Tuarascáil - A9-0014/2021Tuarascáil
A9-0014/2021

TUARASCÁIL maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD

3.2.2021 - (2020/2086(INI))

An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir don tuairim: Katrin Langensiepen


Nós Imeachta : 2020/2086(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0014/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0014/2021
Téacsanna arna nglacadh :

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN - ACHOIMRE AR FHÍORAIS AGUS AR FHIONNACHTANA

Rud ríthábhachtach inár saol é post a bheith againn. Is rud fíor-riachtanach é dár gcaidreamh le daoine eile, dár gcumas airgead a thuilleamh atá riachtanach chun saol sona sláintiúil a bheith againn, dár bpoitéinseal mar dhaoine a bhaint amach agus dár gcumas páirt a ghlacadh inár sochaí. Fágtar sinn, daoine faoi mhíchumas, gan ár ‘gceart chun obair a dhéanamh’[1] go córasach, áfach - ceart atá á chosaint agus á chur chun cinn le roinnt doiciméad idirnáisiúnta ar chearta an duine agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh - agus coinnítear sinn amach as margadh an tsaothair. Tá fostóirí ar fud an Aontais Eorpaigh arbh fhearr leo fíneáil a íoc seachas duine againn a fhostú.

Is beag staidreamh oifigiúil atá ann maidir le daoine faoi míchumas agus ní minic a dhéantar iad a imdhealú ó thaobh cineáil míchumais, cine/bunadh eitneach, treoshuíomh ghnéasaigh, etc., agus is ar éigin atá sonraí ar bith ar fáil maidir leis an gcineál fostaíochta a mbíonn rochtain ag daoine faoi mhíchumas air, cé go bhfuil an méid seo a leanas ar eolas againn: níl ach 50.6% de dhaoine faoi mhíchumas ag obair (48.3% de mhná agus 53.3% d’fhir), i gcomparáid le 74.8% i gcás daoine nach bhfuil faoi mhíchumas[2]. Léirítear sa staidreamh is déanaí atá ar fáil nach bhfuil ach 20.7% de mhná faoi mhíchumas i bhfostaíocht lánaimseartha, i gcomparáid le 28.6% d’fhir faoi mhíchumas[3]. Ní nochtann na figiúirí sin an líon daoine atá fostaithe i margadh oscailte an tsaothair, áfach, agus eisítear daoine faoi mhíchumas atá ag maireachtáil faoi chúram institiúideach, daoine ar lú go mór an dealramh go mbeadh post acu nó go mbeidís á gcuimsiú sa phobal ar bhealach ar bith. Gheobhaidh tú sonraí breise thíos.

Ní gá a rá nach i gcúrsaí fostaíochta amháin a ndéantar idirdhealú forleathan orainne, daoine faoi mhíchumas. Ach is cinnte gur réimse é ina bhféadfaí athruithe ó bhonn a dhéanamh - ach na cearta comhionanna agus deiseanna comhionanna a choimirciú - le haghaidh na ndaoine faoi mhíchumas atá i gceist agus le haghaidh na sochaí i gcoitinne freisin.

Ní haonchineálach na sochaithe againn. Bíonn féiniúlachtaí, cumais, eolas agus scileanna difriúla againn ar fad, agus, i gcás an Aontais Eorpaigh, ar cúis mhórtais dó a bheith i dtús cadhnaíochta sa troid ar son cearta bunúsacha, ba cheart an comhionannas agus an neamh-idirdhealú a áirithiú do gach duine, lena n-áiritear daoine faoi mhíchumas, ar grúpa ilchineálach iad freisin ina mbíonn neart féiniúlachtaí agus cumais éagsúla ag cómhaireachtáil.

Mar sin féin, ainneoin ár luachanna agus ár gconarthaí comhaontaithe, bíonn ár mionlaigh, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ag fulaingt le díothú forleathan córasach ar a gcearta, ón oideachas, rochtain ar an gceartas, rochtain ar chearta sláinte gnéis agus atáirgthe go dtí an ceart chun maireachtáil go neamhspleách agus maireachtáil saor ó fhoréigean agus ó mhí-úsáid, caighdeán leormhaith maireachtála agus chosaint shóisialta a bheith ar fáil, etc. Tá sé thar am dúinn ar fad a aithint go mbaineann ilfhéiniúlachtaí agus féiniúlachtaí trasnacha linn ar fad agus nach gar dúinn é cearta an duine a bheith á dtabhairt dúinn ó dhaoine eile ach gurb é an méid is lú gur gá dúinn a thabhairt dá chéile. Is sochaí éagsúil sinn, agus bíonn fiúntas agus neart san éagsúlacht a chuideoidh linn tabhairt faoi dhúshláin áitiúla agus domhanda nuair a thagann siad chun cinn. Táimidne, daoine faoi mhíchumas, leis na cumais agus leis na scileanna ar fad atá againn, ar cheann de na foinsí éagsúlachta sin.

Ceann de na sáruithe ar chearta is coitianta a mbíonn taithí againne air mar dhaoine faoi mhíchumas ná an séanadh ar ár rannpháirtíocht. Is chuige sin, agus an tuarascáil seo á hullmhú, gur iarr bhur rapóirtéir ionchur ó dhaoine faoi mhíchumas agus ó na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu nuair a bhí sraith pléití ar siúl i mí an Mheithimh agus i mí Iúil i mbliana, agus arís le linn an phróisis dréachtaithe i mí Lúnasa agus i mí Mheán Fómhair. Ina theannta sin, chuireamar mír sholéite lenár dtuarascáil freisin, mar creidimid go daingean nach é dréachtadh na tuarascála amháin ar cheart a bheith níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, ach an toradh deiridh freisin. Táimid faoi chomaoin ag Aurelie Baranger, Christian Takow, Helen Portal, Fanny Lamon agus Soufiane El Amrani as an leagan soléite a ullmhú.

Is mian le bhur rapóirtéir a buíochas a chur in iúl anseo do na comhghleacaithe a bhí rannpháirteach inár gcomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí, eadhon

 Aurelie Baranger agus Christian Takow ó Autism-Europe,

 Claudia Rustige agus Klaus Meyer zu Brickwedde ón Bundesarbeitsgemeinschaft Inklusionsfirmen,

 Lars Bosselmann agus Antoine Fobe ón European Blind Union,

 Marine Uldry agus Haydn Hammersley ó Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas,

 Natasa Kokic agus Frank Sioen ó An Gréasán Eorpach um Maireachtáil Neamhspleách,

 Mark Wheatley agus Jorge Crespo Garcia ó Aontas Eorpach na mBodhar,

 Helen Portal ó Inclusion Europe,

 Renee Jopp agus Hildur Onnudottir ón International Federation for Spina Bifida and Hydrocephalus, agus

 Laura Marchetti, Marie Fallon Kund agus Jonas Bull ó Mental Health Europe.

Toisc gur chomhroinn siad a n-eolas agus a dtaithí maidir leis na hábhair imní agus na dúshláin is mó a bhíonn ag daoine faoi mhíchumas agus na sáruithe ar chearta a chastar orthu go minic, gur luaigh siad dea-chleachtais agus beartais inbhuanaithe linn, agus gur mhol siad na hathruithe ba mhaith leo a fheiceáil i dtaca le beartais agus reachtaíocht AE, d’éirigh linn pictiúr níos soiléire a fháil ar an staid iarbhír ó thaobh na fostaíochta de agus liosta éileamh níos cuimsithí a chur le chéile.

Is mian le bhur rapóirtéir a buíochas ó chroí a chur in iúl don Dr. Jone Elizondo Urrestarazu, ionadaí Equinet, as an sárléargas a thug sí dúinn ar na gnéithe dlíthiúla den idirdhealú ar bhonn fostaíochta a chastar ar dhaoine faoi mhíchumas i mBallstáit an Aontais agus ar na huirlisí dlí chun dul i ngleic leo, agus do bheirt dlíodóirí mór le rá i réimse an mhíchumais ón saol acadúil, an tOllamh Delia Ferri ó Ollscoil na hÉireann Maigh Nuad agus an tOllamh Mark Priestley ó Ollscoil Leeds, a chomhroinn a gcuid saineolas agus a gcuid tograí linn maidir le cosaint chearta daoine faoi mhíchumas. Ina theannta sin, is mian le bhur rapóirtéir buíochas a ghabháil leis an Líonra Eorpach i gcoinne an Chiníochais (ENAR), Líonra Eorpach Eagraíochtaí Poiblí na Romach (ERGO), ILGA-Europe, agus leis an Ardán um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le hImircigh gan Doiciméid (PICUM) as ionchur i scríbhinn a sheoladh chugainn inar leag siad béim ar shaincheisteanna a bhaineann leis an idirdhealú trasnach.  Agus, ar deireadh, tá bhur rapóirtéir buíoch as an deis dul i gcomhairle le saineolaithe Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha i dtaca le húsáid sonraí comhionannais agus mar a bhailítear iad.

D’aontaigh na comhghleacaithe sin ar fad linn gur rud ríthábhachtach inár saol é post a bheith againn. Faoi mar a dúirt cuid acu: ‘Is deimhin gur ceann de na léirithe is cumhachtaí ar an ionchuimsiú é post a bheith agat. Ní hamháin gur rud maith é don té atá fostaithe, agus dá chomhghleacaithe freisin, mar go bhfeiceann siad an t-ionchuimsiú faoi lán seoil!’[4]; ‘Tá an t-oideachas agus an fhostaíocht riachtanach chun maireachtáil go neamhspleách.’[5]; ‘Is ball iomlán den tsochaí agus is comhghleacaí é an duine a bhfuil obair agus fostaíocht aige, seachas faighteoir sochair. Cuireann daoine síos orthu féin i dtéarmaí a gcuid oibre agus i dtéarmaí a gcion fiúntais a chur le saol na hoibre.’[6]; ‘Dá mbeadh an saol ar ár dtoil againn, is é an toradh a bheadh ar an obair agus ar an bhfostaíocht ná cumhachtú, neamhspleáchas agus lánchuimsiú sa tsochaí. Sílim gurb é an sprioc sin ba chóir a bheith romhainn.’[7]

Tá súil ag bhur rapóirtéir nach fada go bhfeicfimid na buntáistí a ghabhann le láithreacha oibre ionchuimsitheacha a bheith againn agus leis an maireachtáil i sochaí ionchuimsitheach, agus go mbeimid in ann cur lenár ngealltanas, mana an Aontais ‘Aontaithe san éagsúlacht’. Tá bealach fada fós romhainn áfach. Tá súil againn go gcuideoidh sibh linn an sprioc sin a bhaint amach.

 

Easy-to-read - Inclusion Europe  An leagan soléite 

 

Une image contenant horloge  Description générée automatiquement

Is tuarascáil í ó Pharlaimint na hEorpa.
Is áit í Parlaimint na hEorpa ina ndéantar cinntí tábhachtacha an Aontais Eorpaigh.
 

Une image contenant horloge  Description générée automatiquement

Grúpa atá san Aontas Eorpach a bhfuil 27 dtír ann.
Tugaimid AE air, nó an tAontas.
Tháinig siad le chéile chun a bheith níos láidre ó thaobh na polaitíochta de agus ó thaobh an gheilleagair de.

Une image contenant dessin  Description générée automatiquement

Déanann an tAontas dlíthe agus gníomhaíochtaí faoi rudaí tábhachtacha ar son na ndaoine sna tíortha sin,
 

Baineann an tuarascáil seo le staid na hoibre do dhaoine faoi mhíchumas.
 

Tá an iomarca daoine faoi mhíchumas san Aontas Eorpach nach bhfuil post acu.
Caitear níos measa leo ná le daoine eile mar gheall ar an míchumas atá orthu.
Sin idirdhealú.
 

Une image contenant objet, horloge  Description générée automatiquement

Fágann sin nach bhfuil siad in ann páirt a ghlacadh sa phobal.
Fágann sin go mbíonn siad níos boichte.
Fágann sin nach mbíonn deis acu a gclisteacht ná a gcumas a chur in iúl.
 

 

Níl ag an iomarca daoine faoi mhíchumas ach post i gceardlann dhídeanach.
Is áiteanna iad ceardlanna dídeanacha ina gcuirtear daoine faoi mhíchumas ag obair leo féin agus iad scoite amach ó dhaoine eile.
Fágann sin nach mbíonn comhghleacaithe acu nach bhfuil faoi mhíchumas.
Fágann sin go dtuilleann siad níos lú airgid agus go mbíonn níos lú cearta acu ná mar a bhíonn ag daoine nach bhfuil míchumas orthu.
 

Une image contenant dessin  Description générée automatiquement

Bíonn fadhbanna níos mó fós ag mná faoi mhíchumas.
Bíonn sé níos deacra do mhná faoi mhíchumas post a fháil ná mar a bhíonn sé d’fhir faoi mhíchumas.
Tuilleann mná faoi mhíchumas níos lú airgid ná mar a thuilleann fir faoi mhíchumas.
 

Is minic a fhulaingíonn mná faoi mhíchumas gnéaschiapadh agus mí-úsáid ghnéasach.
Bíonn gnéaschiapadh i gceist nuair a chuireann duine iachall ar dhuine eile labhairt faoi chúrsaí gnéis nó nuair a lorgaíonn siad rud a bhainfeadh le cúrsaí gnéis.
Bíonn mí-úsáid i gceist nuair a chaitheann duine go dona leat.
 

A picture containing drawing  Description automatically generated

Bíonn deacrachtaí ag daoine faoi mhíchumas post a fháil agus post a choinneáil nuair is daoine de chine daite iad nó más ó chultúr difriúil dóibh.
Mar shampla, is minic go mbíonn Romach faoi mhíchumas níos boichte ná daoine eile faoi mhíchumas.
 

Une image contenant dessin  Description générée automatiquement

Bíonn níos mó den idirdhealú roimh dhaoine faoi mhíchumas a bhfuil gnéaschlaonadh eile acu freisin.
Féadfaidh sé a bheith níos deacra dóibh post a fháil agus is minic a chaitear go dona leo ag an obair.
 

Une image contenant dessin  Description générée automatiquement

Táimid ag iarraidh é sin a athrú.
Scríobhamar an tuarascáil seo le cabhair ó dhaoine faoi mhíchumas.
Táimid ag éileamh go ndéanfar go leor rudaí san Eoraip a athrú.
 

 

Seo na hathruithe atá uainn:
 

 

Tá cuóta míchumais uainn san Aontas Eorpach.
Is é atá i gceist le cuóta líon íosta daoine faoi mhíchumas a bheith ag obair i gcuideachta.
Fágann sin go mbeidh ar na cuideachtaí móra ar fad daoine faoi mhíchumas a fhostú.
 

Une image contenant dessin, signe  Description générée automatiquement

Táimid ag iarraidh go gcuirfeadh na cuideachtaí cóiríocht réasúnta ar fáil.
Fágann sin go ndéanfadh cuideachtaí athruithe ionas go mbeidh daoine faoi mhíchumas in ann a bheith ag obair iontu.
 

Une image contenant miroir  Description générée automatiquement

Táimid ag iarraidh go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas tacaíocht chun post maith a fháil.
Táimid ag iarraidh go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas tacaíocht chun a gcuid oibre a dhéanamh i gceart.
Táimid ag iarraidh go bhfanfaidh na daoine tacaíochta seo leis na daoine faoi mhíchumas fad a bheidh cúnamh de dhíth orthu.
 

Une image contenant dessin  Description générée automatiquement

Táimid ag iarraidh nach gcaillfidh daoine faoi mhíchumas a sochair mhíchumais má thosaíonn siad ag obair.
Sochair mhíchumais a thugtar ar an airgead a fhaigheann duine faoi mhíchumas ón Stát de bharr an mhíchumais.
Táimid ag iarraidh go n-íocfar an méid céanna le daoine faoi mhíchumas is a íoctar le daoine nach bhfuil faoi mhíchumas as an obair chéanna a dhéanamh.
Táimid ag iarraidh go mbraithfidh daoine faoi mhíchumas go bhfuil siad sábháilte ina láthair oibre.
 

A close up of a sign  Description automatically generated

Táimid ag iarraidh sochaí ina mbeidh fónamh sna daoine faoi mhíchumas.
Fágann sin go n-aithnímid cé chomh cumasach agus cé chomh díograiseach atá siad.
 


STAID NA FOSTAÍOCHTA I gCÁS DAOINE FAOI MHÍCHUMAS

IN UIMHREACHA

 

Mar léiriú ar dhrochiarmhairtí an neamhionannais agus an idirdhealaithe i gcoinne daoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair, tá bhur rapóirtéir chun bhur n-aird a dhíriú ar na cinntí suirbhéanna agus torthaí taighde is déanaí, a léiríonn an leibhéal ilchineálachta agus éagsúlachta laistigh den ghrúpa freisin:

ráta dífhostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas (17,1%) beagnach dhá oiread an ráta atá ag an daonra i gcoitinne (10,2%)[8], agus maireann dífhostaíocht daoine faoi mhíchumas níos faide ná dífhostaíocht daoine nach bhfuil faoi mhíchumas, is cuma cé na cáilíochtaí a bhíonn i gceist.

Tá an ráta dífhostaíochta is airde i measc daoine óga faoi mhíchumas (aoisghrúpa 16-24), le 24,9% díobh siúd dífhostaithe i gcomparáid le 16,6% sa daonra i gcoitinne, agus dlúthcheangal idir an dífhostaíocht sin agus deiseanna oideachais.[9]

Bíonn ar mhná faoi mhíchumas, arb ionann iad agus 16% de na mná sa daonra iomlán, agus 60% de dhaonra iomlán na ndaoine faoi mhíchumas san Aontas Eorpach, tabhairt faoin il-idirdhealú agus an t-idirdhealú trasnach i ngach gné den saol. Níl ach 20,7% de na mná faoi mhíchumas i bhfostaíocht lánaimseartha, i gcomparáid le 28,6% de na fir faoi mhíchumas[10]. Tá an ráta neamhghníomhaíochta eacnamaíche i measc na mban faoi mhíchumas breis is dhá thrian de dhaonra iomlán na mban in aois oibre (16 bliana d’aois go 64 bliana d’aois).

Tá os cionn 30 milliún duine dall agus breacamharcach san Eoraip i gcoitinne; 75% an meánráta dífhostaíochta ina measc – agus é níos airde fós i measc na mban – agus is é an toradh a bhíonn leis sin ná a n-eisiamh sóisialta agus bochtaineacht[11].

Tá thart ar mhilliún úsáideoir teanga chomharthaíochta atá bodhar in AE agus 51 mhilliún duine atá leathbhodhar, go leor acu ina n-úsáideoirí teanga chomharthaíochta[12] freisin, ach ní dhéantar tuairisciú leordhóthanach ná taighde leormhaith ar an bhfostaíocht ina measc.

Tá thart ar sheacht milliún duine faoi mhíchumas intleachta san Aontas agus ráta fostaíochta thar a bheith íseal acu.[13]

Léiríonn na meastacháin ar fud na hEorpa nach bhfuil ach thart ar 10% de na daoine ar speictream an uathachais fostaithe, agus an chuid is mó díobh i bpoist pháirtaimseartha agus ar phá íseal, i bpoist faoi bhun leibhéal a gcáilíochtaí nó i suíomhanna dídeanacha[14].

Tá 29.5% de na mná faoi mhíchumas agus 27.5% de na fir[15] faoi mhíchumas i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta in AE i gcomparáid le 22.4% den daonra iomlán. Is mó seans go mbeidh bochtaineacht lucht oibre i ndán do dhaoine faoi mhíchumas ná dóibh siúd nach bhfuil faoi mhíchumas (11% i gcomparáid le 9.1%)[16] de bharr na gcostas breise a bhaineann lena míchumas, e.g cúram sláinte, tacaíocht lóistíochta agus dhaonna, de bharr go dtuilleann siad níos lú ná a gcomhghleacaithe i ról comhchosúil agus gur lú an seans atá acu ar ardú céime[17], agus de bharr go gcailleann siad a dteidlíochtaí míchumais a luaithe a théann siad ag obair. Is mó baol na bochtaineachta dóibh siúd a dhearbhaíonn leibhéil níos déine míchumais.

Tá líon díréireach daoine faoi mhíchumas gan dídean[18] agus tá riosca breise ann i gcás daoine faoi mhíchumas go gcaillfidh siad a n-áit chónaithe[19].

Mar thoradh ar éifeachtaí carnacha an idirdhealaithe thrasnaigh, glactar leis go mbíonn níos mó bacainní le sárú ag Romaigh faoi mhíchumas, go bhfulaingíonn siad dífhostaíocht níos mó agus bochtaineacht níos déine agus gur lú an rochtain a bhíonn acu ar oideachas agus ar sheirbhísí ná ag a bpiaraí gan mhíchumas.[20]

Bíonn bacainní breise fostaíochta le sárú ag daoine LGBTI atá faoi mhíchumas; tuairiscíonn 16% díobh go ndiúltaítear poist nó ardaithe céime dóibh mar gheall ar a bhféiniúlacht, i gcomparáid le 10% d’oibrithe LGBTI i gcoitinne; i gcás duine LGBTI faoi mhíchumas as gach ceathrar, bhí caint dhímheasúil, bulaíocht agus mí-úsáid le fulaingt acu nó sceitheadh a ngnéasacht orthu gan a gcead.[21]

Léiríonn suirbhé uile-Aontais a rinneadh le déanaí le daoine faoi mhíchumas go bhfuil 96% díobh a cheapann go bhfuil an rochtain ar an margadh oscailte saothair neamh-imleor agus go bhfuil feabhas ag teastáil uaithi, nach bhfuil ach 10% díobh a cheapann gur leor an reachtaíocht reatha chun daoine faoi mhíchumas a chosaint ar an idirdhealú sa mhargadh oscailte saothair, agus nach raibh a fhios ag 18% díobh go raibh reachtaíocht ina dtír a chosnódh ar an idirdhealú iad.[22]

 

 


 

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD

(2020/2086(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus don Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt),

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), agus do theacht i bhfeidhm an Choinbhinsiúin in AE an 21 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas ag an gComhphobal Eorpach,

 ag féachaint do Bharúlacha Ginearálta Choiste UNCRPD maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe Barúil Ghinearálta Uimh. 2 (2014) an 22 Bealtaine 2014 maidir le hinrochtaineacht, Barúil Ghinearálta Uimh. 3 (2016) an 26 Lúnasa 2016 maidir le mná agus cailíní faoi mhíchumas, Barúil Ghinearálta Uimh. 5 (2017) an 27 Deireadh Fómhair 2017 maidir le maireachtáil go neamhspleách agus cuimsiú sa chomhphobal, agus Barúil Ghinearálta Uimh. 6 (2018) an 26 Aibreán 2018 maidir le comhionannas agus neamh-idirdhealú,

 ag féachaint do Bhreithnithe Deiridh Choiste Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir le tuarascáil thosaigh an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe (Clár Oibre NA 2030) agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) atá ann,

 ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

 ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

 ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),

 ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR),

 ag féachaint do sprioc Eoraip 2020 i ndáil leis an troid i gcoinne na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta,

 ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (Treoir um Chomhionannas Fostaíochta)[23],

 ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine beag beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach[24],

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis (COM(2008)0426) agus don seasamh ón bParlaimint ina leith an 2 Aibreán 2009[25],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí[26],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí[27],

 ag féachaint do na rialacháin lena leagtar síos na rialacha maidir le cláir chistiúcháin AE faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil, go háirithe Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE), an Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg (TFAO), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFE), clár Erasmus, agus an Ciste um Aistriú Cóir, a chuireann cúnamh airgeadais AE ar fáil chun staid daoine faoi mhíchumas a fheabhsú,

 ag féachaint do Threoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh[28], go háirithe an oibleagáid atá ar an bhfostóir sábháilteacht agus sláinte oibrithe i ngach gné a bhaineann leis an obair a áirithiú agus ar an bhfíoras nach bhféadfaidh siad costais airgeadais a fhorchur ar oibrithe chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Samhain 2010 dar teideal ‘Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020: Tiomantas Athnuaite Chun go mBeidh an Eoraip Saor ó Bhacainní’ (COM(2010)0636) (Straitéis um Míchumas),

 ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 2 Feabhra 2017 dar teideal ‘Tuarascáil Dul Chun Cinn ar chur chun feidhme Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020’ (SWD(2017)0029),

 ag féachaint do Mholadh 22 Meitheamh 2018 ón gCoimisiún maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais[29],

 ag féachaint don treoirthionscadal ón gCoimisiún 2013 maidir le cárta Eorpach um míchumas,

 ag féachaint do rún uaithi an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachta agus a dteaghlaigh i ngéarchéim COVID-19[30],

 ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an Straitéis Eorpach um Míchumas i ndiaidh 2020[31],

 ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumas[32],

 ag féachaint do rún uaithi an 30 Samhain 2017 maidir le Cur Chun Feidhme na Straitéise Eorpaí um Míchumas[33],

 ag féachaint do rún uaithi an 7 Iúil 2016 maidir le cur chun feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, go háirithe na Breithnithe Deiridh ó Choiste CRPD[34],

 ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2015 maidir le Liosta de na Saincheisteanna a ghlac Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas i dtaca leis an tuarascáil thosaigh ón Aontas Eorpach[35],

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soghluaisteacht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020[36],

 ag féachaint do rún uaithi an 6 Bealtaine 2009 maidir le daoine atá eisiata ó mhargadh an tsaothair a chuimsiú go gníomhach[37],

 ag féachaint do rúin uaithi an 17 Iúil 1988 maidir le teangacha comharthaíochta do dhaoine bodhaire[38], an 18 Samhain 1998 maidir le teangacha comharthaíochta[39], agus an 23 Samhain 2016 maidir le teangacha comharthaíochta agus ateangairí comharthaíochta proifisiúnta[40],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[41],

 ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain 2017[42],

 ag féachaint dá rún an 15 Meán Fómhair 2016 maidir le feidhmiú Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le cóir chomhionann san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[43],

 ag féachaint do staidéir ábhartha a Aonaid Soláthair Faisnéise A, go háirithe an staidéar ar ‘Idirdhealú agus Rochtain ar Fhostaíocht d’Oibrithe Baineanna faoi Mhíchumas’ ó 2017 agus an staidéar ar ‘Cóiríocht réasúnach agus Ceardlanna Dídeanacha: Costas Infheistíochtaí agus na Torthaí’ ó 2015,

 ag féachaint do staidéir ábhartha Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, go háirithe na Measúnuithe ar Chur Chun Feidhme Eorpach, dar teideal ‘Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas á chur chun feidhme ag an Aontas Eorpach’ agus ‘Oibleagáidí riaracháin phoiblí AE faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas’,

 ag féachaint do chorpas méadaitheach cásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach maidir le léirmhíniú Threoir 2008/78/CE,

 ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2018 agus 2019 ón Ombudsman Eorpach,

 ag féachaint d’fhiosrúcháin straitéiseacha an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an mbealach a áiritheoidh an Coimisiún go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar a chuid suíomhanna gréasáin (OI/6/2017/EA), maidir leis an mbealach a chaitheann an Coimisiún le daoine faoi mhíchumas faoin gComhscéim um Árachas Breoiteachta d’fhoireann an Aontais (OI/4/2016/EA), agus maidir lena chinneadh sa chomhfhiosrúchán i gcásanna 1337/2017/EA agus 1338/2017/EA maidir le hinrochtaineacht d’iarrthóirí faoi lagamharc ar nósanna imeachta roghnúcháin arna n-eagrú ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne chun státseirbhísigh AE a earcú,

 ag féachaint d’fhiosrúchán féintionscnaimh an Ombudsman Eorpaigh maidir leis an urraim ar chearta bunúsacha i gcur chun feidhme bheartas chomhtháthaithe AE (OI/8/2014/AN),

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le ‘Clár Oibre AE um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2020-2030 a mhúnlú’,

 ag féachaint do thuarascálacha téamúla Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear a bhfeasacháin ar phaindéim COVID-19,

 ag féachaint don Achoimre ar Nósanna maidir le Sonraí Comhionannais agus do na treoirlínte maidir le bailiú agus úsáid sonraí comhionannais a fheabhsú (Treoirlínte maidir le sonraí comhionannais) arna n-ullmhú ag foghrúpa sonraí comhionannais an Ghrúpa Ardleibhéil AE um neamh-idirdhealú, comhionannas agus éagsúlacht,

 ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne,

 ag féachaint do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine,

 ag féachaint do na tuarascálacha agus do na moltaí ó eagraíochtaí ionadaíocha daoine faoi mhíchumas, go háirithe Autism Europe, Bundesarbeitsgemeinschaft Inklusionsfirmen, European Blind Union, an Fóram Eorpach maidir leis an Míchumas, an Gréasán Eorpach um Maireachtáil Neamhspleách, Aontas Eorpach na mBodhar, Inclusion Europe, International Federation for Spina Bifida and Hydrocephalus agus Mental Health Europe, agus do thuarascálacha agus do mholtaí ó Equinet agus ó acadóirí a ghníomhaíonn ar chearta daoine faoi mhíchumas,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne agus ón gCoiste um Achainíocha,

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0014/2021),

A. de bhrí go bhfuil an ceart ag daoine faoi mhíchumas[44] chun páirt iomlán a ghlacadh i margadh an tsaothair agus sa tsochaí ach is minic a choinnítear siar a gcearta bunúsacha in AE; de bhrí go n-eisítear iad go mór ón margadh saothair oscailte agus go séantar orthu a gceart chun obair a dhéanamh ar bhonn comhionann le daoine eile nó go bhfuil deacrachtaí móra acu rochtain chomhionann a bhaint amach ar an margadh saothair agus coinníollacha comhionanna a bheith acu maidir le bheith rannpháirteach ann;

B. de bhrí go bhfuil il-idirdhealú agus míbhuntáiste fós os comhair daoine faoi mhíchumas bunaithe ar a míchumas agus ar a n-inscne, cine, eitneacht, aois, reiligiún nó creideamh, gnéaschlaonadh, stádas imirce nó cúlra socheacnamaíoch, lena n-áirítear a leibhéal oideachais; de bhrí go bhfuil idirdhealú ann thar chéimeanna éagsúla an timthrialla oibre, ag tosú leis an earcaíocht, rud a d’fhéadfadh eisiamh sóisialta na ndaoine faoi mhíchumas a bheith mar thoradh air; de bhrí go gcruthaíonn idirdhealú agus easpa éagsúlachta san ionad oibre costais shuntasacha dhaonna agus eacnamaíocha;

 de bhrí go dtoirmeascann an Chairt idirdhealú ar aon fhoras, lena n-áirítear idirdhealú míchumais, agus go n-aithníonn sí cearta na ndaoine faoi mhíchumas[45];

D. de bhrí gur tháinig AE chun bheith ina pháirtí in UNCRPD i mí na Nollag 2010, agus gur tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm don Aontas i mí Eanáir 2011; á mheabhrú go bhfuil UNCRPD ceangailteach ar AE, ar a institiúidí agus ar a Bhallstáit, a bhfuil dualgas díreach orthu é a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear Airteagal 27 de maidir le hobair agus fostaíocht; de bhrí go ndearnadh dul chun cinn áirithe óna ghlacadh maidir le spriocanna UNCRPD a bhaint amach ach nach leor é;

E. de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar AE, dá bhrí sin, gníomhú ar bhealach atá i gcomhréir le UNCRPD agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) reachtaíocht AE a léirmhíniú, lena n-áirítear an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta, ar bhealach atá i gcomhréir le UNCRPD;

F. de bhrí go ndiúltaítear le UNCRPD do mhúnla leighis an mhíchumais agus go bhformhuiníonn sé cearta an duine agus samhail shoch-chomhthéacsúil an mhíchumais ina ionad; de bhrí go n-éilítear le UNCRPD comhionannas cuimsitheach do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí go n-aithnítear le UNCRPD an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas oibriú ar bhonn comhionann le daoine eile, chun a ngairm a roghnú gan bhac, chun go nglacfaí leis agus chun oibriú i dtimpeallacht oibre oscailte, chuimsitheach agus inrochtana;

G. de bhrí, i gcomhréir leis an sainmhíniú agus leis na ceanglais faoi UNCRPD, go ndírítear le cóiríocht réasúnach ar riachtanais shonracha duine aonair, agus go mbaineann gníomhaíochtaí dearfacha le grúpa iomlán daoine atá faoi réir idirdhealú féideartha; de bhrí go bhfuil an dá cheann acu riachtanach chun an éagsúlacht san ionad oibre a chosaint agus chun a áirithiú go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas a gceart chun oibre a fheidhmiú go cothrom; de bhrí go bhfuil easpa treoirlínte soiléire AE ann maidir le freastal réasúnta, nach bhfuil tuiscint leordhóthanach ag fostóirí air agus ar minic nach mbíonn teacht air nó go mbíonn sé neamhleor; de bhrí go mbíonn tionchar riachtanach ag freastal réasúnta ar riachtanais na n-oibrithe atá faoi mhíchumas ar cháilíocht a bpost agus ar a n-ionchais ghairme agus ar inbhuanaitheacht na hoibre;

H. de bhrí go bhfuil a rannpháirtíocht i saol an phobail agus an t-aistriú ó thacaíocht institiúideach go tacaíocht phobalbhunaithe ar cheann de phríomhghnéithe fostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas; de bhrí gur gá próiseas an dí-institiúidithe sna Ballstáit a thabhairt chun críche, ós rud é go bhfuil sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas maireachtáil sa phobal agus a bheith go hiomlán san áireamh ann; de bhrí go bhfuil an dul chun cinn maidir le dí-institiúidiú míchothrom ar fud na mBallstát agus in ainneoin gur tugadh isteach beartais agus gur leithdháileadh cistiú suntasach in AE, tá milliún duine fós ina gcónaí in institiúidí;

I. de bhrí gurb í an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta (‘an Treoir’), a tháinig i bhfeidhm in 2000, príomhionstraim dlí AE chun cosaint ar idirdhealú a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí gur inniúlacht chomhroinnte idir AE agus a Bhallstáit é an comhionannas agus an neamh-idirdhealú a choimirciú;

J. de bhrí nach bhfuil an Treoir i gcomhréir ach i bpáirt le UNCRPD, ós rud é nach gcuimsítear inti samhail an mhíchumais maidir le cearta an duine, ní théann sí i ngleic le hidirdhealú atá bunaithe ar mhíchumas dealraitheach nó ar mhíchumas a bheidh ann amach anseo, ní dhíríonn sí ar an idirdhealú trasnach, ní chuireann sí de cheangal ar na Ballstáit bearta dearfacha gníomhaíochta a ghlacadh, tá sé teoranta do réimse na fostaíochta, na gairme agus na gairmoiliúna agus ní shíneann sí chuig gach réimse beatha mar a cheanglaítear le UNCRPD, ní théann sí i ngleic le saoirse gluaiseachta chun críche fostaíochta, ní éilíonn sé sásraí faireacháin neamhspleácha a chruthú, ní dhéantar foráil ann maidir le rannpháirtíocht shistéamach na ndaoine faoi mhíchumas agus a n-eagraíochtaí ionadaíocha sa phróiseas faireacháin, agus níl an oibleagáid ann sonraí imdhealaithe a bhailiú;

K. de bhrí nach gcuireann an Treoir ceangal dlíthiúil ar na Ballstáit comhlacht comhionannais a ainmniú chun obair a dhéanamh ar idirdhealú ar fhoras an mhíchumais, a bhfuil fadhbanna móra ag baint leis ós rud é go mbíonn ról lárnach ag comhlachtaí comhionannais i gcur chun feidhme na dtreoracha maidir le cóir chomhionann ar na forais faoina sainordú, amhail inscne agus cine agus tionscnamh eitneach;

L. de bhrí go bhfuil bailiú sonraí inchomparáide maidir le comhionannas ríthábhachtach le haghaidh ceapadh beartais agus cinnteoireachta atá bunaithe ar fhianaise; de bhrí go bhfuil easpa staidrimh oifigiúil ann, go háirithe maidir le daoine faoi mhíchumas a bhfuil cónaí orthu i suíomhanna cúraim institiúidigh agus maidir le saintréithe amhail a gcine/bunadh eitneach nó gnéaschlaonadh, rud a cuireadh in iúl sna treoirlínte maidir le sonraí Comhionannais; de bhrí go ndéanfaidh Rialachán (AE) 2019/1700[46] an staid a bhaineann le sonraí ó shuirbhéanna teaghlaigh maidir leis an bhfostaíocht, sonraí atá imdhealaithe de réir cineálacha míchumais agus sonraí maidir le tír thionscnaimh (an chéad ghlúin agus an dara glúin) a leigheas go suntasach, agus go samhlaítear leis staidéir phíolótacha a dhéanamh ar dhaoine in institiúidí; de bhrí go leanfaidh bearnaí de bheith ann agus gur cheart iad a leigheas;

M. de bhrí nach bhfuil ach 50.6 % de dhaoine faoi mhíchumas fostaithe (48.3 % de mhná agus 53.3 % d’fhir) i gcomparáid le 74.8 % de na daoine nach bhfuil faoi mhíchumas[47]; de bhrí go bhfágtar ar lár ó na staitisticí sin daoine atá ag maireachtáil in institiúidí nó a mheastar nach bhfuil in ann a bheith ag obair[48]; de bhrí nach léiríonn na figiúirí sin an cineál fostaíochta, an cháilíocht agus na coinníollacha fostaíochta, mar shampla an gcuirtear fostaíocht ar fáil sa mhargadh saothair oscailte, agus má ráthaítear cearta saothair agus soláthar íosphá le stádas fostaí; de bhrí gur grúpa éagsúil iad daoine faoi mhíchumas agus gur minic a bhíonn siad faoi réir idirdhealú trasnach, a mbíonn tionchar inláimhsithe ag a n-éifeachtaí carnacha ar an bhfostaíocht:

N. de bhrí go bhfuil cuid mhór daoine faoi mhíchumas á bhfostú i gceardlanna dídeanacha i mBallstáit áirithe; de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na ceardlanna dídeanacha sin freastal ar chuimsiú, ar athshlánú agus ar aistriú chuig an margadh oscailte saothair a luaithe is féidir; de bhrí gur timpeallacht leithscartha iad na ceardlanna dídeanacha go minic nach bhfuil stádas fostaithe, cearta saothair nó íosphá ráthaithe ag oibrithe faoi mhíchumas inti; de bhrí gur léir gur sárú ar UNCRPD é sin; á thabhairt dá haire go n-úsáidtear ceardlanna dídeanacha i roinnt Ballstát faoi láthair mar aistriú chuig an margadh saothair oscailte; de bhrí go bhféadfadh taighde ar an leibhéal Eorpach maidir le tréithe agus éagsúlacht na gceardlann dídeanach, ar a dtugtar fostaíocht dhídeanach, uaireanta, cuidiú le dea-chleachtas a shainaithint, feabhas a chur ar an díospóireacht agus comhlíonadh reachtaíocht AE agus UNCRPD a áirithiú; de bhrí go bhféadfadh samhlacha cuimsitheacha den fhostaíocht tacaithe, i gcás ina bhfuil sé bunaithe ar chearta agus go n-aithnítear í mar fhostaíocht, cearta na ndaoine faoi mhíchumas a urramú agus go bhféadfadh siad freastal ar chuimsiú agus ar aistriú chuig an margadh saothair oscailte;

O. de bhrí go bhfuil ráta dífhostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas (17,1 %) beagnach dhá oiread an ráta atá ag an daonra i gcoitinne (10.2 %)[49], agus go maireann dífhostaíocht na ndaoine faoi mhíchumas níos faide ná dífhostaíocht na ndaoine nach bhfuil míchumas orthu, beag beann ar na cáilíochtaí a bhíonn i gceist.

P. de bhrí go bhfuil an ráta dífhostaíochta is airde i measc daoine óga faoi mhíchumas (iad siúd idir 16 agus 24 bliana d’aois), ag 24.9 % i gcomparáid le 16.6 % sa phobal i gcoitinne; de bhrí go bhfuil dlúthbhaint idir an difríocht sin agus deiseanna oideachais;

Q. de bhrí go bhfuil mná faoi mhíchumas, arb ionann iad agus 16 % de dhaonra iomlán na mban agus 60 % de dhaonra iomlán na ndaoine faoi mhíchumas in AE, ag leanúint de dhul i ngleic le hil-idirdhealú agus idirdhealú trasnach i ngach réimse den saol; de bhrí go bhfuil an ráta neamhghníomhaíochta eacnamaíoch i measc na mban atá faoi mhíchumas os cionn dhá thrian sa bhreis ar dhaonra iomlán na mban atá in aois oibre (16-64 bliana d’aois); de bhrí nach bhfuil ach 20.7 % de mhná faoi mhíchumas i bhfostaíocht lánaimseartha, i gcomparáid le 28.6 % d’fhir faoi mhíchumas;

R. de bhrí gurb iad na mná is minice atá freagrach as aire a thabhairt don teaghlach, agus gur mná iad tromlach mór na gcúramóirí do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí go bhfuil baol tromchúiseach ann go mbuailfidh an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta máithreacha aonair a thugann aire do leanaí faoi mhíchumas; de bhrí go mbíonn tionchar ag idirdhealú aoise ar gach aoisghrúpa, mar aon le steiréitíopaí agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann; de bhrí gur minic gurb iad mná scothaosta faoi mhíchumas na haon chúramóirí do bhaill teaghlaigh faoi mhíchumas; de bhrí go bhfuil tionchar díreach aige sin ar a leochaileacht i leith na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, agus ar an rochtain atá acu ar phoist agus ar a bhforbairt ghairmiúil, agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar a ndálaí fostaíochta;

S. de bhrí go bhfuil níos mó ná 30 milliún duine dall agus breacamharcach san Eoraip i gcoitinne; de bhrí gurb ionann an meánráta dífhostaíochta ina measc agus 75 % – agus níos airde fós i measc na mban – a chuireann lena n-eisiamh sóisialta agus bochtaineacht[50]; de bhrí go bhfuil thart ar mhilliún úsáideoir teanga chomharthaíochta atá bodhar in AE agus 51 mhilliún duine atá leathbhodhar, go leor acu ina n-úsáideoirí teanga chomharthaíochta freisin, ach nach ndéantar tuairisciú leordhóthanach ná taighde leormhaith ar an bhfostaíocht ina measc; de bhrí go bhfuil tuairim is seacht milliún duine faoi mhíchumas intleachta in AE a bhfuil a leibhéal fostaíochta i bhfad níos ísle ná an meánleibhéal fostaíochta[51]; de bhrí go léiríonn na meastacháin ar fud na hEorpa nach bhfuil ach thart ar 10 % de na daoine ar speictream an uathachais fostaithe, agus an chuid is mó díobh i bpoist pháirtaimseartha agus ar phá íseal, i bpoist faoi bhun leibhéal a gcáilíochtaí nó i suíomhanna dídeanacha[52];

T. de bhrí go bhfuil 29.5% de na mná faoi mhíchumas agus 27.5% de na fir faoi mhíchumas i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta san Aontas, i gcomparáid le 22.4% den daonra i gcoitinne; de bhrí gur mó an seans go mbeidh bochtaineacht lucht oibre ag bagairt ar dhaoine faoi mhíchumas ná ar dhaoine nach bhfuil faoi mhíchumas (11% i gcomparáid le 9.1%) ag éirí as costais bhreise a míchumais, amhail cúram sláinte, tacaíocht lóistíochtúil agus tacaíocht dhaonna, cailliúint a dteidlíochtaí míchumais nuair a fhaigheann siad post agus an fíoras go dtuilleann siad níos lú ná a gcomhghleacaithe atá i ról comhionann agus gur lú an seans go bhfaighidh siad ardú céime[53]; de bhrí go méadaítear ar bhaol na bochtaineachta dóibh siúd a dhearbhaíonn leibhéil níos déine míchumais;

U. de bhrí go bhfuil líon díréireach daoine faoi mhíchumas gan dídean agus go bhfuil baol breise ann i gcás daoine faoi mhíchumas go gcaillfidh siad a n-áit chónaithe; de bhrí go bhféadfadh daoine gan dídean míchumas a fhorbairt, amhail géaga teasctha, mar gheall ar an mbaol a bhaineann lena ndálaí maireachtála;

V. de bhrí, mar thoradh ar éifeachtaí carnacha an idirdhealaithe thrasnaigh, go nglactar leis go mbíonn níos mó bacainní le sárú ag Romaigh faoi mhíchumas, gur gá dóibh dul i ngleic le dífhostaíocht níos mó agus bochtaineacht níos déine agus gur lú an rochtain a bhíonn acu ar oideachas agus ar sheirbhísí ná ag a bpiaraí gan mhíchumas[54];

W. de bhrí gur gá do dhaoine LGBTI faoi mhíchumas dul i ngleic le bacainní breise ar an bhfostaíocht, agus 16% díobh ag tuairisciú gur diúltaíodh poist nó ardaithe céime dóibh mar gheall ar a bhféiniúlacht, i gcomparáid le 10% d’fhoireann LGBTI i gcoitinne; de bhrí, i gcás duine LGBTI faoi mhíchumas as gach ceathrar, go ndearnadh caint dhímheasúil, bulaíocht agus mí-úsáid orthu nó gur sceitheadh a ngnéasacht orthu gan a gcead[55];

X. de bhrí go léiríonn suirbhé uile-Aontais a rinneadh le déanaí le daoine faoi mhíchumas go gceapann 96 % díobh go bhfuil an rochtain ar an margadh oscailte saothair neamh-imleor agus go bhfuil feabhas ag teastáil uaithi, agus nach gceapann ach 10% díobh gur leor an reachtaíocht reatha chun daoine faoi mhíchumas a chosaint ar an idirdhealú sa mhargadh oscailte saothair, agus nach raibh a fhios ag 18 % díobh go raibh reachtaíocht ina dtír a chosnódh ar an idirdhealú iad[56];

Y. de bhrí go léiríonn na sonraí sin nár cuireadh go leor béime le Straitéis Míchumais AE 2010-2020 ar fhostaíocht na ndaoine faoi mhíchumas agus ar an idirdhealú trasnach atá os a gcomhair;

Z. de bhrí go gcuireann ciapadh san ionad oibre, lena n-áirítear ciapadh gnéasach agus frithbheart as labhairt amach, bac ar an rochtain ar obair agus ar fhostaíocht, ar choinneáil post agus ar bhealaí comhionanna gairme, go háirithe do mhná faoi mhíchumas;

AA. de bhrí nach dúshláin ar leith iad míbhuntáiste, eisiamh agus idirdhealú i gcoinne na ndaoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair ach go bhfuil baint acu le heaspa an oideachais chuimsithigh, lena n-áirítear sa luath-óige; foghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear gairmoiliúint; na bacainní, an leithscaradh agus an t-idirdhealú i réimsí na tithíochta agus na sláinte; agus easpa inrochtaineachta ar iompar agus ar sheirbhísí agus ar tháirgí eile; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige casta agus bearta cuimsitheacha dá bhrí sin chun an cás a leigheas;

AB. de bhrí go bhfuil ríthábhacht leis na bearta chun an fholláine mheabhrach a chur chun cinn agus chun drochshláinte mheabhrach agus míchumais shíceasóisialta san ionad oibre a chosc;

AC. de bhrí go bhfuil an inrochtaineacht ar ionaid oibre, seirbhísí iompair agus seirbhísí tacaíochta, go háirithe cúnamh pearsanta, agus an tsochaí i gcoitinne riachtanach do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeidh a gceart chun maireachtála go neamhspleách agus a gceart chun oibre acu go héifeachtach; de bhrí gur cheart do na Ballstáit tacú freisin le timpeallacht thógtha atá saor ó bhacainní a chruthú; de bhrí, nuair a bheidh Treoir (AE) 2019/882 maidir le ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí trasuite, go gcuirfear feabhas suntasach ar shochaí atá saor ó bhacainní, agus gur gá, dá bhrí sin, dlúthfhaireachán tráthúil a dhéanamh ar a trasuí;

AD. de bhrí, le baint na sochar chomh luath agus a théann daoine faoi mhíchumas i mbun obair íoctha, gur beartas é a bhfuil baol agus strus suntasach ag gabháil leis, gur constaic mhór é roimh rochtain ar an obair, agus go bhfuil sé éagórach go sóisialta mar nach gcuirtear san áireamh ann na costais níos airde a bhaineann le maireachtáil faoi mhíchumas;

AE. de bhrí go gcuireann na sainmhínithe éagsúla ar mhíchumas, éagsúlacht an mheasúnaithe míchumais agus na modhanna aicmithe éagsúla doiléire a chuirtear i bhfeidhm ar fud na mBallstát, chomh maith leis an easpa aitheantais fhrithpháirtigh ar stádas míchumais, bac ar an tsaorghluaiseacht laistigh den Aontas le haghaidh daoine faoi mhíchumas;

AF. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach feasacht a ardú chun cur ar chumas na bhfostóirí agus na n-oibrithe gníomh leormhaith a dhéanamh agus freagairt leormhaith a thabhairt, ar bhonn an eolais ar a n-oibleagáidí agus ar a gcearta i réimse an neamh-idirdhealaithe;

AG. de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag teicneolaíochtaí nua, go háirithe córais IS, próisis earcaíochta éifeachtúla, inrochtana agus neamh-idirdhealaitheacha a fhorbairt, ach go bhféadfadh le forbairtí teicneolaíochta neamhchuimsithe cur leis an mbaol go dtiocfaidh bacainní nua agus cineálacha nua idirdhealaithe; de bhrí go n-éilíonn Airteagal 9 de UNCRPD faisnéis inrochtana chomh maith le rochtain ar theicneolaíochtaí agus ar chórais chumarsáide ar bhonn comhionann le cinn eile;

1. á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit a dtiomantas a athdhearbhú maidir le comhionannas cuimsitheach a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas agus maidir le UNCRPD a chur chun feidhme ina iomláine, lena n-áirítear Airteagal 27 den Rialachán maidir le hobair agus fostaíocht; chun na críche sin, á iarraidh orthu dlús a chur lena n-iarrachtaí agus féachaint le margadh saothair a chruthú a bheidh cuimsitheach, inrochtana agus neamh-idirdhealaitheach agus a mbeidh cur chuige iomlánaíoch saolré aige do dhaoine faoi mhíchumas agus do chách, i gcomhréir le Conarthaí AE agus leis na cearta a leagtar amach in EPSR chomh maith leis na luachanna idirnáisiúnta a chumhdaítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus sna SDGanna; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an Prótacal Roghnach le UNCRPD a dhaingniú;

2. á chreidiúint nach mór athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta a luaithe is féidir chun í a chomhchuibhiú go hiomlán le forálacha UNCRPD agus chun próiseas rannpháirteach a chur chun feidhme arb é is aidhm dó rannpháirtíocht dhíreach iomlán na n-eagraíochtaí ionadaíocha do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

Ar son láthair oibre chuimsitheach inrochtana

3. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caighdeáin agus treoirlínte deartha uilíocha a ghlacadh maidir le hinrochtaineacht timpeallachtaí, clár, seirbhísí agus táirgí, lena n-áirítear ionaid oibre, a dtrealamh agus a saoráidí, chun iad a dhéanamh inúsáidte do chách;

4. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas san ionad oibre, gan aon chostas a bheith ar oibrithe; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte soiléire AE a ullmhú maidir le cóiríocht réasúnach agus sonrú a dhéanamh ar na leaganacha a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gcomhréir le riachtanais duine aonair ionas go bhféadfar Airteagal 5 den Treoir a thrasuí go héifeachtach isteach sa dlí náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a sheoladh agus na Ballstáit a spreagadh chun a áirithiú go mbeidh córas smachtbhannaí i bhfeidhm i gcás neamhsholáthar cóiríochta réasúnaí, ós rud é gur cineál idirdhealaithe atá ann; á mheas go bhféadfadh an Pharlaimint leas a bhaint as an rogha chun iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú den sórt sin a sheoladh; á iarraidh ar na Ballstáit ábhair tacaíochta agus treorach a ullmhú agus oiliúint ábhartha a chur ar fáil i bhformáidí inrochtana d’fhostóirí, do shealbhóirí dualgas, d’oibrithe agus do dhaoine faoi mhíchumas chun an t-eolas, na scileanna agus an fheasacht is gá a fhorbairt maidir le cur chun feidhme praiticiúil cóiríochta réasúnaí, agus, ar an gcaoi sin, scéalta maidir lena chostais thoirmeascacha atá gan bhunús a bhréagnú;

5. á chur in iúl gur saoth go mór léi forfheidhmiú míchothrom agus lag Threoir 2000/78/CE ón gComhairle i roinnt Ballstát, a bhfuil ag teip orthu faireachán éifeachtach aonfhoirmeach a dhéanamh ar sháruithe leanúnacha ar dhlí an Aontais agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;

6. á chur in iúl gurb ionann ceart gach duine chun comhionannais os comhair an dlí agus chun cosanta ar idirdhealú agus ceart uilíoch a aithnítear le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in Aghaidh na mBan a Dhíothú, le Cúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus le Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha, a bhfuil na Ballstáit ar fad ina sínitheoirí díobh; á mheabhrú go gcuirtear cosc le Coinbhinsiún Uimh. 111 den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar idirdhealú i réimse na fostaíochta agus na gairme;

7. ag tathant ar na Ballstáit feidhm a bhaint as tabhairt isteach cuótaí éagsúlachta éigeantacha san ionad oibre, nó scrúdú a dhéanamh orthu, chun ionad oibre cuimsitheach a chothú lena ngabhann smachtbhannaí éifeachtacha agus comhréireacha i gcás neamhchomhlíonta; á mholadh gur cheart fíneálacha a ath-infheistiú lena gcuimsiú; á chur i bhfáth nach mór do bhearta den chineál sin a bheith comhréireach, agus eagraíochtaí beaga á gcur san áireamh; ag tathant ar na Ballstáit tacú le gnóthais phoiblí agus phríobháideacha chun pleananna bliantúla éagsúlachta a chur chun feidhme a bhfuil spriocanna intomhaiste agus meastóireacht thréimhsiúil ag baint leo, agus tacaíocht a thabhairt d’fhostóirí agus iad ag earcú daoine faoi mhíchumas trí bhearta amhail liosta deonach nó ionú aonair d’iarratasóirí faoi mhíchumas a bhunú óna bhféadfar iarrthóirí a earcú; á iarraidh ar na Ballstáit cuótaí a thabhairt isteach in éineacht le hoiliúint d’fhostóirí maidir le hinneachar agus raon feidhme na rialacha is infheidhme; á iarraidh ar na Ballstáit cúram a chur ar sheirbhísí poiblí fostaíochta liosta deonach de chuardaitheoirí poist faoi mhíchumas a ullmhú chun cabhrú le fostóirí na cuótaí éagsúlachta a chomhlíonadh;

8. á iarraidh ar institiúidí AE dea-shampla a thabhairt trí chuóta éagsúlachta a leagan síos, agus cuóta sonrach éagsúlachta a leagan síos maidir le daoine faoi mhíchumas a earcú, treoirlínte inmheánacha a fhorbairt maidir le cóiríocht réasúnach, cothroime agus inrochtaineacht iomlán a áirithiú sa phróiseas earcaíochta agus san ionad oibre, agus daoine a bhfuil gach cineál míchumais acu a fhostú ar gach leibhéal agus daoine faoi mhíchumas a lorg go gníomhach chun poist a líonadh; á iarraidh ar na Ballstáit an rud céanna a dhéanamh ina gcórais riaracháin féin freisin;

9. á iarraidh ar na Ballstáit beartais fostaíochta chuimsitheacha inbhuanaithe a ghlacadh, amhail nósanna imeachta earcaíochta oiriúnaithe, postrionnaíocht, fostaíocht shainoiriúnaithe, sholúbtha agus thacaithe, postroinnt, socrúchán agus tacaíocht aonair, agus fiontair chuimsitheacha, agus saintréithe sonracha na ndaoine a bhfuil cineálacha éagsúla míchumais acu á gcur san áireamh agus, ar an gcaoi sin, rochtain na ndaoine sin ar mhargadh an tsaothair a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:

 úsáid a bhaint as dreasachtaí fioscacha agus as bearta tacaíochta airgeadais eile do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, a dhéanann daoine faoi mhíchumas a earcú nó gairmoiliúint agus printíseachtaí a chur ar fáil dóibh;

 tacú le cuideachtaí cuimsitheacha a chuireann fostaíocht le haghaidh daoine faoi mhíchumas ar fáil sa mhargadh saothair oscailte trí sholáthar poiblí;

 múnlaí saincheaptha idirghabhála saothair a chur chun cinn;

 freagracht shóisialta chorparáideach a chur chun cinn maidir le fostaíocht na ndaoine faoi mhíchumas agus tacú le heagraíochtaí an Gheilleagair Shóisialta a athinfheistíonn a gcuid brabús i spriocanna sóisialta;

 agus fostóirí a chur ar an eolas mar gheall ar na beartais agus na dreasachtaí sin;

á iarraidh ar na Ballstáit tacú le cuideachtaí a chuireann bearta spriocdhírithe um idirdhealú dearfach ar fáil chun dul i ngleic leis an iliomad míbhuntáiste; á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú chun meascán spriocdhírithe de bhearta a shainaithint agus a chur i bhfeidhm chun tacú le fostaíocht chomhionann na ndaoine faoi mhíchumas;

10. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm mar ábhar práinne chun measúnú a dhéanamh ar na príomhthreochtaí do thodhchaí na hoibre ó thaobh míchumais de le rannpháirtíocht ghníomhach daoine faoi mhíchumas, chun gníomhaíochtaí sonracha a shainaithint agus a sheoladh chun go mbeidh margadh an tsaothair níos cuimsithí agus éagsúlacht daoine faoi mhíchumas á cur san áireamh; á chur i bhfáth sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá tionscnaimh chuimsitheacha inrochtana le cistiú iomchuí lena ndírítear ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) agus forbairt scileanna do dhaoine faoi mhíchumas ó aois óg, agus béim ar leith á leagan ar scileanna digiteacha agus ar scileanna glasa i gcomhréir le fírinne agus éilimh an mhargaidh saothair atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, gnéithe a athraíonn an t-am ar fad; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé tacaíocht iomchuí a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar feadh a saoil, agus úsáid níos fearr á baint as teicneolaíochtaí nuálacha chun cothrom na Féinne a áirithiú agus chun bacainní ar oideachas agus ar fhostaíocht a bhaint, agus chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar uirlisí agus bogearraí digiteacha atá fíor-riachtanach dá maireachtáil neamhspleách;

11. á iarraidh ar na Ballstáit cur le cumas na seirbhísí poiblí fostaíochta líonra cuideachtaí cuimsitheacha a chruthú, cúntóirí speisialaithe fostaíochta a earcú, ar gach leibhéal, amhail cóitseálaithe poist, lena gcuirtear ar fáil measúnú aonair ar riachtanais, oiliúint agus tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas atá ag lorg poist, agus cúntóirí seachadta post chomh fada agus is gá chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas a gcuid oibre a dhéanamh sa mhargadh saothair oscailte;

12. á iarraidh ar na Ballstáit cineálacha cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a chur chun cinn san oideachas chun córais oideachais chuimsitheacha agus neamh-idirdhealaitheacha a bhunú, agus tacú le forbairt agus soláthar oiliúna maidir le dearadh uilíoch, cóiríocht réasúnta agus éagsúlacht san ionad oibre do mhic léinn ollscoile ag na dámha ábhartha le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas, agus oiliúint cóitseálaithe poist, cúntóirí seachadta post, comhairleoirí míchumais agus éagsúlachta a éascú, agus béim ar leith ar shainiúlachtaí na míchumas éagsúil;

13. á iarraidh ar na Ballstáit measúnú leanúnach a dhéanamh, i gcomhar le hionadaithe daoine faoi mhíchumas, ar shaintréithe, éagsúlacht agus éifeachtacht na gceardlann dídeanach atá ann cheana chun scileanna a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas chun fostaíocht a fháil i margadh oscailte an tsaothair, chun a áirithiú go gcumhdaítear iad agus go gcosnaítear iad le creataí dlíthiúla lena gcumhdaítear slándáil shóisialta, dálaí oibre, pá íosta agus neamh-idirdhealú, agus deireadh a chur le forálacha a sháraíonn UNCRPD, go háirithe Airteagal 27 de; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas sin; á mheabhrú gur cheart na ceardlanna dídeanacha a theorannú do rogha le haghaidh tréimhse shealadach do dhaoine faoi mhíchumas ina saolré oibre; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, samhlacha fostaíochta cuimsitheacha a fhorbairt agus a chur chun cinn ar an margadh saothair oscailte agus ar cheardlanna dídeanacha ón taobh amuigh i gcomhréir iomlán le UNCRPD; á áitiú, thairis sin, gur cheart cearta agus stádas atá comhionann le cearta saothair na ndaoine atá ag obair sa mhargadh oscailte saothair a áirithiú d’oibrithe faoi mhíchumas i gceardlanna dídeanacha, ar a laghad; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, dlús a chur leis an dí-institiúidiú, córais chúraim éifeachtacha, réigiúnacha agus díláraithe a chur ar fáil, lena n-áirítear seirbhísí gníomhachtúcháin shóisialta, ar gach leibhéal den tsochaí, agus a áirithiú go mbeidh daoine faoi mhíchumas rannpháirteach ar bhealach níos fusa sa mhargadh oscailte saothair agus sa tsochaí ina hiomláine;

14. á chur in iúl gur saoth léi go bhféadfadh idirdhealú atá bunaithe ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh an bonn a bhaint de chuspóirí an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE);

15. á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh ón gCoimisiún amhail Gradam don Chathair is Inrochtana, agus á mholadh tionscnaimh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

16. á chur in iúl gurb oth léi go mbíonn roinnt bacainní dlíthiúla, institiúideacha, cumarsáide agus sóisialta ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta nó síceasóisialta maidir lena gcearta a fheidhmiú, rud a chuireann cosc orthu vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí, rannpháirtíocht shibhialta a fheidhmiú nó díreach cead cainte a bheith acu ina saol féin; ag spreagadh na mBallstát chun bearta a ghlacadh láithreach chun a gcreataí dlíthiúla a athchóiriú ar mhaithe lena áirithiú go mbeidh acmhainneacht dhlíthiúil ag daoine faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile i ngach gné den saol, i gcomhréir le hAirteagal 12 de UNCRPD, agus á mheabhrú nach mór cearta polaitiúla daoine faoi mhíchumas agus an deis chun tairbhe a bhaint astu ar bhonn comhionann le daoine eile a ráthú, i gcomhréir le hAirteagal 29 de UNCRPD;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú nach gcaithfear cistí AE ar scéimeanna fostaíochta leithscartha le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus gan aon ionchas ann go bhfaighidh siad fostaíocht nach bhfuil dídeanach;

Ar son láthair oibre neamh-idirdhealaitheach

18. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid oibre le daoine faoi mhíchumas, lena n-eagraíochtaí ionadaíocha agus lena gcomhlachtaí comhionannais agus é mar chuspóir feachtais chuimsitheacha múscailte feasachta agus oiliúint spriocdhírithe i bhformáidí inrochtana agus i dteangacha comharthaíochta a ullmhú agus a sheoladh, a bheidh dírithe ar fhostóirí, ar lucht dualgais i ngach réimse agus ar an tsochaí ar bhonn níos leithne maidir le cumais agus rannchuidiú daoine faoi mhíchumas, agus maidir leis na tairbhí a bhaineann le héagsúlacht, comhionannas agus neamh-idirdhealú, chun deireadh a chur leis an stiogma agus an dochar a dhéantar in aghaidh daoine faoi mhíchumas, chun an bhulaíocht, an ciapadh agus an dúshaothrú a chomhrac, agus comhionannas cuimsitheach a bhaint amach do chách;

19. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rochtain ar fhaisnéis d’íospartaigh an idirdhealaithe; á mheas gur gá go nglacfaidh na Ballstáit na céimeanna iomchuí chun a áirithiú go bhféadfar comhairle agus cúnamh dlí inrochtana agus réasúnta a fháil agus go ndéanfar iad a sholáthar d’íospartaigh ag gach céim den phróiseas dlíthiúil, lena n-áirítear comhairleoireacht rúnda agus i bpearsa agus tacaíocht mhothúchánach, phearsanta agus mhorálta, ag comhlachtaí comhionannais nó idirghabhálaithe iomchuí; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, ciapadh agus foréigean san ionad oibre a chomhrac, ar sáruithe iad ar dhínit an duine agus/nó a chruthaíonn timpeallacht mhaslach ag an obair;

20. á iarraidh ar na Ballstáit bearta gníomhacha a dhéanamh chun neamh-idirdhealú a chosaint do chách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, chun a áirithiú, i gcomhréir le UNCRPD, go mbeidh rochtain ar ionaid oibre, ar iompar agus ar an timpeallacht thógtha, agus go gcuirfí cóiríocht réasúnach ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ag gach céim den obair, ón earcaíocht go dtí an dul chun cinn gairme, le haghaidh dálaí oibre atá slán agus sláintiúil agus le haghaidh athshlánú fostaíochta; á iarraidh ar institiúidí AE na bearta céanna a ghlacadh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas a gcearta saothair agus ceardchumainn a fheidhmiú ar théarmaí comhionanna, agus go gcosnófar iad ar fhoréigean, ar mhabáil, ar chibearbhulaíocht agus ar chiapadh, lena n-áirítear gnéaschiapadh, go háirithe ciapadh a dhéantar ar mhná atá faoi mhíchumas; ag tathant, chun na críche sin, ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, ar coinbhinsiún é atá ceaptha tionchar trasnaí a bheith aige ar reachtaíocht uile AE ina ndírítear go sonrach ar mhná faoi mhíchumas a bhfuil an t-il-idirdhealú déanta orthu agus atá i mbaol ciaptha san ionad oibre; á iarraidh ar institiúidí AE na bearta céanna a ghlacadh;

21. á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le Ráthaíocht maidir le Cearta Míchumais le bearta sonracha lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na mban atá faoi mhíchumas;

22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú go ndéanfar beartais maidir le cuimsiú atá á saothrú ar leibhéal na hearnála agus ar leibhéal na gcuideachtaí a bhunú i gcomhairle le hionadaithe na n-oibrithe;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’oibrithe atá faoi mhíchumas mar thoradh ar thionóisc, trí leanúint dá bhfostaíocht nó trí phost coibhéiseach a thairiscint don duine lena mbaineann a léiríonn a scileanna nua, gan na cearta ná na dálaí oibre a bhí acu roimh an ngortú a bhaint dóibh;

24. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige coisctheach agus cuimsitheach a ghlacadh maidir leis an tsábháilteacht agus sláinte ag an obair agus iad ag tacú le hearcaíocht daoine faoi mhíchumas agus a bhfilleadh ar an obair; á thabhairt dá haire go bhféadfaí é sin a bhaint amach trí bhealaí comhtháite lena gcomhcheanglaítear cosc ar an tsábháilteacht agus ar an tsláinte ag an obair (OSH) le cineálacha éagsúla beart infhostaitheachta amhail tacaíocht aonair, comhairleoireacht, treoir agus rochtain ar oideachas ginearálta, ar ghairmoideachas agus ar ghairmoiliúint;

25. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an mbearna phá ar bhonn inscne, míchumais agus cúlra eitneach, agus leis sin, dul i ngleic le hidirdhealú pá díreach agus indíreach agus leis an mbaol atá ann go mbeidh bochtaineacht lucht oibre d’oibrithe a bhfuil bacainní orthu ag an obair agus atá faoi réir idirdhealú iolrach, go háirithe daoine LGBTI, mná, Romaigh agus dídeanaithe; ag dréim leis an gcur i láthair ón gCoimisiún den reachtaíocht a fógraíodh maidir le trédhearcacht pá san ionad oibre sa chéad ráithe de 2021 chun dul i ngleic leis an mbearna phá atá ag grúpaí sóisialta atá faoi mhíbhuntáiste, go háirithe daoine faoi mhíchumas;

26. á chur i bhfáth nach mór cosaint na ndaoine trasinscneacha ar idirdhealú fostaíochta a bheith éifeachtach agus á iarraidh ar na Ballstáit an t-idirdhealú sin a chomhrac, go háirithe i réimse na fostaíochta;

27. á iarraidh ar na Ballstáit gan teidlíochtaí míchumais a cheilt ar dhaoine faoi mhíchumas, lena gcumhdófaí na costais bhreise a bhaineann lena míchumas agus iad ag dul isteach sa mhargadh saothair nó nuair atá tairseach ioncaim áirithe á sárú acu, os rud é go gcuireann an cleachtas sin leis an mbochtaineacht lucht oibre nó leis an mbochtainteacht le linn seanaoise toisc go bhfuil na teidlíochtaí sin ag tacú le daoine faoi mhíchumas bacainní a shárú agus gur féidir leo a ndínit agus a gcomhionannas a ráthú;

28. á iarraidh ar na Ballstáit solúbthacht leordhóthanach a cheadú maidir le tacaíocht agus sochair shóisialta a sholáthar chun a áirithiú go mbeidh siad inoiriúnaithe do riachtanais aonair agus do chonairí gairme le haghaidh daoine faoi mhíchumas;

29. á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil forálacha mionsonraithe i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir le daoine a gceart chun saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúraim a fheidhmiú, chomh maith le socruithe maidir le hobair sholúbtha, agus cibé an bhfuil siad in oiriúint do riachtanais éagsúla máithreacha faoi mhíchumas, máithreacha leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil breoiteacht fhadtéarmach orthu, nó máithreacha in imthosca sonracha, amhail iad siúd a bhíonn ag déileáil le breitheanna anabaí; á iarraidh go ndéanfaí bearta níos uaillmhianaí chun ról comhionann na bhfear mar chúramóirí a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a thíolacadh chun tacú le cúramóirí neamhfhoirmiúla; á áitiú go bhfuil gá le seirbhísí ardcháilíochta inrochtana cúraim leanaí chun rannpháirtíocht chothrom na mban i dtimpeallacht na hoibre a áirithiú;

30. á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh maidir leis na caighdeáin le haghaidh comhlachtaí comhionannais tar éis dul i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, agus ar an gcaoi sin sainordú níos láidre agus acmhainní leormhaithe a chur ar fáil dóibh chun cóir chomhionann do dhaoine faoi mhíchumas a chosaint agus chun scaipeadh faisnéise inrochtana a áirithiú do chách;

31. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú inbhuanaithe a sholáthar le haghaidh fothú acmhainneachta eagraíochtaí ionadaíocha na ndaoine faoi mhíchumas, agus á aithint go bhfuil ról tábhachtach acu maidir le hidirdhealú in aghaidh daoine faoi mhíchumas a chomhrac;

32. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sainmhíniú an mhíchumais a chomhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach do stádas míchumais a áirithiú ar fud na mBallstát ionas go n-áiritheofar saorghluaiseacht na ndaoine faoi mhíchumas agus teachtadh a gceart saoránachta AE; chuige sin, á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit staidéar a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann cheana agus dea-chleachtais ó na Ballstáit a bhailiú; á aithint gur ceart bunúsach in AE é an tsaorghluaiseacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, úsáid chárta míchumais AE a leathnú chuig na Ballstáit uile agus cur lena raon feidhme, trína úsáid a cheadú chun stádas míchumais a aithint agus chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ar fud AE, agus ar an gcaoi sin, é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas cónaí agus obair thar lear; á iarraidh ar an gCoimisiún lárphointe faisnéise a chur ar bun i dteangacha comharthaíochta náisiúnta agus i bhformáidí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas maidir leis na seirbhísí atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas sna Ballstáit éagsúla;

33. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cúnamh pearsanta arna stiúradh ag úsáideoirí a shainaithint agus a chur chun cinn i gcomhréir le Barúil Ghinearálta Uimh. 5 ó Choiste UNCRPD, chun maireachtáil neamhspleách agus cuimsiú i margadh an tsaothair a chothú; á mheabhrú, de bharr nádúr speisialta an chúnaimh phearsanta, gur gá forálacha saorghluaiseachta a oiriúnú do riachtanais na ndaoine faoi mhíchumas; á iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht AE chun dul i ngleic le cúnamh pearsanta, go háirithe maidir le saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas agus a gcúntóirí pearsanta;

34. á mheabhrú go bhfuil deiseanna agus dúshláin araon ag baint le teicneolaíochtaí nua d’oibrithe uile, go háirithe daoine faoi mhíchumas; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go bhféadfadh sé go mbeadh dúshláin mhóra ó thaobh na hinrochtaineachta de do dhaoine faoi mhíchumas ag baint le teicneolaíochtaí nua; dá bhrí sin, á chur i bhfios go láidir nach mór inrochtaineacht a áireamh mar réamhchoinníoll in aon tionscnamh de chuid AE, agus gur cheart don Aontas gníomhaíocht a dhéanamh chun tacú le cur i bhfeidhm deartha uilíoch agus chun infhaighteacht agus inacmhainneacht na dteicneolaíochtaí cúnta a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, i gcomhréir le UNCRPD, go mbeidh inrochtaineacht iomlán agus éifeachtach faisnéise agus teicneolaíochtaí cumarsáide ann ar bhonn cothrom agus, sa chomhthéacs sin, treoirlínte a chur i bhfeidhm a thacaíonn le forbróirí IS chun riachtanais daoine faoi mhíchumas a chur san áireamh trí na próisis forbartha, agus cruthú claontachtaí idirdhealaithe nua a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cláir thaighde atá dírithe ar theicneolaíochtaí cúnta a fhorbairt lena n-áirítear róbataic, teicneolaíochtaí digiteacha agus an intleacht shaorga arb é is aidhm dóibh lánpháirtiú iomlán daoine faoi mhíchumas i ngach gné den saol a chumasú; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar uirlisí digiteacha agus ar bhogearraí atá saincheaptha dá riachtanais agus cur le saineolas na n-eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas maidir le sainmhíniú a thabhairt ar na huirlisí digiteacha nó na bogearraí is oiriúnaí do riachtanais aonair daoine faoi mhíchumas;

Gníomhaíochtaí spriocdhírithe breise agus príomhshruthú cearta daoine faoi mhíchumas

35. á chur in iúl gur geal léi comhairliúchán poiblí an Choimisiúin maidir le  Straitéis AE um Míchumas i ndiaidh 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún béim ar leith a leagan ar an bhfostaíocht sa Straitéis, agus forálacha uile UNCRPD a chumhdach, spriocanna soiléire, intomhaiste agus uaillmhianacha a leagan síos a bhaineann le héagsúlacht san ionad oibre lena léirítear ilchineálacht daoine faoi mhíchumas, aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú iolrach agus trasnach, agus faireachán a dhéanamh ar éifeachtúlacht na straitéise le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha; á chur i bhfáth go bhfuil comhoibriú le húdaráis, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí agus an tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar na leibhéil áitiúla fíor-riachtanach chun a áirithiú go ndéanfar an Stratéis agus UNCRPD a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh chun dul i ngleic leis na dúshláin do dhaoine faoi mhíchumas a bhaineann le COVID-19 agus leis na sáruithe ar a gcearta dá bharr; á chur i bhfáth go bhfuil idirdhealú ar bhonn míchumais tar éis dul in olcas le linn phaindéim COVID-19, rud a chuireann saolta na ndaoine faoi mhíchumas i mbaol agus atá ina bhagairt ar a sláinte fhisiciúil agus mheabhrach; á iarraidh ar an gCoimisiún an Straitéis um Míchumas a bheidh ann amach anseo a nascadh le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh;

36. á iarraidh go ndéanfar sonraí a bhaineann le míchumas a bhailiú ar bhonn uile-Aontais trí chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine, lena n-áirítear maidir le fostaíocht agus VET, atá imdhealaithe de réir inscne, aoise, cineáil míchumais, cine/bunaidh eitnigh, treoshuímh ghnéasaigh, leibhéil oideachais, etc., lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas nach mbíodh san áireamh sa staidreamh go dtí seo; á iarraidh go mbaileofar sonraí a bhaineann le tionchar ghéarchéim COVID-19 ar dhaoine faoi mhíchumas chun beartais a chur ar aghaidh chun ullmhú le haghaidh géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;

37. á iarraidh ar institiúidí uile AE agus ar na Ballstáit gníomhú i gcomhréir leis an mana ‘ná déan tada dúinn gan muid a rannpháirtiú’ agus dlúthchomhar a bhunú le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha, cur leis an saineolas atá acu agus ról gníomhach a thabhairt dóibh ag gach céim den chinnteoireacht ábhartha, i reachtaíocht, i stratéisí, i mbeartais agus i gcláir, lena n-áirítear cláir phríomhshrutha;

38. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cearta na ndaoine faoi mhíchumas a phríomhshruthú, agus cás sonrach na ndaoine sin atá faoi réir idirdhealú iomadúil á chur san áireamh i ngach togra a bhaineann le fostaíocht, lena n-áirítear na tograí a bhaineann leis na claochluithe a bhfuiltear ag dréim leo i dtodhchaí na hoibre, agus gníomhaíochtaí á gceapadh agus á gcur chun feidhme arb é is aidhm dóibh scileanna digiteacha agus glasa a fhorbairt;

39. á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe an Tascfhórsa um Chomhionnanas, agus ar na Ballstáit, cearta na ndaoine faoi mhíchumas a phríomshruthú go córasach, agus aird ar leith á tabhairt ar na daoine sin atá faoi réir idirdhealú trasnach, sna dlíthe, beartais agus cláir ábhartha uile, ós rud é go bhfuil comhionannas san fhostaíocht doroinnte ó rochtain chomhionann ar oideachas, ar shláinte, ar thithíocht, ar cheartas agus ar chosaint shóisialta, agus díriú níos mó ar an inrochtaineacht chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo timpeallacht thógtha inrochtana, spásanna poiblí, iompair, agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, etc.; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur gá pointe teagmhála maidir le míchumas a cheapadh in institiúidí uile AE, lena n-áirítear in Ardstiúrthóireachtaí uile an Choimisiúin agus i nGníomhaireachtaí uile AE, agus sásra comhordaithe idirinstitiúideach a bhunú chun a áirithiú go ndéanfar míchumas a phríomhshruthú i reachtaíocht uile AE;

40. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb ann do bhacainní suntasacha ar an rochtain ar fhaisnéis agus ar chumarsáid do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe daoine atá dall nó bodhar, daoine faoi mhíchumas intleachta nó daoine atá ar speictream an uathachais; á mheabhrú gurb ionann difríochtaí i gcumais daoine aonair faisnéis a fháil agus a scaipeadh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a úsáid agus deighilt eolais, ar deighilt í lena gcruthaítear neamhionannas;

41. á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú leathan agus cuimsitheach ar dhlí agus ar bheartas an Aontais chun lánchomhlíonadh UNCRPD a áirithiú;

42. á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus foréigean in aghaidh leanaí faoi mhíchumas trí chur chuige comhtháite, agus á aithint go bhfuil baol níos airde ann go mbeidh siad ina n-íospartaigh d’iompraíochtaí den sórt sin; á chur i bhfáth gur cheart ionadaíocht a dhéanamh ar ghuth leanaí faoi mhíchumas i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán dlíthe, beartas, seirbhísí agus beart a bhaineann leo;

43. á chur i bhfáth gur gá forálacha sonracha agus leormhaithe a áireamh sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann chun aghaidh a thabhairt mar is cuí ar riachtanais daoine faoi mhíchumas ag gach céim agus i ngach próiseas;

44. á chur in iúl gurb oth léi, le dlí an Aontais, nach gcosnaítear daoine aonair ar idirdhealú de bharr an mhíchumais lasmuigh den ionad oibre agus den fhostaíocht;

45. á iarraidh ar an gComhairle na caibidlíochtaí ar an treoir chothrománach frith-idirdhealaithe atá beartaithe a dhíbhlocáil gan a thuilleadh moille agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo comhaontaithe, agus ar an gcaoi sin cosaint do dhaoine faoi mhíchumas a leathnú lasmuigh de réimse na fostaíochta;

46. á chur in iúl gur cúis mhór imní di nach n-éiríonn leis an gcuid is mó de chláir phríomhshrutha, lena n-áirítear na cláir sin arna gcumhdach ag Cistí Struchtúracha, teagmháil a dhéanamh leis na grúpaí is díothaí, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas; á iarraidh, dá bhrí sin, ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dul chun cinn chláir AE a sheiceáil, agus béim ar leith á leagan ar oideachas agus ar chláir fostaíochta, mar shampla Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TFAO), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus Erasmus+, ar bhealach críochnúil;

47. á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú go ndéanfaidh cistí AE caighdeáin agus coinbhinsiúin AE agus idirnáisiúnta um chearta an duine a urramú amhail UNCRPD agus nach dtacóidh siad le haon bhearta ná cláir a rannchuidíonn le deighilt nó le heisiamh sóisialta; ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena gcruthaítear timpeallachtaí inrochtana, táirgí, seirbhísí, cleachtais agus feistí, lena gcothaítear dí-institiúidiú agus lena dtugtar tacaíocht do chúnamh pearsanta, agus a ráthú go gcuirfear na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag AE ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go gníomhach sa tsochaí;

°

° °

48. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, chuig an Ombudsman Eorpach, chuig Coiste na Réigiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, lena dháileadh do pharlaimintí agus comhairlí fonáisiúnta, do Chomhairle na hEorpa agus do na Náisiúin Aontaithe.


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE (13.1.2021)

chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD

(2020/2086(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Lucia Ďuriš Nicholsonová,

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á mheabhrú gurb é is cuspóir do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD), ar páirtí é AE ann freisin, teachtadh iomlán agus cothrom chearta uile an duine agus shaoirsí bunúsacha ag an uile dhuine a chur chun cinn, a chosaint agus a áirithiú, gan beann ar aon lagú fadtéarmach fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach; á chur i bhfáth, trí UNCRPD a dhaingniú, go bhfuil baint ag an Aontas agus ag a Bhallstáit leis na hiarrachtaí a comhaontaíodh ar an leibhéal idirnáisiúnta chun cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint agus chun a gcuimsiú sa tsochaí agus a bhfostaíocht ghníomhach a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais, de réir Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA), cé gur cloch mhíle mhór é daingniú an choinbhinsiúin ag na Ballstáit uile agus ag AE féin, go bhfuil bearnaí fós ann idir gealltanas an choinbhinsiúin agus an réaltacht ar an láthair[57];

2. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit an Prótacal Roghnach a ghabhann le UNCRPD a dhaingniú;

3. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas tairbhe a bhaint as bearta atá ceaptha chun a neamhspleáchas, a lánpháirtiú sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirtíocht i saol an phobail a áirithiú cumhdaithe freisin i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, atá ina ceangal ar AE agus ar na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu; á mheabhrú nach mór do AE agus dá Bhallstáit urraim a thabhairt do na cearta agus do na prionsabail a leagtar síos sa Chairt agus cur i bhfeidhm na Cairte a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais gur gá feabhas a chur ar fheasacht agus ar fhaisnéis maidir leis an gCairt;

4. á chur i bhfáth, tríd an gceart chun maireachtáil go neamhspleách agus páirt a ghlacadh sa chomhphobal a leagan amach, le hAirteagal 19 de UNCRPD, go dtugtar le chéile prionsabail an chomhionannais, an neamhspleáchais agus an chuimsithe; á iarraidh go n-athrófar na socruithe maireachtála agus na seirbhísí tacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas ó shuíomhanna institiúideacha agus suíomhanna leithscartha eile go córas lena ndéantar rannpháirtíocht shóisialta a chumasú; á iarraidh ar na Ballstáit spriocanna sonracha a bhfuil creat ama sainithe acu a áireamh ina gcuid straitéisí um dhí-institiúidiú, maoiniú leordhóthanach a thabhairt dóibh agus sásraí a fhorbairt chun comhordú éifeachtach idir na húdaráis ábhartha ar fud earnálacha agus leibhéil éagsúla riaracháin a áirithiú[58];

5. á chur i bhfios gur réamhriachtanas riachtanach é cur chuige i leith an oideachais atá cuimsitheach agus bunaithe ar chearta an duine chun rannpháirtíocht sa tsochaí a chothú agus chun rochtain ar mhargadh an tsaothair a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíchumas;

6. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach féidir cur chun cinn an chomhionannais i réimse na fostaíochta agus na gairme a bheith éifeachtach ach amháin má dhéantar an t-idirdhealú a chomhrac go cuimsitheach i ngach réimse den saol, ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á thabhairt chun suntais gur príomhghnéithe iad cóiríocht réasúnta agus inrochtaineacht chun beartais lena gcuimsítear an míchumas a bhunú, mar a d’aithin Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta daoine faoi mhíchumas[59];

7. á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht AE a bhaineann leis an inrochtaineacht a chur chun feidhme go hiomlán; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart deireadh a chur le bacainní fisiciúla, rialála, digiteacha, lóistíochta agus sóisialta ar an inrochtaineacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an inrochtaineacht agus caighdeáin uilíocha deartha do thimpeallachtaí, do chláir, do sheirbhísí agus do tháirgí a chur chun cinn, a ndéanfar iad a ghlacadh i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas agus lena n-eagraíochtaí ionadaíocha; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur leis an taighde agus leis an nuálaíocht i réimse na teicneolaíochta inrochtana a chuirtear i bhfeidhm maidir le gníomhaíochtaí sóisialta agus cultúrtha agus maidir le próisis oibre, lena n-áirítear réitigh chun deiseanna teilea-oibre a leathnú, chun rannpháirtíocht sa tsochaí agus rochtain ar fhostaíocht a éascú do dhaoine faoi mhíchumas;

8. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb ann do bhacainní suntasacha ar rochtain ar fhaisnéis agus ar chumarsáid do dhaoine faoi mhíchumas, go háirithe daoine atá dall nó bodhar, daoine faoi mhíchumas intleachta nó daoine atá ar speictream an uathachais; á mheabhrú gurb ionann difríochtaí i gcumais daoine aonair faisnéis a fháil agus a scaipeadh agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a úsáid agus deighilt eolais, ar deighilt í lena gcruthaítear neamhionannas; á iarraidh go ndéanfar úsáid bealaí, modhanna agus formáidí cumarsáide atá inrochtana agus soláimhsithe a chur chun cinn;

9. á chur in iúl gurb oth léi, le dlí an Aontais, nach gcosnaítear daoine aonair ar idirdhealú de bharr an mhíchumais lasmuigh den ionad oibre agus den fhostaíocht;

10. ag tathant ar an gComhairle na caibidlíochtaí ar an treoir chothrománach um chomhionannas atá beartaithe a dhíbhlocáil, lena lamhálfaí do chosaint i gcoinne an idirdhealaithe lasmuigh de réimse na fostaíochta agus na slí beatha trí chur chuige cothrománach;

11. á chur i bhfáth go gcuireann UNCRPD toirmeasc ar idirdhealú sa chiall leathan, lena n-áirítear cóiríocht réasúnta a dhiúltú agus idirdhealú iolrach agus trasnach a eascraíonn as meascán d’fhorais; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil mná faoi mhíchumas i staid thar a bheith leochaileach agus ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú go pras; á mheabhrú go bhforáiltear le UNCRPD do bhearta maidir le hidirdhealú dearfach freisin, ar bearta iad a bheidh le cur chun feidhme ag na Ballstáit nuair is gá, agus ar féidir dreasachtaí sonracha i réimse na fostaíochta a áireamh iontu[60];

12. á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú leathan agus cuimsitheach ar dhlí agus ar bheartas an Aontais chun lánchomhlíonadh UNCRPD a áirithiú;

13. á chur i bhfáth gur gá forálacha sonracha agus leormhaithe a áireamh sa Chomhaontú Nua maidir le hImirce agus Tearmann chun aghaidh a thabhairt mar is cuí ar riachtanais daoine faoi mhíchumas ag gach céim agus i ngach próiseas;

14. á iarraidh go mbeidh bearta ann chun dul i ngleic le coincheapa réamhcheaptha maidir le scileanna agus cumais daoine faoi mhíchumas, lena n-áiritheofar nach ndéanfar idirdhealú orthu bunaithe ar na réamhchlaontaí sin; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé go mbeadh ar roinnt daoine faoi mhíchumas dul i ngleic le bacainní breise sonracha mar gheall ar mheascán de thosca míchumais agus tosca eile, lena n-áirítear tosca socheacnamaíocha; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil gá le cur chuige  leathan agus iomlánaíoch saolré chun stiogmatú, eisiamh sóisialta agus bochtaineacht a chosc; á iarraidh go mbeidh feachtais chuimsitheacha ardaithe feasachta ann chun aird a tharraingt ar rannchuidiú daoine faoi mhíchumas leis an tsochaí, ar feachtais iad a bheidh dírithe ar an bpobal i gcoitinne, ar thuismitheoirí agus leanaí agus ar oifigigh phoiblí agus ar ghairmithe; á thabhairt chun suntais gur féidir ról tábhachtach a bheith ag na meáin maidir le faisnéis faoi dhaoine faoi mhíchumas a scaipeadh agus maidir le rannchuidiú le dearcadh an phobail ina leith a athrú chun feabhais;

15. á chur i bhfáth go bhfuil gá le sainmhíniú comhchoiteann ar ‘míchumas’ ar leibhéal AE i ngach réimse de bheartas AE, lena n-áirítear sainmhínithe ar phríomhthéarmaíocht ábhartha; ag tabhairt dá haire nach dtugtar aon aitheantas frithpháirteach do stádas míchumais idir Ballstáit AE; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí breise maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do stádas míchumais agus ar bhearta a d’fhéadfadh a bheith ann chun saorghluaiseacht daoine faoi mhíchumas a éascú; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht na mBallstát sa chóras deonach ina dtugtar aitheantas frithpháirteach do chárta míchumais AE a spreagadh;

16. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear straitéis AE um chearta daoine faoi mhíchumas do 2021-30 i gclár oibre an Choimisiúin do 2021; á áitiú gur cheart go ndíreodh an straitéis a bheidh ann amach anseo ar chur chun feidhme iomlán UNCRPD agus go léireofaí inti toradh an chomhairliúcháin phoiblí arna dhéanamh roimh a hullmhúchán ag an gCoimisiún; á chur i bhfáth go bhfuil comhoibriú idir údaráis, eagraíochtaí agus an tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéil áitiúla fíor-riachtanach chun cur chun feidhme UNCRPD a áirithiú; á chur i bhfáth gur cheart an prionsabal ‘gan aon ní a chinneadh maidir le daoine faoi mhíchumas gan dul i gcomhairle le daoine faoi mhíchumas’ a chur i bhfeidhm i ngach próiseas cinnteoireachta; ag spreagadh na mBallstát agus institiúidí AE chun maoiniú leordhóthanach a áirithiú d’eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus feabhas a chur ar an gcomhar leo;

17. á chur in iúl gurb oth léi go mbíonn roinnt bacainní dlíthiúla, institiúideacha, cumarsáide agus sóisialta ar dhaoine faoi mhíchumas intleachta nó síceasóisialta maidir lena gcearta a fheidhmiú, rud a chuireann cosc orthu vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghchán d’oifig phoiblí, rannpháirtíocht shibhialta a fheidhmiú nó díreach cead cainte a bheith acu ina saol féin; ag spreagadh na mBallstát bearta a ghlacadh láithreach chun a gcreataí dlíthiúla a athchóiriú ar mhaithe lena áirithiú go mbeidh acmhainneacht dhlíthiúil ag daoine faoi mhíchumas ar bhonn comhionann le daoine eile i ngach gné den saol, i gcomhréir le hAirteagal 12 de UNCRPD, agus á mheabhrú nach mór cearta polaitiúla daoine faoi mhíchumas agus an deis chun tairbhe a bhaint astu ar bhonn comhionann le daoine eile a ráthú, i gcomhréir le hAirteagal 29 de UNCRPD;

18. á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar idirdhealú agus foréigean in aghaidh leanaí faoi mhíchumas trí chur chuige comhtháite, agus á aithint go bhfuil baol níos airde ann go mbeidh siad ina n-íospartaigh d’iompraíochtaí den sórt sin; á chur i bhfáth gur cheart ionadaíocht a dhéanamh ar ghuth leanaí faoi mhíchumas i gceapadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán dlíthe, beartas, seirbhísí agus beart a bhaineann leo;

19. á chur in iúl gurb oth léi gurb airde i bhfad an baol go mbeidh daoine faoi mhíchumas thíos le dúshaothrú, foréigean agus mí-úsáid[61]; á chur in iúl gur ábhar imní di an easpa feasachta ar chearta íospartach agus ar an bhféidearthacht chun sásamh a lorg, mar aon leis an nganntuairisciú a dhéantar ar gach cineál idirdhealaithe agus sáraithe ar chearta bunúsacha daoine faoi mhíchumas; á chur i bhfáth, de réir na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), gurb í an eagla a bhíonn ar dhaoine faoi mhíchumas nach nglacfaidh na húdaráis go dáiríre leo is cúis go minic leis an nganntuairisciú[62]; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndíreofar ar na húdaráis agus na cleachtóirí ábhartha uile sna hiarrachtaí fothaithe acmhainní chun a dtuiscint ar an gcur chuige maidir le míchumas atá bunaithe ar chearta bunúsacha a áirithiú; á chreidiúint nach mór comhlachtaí comhionannais náisiúnta a neartú agus rochtain ar shásraí breithiúnacha agus neamhbhreithiúnacha a fheabhsú, lena n-áirítear trí mhodhanna oiriúnaithe cúnaimh agus cumarsáide a úsáid, agus trí nósanna imeachta, ar minic iad fada agus casta, a shimpliú;

20. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil an t-idirdhealú agus an t-eisiamh a mbíonn daoine faoi mhíchumas thíos leo níos measa fós mar gheall ar phaindéim COVID-19, go háirithe i gcás daoine atá ina gcónaí in institiúidí[63]; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le tacaíocht agus cumhachtú síceasóisialta chun dul i ngleic le héifeachtaí an leithlisithe agus leis an méadú ar fhoréigean teaghlaigh, rud a bhfuil tionchar ar leith aige ar dhaoine faoi mhíchumas[64]; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an infheistíocht neamhleor agus an easpa gníomhaíochta ó na húdaráis ina leith sin; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí spriocdhírithe chun trealamh cosanta pearsanta iomchuí a áirithiú do ghairmithe i seirbhísí cúraim agus tacaíochta agus d’úsáideoirí na seirbhísí sin chun go mbeifear in ann leanúint ar aghaidh leis na seirbhísí sin i dtimpeallacht shábháilte; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas a bhaint as infheistíocht agus acmhainní riachtanacha chun leanúnachas seirbhísí cúraim agus tacaíochta a ráthú, i gcomhréir le prionsabail UNCRPD agus Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, faoi chuimsiú an Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII agus CRII+);

21. á chur i bhfáth gur gá sonraí cuimsitheacha, imdhealaithe agus inchomparáide a bhailiú a bhaineann le míchumas chun beartais fhianaise-bhunaithe a dhéanamh i gcomhréir le UNCRPD; á chur in iúl gurb oth léi nach ndéantar faireachán cuimsitheach ar chur chun feidhme beartas trí bhíthin táscairí torthaí; ag moladh gur cheart dul chun cinn a thomhas de réir spriocanna sonracha agus nuashonraithe arna mbunú ar leibhéal an Aontais ar bhonn obair Eurostat; á áitiú gur cheart go mbeadh eintiteas neamhspleách, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, i gceist leis an bhfaireachán; ag tathant ar na Ballstáit sonraí comhionannais a phróiseáil i gcomhréir go hiomlán le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta a ghlactha

12.1.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

53

4

7

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Malik Azmani, Katarina Barley, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Lívia Járóka, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nathalie Loiseau, Sira Rego, Miguel Urbán Crespo, Hilde Vautmans, Petar Vitanov

 


 

VÓTÁIL CRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

53

+

EPP

Magdalena ADAMOWICZ, Vladimír BILČÍK, Vasile BLAGA, Ioan-Rareş BOGDAN, Lena DÜPONT, Andrzej HALICKI, Balázs HIDVÉGHI, Lívia JÁRÓKA, Jeroen LENAERS, Lukas MANDL, Nuno MELO, Roberta METSOLA, Nadine MORANO, Emil RADEV, Paulo RANGEL, Ralf SEEKATZ, Tomas TOBÉ, Javier ZARZALEJOS

S&D

Katarina BARLEY, Pietro BARTOLO, Caterina CHINNICI, Maria GRAPINI, Sylvie GUILLAUME, Evin INCIR, Marina KALJURAND, Łukasz KOHUT, Juan Fernando LÓPEZ AGUILAR, Javier MORENO SÁNCHEZ, Birgit SIPPEL, Petar VITANOV, Bettina VOLLATH, Elena YONCHEVA

RENEW

Malik AZMANI, Sophia IN ‘T VELD, Fabienne KELLER, Nathalie LOISEAU, Maite PAGAZAURTUNDÚA, Michal ŠIMEČKA, Ramona STRUGARIU, Dragoş TUDORACHE, Hilde VAUTMANS

Verts/EFA

Patrick BREYER, Saskia BRICMONT, Damien CARÊME, Alice KUHNKE, Terry REINTKE, Tineke STRIK

AN CHLÉ

Clare DALY, Cornelia ERNST, Sira REGO, Miguel URBÁN CRESPO

NI

Laura FERRARA, Martin SONNEBORN

 

4

-

ID

Nicolas BAY, Jean-Paul GARRAUD, Marcel de GRAAFF

ECR

Assita KANKO

 

7

0

ID

Nicolaus FEST, Peter KOFOD, Annalisa TARDINO

ECR

Joachim Stanisław BRUDZIŃSKI, Jorge BUXADÉ VILLALBA, Nicola PROCACCINI, Jadwiga WIŚNIEWSKA

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHEARTA NA mBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE (3.12.2020)

chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD

(2020/2086(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Rosa Estaràs Ferragut

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí go ndéanann an dífhostaíocht an difear is mó do mhná agus de bhrí, ar an meán, go bhfuil post ag díreach 48.3 % de mhná faoi mhíchumas, i gcomparáid le 53.3 % d’fhir faoi mhíchumas[65] agus nach bhfuil lánfhostaíocht ach ag 20.7 % de mhná faoi mhíchumas, i gcomparáid le 28.6 % d’fhir faoi mhíchumas[66];

B. de bhrí go léiríonn figiúirí go bhfuil an baol ann go mbuailfidh an bhochtaineacht agus an t-eisiaimh sóisialta 29.5 % de mhná atá faoi mhíchumas ar an meán, i gcomparáid le 27.5 % d’fhir faoi mhíchumas[67];

C. de bhrí go bhfuil an bonn á bhaint de bhunluachanna AE, mar a léirigh suirbhé Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA)[68], agus fiche bliain tar éis ghlacadh na Treorach maidir le Comhionannas Fostaíochta, go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh ar dhaoine LGBTI ar an leibhéal fostaíochta;

D. de bhrí go mbíonn ar mhná agus ar chailíní aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla idirdhealaithe ar feadh a saoil agus go mbíonn ar dhaoine atá faoi mhíchumas aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla agus trasnacha idirdhealaithe bunaithe ar inscne agus ar mhíchumas araon, lena n-áirítear idirdhealú díreach agus indíreach, idirdhealú de réir comhlachais, diúltú cóiríochta réasúnta agus idirdhealú struchtúrach nó sistéamach;

E. de bhrí go ndéanann an t-idirdhealú sin difear don oideachas freisin; de bhrí go gcruthaíonn aistrithe digiteacha glasa éileamh d’oibrithe a bhfuil scileanna digiteacha agus glasa acu atá ag éirí níos speisialaithe; de bhrí gurb ann fós do bhearnaí inscne san oideachas digiteach agus do dheighiltí inscne i margadh digiteach an tsaothair; de bhrí gur minic a dhéantar daoine faoi mhíchumas a eisiamh ón oideachas agus, dá bhrí sin, ó mhargadh an tsaothair agus ó dheiseanna fostaíochta, rud a fhágann go mbíonn sé níos deacra rochtain a fháil ar fhostaíocht lánaimseartha agus, ar an gcaoi sin, go gcuirtear leis an neamhionannas san fhostaíocht agus sa luach saothair; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach feasacht a ardú chun go ngníomhóidh agus go bhfreagróidh fostóirí agus oibrithe go hiomchuí, ar bhonn an eolais ar a n-oibleagáidí agus ar a gcearta i réimse an neamh-idirdhealaithe;

F. de bhrí gurb iad mná is mó atá freagrach as aire a thabhairt don teaghlach, agus gur mná iad tromlach mór na gcúramóirí do dhaoine faoi mhíchumas; de bhrí go bhfuil baol tromchúiseach ann go mbuailfidh an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta máithreacha aonair a thugann aire do leanaí faoi mhíchumas; de bhrí go mbíonn tionchar ag idirdhealú aoise ar gach aoisghrúpa, mar aon le steiréitíopaí agus bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann; de bhrí gur minic gurb iad mná scothaosta faoi mhíchumas na haon chúramóirí do dhaoine dá dteaghlaigh atá faoi mhíchumas; de bhrí go bhfuil tionchar díreach aige sin ar a leochaileacht i leith na bochtaineachta agus an eisiata shóisialta, agus ar an rochtain atá acu ar phoist agus ar a bhforbairt ghairmiúil, agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige sin ar a gcoinníollacha fostaíochta;

 

1. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leasanna agus cearta na mban agus na gcailíní faoi mhíchumas a chomhtháthú go córasach i ngach plean gníomhaíochta, i ngach straitéis agus i ngach beartas, go háirithe maidir le hoideachas, fostaíocht agus beartas sóisialta, ina ndírítear ar an idirdhealú ar fhorais inscne agus míchumais;

2. á chur in iúl gurb oth léi gur foras tábhachtach í aois d’idirdhealú i réimse na fostaíochta; á mheas gur minic a bhíonn mná scothaosta fós neamhchosanta ar steiréitíopaí agus bacainní ar an margadh fostaíochta agus á iarraidh go mbeidh ann do cheartas idirghlúine atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht;

3. á chur i bhfáth nach mór cosaint na ndaoine trasinscneacha ar idirdhealú fostaíochta a bheith éifeachtach agus á iarraidh ar na Ballstáit an t-idirdhealú sin a chomhrac, go háirithe i réimse na fostaíochta;

4. á iarraidh ar na Ballstáit staidéar a dhéanamh ar an bhféidearthacht straitéisí maidir le gníomhaíocht dhearfach do ghrúpaí a bhíonn thíos le hidirdhealú tromchúiseach struchtúrach, amhail na Romaigh, a thabhairt isteach sa Treoir;

5. á iarraidh ar na Ballstáit feachtais ardaithe feasachta maidir le frith-idirdhealú a sheoladh agus faisnéis shoiléir a chur ar fáil d’oibrithe agus don phobal i gcoitinne faoina gcearta agus a n-oibleagáidí, lena n-áirítear na cearta chun oibre agus fostaíochta, lena leagtar béim ar leith ar an inrochtaineacht, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis agus ar chumarsáid, agus ar chóiríocht réasúnta i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, chun deireadh a chur le gach cineál idirdhealaithe fhollasaigh nó neamhfhollasaigh, agus é mar aidhm leis sin foghlaim conas idirdhealú a bhrath, a chomhrac agus a shéanadh, lena n-áirítear cur chuige trasnach lena dtugtar aghaidh ar chineálacha iomadúla idirdhealaithe agus conas rochtain a fháil ar an reachtaíocht frith-idirdhealaithe atá ann faoi láthair; á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú i ndáil leis sin, agus béim a leagan ar na daoine is mó atá i mbaol, lena n-áirítear mná faoi mhíchumas, agus ról á thabhairt do chomhpháirtithe sóisialta ag an am céanna, ós rud é go gcuireann na cineálacha idirdhealaithe sin bac ar infheistíochtaí agus iarrachtaí oideachais agus oiliúna a imscaradh, agus go bhfuil siad ina mbacainn ar fhorbairt ghairme;

6. á chur i bhfáth gur réamhchoinníoll riachtanach é an ceart chun oibre chun go mbainfidh mná faoi mhíchumas tairbhe as cearta comhionanna éifeachtacha, as neamhspleáchas eacnamaíoch agus as sásamh gairmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta agus gníomhaíocht dhearfach a dhéanamh agus beartais leormhaithe a ghlacadh chun a áirithiú go mbainfidh cailíní agus mná faoi mhíchumas tairbhe as na rialacha céanna is atá ag gach duine eile maidir le rochtain ar mhargadh an tsaothair, earcú agus ardú céime, rochtain chomhionann ar oiliúint agus ar athsciliú, rochtain chomhionann ar chreidmheas agus ar acmhainní táirgiúla eile, pá comhionann as obair ar comhionann a luach agus rannpháirtíocht i gcinnteoireacht ar chomhchéim le gach fostaí eile; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun idirdhealú agus ciapadh san ionad oibre a chomhrac, lena n-áirítear an gnéaschiapadh a bhíonn roimh mhná faoi mhíchumas, amhail pleananna gníomhaíochta chun dul i ngleic le hidirdhealú fostaíochta, go háirithe maidir le hinscne, náisiúntacht, cúlra sóisialta, míchumas, gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne, bunadh eitneach agus reiligiún; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun dul i ngleic le ciapadh ag an ionad oibre do dhaoine faoi mhíchumas; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le Ráthaíocht um Chearta Daoine faoi Mhíchumas lena ngabhann bearta sonracha lena dtugtar aghaidh ar riachtanais na mban atá faoi mhíchumas;

 

7. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cearta na mban agus na gcailíní faoi mhíchumas a phríomhshruthú agus gníomhaíochtaí á ndearadh agus á gcur chun feidhme arb é is aidhm dóibh scileanna digiteacha agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhorbairt, rud a rannchuideoidh le córais oideachais atá inrochtana agus neamh-steiréitíopach, lena ngabhann bearta cuimsitheacha oideachais chun a chur ar chumas na mban agus na gcailíní faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i margadh an tsaothair, lena leagtar béim ar leith ar chumais dhigiteacha agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus a ráthú go bhféadfaidh mná agus cailíní faoi mhíchumas a réimsí staidéir a roghnú, chun a chur ar a gcumas obair a roghnú ar mian leo a dhéanamh agus atá i gcomhréir lena gcumais, agus chun nach mbeidh siad teoranta mar thoradh ar neamh-inrochtaineacht, réamhchlaonadh ná steiréitíopaí, agus ar an gcaoi sin, a gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas cibé an bhfuil forálacha mionsonraithe i bhfeidhm ag na Ballstáit chun a áirithiú gur féidir le daoine a gceart chun saoire mháithreachais, saoire atharthachta, saoire do thuismitheoirí agus saoire cúraim a fheidhmiú, chomh maith le socruithe maidir le hobair sholúbtha, agus cibé an bhfuil na socruithe sin in oiriúint do riachtanais éagsúla máithreacha atá faoi mhíchumas, máithreacha leanaí atá faoi mhíchumas nó a bhfuil breoiteacht fhadtéarmach orthu, nó máithreacha in imthosca sonracha, amhail iad siúd atá ag dul i ngleic le breitheanna anabaí; á iarraidh go ndéanfar bearta níos uaillmhianaí chun ról comhionann na bhfear mar chúramóirí a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a thíolacadh chun tacú le cúramóirí neamhfhoirmiúla; á áitiú go bhfuil gá le seirbhísí cúraim leanaí ardcháilíochta agus inrochtana chun rannpháirtíocht chomhionann na mban sa timpeallacht oibre a áirithiú;

9. á mheabhrú, mar a dhearbhaigh Coiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, mura gcuirfear cóiríocht réasúnta ar fáil do mhná faoi mhíchumas, go bhféadfadh sé gur idirdhealú a bheadh ann i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas;

10. á iarraidh go mbaileofar sonraí ábhartha cruinne, i gcás inar féidir, maidir le gné na hinscne agus maidir leis an athróg mhíchumais i margadh an tsaothair, agus maidir leis an ngné shóisialta de, agus é mar sprioc leis sin na sonraí sin a úsáid mar bhonn do straitéisí náisiúnta agus Eorpacha maidir le míchumais, fostaíocht agus comhionannas inscne;

11. á chur in iúl go bhfuil sí ag súil leis an meastóireacht ar an straitéis Eorpach reatha um míchumas agus leis an togra ón gCoimisiún maidir leis an straitéis Eorpach a bheidh ann amach anseo i ndáil le comhionannas do dhaoine faoi mhíchumas don chéad tréimhse ilbhliantúil eile, a fhoilseofar in 2021, ina gcomhcheanglófar cineálacha cur chuige cothrománacha agus spriocdhírithe agus ina n-ionchorprófar gné láidir inscne, lena n-áirítear trí bheartais lena ndéantar fostaíocht, oiliúint, socrúcháin fostaíochta, conairí gairme comhionanna, pá comhionann ar obair ar comhionann a luach, oiriúnú san ionad oibre agus breisoideachas a chur chun cinn, lena dtugtar aird ar chuimsiú digiteach na mban faoi mhíchumas agus ar an ngá atá le cothromaíocht oibre is saoil a chosaint;

12. á iarraidh ar an gComhairle an Treoir chothrománach Frith-Idirdhealaithe a ghlacadh agus cur chuige trasnach a ghlacadh i mbeartais agus i reachtaíocht uile an Aontais i gcoinne an idirdhealaithe;

13. á iarraidh go mbainfear an leas is fearr as ionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana, amhail an clár um Chearta, um Chomhionannas agus um Shaoránacht (REC), chun inrochtaineacht agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn, agus chun aghaidh a thabhairt ar choinníollacha fostaíochta agus socheacnamaíocha na mban atá faoi mhíchumas; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar mhaoiniú a éascú do na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhlachtaí comhionannais;

14. á iarraidh freisin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a dhéanamh, amhail trí Chistí Struchtúracha AE a bharrfheabhsú, chun gnólachtaí atá tiomanta do dhaoine faoi mhíchumas a earcú a spreagadh agus a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar dheiseanna fostaíochta agus chun tacú le daoine faoi mhíchumas chun a bheith ina bhfiontraithe, amhail trí mharc deimhniúcháin atá so-aitheanta go seachtrach a cheapadh, a bhfuil sé mar aidhm leis a léiriú go gcomhlíonann siad na rialacha atá i bhfeidhm, an obair atá á déanamh acu a léiriú, agus an deis a thabhairt dóibh na tionscnaimh a cuireadh chun feidhme chun é sin a bhaint amach a chomhroinnt;

15. á iarraidh ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar fhoréigean in aghaidh ban agus cailíní atá faoi mhíchumas a bhrath, d’fhonn é sin a shainaithint agus a chosc go tráthúil.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta a ghlactha

1.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

31

1

2

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Christine Anderson, Simona Baldassarre, Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Annika Bruna, Margarita de la Pisa Carrión, Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Lívia Járóka, Arba Kokalari, Alice Kuhnke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Andżelika Anna Możdżanowska, Pina Picierno, Sirpa Pietikäinen, Samira Rafaela, Evelyn Regner, Diana Riba i Giner, María Soraya Rodríguez Ramos, Sylwia Spurek, Jessica Stegrud, Isabella Tovaglieri, Ernest Urtasun, Hilde Vautmans, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Chrysoula Zacharopoulou

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Lena Düpont, Elena Kountoura, Radka Maxová, Silvia Modig, Vera Tax



 

VÓTÁIL CRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

31

+

ECR

Andżelika Anna Możdżanowska

GUE/NGL

Elena Kountoura, Silvia Modig

ID

Simona Baldassarre, Annika Bruna, Isabella Tovaglieri

EPP

Lena Düpont, Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Lívia Járóka, Arba Kokalari, Sirpa Pietikäinen, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska

Renew

Radka Maxová, Samira Rafaela, María Soraya Rodríguez Ramos, Hilde Vautmans, Chrysoula Zacharopoulou

S&D

Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Pina Picierno, Evelyn Regner, Vera Tax

Verts/ALE

Alice Kuhnke, Diana Riba i Giner, Sylwia Spurek, Ernest Urtasun

 

1

-

ID

Christine Anderson

 

2

0

ECR

Margarita de la Pisa Carrión, Jessica Stegrud,

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA (4.12.2020)

chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta

maidir le cur chun feidhme Threoir 2000/78/CE ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, i bhfianaise UNCRPD

(2020/2086(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Demetris Papadakis 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Achainíocha ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á thabhairt chun suntais go bhfaigheann an Coiste um Achainíocha líon mór achainíocha maidir leis an easpa cur chun feidhme i dtaca le prionsabal na córa comhionainne maidir le rochtain ar oideachas cuimsitheach, fostaíocht, gairmoiliúint, ardú céime, agus dálaí oibre na ndaoine atá faoi mhíchumas, agus go bhfuil gá le cur chuige níos casta dá bhrí sin; á athdhearbhú gur gá Tairseach Ghréasáin na nAchainíocha a dhéanamh níos inrochtana, níos trédhearcaí agus oscailte do gach saoránach;

2. á chur in iúl gur saoth léi gurb iomaí dúshlán, de réir na n-achainíocha sin, atá os comhair daoine faoi mhíchumas fós maidir le hinrochtaineacht, rannpháirtíocht san fhostaíocht, oideachas agus soghluaiseacht laistigh de AE, agus go mbíonn idirdhealú ann ina leith go fóill; á mheas go bhfuil sé do-ghlactha nach bhfuil go leor fostóirí ag déanamh bearta iomchuí chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, in ainneoin go bhfuil na bearta sin ríthábhachtach maidir le cuimsiú eacnamaíoch agus sóisialta an 100 milliún duine atá faoi mhíchumas in AE agus in ainneoin go bhfuil an intleacht shaorga agus teicneolaíochtaí digiteacha, uirlisí agus feidhmchláir ar fáil chun riachtanais na ndaoine faoi mhíchumas a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais go n-eisiatar cion mór de na hacmhainní daonna atá ar fáil dá bhrí sin; á mheas gur uirlis thábhachtach í an chianfhostaíocht chun leibhéal fostaíochta na n-oibrithe faoi mhíchumas a mhéadú agus chun claochlú éifeachtach na n-ionad oibre ina n-ionaid oibre inrochtana a chothú; á thabhairt chun suntais gur gá oibriú i gcomhar leis an earnáil phríobháideach chun na huirlisí oibre iomchuí a sholáthar;

3. á thabhairt dá haire gurb é soláthar cóiríochta réasúnta do dhaoine faoi mhíchumas ar cheann de phríomhghnéithe na treorach agus gur cheart don Choimisiún leanúint de dlúthfhaireachán a dhéanamh ar a trasuí ceart i reachtaíocht náisiúnta;

4. á chur in iúl gur saoth léi go bhféadfadh idirdhealú atá bunaithe ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh an bonn a bhaint de ghnóthú chuspóirí an Chonartha ar an Aontas Eorpach (CAE);

5. ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit bearta sonracha a dhéanamh d’fhonn comhionannas iomlán iarbhír a áirithiú chun míbhuntáistí a bhaineann le míchumais a chosc nó a chúiteamh, agus na deiseanna a chuireann an intleacht shaorga ar fáil á gcur san áireamh, agus á mholadh go n-áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar aghaidh ar dhaoine faoi mhíchumas a fhostú ina gcláir náisiúnta um athchóiriú; á iarraidh ar na Ballstáit fiontair a spreagadh cuimsiú níos mó na ndaoine faoi mhíchumas a áirithiú laistigh dá ngnólachtaí; á mholadh, sa chomhthéacs sin, go ndéanfar simpliú ar an tacaíocht airgeadais agus theicniúil chun daoine faoi mhíchumas a earcú, agus go ndéanfar nósanna imeachta earcaíochta a oiriúnú, ionas go mbeidh rochtain níos éasca ag daoine faoi mhíchumas ar thairiscintí poist agus ar nósanna imeachta iarratais; á chur i bhfáth gur gá scileanna digiteacha i measc an luchta saothair a uas-scálú, agus á chur i bhfáth go rannchuideoidh an digitiú le cuimsiú sóisialta níos fearr agus go gcabhróidh sé le daoine scothaosta agus le hoibrithe faoi mhíchumas fanacht i margadh an tsaothair ar feadh tréimhse níos faide;

6. á chur in iúl gur saoth léi go mór forfheidhmiú míchothrom agus lag Threoir 2000/78/CE ón gComhairle i roinnt Ballstát, a bhfuil ag teip orthu faireachán éifeachtach aonfhoirmeach a dhéanamh ar sháruithe leanúnacha ar dhlí an Aontais agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;

7. á chur in iúl gurb ionann ceart gach duine chun comhionannais os comhair an dlí agus chun cosanta ar idirdhealú agus ceart uilíoch a aithnítear le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in Aghaidh na mBan a Dhíothú, le Cúnaint Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, a bhfuil na Ballstáit ar fad ina sínitheoirí díobh; á mheabhrú go gcuirtear cosc le Coinbhinsiún Uimh. 111 den Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) ar idirdhealú i réimse na fostaíochta agus na gairme;

8. á chur i bhfios go láidir nach bhfuil aon sainmhíniú ar choincheap an mhíchumais i dTreoir 2000/78/CE ón gComhairle agus ag spreagadh na mBallstát dlí an Aontais a léirmhíniú ar shlí a thabharfaidh bonn do choincheap an mhíchumais i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (UNCRPD);

9. á iarraidh ar na Ballstáit creat dlíthiúil frith-idirdhealaithe an Aontais a thabhairt chun críche, agus á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, aontachas AE le UNCRPD; á mheabhrú go bhfuil UNCRPD ceangailteach ar AE, ar a institiúidí agus ar a Bhallstáit, a bhfuil dualgas díreach orthu é a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear Airteagal 27 de maidir le hobair agus fostaíocht; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé nuashonrú a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann le daoine nach bhfuil aon inniúlacht dhlítheanach acu, trí chórais chinnteoireachta thacaithe a ghlacadh agus d’fhonn a chur ar a gcumas a gceart chun fostaíochta a fheidhmiú go hiarbhír i ndeireadh thiar;

10. á chur in iúl, i gcomhréir le hAirteagal 6 de CAE, go bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe ar phrionsabail na saoirse, an daonlathais, an mheasa ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha, agus ar an smacht reachta, ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir, agus maidir le cearta bunúsacha, mar a ráthaítear ag an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus mar a eascraíonn siad ó thraidisiúin bhunreachtúla chomhchoiteanna na mBallstát, gurb ionann iad agus prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais;

11. á chur i bhfáth gur cheart do na Ballstáit iarrachtaí suntasacha a dhéanamh, laistigh de thréimhsí ama atá sainithe, ar ionaid oibre a oiriúnú do riachtanais aonair na ndaoine faoi mhíchumas chun feabhas a chur ar a n-inrochtaineacht agus chun freastal ar riachtanais speisialta na n-oibrithe faoi mhíchumas, ionas go gcuirfear timpeallacht thacúil chun cinn san earnáil phríobháideach ar mhaithe le daoine a bhfuil laguithe de gach cineál orthu a earcú ar an margadh saothair oscailte; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá úsáid níos forleithne teicneolaíochtaí nua-aimseartha chuige sin agus á áitiú ar idirphlé i measc comhpháirtithe sóisialta a chur chun cinn d’fhonn cóir chomhionann a chothú, lena n-áirítear ar an leibhéal reachtach i gcás inarb iomchuí, agus trí mhalartú leanúnach dea-chleachtas, chun, go háirithe, cothú a dhéanamh ar chuimsiú na mban faoi mhíchumas, na ndaoine ó chúlra socheacnamaíoch atá faoi mhíbhuntáiste, na mionlach náisiúnta agus teanga, agus daoine LGBTQ+ faoi mhíchumas; á chreidiúint gur cheart taighde ábhartha a chur ar fáil i dteanga shimplí; á mheas, sa chomhthéacs sin, go bhfuil an beartas maidir le dreasacht agus luaíocht éifeachtach ó thaobh inrochtaineacht san ionad oibre a fheabhsú;

12. á iarraidh ar an gCoimisiún, mar ábhar práinne, i bhfianaise na saincheisteanna sin maidir le forfheidhmiú córasach, faireachán éifeachtach ar chomhlíonadh na treorach a bhunú ar gach leibhéal sna Ballstáit uile, imscrúduithe riachtanacha a sheoladh láithreach ar sháruithe ar an treoir a d’fhéadfadh a bheith ann, agus nósanna imeachta um shárú a thionscnamh i gcoinne na mBallstát atá freagrach, i gcás inarb iomchuí;

13. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rochtain ar fhaisnéis d’íospartaigh an idirdhealaithe; á mheas gur gá do na Ballstáit na bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfar comhairle agus cúnamh dlí inrochtana agus réasúnta a fháil agus go ndéanfar iad a sholáthar d’íospartaigh ag gach céim den phróiseas dlíthiúil, lena n-áirítear comhairleoireacht rúnda agus i bpearsa agus tacaíocht mhothúchánach, phearsanta agus mhorálta, ag comhlachtaí comhionannais nó idirghabhálaithe iomchuí; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, ciapadh agus foréigean san ionad oibre a chomhrac, ar sáruithe iad ar dhínit an duine agus/nó a chruthaíonn timpeallacht mhaslach ag an obair;

14. á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh ón gCoimisiún amhail Gradam don Chathair is Inrochtana, agus ag moladh tionscnamh ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

15. á iarraidh ar gach Ballstát agus ar an gCoimisiún gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh, i gcomhar le heagraíochtaí na ndaoine faoi mhíchumas agus le comhpháirtithe sóisialta, chun lánpháirtiú sóisialta agus eacnamaíoch daoine faoi mhíchumas a bhaint amach, feasacht maidir lena gcearta a ardú, taighde agus dea-chleachtais a roinnt agus dífhostaíocht i measc na hóige agus seanóirí a chomhrac, toisc go bhféadfadh bochtaineacht, eisiamh sóisialta, fadhbanna meabhairshláinte agus easpa dídine a bheith mar thoradh ar dhífhostaíocht; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar oideachas ar ardchaighdeán, ar chóiríocht réasúnta, ar bhearta fostaíochta amhail an Ráthaíocht don Aos Óg agus ar chláir mhalartaithe amhail Erasmus+; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé fostaíocht dheighilte a sheachaint trí dhaoine faoi mhíchumas a nascadh leis an margadh saothair oscailte, agus ar an gcaoi sin an deis a chur ar fáil dóibh fostaíocht a fháil i réimse dá rogha féin;

16. á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht agus tallann ollmhór ag daoine faoi mhíchumas, nár cheart a chur amú; á chur i bhfios, i bhfianaise thionchar eacnamaíoch na paindéime, gur cheart do AE leas iomlán a bhaint as acmhainneacht a shaoránach go léir;

17. á mholadh do na Ballstáit bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh arb é is aidhm dóibh míbhuntáistí a sheachaint nó a chúiteamh, tacú le heagraíochtaí a bhfuil sé mar phríomhaidhm acu gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh do dhaoine atá i ngátar, agus á chreidiúint go ndéanfaidh anailís de réir an cháis ar chomhréireacht agus ríomhanna costais agus tairbhe tionchar a imirt fós ar na bearta sonracha a ghlac na Ballstáit, ar mhaithe le gníomhaíocht dhearfach a dhéanamh;

18. á iarraidh ar an gCoimisiún díriú ar bhealach níos láidre ar an aistriú ó sheirbhísí institiúideacha go dtí seirbhísí pobalbhunaithe agus teaghlachbhunaithe i gcomhréir le UNCRPD agus aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a d’aithin an tOmbudsman i gcás 1233/2019/MMO;

19. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar oideachas agus imeascadh i margadh an tsaothair a chur chun cinn do na hoibrithe uile gan beann ar a n-aois, agus bearta a chur i bhfeidhm maidir le hinscne, míchumais, luach saothair, oiliúint, forbairt gairme agus sláinte agus sábháilteacht chun na hoibrithe uile a chosaint san ionad oibre;

20. á chur i bhfáth, leis na bearta chun an t-idirdhealú ar fhorais aoise a chomhrac, nach mór idirdhealú idir daoine óga agus daoine scothaosta a sheachaint, mar phrionsabal, agus nach mór dul i ngleic le hidirdhealú aoise d’aon chineál gan údar maith, ar bhealach iomchuí;

21. á thabhairt chun suntais an ról atá ag mná, ar minic iad a bheith freagrach go príomha as aire a thabhairt do leanaí agus do chleithiúnacha faoi mhíchumas, agus go mbíonn mná faoi mhíchumas thíos le hidirdhealú dúbailte, ar rud é as ar lean cóimheas dífhostaíochta níos airde, go statistiúil; á chur i bhfáth go bhfuil tionchar díreach aige sin ar dheiseanna na mban agus ar a modhanna chun rochtain a fháil ar an margadh fostaíochta agus chun a bhforbairt ghairmiúil a chur chun cinn agus go bhféadfadh tionchar diúltach a bheith aige ar a ndeiseanna fostaíochta; á chur in iúl gurb iad mná is mó a bhíonn thíos le dífhostaíocht agus go bhfulaingíonn siad idirdhealú diúltach ó thaobh fostaíochta de, go háirithe mná torracha agus máithreacha, lena n-áirítear máithreacha atá ag cothú linbh ar an gcíoch; á iarraidh ar na Ballstáit taighde maidir leis an ábhar sin a chur chun cinn, ós rud é go bhfuil na sonraí gann, agus córas solúbtha maidir le saoire tuismitheora a bhunú, lena mbaineann ráthaíocht poist a luaithe a bheidh an tsaoire tuismitheora thart, a mbeidh rochtain chomhionann air, gan beann ar inscne;

22. á mheas go bhféadfaidh go leor daoine faoi mhíchumas a bheith ina n-eiseamláirí tábhachtacha dúinn go léir, a léiríonn céard is féidir a bhaint amach trí dhiongbháilteacht agus conas is féidir fadhbanna a réiteach; á thabhairt dá haire go neartaítear scileanna sonracha mar gheall ar na dúshláin sin, mar is léir ó láithreacht na ndaoine faoi mhíchumas i mbainistíocht eagraíochtaí ceannródaithe;

23. á chur in iúl gur cheart é a bheith mar aidhm ag AE, i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de CAE, agus prionsabal na córa comhionainne á chur chun feidhme, neamhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn, go háirithe ós rud é gur minic a bhíonn mná ina n-íospartaigh den idirdhealú iomadúil;

24. á chur i bhfios gur minice teaghlaigh aontuismitheora, máithreacha aonair ach go háirithe, a bheith buailte ag bochtaineacht lucht oibre, agus gur cheart go ndíreofaí ar thuismitheoirí aonair leis na bearta uile a ghlacfar;

25. á áitiú go ndéanfar an Straitéis Eorpach um Míchumas i ndiaidh 2020 a nuashonrú agus a athnuachan, agus é mar aidhm leis sin neamhionannais do dhaoine faoi mhíchumas a laghdú tuilleadh agus a gcuimsiú shóisialta agus eacnamaíoch agus a neamhspleáchas shaincheaptha a chur chun cinn, agus na dúshláin agus na saincheisteanna a bhaineann le míchumais a d’eascair as paindéim COVID-19 á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé go raibh tionchar diúltach ag na bearta gaibhniúcháin a rinne rialtais agus ag an teilea-obair ar dhaoine faoi mhíchumas, gan beann ar cibé an bhfuair siad cúram sa bhaile nó in institiúidí; á chur i bhfáth gur gá breithniú a dhéanamh i dtaobh soláthair tacaíochta airgeadais d’fhostóirí na ndaoine faoi mhíchumas chun an trealamh atá ag teastáil le haghaidh teilea-oibre a sholáthar dóibh;

26. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ráthú go gcaithfear cistí AE i gcomhréir le caighdeáin AE agus idirnáisiúnta maidir le cearta an duine i gcónaí agus nach gcaithfear iad riamh ar shuíomhanna leithscartha – bídís chun críocha maireachtála nó fostaíochta – do dhaoine faoi mhíchumas, nach bhfuil aon seans ann go n-aimseoidh siad áras cónaithe neamh-institiúideach nó fostaíocht neamhchosanta;

27. á thabhairt chun suntais go raibh tionchar díréireach ag na dúshláin a d’eascair as paindéim COVID-19 ar dhaoine faoi mhíchumas; ag tathant ar rialtais an tionchar a bhí ag bearta gaibhniúcháin agus ag an teilea-obair ar dhaoine faoi mhíchumas a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis na fadhbanna a luadh i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Iúil 2020 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas intleachta i ngéarchéim COVID-19 agus ina rún dar dáta an 18 Meitheamh 2020 maidir le cistiú breise le haghaidh taighde bithleighis ar Einceifealaimiailíteas Miailgeach.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta a ghlactha

3.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

30

0

4

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Andrus Ansip, Margrete Auken, Jordan Bardella, Alexander Bernhuber, Markus Buchheit, Ryszard Czarnecki, Eleonora Evi, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Emmanouil Fragkos, Mario Furore, Gianna Gancia, Ibán García Del Blanco, Alexis Georgoulis, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Ulrike Müller, Emil Radev, Sira Rego, Frédérique Ries, Monica Semedo, Massimiliano Smeriglio, Yana Toom, Loránt Vincze, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Demetris Papadakis

 


 

VÓTÁIL CRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

30

+

EPP

Alexander Bernhuber, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Dolors Montserrat, Emil Radev, Loránt Vincze

S&D

Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Ibán García Del Blanco, Cristina Maestre Martín De Almagro, Demetris Papadakis, Massimiliano Smeriglio

RENEW

Andrus Ansip, Ulrike Müller, Frédérique Ries, Monica Semedo, Yana Toom

Verts/ALE

Margrete Auken, Tatjana Ždanoka

ECR

Ryszard Czarnecki, Emmanouil Fragkos, Kosma Złotowski

GUE/NGL

Alexis Georgoulis, Sira Rego

NI

Eleonora Evi, Mario Furore

 

0

-

-

-

 

4

0

ID

Jordan Bardella, Markus Buchheit, Gianna Gancia, Stefania Zambelli

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta a ghlactha

27.1.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

47

1

4

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Atidzhe Alieva-Veli, Abir Al-Sahlani, Marc Angel, Dominique Bilde, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Sylvie Brunet, David Casa, Leila Chaibi, Margarita de la Pisa Carrión, Özlem Demirel, Klára Dobrev, Jarosław Duda, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Rosa Estaràs Ferragut, Nicolaus Fest, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, France Jamet, Agnes Jongerius, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Elena Lizzi, Radka Maxová, Kira Marie Peter-Hansen, Dragoș Pîslaru, Manuel Pizarro, Dennis Radtke, Elżbieta Rafalska, Daniela Rondinelli, Mounir Satouri, Beata Szydło, Eugen Tomac, Romana Tomc, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne, Nikolaj Villumsen, Marianne Vind, Maria Walsh, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Irena Joveva

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Andrea Bocskor

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACHL SA CHOISTE FREAGRACH

47

+

ECR

Lucia Ďuriš Nicholsonová,

ID

Dominique Bilde, Elena Lizzi, Stefania Zambelli

NI

Daniela Rondinelli

EPP

Andrea Bocskor, David Casa, Jarosław Duda, Rosa Estaràs Ferragut, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Miriam Lexmann, Dennis Radtke, Eugen Tomac, Romana Tomc, Maria Walsh, Tomáš Zdechovský

Renew

Atidzhe Alieva-Veli, Abir Al-Sahlani, Sylvie Brunet, Irena Joveva, Radka Maxová, Dragoș Pîslaru, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Klára Dobrev, Estrella Durá Ferrandis, Heléne Fritzon, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Manuel Pizarro, Marianne Vind

An Chlé

Leila Chaibi, Özlem Demirel, Nikolaj Villumsen

Verts/ALE

Katrin Langensiepen, Kira Marie Peter-Hansen, Mounir Satouri, Tatjana Ždanoka

 

1

-

ECR

Margarita de la Pisa Carrión;

 

4

0

ECR

Elżbieta Rafalska, Beata Szydło

ID

Nicolaus Fest, France Jamet

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 26 Feabhra 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais