TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú)
29.1.2021 - (COM(2020)0048 – C9‑0017/2020 – 2020/0029(COD)) - ***I
An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Magdalena Adamowicz
(Códú – Riail 109 de na Rialacha Nós Imeachta)
PR_COD_Codification
Eochair do na siombailí a úsáidtear |
* An nós imeachta comhairliúcháin *** Nós imeachta an toilithe ***I An gnáthnós imeachta reachtach (an chéad léamh) ***II An gnáthnós imeachta reachtach (an dara léamh) ***III An gnáthnós imeachta reachtach (an tríú léamh)
(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí a mholtar sa dréachtghníomh.)
|
CLÁR
Leathanach
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
IARSCRÍBHINN: TUAIRIM Ó MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH SHEIRBHÍSÍ DLÍ PHARLAIMINT NA hEORPA, NA COMHAIRLE AGUS AN CHOIMISIÚIN
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACHL SA CHOISTE FREAGRACH
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú)
(COM(2020)0048 – C9‑0017/2020 – 2020/0029(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach – códú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0048),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0017/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Meitheamh 2020[1],
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 maidir le modh oibre brostaithe le haghaidh códú oifigiúil téacsanna reachtacha[2],
– ag féachaint do Rialacha 109 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0010/2021),
A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún mar a oiriúnaíodh é do na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
IARSCRÍBHINN: TUAIRIM Ó MHEITHEAL CHOMHAIRLEACH SHEIRBHÍSÍ DLÍ PHARLAIMINT NA hEORPA, NA COMHAIRLE AGUS AN CHOIMISIÚIN
MEITHEAL CHOMHAIRLEACH NA SEIRBHÍSÍ DLÍ |
An Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2020
TUAIRIM
CHUIG: PARLAIMINT NA hEORPA
AN CHOMHAIRLE
AN COIMISIÚN
Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fáil agus seilbh arm a rialú (códú)
COM(2020) 48 final an 19.2.2020 – 2020/0029(COD)
Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Nollaig 1994 – Modh oibre níos tapúla d’fhonn téacsanna reachtacha a chódú go hoifigiúil, agus go háirithe pointe 4 de, rinne an Meitheal Chomhairleach, atá comhdhéanta de sheirbhísí dlí faoi seach Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, scrúdú trí nós imeachta i scríbhinn ar an togra thuasluaite arna thíolacadh ag an gCoimisiún.
Is é an toradh a bhí ar an scrúdú ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar códú ar Threoir (CEE) 91/477/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1991 maidir le fáil agus seilbh arml a rialú ná go ndearna an Mheitheal Chomhairleach, i gcomhthoil a chéile, an méid seo a leanas a leagan síos:
1. In aithris 13, ba cheart an dara habairt a bhaint amach.
2. In aithris 15, ba cheart na focail ‘agus de bhróicéirí’ a chur isteach tar éis gach ceann den dá uair a bhfuil na focail ‘na ndéileálaithe’ san áireamh.
3. In aithris 31, ba cheart an focal ‘freisin’ a chur isteach tar éis na bhfocal ‘ba cheart go ndéanfar tagairt’.
4. In Airteagal 22(1) den leagan Béarla, ba cheart na focail ‘teorainneacha seachtracha an Aontais’ a chur in ionad ‘imeallchríocha seachtracha an Aontais’ [Ní bhaineann an leasú seo le Gaeilge]
Dá thoradh sin, d’fhág scrúdú an togra go raibh sé ar chumas na Meithle Comhairlí a theacht ar an tátal, gan aon easaontú, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.
F.DREXLER T. BLANCHET D.CALLEJA CRESPO
Comhairleoir Dlí Comhairleoir Dlí Ard-Stiúrthóir
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Fáil agus seilbh arm a rialú (Códú) |
|||
Tagairtí |
COM(2020)0048 – C9-0017/2020 – 2020/0029(COD) |
|||
Dáta tíolactha don Pharlaimint |
19.2.2020 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta an fhógartha sa suí iomlánach |
JURI 9.3.2020 |
|
|
|
Rapóirtéir Dáta an cheapacháin |
Magdalena Adamowicz 1.7.2020 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
27.1.2021 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
21 1 3 |
||
Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Manon Aubry, Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Jean-Paul Garraud, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Sergey Lagodinsky, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Jiří Pospíšil, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Ernő Schaller-Baross, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, Marie Toussaint, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Heidi Hautala, Antonius Manders, Javier Nart |
|||
Dáta don chur síos |
29.1.2021 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACHL SA CHOISTE FREAGRACH
21 |
+ |
PPE |
Geoffroy Didier, Esteban González Pons, Jiří Pospíšil, Ernő Schaller‑Baross, Axel Voss, Marion Walsmann, Javier Zarzalejos |
S&D |
Ibán García Del Blanco, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Lara Wolters, Tiemo Wölken |
Renew |
Pascal Durand, Karen Melchior, Stéphane Séjourné, Adrián Vázquez Lázara |
Verts/ALE |
Heidi Hautala, Marie Toussaint |
ECR |
Angel Dzhambazki, Raffaele Stancanelli |
The Left |
Manon Aubry |
1 |
- |
ID |
Gunnar Beck |
3 |
0 |
ID |
Jean‑Paul Garraud, Gilles Lebreton |
NI |
Mislav Kolakušić |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh