Tuarascáil - A9-0015/2021Tuarascáil
A9-0015/2021

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

9.2.2021 - (COM(2020)0314 – C9‑0213/2020 – 2020/0148(CNS)) - *

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Sven Giegold


Nós Imeachta : 2020/0148(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0015/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0015/2021
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

(COM(2020)0314 – C9‑0213/2020 – 2020/0148(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0314),

 ag féachaint d’Airteagail 113 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0213/2020),

 ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0015/2021),

1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;

4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) D’fhonn freastal ar thionscnaimh nua an Aontais i réimse na trédhearcachta cánach, rinneadh sraith leasuithe ar Threoir 2011/16/AE21 ón gComhairle le blianta anuas. Leis na hathruithe seo tugadh isteach go príomha oibleagáidí maidir le tuairisciú, agus ina dhiaidh sin cumarsáid le Ballstáit eile, maidir le cuntais airgeadais, réamhrialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Ar an mbealach sin, leathnaíodh raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise leis na leasuithe sin. Tá tacar níos leithne uirlisí comhair ar fáil ag údaráis chánach anois chun cineálacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a bhrath agus a chomhrac.

(1) D’fhonn freastal ar thionscnaimh nua an Aontais i réimse na trédhearcachta cánach, rinneadh sraith leasuithe ar Threoir 2011/16/AE21 ón gComhairle le blianta anuas. Leis na hathruithe seo tugadh isteach go príomha oibleagáidí maidir le tuairisciú, agus ina dhiaidh sin cumarsáid le Ballstáit eile, maidir le cuntais airgeadais, réamhrialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála, tuarascálacha de réir tíre agus socruithe intuairiscithe trasteorann. Ar an mbealach sin, leathnaíodh raon feidhme an uathmhalartaithe faisnéise leis na leasuithe sin. Tá tacar níos leithne uirlisí comhair ar fáil ag údaráis chánach anois chun cineálacha calaoise cánach, imghabhála cánach agus seachanta cánach a bhrath agus a chomhrac, ionas go ndéanfar ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a áirithiú.

_________________

_________________

21 Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

21 Treoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (IO L 64, 11.3.2011, lch. 1).

Leasú  2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a) Éilítear acmhainní daonna cáilithe agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha leis an tacar níos leithne uirlisí comhair, an t-aistriú digiteach agus an aidhm comhar idir na húdaráis náisiúnta a fheabhsú.  Chuige sin, ní mór leibhéal leordhóthanach infheistíochta a bheith ag gabháil leis na hathruithe atá beartaithe, go príomha i ndáil le hoiriúnú an bonneagair faisnéisíochta agus dhigitigh agus oiliúna gairmiúla. I ndeireadh na dála, ba cheart feabhas a chur ar chumas na mBallstát an fhaisnéis airgeadais uile a fhaightear a phróiseáil agus ba cheart acmhainní airgeadais, daonna agus TF na riarachán cánach a mhéadú.

Leasú  3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Le blianta anuas, tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an gcur i bhfeidhm agus chuir sé an mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE22 i gcrích in 2019. Cé go ndearnadh feabhas nach beag i réimse an uathmhalartaithe faisnéise, is gá go fóill feabhas a chur ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin.

(2) Le blianta anuas, tá an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an gcur i bhfeidhm agus chuir sé an mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE22 i gcrích in 2019. Cé go ndearnadh feabhas nach beag i réimse an uathmhalartaithe faisnéise, is gá go fóill feabhas a chur ar na forálacha atá ann faoi láthair maidir le gach cineál malartaithe faisnéise agus comhair riaracháin. Chun an fhorbairt atá tagtha ar chúrsaí maidir le trédhearcacht chánach a chur san áireamh, d’fhéadfadh sé gur ghá an Treoir sin a thabhairt cothrom le dáta go rialta.

_________________

_________________

22 An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE, SWD(2019) 328 final.

22 An Coimisiún Eorpach, Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Meastóireacht ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE, SWD(2019) 328 final.

Leasú  4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) De bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE tar éis iarraidh ó údarás iarrthach, tá ar an údarás iarrtha le cur in iúl don údarás iarrthach aon fhaisnéis dá bhfuil ina sheilbh aige, nó aon fhaisnéis a fhaigheann sé mar thoradh ar fhiosruithe riaracháin, faisnéis atá ábhartha go hintuartha maidir le dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a riar agus a fhorfheidhmiú. Chun éifeachtacht na malartuithe faisnéise a áirithiú agus diúltuithe d'iarrataí gan údar maith a chosc, agus chun gurb ann don tsoiléireacht dhlíthiúil agus don deimhneacht dhlíthiúil chomh maith le haghaidh córais riaracháin chánach agus cáiníocóirí, ba cheart an caighdeán ábharthachta intuartha a bheith sainithe go soiléir. Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a shoiléiriú chomh maith nár cheart feidhm a bheith ag an gcaighdeán ábharthachta intuartha maidir le hiarrataí ar fhaisnéis bhreise tar éis malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2011/16/AE maidir le réamhrialú trasteorann nó réamh-chomhaontú praghsála.

(3) De bhun Airteagal 5 de Threoir 2011/16/AE tar éis iarraidh ó údarás iarrthach, tá ar an údarás iarrtha le cur in iúl don údarás iarrthach aon fhaisnéis dá bhfuil ina sheilbh aige, nó aon fhaisnéis a fhaigheann sé mar thoradh ar fhiosruithe riaracháin, faisnéis atá ábhartha go hintuartha maidir le dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a riar agus a fhorfheidhmiú. Chun éifeachtacht na malartuithe faisnéise a áirithiú agus chun cosc a chur ar dhiúltuithe iarrataí gan údar, mar aon le soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do riaracháin chánach agus do cháiníocóirí araon, ba cheart an caighdeán ábharthachta intuartha a shonrú go soiléir i gcomhréir le dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ina luaitear go bhfuil sé beartaithe leis an téarma ‘ábharthacht intuartha’ foráil a dhéanamh do mhalartú faisnéise i gcúrsaí cánach a mhéid is féidir. Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a shoiléiriú chomh maith nár cheart feidhm a bheith ag an gcaighdeán ábharthachta intuartha maidir le hiarrataí ar fhaisnéis bhreise tar éis malartú faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 8a de Threoir 2011/16/AE maidir le réamhrialú trasteorann nó réamh-chomhaontú praghsála.

Leasú  5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a) Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit córas comhchuibhithe pionós agus smachtbhannaí a áirithiú ar fud an Aontais chun saothrú bealaí éalaithe agus difríochtaí idir córais chánachais na mBallstát ag oibreoirí ardán a chosc. I gcás ina sáraítear na rialacha, ba cheart pionóis airgeadais agus eisiamh ó chonarthaí poiblí a bhreithniú. I gcásanna tromchúiseacha agus i gcásanna a tharlaíonn arís agus arís eile, ba cheart an rogha a bheith ann ceadúnas gnó an oibreora ardán a chúlghairm.

Leasú  6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Chun cáiníocóirí a choimeád ar an eolas go cuí agus go hiomlán, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát na catagóirí ioncaim a ndéantar an fhaisnéis ina leith a roinnt go huathoibríoch le húdaráis inniúla Ballstát eile agus tríú tíortha nó dlínsí a nochtadh.

Leasú  7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b) Aon fhaisnéis maidir le scéimeanna trasteorann a bhfuil impleachtaí acu do thríú tíortha, ba cheart í a nochtadh do na húdaráis chánach sna tíortha sin freisin. Ba cheart go mbainfeadh an ceanglas sin go háirithe le tíortha atá i mbéal forbartha, ar tíortha iad ar minic a bhíonn rochtain níos teoranta acu ar chórais idirnáisiúnta malartaithe faisnéise cánach.

Leasú  8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Tá sé riachtanach cáiníocóirí a shainaithint mar is ceart má táthar chun faisnéis a mhalartú go héifeachtach idir riaracháin chánach. Ba cheart uimhir aitheantais chánach (TIN) a chur ar fáil i gcónaí nuair a cheanglaítear sin faoi Threoir 2011/16/AE agus ba cheart TIN Eorpach a chruthú agus é ar an modh sainaitheantais is fearr. Cheadódh TIN Eorpach d’aon tríú páirtí TINeanna i gcaidreamh trasteorann a shainaithint agus a thaifeadadh go tapa, go héasca agus i gceart agus bheadh sé mar bhonn do mhalartú éifeachtach uathoibríoch faisnéise idir riaracháin chánach na mBallstát.

Leasú  9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Is minic a iarrann córais riaracháin chánach faisnéis ó oibreoirí ardán digiteach. Fágann sé sin costais shuntasacha riaracháin agus chomhlíonta ag oibreoirí ardáin. Ag an am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis oibleagáid tuairiscithe aontaobhach a fhorchur, rud a fhágann ualach breise riaracháin ar oibreoirí ardán, toisc go gcaithfidh siad an iliomad caighdeán náisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh. Bheadh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag oibleagáid tuairiscithe chaighdeánaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh.

(7) Is minic a iarrann córais riaracháin chánach faisnéis ó oibreoirí ardán digiteach. Fágann sé sin costais shuntasacha riaracháin agus chomhlíonta ag oibreoirí ardán. Ag an am céanna, tá roinnt Ballstát tar éis oibleagáid tuairiscithe aontaobhach a fhorchur, rud a fhágann ualach breise riaracháin ar oibreoirí ardán, toisc go gcaithfidh siad an iliomad caighdeán náisiúnta tuairiscithe a chomhlíonadh. Bheadh sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm ag oibleagáid tuairiscithe chaighdeánaithe ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá an caighdeánú sin riachtanach chun trí phríomhchuspóir a chur chun cinn: na costais chomhlíonta d’oibreoirí a íoslaghdú, éifeachtúlacht na n-údarás náisiúnta a mhéadú agus maorlathas a laghdú do cháiníocóirí agus do riaracháin chánach araon.

Leasú  10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) Tá digitiú an gheilleagair ar cheann de bhunchlocha na straitéise eacnamaíche agus fáis a bheidh ag an Aontas amach anseo. Ba cheart don Aontas a bheith ina chríoch tarraingteach do chuideachtaí digiteacha, go háirithe maidir lena n-acmhainneacht tráchtála, nuálaíochta agus fostaíochta. Mar sin féin, is gnách earraí agus seirbhísí digiteacha a bheith an-soghluaiste agus doláimhsithe agus, dá bhrí sin, is mó seans go mbeidh siad thíos le cleachtais pleanála ionsaithí cánach, ós rud é nach dteastaíonn bonneagar fisiciúil ó go leor samhlacha gnó chun idirbhearta a dhéanamh le custaiméirí agus brabúis a ghiniúint. Dá bhrí sin, caitear amhras ar a oiriúnaí atá samhlacha cánach corparáidí an Aontais a ceapadh do thionscail thraidisiúnta tógála, lena n-áirítear maidir lena mhéid a d’fhéadfaí na critéir luachála agus ríomha a athcheapadh chun gníomhaíochtaí tráchtála an 21ú haois a léiriú. Ina theannta sin, is é an toradh a bhíonn air sin go mbíonn an deis ag díoltóirí agus díoltóirí ar líne atá ag feidhmiú trí ardáin faoi láthair ioncaim a ghiniúint a ndéantar drochthuairisciú orthu agus go bhfuil baol ard ann, dá bhrí sin, nach ngearrfar dóthain cánach nó nach ngearrfar aon cháin orthu.

Leasú  11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) I bhfianaise nádúr digiteach agus solúbthacht na n-ardán digiteach, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a leathnú chuig na hoibreoirí ardán sin a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach cónaitheoirí iad chun críocha cánach, ná nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe ná nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát. D'áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta bheith ann i measc na n-ardán agus cosc ar iomaíocht éagórach. Chun an méid sin a éascú, ba cheart ceangal a chur ar ardáin eachtracha clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun críche oibriú sa mhargadh inmheánach.

(13) I bhfianaise nádúr digiteach agus solúbthacht na n-ardán digiteach, ba cheart an oibleagáid tuairiscithe a leathnú chuig na hoibreoirí ardán sin a dhéanann gníomhaíocht tráchtála san Aontas ach nach cónaitheoirí iad chun críocha cánach, ná nach bhfuil ionchorpraithe ná bainistithe ná nach bhfuil buanbhunaíocht acu i mBallstát. D'áiritheofaí leis sin cothroime iomaíochta bheith ann i measc na n-ardán agus cosc ar iomaíocht éagórach. Chun an méid sin a éascú, ba cheart ceangal a chur ar ardáin eachtracha clárú agus tuairisciú in aon Bhallstát amháin chun críche oibriú sa mhargadh inmheánach, agus suíomh a gceanncheathrún domhanda nó réigiúnaí, a n-áit éifeachtach bhainistíochta agus an ghníomhaíocht shuntasach eacnamaíoch atá sa Bhallstát sin a roghnaíodh á gcur san áireamh.

Leasú  12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a) Ós rud é go léirítear gnéithe casta agus dúshlánacha, amhail criptea-shócmhainní, leis an ngeilleagar a ndearnadh digitiú agus domhandú de réir a chéile air, tá sé tábhachtach go gcuirfí leis an gcomhar idir riaracháin chánach náisiúnta sa réimse sin. Tá sé tábhachtach sainmhíniú soiléir a thabhairt ar chriptea-shócmhainní, agus an obair leanúnach atá ar bun laistigh de ECFE agus FATF á cur san áireamh, chun imghabháil cánach a chomhrac agus cánachas cothrom a chur chun cinn. Ghlac FATF sainmhíniú leathan ar airgeadra fíorúil agus mhol sé go n-ionchorprófaí laistigh de raon feidhme oibleagáidí AML/CFT aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann gníomhaíochtaí lena n-áirítear malartú idir criptea-shócmhainní, aistriú criptea-shócmhainní agus rannpháirtíocht i seirbhísí airgeadais agus soláthar seirbhísí airgeadais a bhaineann le tairiscintí tosaigh bonn. Is ábhar tráthúil é leathadh criptea-airgeadraí agus ba cheart é a bhreithniú in aon iarracht chun comhar riaracháin a mhéadú, bunaithe ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Chomh maith leis sin, i bhfianaise dhul chun cinn domhanda na teicneolaíochta, tá gá le hardsásraí maoirseachta atá i ndlúth-theagmháil leis na comhlachtaí ábhartha frithchoiriúla maoiniúcháin.

Leasú  13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) D'fhéadfaí an cuspóir maidir le cosc ar imghabháil agus ar sheachaint cánach a áirithiú trí cheangal a chur ar oibreoirí ardán digiteach ioncam a thuilltear trí ardáin a thuairisciú go luath, sula ndéanfaidh na húdaráis chánach náisiúnta a measúnuithe cánach bliantúla. Chun obair údaráis chánach na mBallstát a éascú, ba cheart an fhaisnéis tuairiscithe a bheith malartaithe laistigh d'aon mhí amháin tar éis an tuairiscithe. D'fhonn uathmhalartú faisnéise a éascú agus úsáid éifeachtúil acmhainní a fheabhsú, ba cheart malartuithe a dhéanamh go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann (“CCN”) arna fhorbairt ag an Aontas.

(15) D'fhéadfaí an cuspóir maidir le cosc ar imghabháil agus ar sheachaint cánach a áirithiú trí cheangal a chur ar oibreoirí ardán digiteach ioncam a thuilltear trí ardáin a thuairisciú go luath, sula ndéanfaidh na húdaráis chánach náisiúnta a measúnuithe cánach bliantúla. Chun obair údaráis chánach na mBallstát a éascú, ba cheart an fhaisnéis tuairiscithe a bheith malartaithe gan moill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh d'aon mhí amháin tar éis an tuairiscithe. D'fhonn uathmhalartú faisnéise a éascú agus úsáid éifeachtúil acmhainní a fheabhsú, ba cheart malartuithe a dhéanamh go leictreonach tríd an líonra cumarsáide coiteann (‘CCN’) arna fhorbairt ag an Aontas. Ba cheart don bhonneagar digiteach a bheith athléimneach agus ba cheart go ráthófaí an caighdeán is airde slándála leis.

Leasú  14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a) Ba cheart a áirithiú leis an Treoir seo gur féidir le húdaráis inniúla rochtain a fháil ar shonraí maidir le fad conarthaí cíosa i gcás ina bhfuil teorainn ama leis an gcíos maoine gearrthéarmach, chun cur chun feidhme na dteorainneacha sin agus rialú ar mhéadú praghsanna cíosa san Aontas a éascú.

Leasú  15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 15 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15b) Ba cheart daoine aonair a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis íogair chánach oibreoirí ardán agus corparáidí ilnáisiúnta maidir le cleachtais imghabhála cánach agus seachanta cánach a spreagadh chun teacht chun tosaigh agus comhoibriú leis na húdaráis le discréid agus le hurraim do leas an phobail, agus ba cheart iad a chosaint go hiomlán má dhéanann siad amhlaidh.

Leasú  16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Sa mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE arna déanamh ag an gCoimisiún, léiríodh an gá le faireachán leanúnach ar éifeachtacht chur i bhfeidhm na Treorach sin agus éifeachtacht na bhforálacha trasuite náisiúnta lena n-éascaítear an cur i bhfeidhm sin. Chun go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireachán agus meastóireacht iomchuí ar éifeachtacht na n-uathmhalartuithe faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE, ba cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstáit staitisticí maidir le malartuithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil.

(16) Sa mheastóireacht ar Threoir 2011/16/AE arna déanamh ag an gCoimisiún, léiríodh an gá le faireachán leanúnach ar éifeachtacht chur i bhfeidhm na Treorach sin agus éifeachtacht na bhforálacha trasuite náisiúnta lena n-éascaítear an cur i bhfeidhm sin. Chun go leanfaidh an Coimisiún de bheith ag déanamh faireachán agus meastóireacht iomchuí ar éifeachtacht na n-uathmhalartuithe faisnéise faoi Threoir 2011/16/AE, ba cheart oibleagáid a bheith ar Bhallstáit staitisticí maidir le malartuithe den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil. Ba cheart dóibh freisin an fhaisnéis uile maidir le cur chun feidhme cuí na treorach sin a chur in iúl don Choimisiún, ar bhonn bliantúil.

Leasú  17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a) Déanfaidh an Coimisiún, laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo, tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme agus éifeachtúlacht na bhforálacha a thugtar isteach i dTreoir 2011/16/AE leis an Treoir seo agus déanfaidh sé tograí sonracha, lena n-áirítear tograí reachtacha, chun í a fheabhsú. Ba cheart an tuarascáil sin a chur ar fáil go poiblí.

Leasú  18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Le rialuithe iltaobhacha a rinneadh le tacaíocht ón gclár Fiscalis 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle5, léiríodh an tairbhe a bhaineann le rialuithe comhordaithe ar cháiníocóir amháin nó níos mó atá ina leas coiteann nó comhlántach ag dhá chóras riaracháin cánach nó níos mó san Aontas. Ós rud é nach bhfuil aon bhunús dlí sainráite ann chun iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh, déantar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin faoi láthair bunaithe ar fhorálacha comhcheangailte Threoir 2011/16/AE maidir le hoifigigh eachtracha a bheith i láthair ar chríoch Ballstát eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha. Mar sin féin, léiríodh in a lán cásanna nach raibh an cleachtas sin leordhóthanach agus nach bhfuil soiléireacht ná deimhneacht dhlíthiúil ann.

(19) Le rialuithe iltaobhacha a rinneadh le tacaíocht ón gclár Fiscalis 2020 arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle5, léiríodh an tairbhe a bhaineann le rialuithe comhordaithe ar cháiníocóir amháin nó níos mó atá ina leas coiteann nó comhlántach ag dhá chóras riaracháin cánach nó níos mó san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart cigireachtaí ar an láthair agus iniúchtaí comhpháirteacha a bheith mar chuid de chreat comhair an Aontais idir riaracháin chánach. Ós rud é nach bhfuil aon bhunús dlí sainráite ann chun iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh, déantar gníomhaíochtaí comhpháirteacha den sórt sin faoi láthair bunaithe ar fhorálacha comhcheangailte Threoir 2011/16/AE maidir le hoifigigh eachtracha a bheith i láthair ar chríoch Ballstát eile agus maidir le rialuithe comhuaineacha. Mar sin féin, léiríodh in a lán cásanna nach raibh an cleachtas sin leordhóthanach agus nach bhfuil soiléireacht ná deimhneacht dhlíthiúil ann. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an éiginnteacht dhlíthiúil sin agus bunús dlí a sholáthar do na rialuithe sin faoi chuimsiú an chomhair riaracháin.

__________________

__________________

5 Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 25).

Leasú  19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil soiléir agus éifeachtúil a ghlacadh chun go bhféadfaidh a n-údaráis chánach iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil gníomhaíocht trasteorann acu. Is éard is iniúchtaí comhpháirteacha ann fiosrúcháin riaracháin a ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó go comhpháirteach chun cás a scrúdú atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach ag na Ballstáit sin acu. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag iniúchtaí comhpháirteacha chun cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Le struchtúr iniúchtaí comhpháirteacha ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do cháiníocóirí trí rialacha nós imeachta soiléire, lena n-áirítear an riosca maidir le cánachas dúbailte a mhaolú.

(20) Ba cheart do na Ballstáit creat dlíthiúil soiléir agus éifeachtúil a ghlacadh chun go bhféadfaidh a n-údaráis chánach iniúchtaí comhpháirteacha a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil gníomhaíocht trasteorann acu. Is éard is iniúchtaí comhpháirteacha ann fiosrúcháin riaracháin a ndéanann údaráis inniúla dhá Bhallstát nó níos mó go comhpháirteach chun cás a scrúdú atá nasctha le duine amháin nó níos mó a bhfuil leas coiteann nó comhlántach ag na Ballstáit sin acu. Is féidir ról tábhachtach a bheith ag iniúchtaí comhpháirteacha chun cur le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh. Le struchtúr iniúchtaí comhpháirteacha ba cheart deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do cháiníocóirí trí rialacha nós imeachta soiléire, lena n-áirítear an riosca maidir le cánachas dúbailte a mhaolú. Sa bhreis ar an gcreat dlíthiúil a cheanglaítear, ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha lena n-éascaítear iniúchtaí comhpháirteacha a eagrú ar leibhéal oibríochtúil, go háirithe trí thacú le hoiliúint, lena n-áirítear oiliúint teanga, do bhaill foirne ar dócha go ndéanfaidh siad iniúchtaí comhpháirteacha. Meabhraítear gur féidir leis an gclár Fiscalis tacaíocht airgeadais a chur ar fáil i ndáil leis sin.

Leasú  20

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) Chun éifeachtacht an phróisis a áirithiú, ba cheart freagairtí ar iarrataí ar iniúchtaí comhpháirteacha a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama ar leith. Ba cheart údar maith a bheith le diúltú d'iarrataí. Ba cheart socruithe nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht iniúchóireachta ábhartha a bheith sna socruithe nós imeachta is infheidhme maidir le hiniúchóireacht chomhpháirteach. Dá réir sin, ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha fianaise a bhailítear le linn iniúchadh chomhpháirteach a aithint go frithpháirteach. Tá sé chomh tábhachtach céanna go gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla maidir le fíorais agus imthosca an cháis agus go bhféachann siad le teacht ar chomhaontú maidir le conas seasamh cánach an duine/na ndaoine a ndéantar iniúchóireacht air a léirmhíniú. D'fhonn a áirithiú gur féidir toradh iniúchóireachta comhpháirtí a chur chun feidhme sna Ballstáit rannpháirteacha, ba cheart an stádas dlí coibhéiseach a bheith ar an tuarascáil chríochnaitheach agus ar na hionstraimí náisiúnta ábhartha a eisítear mar thoradh ar iniúchadh sna Ballstáit rannpháirteacha. I gcás inar ghá, ba cheart do na Ballstáit an creat dlíthiúil a sholáthar chun coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh.

(21) Chun éifeachtacht an phróisis a áirithiú, ba cheart freagairtí ar iarrataí ar iniúchtaí comhpháirteacha a chur ar fáil laistigh de thréimhse ama ar leith. Ba cheart údar cuí a bheith le diúltú iarrataí, níor cheart é a cheadú ach amháin ar na cúiseanna a leagtar amach sa Treoir seo agus ba cheart é a bheith faoi réir ceart freagartha ón údarás iarrthach. Ba cheart socruithe nós imeachta an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht iniúchóireachta ábhartha a bheith sna socruithe nós imeachta is infheidhme maidir le hiniúchóireacht chomhpháirteach. Dá réir sin, ba cheart don Bhallstát rannpháirteach nó do na Ballstáit rannpháirteacha fianaise a bhailítear le linn iniúchadh chomhpháirteach a aithint go frithpháirteach. Tá sé chomh tábhachtach céanna go gcomhaontaíonn na húdaráis inniúla maidir le fíorais agus imthosca an cháis agus go bhféachann siad le teacht ar chomhaontú maidir le conas seasamh cánach an duine/na ndaoine a ndéantar iniúchóireacht air a léirmhíniú. D'fhonn a áirithiú gur féidir toradh iniúchóireachta comhpháirtí a chur chun feidhme sna Ballstáit rannpháirteacha, ba cheart an stádas dlí coibhéiseach a bheith ar an tuarascáil chríochnaitheach agus ar na hionstraimí náisiúnta ábhartha a eisítear mar thoradh ar iniúchadh sna Ballstáit rannpháirteacha. I gcás inar ghá, ba cheart do na Ballstáit an creat dlíthiúil a sholáthar chun coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh.

Leasú  21

Togra le haghaidh treorach

Aithris 24 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(24a) Tá sé chomh tábhachtach céanna béim a leagan ar nach é an malartú faisnéise idir údaráis chánach amháin a chuireann le bailiú cánach níos éifeachtúla ach go gcuireann comhroinnt dea-chleachtas leis freisin. I gcomhréir leis an gClár Fiscalis 2020, ba cheart do na Ballstáit tús áite a thabhairt do chomhroinnt dea-chleachtas i measc na n-údarás cánach.

Leasú  22

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le huathmhalartú faisnéise idir na húdaráis chánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena n-áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25.

(26) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2011/16/AE a chur chun feidhme agus go háirithe maidir le huathmhalartú faisnéise idir na húdaráis chánach, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún foirm chaighdeánach a ghlacadh ina bhfuil líon teoranta gnéithe, lena n-áirítear na socruithe teanga. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25. Tá an Coimisiún i dteideal tuarascálacha agus doiciméid a chur ar fáil, agus úsáid á baint as an bhfaisnéis a mhalartaítear ar bhealach anaithnid, chun ceart na gcáiníocóirí chun rúndachta a chur san áireamh agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

_________________

_________________

25 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

25 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

Leasú  23

Togra le haghaidh treorach

Aithris 26 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26a) Ba bheart d'aon phróiseáil ar shonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú Threoir 2011/16/AE leanúint de Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh. Is chun freastal ar leas poiblí ginearálta, agus chuige sin amháin, a leagtar próiseáil sonraí amach i dTreoir 2011/16/AE, eadhon cúrsaí cánachais agus chun calaois chánach, seachaint cánach agus imghabháil cánach a chomhrac, ioncaim chánach a chosaint agus cánachas cothrom a chur chun cinn, lena neartaítear deiseanna do chuimsiú sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch sna Ballstáit. Dá bhrí sin, i dTreoir 2011/16/AE, ba cheart na tagairtí do dhlí ábhartha an Aontais maidir le cosaint sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus a fhorlíonadh leis na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo.

Leasú  24

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 3 – pointe 9 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a, 8aa, 8ab agus 8ac, faisnéis réamhshainithe a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe.

(a) chun críocha Airteagal 8(1) agus Airteagail 8a, 8aa, 8ab agus 8ac, faisnéis réamhshainithe agus nua a chur in iúl ar bhonn córasach do Bhallstát eile, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe.

Leasú  25

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 3 – pointe 14

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(1a) In Airteagal 3 leasaítear pointe 14 mar a leanas:

14. “ciallaíonn ‘rialú cánach trasteorann’aon chomhaontú, aon teachtaireacht, nó aon ionstraim nó gníomh eile a bhfuil na héifeachtaí céanna acu, lena n-áirítear ceann a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear i gcomhthéacs iniúchóireachta cánach, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

“14. ciallaíonn ‘rialú cánach’aon chomhaontú, aon teachtaireacht, nó aon ionstraim nó gníomh eile a bhfuil na héifeachtaí céanna acu, lena n-áirítear ceann a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear i gcomhthéacs iniúchóireachta cánach, agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas, beag beann ar a chineál foirmiúil, neamhfhoirmiúil, ceangailteach nó neamhcheangailteach ó thaobh dlí:

(a) a eisíonn, a leasaíonn nó a athnuann rialtas nó údarás cánach Ballstáit, nó foranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla, nó a dhéantar ar a shon nó ar a son, beag beann ar cibé a bhaintear úsáid éifeachtach as nó nach mbaintear;

(a) a eisíonn, a leasaíonn nó a athnuann rialtas nó údarás cánach Ballstáit, nó foranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla, nó a dhéantar ar a shon nó ar a son, beag beann ar cibé a bhaintear úsáid éifeachtach as nó nach mbaintear;

(b) a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear, chuig duine áirithe nó chuig grúpa daoine, agus ar a bhfuil an duine sin nó grúpa daoine i dteideal a bheith ag brath;

(b) a eisítear, a leasaítear nó a athnuaitear, chuig duine áirithe nó chuig grúpa daoine, agus ar a bhfuil an duine sin nó grúpa daoine i dteideal a bheith ag brath;

(c) a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm foráil dhlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le dlíthe náisiúnta i dtaca le riar nó forfheidhmiú chánacha an Bhallstáit, nó chánacha fhoranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla;

(c) a bhaineann le léirmhíniú nó le cur i bhfeidhm foráil dhlíthiúil nó riaracháin a bhaineann le dlíthe náisiúnta i dtaca le riar nó forfheidhmiú chánacha an Bhallstáit nó chánacha fhoranna críochacha nó riaracháin an Bhallstáit, lena n-áirítear údaráis áitiúla;

(d) a bhaineann le hidirbheart trasteorann nó cibé acu a chruthaíonn gníomhaíochtaí a dhéanann duine i ndlínse eile buanbhunaíocht nó nach gcruthaíonn; agus

 

(e) a dhéantar roimh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí i ndlínse eile, a d’fhéadfadh buanbhunaíocht a chruthú nó roimh thuairisceán cánach a chomhdú ina gcuimsítear an tréimhse inar tharla an t-idirbheart nó sraith idirbheart nó gníomhaíochtaí. D'fhéadfadh déanamh infheistíochtaí, soláthar earraí, seirbhísí, maoinithe nó úsáid as sócmhainní inláimhsithe nó sócmhainní doláimhsithe a bheith i gceist leis an idirbheart trasteorann, ach ní hiad sin amháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus ní gá go mbainfeadh sé go díreach leis an duine atá ag fáil an rialaithe cánach trasteorann;

(e) a dhéantar roimh na hidirbhearta nó na gníomhaíochtaí i ndlínse eile, a d’fhéadfadh buanbhunaíocht a chruthú nó roimh thuairisceán cánach a chomhdú ina gcuimsítear an tréimhse inar tharla an t-idirbheart nó sraith idirbheart nó gníomhaíochtaí. D'fhéadfadh déanamh infheistíochtaí, soláthar earraí, seirbhísí, maoinithe nó úsáid as sócmhainní inláimhsithe nó sócmhainní doláimhsithe a bheith i gceist leis an idirbheart, ach ní hiad sin amháin a d’fhéadfadh a bheith i gceist, agus ní gá go mbainfeadh sé go díreach leis an duine atá ag fáil an rialaithe cánach;

 

(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar leis is gá athruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX%3A32015L2376)

Leasú  26

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 b (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 3 – pointe 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b) In Airteagal 3, scriostar pointe 16.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/en/TXT/?uri=CELEX%3A32015L2376)

Leasú  27

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 5a – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Chun críche iarrata dá dtagraítear in Airteagal 5, measfar an fhaisnéis a iarrtar a bheith ábhartha intuartha i gcás ina measann an t-údarás iarrthach, tráth a dhéantar iarraidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfuil an fhaisnéis arna iarraidh ábhartha do ghnóthaí cánach cáiníocóra nó do ghnóthaí cánach cáiníocóirí, is cuma má aithnítear iad de réir ainm nó ar bhealach eile, agus go bhfuil údar maith leis an iarraidh chun an t-imscrúdú a dhéanamh.

1. Chun críche iarrata dá dtagraítear in Airteagal 5, measfar an fhaisnéis a iarrtar a bheith ábhartha intuartha i gcás ina measann an t-údarás iarrthach, tráth a dhéantar iarraidh, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, go bhfuil féidearthacht réasúnta ann go bhfuil an fhaisnéis arna iarraidh ábhartha do ghnóthaí cánach cáiníocóra nó do ghnóthaí cánach cáiníocóirí, is cuma má aithnítear iad de réir ainm nó ar bhealach eile, agus go bhfuil údar maith leis an iarraidh chun críocha cánacha a mheasúnú, a bhailiú agus a bhainistiú.

Leasú  28

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 5a – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Agus é mar aidhm leis ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar a léiriú, cuirfidh an t-údarás inniúil iarrthach ar fáil don údarás iarrtha faisnéis tacaíochta, go háirithe maidir leis an gcúis chánach lena n-iarrtar an fhaisnéis agus maidir leis na forais lena dtugtar le fios go bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag an údaráis iarrtha nó i seilbh duine nó faoi riail ag duine laistigh de dhlínse an údaráis iarrtha.

2. D’fhonn ábharthacht intuartha na faisnéise a iarrtar a léiriú, cuirfidh an t-údarás inniúil iarrthach faisnéis tacaíochta ar fáil don údarás iarrtha.

Leasú  29

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3a) In Airteagal 7(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

1. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 ar fáil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná mhí ón dáta a fuarthas an iarraidh.

“1. Cuirfidh an t-údarás iarrtha an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5 ar fáil a luaithe is féidir, agus tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a fuarthas an iarraidh.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  30

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 7 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b) In Airteagal 7, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“6a. Roimh an 1 Eanáir 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ina dtabharfar forléargas agus ina ndéanfar measúnú ar na staitisticí agus ar an bhfaisnéis a fuarthas de réir tíre, maidir le saincheisteanna amhail na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile, lena n-áirítear ioncam ó cháin incriminteach, malartuithe faisnéise arna iarraidh sin, mar aon le gnéithe praiticiúla a bhaineann leis sin, lena n-áirítear líon na n-iarrataí ar glacadh leo agus ar diúltaíodh dóibh agus líon na n-iarrataí a seoladh in aghaidh na tíre, an t-am is gá chun iad a láimhseáil agus gnéithe ábhartha eile le haghaidh measúnú cuimsitheach.”

Leasú  31

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe a

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis ar fáil in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin, maidir leis na catagóirí sonracha ioncaim agus caipitil seo a leanas de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl:

Cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis ar fáil, nó a d’fhéadfaí a chur ar fáil go réasúnach, in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin, maidir leis na catagóirí sonracha ioncaim agus caipitil seo a leanas de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl:

Leasú  32

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe a

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8 – mír 1 – fomhír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bliantúil maidir le dhá chatagóir ar a laghad i ndáil le hioncam agus caipitil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, catagóirí faisnéise faoina gcuireann na Ballstáit faisnéis maidir le cónaitheoirí in iúl do Bhallstát eile.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún go bliantúil maidir le gach catagóir i ndáil le hioncam agus caipitil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, catagóirí faisnéise faoina gcuireann na Ballstáit faisnéis maidir le cónaitheoirí in iúl do Bhallstát eile.

Leasú  33

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe a

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Roimh an 1 Eanáir 2023 cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún maidir le ceithre chatagóir ar a laghad dá liostaítear i bhfomhír 1 a gcuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, gach faisnéis, i ndáil leis na catagóirí sin, in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin. Bainfidh an fhaisnéis le tréimhsí inchánach dar tús an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh an dáta sin.

scriosta

Leasú  34

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe a a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8 – mír 3 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) Scriostar an chéad fhomhír de mhír 3.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  35

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 – pointe b a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8 – mír 3a – fomhír 2 – pointe a

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(ba) Sa dara fomhír de mhír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

(a) ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe ar Sealbhóir Cuntais den chuntas é agus, i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na rialacha díchill chuí atá comhsheasmhach leis na hIarscríbhinní a bheith curtha i bhfeidhm, a aithnítear mar eintiteas a bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach an Eintitis agus ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe;

(a) ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe (i gcás duine aonair) gach Duine Intuairiscithe arb é Sealbhóir Cuntais thairbhiúil deiridh an chuntais é agus, i gcás aon Eintiteas ar Sealbhóir Cuntais é agus, tar éis na rialacha díchill chuí atá comhsheasmhach leis na hIarscríbhinní a bheith curtha i bhfeidhm, a shainaithnítear mar eintiteas a bhfuil Duine Rialaithe amháin nó níos mó aige ar Duine Intuairiscithe é, ainm, seoladh agus uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach an Eintitis agus ainm, seoladh, uimhir (uimhreacha) aitheantais cánach agus dáta breithe agus áit bhreithe gach Duine Intuairiscithe;

Leasú  36

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8a – teideal

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-a) Leasaítear an teideal mar a leanas:

Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach maidir le rialú cánach trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála

“Raon feidhme agus na coinníollacha a bhaineann le huathmhalartú faisnéise sainordaitheach maidir le rialú cánach agus réamh-chomhaontuithe praghsála”

 

(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar leis is gá athruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  37

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8a – mír 2 – fomhír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-aa) I mír 2, scriostar an ceathrú fomhír.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  38

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a b (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8a – mír 3 – fomhír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-ab) I mír 3, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

 

“Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil réamhshocruithe nua déthaobhacha nó iltaobhacha praghsála a chaibidliú ná a chomhaontú le tríú tíortha nach gceadaíonn iad a nochtadh d’údaráis inniúla Ballstát eile ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.”

Leasú  39

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe -a c (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8a – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-ac) Scriostar mír 4.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  40

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8a – mír 6 – pointe a

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(aa) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) i mír 6:

(a) céannacht an duine, seachas duine nádúrtha, agus i gcás inarb iomchuí an grúpa daoine lena mbaineann an duine sin;

"(a) céannacht an duine, lena n-áirítear daoine nádúrtha, agus i gcás inarb iomchuí an grúpa daoine lena mbaineann an duine sin;’’

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  41

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8a – mír 6 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) achoimre ar réamhrialú trasteorann nó an réamh-chomhaontaithe praghsála, lena n-áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart a d'fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d'fhéadfadh a bheith ann a mheas, gan rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh dá bharr ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí.

(b) achoimre ar an réamhrialú trasteorann nó an réamh-chomhaontú praghsála, lena n-áirítear tuairisc ar na gníomhaíochtaí nó ar na hidirbhearta gnó ábhartha nó ar an tsraith idirbheart, impleachtaí uile cánach ábhartha díreacha agus indíreacha, amhail rátaí cánach éifeachtacha, agus aon fhaisnéis eile a d’fhéadfadh cuidiú leis an údarás inniúil riosca cánach a d’fhéadfadh a bheith ann a mheas, ach faisnéis a bhféadfaí rún tráchtála, tionsclaíoch nó gairmiúil nó próiseas tráchtála a nochtadh mar thoradh uirthi ná faisnéis a mbeadh a nochtadh contrártha don bheartas poiblí a fhágáil ar lár.

Leasú  42

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8aa – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5a) Cuirtear an méid seo in ionad mhír 2 in Airteagal 8aa:

2. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1, trí mheán uathmhalartaithe agus laistigh den spriocdháta a leagtar síos i mír 4, an tuarascáil de réir tíre in iúl d’aon Bhallstát eile ina bhfuil, ar bhonn na faisnéise sa tuarascáil de réir tíre, Comheintiteas amháin nó níos mó den Ghrúpa FIN den Eintiteas Tuairiscithe cónaitheach chun críoch cánach nó faoi réir cáin i dtaca leis an ngnó a dhéantar trí bhuanbhunaíocht.

“2. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1, trí mheán uathmhalartaithe agus laistigh den spriocdháta a leagtar síos i mír 4, an tuarascáil de réir tíre in iúl d’aon Bhallstát eile ina bhfuil, ar bhonn na faisnéise sa tuarascáil de réir tíre, Comheintiteas amháin nó níos mó den Ghrúpa FIN den Eintiteas Tuairiscithe cónaitheach chun críoch cánach nó faoi réir cáin i dtaca leis an ngnó a dhéantar trí bhuanbhunaíocht. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuarthas an tuarascáil de réir tíre de bhun mhír 1 an tuarascáil sin in iúl freisin do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin, atá freagrach as clár láraithe na dtuarascálacha de réir tíre. Foilseoidh an Coimisiún staidreamh anaithnid agus comhiomlánaithe maidir leis na tuarascálacha de réir tíre ar bhonn bliantúil i gcás na mBallstát uile.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  43

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 b (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8ab – mír 14 – pointe ha (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b) In Airteagal 8ab, mír 14, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

“(ha) liosta na dtairbhithe, a nuashonraítear ar bhonn bliantúil.”

Leasú  44

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8ac – mír 2 – fomhír 1 – pointe h

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardáin Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(h) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais lena n-íoctar an Chomaoin nó a dtéann an Chomaoin chun a shochair, ós rud é go mbailíonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe í;

Leasú  45

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8ac – mír 2 – fomhír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh rochtain ag údaráis eile sna Ballstáit ghlactha ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) chun sáruithe ar dhlíthe nó ar rialacháin áitiúla nó náisiúnta a dhíspreagadh agus a ionchúiseamh, gan dochar do na rialacha maidir le rúndacht cánach agus cosaint sonraí is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an Díoltóir Intuairiscithe.

Leasú  46

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2016/11/AE

Airteagal 8ac – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfar an cur in iúl de bhun mhír 2 leis an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 20(7) laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann oibleagáidí Oibreora Ardán Tuairiscithe.

3. Déanfar an cur in iúl de bhun mhír 2 leis an bhfoirm chaighdeánach dá dtagraítear in Airteagal 20(7) gan aon mhoill mhíchuí agus ar a dheireanaí laistigh de mhí amháin tar éis dheireadh na Tréimhse Intuairiscithe lena mbaineann oibleagáidí Oibreora Ardán Tuairiscithe.

Leasú  47

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8ac – mír 4 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha agus dá bhun sin féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe clárú le húdaráis inniúla aon Bhallstáit amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír F de Roinn IV d'Iarscríbhinn V.

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha agus dá bhun sin féadfaidh Oibreoir Ardán Tuairiscithe clárú le húdaráis inniúla aon Bhallstáit amháin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i mír F de Roinn IV d’Iarscríbhinn V, agus suíomh a gceanncheathrún domhanda nó réigiúnaí, a n-áit éifeachtach bhainistíochta agus an ghníomhaíocht shuntasach eacnamaíoch atá sa Bhallstát sin a roghnaíodh á gcur san áireamh, in éagmais sainaithint chun críocha CBL mar a léirítear i mír F de Roinn IV d’Iarscríbhinn V.

Leasú  48

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe a

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8b – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tabharfaidh na Ballstáit staitisticí don Choimisiún ar bhonn bliantúil maidir le líon na n-uathmhalartuithe faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa agus 8ac, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d'fhéadfadh tarlú, i gcás córais riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.

1. Tabharfaidh na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha uile don Choimisiún ar bhonn bliantúil, lena n-áirítear staidreamh maidir le líon na n-uathmhalartuithe mar aon le measúnú ar inúsáidteacht na sonraí atá á malartú faoi Airteagail 8(1), 8(3a), 8aa agus 8ac, agus faisnéis maidir leis na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le malartuithe a tharla agus aon athruithe a d'fhéadfadh tarlú, i gcás córais riaracháin chánach agus tríú páirtithe araon.

Leasú  49

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8b – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Scriostar mír 2.

scriosta

Leasú  50

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 8b – mír 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(ba) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2. Roimh an 1 Eanáir 2019, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ina dtabharfar forléargas agus measúnú ar na staitisticí agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoi mhír 1 den Airteagal seo, maidir le saincheisteanna amhail na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le huathmhalartú faisnéise, mar aon leis na gnéithe praiticiúla atá ceangailte leis. Más iomchuí, cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle maidir leis na catagóirí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(1), lena n-áirítear an choinníoll go gcaithfidh faisnéis maidir le cónaitheoirí i mBallstáit eile a bheith ar fáil, nó na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3a), nó iad araon.

“2. Roimh an 1 Eanáir 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh ina dtabharfar forléargas agus measúnú ar na staitisticí agus ar an bhfaisnéis a fuarthas faoi mhír 1 den Airteagal seo, maidir le saincheisteanna amhail an úsáid éifeachtach a bhainfear as sonraí a gheobhaidh na Ballstáit chun críoch cánach nó chun críoch eile, na costais agus na buntáistí riaracháin agus na costais agus na buntáistí ábhartha eile a bhaineann le huathmhalartú faisnéise, mar aon leis na gnéithe praiticiúla atá ceangailte leis. Cuirfidh an Coimisiún togra faoi bhráid na Comhairle maidir leis na catagóirí agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 8(1), lena n-áirítear an choinníoll go gcaithfidh faisnéis maidir le cónaitheoirí i mBallstáit eile a bheith ar fáil, nó a bheith curtha ar fáil, mar aon leis na míreanna dá dtagraítear in Airteagal 8(3a), lena n-áirítear úinéireacht thairbhiúil.

Nuair a bhíonn togra a thíolaic an Coimisiún á scrúdú, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar neartú breise éifeachtúlacht agus fheidhmiú an uathmhalartaithe faisnéise agus ar a chaighdeán a ardú, agus é mar aidhm foráil a dhéanamh den méid seo a leanas:

Nuair a bhíonn togra a thíolaic an Coimisiún á scrúdú, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar neartú breise éifeachtúlacht agus fheidhmiú an uathmhalartaithe faisnéise agus ar a chaighdeán a ardú, agus é mar aidhm foráil a dhéanamh den méid seo a leanas:

(a) cuirfidh an t-údarás inniúil i ngach Ballstát, trí uathmhalartú, faisnéis in iúl don údarás inniúil in aon Bhallstát eile, maidir le tréimhsí inchánach amhail ón 1 Eanáir 2019 a bhaineann le cónaitheoirí sa Bhallstát eile sin, maidir leis na catagóirí uile ioncaim agus caipitil a liostaítear in Airteagal 8(1), de réir mar a thuigfear iad faoi reachtaíocht náisiúnta an Bhallstáit a chuireann an fhaisnéis in iúl: agus

(a) go ndéanfaidh na Ballstáit na liostaí catagóirí ioncaim agus caipitil a leagtar síos in Airteagal 8(1) a chur ar fáil, fiú muna bhfuil siad ar fáil cheana agus á malartú dá réir sin;

(b) go ndéanfar na liostaí catagóirí agus míreanna a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus in Airteagal 8(3a) a leathnú chun catagóirí agus míreanna eile a áireamh, lena n-áirítear ríchíosanna.

(b) go ndéanfar na catagóirí ioncaim a leagtar síos in Airteagal 8(1) a leathnú chun sócmhainní neamhairgeadais, amhail eastát réadach, ealaín nó seodra, agus bealaí nua chun rachmas a stóráil, amhail saorphoirt agus taisceadáin, a áireamh.

 

(ba) go ndéanfar na liostaí ítimí a leagtar síos in Airteagal 8(3) a leathnú chun go n-áireofar na sonraí úinéireachta tairbhiúla deiridh agus go rachfar i ngleic le seachaint cánach trí áiteanna cónaithe tánaisteacha nó iomadúla chun críoch cánach;

 

(bb) go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear a úsáid chun críoch eile seachas na críocha sin dá dtagraítear in Airteagal 16(1);

 

(bc) go ndéanfaí meastóireacht chuí ar úsáid éifeachtach na sonraí a gheofar.”

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  51

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8 – pointe a

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 11 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. D'fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mhalartú, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile, maidir le hoifigigh arna n-údarú ag an mBallstát eile agus i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagfaidh an Ballstát sin síos:

1. D'fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) a mhalartú, féadfaidh údarás inniúil Ballstáit a iarraidh ar údarás inniúil Ballstáit eile, maidir le hoifigigh arna n-údarú ag an mBallstát eile agus i gcomhréir leis na socruithe nós imeachta a leagfaidh an Ballstát sin síos:

(a)  a bheith i láthair sna hoifigí ina gcuireann údaráis riaracháin an Bhallstáit iarrata a gcuid dualgas i gcrích;

(a)  a bheith i láthair sna hoifigí ina gcuireann údaráis riaracháin an Bhallstáit iarrata a gcuid dualgas i gcrích;

(b)  a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosruithe riaracháin á ndéanamh i gcríoch an Bhallstáit faighte iarrata;

(b)  a bheith i láthair nuair a bhíonn fiosruithe riaracháin á ndéanamh i gcríoch an Bhallstáit faighte iarrata;

(c)  a bheith rannpháirteach sna fiosrúcháin riaracháin a dhéanann an Ballstát iarrtha trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide, i gcás inarb iomchuí.

(c)  a bheith rannpháirteach sna fiosrúcháin riaracháin a dhéanann an Ballstát iarrtha trí mhodhanna leictreonacha cumarsáide, i gcás inarb iomchuí.

Freagróidh údarás inniúil d'iarraidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 30 lá chun a dheimhniú go n-aontaíonn sé chun cur in iúl don údarás iarrthach a dhiúltú réasúnaithe don iarraidh sin.

Freagróidh údarás inniúil d'iarraidh i gcomhréir leis an gcéad fhomhír laistigh de 30 lá chun a dheimhniú go n-aontaíonn sé chun cur in iúl don údarás iarrthach a dhiúltú réasúnaithe don iarraidh sin.

 

I gcásanna ina dtugtar diúltú réasúnaithe, féadfaidh an t-údarás iarrthach teagmháil a dhéanamh an athuair leis an údarás inniúil le heilimintí breise, chun údarú a fháil dá oifigeach na cúraimí dá dtagraítear i mír 1 (a), (b) nó (c) a chur i gcrích. Tabharfaidh an t-údarás inniúil freagra ar an dara iarraidh sin laistigh de 30 lá tar éis í a fháil.

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis iarrtar i ndoiciméid a bhfuil rochtain ag oifigigh an údaráis faighte iarrata uirthi, tabharfar cóipeanna de sin d'oifigigh an údaráis iarrthaigh.

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis a iarrtar i ndoiciméid a bhfuil rochtain ag oifigigh an údaráis faighte iarrata orthu, tabharfar cóipeanna díobh sin d'oifigigh an údaráis iarrthaigh.

Leasú  52

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 12a – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina n-iarrfaidh údarás inniúil i mBallstát amháin ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó Ballstát eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh ar dhuine amháin nó níos mó ar leas coiteann nó comhlántach iad a mBallstát uile faoi seach, freagróidh na húdaráis iarrtha don iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.

2. I gcás ina n-iarrfaidh údaráis inniúla Ballstát amháin nó níos mó ar údarás inniúil Ballstáit eile (nó údaráis inniúla Ballstát eile) iniúchadh comhpháirteach a dhéanamh ar dhuine amháin nó níos mó ar leas coiteann nó comhlántach iad dá mBallstát uile faoi seach, freagróidh na húdaráis iarrtha don iarraidh laistigh de 30 lá ón iarraidh a fháil.

Leasú  53

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 12a – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Féadfar diúltú d'iarraidh ó Bhallstát ar iniúchadh comhpháirteach ar forais a bhfuil údar maith leo, agus háirithe, de dheasca aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

3. Féadfar diúltú d’iarraidh ó údarás inniúil Ballstáit ar iniúchadh comhpháirteach ar na cúiseanna seo a leanas:

Leasú  54

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 12a – mír 4 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina ndiúltaíonn údarás iarrtha don iarraidh sin, cuirfidh sé an duine iarrthach nó na daoine iarrthacha ar an eolas maidir leis na forais a bhaineann leis an diúltú.

I gcás ina ndiúltaíonn údarás iarrtha don iarraidh sin, cuirfidh sé an duine iarrthach nó na daoine iarrthacha ar an eolas maidir le cé acu den dá fhoras dá dtagraítear i mír 3 ar diúltaíodh don iarraidh.

Leasú  55

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe a

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

‘Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit in aon fhoirm de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL agus cánacha indíreacha eile, a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.

Déanfar faisnéis a chuirfear in iúl idir Ballstáit in aon fhoirm de bhun na Treorach seo a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit iarrtha agus an Bhallstáit iarrthaigh agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í. Féadfar faisnéis den sórt sin a úsáid chun dlíthe náisiúnta na mBallstát a bhaineann leis na cánacha dá dtagraítear in Airteagal 2, chomh maith le CBL, faisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 8ac(2), agus cánacha indíreacha eile, a mheasúnú, a riar agus a fhorfheidhmiú.

Leasú  56

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 16 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Le cead ó údarás inniúil an Bhallstáit a chuireann faisnéis in iúl de bhun na Treorach seo, ach amháin a mhéid a cheadaítear faoi reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis seo, is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaightear de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1.

2. Is féidir faisnéis agus doiciméid a fhaigheann údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun na Treorach seo a úsáid chun críocha eile seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 1 ach amháin sa chás go gceadaítear sin faoi dhlíthe Bhallstát an údaráis inniúil a fhaigheann an fhaisnéis.

Féadfaidh údarás inniúil gach Ballstáit liosta a chur in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát uile maidir leis an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as faisnéis agus doiciméid, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, cé is moite díobh sin dá dtagraítear i mír 1. Maidir leis an údarás inniúil a fhaigheann an fhaisnéis, is féidir leis an fhaisnéis agus na doiciméid a fhaightear a úsáid chun críocha eile liostaithe ag an mBallstát a dhéanfaidh an chumarsáid gan an cead dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

 

Leasú  57

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 16 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) Scriostar mír 4.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  58

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 17 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) In Airteagal 17, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

 

“4a. Ní bheidh feidhm ag an bhféidearthacht dá dtagraítear i mír 4 maidir le diúltú do sholáthar faisnéise má bhíonn an t-údarás iarrthach in ann a léiriú nach gcuirfear an fhaisnéis in iúl don phobal agus nach n-úsáidfear í ach amháin chun críche measúnú, bainistiú agus rialú a dhéanamh ar ghnóthaí cánach ábhartha an duine nó an ghrúpa daoine a mbaineann an iarraidh ar fhaisnéis leo.”

Leasú  59

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 21 – mír 7 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil agus lóistíochta a sholáthar le haghaidh comhéadan lárnach daingean um chomhar riaracháin i réimse an chánachais i gcás ina ndéanann Ballstáit cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal 20(1) agus (3). Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an gcomhéadan sin. Chun staitisticí a bhailiú, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le malartuithe arna dtaifeadadh ar an gcomhéadan agus ar féidir a asbhaint go huathoibríoch. Ní dhéanfaidh rochtain an Choimisiúin dochar d'oibleagáid na mBallstát staitisticí a chur ar fáil maidir le malartuithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 23(4).

Déanfaidh an Coimisiún an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta riachtanach uile a sholáthar le haghaidh comhéadan lárnach daingean um chomhar riaracháin i réimse an chánachais i gcás ina ndéanann Ballstáit cumarsáid trí fhoirmeacha caighdeánacha de bhun Airteagal 20(1) agus (3). Beidh rochtain ag údaráis inniúla na mBallstát uile ar an gcomhéadan sin. Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar an comhéadan lárnach a dhaingniú leis an leibhéal is airde cibearshlándála agus nósanna imeachta atá deimhnithe go teicniúil chun cosaint sonraí a ráthú. Chun staitisticí a bhailiú, beidh rochtain ag an gCoimisiún ar fhaisnéis maidir le malartuithe arna dtaifeadadh ar an gcomhéadan agus ar féidir a asbhaint go huathoibríoch. Ní dhéanfaidh rochtain an Choimisiúin dochar d'oibleagáid na mBallstát staitisticí a chur ar fáil maidir le malartuithe faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 23(4).

Leasú  60

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 23 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh na Ballstáit ina ndlínse féin meastóireacht ar éifeachtacht an chomhair riaracháin agus í a scrúdú i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac agus cuirfidh na Ballstáit torthaí a meastóireachta in iúl don Choimisiún.

2. Déanfaidh na Ballstáit ina ndlínse féin meastóireacht ar éifeachtacht an chomhair riaracháin agus í a scrúdú i gcomhréir leis an Treoir seo chun imghabháil cánach agus déanfaidh siad scrúdú agus meastóireacht ar na costais chomhlíonta a d’fhéadfadh eascairt as staid róthuairiscithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Cuirfidh na Ballstáit torthaí a meastóireachta in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. Cuirfear achoimre de na torthaí sin ar fáil don phobal, agus cearta agus rúndacht na gcáiníocóirí á gcur san áireamh. Ní dhéanfar an fhaisnéis a imdhealú go leibhéal a fhágann gur féidir í a fhágáil ar cháiníocóirí aonair.

Leasú  61

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17 a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 23 – mír 3

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(17a) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

3. Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 8, 8a, 8aa agus 8ab, mar aon leis na torthaí praiticiúla a baineadh amach. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha cumarsáide don mheastóireacht bhliantúil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

3. Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht bhliantúil a chur in iúl don Choimisiún maidir le héifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise arna iarraidh sin dá dtagraítear in Airteagal 5, 6 agus 7 agus éifeachtúlacht an uathmhalartaithe faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 8, 8a, 8aa agus 8ab, mar aon leis na torthaí praiticiúla a baineadh amach, lena n-áirítear an t-ioncam ó cháin incriminteach a bhaineann le comhar riaracháin. Maidir leis an bhfaisnéis a chuirfear in iúl, déanfaidh an Coimisiún í a imdhealú, ar a laghad go leibhéal de réir tíre. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhoirm agus na coinníollacha cumarsáide don mheastóireacht bhliantúil sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 26(2).

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  62

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 17 b (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 23a – mír 1

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(17b) In Airteagal 23a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1. Aon fhaisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún de bhun na Treorach seo, coinneoidh an Coimisiún faoi rún í i gcomhréir leis na forálacha is infheidhme maidir le húdaráis an Aontais agus ní fhéadfar í a úsáid chun aon chríocha seachas na críocha sin a bhfuil gá leo chun a chinneadh an bhfuil agus a mhéid atá an Treoir seo á comhlíonadh ag na Ballstáit.

1. Aon fhaisnéis a chuirfear in iúl don Choimisiún de bhun na Treorach seo, coinneofar faoi rún í, a mhéid nach ndéanfaidh a neamhnochtadh dochar do leas an phobail, is féidir an fhaisnéis sin a fhágáil ar cháiníocóirí aonair agus go sáródh nochtadh na faisnéise sin cearta na gcáiníocóirí.

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A02011L0016-20200701)

Leasú  63

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 23a – mír 2 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.

Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi Airteagal 23, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis inchurtha, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis tharchurtha sin a chumhdach leis an oibleagáid maidir le rúndacht oifigiúil agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d'fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.

Leasú  64

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 23a – mír 2 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní féidir leis na Ballstáit tuarascálacha agus doiciméid a chuireann an Coimisiún le chéile, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a úsáid ach chun críocha anailíseacha, agus ní fhoilseofar ná ní chuirfear ar fáil d'aon duine ná comhlacht eile iad seachas le comhaontú sainráite ón gCoimisiún.

Maidir leis na tuarascálacha agus na doiciméid arna dtáirgeadh ag an gCoimisiún, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, ní fhéadfaidh na Ballstáit iad a úsáid ach amháin chun críocha anailíse, agus féadfar iad a bheith ar fáil do na páirtithe leasmhara go léir agus a bheith ar fáil go poiblí ina dhiaidh sin, a mhéid nach bhfuil an fhaisnéis atá iontu inchurtha i leith cáiníocóra aonair, agus atá a nochtadh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

Leasú  65

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 23a – mír 2 – fomhír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

D'ainneoin an chéad agus an dara fomhír, féadfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staitistiúla a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).

Déanfaidh an Coimisiún achoimrí anaithnidithe a fhoilsiú go bliantúil maidir leis na sonraí staitistiúla a chuireann na Ballstáit in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 23(4).

Leasú  66

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 – pointe b

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 25 – mír 5 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn sárú ar shonraí pearsanta de réir bhrí phointe 12 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an gCoimisiún, mar phróiseálaí, chun na malartuithe faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chur ar fionraí mar bheart maolaithe.

Áiritheoidh na Ballstáit i gcás ina mbíonn sárú ar shonraí pearsanta de réir bhrí phointe 12 d'Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679, nó i gcás ina mbíonn sárú ar phrionsabail an smachta reachta dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*,, go bhféadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh ar an gCoimisiún, mar phróiseálaí, chun na malartuithe faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chur ar fionraí mar bheart maolaithe.

 

_________________

 

* Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I, 22.12.2020, lth. 1).

Réasúnú

Ba cheart an fhéidearthacht malartuithe faisnéise faoin Treoir seo a chur ar fionraí a bheith infheidhme freisin i gcás ina mbíonn sárú ar phrionsabail an smachta reachta i gcomhréir leis an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

Leasú  67

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 – pointe b

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 25 – mír 5 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Mairfidh an fionraí go dtí go n-iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an gCoimisiún malartú faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chumasú arís.

Mairfidh an fionraí go dtí go n-iarrfaidh na húdaráis inniúla ar an gCoimisiún malartú faisnéise faoin Treoir seo leis an mBallstát inar tharla an sárú a chumasú arís. Ní chumasóidh an Coimisiún an malartú faisnéise ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise theicniúil ann go bhfuil an sreabhadh sonraí slán.

Leasú  68

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 25a – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo i dtaca le hAirteagail 8aa, 8ab agus 8ac a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo i dtaca le hAirteagail 8aa, 8ab agus 8ac a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad, i gcomhréir le hIarscríbhinn V. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Leasú  69

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 a (nua)

Treoir 2011/16/AE

Airteagal 25b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20a) Cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

 

“Airteagal 25b

 

Athbhreithniú

 

Faoi... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir le cur chun feidhme agus éifeachtúlacht na bhforálacha arna dtabhairt isteach le Treoir (AE) .../...*+ ón gComhairle agus déanfaidh sé tograí sonracha, lena n-áirítear tograí reachtacha, chun an Treoir seo a fheabhsú. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

 

Agus togra arna thíolacadh ag an gCoimisiún á scrúdú aici, déanfaidh an Chomhairle measúnú ar neartú breise a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe tuairisciú a dhéanamh.

 

 

________

 

* Treoir (AE) ón gComhairle .../... an ... lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (IO....)”

 

+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir na treorach leasaithí seo, agus comhlánaigh an fonóta leis an uimhir, an dáta agus an tagairt IO.

Leasú  70

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I

Treoir 2011/16/AE

IARSCRÍBHINN V – pointe 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tá roinnt pionós san Iarscríbhinn seo freisin, i gcomhréir le hAirteagal 25a, ar féidir leis na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm.

Leasú  71

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I

Treoir 2011/16/AE

IARSCRÍBHINN V – Cuid I – pointe A– mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. “Ciallaíonn “Oibritheoir Ardán Tuairiscithe Eisiata” Oibreoir Ardán Tuairiscithe nár mhó a ioncam nó a hioncam, a gineadh san Aontas le linn na bliana féilire roimhe sin, ná EUR 100 000.

Leasú  72

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I

Treoir 2011/16/AE

IARSCRÍBHINN V – Cuid I – pointe A– mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4a. Is éard atá i gceist le ‘Gníomhaíocht Iomchuí Eisiata’ ná aon mhalartú earraí agus seirbhísí atá neamhíoctha agus neamhairgeadaíochta.

Leasú  73

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I

Treoir 2011/16/AE

IARSCRÍBHINN V – Cuid III– mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, mar a bhailíonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe é agus a mhéid nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

Leasú  74

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I

Treoir 2011/16/AE

IARSCRÍBHINN V – Cuid III – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, a mhéid agus atá sé ar fáil don Oibreoir Ardán Tuairiscithe agus nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

(b) Aitheantóir an Chuntais Airgeadais, mar a bhailíonn an tOibreoir Ardán Tuairiscithe é agus a mhéid nach bhfuil sé curtha in iúl do na Ballstáit eile ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an Díoltóir Intuairiscithe ina chónaí nach bhfuil sé beartaithe aige Aitheantóir an Chuntais Airgeadais a úsáid chun na críche sin;

Leasú  75

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I

Treoir 2011/16/AE

IARSCRÍBHINN V – Cuid IV – pointe C – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Faoi [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtúlacht na nósanna imeachta riaracháin agus ar cháilíocht chur chun feidhme nósanna imeachta an díchill chuí agus na gceanglas tuairiscithe. Féadfaidh tograí reachtacha a bheith ag gabháil leis an measúnú más gá é a fheabhsú.

Leasú  76

Togra le haghaidh treorach

Iarscríbhinn I

Treoir 2011/16/AE

IARSCRÍBHINN V – Cuid IV – pointe F a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Fa. Pionóis i leith sáruithe

 

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar oibleagáidí tuairiscithe ag Oibreoirí Ardán Tuairiscithe. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Iarrtar ar na Ballstáit sraith chomhchoiteann smachtbhannaí a áirithiú chun pionóis chomhchosúla a áirithiú san Aontas agus chun siopadóireacht chlárúcháin bunaithe ar dhéine na bpionós a chuirtear i bhfeidhm a sheachaint.

 

Moltar go háirithe do na Ballstáit roghanna i leith srianta ar mhodhanna rialaithe íocaíochta, táillí breise iarmhartacha a ghearradh in aghaidh an idirbhirt, conarthaí poiblí a eisiamh agus, i gcásanna tromchúiseacha agus i gcásanna a tharlaíonn arís eile, ceadúnas gnó an oibreora ardán a chúlghairm, a mheas mar phionóis.

 


 

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

An 15 Iúil 2020, d’fhoilsigh an Coimisiún Pacáiste Cánach, ina bhfuil trí thionscnamh atá ar leithligh ach comhlántach, lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta maidir le cánachas cothrom simplí lena dtacaítear leis an téarnamh agus togra reachtach chun an Treoir maidir le Comhar Riaracháin (DAC7) a leasú.

Is é is aidhm do thogra DAC7 rialacha trédhearcachta cánach an Aontais a leathnú chuig ardáin dhigiteacha. Má ghlactar é, foráiltear leis an togra seo go ndéanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le hioncam arna ghiniúint ag díoltóirí ar ardáin dhigiteacha a mhalartú go huathoibríoch. Ní hamháin go gcuirfidh sé sin ar chumas na n-údarás náisiúnta cásanna a shainaithint inar cheart cáin a íoc, ach laghdóidh sé freisin an t-ualach riaracháin a chuirtear ar ardáin, nach mór dóibh déileáil le ceanglais tuairiscithe náisiúnta éagsúla. Ina theannta sin, de bharr tearcthuairisciú ioncaim a fhaightear trí ardáin dhigiteacha, cruthaítear iomaíocht éagórach idir an geilleagar traidisiúnta agus an geilleagar ardán digiteach. Thairis sin, moltar sa togra sraith coigeartuithe ar an Treoir, lena n-áirítear forálacha maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha idir na húdaráis chánach, tagairt shainráite don fhéidearthacht go ndéanfadh Ballstát iarratais ó ghrúpa ar Bhallstát eile nó soiléiriú a dhéanamh ar choincheap na hábharthachta intuartha, i measc nithe eile.

Ní mór aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le digitiú an gheilleagair chun a áirithiú go ndéanfar an t-ioncam a fhaightear trí ardáin dhigiteacha a thuairisciú i gceart do na húdaráis chánach. Ní féidir linn a chinntiú go ngearrtar cáin mar is ceart sna Ballstáit ar an ioncam a thuilleann díoltóirí sna Ballstáit faoi seach ach amháin má tá córas iontaofa ann maidir le hoibleagáidí tuairiscithe agus inrianaitheacht maidir le teagmhais inchánacha do na húdaráis chánach. Ina theannta sin, chuir géarchéim COVID-19 i gcuimhne dúinn a thábhachtaí atá sé an t-airgeadas poiblí a chosaint agus an gá atá le hioncam a bhailiú chun aghaidh a thabhairt ar thionchair eacnamaíocha agus shóisialta na paindéime agus chun na hinfheistíochtaí is gá san Eoraip amach anseo a mhaoiniú.

I bhfianaise an méid thuas, is céim thábhachtach é togra DAC7 chun leanúint den chomhrac i gcoinne na calaoise cánach, na himghabhála cánach agus na seachanta cánach agus chun feabhas a chur ar an gcomhar agus ar an malartú faisnéise idir na húdaráis chánach san Aontas. Dá bhrí sin, is díol sásaimh é an togra ón gCoimisiún, mar go dtugann sé céim amháin níos gaire dúinn do mhalartú iomlán faisnéise maidir leis an ioncam agus na sócmhainní go léir a thuilleann cáiníocóirí agus atá faoi úinéireacht na gcáiníocóirí san Aontas. Is ionann, mar sin, DAC7 agus céim eile i dtreo domhandú eacnamaíoch a réitítear le cánachas cóir agus cothrom ar ioncam agus ar rachmas. Ní bheidh na Ballstáit in ann cáin a ghearradh arís ar an ioncam agus ar an rachmas ar fad a thuilleann a saoránaigh nó atá faoi úinéireacht thar theorainneacha ach amháin ar bhealach éifeachtúil, cóir agus cothrom, má shruthaíonn faisnéis faoi thuilleamh agus rachmas thar theorainneacha go huathoibríoch. Thug an DAC agus an córas domhanda CRS níos gaire dá chéile sinn chun an cuspóir sin a bhaint amach. Go háirithe, ní mór eastát réadach, iontaobhais, scaireanna cuideachtaí faoi bhun na tairsí úinéireachta 25 %, cineálacha áirithe gnóthachan caipitiúil agus criptea-shócmhainní a áireamh go hiomlán i malartú faisnéise uathoibríoch go luath amach anseo. Dá bhrí sin, ní mór an t-uinéir tairbhiúil, seachas an t-úinéir dlíthiúil amháin, a nochtadh go héifeachtach. Ní mór do na Ballstáit obair a dhéanamh ar infhaighteacht sonraí, gan a bheith ag brath ar shonraí atá ann cheana amháin.

Idir an dá linn, áfach, is féidir an togra seo a leasú go dearfach trí na moltaí seo a leanas:

 Níor cheart an fhaisnéis atá ar fáil amháin a chomhroinnt go huathoibríoch faoi Airteagal 8 ach an fhaisnéis sin a d’fhéadfadh an Ballstát a chur ar fáil go réasúnta freisin;

 De ghnáth, ba cheart go mbeadh sé de shaoirse ag na Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear a úsáid chun críocha eile seachas chun críocha cánach. Dá réir sin, scriosadh an cead is gá ó údarás inniúil an stáit creidiúnúcháin agus féadfaidh Ballstát an údaráis inniúil a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid a mhéid is a cheadaítear sin faoi reachtaíocht Bhallstát an údaráis inniúil sin;

 An malartú faisnéise maidir le rialuithe trasteorann agus réamh-chomhaontuithe praghsála a neartú tríd an raon feidhme a leathnú chuig rialuithe neamhfhoirmiúla agus rialuithe cánach intíre;

 Ba cheart an mheastóireacht agus an anailís a roinneann na Ballstáit leis an gCoimisiún Eorpach a fhoilsiú sa mhéid is nach nochtann na meastóireachtaí sin aon fhaisnéis is féidir a bheith inchurtha i leith cáiníocóra shonraigh;

 An oibleagáid atá ar an gCoimisiún achoimrí anaithnide bliantúla ar na sonraí staidrimh a fhaigheann na Ballstáit a fhoilsiú a áireamh;

 Sainmhíniú ar Ghníomhaíochtaí Ábhartha eisiata agus ar Oibreoirí Ardán Tuairiscithe a chur san áireamh chun an t-ualach maorlathach ar ardáin bheaga a laghdú agus chun deis a thabhairt do ghníomhaíochtaí neamhairgeadaíochta agus neamhíoctha a bheith as an raon feidhme;

 Tagairt a dhéanamh do chineálacha áirithe pionós is féidir leis na Ballstáit a úsáid i gcás nach gcomhlíonann ardáin a n-oibleagáidí agus a éilíonn comhchuibhiú pionós ar fud na mBallstát chun tacú le cur chun feidhme cothrom agus éifeachtach na n-ardán ar fad;

 Clásal athbhreithnithe a chur isteach chun go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtúlacht chur chun feidhme na hoibleagáide tuairiscithe sin agus chun an fhéidearthacht go mbeidh maoirseoir Eorpach i gceannas ar fhorfheidhmiú na Treorach a mheas.

Ní mór a thabhairt faoi deara, gur tháinig an Chomhairle ar chomhaontú ar an leibhéal teicniúil, a dtacaíonn na hAirí leis. Ar an drochuair, lagaíonn an comhaontú sin togra DAC7 i réimsí tábhachtacha áirithe. Ba cheart na príomhréimsí sin, mar atá luaitear thíos, a fhágáil gan athrú, mar a mhol an Coimisiún Eorpach:

 Maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha, le comhaontú na Comhairle lagaítear go mór an togra maidir le gnéithe éagsúla mar a chuir an Coimisiún Eorpach ar aghaidh é, lena n-áirítear scriosadh na bhforas cuí le haghaidh diúltú iniúchta chomhpháirtigh ag na húdaráis inniúla, síneadh a chur le roinnt sprioc-amanna chun freagairt a thabhairt, deireadh a chur leis an bhféidearthacht atá ann do dhaoine iniúchadh comhpháirteach a iarraidh agus na ceanglais maidir le tuarascáil deiridh a lagú;

 Maidir le “Díoltóirí Intuairiscithe”, molann an Chomhairle uasteorainn agus tairseach threallach a chur isteach le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le maoin réadach a fháil ar cíos;

 Maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha na treorach, mhol an Chomhairle moill a chur air go ceann bliain eile. Bhí molta ag an gCoimisiún go mbeadh an treoir infheidhme ó Mhí Eanáir 2022. Tá an Chomhairle anois ag moladh 2023 agus fiú ag moladh go mbeadh maolú ann le haghaidh rialacha iniúchóireachta comhpháirteacha; ní bheadh feidhm acu ach ó Mhí Eanáir 2024 amháin.

Ar deireadh, is údar náire é nach baolach go smaoineoidh an Chomhairle ar thuairimí Pharlaimint na hEorpa. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a léirmhíniú mar ghníomhaíochtaí atá ag teacht le prionsabail an chomhair dhílis, agus le ról Pharlaimint na hEorpa i bpróiseas comhairleach mar a luaitear in Airteagal 115 CFAE. Sa chomhthéacs sin, is fiú a athdhearbhú go bhfuil gá le bogadh chuig tromlach cáilithe i gcúrsaí cánach. Ba cheart aird dháiríre a thabhairt ar ról Pharlaimint na hEorpa maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar cheapadh agus ar chur chun feidhme na dTreoracha maidir le Comhar Riaracháin i ndáil le cúrsaí cánachais.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais

Tagairtí

COM(2020)0314 – C9-0213/2020 – 2020/0148(CNS)

Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint

28.7.2020

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

14.9.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

14.9.2020

LIBE

14.9.2020

 

 

Gan tuairimí a thabhairt

 Dáta an chinnidh

BUDG

3.9.2020

LIBE

7.9.2020

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Sven Giegold

7.9.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

4.2.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

49

4

6

Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Raffaele Fitto, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Billy Kelleher, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Cristian Terheş, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Eva Maydell, Mick Wallace

Dáta don chur síos

9.2.2021

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACHL SA CHOISTE FREAGRACH

49

+

ECR

Raffaele Fitto, Cristian Terheş, Johan Van Overtveldt, Roberts Zīle

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Markus Ferber, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Danuta Maria Hübner, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Eva Maydell, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Ralf Seekatz, Inese Vaidere

Renew

Gilles Boyer, Engin Eroglu, Luis Garicano, Billy Kelleher, Caroline Nagtegaal, Dragoș Pîslaru, Stéphanie Yon-Courtin

S&D

Marek Belka, Jonás Fernández, Eero Heinäluoma, Aurore Lalucq, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli

The Left

José Gusmão, Dimitrios Papadimoulis, Mick Wallace

Verts/ALE

Sven Giegold, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Philippe Lamberts, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter-Hansen, Ernest Urtasun

 

4

-

ID

Gerolf Annemans, Gunnar Beck, Jörg Meuthen

NI

Lefteris Nikolaou-Alavanos

 

6

0

ECR

Derk Jan Eppink

ID

Francesca Donato, Valentino Grant, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

PPE

Enikő Győri

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

An nuashonrú is déanaí: 26 Feabhra 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais