleanúnachas beartais ar fud na mbeart atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta agus chun cinnteacht eacnamaíoch agus infheistíochta a chur ar fáil do theicneolaíochtaí, do tháirgí agus do sheirbhísí ciorclacha, rud a chothóidh iomaíochas agus nuálaíocht AE freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar aon neamhréireachtaí nó bacainní rialála nó éiginnteachtaí dlíthiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a chuireann isteach ar úsáid iomlán geilleagair chiorclaigh; á iarraidh go ndéanfar dreasachtaí eacnamaíocha amhail praghsáil CO2, freagracht leathnaithe táirgeora maidir le héiceamhodhnú táillí agus dreasachtaí cánach, chomh maith le dreasachtaí airgeadais eile lena gcuirtear roghanna inbhuanaithe tomhaltóirí chun cinn; á chreidiúint gur cheart go mbeadh na bearta sin, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh geilleagar ciorclach a shainítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht; á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chuspóirí an Gheilleagair Chiorclaigh i reachtaíocht náisiúnta ábhartha uile agus a áirithiú go bhfuil sé ailínithe go hiomlán le cuspóirí agus bearta Straitéis an Gheilleagair Chiorclaigh de chuid AE; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún díriú ar chur chun feidhme na reachtaíochta a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach chun machaire comhréidh a áirithiú do phróisis táirgthe chiorclacha agus do shamhlacha gnó ciorclacha;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: leictreonaic agus TFC

54. ag tacú le Tionscnamh um Leictreonaic Chiorclach, lenar cheart aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh maidir le marthanacht, dearadh ciorclach, láithreacht substaintí guaiseacha agus díobhálacha, ábhar athchúrsáilte, indeisitheacht, rochtain ar pháirteanna spártha, in-uasghrádaitheacht, cosc ar dhramhaíl leictreonach, bailiú, athúsáid agus athchúrsáil; á iarraidh freisin go gcomhtháthófar saincheisteanna a bhaineann le dífheidhmeacht luath lena n-áirítear dífheidhmeacht táirgí de bharr athruithe bogearraí; á iarraidh go ndéanfar an bonneagar athchúrsála do dhramhthrealamh leictreach agus leictreonach in AE a chomhchuibhiú agus a fheabhsú;

55. á chreidiúint nach mór bailiú dramhaíola leictreonaí a dhéanamh i bhfad níos éasca do thomhaltóirí; á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas an Choimisiúin féachaint ar na roghanna atá ann do scéim um thógáil ar ais ar fud AE le haghaidh táirgí TFC agus á chreidiúint gur cheart go gcumhdófaí le scéim den sórt sin an réimse táirgí is leithne agus is féidir; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé scéim um thógáil ar ais den sórt sin, agus aon samhail bhailiúcháin eile, a dhearadh ar bhealach a dhéantar in-athúsáidteacht táirgí TFC a choimirciú agus rochtain ar earraí in-athúsáidte a chur ar fáil d’oibreoirí athúsáide;

56. á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht ag baint le bearta éicidhearthóireachta agus á mheabhrú gur cuireadh beagnach leath den sprioc coigilte éifeachtúlachta fuinnimh a leag AE do 2020 ar fáil leis an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht agus leis an Treoir maidir le Lipéadú Fuinnimh le chéile; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go gcuirfear bailchríoch ghasta ar an obair éicidhearthóireachta atá ann cheana maidir le leictreonaic agus TFC, go háirithe d’fhóin chliste, táibléid, ríomhairí, printéirí (lena n-áirítear cartúis), stáisiúin agus fochórais líonra mhóibíligh agus trealamh líonraithe, chun bearta a mholadh tráth nach déanaí ná 2021;

57. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé patrúin tomhaltais agus táirgthe níos inbhuanaithe a chur chun cinn do threalamh leictreonach agus do TFC, agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí faisnéis a chur ar fáil do thomhaltóirí faoin difear idir nuashonruithe ceartaitheacha agus atá dírithe ar an úsáideoir agus tionchar carbóin an tomhaltais sonraí;

58. á iarraidh go mbunófar scéim deimhniúcháin éigeantach d’athchúrsálaithe dramhaíola leictreonaice chun aisghabháil éifeachtúil ábhair agus cosaint an chomhshaoil a ráthú;

59. á iarraidh ar an gCoimisiún, chomh maith leis an tionscnamh um leictreonaic chiorclach, tionscnamh maidir leis an digitiú ciorclach agus inbhuanaithe, TFC agus plean IS a cheapadh;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: ceallraí agus feithiclí

60. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige straitéiseach, eiticiúil agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de sna creataí reachtacha nua do cheallraí agus d’fheithiclí i gcomhthéacs an aistrithe chuig soghluaisteacht nialasach agus chuig eangacha leictreachais atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite agus gur gá foinsiú inbhuanaithe agus eiticiúil amhábhar, lena n-áirítear amhábhair chriticiúla, a áirithiú; á iarraidh go gcruthófar slabhraí luacha iomaíocha agus athléimneacha le haghaidh táirgeadh, athúsáid agus athchúrsáil ceallraí in AE;

61. á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán nua maidir le ceallraí agus ceallraí caite, agus á mheas gur cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas ar a laghad i gcreat rialála nua AE le haghaidh ceallraí: foinsiú inbhuanaithe, eiticiúil agus sábháilte, éicidhearthóireacht lena n-áirítear bearta chun aghaidh a thabhairt ar ábhar athchúrsáilte, malartú substaintí guaiseacha agus díobhálacha nuair is féidir, bailiú ar leithligh feabhsaithe, athúsáid, athchóiriú, athdhéantúsaíocht, athrú cuspóra agus athchúrsáil - lena n-áirítear spriocanna athchúrsála níos airde, aisghabháil ábhar luachmhar, freagracht leathnaithe táirgeora, agus faisnéis do thomhaltóirí; ba cheart don chreat dul i ngleic leis na tionchair chomhshaoil ar shaolré iomlán, agus forálacha tiomnaithe a bheith ann maidir le ceallraí a bhaineann le soghluaisteacht agus stóráil fuinnimh;

62. á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil AE ag brath go mór ar allmhairiú amhábhar le haghaidh ceallraí a tháirgeadh; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhféadfadh cuid shuntasach den amhábhar is gá le haghaidh ceallraí a tháirgeadh laistigh de AE a bheith ann mar thoradh ar scéimeanna athchúrsála feabhsaithe do cheallraí;

63. á chur in iúl gur cúis imní di tionchar socheacnamaíoch thionscal na mianraí, go háirithe laistigh de thionscal an chóbailt; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna do chreat reachtach inmharthana chun foinsiú eiticiúil ábhar a áirithiú agus reachtaíocht éigeantach maidir le dícheall cuí a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol agus ar chearta an duine laistigh de chomhthéacs idirnáisiúnta;

64. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite; á iarraidh ar an gCoimisiún an treoir maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite a thabhairt cothrom le dáta chun prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a léiriú agus a urramú go hiomlán, lena n-áirítear dearadh chun deireadh a chur le diomailt agus truailliú, in-uasghrádaitheacht, módúlacht, indeisitheacht, in-athúsáideacht, agus in-athchúrsáilteacht na n-ábhar sa leibhéal is airde luacha, agus an chéad tosaíocht a thabhairt d’athúsáid: á iarraidh ar an gCoimisiún obair a dhéanamh chun slabhraí éifeachtacha athúsáide a áirithiú, le monaróirí gluaisteán agus le scéimeanna dliteanais leathnaithe táirgeora; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an tuairisciú a dhéantar ar fheithiclí a bhfuil a ré caite, trí bhunachar sonraí Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú, neartú agus maoirsiú a dhéanamh ar an prionsabal nach mór díchóimeáil gluaisteáin agus athúsáid na bpáirteanna a dhéanamh i gcónaí sula ndéanfar gluaisteán a bhriseadh agus a stialladh;

65. á chur i bhfios go láidir gur gá tuilleadh taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn maidir le próisis agus teicneolaíochtaí athchúrsála faoi Fhís Eorpach chun acmhainneacht gheilleagar ciorclach na gceallraí a mhéadú; ag aithint ról FBManna sna hearnálacha bailithe agus athchúrsála;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: pacáistíocht

66. ag athdhearbhú an chuspóra go ndéanfar gach pacáistíocht in-athúsáide nó in-athchúrsáilte ar bhealach inmharthana go heacnamaíoch faoi 2030 agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh gan mhoill, lena n-áirítear bearta agus spriocanna um laghdú dramhaíola agus ceanglais bhunriachtanacha uaillmhianacha sa Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht chun pacáistíocht iomarcach a laghdú, lena n-áirítear sa tráchtáil leictreonach, in-athchúrsáilteacht a fheabhsú agus castacht na pacáistíochta a íoslaghdú, ábhar athchúrsáilte a mhéadú, substaintí guaiseacha agus díobhálacha a chéimniú amach, agus athúsáid a chur chun cinn; á chur i bhfáth nár cheart caighdeáin sábháilteachta bia ná sláinteachais a chur i mbaol; á iarraidh go ndíreoidh na bearta sin ar na torthaí foriomlána is fearr ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola agus ar lorg ísealcharbóin;

67. á iarraidh ar an tionscal, agus béim á leagan aici ar ról bunriachtanach na pacáistíochta do shábháilteacht táirgí, go háirithe sábháilteacht bia, agus sláinteachas, chomh maith le dramhaíl bia a laghdú, bearta rialála a chomhlánú le gníomhaíochtaí deonacha breise chun pacáistíocht neamhriachtanach a sheachaint tuilleadh agus méid na pacáistíochta a chuirtear ar an margadh a laghdú go suntasach, chun réitigh phacáistíochta atá níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, níos ciorclaí agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid a fhorbairt amhail formáidí pacáistíochta comhchuibhithe agus pacáistíocht a fhéadfar a athúsáid agus athlíonadh, agus chun úsáid pacáistíochta iompair in-athúsáidte a éascú; ag spreagadh tionscnamh amhail Comhghuaillíocht na bPlaisteach Ciorclach agus an Comhshocrú Eorpach maidir le Plaistigh;

68. á athdhearbhú go gcruthaíonn athchúrsáil ardcháilíochta éileamh margaidh iarbhír ar ábhar athchúrsáilte agus go bhfuil sí ar cheann de phríomhthosca an fheachtais chun méid iomlán na pacáistíochta atá á bailiú, á sórtáil agus á hathchúrsáil a mhéadú, á iarraidh go mbainfear úsáid as trealamh sórtála agus teicneolaíochtaí um scaradh atá nua-aimseartha agus éifeachtúil in éineacht le héicidhearthóireacht pacáistíochta níos fearr, lena n-áirítear an gá atá le réitigh phacáistíochta a athdhearadh bunaithe ar chritéir fheabhsaithe maidir le measúnú saolré;

69. á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar chineálacha éagsúla pacáistíochta a úsáidtear sa tráchtáil leictreonach chun na dea-chleachtais a chinneadh maidir le pacáistíocht a bharrfheabhsú chun an róphacáistiú a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hathúsáid na n-ábhar pacáistíochta chun roinnt míreanna a thabhairt mar rogha mhalartach ar ábhair pacáistíochta aon úsáide;

70. á chur i bhfáth go bhféadfadh ról ollmhór a bheith ag bulcdhíolacháin ó thaobh úsáid phacáistíochta a laghdú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an cineál birt sin a spreagadh agus sábháilteacht bia agus sláinteachas á n-áirithiú ag an am céanna;

71. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról bunriachtanach ag cistí agus cláir nuálaíochta i gcás nuálaíochtaí maidir le hábhair a laghdú agus nuálaíochtaí athchúrsála;

72. ag aithint an fháis atá tagtha ar dhíolacháin ar líne, le méadú ar sheachadtaí beartán; ag tathant ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun cinntiú go bhfuil díoltóirí uile ar líne, gan beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe, ag comhlíonadh na gceanglas bunriachtanach agus go bhfuil siad freagrach do na córais freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR), agus ag rannchuidiú leo ó thaobh airgeadais de, i mBallstáit AE ina gcuirtear na táirgí ar an margadh;

73. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le bailiú agus sórtáil ar leithligh na dramhaíola ó phacáistíocht mar a chumhdaítear i dTreoir (AE) 2018/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 94/62/CE maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht agus a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit í a thrasuí go tráthúil; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras sainaitheantais d’ábhair phacáistíochta (Cinneadh 97/129/CE) chun bailiú ar leithligh a éascú do shaoránaigh de réir in-athchúrsáilteacht na pacáistíochta;

74. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le scéimeanna náisiúnta comhoiriúnacha aisíoca éarlaise agus féachaint an bhféadfaí an ráta bailithe is gá de 90 % de choimeádáin dí phlaisteacha a bhaint amach agus é mar chéim i dtreo margadh aonair a bhunú le haghaidh pacáistíochta, go háirithe do na Ballstáit chomharsanachta; D’fhéadfaí scéimeanna comhoiriúnacha a bhaint amach trí shrathú agus trí lipéadú códaithe agus aontaithe. Mura bhfuil scéim i bhfeidhm ag Ballstát, nó mura bhfuil sé beartaithe ag Ballstát a scéim a athdhearadh, ba cheart iad a spreagadh chun scéim a roghnú, trí bhíthin dea-chleachtas agus fianaise eolaíoch ábhartha, atá comhchosúil nó comhoiriúnach le scéim Ballstát eile;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: plaistigh

75. ag tathant ar an gCoimisiún leanúint den Straitéis Eorpach maidir le hÁbhar Plaisteach i nGeilleagar Ciorclach a chur chun feidhme, go háirithe ó thaobh dearadh, samhlacha gnó ciorclacha agus táirgí nuálacha níos fearr agus cur chuige táirge mar sheirbhís lena soláthraítear patrúin tomhaltais níos inbhuanaithe a chur chun cinn;

76. á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic le plaistigh, lena n-áirítear micreaphlaistigh, ar bhealach cuimsitheach; ag tathant ar an gCoimisiún micreaphlaistigh a chuirtear d’aon ghnó le táirgí a chéimniú amach go coitianta agus scaoileadh neamhbheartaithe na micreaphlaisteach uile ag an bhfoinse a laghdú, trí bhearta rialála éigeantacha nua, lena n-áirítear, mar shampla, ó bhoinn, ó theicstílí, ó mhóin shaorga agus ó tháirgeadh millíní plaisteacha; á chur i bhfáth gur gá na bearnaí san eolas eolaíoch maidir le micreaphlaistigh agus nanaphlaistigh a dhúnadh agus forbairt roghanna malartacha níos sábháilte agus margaí iomaíocha ina bhfuil táirgí saor ó mhicreaphlaistigh a chothú; á áitiú, ag an am céanna, go bhfuil práinn le gníomhaíochtaí gearrthéarmacha a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gur díghrádú macraphlaisteach sa chomhshaol is cúis leis an sciar is mó den truailliú micreaphlaisteach agus ag treisiú gur cheart bearta sonracha a dhíriú ar tháirgí plaisteacha amhail ceanglais éicidhearthóireachta le linn chéim an táirgthe chun cosc a chur ar scaoileadh micreaphlaisteach tánaisteach sa chomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar fhoinsí, dáileadh, cinniúint agus éifeachtaí macraphlaisteach agus micreaphlaisteach araon i gcomhthéacs na cóireála fuíolluisce agus an bhainistithe uisce báistí; á mheabhrú go dtagann 80 % den bhruscar muirí ón talamh agus ag tathant ar na Ballstáit gníomhú maidir le teophointí bruscair mhuirí in aibhneacha agus in inbhir;

77. á thabhairt chun suntais, i gcás táirgí aonúsáide a bheith ina n-ualach suntasach ar an gcomhshaol agus ar acmhainní, gur cheart táirgí in-athúsáidte a chur in ionad táirgí aonúsáide i gcás ina bhfuil roghanna malartacha in-athúsáidte agus/nó marthanacha ann, ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, gan sláinteachas bia ná sábháilteacht bia a chur i mbaol; i ndáil leis sin, á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhearta reachtacha a dhéanamh, lena n-áirítear an Treoir maidir le Plaistigh Aonúsáide a leathnú i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Treoir sin; á iarraidh ar an gCoimisiún obair a dhéanamh chun caighdeáin a fhorbairt maidir le pacáistíocht in-athúsáidte agus ionadaigh le haghaidh pacáistíocht, gréithe agus sceanra aonúsáide;

78. ag aithint go bhféadfadh ról a bheith ag plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe sa gheilleagar ciorclach, ach ag tabhairt rabhaidh nach mbeidh plaistigh bhithbhunaithe agus/nó in-bhithdhíghrádaithe amháin ina réiteach ar na hábhair imní comhshaoil a bhaineann le plaistigh, á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé feasacht a mhúscailt maidir le húsáid chuí plaisteach bithbhunaithe agus in-bhithdhíghrádaithe;

79. ag spreagadh go ndéanfaí caighdeáin dhomhanda shoiléire d’ábhair, do tháirgí, do dhearadh, d’athchúrsáil a mholadh;

80. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat comhsheasmhach trédhearcachta agus oibleagáidí tuairiscithe a chruthú do gach gníomhaí sa slabhra luacha maidir le táirgeadh, trádáil, úsáid agus bainistiú deireadh ré plaisteach;

81. ag tathant ar an gCoimisiún scéimeanna EPR a fhorbairt ina mbeidh táirgeoirí freagrach as deireadh ré táirgí plaisteacha;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: teicstílí

82. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá straitéis chuimsitheach nua AE do theicstílí chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht, mar aon le hinrianaitheacht agus trédhearcacht in earnáil teicstíle agus éadaigh AE, a chur chun cinn agus nádúr domhanda na slabhraí luacha agus an ghné a bhaineann le ‘mearfhaisean’ á gcur san áireamh; á iarraidh go ndéanfaidh an straitéis tacar comhleanúnach d’ionstraimí beartais a thíolacadh agus tacaíocht a thabhairt do shamhlacha nua gnó chun aghaidh a thabhairt ar raon iomlán na dtionchar comhshaoil agus sóisialta ar fud an tslabhra luacha agus chun feabhas a chur ar dhearadh teicstílí chun marthanacht, in-athúsáidteacht agus in-athchúrsáilteacht mheicniúil agus úsáid snáithíní ardcháilíochta a mhéadú, go háirithe trí theaglaim ceanglas maidir le cineál éicidhearthóireachta, scéimeanna freagrachta táirgeora, agus scéimeanna lipéadaithe;

83. á chur in iúl gur díol sásaimh di cur i bhfeidhm an chreata nua beartais táirgí maidir le teicstílí, agus á chur i bhfáth nach mór dó tosaíocht a thabhairt do chosc dramhaíola agus do mharthanacht, d’in-athúsáidteacht agus d’indeisitheacht chomh maith le dul i ngleic le ceimiceáin ghuaiseacha agus dhíobhálacha i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola; á iarraidh go ndéanfar bearta do chéim an deartha agus an táirgthe i gcoinne caillteanas micrea-shnáithín shintéisigh, agus bearta eile amhail réamhníochán tionsclaíoch rialaithe coisctheach agus neamhthruaillithe agus caighdeáin le haghaidh meaisíní nua níocháin a fheistiú le scagairí micrea-shnáithín a fhorbairt; á iarraidh go mbeidh critéir shonracha deiridh dramhaíola ar fud AE maidir le teicstílí;

84. á iarraidh go mbeidh cur i bhfeidhm an chreata nua beartais táirgí maidir le teicstílí comhleanúnach le hionstraimí beartais eile, eadhon an togra atá ar na bacáin le haghaidh reachtaíocht AE maidir le Cearta an Duine agus Dícheall Cuí Comhshaoil, chun a áirithiú go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna maidir le cearta oibrithe, cearta an duine agus comhionannas inscne ag gach céim den slabhra luacha teicstíle.

Slabhraí luacha príomhtháirgí: foirgníocht agus foirgnimh

85. á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh an ‘Rabharta Athchóirithe’ a chur chun feidhme go hiomlán i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, agus éagsúlacht na hearnála á cur san áireamh ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais chothrománacha agus táirgeshonracha a leagan síos; ag cur béim ar an acmhainneacht atá ann do ghás ceaptha teasa a laghdú agus do shochair chomhshaoil trí shíneadh a chur le saolré foirgneamh seachas iad a scartáil; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar spriocanna laghdaithe a leagan síos do lorg carbóin agus lorg ábhair fhoirgnimh AE agus an creat Leibhéil/Leibhéal maidir le foirgnimh inbhuanaithe a chur i bhfeidhm mar chreat ceangailteach le haghaidh feidhmíocht tógála; á chreidiúint gur gá íoscheanglais dhlíthiúla maidir le feidhmíocht chomhshaoil foirgneamh a áireamh chun éifeachtúlacht acmhainní agus feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú;

86. á mheabhrú an oibleagáid atá ar an gCoimisiún faoin Treoir Réime Dramhaíola breathnú ar athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna aisghabhála ábhair a leagtar amach i reachtaíocht AE maidir le dramhaíl foirgníochta agus scartála agus a codáin ábhar-shonracha agus á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí leis sin sprioc aisghabhála ábhair le haghaidh ithreacha tochailte; ag moladh go n-áireofaí spriocanna athúsáide agus athchúrsála agus úsáid amhábhar tánaisteach i bhfeidhmeanna foirgníochta agus iad a dhéanamh inrianaithe ar bhealach níos éasca ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta a athbhreithniú agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra maidir le Straitéis le haghaidh Timpeallacht Thógtha Inbhuanaithe in 2021; á chreidiúint go lamhálfaí d’feidhmíocht fuinnimh foirgneamh níos fearr agus do chiorclaíocht níos fearr in earnáil na foirgníochta trí réitigh dhigiteacha a ghlacadh sa timpeallacht thógtha, amhail dramhaíl a rianú;

87. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé beartais a chur ar bun maidir le pleanáil tógála ardcháilíochta lena ndírítear ar athchóiriú, ar athoiriúnú agus ar úsáid leanúnach foirgneamh, i gcás inar féidir sin a dhéanamh, seachas ar fhoirgnimh nua;

88. á thabhairt chun suntais, ós rud é go bhfuil 90 % de thimpeallacht thógtha 2050 ann cheana, gur cheart ceanglais speisialta a leagan síos don earnáil athchóirithe chun go mbeidh foirgnimh go hiomlán modúlach, inoiriúnaithe d’úsáidí éagsúla agus dearfach ó thaobh fuinnimh de faoi 2050; lena n-áirítear athchóirithe doimhne, táirgeadh ar an láthair, agus in-athúsáidteacht;

Slabhraí luacha príomhtháirgí: bia, uisce agus cothaithigh

89. ag tathant ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh chun an sprioc maidir le cur amú bia a laghdú faoina leath faoi 2030 a chur chun feidhme i gcomhréir leis na gealltanais faoin Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus a bheith bunaithe ar shonraí arna dtuairisciú na Ballstáit i gcomhréir leis an Treoir Réime Dramhaíola; á iarraidh ar an gCoimisiún an cosc ar chaillteanas bia agus ar chur amú bia feadh an tslabhra luacha bia ina iomláine a chomhtháthú i mbeartais ábhartha AE, mar a leagtar amach sa Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus á mheabhrú gur cheart na bearta sin a bheith i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola; á iarraidh ar na Ballstáit bearta cuimsitheacha a dhéanamh chun srian suntasach a chur le cur amú bia agus chun deonú bia a spreagadh;

90. á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun lúb na gcothaitheach talmhaíochta a iamh, spleáchas na hEorpa ar allmhairiú próitéiní glasraí le haghaidh beatha ainmhithe a laghdú agus cur leis an úsáid a bhaintear as aoileach ainmhithe athchúrsáilte agus as cothaithigh orgánacha eile, amhail múirín agus díleáiteán, in ionad leasachán sintéiseach agus ardleibhéal cosanta don tsláinte agus don chomhshaol agus d’éiceachórais á áirithiú ag an am céanna;

91. á iarraidh go mbeidh geilleagar ciorclach bunaithe ar chreat rialála atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de chun éifeachtaí diúltacha tocsaineacha a d’fhéadfadh a bheith ar éiceachórais uisceacha a sheachaint; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Rialachán a glacadh le déanaí maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce agus an t-athbhreithniú ar an treoir maidir le huisce óil agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go hiomlán iad; á iarraidh ar an gCoimisiún an nasc idir uisce agus fuinneamh a chomhtháthú go hiomlán i mbeartais Eorpacha agus á mheabhrú go mbraitheann cáilíocht na n-acmhainní uisce agus an rochtain atá orthu ar chur chun feidhme maith de rialú ag an bhfoinse agus ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; ag tacú le cur chuige ciorclach i gcóireáil agus i mbainistiú fuíolluisce d’fhonn aisghabháil fuíolluisce uirbigh a chothú; á thabhairt chun suntais gur féidir acmhainní a aisghabháil ó fhuíolluisce, ó cheallalós trí bhíthin bithphlaisteach go cothaithigh, go fuinneamh agus go uisce, agus trí leanúint d’anailís a dhéanamh ar roghanna athúsáide a d’fhéadfadh a bheith ann agus tomhaltas fuinnimh agus uisce a laghdú ag an am céanna; ag tacú leis an athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta reachtacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtúlacht uisce i bhfoirgnimh;

92. á chur i bhfáth gur féidir le méadú ar an rochtain atá ag gach duine laistigh den Aontas Eorpach ar uisce feabhas suntasach a chur ar chiorclaíocht agus spleáchas ar uisce pacáistithe a laghdú; á iarraidh go ndéanfar na forálacha i ndáil le rochtain ar uisce atá sa treoir maidir le huisce óil a chur chun feidhme go hiomlán;

93. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ról na dtáirgí bithbhunaithe inbhuanaithe, go háirithe bithdhramhaíl a aisghabháil ar bhealach níos fearr agus úsáid na n-iarmhar agus na seachtháirgí, san aistriú chuig geilleagar atá ciorclach agus neodrach ó thaobh na haeráide de;

94. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh sé mar aidhm le bailiú ar leithligh bithdhramhaíola, mar a tugadh isteach leis an Treoir Réime Dramhaíola, múirín ardcháilíochta a tháirgeadh chun tacú le feabhas a chur ar ithir, le ceimiceáin neamhghuaiseacha, le táirgí eile agus le fuinneamh inathnuaite, i gcás inarb indéanta agus chun tairbhe an chomhshaoil;

95. ag cur béim ar an acmhainneacht a bhaineann le bithgheilleagar inbhuanaithe agus le hearnáil foraoisbhunaithe inbhuanaithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Straitéisí Bithgheilleagair agus Bithéagsúlachta AE a chur chun feidhme chun feabhas a chur ar chiorclaíocht trí ábhair bhithbhunaithe inathnuaite a chur in ionad ábhair iontaise, i gcás ina mbeidh sé sin chun tairbhe don chomhshaol agus inbhuanaithe, lena n-áirítear don bhithéagsúlacht, agus éileamh méadaitheach bithábhar iontaise á chur san áireamh;

Níos lú dramhaíola, níos mó luacha

96. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tosaíocht a thabhairt do chosc dramhaíola ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola atá ag AE, i mbeartas táirgí agus i mbeartas dramhaíola araon; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna ceangailteacha a mholadh le haghaidh laghdú foriomlán dramhaíola agus le haghaidh laghdú dramhaíola i sruthanna sonracha dramhaíola agus i ngrúpaí táirgí, chomh maith le spriocanna chun srian a chur le giniúint dramhaíola iarmharaí, san athbhreithniú ar an Treoir Réime Dramhaíola agus ar an Treoir maidir le Líonadh Talún atá beartaithe do 2024; á mheas gur cheart spriocanna maidir le hullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála a bheith scartha chun tosaíocht in ord na réiteach dramhaíola a thabhairt d’ullmhú le haghaidh athúsáide;

97. á chur in iúl gur cúis imní di cur chun feidhme neamhionann spriocanna dramhaíola AE sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit go léir na spriocanna dramhaíola atá ann faoi láthair agus spriocanna dramhaíola de phacáiste 2018 maidir le Dramhaíl a chur chun feidhme go héifeachtach agus ina n-iomláine, agus ag tathant ar na Ballstáit go léir reachtaíocht 2018 a thrasuí go hiomlán gan tuilleadh moille;

98. á chreidiúint go bhfuil praghsanna neamhiomaíocha, easpa amhábhar tánaisteach ardcháilíochta agus na margaí lena mbaineann i measc na bpríomhbhacainní ar gheilleagar ciorclach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhearta chun amhábhair thánaisteacha a dhéanamh níos iomaíche agus go rannchuideoidh siad le comhshaol saor ó thocsainí ag an am céanna;

99. á mheas gur comhpháirtí láidir í an earnáil phríobháideach chun an t-éileamh agus spéis tomhaltóirí i réitigh agus i dtáirgí ciorclacha a mhéadú, agus ag tathant ar na Ballstáit tacú le cuideachtaí a bhfuil samhlacha gnó, seirbhísí nó táirgí acu lena laghdaítear úsáid dramhaíola agus úsáid acmhainní, agus úsáid a bhaint as a gcuid seirbhísí;

100. ag tacú go láidir leis an uaillmhian margadh dea-fheidhmiúil AE a bhunú le haghaidh amhábhair thánaisteacha ardcháilíochta neamhthocsaineacha – gan dochar d’fhorálacha na Treorach Réime Dramhaíola agus an Rialacháin maidir le Loingsiú Dramhaíola – agus á chur i bhfios go láidir go mbeidh comhchaighdeáin cháilíochta ag teastáil chuige sin; á mheabhrú go bhfuil an fhéidearthacht ag na Ballstáit seachtháirgí náisiúnta agus critéir deiridh dramhaíola a shainiú agus á iarraidh ar an gCoimisiún critéir chomhchuibhithe Eorpacha deiridh dramhaíola a mholadh le haghaidh príomhshruthanna dramhaíola i gcomhréir leis an Treoir Réime Dramhaíola, chun deireadh a chur le bacainní margaidh agus aisghabháil ábhair ardcháilíochta a áirithiú; ag cáineadh nár shainigh an Coimisiún critéir shonracha AE maidir le páipéar, boinn agus teicstílí, mar a ceanglaíodh leis an Treoir Réime Dramhaíola;

101. á iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar na rialacha maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíola d’aisghabháil idir Ballstáit AE agus machnamh a dhéanamh ar na rialacha a oiriúnú chun a soiléire agus a shothuigtheacht a mhéadú, bacainní riaracháin a bhaint agus ag an am céanna éifeachtacht na reachtaíochta maidir le cosaint shláinte an duine agus an chomhshaoil a choinneáil, agus a gcur chun feidhme ar fud Bhallstáit AE a chomhchuibhiú, lena n-áirítear trí chóras leictreonach aonair de chuid AE a bhunú chun loingsithe dramhaíola a thaifeadadh;

102. ag tacú leis an obair leanúnach atá á déanamh ag an gCoimisiún chun cóireáil iomchuí ar dhramh-olaí a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar a shainítear i dTreoir 2008/98 CE, togra reachtach a thíolacadh faoi 2022 ina mbeidh bearta breise chun athghiniúint dramh-olaí a chur chun cinn, lena n-áirítear spriocanna cainníochtúla a thabhairt isteach;

103. á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit uile a áirithiú, faoin 31 Nollaig 2023, go ndéanfar bithdhramhaíl a scaradh nó a athchúrsáil ag an bhfoinse, nó go mbaileofar í ar leithligh agus nach meascfar í le cineálacha eile dramhaíola; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíochtaí a dhíriú chun bailiú agus múiríniú dramhaíola orgánaí a mhéadú;

104. á mheabhrú na spriocanna dramhaíola AE atá ann agus á chur i bhfios go láidir nach mór do AE agus do na Ballstáit cosc agus ullmhúchán le haghaidh athúsáide a neartú, athchúrsáil ardcháilíochta a mhéadú agus imeacht ó dhramhaíl líonadh talún, agus loscadh á íoslaghdú ag an am céanna, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige coiteann uile-Aontais a shainiú chun dramhaíl chathrach iarmharach nach féidir athchúrsáil a dhéanamh uirthi a bhainistiú chun a cóireáil bharrmhaith a áirithiú agus chun ró-acmhainn loiscthe dramhaíola a sheachaint ar leibhéal AE, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le héifeachtaí glasála agus bac a chur ar fhorbairt an gheilleagair chiorclaigh; á mheas, i gcás ina mbaintear úsáid as loscadh, gur cheart é sin a dhéanamh sna saoráidí aisghabhála fuinnimh is mó dul chun cinn a bhfuil éifeachtúlacht fuinnimh ard agus astaíochtaí ísle laistigh de AE acu;

105. á chur i bhfios go láidir gur réamhriachtanas é dramhaíl a bhailiú ar leithligh chun athchúrsáil ardcháilíochta a dhéanamh agus chun ábhair agus táirgí luachmhara a choinneáil sa lúb athchúrsála; ag tacú leis na pleananna atá ag an gCoimisiún bearta a mholadh chun na córais bailithe ar leithligh atá ann cheana a fheabhsú agus a chomhchuibhiú, lenar cheart na dea-chleachtais sna Ballstáit a mheas agus dálaí réigiúnacha agus áitiúla éagsúla á gcur san áireamh, agus níor cheart go mbeadh tionchar díobhálach acu ar na córais dhea-fheidhmiúla atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme cuí na bhforálacha a leagtar síos sa Treoir Réime Dramhaíola a áirithiú;

106. á chur i bhfáth gur gá straitéisí agus beartais dramhaíola maidir le sonraí agus modheolaíochtaí láidre eolaíocha a fhorbairt, lena gcuirtear feabhas ar iontaofacht agus inchomparáideacht staidreamh AE; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, staidreamh dramhaíola a chomhchuibhiú tuilleadh, agus na sonraí maidir le hábhair agus dramhaíl athchúrsáilte a bhailiú ó thaobh an trí ní seo a leanas: bailiú, pointe iontrála go dtí an tsaoráid athchúrsála, agus méid athúsáide éifeachtaí d’ábhair athchúrsáilte;

107. á chur in iúl gurb oth léi easpa fócais na Treorach maidir le Líonadh Talún i ndáil le cosc agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfar í a ailíniú le prionsabail uileghabhálacha CEAP agus go ndéanfar an sprioc um líonadh talún de 10 % a leagan síos maidir le bliain bhonnlíne agus cileagram dramhaíola in aghaidh an duine in aghaidh na bliana chun atreorú ó líonadh talún go loscadh dramhaíola a chosc.

108. á mheabhrú gur príomhghné í an tsiombóis thionsclaíoch chun an geilleagar ciorclach a bhaint amach trí líonraí idirnasctha a chur chun cinn ina mbeidh dramhaíl tionscail ina hamhábhar de dhramhaíl tionscail eile agus go bhféadfaidh fuinneamh agus ábhar dul timpeall i dtimthriall ar bhonn leanúnach, agus acmhainní á gcoinneáil in úsáid tháirgiúil chomh fada agus is féidir; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar níos mó iarrachtaí chun siombóis thionsclaíoch a mhéadú ar leibhéal AE agus chun an slabhra luacha tionsclaíoch a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos iomaíche;

109. á thabhairt chun suntais, chun siombóis thionsclaíoch a fhorbairt, go mbeadh gá le críocha tuiscint níos fearr a bheith acu ar a sreabhadh áitiúil acmhainní agus é a bhainistiú níos fearr chun go mbeidh siad in ann straitéisí nua don phleanáil spásúlachta a chur chun feidhme i gcomhar le tionscail, geallsealbhóirí, riarachán áitiúil agus saoránaigh, ag tathant ar na Ballstáit a chur de cheangal ar rialtais áitiúla agus réigiúnacha deiseanna chun siombóis thionsclaíocha a shainaithint trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a mhapáil go críochnúil agus anailís éigeantach a dhéanamh ar shreabhadh acmhainní,

110. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé airteagal 8a(1) de Threoir Réime Dramhaíola, ina sonraítear go soiléir go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit freagrachtaí agus róil a shainiú go beacht d’Eagraíochtaí um Fhreagracht Táirgeoirí, a chur chun feidhme;

111. á mholadh go dtacaítear le forbairt slabhraí luacha áitiúla atá bunaithe ar bhithdhramhaíl a athchúrsáil chun fuinneamh inathnuaite a ghiniúint, amhail bithmheatán, chun naisc níos dlúithe a chruthú idir pobail tuaithe agus uirbeacha agus ord na réiteach dramhaíola á chur chun feidhme go hiomlán ag an am céanna;

112. á thabhairt chun suntais gur gá ciorclaíocht táirgí agus déine acmhainní a chur a áireamh i sásraí coigeartaithe trasteorann;

An geilleagar ciorclach a thabhairt i gcrích do dhaoine aonair, do chathracha agus do réigiúin

113. ag aithint go bhfuil ról tábhachtach ag rialtais réigiúnacha, údaráis áitiúla, pobail áitiúla agus FBManna sa gheilleagar ciorclach, i mbainistiú dramhaíola agus i gcur chun feidhme na mbeart a áirítear sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach á iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le moil chiorclaíochta a bhunú agus le comhar na mol ciorclaíochta i réigiúin Eorpacha uile, i mbraislí tionsclaíocha agus i bpobail áitiúla de mheon ‘Bauhaus Nua Eorpach’ atá beartaithe, lena gcuirtear tacaíocht ar fáil d’fhorbairt samhlacha ciorclacha maidir le dearadh, soláthar agus bainistiú dramhaíola;

114. ag tacú leis an smaoineamh an Clár Oibre Scileanna don gheilleagar ciorclach a thabhairt cothrom le dáta agus á iarraidh ar an gCoimisiún an Clár Oibre sin a chur in oiriúint do riachtanais shonracha fostaíochta, lena n-áirítear riachtanais oideachais agus oiliúna chomh maith le poist nua a bhfuil gá leo san aistriú chuig geilleagar ciorclach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach nasctha le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gceart sóisialta agus na straitéise maidir le comhionannas inscne agus aistriú cóir a áirithiú; ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag na comhpháirtithe sóisialta i ngnéithe sóisialta agus a bhaineann le hobair den aistriú chuig geilleagar ciorclach;

115. ag cur béim ar an bpríomhról atá ag tomhaltóirí i ndáil le dramhaíl a chosc agus a bhainistiú agus ar an ngá atá le rannpháirtíocht na saoránach a éascú i mbailiú dramhaíola ar leithligh; a athdhearbhú a thábhachtaí atá sé do na Ballstáit agus do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla feasacht a mhúscailt i measc an phobail maidir le tomhaltas inbhuanaithe, lena n-áirítear samhlacha tomhaltais atá bunaithe ar athúsáid, ar chíos nó ar chomhroinnt, agus maidir le dramhaíl a chosc agus dramhaíl a shórtáil agus a dhiúscairt ar bhealach éifeachtúil;

116. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh prionsabail an gheilleagair chiorclaigh leabaithe i ngach cleachtas, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt i ndáil le hiarrachtaí éagsúla maidir le geilleagar ciorclach ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil in AE;

117. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an comhar idir rialtais, údaráis áitiúla, an saol acadúil agus gnólachtaí, lena n-áirítear táirgeoirí agus ceannaitheoirí araon, chun gníomhaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh agus a mhéadú; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an comhar sin a leathnú chuig geallsealbhóirí eile, amhail fiontair shóisialta, gnólachtaí nuathionscanta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha;

118. ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht shuntasach ag earnáil na seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála deiseanna fostaíochta a chruthú, agus nach mór tacú lena forbairt agus í a chur chun cinn, go háirithe tionscnaimh deisiúcháin áitiúla agus phobail, comharchumainn agus fiontair shóisialta;

119. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Gabháil, Stóráil agus Úsáid Carbóin (CCS/U) chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, lena dtacaítear leis an ngeilleagar ciorclach, le forbairt na gcóras gabhála CO2, agus le hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide; ag tacú le comhthéacs beartais comhtháite agus córas dreasachta chun spreagadh a thabhairt d’úsáid feidhmeanna CCS/U atá sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, lena ndéanfaí glanlaghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa;

Iarrachtaí ceannródaíocha ar an leibhéal domhanda

120. ag tacú le huaillmhian an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola chun trédhearcacht agus inrianaitheacht na trádála dramhaíola laistigh de AE a áirithiú, stop a chur le dramhaíl a onnmhairiú chuig tríú tíortha a dhéanann dochar don chomhshaol nó do shláinte an duine agus dul i ngleic le hiompraíocht neamhdhleathach ar bhealach níos éifeachtaí d’fhonn a áirithiú go ndéanfar an dramhaíl uile a chóireáil i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh; ag tacú, thairis sin, leis an gCoimisiún na leasuithe a rinneadh le déanaí ar Choinbhinsiún Basel maidir le dramhaíl phlaisteach a chur chun feidhme agus gníomhú le lánurraim d’oibleagáidí AE faoin gCoinbhinsiún seo; á iarraidh ar an gCoimisiún díriú freisin ar na nithe seo a leanas:

 dreasachtaí airgeadais chun fíormhargadh aonair agus machaire comhréidh a bhunú d’amhábhair thánaisteacha ardcháilíochta;

 nósanna imeachta a éascú chun inniúlachtaí athchúrsála agus bonneagair chun dramhaíl a chóireáil a chur chun cinn laistigh de AE;

 córas um Malartú Leictreonach Sonraí (EDI) a chur chun feidhme chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar shreafaí dramhaíola

 an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Loingsiú Dramhaíola agus ar an Treoir Réime Dramhaíola a chur chun feidhme;

121. á chur in iúl gur díol sásaimh di an Chomhghuaillíocht Dhomhanda maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus le hÉifeachtúlacht Acmhainní chun dlús a chur leis an aistriú domhanda chuig geilleagar ciorclach a bheidh neodrach ó thaobh aeráide de agus tíosach ar acmhainní, agus á iarraidh ar an gCoimisiún na hiarrachtaí a stiúradh i dtaca le comhaontú idirnáisiúnta ar bhainistiú acmhainní nádúrtha ionas go bhfanfar laistigh de ‘theorainneacha pláinéadacha’ d’úsáid acmhainní nádúrtha;

122. ag tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin ar an leibhéal idirnáisiúnta chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir le plaistigh, agus glacadh domhanda le cur chuige gheilleagar ciorclach AE maidir le plaistigh a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go bhféadfar na gealltanais éagsúla arna dtabhairt ar leibhéil AE agus ar leibhéil dhomhanda a rianú ar bhealach comhtháite agus trédhearcach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceannaireacht ghníomhach a léiriú agus leanúint de bheith ag obair ar fhreagairtí idirnáisiúnta chun bruscar plaisteach muirí agus micreaphlaistigh a chomhrac;

123. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a chur de cheangal go gcomhlíonfaidh amhábhair phríomha agus thánaisteacha a allmhairítear chuig AE caighdeáin maidir le cearta an duine, sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil atá coibhéiseach le caighdeáin AE, lena n-áirítear tríd an togra reachtach ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir le rialachas corparáideach inbhuanaithe agus dícheall cuí, agus chun machaire comhréidh a áirithiú i bpríomhshlabhraí soláthair AE; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas a áirithiú idir beartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais maidir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, lena n-áirítear i gcaidreamh seachtrach an Aontais agus i gcomhaontuithe trádála eachtraí

 

 

 

124. á iarraidh ar tháirgeoirí Eorpacha freagracht a ghlacadh agus iad ag díol táirgí i dtríú tíortha agus ag moladh go ngeallfadh geallsealbhóirí tionsclaíocha go ndéanfaidh siad a bhfreagracht táirgeora a leathnú chun bailiú ar leithligh a gcuid táirgí a eagrú nó a mhaoiniú nuair is dramhaíl a bheadh iontu i dtríú tíortha; á iarraidh ar tháirgeoirí freisin aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí i ndáil le cáilíocht táirgí onnmhairithe agus táirgí a dhíoltar i margadh AE;

125. ag tacú leis an gCoimisiún plé iltaobhach maidir le leibhéil inbhuanaithe úsáidte acmhainní agus teorainneacha pláinéadacha a chur chun cinn, lena n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar spriocanna eolaíochtbhunaithe le haghaidh úsáid acmhainní;

126. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil géarghá le Clár Oibre 2030 a chur chun feidhme maidir le hábhair a bhaineann le bainistiú agus cosaint idirnáisiúnta i gcoinne na ndochar sláinte agus comhshaoil arb iad ceimiceáin is cúis leo; á chur i bhfáth go láidir a thábhachtaí atá an próiseas faoin gCur Chuige Straitéiseach maidir le Bainistiú Idirnáisiúnta Ceimiceán (SAICM) chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh creat láidir le haghaidh bainistiú fónta ceimiceán agus dramhaíola tar éis 2020 ag ICCM 5 in Bonn i mí Iúil 2021;

127. ag tathant ar an gCoimisiún chun úsáid táscairí maidir le héifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn trí choinbhinsiúin idirnáisiúnta chun inchomparáideacht a cheadú idir tionscail agus geilleagair agus cothrom na Féinne a áirithiú, agus chun tacú le hidirphlé agus le comhar le tríú tíortha;

128. á mheas, agus an bhuntuiscint maidir le hacmhainní teoranta na cruinne á cur san áireamh, gur cheart Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Neamhdhóthanacht Acmhainní a bhunú chun plé a chur ar bun maidir le rochtain ar acmhainní agus na himpleachtaí a bhaineann lena n-úsáid agus béim ar an inbhuanaitheacht agus ar an gcothromas;

129. á mheabhrú, chomh maith le bearta a ghlacadh chun cuspóir AE maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, gur gá aghaidh a thabhairt ar an lorg carbóin a bhaineann le héileamh AE ar tháirgí allmhairithe; á iarraidh ar an gCoimisiún bacainní ar fhás glas agus ar an éiceanuálaíocht a shainaithint agus a dhíothú mar aon leis na bacainní sin lena gcuirtear cosc nó srian ar rochtain ar an margadh do tháirgí agus do sheirbhísí ciorclacha ó lasmuigh de AE; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na tairbhí a bhaineann le bacainní taraifí agus neamhtharaifí ar tháirgí agus ar sheirbhísí áirithe a laghdú chun forbairt an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair ar Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP) de chuid AE; ag spreagadh an Choimisiúin, i ndáil leis an méid sin, chun gné an gheilleagair chiorclaigh a chur le raon feidhme na caibidlíochta i dtaca leis an gComhaontú maidir le hEarraí Comhshaoil, ar cheart dlús a chur léi; á iarraidh ar an gCoimisiún riachtanais speisialta fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) AE a chur san áireamh, chun cabhrú le FBManna an geilleagar ciorclach a chomhtháthú ina samhail gnó, lena n-áirítear trí dhreasachtaí, agus chun tacú leo i gcur chun feidhme straitéisí gnó chun táirgí ciorclacha a onnmhairiú, go háirithe trí uirlis measúnaithe riosca a sheoladh le haghaidh rialacha tionscnaimh, arb uirlis í atá á meas ag an gCoimisiún faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar thús cadhnaíochta in EDT chun aghaidh a thabhairt ar tháirgí bunaithe ar a n-inneachar carbóin mar bhealach chun cothrom na Féinne a bheith ann i gcúrsaí rialála;

130. á mheas go bhfuil gá le forálacha atá fónta ó thaobh an dlí de i gcomhaontuithe trádála chun reachtaíocht ábhartha AE maidir leis an ngeilleagar ciorclach a chosaint ó choincheap na bacainne trádála;

131. á chur i bhfáth gur uirlis bhunriachtanach é beartas trádála straitéiseach chun an t-aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach agus Clár Oibre an Aontais agus na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain faoi 2030, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh comhaontuithe trádála agus infheistíochta ailínithe le beartais an gheilleagair chiorclaigh;

132. ag spreagadh an Choimisiúin chun páirt a ghlacadh in idirphlé agus i gcomhar oscailte agus trédhearcach le comhpháirtithe trádála AE chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta (UNCTAD, EDT, G20, G7) chun clár oibre AE maidir leis an ngeilleagar ciorclach a shaothrú agus chun cothrom na Féinne le comhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú tríd an bhféidearthacht a bheith ann coincheap na bpasanna digiteacha a fhiosrú chun infhaighteacht sonraí maidir le hinneachar, lorg carbóin agus in-athchúrsáilteacht táirgí a chothú, chun ciorclaíocht níos fearr a chumasú agus chun freagracht leathnaithe táirgeora (EPR) agus roghanna inbhuanaithe do thomhaltóirí a chur chun cinn; ag moladh freisin, i ndáil leis an méid sin, go rachadh an Coimisiún ag obair leis na heagraíochtaí iltaobhacha ábhartha chun teacht ar chomhaontú maidir le lipéad idirnáisiúnta a bheadh éasca le tuiscint do thomhaltóirí agus lena léireofaí an féidir táirge a athchúrsáil; á chur i bhfáth, ina theannta sin, nach mór aird ar leith a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil tíortha comhpháirtíochta beagfhorbartha rannpháirteach sa gheilleagar ciorclach agus ar an gcaoi ar féidir leo tairbhe a bhaint as; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chomhtháthú ina straitéis dar teideal ‘Towards a comprehensive Strategy with Africa’ [I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic] go háirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as Cúnamh don Trádáil agus GSP+ chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha cleachtais an gheilleagair chiorclaigh a ghlacadh, lena n-áirítear caighdeáin táirgí;

°

° °

133. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Faoi 2050, beimid ag tomhailt amhail is dá mbeadh trí phláinéad den Domhan ann. Toisc go bhfuil ár n-acmhainní nádúrtha teoranta agus ár n-aeráid ag athrú, ní mór dúinn droim láimhe a thabhairt le sochaí bunaithe ar ‘é a thógáil, é a dhéanamh, é a chaitheamh uainn’ agus iarracht a dhéanamh geilleagar ciorclach a bhaint amach. Anois, tá an Eoraip i lár an téarnaimh ó ghéarchéim sláinte agus eacnamaíoch gan fasach, ag nochtadh leochaileacht ár n-acmhainní agus ár slabhraí luacha. Ba cheart dúinn tógáil ar an móiminteam, agus aghaidh a thabhairt ar na constaicí atá ag cur isteach ar réitigh chiorclacha a bheith rathúil.

Tá an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach Nua (CEAP 2.0) leabaithe sna spriocanna aeráide a comhaontaíodh sa Chomhaontú Glas agus i gComhaontú Pháras. Cé gur dhírigh an chéad Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach in 2015 ar in-athchúrsáilteacht táirgí, leagann an dara ceann seo béim ar na bearta coisctheacha atá le déanamh, go sonrach maidir le cosc agus bainistiú dramhaíola. D’fhéadfadh an tagarmharc atá leagtha síos ag rialtas na hÍsiltíre úsáid acmhainní a laghdú 50% faoi 2030, a bheith ina inspioráid don AE.[26]

Ní hamháin go laghdóidh geilleagar ciorclach astaíochtaí CO2 AE go suntasach, spreagfaidh sé fás eacnamaíoch freisin agus cruthóidh sé deiseanna fostaíochta a theastaíonn ón Eoraip chun téarnamh a dhéanamh. Taispeánann figiúirí measta go bhféadfadh CEAP 2.0 700.000 post a chruthú laistigh den AE ar fad faoi 2030, agus go n-ardódh Fás OTI AE 0.5%[27]. D’fhéadfadh an geilleagar ciorclach a bheith mar bhonn taca le digitiú breise ár sochaí agus uasghrádú geilleagair léasa lánfheidhmigh, leis an tsamhail Táirge mar Sheirbhís (PaaS) mar cheann de na príomh-mhúnlaí gnó sa phlean gníomhaíochta.

Faoi láthair, tá táirgeadh ábhar a úsáidimid gach lá freagrach as 45% d’astaíochtaí CO2. Chun ár ngeilleagar a athrú ar go mór go ceann ciorclach, teastaíonn cur chuige iomlánaíoch uainn, bunaithe ar mheasúnuithe iomchuí chun ceapadh beartas eolaíochtbhunaithe a chruthú. Ní mór prionsabail chiorclaíochta agus inbhuanaitheachta a áirithiú i ngach céim den slabhra luacha chun go n-éireoidh le CEAP 2.0. Ag an am céanna, tá nuálaíocht ríthábhachtach, toisc go dtógann an tsamhail chiorclach ar theicneolaíochtaí nua, digiteacha go minic.

Creat beartais inbhuanaithe táirgí

Ba cheart go bhféachfaí le CEAP 2.0 an cuar a chúlú ó shodar go grinneall (íoschúrsáil) go dtí sodar go barr (uaschúrsáil). Ní mór dúinn teicneolaíochtaí nua a lorg chun infheistíocht a dhéanamh iontu chun a áirithiú go bhfuil an caighdeán céanna ag cáilíocht táirge athchúrsáilte agus atá ag táirge atá déanta as óghábhar.

Tacaíonn an tuarascáil go hiomlán le sprioc an Choimisiúin díriú ar lorg comhshaoil na dtáirgí, ós rud é go gcinntear 80% de thionchair chomhshaoil na dtáirgí ag céim an dearaidh. Dá bhrí sin, díríonn an tuarascáil seo ní hamháin ar spriocanna éifeachtúlachta acmhainní de réir catagóir táirge, ach freisin ar spriocanna táirgeshonracha a thabhairt isteach maidir le hábhar athchúrsáilte, agus a bhfeidhmíocht agus a sábháilteacht a áirithiú, bunaithe ar mhodhanna ríofa iontaofa.

I sochaí dhigiteach, éilíonn tomhaltóirí agus táirgeoirí faisnéis atá cothrom le dáta agus cruinn faoi inbhuanaitheacht a gcuid táirgí agus a bhfoinsí. Tacaíonn an tuarascáil le tionscnaimh an Choimisiúin chun pasanna táirgí digiteacha a sholáthar. Ba cheart leis an measúnú tionchair comhshaoil go gcuirfí i gcuntas freisin páirteanna spártha, táirgí leathmhonaraithe, in-athchúrsáilteacht agus tionchar saolré táirge.

Tomhaltóirí agus ceannaitheoirí poiblí a chumhachtú

Faoi láthair, ní fhreagraíonn ach 14% de OTI an Aontais Eorpaigh do chumhacht cheannaigh údarás poiblí. Ba cheart don Choimisiún an caighdeán a leagan síos trí chritéir agus spriocanna éigeantacha a bheith aige maidir le soláthar poiblí glas. Sa chiall sin, d’fhéadfadh an Coimisiún agus na Ballstáit ról an ‘chustaiméara chéadtrilaigh’ a bheith acu. Príomhghné eile is ea cearta na dtomhaltóirí a neartú leis an tionscnamh ‘ceart chun deisiú’.

An chiorclaíocht sa phróiseas táirgthe

Ba cheart próiseas táirgthe ciorclach a bheith i gcroílár straitéis thionsclaíoch AE agus is príomhchumasóir é san aistriú chuig bonn tionsclaíoch iomaíoch, neodrach ó thaobh na haeráide de. Tá acmhainneacht iontach ag ábhair a fhoinsítear go hinbhuanaithe agus tacaíonn siad le forbairt bhreise ar an bPlean Gníomhaíochta Bithgheilleagair.

Braithfidh próisis táirgeachta chiorclacha go mór ar fhorbairt teicneolaíochtaí nua. Caithfidh an Coimisiún agus na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i bhforbairtí nuálacha, ag díriú go sonrach ar athchúrsáil agus teicneolaíochtaí digiteacha níos fearr chun tacú leis an ngeilleagar ciorclach agus rianú acmhainní a chumasú.

Níor cheart go mbeadh an táirge deiridh mar an t-aon phointe fócasach le haghaidh infheistíochta, ach ba cheart go ndíreodh an infheistíocht ar tháirgí leathmhonaraithe freisin, mar is cumasóirí tábhachtacha iad sin freisin.

Slabhraí luacha príomhtháirgí

Tacaíonn an tuarascáil seo le togra an Choimisiúin maidir le roghnú seacht n-earnáil mar na príomhshlabhraí luacha in CEAP 2.0, eadhon leictreonaic agus TFC; cadhnraí agus feithiclí; pacáistíocht; plaistigh; teicstílí; foirgníocht agus foirgnimh; bia, uisce agus cothaithigh; Tá acmhainneacht ollmhór ag na hearnálacha seo agus beidh éifeacht iontach acu ar gheilleagar ciorclach lánfheidhmeach a bhunú.

Feicimid brú láidir ó FBManna agus ó ghníomhaithe tionscail athrú go geilleagar ciorclach, cé go gcaithfidh mórán acu aghaidh a thabhairt ar chonstaicí riaracháin nó reachtacha. Ina theannta sin, chuaigh an paindéim leanúnach i bhfeidhm go mór ar na hearnálacha roghnaithe. Beidh CEAP 2.0 ina bhealach i dtreo téarnamh athléimneach agus tréimhse nua rathúnais eacnamaíoch.

Leictreonaic agus TFC

I gcomhthéacs CEAP 2.0, tá sé beartaithe tionscnamh a fhorbairt le haghaidh leictreonaic in-athúsáidte, a bhfuil sé mar aidhm aici saol táirgí a chur chun cinn trí athúsáid, indeisitheacht agus uasghrádú. Beidh ról lárnach ag cur chun feidhme cuí an bhonneagair athchúrsála i bhforbairt tionscal ciorclach TFC.

Cadhnraí agus feithiclí

Leis an tuarascáil seo, táthar ag tnúth leis na moltaí ón gCoimisiún maidir leis an Treoir maidir le Cadhnraí agus an Treoir maidir le Bonneagar Breoslaí Malartacha, go háirithe maidir le gnéithe a bhaineann le héicidhearthóireacht, bailiú feabhsaithe, athúsáid agus athchúrsáil, aisghabháil ábhar luachmhar, faisnéis do thomhaltóirí, tionchair chomhshaoil ar feadh na saolré agus soláthar inbhuanaithe. Is gá soghluaisteacht ghlan agus beartais a chur chun feidhme maidir le hamhábhair chriticiúla.

Teicstílí

Beidh Straitéis chuimsitheach nua AE do theicstílí ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar thionchair chomhshaoil agus shóisialta na hearnála. Ba cheart go mbunódh an Coimisiún bearta spriocdhírithe sa chreat beartais táirgí inbhuanaithe maidir le teicstílí chun aghaidh a thabhairt ar mhicreaphlaistigh a bheith i dteicstílí, toisc go n-athraíonn na leibhéil idir 1-35% i mbruscar mara, chomh maith le córais chomhchuibhithe tomhais agus choisctheacha chun scaoileadh cailliúint micreasnáithín beartaithe nó neamhbheartaithe a rialú.

Plaistigh

In éineacht le teicstílí, boinn agus millíní, is iad na plaistigh is mó a chuireann le micreaphlaistich a bheith sa timpeallacht, ach tagann sciar níos mó fós fiú den truailliú sin ó dhíghrádú macreaphlaisteach a scaoiltear i dtimpeallacht na mara.

Pacáistíocht

Is riachtanas bunriachtanach é an pacáistiú maidir le sábháilteacht agus sláinteachas táirgí, go háirithe don earnáil bhia agus deochanna. Agus ord na réiteach dramhaíola á mheas, áfach, ba cheart go ndíreodh fócas an bheartais ar athúsáid an phacáistithe. Ag an am céanna, ba cheart fíorbheagán den phacáistiú a bheith ann, agus cáilíocht agus sábháilteacht an táirge á ráthú. Iarrtar sa tuarascáil seo freisin ar an tionscal gealltanas a thabhairt laghdú 50% ar an bpacáistiú go léir, ag cuimhneamh ar an ngné ábhar inbhuanaithe agus inathnuaite nó in-athchúrsáilte a chur in ionad ábhar plaisteach faoi 2030.

Foirgníocht agus Foirgnimh

Tá ar earnáil na tógála aghaidh a thabhairt ar dhá dhúshlán, agus iad ag tarlú ag an am céanna: beidh méadú ar fhoirgnimh mar thoradh ar uirbiú tapa agus fás daonra, agus tá géarghá le hathchóiriú agus feabhsuithe ar a n-éifeachtúlacht agus a n-úsáid fuinnimh sna foirgnimh reatha.[28] Caithfidh an Coimisiún tosaíocht a thabhairt dá mholtaí reachtacha i rabhartha an athchóirithe agus a dhóchas a chur in iúl go bhfillfidh sé ar na sruthanna dramhaíola is mó, agus aird á tabhairt aige ar inacmhainneacht agus indéantacht an togra.

Bia, Uisce agus Cothaithigh

Leis an tuarascáil seo, tacaítear leis na tionscnaimh reachtacha chun athúsáid fuíolluisce i bpróisis talmhaíochta a chur chun cinn. Is féidir le hathúsáid fuíolluisce uirbeach cóireáilte aghaidh a thabhairt ar an nganntanas uisce tríd an uisce athshlánaithe sin a chinntiú chun críocha uiscithe talmhaíochta. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún féachaint freisin ar lúb na gcothaitheach talmhaíochta a iamh, agus an sprioc chun an cur amú bia a laghdú faoina leath faoi 2030 a bhaint amach.

Níos Lú Dramhaíola, Níos Mó Luacha

In 2035, tá spriocdhátaí deacra le sárú ag an Eoraip don sprioc athchúrsála de 65% do dhramhaíl chathrach agus uasmhéid de 10% de líonadh talún. Ba cheart do AE spriocanna coiscthe dramhaíola a leagan síos agus gan líonadh talún le dramhaíl a úsáid nuair a bhíonn teicneolaíochtaí malartacha bainistithe dramhaíola inbhuanaithe ann.

An Geilleagar Ciorclach a chur ag fónamh do Dhaoine, do Réigiúin agus do Chathracha

Ní bheidh rath ar an ngeilleagar ciorclach ar chur chuige ón mbarr anuas agus tá gá ag na pobail áitiúla, údaráis réigiúnacha leis mar réamhtheachtaí i gcur chun feidhme CEAP 2.0. Ba cheart don Choimisiún, áfach, comhroinnt na gcleachtas is fearr i mbailiú dramhaíola agus i mbonneagar sórtála nua a chur chun cinn.

Iarrachtaí Ceannródaíocha ar an Leibhéal Domhanda

Agus é seo á scríobh, tá tograí reachtacha eile ann a mbeidh ról lárnach acu i rolladh amach CEAP 2.0. Ar dtús, is gá na leasuithe a rinneadh le déanaí ar Choinbhinsiún Basel maidir le trádáil dramhaíola plaistí a chur chun feidhme. Ar an dara dul síos, tacaítear leis an tuarascáil seo le huaillmhian an Choimisiúin an rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola a athbhreithniú, áit a bhfuil teorainn le loingsiú dramhaíola á breithniú. Ba cheart don Choimisiún dreasachtaí airgeadais a bhreithniú chun stop a chur leis an onnmhairiú. Moltar smaoineamh nua sa tuarascáil seo freisin i leith an tionscail gealltanas a thabhairt cláir cúitimh dramhaíola a thabhairt isteach chun sreabhadh ábhar tánaisteach a áirithiú.


 

 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH (4.12.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>maidir leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach nua</Titre>

<DocRef>(2020/2077(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim (*): <Depute>Patrizia Toia</Depute>

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta


 



 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, an coiste freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí gur cheart gurb iad prionsabail an gheilleagair chiorclaigh croíghné aon bheartas tionsclaíoch Eorpach agus náisiúnta, agus de Phleananna náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na mBallstát faoi chuimsiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;

B. de bhrí go n-aithníonn an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach nua’ (COM(2020)98) an ról ceannródaíochta atá ag fiontair an gheilleagair shóisialta i gcruthú fostaíochta atá nasctha leis an ngeilleagar ciorclach;

C. de bhrí gur léiríodh le linn phaindéim COVID-19 go bhfuil geilleagar ciorclach fíor-riachtanach, go háirithe in earnálacha amhail pacáistiú bia agus earraí cógaisíochta, agus bailiú agus cóireáil dramhaíola;

1. á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin le haghaidh Geilleagar Ciorclach nua a rannchuideoidh chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus faoina mbrisfear an nasc idir fás eacnamaíoch agus úsáid acmhainní; á chur i bhfios go láidir gur ar chlár oibre saor ó thruailliú agus ar ord na réiteach dramhaíola a thógtar geilleagar fíorchiorclach; á chur i bhfáth gur cheart cosc dramhaíola, ‘dearadh ó dhramhaíl’, laghdú ar úsáid acmhainní agus fuinnimh, mar aon le buntáistí do thomhaltóirí, a bheith ina dtosaíochtaí i dtreorú an chreata nua beartais maidir le táirgí inbhuanaithe agus nár mhiste go gcuideodh sé sin leis an Aontas an fás eacnamaíoch agus a thionchar ar an gcomhshaol a dhíchúpláil a thuilleadh; á chur i bhfios go láidir gurb é feidhmiú Threoir 2009/125/CE (‘Treoir um éicidhearthóireacht’) faoi deara beagnach leath an choigiltis éifeachtúlachta fuinnimh a bhainfear amach faoi 2020; á chur i bhfáth go bhfuil roinnt táirgí ann ar táirgí an-ábhartha iad ó thaobh a n-úsáid fuinnimh de, nár cuireadh faoi réir rialacha na héicidhearthóireachta go fóill; ag tabhairt dá haire go bhfuil táirgí eile ann a chumhdaítear faoi rialacha na héicidhearthóireachta, ach go bhfuil siad as dáta agus nár mhiste iad a uasdátú; á chur in iúl gur geal léi, ar an ábhar sin, rún an Choimisiúin an Treoir um Éicidhearthóireacht a athbhreithniú; á chreidiúint go bhféadfadh beartas éicidhearthóireachta níos forleithne a bheith ina chroíghné den ghníomhaíocht Eorpach i réimse an gheilleagair chiorclaigh agus go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith aige sa téarnamh glas; á chur i bhfáth, mar sin féin go mba cheart leathnú a raoin feidhme a chúpláil le bearta a mbeadh mar aidhm leo éifeachtúlacht fuinnimh bhreise a ghnóthú le táirgí agus seirbhísí a bhaineann le fuinneamh; á áitiú go mbeidh an raon feidhme le leathnú chun nithe seachas táirgí a chumhdach - struchtúir freisin, amhail lárionaid sonraí agus seirbhísí amhail iad siúd lena gcuirtear néalseirbhísí, cluichiú nó sruthú ar fáil; á iarraidh go scrúdóidh an Coimisiún na féidearthachtaí maidir le spriocanna in-athúsáideachta a thionscnamh;

2. á chur i bhfios go láidir dá ndéanfaí taighde ar ábhair, ar cheimiceáin, ar phróisis, ar theicneolaíochtaí agus ar tháirgí - iad ar fad sábháilte agus ciorclach, agus ar shamhlacha gnó nuálacha agus a bhfás ar scála tionsclaíoch agus a nglacadh ag an tsochaí, go bhféadfadh buntáiste iomaíoch domhanda a bheith ag cuideachtaí Eorpacha ionas go laghdófaí ar a spleáchas ar acmhainní nádúrtha atá gann agus go nginfí sruthanna nua ioncaim, agus go ndéanfaí leas daoine agus an chomhshaoil san am céanna; á chreidiúint go mbeadh éiceachórais thionsclaíocha na hEorpa níos athléimní, níos iomaíche agus níos brabúsaí ach an oiread slabhraí luacha agus is féidir a neartú, a éagsúlú agus a dhéanamh níos inbhuanaithe, agus go gcuirfí feabhas ar neamhspleáchas straitéiseach an Aontais freisin; á chur i bhfáth go bhfuil móracmhainneacht chomhlántachta ann idir straitéis thionsclaíoch fhíoruaillmhianach san Eoraip, maidir le bonn tionsclaíoch láidir Eorpach a nuachóiriú agus a neartú go háirithe, agus geilleagar ciorclach iarbhír a bhunú; á chur i bhfáth go bhféadfaí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil thionsclaíoch a laghdú go suntasach ach an éifeachtúlacht ábhair a mhéadú, an athchúrsáil agus úsáid táirgí athchúrsáilte a fhorbairt, agus earraí marthanacha ard-bhreisluacha a tháirgeadh; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí a bheidh sé cur go suntasach leis an tosaíocht a thugtar do thaighde a dhéanamh ar chosc dramhaíola, ar athúsáid, indeisitheacht, in-uasghrádaitheacht agus athmhonarú táirgí agus slabhraí luacha mar aon le samhlacha gnó ciorclacha agus bonneagair táirgí, agus ar an maoiniú a dhéantar ar an méid sin;

Taighde

3. ag cur béim ar a thábhachtaí a bheidh sé an rochtain ar chistí le haghaidh taighde agus tionscadail nuálaíochta maidir leis an ngeilleagar ciorclach a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún dá réir sin gníomhaíochtaí an chláir Fís Eorpach a dhíriú ar thacaíocht don taighde agus don nuálaíocht i gcás na nithe seo a leanas:

 próisis agus teicneolaíochtaí athchúrsála;

 éifeachtúlacht acmhainní na bpróiseas tionsclaíoch;

 ábhair, táirgí, próisis, teicneolaíochtaí agus seirbhísí nuálacha agus inbhuanaithe agus iad á bhfás ar scála tionsclaíoch;

 an bithgheilleagar, tríd an nuálaíocht bhithbhunaithe, lena gcuimsítear forbairt ábhar agus táirgí bithbhunaithe;

 satailítí Domhanbhreathnóireachta, mar go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith á imirt acu san fhaireachán ar fhorbairt geilleagair chiorclaigh trí mheastóireacht a dhéanamh ar an mbrú ar ógh-amhábhair agus ar leibhéil na n-astaíochtaí;

4. ag cur béim ar ról na bPobal Eolais agus Nuálaíochta faoi chuimsiú na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) trí ollscoileanna, eagraíochtaí taighde agus gnólachtaí, FBManna go háirithe, a thabhairt le chéile chun réitigh agus tionscnaimh nuálacha maidir leis an ngeilleagar ciorclach a fhorbairt, rud ar cheart a bheith ar na príomhuirlisí chun spriocanna Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach;

5. ag tacú le tionscnamh an Choimisiúin chun a áirithiú go mbeidh Pobail Eolais agus Nuálaíochta EIT níos oscailte do FBManna agus go bhfeabhsófar a ndeiseanna ar a bheith rannpháirteach in éiceachórais nuálacha áitiúla a rachaidh chun tairbhe a dhéanamh don aistriú digiteach agus don aistriú glas;

6. á chur i bhfáth a thábhachtaí a bheidh a thuilleadh iarrachtaí taighde i réimse na hathchúrsála éiceolaíche ceimiceán a bheidh neamhdhíobhálach don aeráid agus don chomhshaol agus, nuair a chuirfear an athchúrsáil orgánach agus mheicniúil léi, a chuirfidh bailchríoch ar chreat a mbeidh neodracht theicneolaíoch ag baint leis; á chur i bhfáth nár mhiste iarrachtaí den chineál sin a bheith dírithe ar an uaschúrsáil agus go mbeadh d’aidhm leo an éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus substaintí guaiseacha a bhaint, agus a áirithiú go mbeidh ábhair athchúrsáilte neamhthruaillitheach agus go ndéanfar cóireáil iomchuí ar an iarmhar ó theicneolaíochtaí athchúrsála ceimiceán; á mheas nár chóir próisis aisghabhála fuinnimh a áireamh ina n-athchúrsáil ceimiceán;

7. ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-aistriú i dtreo samhlacha gnó níos inbhuanaithe á chumasú ag an gceathrú cuid, beagnach, de na FBManna san Eoraip cheana féin, ach ar an láimh eile, gur thuairiscigh an tríú cuid díobh go mbíonn nósanna imeachta casta riaracháin agus dlíthiúla rompu nuair a thugann siad faoina ngnó a dhéanamh níos tíosaí ar acmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena chuid iarrachtaí chun a thuilleadh FBManna agus micrifhiontar a chur in oiriúint don gheilleagar ciorclach, trí thacaíocht a thabhairt dóibh trí bhíthin scéimeanna dreasaíochta leordhóthanacha agus uirlisí maoinithe, fothú acmhainneachta, agus i dtéarmaí scileanna bainistíochta, an dea-chleachtas agus cúnamh teicniúil a mhalartú, agus trína n-ualaí riaracháin agus dlíthiúla a laghdú; á chur i bhfios, i measc nithe eile, maidir le samhlacha nua den ghnó ciorclach, go mbeidh siad tairbhiúil do thomhaltóirí, de bhreis ar an gceart chun deisiúcháin a fheictear i dteachtaireacht an Choimisiúin dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach nua’, go gcuirfear cosc ar tháirgí ábhar nua a bheith á dtáirgeadh agus go ngríosófar FBManna chun a bheith rannpháirteach sa mhargadh deisiúcháin;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún bosca uirlisí FBM maidir le beartais inbhuanaithe chuideachta a fhorbairt agus a chur chun cinn, lena n-áirítear freagracht chorparáideach shóisialta agus chomhshaoil, cuntasaíocht agus tuairisciú inbhuanaithe, agus uirlisí chun samhlacha táirgthe agus tomhaltais ciorclacha ar bheagán dramhaíola a chur chun feidhme, slabhraí soláthair inbhuanaithe agus iniúchtaí fuinnimh;

9. á chreidiúint maidir leis an ról dearfa atá á imirt ag fiontar an gheilleagair shóisialta agus bealach á réiteach acu i dtreo samhlacha geilleagair chiorclaigh, gur cheart go bhfeidhmeodh sé mar inspioráid do chuideachtaí eile agus go mbeadh na dea-chleachtais sin le feiceáil níos soiléire agus go mbeadh a ndóthain tacaíochta á fháil acu trí dhreasachtaí spriocdhírithe;

Aistriú digiteach

10. á aithint go bhfuil ról tábhachtach ag an digiteáil chun feidhmiú phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh a fheabhsú; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sineirgí idir an digiteáil agus an geilleagar ciorclach a uasmhéadú agus a shaothrú go hiomlán in earnálacha inar féidir le geilleagar digiteach réitigh a thairiscint chun a lorg comhshaoil a laghdú, agus an t-aistriú glas a threisiú san am céanna agus, sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar thionchar breise na dteicneolaíochtaí digiteacha agus na lárionad sonraí ar an gcomhshaol a chainníochtú, agus bearta a mholadh chun inbhuanaitheacht chomhshaoil na réiteach digiteach a áirithiú, agus éifeachtúlacht fuinnimh agus an geilleagar ciorclach a bheith ina gcroílár, agus déileáil le costais ghearrthréimhseacha agus mheántréimhseacha an dá aistriú (digiteach agus glas), agus iad a dhéanamh níos córa agus níos ionchuimsithí; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá idirlíon na rudaí nithiúla, cothabháil thuarthach, seirbhíseáil agus córais seirbhíse táirgí chun samhlacha gnó ciorclacha nua a luasghéarú; á mheas maidir le forbairt luath na n-uirlisí digiteacha i gcomhthéacs an gheilleagair chiorclaigh go gcuideofar leis an Aontas chun a bheith ina cheannaire domhanda in úsáid réiteach arna gcumasú ag an digiteáil; á chur i bhfáth go bhféadfadh an intleacht shaorga a bheith ina éascaitheoir agus ina luasaire san aistriú go dtí geilleagar ciorclach, ag cuidiú chun deiseanna geilleagair chiorclaigh a dhíghlasáil tríd an dearadh a fheabhsú, trí shamhlacha agus táirgí gnó a oibriú agus tríd an mbonneagar a optamú;

11. á iarraidh go dtacóidh an Coimisiún le haistriú digiteach a bheidh inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, a chuirfidh leis an uasmhéadú ar luach sonraí, agus cosaint sonraí pearsanta á háirithiú ag an am céanna, agus réitigh arna gcumasú ag an digiteáil a chur ag obair a cheadóidh úsáid inbhuanaithe acmhainní agus chun luach, marthanacht, in-athúsáideacht agus indeisitheacht táirgí agus ábhar a chaomhnú chomh fada agus is féidir;

12. á chur in iúl gur geal léi sprioc an Choimisiúin ionaid sonraí ardéifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, iad inbhuanaithe agus aeráidneodrach, a bheith ann faoi 2030 agus spás coiteann sonraí Eorpach a bhunú le haghaidh feidhmchláir chiorclacha chliste; ag tathant ar an gCoimisiún ar an ábhar sin, na bearta rialála comhfhreagracha agus riachtanacha eile a chur chun cinn gan mhoill, agus uirlisí rialachais agus margaidh a chur chun feidhme chun tacú le cruthú doiciméad caighdeánaithe agus trédhearcthacht maidir le ciorclacht, lorg comhshaoil agus aeráide na lárionad sonraí agus na líonraí cumarsáide; á áitiú gur cheart go gcuirfeadh na bearta agus na huirlisí nua sin le héifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a chur chun cinn, agus le húsáid na bhfuinneamh inathnuaite; á chomhairliú go mba cheart na bearta agus na huirlisí sin a bheith ag díriú ar thionchar na lárionad sonraí ar an líonra leictreachais a mhaolú agus lorg na ngás ceaptha teasa ar plódú líonra faoi deara é a mhaolú freisin;

13. á iarraidh go dtionscnófaí pasanna digiteacha táirgí mar aon leis na hardáin iomchuí chun sonraí a bhailiú agus a chothabháil i gcomhthéacs an spáis sonraí Eorpaigh; á chur i bhfáth nár mhiste sonraí i bhformáidí idir-inoibritheacha agus in-athúsáidte a bheith sna pasanna agus ar na hardáin sin, agus nár mhiste an fhaisnéis a bheith soiléir, iontaofa agus ar fáil go héasca do ghníomhaithe uile an mhargaidh; á iarraidh go dtionscnóidh an Coimisiún pasanna digiteacha táirgí a léireoidh an t-ábhar agus an t-inneachar ceimiceach, an fheidhmíocht chiorclaíochta, amhail saolré an táirge, a indeisithe a bheidh sé agus a infhaighte a bheidh páirteanna spártha, agus tionchar carbóin, comhshaoil agus sóisialta na dtáirgí agus na n-ábhar, lena n-áirítear amhábhair thánaisteacha, a cuireadh ar mhargadh an Aontais;

Amhábhair thánaisteacha agus chriticiúla

14. á thabhairt chun suntais go bhfuil infhaighteacht amhábhar criticiúil agus tánaisteach ina saincheist straitéiseach do thionscail Eorpacha, agus gur uirlis í chun neamhspleáchas agus iomaíochas straitéiseach an Aontais a áirithiú agus poist in earnáil na monaraíochta a choinneáil; á thacú go láidir ar an ábhar sin le huaillmhian an Choimisiúin margadh dea-fheidhmiúil d’amhábhair thánaisteacha a chruthú san Aontas; á chur i bhfáth go bhfuil gnóthú timthriall glan agus sábháilte ábhar ina réamhchoinníoll chun margadh inchreidte d’amhábhair thánaisteacha a chruthú san Aontas; á chreidiúint maidir leis an mbunachar sonraí do shubstaintí ar údar imní iad in earraí nó i réada casta (bunachar SCIP), arna bhunú ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, go spreagfaidh sé nuálaíocht sa tionscal;

Adhmad agus an bithgheilleagar

15. á mheabhrú go bhféadfaidh an earnáil fhoraoisbhunaithe rannchuidiú go suntasach chun geilleagar bithbhunaithe ciorclach a fhorbairt; ag spreagadh an Choimisiúin chun scrúdú a dhéanamh ar shásraí difriúla, lena n-áirítear sásraí margadhbhunaithe, chun úsáid amhábhar inathnuaite a dhreasachtú, lena n-áirítear adhmad agus táirgí adhmaid, a mbeadh buntáistí aeráide ag gabháil leo, mar aon leis an úsáid is éifeachtaí d’adhmad á cur chun cinn san am céanna agus prionsabal na húsáide cascáidí á urramú; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé riachtanach infheistíochtaí a spreagadh i bhforbairt bithgheilleagair chiorclaigh inbhuanaithe agus áitiúil; á chur i bhfáth ar an ábhar sin a thábhachtaí atá sé straitéisí tionsclaíochta agus bithgheilleagair an Aontais a ailíniú leis an bplean gníomhaíochta le haghaidh geilleagar ciorclach;

Foirgnimh

16. á mheabhrú gurb í an dramhaíl mhianrúil, lena n-áirítear ithir thochailte, ó earnáil na foirgníochta agus na scartála an chatagóir is mó den dramhaíl iomlán a ghintear san Eoraip de bharr gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ó áitribh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le bainistiú agus laghdú leormhaith ar an dramhaíl foirgníochta agus scartála; ag tabhairt dá haire go mbeidh sé riachtanach trédhearcacht agus inrianaitheacht dramhaíl foirgníochta agus scartála a fheabhsú chun gur fearr a bheifear in ann dramhaíl a shainaithint, iontaoibh a thógáil i gcáilíocht agus i sábháilteacht ábhar athúsáidte nó athchúrsáilte, a áirithiú go ndéantar an dramhaíl foirgníochta uile a láimhseáil go sábháilte agus go ndéantar ionadú ar shubstaintí guaiseacha i sruthanna dramhaíola chun sláinte áititheoirí agus oibrithe, agus an comhshaol, a chosaint; á mheabhrú i ndáil leis seo a thábhachtaí atá ‘EU Construction and Demolition Waste Management Protocol’ (Prótacal AE um Bainistíocht Dramhaíl Foirgníochta agus Scartála);

17. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an fhoirgníocht ina eochair-réimse comhlántachta idir an geilleagar ciorclach agus laghduithe astaíochtaí; á thabhairt chun suntais an gá foriomlán atá ann le haistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus níos ciorclaí ó thaobh foinsiú agus monarú táirgí agus ábhar foirgníochta, agus a n-úsáid in oibreacha foirgníochta;

18. á chur i bhfáth go bhfuil an fhoirgníocht ar na hearnálacha is lú a bhfuil uathoibriú agus digiteáil déanta uirthi, agus go gcuirfí le digiteáil na hearnála ach teicneolaíochtaí nuálacha agus todhchaíocha a úsáid ar láithreacha foirgníochta agus go gcuirfí leis an éifeachtúlacht acmhainní freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar chritéir éifeachtúlachta agus in-athúsáideachta a ionchorprú ina athbhreithniú ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011[29];

Soláthar Poiblí Glas (SPG)

19. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé gníomhú chun margadh inmheánach an Aontais a threisiú trí chritéir a bhunú don SPG, ionas nach ualach riaracháin rómhór ar ghnólachtaí agus ar riaracháin phoiblí a bheidh mar thoradh air, ionas go ndéanfar úsáideoirí a chumasú chun ábhair inbhuanaithe agus aeráidchairdiúla a roghnú; á iarraidh ar na Ballstáit athúsáid agus athchúrsáil ábhar agus teacht ar ábhair a uasmhéadú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear ina gcuid straitéisí soláthair agus i dtionscadail athnuachana agus foirgníochta a mhaoinítear go poiblí, trí spriocanna SPG a athbhreithniú agus na critéir éifeachtúlachta fuinnimh, chomhshaoil agus shóisialta maidir le hathchóirithe foirgneamh a shruthlíniú;

Cadhnraí

20. á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhféadfadh cuid shuntasach de na hamhábhair riachtanacha le haghaidh táirgeadh ciorclach ceallraí laistigh den Aontas a bheith ar fáil mar thoradh ar scéimeanna athchúrsála feabhsaithe do cheallraí; á thacú le pleananna an Choimisiúin maidir le tograí reachtacha chun slabhra luacha sábháilte, ciorclach agus inbhuanaithe a áirithiú maidir leis na ceallraí uile, cé go n-idirdhealódh na rialacha idir cineál agus/nó úsáid na gceallraí, agus go ndéanfaí éicidhearthóireacht a chorprú maidir le ceallraí chun an in-athsholáthraitheacht agus an in-athchúrsáilteacht a fheabhsú trí dhearadh, agus foinsiú láidir freagrach sóisialta agus comhshaoil a bheith san áireamh freisin; á chur i bhfios go láidir gur den riachtanas é braisle láidir inbhuanaithe ceallraí agus stórála a chruthú san Eoraip;

21. á chur in iúl gur cúis bhuartha di ceallraí ídithe a bheith á n-aicmiú ina ndramhaíl sa Treoir maidir le Ceallraí, gan beann ar an athúsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu, agus go bhféadfadh an t-aicmiú sin a bheith ina bhac ar a n-athúsáid; á aithint nach dtugtar ceallraí athúsáidte ar ais lena n-athchúrsáil agus nach rialaítear caighdeáin sábháilteachta nuair a bhaintear athearraíocht as ceallra le haghaidh úsáidí a bhfuil saintréithe acu atá éagsúil leis ná húsáidí dá ndearadh an ceallra ar dtús; á iarraidh ar an gCoimisiún freagracht leathnaithe táirgeora, maille le ráthaíochtaí feidhmíochta agus sábháilteachta, a chur i bhfeidhm maidir leis an athmhonaróir a thugann an ceallra isteach ar an margadh an athuair; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna uaillmhianacha bailithe, athúsáide agus athchúrsála a mholadh le haghaidh ceallraí agus i ndiaidh luacháil chúramach, céimniú amach a dhéanamh ar cheallraí príomhúla má tá malairt ar fáil, nuair a dhéantar athbhreithniú ar an treoir um Cheallraí agus córas taisce a bhunú ar fud na hEorpa nó córas athdhíola i gcás sean-cheallraí chun ciorclacht agus inbhuanaitheacht an tslabhra luacha ceallra a fheabhsú;

22. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé riachtanach a thuilleadh taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn maidir le próisis agus teicneolaíochtaí athchúrsála faoi Fís Eorpach chun cur le hacmhainneacht geilleagair chiorclaigh na gceallraí; á aithint go mbeidh ról ag FBManna sna hearnálacha bailithe agus athchúrsála;

Tionscal

23. á léiriú, maidir le cur chuige geilleagair chiorclaigh a chuirfeadh deireadh le dramhaíl agus a choinneodh sócmhainní, táirgí agus comhpháirteanna in úsáid agus a dhéanfadh úsáid réamhghníomhach agus éifeachtach d’acmhainní, go bhféadfaí laghdú 40% a dhéanamh, ar fud an domhain, ar astaíochtaí CO2 ó phríomhábhair na tionsclaíochta amhail plaistigh, cruach agus stroighin; á áitiú, dá réir sin, go dtionscnófaí pleananna oibre chun an dramhaíl a laghdú agus chun amhábhair a athúsáid agus spriocanna soiléire iontu chun ciorclacht na dtionscal agus na n-ábhar diancharbóin amhail plaisteach, cruach agus stroighin a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún scrúdú ar spriocanna a thionscnamh don laghdú dramhaíola i gcás sruthanna dramhaíola tionsclaíocha agus tráchtála, agus measúnú a dhéanamh ar an tslí a bhféadfar dramhaíl thionsclaíoch agus tráchtála a théann chuig líonadh talún a laghdú, trí chiorclaíocht na n-ábhar go háirithe;

24. á mheas, maidir le todhchaí thionscal na cruach san Eoraip, go bhfuil an-acmhainneacht ag baint le geilleagar ciorclach a chur chun feidhme; á chur i bhfáth go bhfuil an-acmhainneacht ann maidir le méadú ar an éifeachtúlacht ábhar i gcás cruach; á áitiú gur den riachtanas é síneadh suntasach a chur le saolré táirgí cruachbhunaithe i réimsí amhail fearais tí, táirgí thionscal na ngluaisteán agus trealamh meicniúil agus leictreach; á chur i bhfáth go bhféadfaí laghdú ar tháirgeadh na cruach agus ar astaíochtaí gás ceaptha teasa dá réir ach síneadh a chur le saolré na dtáirgí sin; á chur i bhfios go bhfuil cúlchiste substaintiúil dramh-mhiotail ag an Aontas a d’fhéadfaí a úsáid i ngeilleagar ciorclach á chur i bhfáth go bhféadfaí laghdú ar na cainníochtaí amhiarainn agus ar na hallmhairí cóc atá riachtanach don táirgeadh san earnáil phríomhúil ach úsáid níos fearr a bhaint as;

25. á chur i bhfáth go bhféadfadh cur chun feidhme geilleagair fhíorchiorclaigh, mar aon le héicidhearthóireacht níos fearr, a bheith ina chuidiú chun tionscal na stroighne a dhícharbónú tríd an éifeachtúlacht ábhair sa stroighin a mhéadú, go háirithe trí úsáid agus comhdhéanamh na coincréite a optamú;

26. á mheabhrú go mbíonn an gnóthú acmhainne ón gciorclacht an-ard i gcás alúmanaim: chun alúmanam a athleá is leor 5% den fhuinneamh i gcomparáid le táirgeadh as an nua, ionas go ndéantar gearradh siar suntasach ar na hastaíochtaí CO2; á chur i bhfáth go mbailítear cuid mhór alúmanaim ó fhoirgnimh agus ó charranna faoi láthair, ach go bhfuil na rátaí i bhfad níos ísle i gcás táirgí tomhaltóra; á iarraidh ar an gCoimisiún roghanna rialála a scrúdú chun deighilt níos fearr a chur á déanamh ar chomhchodanna alúmanaim le linn díchóimeála;

Sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe, agus tuiscint na dtomhaltóirí

27. á chur i bhfios go láidir go gcaithfear an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chaibidil leis na ceardchumainn chun a ráthú go ndéanfar sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe a chosaint; á chur i bhfáth, maidir le dálaí oibre d’oibrithe nach bhfuil sách sábháilte, go bhféadfar ár sochaí uile a nochtadh do rioscaí sláinte agus sábháilteachta, agus á chreidiúint dá réir go gcaithfear beartais agus cleachtais gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt agus measúnuithe riosca iontu a chuireann sláinte na n-oibrithe san áireamh;

28. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag tomhaltóirí san aistriú i dtreo an gheilleagair chiorclaigh agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá giniúint tuisceana agus oideachas tomhaltóirí; á chur i bhfáth go gcaithfidh an fhaisnéis faoin táirge a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí maidir le hathchúrsáil agus deisiú a bheith sothuigthe;

 

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

 

Dáta an ghlactha

1.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

69

0

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

François Alfonsi, Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Manuel Bompard, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Carlo Calenda, Andrea Caroppo, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Martina Dlabajová, Christian Ehler, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Jens Geier, Bart Groothuis, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Eva Maydell, Joëlle Mélin, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Mikuláš Peksa, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Manuela Ripa, Jérôme Rivière, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Cornelia Ernst, Gianna Gancia, Klemen Grošelj, Dace Melbārde, Csaba Molnár

 

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

69

+

EPP

François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Jerzy Buzek, Cristian-Silviu Buşoi, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, András Gyürk, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

S&D

Carlo Calenda, Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Jens Geier, Lina Gálvez Muñoz, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Csaba Molnár, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Patrizia Toia

RENEW

Nicola Beer, Nicola Danti, Claudia Gamon, Bart Groothuis, Klemen Grošelj, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen

ID

Paolo Borchia, Markus Buchheit, Gianna Gancia, Thierry Mariani, Joëlle Mélin, Jérôme Rivière, Isabella Tovaglieri

Greens

François Alfonsi, Michael Bloss, Ciarán Cuffe, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Mikuláš Peksa, Manuela Ripa, Marie Toussaint

ECR

Izabela-Helena Kloc, Dace Melbārde, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski

GUE

Manuel Bompard, Marc Botenga, Cornelia Ernst

NI

Andrea Caroppo, Ignazio Corrao, Clara Ponsatí Obiols

 

0

-

 

 

 

4

0

RENEW

Martina Dlabajová

ECR

Robert Roos, Jessica Stegrud, Evžen Tošenovský

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (10.11.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach</Titre>

<DocRef>(2020/2077(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Anna Cavazzini</Depute>

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí go ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar atá tíosach ar acmhainní, aeráidneodrach agus bunaithe ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh na teorainneacha pláinéadacha a urramú trí imeacht ó spleáchas ar acmhainní agus amhábhair, ón olltomhaltas agus ó tháirgeadh dramhaíola;

B. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag geilleagar ciorclach lúba ábhar, táirgí agus acmhainní a dhúnadh agus a mhoilliú trí tháirgí a athúsáid, a chomhroinnt, a dheisiú, a uasghrádú agus a athchúrsáil, trína n-idiroibritheacht a chothú agus trí chur lena saolré;

C. de bhrí go gcruthóidh lúba ábhar iata agus slabhraí soláthair níos giorra breisluach laistigh de mhargadh inmheánach AE ar deireadh agus go gcuirfidh siad dlús leis an nuálaíocht, leis an bhfostaíocht agus leis an iomaíochas agus ardleibhéal cosanta agus inbhuanaitheachta á áirithiú do thomhaltóirí ag an am céanna;

D. de bhrí gur uirlis chumhachtach é an margadh aonair nach mór a úsáid chun táirgí agus teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus ciorclacha a fhorbairt agus gur cheart dó a bheith ina léiriú ar ghnéithe comhshaoil, eacnamaíocha, sóisialta agus eiticiúla;

E. de bhrí, leis an infheistíocht i bpatrúin táirgthe chiorclacha agus in earnáil na hathúsáide agus an deisiúcháin, go ngintear deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta, go gcruthaítear poist agus go spreagtar iomaíochas tionsclaíoch;

F. de bhrí gur léirigh COVID-19 go bhfuil gá le geilleagar athléimneach bunaithe ar shlabhraí soláthair atá inbhuanaithe agus níos giorra;

G. de bhrí gur cheart a bheith mar aidhm leis an reachtaíocht uaillmhianach a leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i mí an Mhárta 2020 faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip lorg iomlán tháirgeacht agus thomhaltas an Aontais a laghdú, agus éifeachtúlacht acmhainní, truailliú nialasach, neamhnochtadh do shubstaintí díobhálacha agus tocsaineacha, agus dramhaíl a chosc a bheith mar phríomhthosaíocht ag an reachtaíocht sin;

1. á chur in iúl gur díol sásaimh di an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus rún an Choimisiúin bearta sonracha a mholadh chun go dtabharfaí aghaidh ar an ngá atá le feabhas a chur ar mharthanacht, in-athchúrsáilteacht, in-athúsáideacht, in-uasghrádaitheacht agus indeisithiteacht táirgí, agus an rún chun dul i ngleic leis an dífheidhmeacht phleanáilte; á chur i bhfáth gur réamhchoinníoll é feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ionas go n-éireoidh le haistriú an Aontais chuig geilleagar ciorclach inbhuanaithe atá saor ó thocsainí trí fhaisnéis shoiléir iontaofa a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le saolré mheasta, indeisitheacht agus feidhmíocht chomhshaoil táirgí, bunaithe ar chaighdeáin chomhchuibhithe agus taighde-bhunaithe, a bheidh ina gcuidiú acu roghanna inbhuanaithe a dhéanamh; á mheabhrú nach mór don straitéis geilleagair chiorclaigh a bheith comhsheasmhach le spriocanna aeráide agus cuspóirí comhshaoil an Aontais agus nach mór comhsheasmhacht fhoriomlán le beartais eile de chuid an Aontais a áirithiú léi, d’fhonn cur le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus iomaíochas cuideachtaí san Aontas a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar shineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann trí athbhreithniú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht fhoriomlán na n-uirlisí éagsúla beartais;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creatdálaí  a chruthú lena gcuirfí chun cinn forbairt táirgí inbhuanaithe, teicneolaíochtaí ceannródaíocha lena ndéanfaí éifeachtúlacht acmhainní agus samhlacha gnó an gheilleagair chiorclaigh a uasmhéadú chun an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chothú agus chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach slabhraí soláthair a fheabhsú; á chur i bhfáth gur deis é plean téarnaimh an Aontais chun tús a chur le haistriú uaillmhianach eacnamaíoch i dtreo modhanna táirgthe inbhuanaithe;

3. á mheabhrú gur cheart, de réir a chéile, gur ghnáthrud é táirgí inbhuanaithe a tháirgeadh agus a chur ar an margadh inmheánach, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún creat beartais cuimsitheach maidir le táirgí inbhuanaithe a mholadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, machnamh a dhéanamh ar íoscheanglais éigeantacha a leagan síos, agus idirdhealú á dhéanamh idir catagóirí éagsúla táirgí, agus forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh, chun críche éifeachtúlachta fuinnimh, marthanachta, idir-inoibritheachta, indeisithitheachta, in-uasghrádaitheachta, in-athúsáideachta, agus in-athchúrsáilteachta neartaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, agus á iarraidh go ndéanfaí bearta a chur i ngníomh go tráthúil; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé na rialacha atá ann cheana a chur chun feidhme go cuí agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach chun go mbeidh margadh aonair inbhuanaithe dea-fheidhmiúil ann;

4. á chur i bhfáth go bhfuil caighdeánú ríthábhachtach maidir le beartas táirgí inbhuanaithe a chur chun feidhme trí shainmhínithe, méadracht agus tástálacha iontaofa a sholáthar i dtaobh saintréithe amhail marthanacht agus indeisitheacht, agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun ceanglais mhargaidh maidir le dearadh táirgí a shocrú de réir catagóirí táirgí; á áitiú gobhforbrófar caighdeáin AE go tráthúil agus i gcomhréir le dálaí fíorúsáide, go seachnófar scrogaill riaracháin, a mbíonn moill ar chaighdeáin a fhoilsiú mar thoradh orthu, do gheallsealbhóirí lena mbaineann; á thabhairt chun suntais gur gá réitigh thapa, inmharthana a fhorbairt chun feabhas a chur ar an bpróiseas caighdeánaithe atá ann faoi láthair chun a áirithiú go mbeidh gach geallsealbhóir ábhartha rannpháirteach ar bhealach níos cuimsithí agus níos trédhearcaí, agus ag an am céanna cumas na gcuideachtaí a choimirciú chun teicneolaíochtaí a nuáil agus a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe, agus béim á leagan aici ar an ngá atá leis an inbhuanaitheacht agus an indeisitheacht a phríomhshruthú ar bhonn leanúnach, i gcás inarb infheidhme, ó thaobh caighdeáin a leagan síos;

5. á mheabhrú an teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2016 dar teideal European Standards for the 21st century [Caighdeáin Eorpacha don 21ú haois] agus an obair a rinneadh ar an Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Caighdeánú (JIS); á iarraidh ar an gCoimisiún JIS a neartú tuilleadh agus gníomhaíochtaí agus tionscadail nua a ghlacadh arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fheidhmiú na nEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú;

6. á chur i bhfios go láidir gur léiríodh go bhfuil comhaontuithe deonacha neamhéifeachtach maidir le réiteach luchtaithe coiteann agus inbhuanaithe a bhaint amach do threalamh raidió soghluaiste; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún forálacha Threoir 2014/53/AE maidir le trealamh raidió a chur chun feidhme mar ábhar práinne, agus go háirithe, luchtaire coiteann a thabhairt isteach le haghaidh fóin chliste agus le haghaidh gach gléas beag agus meánmhéide leictreonach chun caighdeánú, comhoiriúnacht agus idir-inoibritheacht na gcumas luchtaithe a áirithiú ar an mbealach is fearr, lena n-áirítear luchtú gan sreang, mar chuid de straitéis dhomhanda chun dramhaíl leictreonach a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis díchúplála a ullmhú go tráthúil lena n-áiritheofar nach mbeidh sé d’oibleagáid ar thomhaltóirí luchtairí nua a cheannach agus gléasanna nua á gceannach acu le go mbeidh sochair chomhshaoil, coigiltis ar chostais agus áisiúlacht níos fearr ann do thomhaltóirí; á athdheabhrú a thábhachtaí atá sé do thomhaltóirí faisnéis iontaofa agus ábhartha a fháil, trí lipéadú comhchuibhithe i bhformáid atá éasca le léamh, faoi ghnéithe ábhartha de luchtairí amhail idir-inoibritheacht agus feidhmíocht luchtaithe, lena n-áirítear comhlíonadh USB 3.1 nó níos airde, chun a chur ar a gcumas na roghanna is áisiúla, is costéifeachtaí agus is inbhuanaithe a dhéanamh;

7. á chur in iúl gur díol sásaimh di an rún atá ag an gCoimisiún tomhaltóirí a chumhachtú chun rannpháirtíocht tomhaltóirí i gcleachtais inbhuanaithe tomhaltais agus i samhlacha gnó ciorclacha a fheabhsú tuilleadh chun ró-thomhaltas a sheachaint; á iarraidh, chun cinnteoireacht tomhaltóirí a éascú, go mbeadh lipéadú deonach comhchuibhithe a bheadh soiléir agus sothuigthe ann, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm innéacs feidhmíochta comhshaoil, maidir le marthanacht táirgí (i.e. maidir le saolré mheasta táirge) agus maidir le hindeisitheacht, agus chun scór deisiúcháin aonfhoirmeach a fhorbairt bunaithe ar mheasúnú tionchair a léiríonn a ábharthacht agus a éifeachtacht; á iarraidh go mbeadh íoscheanglais maidir le faisnéis ann de bhun Threoir 2005/29/AE agus Threoir 2011/83/AE;  á iarraidh go mbeadh idirphlé feabhsaithe ann leis na geallsealbhóirí ábhartha chun scéimeanna faisnéise den sórt sin a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún, agus a athbhreithniú ar Threoir (AE) 2019/771/AE á ullmhú aige, breithniú a dhéanamh ar na cearta ráthaíochta dlíthiúla agus na rialacha maidir leis an dualgas cruthúnais a aisiompú a leathnú chuig roinnt catagóirí táirgí a bhfuil saolré mheasta níos faide acu, agus dliteanas díreach táirgeora a thabhairt isteach tar éis don Choimisiún measúnú tionchair a dhéanamh; á iarraidh go mbeadh bearta reachtacha ann chun stop a chur le cleachtais is cúis le dífheidhmeacht phleanáilte, ag féachaint le cleachtais den sórt sin a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/29/AE;

8. ag tabhairt rabhadh faoi mhaímh bhréagacha chomhshaoil, lena n-áirítear na maímh sin a bhaineann le héicilipéadú agus le táirgí a thairgtear ar líne agus as líne araon; á mholadh go bhforbrófaí treoirlínte agus caighdeáin shoiléire i dtaobh maímh ghlasa agus go mbeadh éicilipéid ann chun iad sin a léiriú; á chur i bhfáth gur gá Treoir 2005/29/CE, a leasaíodh le déanaí, a fhorfheidhmiú trí bhearta réamhghníomhacha lena dtéitear i ngleic le maímh ghlasa agus go bhfuil sí ag tnúth leis an togra reachtach atá beartaithe maidir le bunús a thabhairt le maímh ghlasa chun dul i ngleic le faisnéis mhíthreorach sula gcuirfear táirge ar an margadh;

9. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ardáin agus margaí ar líne chun táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe a chur chun cinn agus á thabhairt dá haire go bhféadfaí faisnéis níos soiléire agus níos sothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí ar na hardáin agus na margaí sin maidir le marthanacht agus indeisitheacht na dtáirgí a bhíonn á dtairiscint orthu; á iarraidh go ndéanfaí bearta réamhghníomhacha chun dul i ngleic le cleachtais mhíthreoracha maidir le táirgí agus seirbhísí a thairgtear ar líne, lena n-áirítear maímh bhréagacha chomhshaoil;

10. á thabhairt chun suntais an ról atá ag an earnáil seirbhísí maidir le hinrochtaineacht do thomhaltóirí a mhéadú i dtaobh deisiúcháin, léasaithe agus táirge mar sheirbhís  agus an gá atá lena gníomhaíochtaí trasteorann a éascú trí rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ina n-iomláine sna réimsí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na bacainní atá ann cheana i leith táirgí a dheisiú, a athdhíol, a dheonú agus a athúsáid agus bearta a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin amhail bearta ceangailteacha chun cosc a chur ar scriosadh earraí nár díoladh atá fós ag feidhmiú, spriocanna cainníochtaithe chun críche athúsáide agus méadair úsáide a thabhairt isteach le haghaidh catagóirí áirithe táirgí a bheidh bunaithe ar anailís chost-éifeachtúlachta; á iarraidh go ndéanfaí feachtais feasachta do thomhaltóirí agus sásraí iomchuí a fhorbairt lena spreagtar samhlacha nua inbhuanaithe atá bunaithe ar iompraíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail earraí agus seirbhísí a fháil ar cíos agus a chomhroinnt, agus siopadóireacht ag siopaí atá saor ó phacáistíocht, agus á iarraidh go dtacófaí le seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a fhorbairt agus le táirgí athchóirithe nó táirgí athláimhe a úsáid;

11. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an margadh inmheánach a neartú agus le rialacha maidir le hamhábhair thánaisteacha a chomhchuibhiú, gan dochar d’fhorálacha Rialachán (CE) 1013/2006, trí iarrachtaí spriocdhírithe a dhéanamh chun bacainní ar thrádáil a shainaithint agus a bhaint; á mholadh go mbeadh níos mó caighdeánaithe ann i dtaobh próiseáil amhábhar tánaisteach chun cur chun feidhme samhlacha gnó ciorclacha a éascú;

12. ag tacú le ‘ceart chun deisithe’ nua a bhunú lena n-áiritheofar deisiúcháin atá cost-éifeachtúil agus tarraingteach do thomhaltóirí; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go mbeadh bearta ann chun rochtain shaor in aisce ar fhaisnéis riachtanach faoi dheisiúchán agus cothabháil a sholáthar, lena n-áirítear faisnéis faoi pháirteanna spártha agus faoi nuashonruithe bogearraí, do na rannpháirtithe uile sa mhargadh, agus aird á tabhairt ag an am céanna ar na dianriachtanais maidir le sábháilteacht an tomhaltóra agus gan dochar do Threoir (AE) 2016/943, agus chun rochtain gan baic éagóracha ar pháirteanna spártha a áirithiú do na gníomhaithe uile in earnáil an deisiúcháin, lena n-áirítear deisitheoirí neamhspleácha agus tomhaltóirí, chun íostréimhsí éigeantacha a shainiú maidir le páirteanna spártha agus/nó nuashonruithe a bheith ar fáil, agus uasteorainneacha ar aga seachadta a shainiú le haghaidh réimse leathnaithe catagóirí táirgí, arbh uasteorainneacha iad lena gcuirfí sonraíochtaí na dtáirgí san áireamh, tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, agus chun measúnú a dhéanamh ar conas is féidir deisiú a chur chun cinn faoin gcóras ráthaíochta dlíthiúla trí dhreasachtaí leordhóthanacha; á chur i bhfáth gur cheart do dhíoltóirí tomhaltóirí a chur ar an eolas i gcónaí faoin rogha táirge a dheisiú agus faoin gceart ráthaíochta gaolmhar;

13. á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach reachtaíocht AE a bhaineann le sábháilteacht táirgí agus ceanglais inbhuanaitheachta ríthábhachtach chun a áirithiú go gcomhlíonann táirgí a chuirtear ar an margadh na rialacha sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020; á chur in iúl, thairis sin, nach gcomhlíonann líon an-mhór táirgí a cheannaítear ar líne agus a allmhairítear isteach san Aontas íoscheanglais sábháilteachta an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun a áirithiú go gcomhlíonann na táirgí na híoscheanglais, lena n-áirítear táirgí a dhíoltar ar líne, agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le táirgí góchumtha do shábháilteacht tomhaltóirí trí fhaireachas margaidh feabhsaithe agus trí chaighdeáin choibhéiseacha rialuithe custaim, agus trí chomhar neartaithe sa réimse sin agus trí bhuiséid agus acmhainní daonna méadaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh formhaoirseacht AE níos éifeachtaí ann, trí rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an líon íosta seiceálacha agus maidir lena minicíocht, agus trí chumhacht a thabhairt don Choimisiún faireachán agus iniúchadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta um fhaireachas margaidh;

14. á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le faisnéis shoiléir, thrédhearcach agus iontaofa maidir le saintréithe táirgí do thomhaltóirí, do ghnólachtaí agus d’údaráis um fhaireachas margaidh; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil de rún ag an gCoimisiún pas táirgí digiteach a fhorbairt; á iarraidh, i ndáil leis sin, go gcuirfí feabhas ar inrianaitheacht feadh an tslabhra luacha agus ar rochtain ar fhaisnéis maidir le coinníollacha táirgthe agus le gnéithe amhail marthanacht, deisiúchán agus, i gcás inarb ábhartha, éifeachtúlacht fuinnimh; á iarraidh go bhforbrófaí na ceanglais sin i ndlúthchomhar leis an tionscal agus le geallsealbhóirí ábhartha eile agus go mbunófaí iad ar mheasúnú tionchair ina gcuirfí san áireamh comhréireacht agus costais do ghnólachtaí, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), do mhicrifhiontair agus do dhaoine féinfhostaithe;

15. ag tabhairt dá haire gur minic fós nach gcuireann údaráis phoiblí i bhfeidhm ach an critéar praghais is ísle mar chritéar dámhachtana, agus na tairiscintí is fearr le haghaidh earraí, seirbhísí nó oibreacha á roghnú acu; á chur i bhfáth nach mór a áirithiú go mbeidh glacadh ann i dtaca le soláthar poiblí glas, sóisialta agus nuálaíochta chun an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chothú trí thacú leis an éileamh atá ar tháirgí inbhuanaithe agus ciorclacha; á chur in iúl, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil an Coimisiún tiomanta tuilleadh beart agus treoir a mholadh a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith lena dtugtar isteach critéir inbhuanaitheachta agus spriocanna íosta do thairiscintí poiblí d’fhonn inbhuanaitheacht na roghanna ceannacháin phoiblí a threisiú; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh cómhalartacht éifeachtach ann sa soláthar poiblí le tríú tíortha agus go mbeadh bearta ann chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag FBManna, ag micrifhiontair agus ag daoine féinfhostaithe ar an soláthar poiblí;

16. á iarraidh go dtabharfaí tús áite i dtairiscintí poiblí, i gcás inarb ábhartha, d’earraí athláimhe, athúsáidte agus athchúrsáilte, do chláir bogearraí agus trealamh tomhaltais ísealfhuinnimh; á iarraidh ar údaráis phoiblí a bheith ar thús cadhnaíochta agus gan táirgí aon úsáide a cheannach;

17. á iarraidh go mbeadh oibleagáidí um thuairisciú ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit maidir le hinbhuanaitheacht a gcinntí soláthair, agus prionsabal na coimhdeachta á urramú acu ag an am céanna.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

9.11.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

4

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Brando Benifei, Adam Bielan, Biljana Borzan, Vlad-Marius Botoş, Markus Buchheit, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Deirdre Clune, David Cormand, Carlo Fidanza, Evelyne Gebhardt, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Svenja Hahn, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Jean-Lin Lacapelle, Maria-Manuel Leitão-Marques, Morten Løkkegaard, Adriana Maldonado López, Antonius Manders, Beata Mazurek, Leszek Miller, Dan-Ştefan Motreanu, Kris Peeters, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Campomenosi

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

 

 

37

+

GUE/NGL

Kateřina Konečná, Anne-Sophie Pelletier

ID

Alessandra Basso, Markus Buchheit, Marco Campomenosi, Virginie Joron, Jean-Lin Lacapelle

NI

Miroslav Radačovský, Marco Zullo

PPE

Pablo Arias Echeverría, Deirdre Clune, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Dan-Ştefan Motreanu, Kris Peeters, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun Und Hohenstein, Marion Walsmann

RENEW

Andrus Ansip, Sandro Gozi

S&D

Alex Agius Saliba, Brando Benifei, Biljana Borzan, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Christel Schaldemose

VERTS/ALE

Anna Cavazzini, David Cormand, Alexandra Geese, Marcel Kolaja, Kim Van Sparrentak

 

4

-

ECR

Eugen Jurzyca

RENEW

Vlad-Marius Botoş, Dita Charanzová, Morten Løkkegaard

 

4

0

ECR

Adam Bielan, Carlo Fidanza, Beata Mazurek

RENEW

Svenja Hahn

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA (12.11.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>maidir leis an bPlean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach nua</Titre>

<DocRef>(2020/2077(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Svenja Hahn</Depute> 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur i bhfáth gur uirlis bhunriachtanach é beartas trádála straitéiseach chun an t-aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach agus Clár Oibre an Aontais agus na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud an domhain faoi 2030, agus á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh comhaontuithe trádála agus infheistíochta ailínithe le beartais an gheilleagair chiorclaigh; á mheas chun reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach a chosaint ar choincheap na bacainne trádála go bhfuil gá le forálacha atá fónta ó thaobh an dlí de i gcomhaontuithe trádála; á chur i bhfios go láidir ach athúsáid, deisiúchán, athdhéantúsaíocht agus athchúrsáil a mhéadú go bhféadfar spleáchas an Aontais ar allmhairiú amhábhar a laghdú; á chur i bhfios gur gá an fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó úsáid acmhainní chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht fhadtéarmach slabhraí luacha domhanda a áirithiú agus iomaíocht chóir a choinneáil ag an am céanna, agus á mheabhrú gur gá an dramhaíl a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis Amhábhar an Aontais a oiriúnú dá réir; á chur i bhfios go gcaithfidh gach gné den aistriú ó gheilleagar líneach chuig geilleagar ciorclach a bheith cuimsitheach agus comhoibritheach;

2. ag aithint go bhfuil gá le creat dlíthiúil cuimsitheach maidir leis an ngeilleagar ciorclach a thabharfaidh buntáiste don Aontas i dtaca le caighdeáin ábhartha a fhorbairt, lena n-áirítear ar an leibhéal idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún go neartófaí rialú gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt i gcomhréir le Coinbhinsiún Basel, lena n-áirítear na leasuithe a ndearnadh air in 2019 maidir le gluaiseachtaí trasteorann dramhaíolacha plaisteacha; á chur in iúl gur oth léi an easpa caighdeáin idirnáisiúnta agus Eorpacha maidir le cáilíocht dramhaíola, amhábhair thánaisteacha, agus maidir le hearraí athchúrsáilte, athmhonaraithe agus deisithe, mar aon leis an easpa critéir dheiridh dramhaíola, ós rud é go gcuireann sé sin bac ar bheartas trádála inmharthana a chuideoidh leis an ngeilleagar ciorclach; á chreidiúint go gcuirfeadh comhchuibhiú agus caighdeánú na norm idirnáisiúnta agus na norm Eorpach ina dtaobh go mór le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh a chomhtháthú sa bheartas trádála; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, caighdeáin chomhchuibhithe a thíolacadh maidir le cáilíocht dramhaíola, ábhair athchúrsáilte, in-athchúrsáilteacht, indeisitheacht, critéir dheiridh dramhaíola, agus caighdeáin maidir le dramhaíl in-athchúrsáilte, go n-áireofaí iad i gcomhaontuithe saorthrádála a bheidh ann amach anseo, agus go dtabharfaí isteach iad ar an leibhéal idirnáisiúnta mar aon le tionscnaimh nua maidir le bonneagair chuí a áiritheoidh go ndéantar bailiú ar leithligh ar ardchaighdeán; á mheabhrú a thiomanta atá an Coimisiún laistigh den Chomhaontú Glas don Eoraip nach mbeadh a chuid dramhaíola á honnmhairiú ag an Aontas a thuilleadh; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur deis é an t-athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Loingsiú Dramhaíola chun deireadh a chur le honnmhairiú fadhbanna dramhaíola an Aontais, agus dá bhrí sin, á chur in iúl gur díol sásaimh di gur fhógair an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an Rialachán sin;

3. ag tabhairt dá haire nach mór aird ar leith a thabhairt san aistriú chuig geilleagar ciorclach ar phríomhshlabhraí soláthair ina bhfuil spleáchas an Aontais ar fhoinsí éiginnte amhábhar an-ard, agus ar shlabhraí luacha inar suntasach lorg comhshaoil an Aontais, rud ar cheart a laghdú; á chreidiúint go bhféadfadh an geilleagar ciorclach a bheith ina uirlis chun iomaíochas an Aontais a uasmhéadú; á mheabhrú gur cheart ualaí rialála míchuí a sheachaint, agus gur cheart cothroime iomaíochta a ráthú do chuideachtaí an Aontais; á chur i bhfáth dá gcuirfí feabhas ar rátaí athchúrsála na hEorpa i dtaobh miotail agus mianraí, a theastaíonn i dtaobh teicneolaíochtaí glasa agus digiteacha, go bhféadfaí cabhrú leis an Eoraip a athléimneacht a fheabhsú i gcomhréir leis an iarracht chun neamhspleáchas oscailte straitéiseach a bhaint amach;

4. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le trédhearcacht agus le hinrianaitheacht mhéadaithe sna príomhshlabhraí soláthair sin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faoi ‘Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Teicstílí’ a bheidh ann amach anseo aghaidh a thabhairt go mór mór ar úsáid éifeachtúil acmhainní agus patrúin inbhuanaithe táirgthe agus tomhaltais in earnáil an éadaigh;

5. á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur gá gné na hathléimneachta a chomhtháthú sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, agus aghaidh a thabhairt ar athléimneacht a mhéadú i slabhraí táirgeachta lenár gcomhpháirtithe trádála, mar aon le margadh saothair athléimneach a bheith ann, agus bealaí chun an athléimneacht inár gcomhshaol a mhéadú; á iarraidh go mbeadh cur chuige maidir le soláthar poiblí inár mbeartas trádála lena dtabharfaí tús áite i dtairiscintí poiblí d’ábhair atá marthanach, indeisithe agus athchúrsáilte nó in-athchúrsáilte, agus lena bhfhreastalófaí ar straitéisí díláraithe i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn siad leis an athléimneacht;

6. á chur in iúl gur díol sásaimh di an ‘Tionscnamh maidir le Leictreonaic Chiorclach’ atá beartaithe, agus á chur i bhfios go láidir gur gá, sa chomhthéacs sin, sainiú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a onnmhairiú chun críche athúsáide agus athchúrsála; á chur in iúl gur saoth léi go ndéantar dramhaíl leictreonach ón Aontas Eorpach a shórtáil go minic i dtíortha i mbéal forbartha, áiteanna nach n-urramaítear caighdeáin sláinte agus sábháilteachta i gcónaí; á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh geilleagar ciorclach na hEorpa ar bhealach níos fearr le feabhas a chur ar dhálaí oibre in áiteanna eile ar domhan; á mheabhrú, i gcás ina bhfuil éiginnteacht faoi cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dramhaíl onnmhairithe a athchúrsáil i dtríú tíortha agus caighdeáin arda shóisialta, sláinte agus chomhshaoil á n-urramú acu, gur cheart tosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar athchúrsáil dramhaíola laistigh de theorainneacha an Aontais;

7. á mheabhrú, chomh maith le bearta a ghlacadh chun cuspóir an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, gur gá aghaidh a thabhairt ar an lorg carbóin a bhaineann le héileamh AE ar tháirgí allmhairithe; á iarraidh ar an gCoimisiún bacainní ar fhás glas agus ar éiceanuálaíocht a shainaithint agus a dhíothú mar aon leis na bacainní sin lena gcuirtear cosc nó srian ar rochtain ar an margadh do tháirgí agus seirbhísí ciorclacha lasmuigh den Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na buntáistí a bhaineann le bacainní taraifí agus neamhtharaifí ar tháirgí agus seirbhísí áirithe a laghdú chun forbairt an gheilleagair chiorclaigh a spreagadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an athbhreithnithe atá ar siúl faoi láthair ar Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP) de chuid an Aontais; á mholadh don Choimisiún, i ndáil leis an méid sin, gné an gheilleagair chiorclaigh a chur le raon feidhme na caibidlíochta i dtaca leis an gComhaontú maidir le hEarraí Comhshaoil, ar cheart dlús a chur léi; á iarraidh ar an gCoimisiún riachtanais speisialta fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) an Aontais a chur san áireamh, chun cuidiú le FBManna an geilleagar ciorclach a chomhtháthú ina samhail ghnó, lena n-áirítear trí dhreasachtaí, agus chun tacú leo i gcur chun feidhme straitéisí gnó chun táirgí ciorclacha a onnmhairiú, go háirithe trí uirlis measúnaithe riosca a sheoladh le haghaidh rialacha tionscnaimh, ar uirlis í atá á meas ag an gCoimisiún faoi láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún a bheith ar thús cadhnaíochta in EDT chun aghaidh a thabhairt ar tháirgí bunaithe ar a gcion carbóin mar bhealach chun cothrom na Féinne a bheith ann i gcúrsaí rialála;

8. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil gnéithe éagsúla den gheilleagar ciorclach curtha san áireamh i gcomhaontuithe trádála atá ann cheana trí chaibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe, agus go ndéanfar an geilleagar ciorclach a lua go sainráite i gcomhaontuithe a bheidh ann amach anseo atá faoi chaibidil faoi láthair; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go léireofaí, sna hionstraimí trádála uile atá ar fáil, lena n-áirítear sna comhaontuithe saorthrádála, cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh trí bhíthin caibidlí láidre, ceangailteacha agus infhorfheidhmithe maidir le forbairt inbhuanaithe a chur san áireamh – agus aird á tabhairt ar shásraí measúnaithe tionchair maidir le hinbhuanaitheacht a bheith comhoiriúnach le caighdeáin EDT – agus ar shamhlacha gnó iomaíocha a chuireann chun cinn trádáil in ábhair athchúrsáilte seachas in ógábhair; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar conas is féidir cóimheá a aimsiú idir feabhas a chur ar thrádáil in earraí athchúrsáilte agus cloí le hardchaighdeáin cháilíochta agus le cosaint tomhaltóirí; á mholadh i ngach caibidil ábhartha de na comhaontuithe saorthrádála gur cheart aghaidh a thabhairt ar an ngeilleagar ciorclach ar bhealach trasearnála; á chur i bhfios go láidir nach mór comhaontuithe trádála a fhorfheidhmiú go héifeachtach a bheith mar chúram tosaíochta don Phríomhoifigeach Forfheidhmithe Trádála; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé lenár gcomhpháirtithe sna comhaontuithe saorthrádála atá ann faoi láthair maidir le cé acu an dtacaíonn nó nach dtacaíonn na comhaontuithe sin leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach; á chur i bhfáth go bhfuil deis ann leas a bhaint as na sásraí comhair um thrádáil agus as na caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe (TSD) chun oibriú i gcomhar le tríú tíortha chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí dul chun cinn ag EDT maidir le haitheantas a thabhairt do phróisis agus do mhodhanna táirgthe (PPManna) mar ghné chun idirdhealú a dhéanamh idir táirgí, agus béim ar leith á leagan ar mhodhanna táirgthe ciorclacha;

9. á mholadh don Choimisiún a bheith rannpháirteach in idirphlé agus comhar oscailte agus trédhearcach le comhpháirtithe trádála an Aontais chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt do chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit iarrachtaí breise a dhéanamh i bhfóraim idirnáisiúnta (UNCTAD, EDT, G20, G7) chun clár oibre an Aontais maidir leis an ngeilleagar ciorclach a shaothrú agus chun cothrom na Féinne ar an leibhéal domhanda le comhpháirtithe idirnáisiúnta a áirithiú tríd an bhféidearthacht a bheith ann féachaint ar choincheap na bpasanna digiteacha chun infhaighteacht sonraí a bhaineann le cion, lorg carbóin agus in-athchúrsáilteacht táirge a chothú, chun ciorclaíocht níos fearr a chumasú, freagracht leathnaithe táirgeora (EPR) agus roghanna inbhuanaithe do thomhaltóirí a chur chun cinn; á mholadh freisin, i ndáil leis an méid sin, go rachadh an Coimisiún i mbun oibre leis na heagraíochtaí iltaobhacha ábhartha chun go dtiocfar ar chomhaontú ar lipéad idirnáisiúnta arbh éasca do thomhaltóirí a thuiscint, agus a léiríonn cibé acu an féidir nó nach féidir táirge a athchúrsáil; á chur i bhfáth, thairis sin, nach mór aird ar leith a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil tíortha comhpháirtíochta beagfhorbartha rannpháirteach sa gheilleagar ciorclach agus ar an gcaoi a bhféadfaidh siad tairbhe a bhaint as; á iarraidh go ndéanfaí measúnú ar thionchar na rátaí méadaithe athchúrsála laistigh den Aontas ar thíortha a bhíonn ag brath go mór ar allmhairí dramhaíola; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabail an gheilleagair chiorclaigh a chomhtháthú ina straitéis ‘I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic’; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as Cúnamh don Trádáil agus as GSP+ chun cabhrú le tíortha i mbéal forbartha cleachtais an gheilleagair chiorclaigh a ghlacadh, lena n-áirítear caighdeáin táirgí;

10. á thabhairt chun suntais go bhféadfar deiseanna a chruthú do thríú tíortha nuair a onnmhairítear sruthanna dramhaíola as an Aontas ar bhealach atá cóir ó thaobh na sochaí de, glan agus soláimhsithe, agus go bhféadfaidh gnóthachain éifeachtúlachta eacnamaíocha teacht chun cinn nuair a bhíonn moil mhonaraíochta an-ghar do ghléasraí athchúrsála, rud is cúis le ‘curaidh’ athchúrsála ina bhfuil bonneagar sórtála agus próiseála den chéad scoth, rud a chuireann le méid agus cáilíocht na hathchúrsála domhanda;

11. ag cur béim ar an riosca a bhaineann le dumpáil chomhshaoil nuair a thrádáiltear amhábhair thánaisteacha nó earraí athláimhe toisc go bhfuil caighdeáin chomhshaoil san Eoraip níos airde ná mar atá i dtríú tír, rud a bhainfeadh an bonn de ghníomhaíochtaí domhanda aeráide agus comhshaoil agus a chuirfeadh bac ar aistriú inbhuanaithe i dtríú tíortha;

12. á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le tomhaltas táirgí talmhaíochta agus táirgí bia ó fheirmeacha áitiúla a chur chun cinn agus a éascú.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

10.11.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

42

0

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Saskia Bricmont, Udo Bullmann, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Raphaël Glucksmann, Markéta Gregorová, Enikő Győri, Roman Haider, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Bernd Lange, Gabriel Mato, Sara Matthieu, Emmanuel Maurel, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Liesje Schreinemacher, Sven Simon, Dominik Tarczyński, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marek Belka, Jean-Lin Lacapelle

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

 

 

42

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Dominik Tarczynski, Jan Zahradil

GUE/NGL

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

ID

Roman Haider, Herve Juvin, Maximilian Krah, Jean-Lin Lacapelle

NI

Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó

PPE

Anna Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler

RENEW

Barry Andrews, Jordi Cañas, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Liesje Schreinemacher, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Marek Belka, Udo Bullmann, Miroslav Číž, Paolo De Castro, Raphaël Glucksmann, Bernd Lange, Inma Rodríguez Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

VERTS/ALE

Saskia Bricmont, Markéta Gregorova, Heidi Hautala, Sara Matthieu

 

0

-

 

 

 

0

0

 

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (10.11.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>maidir leis an bPlean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach</Titre>

<DocRef>(2020/2077(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Jutta Paulus

</Depute>

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí go bhfuil acmhainneacht mhór ag earnálacha an iompair, na turasóireachta agus na lóistíochta agus a slabhraí soláthair maidir le héifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú trí bharrfheabhsú na slabhraí lóistíochta agus luacha, lena n-áirítear trí réitigh dhigiteacha agus intleachta saorga a fhorbairt; de bhrí go ndéantar sciar méadaitheach de na hearraí arna n-iompar agus de na hearraí a úsáidtear in earnáil na turasóireachta a phacáistiú in ábhair aon úsáide;

B. de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag an ngeilleagar ciorclach maidir le spriocanna aeráide a bhaint amach, lena n-áirítear freisin maidir leis an tsoghluaisteacht; de bhrí go gciallaíonn geilleagar ciorcaid iata go gcoinnítear uasluach na n-amhábhar agus na dtáirgí ar fud an tslabhra; de bhrí gur baineadh de thátal as staidéar[30] a rinneadh le déanaí, mar sin féin, go bhfuil feidhm ag na socruithe soghluaisteachta atá ann faoi láthair maidir le hiompar ábhar seachas daoine, agus go bhfuil siad fós ag feidhmiú ar bhonn líneach in éagmais aon fhíorbheartais soghluaisteachta ciorclaí faoi láthair;

C. de bhrí gur cheart do phleananna téarnaimh agus athléimneachta tacú leis an aistriú chuig an ngeilleagar ciorclach, lena n-áirítear san iompar

D. de bhrí go bhfeabhsófar cáilíocht eispéireas na turasóireachta trí phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus na héicidhearthóireachta a ionchorprú i dtáirgí agus seirbhísí turasóireachta, go laghdófar an tionchar a bheidh aici ar an gcomhshaol, agus go gcuirfear chun cinn rochtain do thomhaltóirí ar tháirgí nó seirbhísí atá inbhuanaithe nó a bhfuil éicidhearthóireacht déanta orthu;

E. de bhrí bhfuil bailiú sonraí cáilíochtúla fíorthábhachtach chun faireachán agus meastóireacht cheart a dhéanamh ar na beartais atá á saothrú;

F. de bhrí gur leag an Coimisiún amach ina Pháipéar Bán maidir le hIompar 2011 an uaillmhian astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ón iompar a laghdú 60 % ar a laghad faoi 2050 i gcomparáid le leibhéil 1990, agus 20 % faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2008; de bhrí go raibh astaíochtaí ón iompar (lena n-áirítear eitlíocht idirnáisiúnta ach gan loingseoireacht idirnáisiúnta a áireamh) in 2017 28 % os cionn leibhéil 1990; de bhrí gur cheart don Choimisiún, tar éis na measúnuithe tionchair agus comhairliúcháin ghaolmhara leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, na tionscnaimh is gá a dhéanamh chun GCTanna a laghdú i reachtaíocht earnáil iompair an Aontais ina hiomláine, ós rud é go bhfuil an earnáil ríthábhachtach chun uaillmhianta dícharbónaithe AE a bhaint amach; de bhrí go bhfuil níos mó ná leath d’astaíochtaí gás ceaptha teasa nasctha le heastóscadh agus úsáid amhábhar, agus de bhrí go dtugann laghdú ar úsáid amhábhar príomhúil agus ar úsáid tráchtearraí agus breis athchúrsála deis ár rathúnas a chosaint agus ár ngeilleagar a chothú;

1. á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach. á thabhairt chun suntais go bhféadfaí lorg carbóin agus lorg acmhainní na n-earraí mar gheall ar shoghluaisteacht agus iompar a laghdú trí chur chuige an gheilleagair chiorclaigh, lena gcuirfí chun cinn, go háirithe, barrfheabhsú agus caighdeánú chun rátaí áitíochta feithiclí a mhéadú, chomh maith le próisis lóistíochta a bhainistítear ar bhealach éifeachtúil inbhuanaithe a chur ar bun an athuair; á thabhairt chun suntais go gcuirtear deiseanna iontacha ar fáil leis an ngeilleagar ciorclach d’earnáil na soghluaisteachta, amhail tionscnaimh an gheilleagair chomhoibríoch, feithiclí astaíochtaí nialasacha nó feithiclí astaíochtaí ísle, agus athúsáid comhpháirteanna; á chur i bhfáth go bhfuil an t-iompar ilmhódach tábhachtach don gheilleagar ciorclach, agus béim á leagan orthu siúd a bhaineann leas as na hacmhainní is lú;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún díriú níos mó ar earnáil an iompair ina dtionscnaimh maidir leis an ngeilleagar ciorclach, agus dlús a chur leis na hiarrachtaí astaíochtaí gás ceaptha teasa ón iompar a laghdú á chur i bhfáth go bhfuil gá le fás OTI a dhíchúpláil ó mhéadú ar astaíochtaí iompair agus ar thomhaltas acmhainní, mar a bhí beartaithe ag an gCoimisiún ina Pháipéar Bán ó 2001 maidir le beartas iompair Eorpach, trí aistriú ó iompar de bhóthar go hiompar d’iarnród, d’uisce agus go hiompar paisinéirí poiblí, agus i dteannta meascán de roghanna ciorclacha amhail carranna a roinnt, carranna a chomhthiomsú agus laghduithe ar achair taistil; ag tnúth le spéis ar leith leis an straitéis chuimsitheach Eorpach um shoghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste a fógraíodh;

3. ag cur i bhfáth go bhfuil gá le héicidhearthóireacht i dtáirgí iompair a chur chun cinn, agus feidhmíocht chomhshaoil na seirbhísí iompair a fheabhsú; á chur i bhfáth gur cheart straitéis Eorpach a fhorbairt chun faireachán a chur chun cinn i dteicneolaíochtaí atá leabaithe in earraí agus i bhfeithiclí chun an fhaisnéis atá ar fáil a fheabhsú agus í a chur i bhfeidhm maidir le dearadh, réamhaisnéis saoil, síneadh timthrialla, éifeachtúlacht athchúrsála agus pleanáil timthriallta úsáide;

4. á iarraidh sciar na bhfuinneamh inathnuaite sna modhanna éagsúla iompair, arbh ionann é agus 7.2 % d’fhuinneamh in 2017, a mhéadú go mór faoi bhun na sprice de 10 % a leagtar síos do 2020 i dTreoir 2009/28/CE, arb é is aidhm dóibh ar a laghad an sprioc de 14 % a leagtar síos do 2030 i dTreoir (AE) 2018/2001 a bhaint amach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá spriocleibhéil CO2 ar fud AE d’iompar paisinéirí agus lastais chun úsáid fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta breise a ghlacadh chun bogadh i dtreo meascán leictreachais carbóin níos ísle san Aontas, ós rud é go bhféadfadh na hastaíochtaí saolré ó fheithiclí ceallra-leictreacha (FIDInna) a luchtaítear i gcás hipitéiseach le leictreachas a ghintear go hiomlán ó chumhacht ghaoithe agus ó fhoinsí inathnuaite eile a bheith i bhfad níos ísle ná na hastaíochtaí saolré atá ag feithicil innill dócháin inmheánaigh choibhéiseach (ICEV); á iarraidh ar an Aontas gníomhaíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar dhearadh feithiclí, as a dtiocfaidh éileamh níos ísle ar amhábhair, ídiú breosla agus astaíochtaí CO2; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le deiseanna nua fostaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann a chruthú

5. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na héifeachtaí a bhíonn ag breoslaí malartacha bithbhunaithe, agus aird ar leith á tabhairt ar úsáid talún, chun cosc a chur ar tháirgeadh breoslaí malartacha a mbeadh barra bia thíos leis;

6. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit costais sheachtracha an iompair a inmheánú, feasacht a mhúscailt i measc úsáideoirí iompair, réitigh iompair níos glaine a chur chun cinn trí scéimeanna deimhniúcháin GCT a bhunú, agus tomhaltóirí a chumasú roghanna iompair atá neamhdhíobhálach don aeráid a roghnú; ag tathant ar an Aontas bearta a dhéanamh chun slabhraí táirgeachta a laghdú ó thaobh iompair de; ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá an nuálaíocht agus beartais fhioscacha, agus ag léiriú gur uirlis ríthábhachtach é an lipéadú Eorpach chun cabhrú le tomhaltóirí na seirbhísí is inbhuanaithe a aithint agus a roghnú; ag spreagadh táirgeoirí go gníomhach a gcéannacht bhranda agus tionchar an mhargaidh a úsáid chun tomhaltas agus iompar inbhuanaithe agus ciorclach a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí a fhorbairt chun gur féidir an geilleagar ciorclach san iompar a anailísiú agus a áirithiú;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí féideartha a chur i láthair do chonraitheoirí iompair agus d’oibreoirí córas áirithinte ar ríomhairí chun an fhaisnéis is fearr a sholáthar faoi astaíochtaí coibhéiseacha CO2, i gcomparáid le sonraí ar an nasc malartach traenach, loinge nó bus is fearr; á iarraidh ar an Aontas astaíochtaí GCT ón loingseoireacht a laghdú trí theicneolaíochtaí glana inbhuanaithe a chur chun cinn, amhail glacadh na teicneolaíochta seoil, agus bearta amhail galú mall agus barrfheabhsú luais; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis na modhanna iompair is éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, agus dreasachtaí leordhóthanacha agus samhlacha praghsála a shainiú, lena n-áirítear trí dhreasachtaí cánach, agus CBL ar thicéid;

8. á mheabhrú go bhfuil earnáil an iompair in AE ag brath go mór fós ar ola, agus ar allmhairí, dá bhrí sin, ar mhaithe lena riachtanais fuinnimh; ag áitiú, mar sin, cé is moite de bhreoslaí malartacha a áireamh sa Straitéis Chuimsitheach Eorpach maidir le Soghluaisteacht Inbhuanaithe agus Cliste, gur cheart don Aontas feabhas a chur ar an reachtaíocht ábhartha maidir le breoslaí iompair malartacha inbhuanaithe agus inathnuaite bunaithe ar mheasúnú saolré agus an leas is fearr is féidir a bhaint as sineirgí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach; ag spreagadh an Choimisiúin comhchuibhiú na mbeartas um spreagadh fioscach maidir le hídiú na gcineálacha breosla sin agus ceannach feithiclí a úsáideann iad a dhreasú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, i gcás gach modh iompair, go ndearnadh gach breosla malartach –  lena n-áirítear hidrigin, bithbhreoslaí inbhuanaithe agus ola chócaireachta –  a bhreithniú ag féachaint dá bhféidearthachtaí forbartha agus dá dtionchar ar an gcomhshaol;

9. ag spreagadh an Choimisiúin chun obair leantach a dhéanamh ar Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid trí chuspóirí níos uaillmhianaí a leagan síos agus an reachtaíocht ábhartha a athbhreithniú chun infhaighteacht bonneagair luchtaithe agus cothabhála d’fheithiclí leictreacha ar fud na hEorpa a áirithiú, agus tríd an Treoir sin a leathnú chuig gach modh iompair, chomh maith le maoiniú leordhóthanach ón Aontas agus acmhainní daonna leordhóthanacha a ráthú chun an bonneagar sin a sholáthar agus a chur chun feidhme go héifeachtúil; ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuirfí san áireamh sa reachtaíocht seo riachtanais ar leith na n-oileán, na réigiún is forimeallaí, na réigiún forimeallach, agus na limistéar sléibhtiúil agus bánaithe;

10. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt, sna pleananna téarnaimh agus athléimneachta agus in ionstraimí maoiniúcháin éagsúla an Aontais, do thionscnaimh a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach agus le húsáid foinsí inathnuaite san iompar, go háirithe trí bhonneagar iomchuí a sholáthar agus a úsáid go mear;

11. á iarraidh go gcruthófaí gréasán Eorpach comhleanúnach de chríochfoirt iompair chomhcheangailte agus de mhoil lóistíochta idirmhódúla chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn tuilleadh;

12. ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le rátaí áitíochta agus lódfhachtóirí a mhéadú; á thabhairt chun suntais gur féidir le seirbhísí comhroinnte soghluaisteachta dul chun tairbhe an gheilleagair chiorclaigh, agus na tionchair a bhíonn ag an iompar ar an gcomhshaol a laghdú; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh níos lú feithiclí a bheith ann, ach feithiclí a úsáidtear níos déine, lena sábhálfaí acmhainní i dtáirgeadh, ar choinníoll go mbeidís mar chuid de straitéis iompair chiorclach agus ilmhódach níos leithne; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí córais chliste iompair a chur chun cinn, ar córais iad a chabhraíonn leis an idirmhódúlacht a chur chun cinn, lena n-áirítear don ‘mhíle deireanach’, agus faisnéis chomhtháite a chur ar fáil d’úsáideoirí le haghaidh cinntí ceannaigh agus soláthair, agus aird ar leith á tabhairt ar shonraí maidir le tionscnamh táirgí agus seirbhísí, agus ar chostais oibriúcháin agus ar an ngaol atá acu le hastaíochtaí GCT arna sonrú de réir rogha;

13. á chreidiúint gur féidir úsáid feithiclí leictreacha níos lú, a bhfuil raon níos lú acu agus níos lú éilimh ar fhuinneamh, a bheith mar thoradh ar shoghluaisteacht chomhroinnte, rud a fhágann gur féidir ceallraí níos éadroime a tháirgtear le hastaíochtaí gás ceaptha teasa níos ísle a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na seirbhísí agus na tionscnaimh soghluaisteachta comhroinnte is inbhuanaithe a chur chun cinn trí straitéis fhadtéarmach, mar shampla tríd an gcáin ar chlárú feithiclí a laghdú; ag cur béim ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le feithiclí comhroinnte a úsáid, agus riachtanais reatha na n-úsáideoirí á gcomhlíonadh ag an am céanna; á iarraidh go gcruthófaí ardáin ar líne le haghaidh iarrataí ar iompar a dhigitiú agus a chomhthiomsú; ag cur béim ar an ngá atá ann idirdhealú a dhéanamh idir soghluaisteacht chomhroinnte neamhghairmiúil agus seirbhísí iompair tráchtála i dtéarmaíocht AE, ionas go laghdófar na bacainní ar an tsoghluaisteacht chomhroinnte;

14. á chur i bhfáth go laghdaíonn seirbhísí soghluaisteachta comhroinnte brú tráchta agus go rannchuidíonn siad le fadhbanna dlúis iompair uirbigh a réiteach; ag tathant ar chathracha an tionscnamh a ghlacadh chun athmhachnamh a dhéanamh ar a gcórais iompair agus ar a sreafaí iompair; á iarraidh ar údaráis áitiúla agus réigiúnacha rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus na bpríomhgheallsealbhóirí (amhail oibreoirí iompair, dáileoirí, fostaithe, lárionaid taighde agus imscrúdaithe, ollscoileanna) a chur san áireamh chun an aidhm sin a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le nuálaíocht agus le teicneolaíochtaí nua a fhorbairt in earnáil an iompair; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé eolas, luach agus poist a cruthaíodh tríd an nuálaíocht laistigh den Aontas a choinneáil; ag tathant tuilleadh taighde a dhéanamh ar úsáid feithiclí, agus úsáid á baint as sonraí ó shuirbhéanna náisiúnta taistil agus as tástálacha tréimhsiúla ródacmhainneachta, toisc go bhfuil fianaise láidir ann maidir le míleáiste bliantúil, cuspóir an turais agus míleáiste saoil, rud a chuireann bac ar éifeachtúlacht iomlán agus ar acmhainneacht coigilte carbóin;

15. á chreidiúint gur cheart don Aontas Eorpach tacú le tionscnaimh chiorclacha, teicneolaíochtaí nuálacha agus samhlacha gnó ciorclacha a thairgeann seirbhísí inbhuanaithe – ar an leibhéal áitiúil go minic agus arna gcur chun feidhme ag micrifhiontair, fiontair shoghluaisteachta bheaga nó mheánmhéide nó comharchumainn – a bhfuil an-acmhainneacht acu maidir le nuálaíocht agus le seirbhísí inbhuanaithe spárála acmhainní go minic; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhlíonadh cheanglais an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn maidir le rialáil agus soláthar lamháltas iompair phoiblí agus iompair phoiblí agus maidir lena bhflíteanna feithiclí, chomh maith le nósanna imeachta soláthair phoiblí do bhonneagar iompair; ag cur béim ar a thábhachtaí atá soláthar ciorclach i gcoitinne agus ar an gcineál eiseamláireach a d’fhéadfadh a bheith aige ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; ag cur béim ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeartas sin ar fheasacht úsáideoirí agus ar roghanna soghluaisteachta;

16. ag tabhairt dá haire gur féidir na tionchair ar an gcomhshaol, arb é eastóscadh agus próiseáil amhábhar d’fheithiclí is cúis leo, a laghdú trí shlabhraí soláthair gairide agus éifeachtúlacht ábhair, agus trí éicidhearthóireacht fheabhsaithe, trí shaolré seirbhíse feithiclí a mhéadú, trí dheisiúcháin, trí ullmhú le haghaidh athúsáide, trí aistriú chuig ábhair nach bhfuil chomh criticiúil sin, trí dheireadh a chur de réir a chéile le substaintí díobhálacha i dtrealamh feithiclí, agus trí athchúrsáil níos fearr; á thabhairt chun suntais go bhfuil céim an deartha ríthábhachtach don acmhainneacht athúsáide agus athchúrsála ina dhiaidh sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán docht a dhéanamh ar shaolré iomlán na bhfeithiclí, agus onnmhairiú feithiclí a bhfuil a ré caite agus onnmhairiú feithiclí athláimhe chuig tríú tíortha a theorannú d’fhonn cosc a chur ar amhábhair chriticiúla imeacht ó gheilleagar na hEorpa; ag tarraingt aird ar thionscadail inmholta chun dramhfheithiclí ó thríú tíortha a thabhairt ar ais chuig AE lena n-athchúrsáil;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún, agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar Threoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht bearta iomchuí a áireamh chun feabhas a chur ar chórais bailithe dramhaíola agus córas a chruthú chun cáilíocht agus iontaofacht táirgí ón ngeilleagar ciorclach a ráthú, agus a áirithiú go gcoimeádtar faisnéis faoi na hábhair agus na comhdhúile a d’fhéadfadh a bheith achrannach ar fud an tslabhra luacha trí mhodhanna teicneolaíocha;

18. ag tathant ar an gCoimisiún dliteanas an táirgeora, pasanna táirgí, amanna ráthaíochta níos faide a thabhairt isteach chomh maith leis an gceart feithiclí a dheisiú, go háirithe iad siúd a úsáideann teicneolaíochtaí nua; ag cur béim ar an bhfíoras go dtáirgtear cion suntasach (15-50 %) d’astaíochtaí gás ceaptha teasa ó ghluaisteán le linn a mhonaraithe; ag spreagadh iniúchadh a dhéanamh ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann do phróisis deisithe a bhaineann le meascán éifeachtúil scanta agus clódóireachta 3D; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar an tionchar a bheidh ag fás na dteicneolaíochtaí digiteacha agus na bhfeidhmchlár ar shaol seirbhíse na bhfeithiclí, agus trealamh digiteach agus bogearraí atá imithe i léig a thabhairt cothrom le dáta ar phraghas réasúnta;

19. á chur in iúl gur geal léi uaillmhian an Choimisiúin a cuireadh in iúl sa Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir le hinbhuanaitheacht agus acmhainneacht chiorclach na gcadhnraí le haghaidh leictrea-shoghluaisteachta, agus creat rialála a mholadh le haghaidh ceallraí in 2020 lena n-áiritheofar bainistiú ciorclach ar shreafaí ábhair agus an athúsáid is mó is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur de réir a chéile le ceallraí neamh-in-athluchtaithe a úsáidtear i gcórais iompair, i gcás ina bhfuil a mhalairt ann, agus sciar méadaitheach d’ábhar athchúrsáilte i gcadhnraí a shainiú, chomh maith le saolré níos faide, ar féidir leo suas le 50 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a shábháil i dtáirgeadh; á chur i bhfios go láidir gur féidir le caighdeánú ar dhearadh ceallraí a bheith ríthábhachtach chun athúsáid agus athchúrsáil ceallraí amach anseo a chumasú, lena n-áirítear córais atá bunaithe ar an margadh; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh athúsáid chascáideach ceallraí a bheith ann i bhfeidhmchláir mhalartacha, amhail chun fuinneamh a stóráil agus a sholáthar; ag cur béim ar an ngá atá le tuilleadh taighde ar na hiarratais sin: á iarraidh ar an gCoimisiún lorg carbóin tháirgeadh na gcadhnraí a chur san áireamh; á thabhairt chun suntais gur príomhfhachtóir a dhéanann difear d’ídiú fuinnimh BEVanna agus hibridí inluchtaithe (PHEVanna) an méid is féidir coscánú athghiniúnach a úsáid chun fuinneamh a aisghabháil, rud a fhágann gur réimse ríthábhachtach eile é don taighde; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le forbairt caighdeán Eorpach maidir le hathluchtú;

20. ag cur béim ar ábharthacht na bpatrúin luchtaithe maidir le BEVanna i dtaca le comhtháthú earnála agus feidhmíocht gás ceaptha teasa, ós rud é gur féidir le luchtú le linn amanna nuair a sháraíonn soláthar leictreachais inathnuaite an eangach a chobhsú, agus ar an gcaoi sin astaíochtaí GCT an mheascáin eangaí ina iomláine a laghdú, ach má luchtaítear a mhalairt le linn buaiceanna in úsáid fuinnimh eile sna tráthnóntaí, is féidir leis an mbuaicéileamh leictreachais a bheith níos measa; á iarraidh ar an gCoimisiún teicneolaíochtaí luchtaithe cliste a chur chun cinn, lena n-áirítear caighdeáin AE, lenar féidir uainiú an luchtaithe a rialú, rud a chuirfidh le cobhsaíocht na heangaí, le costais ísle fuinnimh agus le húsáid fuinnimh in-athnuaite; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh úsáideoirí a bheith ina táirgeoirí is tomhaltóirí fuinnimh trí fhuinneamh a thabhairt isteach ina gcadhnraí feithiclí san eangach ar luaíocht airgeadais nó trí leictreachas féinghinte a úsáid ó ghrianphainéil chun a bhfeithicil a luchtú;

21. á iarraidh ar an gCoimisiún srian a chur le honnmhairiú dramhaíola chuig tríú tíortha, agus athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) 1013/2006 maidir le loingsithe dramhaíola, mar a fógraíodh sa CEAP nua; á chur i bhfios go mbíonn drochthionchar ag onnmhairí dramhaíola ar an gcomhshaol agus ar an tsláinte i dtíortha cinn scríbe, go mbíonn caillteanas ábhar luachmhar, go háirithe amhábhair agus comhdhúile, ina gcúis le drochthionchar ar chruthú post in AE, agus go méadaítear astaíochtaí saolré táirgí i ngeall ar an iompar breise sin; á iarraidh go n-athlonnófaí láithreáin athchúrsála chun smacht iomlán a fháil ar thimthriallta an gheilleagair chiorclaigh, agus béim á leagan ag an am céanna ar athchúrsáil agus athúsáid; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhforbrófaí acmhainní chun dul i ngleic le honnmhairí neamhdhleathacha agus le calaois, go háirithe onnmhairiú dramhaíola faoi scáth feithiclí athláimhe; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear chun feidhme an Treoir maidir le Saoráidí Glactha Calafoirt;

22. ag tathant ar an gCoimisiún chun pacáistíocht agus coimeádáin in-athúsáidte le haghaidh iompair a dhéanamh éigeantach, cé nár cheart an tuaslagán sin a úsáid le haghaidh bia nuair atá sé contrártha le rialacha sábháilteachta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair a dhéanamh ar chomhchuibhiú scéimeanna aischuir taiscí le haghaidh gnáthphacáistiú tionsclaíoch; ag tathant ar na Ballstáit go mbeadh sé éigeantach pacáistíocht thionsclaíoch chaighdeánach a thógáil ar ais chun críocha athúsáide agus athchúrsála chomh maith; á iarraidh go dtiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm laistigh de thréimhse réasúnach ama;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún earnáil na turasóireachta a áireamh ina n-uaillmhianta do gheilleagar ciorclach, chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le nuálaíocht a chur chun cinn san earnáil, chomh maith lena hinbhuanaitheacht agus lena hathléimneacht; ag meabhrú Theachtaireacht 2010 ón gCoimisiún maidir le creat polaitiúil nua don turasóireacht san Eoraip, inar beartaíodh turasóireacht inbhuanaithe agus inar iarradh ar ghnólachtaí turasóireachta a n-úsáid uisce óil, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus lorg an chomhshaoil a laghdú, fuinneamh glan a úsáid, agus ar bhonn ginearálta acmhainní nádúrtha a úsáid go freagrach; ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit reachtaíocht Eorpach maidir leis an gcomhshaol a chur chun feidhme agus spriocanna CEAP nua a chur chun feidhme ina straitéisí náisiúnta turasóireachta agus ina dtionscadail aonair; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gnólachtaí turasóireachta a spreagadh agus a ghríosadh chun páirt a ghlacadh in Éicilipéad an Aontais Eorpaigh agus i Scéim an Aontais Eorpaigh um Bainistíocht agus Iniúchadh Comhshaoil (EMAS). ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cur i bhfeidhm na bprionsabal éicidhearthóireachta a dhreasú agus a spreagadh tuilleadh trí sheirbhísí nua turasóireachta, ó thaobh na n-earraí a úsáidtear chun iad a sholáthar agus ó thaobh na bpróiseas agus thioncar a soláthair ar an gcomhshaol;

24. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bonneagar cuimsitheach ciorclach a fhorbairt, a spreagann gnólachtaí turasóireachta amhail óstáin fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh agus a sholáthar; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt chun úsáid uisce athchúrsáilte a fheabhsú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé bonneagar láidir a bheith ann, go háirithe do FBManna, nach bhfuil na hacmhainní airgeadais ná eagrúcháin acu chun bonneagar den sórt sin a fhorbairt iad féin; ag spreagadh tionscnamh amhail líonra rotharbhealaí na hEorpa lena dtacaítear leis an eispéireas turasóireachta ar bhonn gníomhaíochtaí sláintiúla agus teagmháil leis an gcomhshaol a chur chun cinn: á iarraidh ar an gCoimisiún bunú líonraí turasóireachta atá fabhrach don bhithéagsúlacht agus ar scála beag a spreagadh, ar líonraí iad atá cuimsitheach, tairbhiúil do na pobail áitiúla, agus atá nasctha le hionaid forbartha turasóireachta críochacha, lena bhféadfar naisc a chothú idir gairmithe turasóireachta, táirgeoirí áitiúla, údaráis phoiblí, gnólachtaí áitiúla agus ceardaithe;

25. ag tabhairt dá haire go léiríonn staidéir éagsúla leibhéal díréireach ard de chur amú bia ó earnáil an fháilteachais, agus an ról nach mór d’earnáil na turasóireachta a bheith aige i mbeartais phoiblí i gcoinne cur amú bia; ag spreagadh a gairmithe a lánpháirtiú chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí maidir leis an tsaincheist sin agus maidir le feasacht a mhúscailt, bearta a scaipeadh agus a chur chun feidhme chun é a chosc; ag cur béim ar acmhainneacht na hearnála cruthú líonraí dlúthpháirtíochta a stiúradh lena ndéantar deis do dhlúthpháirtíocht agus do chur chun cinn an gheilleagair chiorclaigh as an riosca a bhaineann le cur amú bia; ag moladh scéimeanna oiliúna do chócairí chun cur amú bia a laghdú; á iarraidh go ndéanfaí dramhaíl bhia a athúsáid tuilleadh mar bheatha ainmhithe nó le haghaidh bithghás a tháirgeadh; ag creidiúint go bhfuil ardacmhainneacht ag FBManna in earnáil an bhia fáilteachais chun nuálaíochta agus chun réitigh chiorclacha nua a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú leis na Ballstáit chun deireadh a chur le bacainní institiúideacha lena gcoisctear feidhmeanna ciorclacha bia, amhail rialacháin i gcoinne barrachas bia a dháileadh ó earnáil na turasóireachta;

26. ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé oiliúint nuálach agus tionscadail uas-scilithe a shainiú agus a dhearadh maidir leis an ngeilleagar ciorclach d’oibrithe i ngach earnáil, lena n-áirítear an t-iompar, agus riachtanais na hearnála agus na scileanna is gá á gcur san áireamh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhordú idir an Coimisiún, na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla chun spriocanna nua CEAP a bhaint amach, agus chun tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i bhfeachtais oideachais agus múscailte feasachta maidir leis na tairbhí agus na buntáistí a bhaineann le gníomhaíochtaí an gheilleagair chiorclaigh san iompar; á iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtais agus tionscadail a mhalartú ar gach leibhéal;


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

10.11.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

4

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Gheorghe Falcă, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Angel Dzhambazki, Roman Haider, Jutta Paulus, Anne-Sophie Pelletier, Kathleen Van Brempt

 

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

ECR

Angel Dzhambazki, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

GUE/NGL

Kateřina Konečná , Elena Kountoura, Anne-Sophie Pelletier

NI

Mario Furore

PPE

Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

Renew

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Isabel García Muñoz, Rovana Plumb, Kathleen Van Brempt,

Verts/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Tilly Metz, Jutta Paulus

 

4

-

ECR

Peter Lundgren

ID

Marco Campomenosi , Roman Haider, Lucia Vuolo

 

2

0

ID

Julie Lechanteux, Philippe Olivier

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE (7.12.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach</Titre>

<DocRef>(2020/2077(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Claude Gruffat</Depute>

PA_NonLeg

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á mheas gur comhpháirteanna lárnacha den gheilleagar ciorclach agus den bhithgheilleagar iad earnálacha na talmhaíochta, an bhia agus na foraoiseachta, mar aon le limistéir thuaithe; á chreidiúint, ós rud é go bhfuil sí bunaithe go dlúth ar thimthriallta nádúrtha agus ar phróisis nádúrtha, go bhfuil an talmhaíocht inbhuanaithe ag teacht go hiomlán le samhail an gheilleagair chiorclaigh a fheidhmíonn mar is cuí, lena gcabhraítear le bia sláintiúil inacmhainne a tháirgeadh;

2. á mheas, chun leas a bhaint as acmhainneacht iomlán an bhithgheilleagair, go gcaithfidh sé leanúint de bheith ina thosaíocht ag AE agus nach mór do na bearta atá ar fáil agus an cistiú, dá bhrí sin, a bheith comhleanúnach; á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an mbithgheilleagar réitigh a sholáthar ar na dúshláin a gcaithfidh earnáil na talmhaíochta aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear iad siúd a thug géarchéim COVID-19 chun solais;

3. á mheas go bhfuil sé d’acmhainn ag cur chuige an gheilleagair chiorclaigh feabhas a chur, ní hamháin ar inbhuanaitheacht na hearnála feirmeoireachta, ach ar iomaíochas fadtéarmach na hearnála sin freisin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá feirmeoirí óga agus athnuachan glúine sa talmhaíocht, chomh maith le fiontair bheaga agus mheánmhéide agraibhia (FBManna), agus iad ag dul i mbun an aistrithe chuig geilleagar ciorclach cheana féin;

4. á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach agus leis an aistriú i dtreo biashlabhra atá níos cuimsithí, níos inbhuanaithe, níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus don aeráid cruthú gnó agus fiontraíocht i measc FBManna a chothú;

5. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, ós rud é go léirítear ann go hiomlán na hathruithe atá de dhíth ar gheilleagar de réir mar a fhorbraíonn sé chun riachtanais na forbartha inbhuanaithe a chomhlíonadh, ionas gur féidir poist a chruthú agus an aeráid, an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a bheith á gcosaint ag an am céanna;

6. á chur i bhfáth go bhféadfadh cur chuige an gheilleagair chiorclaigh tuilleadh deiseanna a chur ar fáil chun an slabhra luacha agraibhia ina iomláine a dhéanamh níos tíosaí ar acmhainní, trí laghdú a dhéanamh ar mhéid na n-ionchur seachtrach agus ar sceitheadh na gcothaitheach farasbairr, agus ar an gcaoi sin cuidiú le lúba timthrialla chothaithigh a dhúnadh, sceitheadh diúltach ar an gcomhshaol a laghdú, luaineacht praghsanna a laghdú, costais táirgthe níos ísle agus inbhuanaitheacht a bhaint amach;

7. ag tabhairt dá haire, in 2015, gurbh ionann an bithgheilleagar agus margadh ar measadh gurbh fhiú os cionn EUR 2.3 trilliún é, lena soláthraítear 20 milliún post agus lena ndéantar 8.2 % den fhostaíocht iomlán in AE a áireamh;

8. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gníomh chun gníomhaíochta fógairt an phlean gníomhaíochta maidir le hathrú cáilíochtúil chun samhlacha táirgthe feirme a atreorú agus a bharrfheabhsú i dtreo cleachtais táirgthe níos inbhuanaithe, coincheapa nua agus córais nua, amhail agrai-éiceolaíocht, feirmeoireacht orgánach, táirgeadh comhtháite, ag baint úsáid as, inter alia, teicnící beachta agus cliste chun aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú agus ar ghanntanas acmhainní nádúrtha agus an gá ina dhiaidh sin an táirgeadh a fheabhsú;

9. ag tabhairt dá haire go léirítear leis an bplean gníomhaíochta an bealach i dtreo cineál feirmeoireachta a bheadh níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní de, níos féin-leordhóthanaí agus níos athléimní; á chur i bhfáth go mbeidh tionchar ag samhail an gheilleagair chiorclaigh agus ag na hathruithe atá i gceist ar na hearnálacha próiseála bia agus miondíola agus ar an mbithgheilleagar talmhaíochta ina iomláine;

10. á mheas gurb é atá i gceist le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, inter alia:

 úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní fuinnimh, amhail breosla a úsáid agus éifeachtúlacht theirmeach foirgneamh;

 uisce a choinneáil agus a shábháil, amhail trí chórais uisciúcháin a spárálann uisce, trí uisce a aisghabháil agus a athchúrsáil ó chórais iata, agus stóráil agus coinneáil uisce, go háirithe san ithir, i mbithbhreoslaí agus i bhfásra na hithreach;

 úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní a úsáidtear le haghaidh beatha, amhail beatha ainmhithe agus cothú ainmhithe a athshuí agus a chuíchóiriú, agus achair iompair a ghiorrú;

 táirgí bithfhoinsithe orgánacha a dhíorthaítear ó phróisis nádúrtha (bithleasacháin, bithspreagthaigh agus bith-rialaithe) a úsáid níos mó, agus iad á gcur in ionad ionchuir cheimiceacha neamh-inathnuaite (e.g. leasacháin shintéiseacha agus lotnaidicídí) i gcás inar féidir;

 lamháil d’fheirmeoirí agus do ghrúpaí feirmeoirí comhoibriú agus sineirgí a fhorbairt, trealamh agus saoráidí a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí agus carnadh iomarcach trealaimh a chosc, rud a bhaineann go minic le bainistiú infheistíochta ar bhonn pleanáil cánach;

 comhar níos mó idir geallsealbhóirí, lena n-áirítear samhlacha comhoibríocha a chur chun cinn agus níos mó sineirgí a shaothrú ar an láthair, agus gealltanais chomhchoiteanna agus chomhroinnte mar bhonn taca leis sin;

11. á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an ngeilleagar ciorclach réitigh a sholáthar ar na dúshláin nua arb í géarchéim COVID-19 a thug chun solais iad, go háirithe trí leochaileacht na luachshlabhraí agraibhia a laghdú;

12. á mheas gur cheart do phlean téarnaimh eacnamaíoch an Aontais – Next Generation EU – tacaíocht a chur ar fáil chun slabhraí luacha agraibhia áitiúla agus réigiúnacha a chruthú agus a neartú agus a dteacht aniar a mhéadú, cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe nua agus tionscnaimh nua maidir leis an ngeilleagar ciorclach a bhunú;

13. á iarraidh plean straitéiseach de chuid an Aontais a bheith ann do sholáthar próitéiní plandúla a bheidh le cur chun feidhme a luaithe is féidir trí phleananna straitéiseacha na mBallstát, arbh fhearr go ndéanfaí é sin tráth nach déanaí ná teacht i bhfeidhm an chéad chomhbheartais talmhaíochta eile (CBT);

14. á mheas gur cheart go dtacódh plean den sórt sin le léagúim a tháirgeadh agus a chaitheamh, lena n-áirítear próitéiní gráin mar bharra fosaithe nítrigine, agus barra foráiste dílse, a thairgeann roinnt buntáistí agranamaíocha agus comhshaoil agus ar féidir leis spleáchas allmhairithe ó thíortha i bhfad i gcéin a laghdú, lena n-áirítear iad siúd gan aird ar bith ar an gcomhshaol, ar bhithéagsúlacht nó ar chearta an duine;

15. á chur i bhfios go láidir gur cheart leis an bplean sin toirmeasc a chur ar allmhairiú táirgí a sháraíonn caighdeáin an Aontais i ndáil le sláinte, leis an gcomhshaol agus leis an aeráid nó a chuireann le dífhoraoisiú; á mheas, thairis sin, go bhféadfaí deiseanna a chur ar fáil d’fheirmeoirí trí bharra próitéine níos mó a fhás san Eoraip; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag taighde agus ag nuálaíocht ó thaobh spleáchas an Aontais ar allmhairí próitéine a laghdú agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht leormhaith a áirithiú tríd an gclár Fís Eorpach agus tríd an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuálaíocht (CEN) faoi CBT maidir le táirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta;

16. á mheas go dtugann an geilleagar ciorclach agus an bithgheilleagar acmhainneacht d’fheirmeoirí agus dá gcomharchumainn san aistriú i dtreo neodracht aeráide; á mheabhrú go bhfuil deis ann chun a chur ar chumas feirmeoirí úsáid a bhaint as dramhaíl talmhaíochta agus iarmhair ar fheirmeacha agus as leasacháin orgánacha athchúrsáilte a tháirgeadh mar roghanna malartacha ar fhosfar allmhairithe, a bhfuil a n-acmhainní domhanda ag meathlú, nó nítrigin shintéiseach;

17. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór do tháirgeadh na leasachán orgánach sin cloí le dianchaighdeáin sláinte agus chomhshaoil agus leis na rialacha inrianaitheachta atá leagtha síos ar leibhéal an Aontais;

18. ag tabhairt dá haire go bhfuil gá d’fheirmeoirí, go háirithe iad siúd a tháirgeann scéimeanna deimhniúcháin amhail scéimeanna orgánacha, a áirithiú go bhfuil leasacháin den sórt sin saor ó éilleáin truaillithe ithreach[31];

19. á thabhairt chun suntais gur gá féachaint, agus tuilleadh taighde á dhéanamh, ar úsáid bhreisluacha na n-iarmhar talmhaíochta agus ar an acmhainneacht a bhaineann le nuálaíocht bhithbhunaithe chun slabhraí breisluacha, teicneolaíochtaí agus próisis nua, gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus fostaíocht a sheachadadh, lena bhféadfaí geilleagair réigiúnacha agus limistéir áitiúla agus thuaithe a athbheochan;

20. ag tabhairt dá haire gur ann do dheiseanna a bhaineann le bainistiú aoiligh chun leasacháin orgánacha a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar an gcion carbóin san ithir agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le ceapadh carbóin;

21. á chur i bhfáth nach féidir le táirgeadh bithbhreosla Eorpach a bheith comhsheasmhach leis na prionsabail is bonn leis an ngeilleagar ciorclach ach amháin má ghintear é ó sheachtháirgí agus ó aisghabháil agus úsáid dramhaíola nó iarmhar, má ghlacann sé sciar beag de thalamh talmhaíochta agus mura bhfuil sé freagrach as méadú ar phraghas na mbia-ábhar;

22. ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, go bhfuil acmhainneacht ann d‘fhorbairt réigiúnach agus d’úsáid na dramhaíola talmhaíochta, na dramhaíola bia agus na dramhaíola cathrach glas a fhaightear go háitiúil agus a úsáidtear i ngléasraí táirgthe bithgháis; ag cur béim ar an ról atá ag táirgeadh fuinnimh inbhuanaithe, in-athnuaite agus neamhdhíobhálach don aeráid mar ionadú éifeachtach ar bhreoslaí iontaise;

23. á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé bunriachtanach go ndéanfar an fhoraoiseacht a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe ionas go bhféadfaidh ábhair atá bunaithe ar adhmad feidhmiú mar stórtha carbóin agus go bhféadfaidh ábhair atá díorthaithe ó bhreosla iontaise nó ábhair neamh-inathnuaite a chur in ionad na n-ábhar sin i bhfeidhmeanna tionsclaíocha amhail foirgníocht, táirgí snáithíneacha, teicstílí, comhchodaigh, bithphlaistigh agus ceimiceáin;

24. á iarraidh táirgí inbhuanaithe adhmaid ina stóráiltear carbón san fhadtéarma a chur chun cinn in ionad substaintí agus táirgeadh atá dian ar ghás ceaptha teasa; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfaí linnte carbóin a mhéadú le limistéir foraoise faoi na coinníollacha iomchuí, agus poist á soláthar agus ioncam á mhéadú i gceantair thuaithe agus uirbeacha ag an am céanna; á chreidiúint gur féidir, trí earnáil foraoiseachta inbhuanaithe a bhaint amach agus cúiteamh a dhéanamh ar earraí agus seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí chaomhnú an dúlra, cabhrú leis an mbithgheilleagar a neartú ar fud AE;

25. á thabhairt chun suntais gur ghá dreasachtaí gnó a ailíniú le spriocanna beartais chun bitheacnamaíocht chiorclach a fhorbairt agus go mbeadh scileanna nua ag teastáil mar aon le heolas a fhaightear trí oiliúint agus oideachas a fháil, a roinnt agus a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais na hearnála agus chun a áirithiú go ndéanfaí scileanna agus poist a mheaitseáil níos fearr;

26. á chur i bhfáth nach mór glacadh an bhithgheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn trí bheartais láidre taighde agus nuálaíochta; ag tabhairt dá haire go gcruthódh gach euro a infheistítear sa taighde agus sa nuálaíocht i réimse an bhithgheilleagair faoi Fhís 2020 thart ar EUR 10 i mbreisluach.

27. ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht sa gheilleagar ciorclach rannchuidiú le húsáid níos éifeachtúla acmhainní, córais bhia réigiúnacha agus áitiúla a chur chun cinn lena n-áirithítear praghas cothrom do tháirgeoirí, slabhraí soláthair gairide agus an nasc idir táirgí bia agus a dtionscnamh a neartú, limistéir thuaithe, geilleagair thuaithe a fhorbairt agus comhtháthú sóisialta agus críochach ar an gcaoi sin a spreagadh, agus éagsúlú agus comhlántacht barr ar fheirmeacha agus idir feirmeacha a spreagadh;

28. ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil acmhainneacht sa gheilleagar ciorclach seasamh na bhfeirmeoirí sa chóras bia agus sa tsochaí a neartú; ag cur béim ar an ról atá ag riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir leis na slabhraí soláthair gairide sin a thógáil;

29. á iarraidh go n-urramófar an bhithéagsúlacht agus an comhshaol go hiomlán laistigh de dhreasachtaí níos leithne an gheilleagair chiorclaigh maidir le linnte carbóin; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint le creat rialála a cheapadh lena n-áirítear cuntasaíocht láidir, thrédhearcach ar charbón chun faireachán agus fíorú a dhéanamh ar bharántúlacht na n-aistrithe carbóin;

30. ag tacú leis an gCoimisiún lena iarrachtaí tomhaltóirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoi mhaímh maidir le cothú agus leis an éiceolaíocht, agus trí lipéadú tionscnaimh a fheabhsú; á iarraidh go ndéanfaí lipéadú deonach lena gcuirtear béim ar dhintiúir inbhuanaitheachta táirgí;

31. ag cur béim ar cheart shaoránaigh AE faisnéis bheacht agus chruinn a fháil faoi na tionchair a bhíonn ag bia, beatha, foraoiseacht agus táirgí bithbhunaithe eile ar an gcomhshaol; á iarraidh go mbeadh modhanna ríofa daingne, cruinne agus comhchuibhithe ann chun na tionchair sin a mheas bunaithe ar eolaíocht phiarmheasúnaithe iontaofa; á chur i bhfios go láidir gur cheart modhanna táirgthe inbhuanaithe a dhreasú leis na modhanna ríofa/ualaithe sin agus gur cheart go gcuirfí san áireamh leo na hiarrachtaí atá déanta ag na ceannródaithe;

32. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistiú i dtionscnaimh nua maidir leis an ngeilleagar ciorclach chun bonneagar níos fearr a fhorbairt don gheilleagar ciorclach;

33. á iarraidh ordlathas beart a bheith ann sa chomhrac i gcoinne cur amú bia, lena dtugtar tús áite ar dtús do chosc, ansin féachaint ar na féidearthachtaí maidir le dramhaíl bia a dheonú nó a phróiseáil, agus ar deireadh scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht dramhaíl bia a thiontú ina beatha d’ainmhithe nó ina breosla;

34. á iarraidh go gcuirfear dlús le bearta coisctheacha i ngach cuid den bhiashlabhra, trí fheasacht a mhéadú i measc shaoránaigh AE agus trí bhearta agus tionscnaimh oiriúnacha do tháirgeoirí, do phróiseálaithe agus do thrádálaithe bia;

35. á iarraidh bearta breise a bheith ann chun cabhrú leis an mbiashlabhra a ghiorrú agus ar an gcaoi sin líon na gcéimeanna ag a dtáirgtear dramhbhia a laghdú; á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí ollmhóra don chomhshaol ag baint leis an gcur amú bia, go gcuirtear leis an athrú aeráide agus gur cur amú acmhainní teoranta é amhail talamh, fuinneamh, uisce agus bithéagsúlacht; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc a úsáid chun moltaí a thabhairt isteach go pras chun an sprioc maidir le cur amú bia a laghdú faoina leath faoi 2030;

36. á thabhairt chun suntais gur gá an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir pacáistíocht bhia atá curtha in oiriúint do riachtanais an duine aonair ach a chuireann cosc freisin ar bhia ó mhilleadh agus ar an gcaoi sin nach gcaillfear acmhainní táirgthe bia;

37. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-idirdhealú idir dramhaíl inseachanta agus caillteanais dhosheachanta i ngeall ar imthosca neamhthuartha a mheas;

38. á iarraidh aitheantas a thabhairt d’earnálacha talmhaíochta a oibríonn cheana laistigh de phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh, amhail iad siúd a úsáideann sruthanna dramhaíola talmhaíochta agus cur amú bia;

39. á chur i bhfios go gcomhlíonann an pacáistiú bia feidhmeanna tábhachtacha, mar go gcuireann sé feabhas ar shláinteachas, ar cháilíocht agus ar sheilfré agus go soláthraíonn sé faisnéis úsáideach faoi tháirgí;

40. á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht nua a mholadh chun dul i ngleic le róphacáistiú agus giniúint dramhaíola agus chun tacaíocht a chur ar fáil chun margadh aonair comhtháite a chruthú d’amhábhair agus d’fhotháirgí tánaisteacha;

41. á iarraidh ar an gCoimisiún feidhmeanna na pacáistíochta bia a chur san áireamh agus bearta á ndéanamh aige chun cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach a bhaint amach;

42. á thabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht laistigh den gheilleagar ciorclach chun barrfheabhas a chur ar úsáid bia atá caillte nó curtha i leataobh ar bhealach dosheachanta agus ar fhotháirgí ón slabhra bia; á chur i bhfáth go bhfuil deiseanna chun diomailt a laghdú ag an gcéim táirgthe trí theicnící agus teicneolaíochtaí nuálacha a úsáid chun táirgí nach gcomhlíonann caighdeáin an mhargaidh a thiontú ina n-earraí próiseáilte;

43. ag tabhairt dá haire go mbaineann tairbhí le comhar idir táirgeoirí agus nuálaíochtaí sa digitiú lena n-éascaítear rochtain ar shonraí, réamhaisnéisí éilimh agus réamhchláir tháirgeachta d’fheirmeoirí, rud a chuireann ar a gcumas a dtáirgeadh a chur in oiriúint don éileamh, comhordú níos fearr a dhéanamh le hearnálacha eile i slabhra an tsoláthair bia agus diomailt a íoslaghdú;

44. á iarraidh go mbeadh chur chuige il-gheallsealbhóra chun bia gan díol, neamhthomhailte agus do-ite a bhailiú agus a atreorú chuig monarú beathaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar thoradh air sin, anailís a dhéanamh ar bhacainní dlíthiúla ar úsáid sean-earraí bia i dtáirgeadh beatha agus taighde a chur chun cinn sa réimse sin, agus béim á leagan freisin ar an ngá atá le hinrianaitheacht níos fearr agus le caighdeáin bhithshlándála a bheith á gcomhlíonadh agus le próisis deighilte agus cóireála lena neamhnítear go hiomlán rioscaí maidir le sábháilteacht bia;

45. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá taighde agus forbairt le haghaidh teicneolaíochtaí talmhaíochta inbhuanaithe, ar cheart iad a oiriúnú do riachtanais na bhfeirmeoirí agus na sochaí i gcoitinne; á thabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil riachtanais shonracha ag feirmeoirí ar mhionscála agus ar mheánscála agus go bhfuil gá le díriú ar thaighde agus ar fhorbairt ar rochtain ar theicneolaíochtaí agus ar theicneolaíochtaí atá oiriúnach ó thaobh scála agus costas de;

46. á mheas gur cheart go gcumhdófaí na nuálaíochtaí uile sa gheilleagar ciorclach le reachtaíocht an Aontais, gur cheart go mbeidís i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus nár cheart go ndéanfaidís aon dochar don chomhshaol, don bhithéagsúlacht ná don tsláinte, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim;

47. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair a dhéanamh ar na bearta go léir a mholtar faoin bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach chun na leasanna eacnamaíocha atá ag na cuideachtaí cheana agus a bheidh acu amach anseo a chosaint agus chun cur chuige ‘neamhdhíobhála’ a áirithiú, ar mhaithe le saoránaigh uile AE;

48. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag Cnuasach 6 den chlár Fís Eorpach maidir le heolas a chur chun cinn, cumais a fhorbairt agus réitigh nuálacha a fhorbairt agus a thaispeáint lena gcuirfear dlús leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, agus, ar an gcaoi sin, go gcruthófar poist tharraingteacha i bpobail tuaithe agus go bhfeabhsófar cruthú luacha, inbhuanaitheacht agus iomaíochas;

49. á mheas go bhfuil talamh talmhaíochta ceaptha go príomha chun bia agus beatha a tháirgeadh agus gur cheart ábhair bhithfhoinsithe le haghaidh plaisteach a tháirgeadh go príomha ó dhramhábhar seachas bia;

50. á iarraidh go gcuirfí saoráidí bailithe, sórtála agus athchúrsála dramhaíola feirme ar bun ar fud na hEorpa, agus leas á bhaint as freagracht chomhchoiteann na ngníomhaithe, na bhfeirmeoirí, na ndáileoirí agus na dtionscnóirí uile;

51. á mheas, thairis sin, go bhfuil ábharthacht ar leith don talmhaíocht ag baint le dréachtstraitéis an Choimisiúin maidir le dramhaíl phlaisteach, ós rud é go mbaineann dúshláin mhóra don earnáil leis na dúshláin agus na costais a bhaineann le plaistigh thalmhaíochta a athchúrsáil;

52. á iarraidh go ndéanfaí scannáin phlaisteacha ocsai-in-ilroinnte a chéimniú amach agus á mholadh go n-úsáidfear ábhair bithfhoinsithe agus in-bhithmhillte a dhíghrádaíonn laistigh de thréimhse ghearr ama isteach in CO2 agus in uisce faoi dhálaí nádúrtha comhshaoil agus a chomhlíonann ceanglais AE maidir le dramhaíl, truailliú ithreach agus bithbhailiú go háirithe a shrianadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá atá le lipéadú soiléir a dhéanamh ar phlaistigh atá in-bhithmhillte go hiomlán faoi ghnáthchoinníollacha agus nach bhfuil iontu ach plaistigh bhithfhoinsithe agus neamh-bhithmhillte;

53. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé i gceist creat beartais a fhorbairt chun plaistigh bhithbhunaithe a fhoinsiú, a lipéadú agus a úsáid; á thabhairt chun suntais gur cheart táirgí dramhaíola agus taobhshruthanna an táirgthe talmhaíochta agus an tionscal agraibhia nach féidir a úsáid le haghaidh bia, beatha nó múirín a bheith ar an bpríomhfhoinse do bhithphlaistigh;

54. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistiú i dteicneolaíochtaí nua athchúrsála chun forbairt theicneolaíoch na ngléasraí sórtála agus athchúrsála agus a mbonneagar a bharrfheabhsú agus a chur chun cinn, chomh maith le nósanna imeachta agus teicnící athúsáide; á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, scéim aonfhoirmeach lipéadaithe a fhorbairt do chórais athchúrsála;

55. á chur in iúl gur geal léi gach tionscnamh a fhéachann le prionsabail an bhainistithe dramhaíola agus an choisc dramhaíola a ionchorprú i sonraíochtaí táirgí a bhfuil marcanna cáilíochta AE agus náisiúnta orthu;

56. ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur ann do sheanfhoirgnimh thalmhaíochta nach bhfuil in úsáid agus a mbaineann fadhbanna tromchúiseacha leo maidir le costas a ndiúscartha (aispeist, etc.) fiú sular féidir úsáidí nua a bhaint astu nó an spás ina bhfuil siad; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá foriomlán le haistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus níos ciorclaí ó thaobh foinsiú agus monarú táirgí foirgníochta agus ábhair a úsáidtear in earnáil na talmhaíochta; á chur i bhfáth nach mór aon iarrachtaí a dhéantar i ndáil leis an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le caighdeán ISO TC 323 maidir leis an ngeilleagar ciorclach;

57. á iarraidh go ndéanfar an bithgheilleagar gorm a chomhtháthú i straitéisí na mBallstát maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

1.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

43

0

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mazaly Aguilar, Clara Aguilera, Atidzhe Alieva-Veli, Álvaro Amaro, Attila Ara-Kovács, Carmen Avram, Adrian-Dragoş Benea, Benoît Biteau, Mara Bizzotto, Daniel Buda, Isabel Carvalhais, Asger Christensen, Angelo Ciocca, Ivan David, Paolo De Castro, Jérémy Decerle, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Luke Ming Flanagan, Cristian Ghinea, Dino Giarrusso, Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Martin Hlaváček, Krzysztof Jurgiel, Jarosław Kalinowski, Elsi Katainen, Gilles Lebreton, Norbert Lins, Chris MacManus, Marlene Mortler, Ulrike Müller, Juozas Olekas, Pina Picierno, Maxette Pirbakas, Bronis Ropė, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Annie Schreijer-Pierik, Veronika Vrecionová, Sarah Wiener, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Petros Kokkalis, Ruža Tomašić

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

43

+

ECR

Mazaly AGUILAR, Krzysztof JURGIEL, Ruža TOMAŠIĆ, Veronika VRECIONOVÁ

GUE/NGL

Luke Ming FLANAGAN, Petros KOKKALIS, Chris MACMANUS

ID

Ivan DAVID, Gilles LEBRETON, Maxette PIRBAKAS

NI

Dino GIARRUSSO

PPE

Álvaro AMARO, Daniel BUDA, Salvatore DE MEO, Herbert DORFMANN, Jarosław KALINOWSKI, Norbert LINS, Marlene MORTLER, Anne SANDER, Petri SARVAMAA, Simone SCHMIEDTBAUER, Annie SCHREIJER-PIERIK, Juan Ignacio ZOIDO ÁLVAREZ

Renew

Atidzhe ALIEVA-VELI, Asger CHRISTENSEN, Jérémy DECERLE, Cristian GHINEA, Martin HLAVÁČEK, Elsi KATAINEN, Ulrike MÜLLER

S&D

Clara AGUILERA, Attila ARA-KOVÁCS, Carmen AVRAM, Adrian-Dragoş BENEA, Isabel CARVALHAIS, Paolo DE CASTRO, Juozas OLEKAS, Pina PICIERNO

Verts/ALE

Benoît BITEAU, Francisco GUERREIRO, Martin HÄUSLING, Bronis ROPĖ, Sarah WIENER

 

0

-

 

2

0

ID

Mara BIZZOTTO, Angelo CIOCCA

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

27.1.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

66

6

7

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurelia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Eleonora Evi, Agnès Evren, Pietro Fiocchi, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Karin Karlsbro, Petros Kokkalis, Athanasios Konstantinou, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ştefan Motreanu, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Linea Søgaard-Lidell, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Hildegard Bentele, Manuel Bompard

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

66

+

PPE

Bartosz Arłukowicz, Hildegard Bentele, Traian Băsescu, Nathalie Colin-Oesterlé, Christian Doleschal, Agnès Evren, Adam Jarubas, Ewa Kopacz, Peter Liese, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Dolors Montserrat, Dan-Ştefan Motreanu, Ljudmila Novak, Jessica Polfjärd, Stanislav Polčák, Christine Schneider, Edina Tóth, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Esther de Lange

S&D

Nikos Androulakis, Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Cyrus Engerer, Jytte Guteland, César Luena, Javi López, Alessandra Moretti, Sándor Rónai, Günther Sidl, Petar Vitanov, Tiemo Wölken

Renew

Pascal Canfin, Andreas Glück, Martin Hojsík, Jan Huitema, Karin Karlsbro, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Linea Søgaard-Lidell, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir, Nicolae Ştefănuță

ID

Aurelia Beigneux, Catherine Griset, Joëlle Mélin

Verts/ALE

Margrete Auken, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly Metz, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus

The Left

Malin Björk, Manuel Bompard, Petros Kokkalis, Silvia Modig, Mick Wallace

 

6

-

ID

Simona Baldassarre, Marco Dreosto, Teuvo Hakkarainen, Sylvia Limmer, Luisa Regimenti, Silvia Sardone

 

7

0

ECR

Sergio Berlato, Pietro Fiocchi, Joanna Kopcińska, Rob Rooken, Alexandr Vondra, Veronika Vrecionová, Anna Zalewska

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[1] https://ec.europa.eu/environment/pdf/chemicals/2020/10/Strategy.pdf

[2] Téacsanna arna nglacadh P9_TA(2020)0201

[3] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0217.

[4] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.

[5] IO C 334, 19.9.2018, lch. 60.

[6] IO C 265, 11.8.2017, lch. 65.

[7] IO C 433, 23.12.2019, lch. 146.

[8] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0198

[9] Téacsanna arna nglacadh, P9 TA(2020)0201.

[10] Téacsanna arna nglacadh, P9 TA(2020)0005.

[11] IO C 433, 23.12.2019, lch. 136.

[12] IO C 433, 23.12.2019, lch. 146.

[13] IO C 76, 9.3.2020, lch. 192.

[14] IO L 155, 12.6.2019, lch. 1.

[15] IO L 150, 14.6.2018, lch. 109.

[16] IO L 150, 14.6.2018, lch. 141.

[17] IO L 150, 14.6.2018, lch. 100.

[18] IO L 150, 14.6.2018, lch. 93.

[19] IO L 353, 31.12.2008, lch. 1.

[22] https://science.sciencemag.org/content/369/6510/1455

[24] https://ec.europa.eu/eurostat/tgm/table.do?tab=table&init=1&language=en&pcode=cei_srm030&plugin=1(as quoted from the European Green Deal)

[25] Tuarascáil ar Tháscaire Comhshaoil 2014: Tionchair Chomhshaoil na gCóras Táirgeachta-Tomhaltais san Eoraip. an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil 2014.

[27] Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, an Geilleagar Ciorclach, https://www.europarl.europa.eu/thinktank/infographics/circulareconomy/public/index.html.

[28] The Built Environment, Fondúireacht Ellen MacArthur, https://www.ellenmacarthurfoundation.org/assets/downloads/The-Built-Environment.pdf, 2020, lth. 2-3.

[29] Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle, IO L 88, 4.4.2011, lch. 5.

[31] Miotail throma, iarmhair chógaisíochta, hormóin, pataiginí miocróbacha, micreaphlaistigh, gloine, etc.

An nuashonrú is déanaí: 5 Feabhra 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais