Nós Imeachta : 2020/2043(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0019/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0019/2021

Díospóireachtaí :

PV 08/03/2021 - 18
PV 08/03/2021 - 20
CRE 08/03/2021 - 18
CRE 08/03/2021 - 20

Vótaí :

PV 09/03/2021 - 17
PV 10/03/2021 - 14

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0071

<Date>{15/02/2021}15.2.2021</Date>
<NoDocSe>A9-0019/2021</NoDocSe>
PDF 307kWORD 116k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála</Titre>

<DocRef>(2020/2043(INI))</DocRef>


<Commission>{ENVI}An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Yannick Jadot</Depute>

Rapóirtéirí don tuairim: (*):

Karin Karlsbro, an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

Luis Garicano, an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

LEASUITHE
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála

(2020/2043(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

 ag féachaint do Thuarascáil Bhearna Astaíochtaí 2019 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe,

 ag féachaint do thuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1.5 °C agus maidir leis an aigéan agus an crióisféar,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le dlús a chur le huaillmhian 2030 na hEorpa maidir leis an aeráid (COM(2020)0562) agus an measúnú tionchair a ghabhann leis (SWD(2020)0176),

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019 agus ón 17-21 Iúil 2020,

 ag féachaint don rún uaithi an 23 Iúil 2020 maidir le conclúidí an chruinnithe urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020[1],

 ag féachaint do chonclúidí agus do mholtaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascáil speisialta Uimh. 18/2020 an 15 Meán Fómhair 2020, dar teideal The EU’s Emissions Trading System: free allocation of allowances needed better targeting [Córas Trádála Astaíochtaí AE: gá le spriocdhíriú níos fearr ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce],

 ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil[2],

 ag féachaint do theachtaireacht uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip[3],

 ag féachaint dá seasamh maidir le sprioc aeráide 2030, eadhon laghdú 60 % ar astaíochtaí gás ceaptha i gcomparáid le leibhéil 1990[4],

 ag féachaint do Riail 54 de na Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta, an Coiste um Buiséid agus an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0019/2021),

A. de bhrí go bhfuil drochthionchar an athraithe aeráide ina bhagairt dhíreach ar shlí bheatha an duine agus ar éiceachórais talún agus mhuirí, mar a dhearbhaíonn tuarascálacha speisialta IPCC maidir le téamh domhanda 1.5 °C agus maidir leis an aigéan agus an crióisféar; de bhrí go bhfuil na tionchair sin leithdháilte go héagothrom, agus go bhfuil an chuid is mó de na héifeachtaí díobhálacha le brath ag na tíortha agus na daoine is boichte;

B. de bhrí go meastar, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS), ó 2030 ar aghaidh, go gcuirfidh an t-athrú aeráide le tuairim is 250 000 bás breise in aghaidh na bliana, mar gheall ar mhíchothú, maláire, buinneach agus strus teasa;

C. de bhrí go bhfuil an mheánteocht dhomhanda ardaithe cheana féin thar 1.1 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch[5];

D. de bhrí go bhfuil an tAontas agus a Bhallstáit tiomanta faoi Chomhaontú Pháras gníomhaíocht aeráide a sheachadadh ar bhonn na fianaise eolaíochta is déanaí atá ar fáil agus go bhfuil sé de chuspóir acu anois aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

E. de bhrí, le blianta anuas, gur éirigh leis an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) críche a dhíchúpláil go rathúil ó fhás eacnamaíoch, le laghdú 24 % ar astaíochtaí GCT, agus ag an am céanna gur tháinig méadú os cionn 60 % ar OTI idir 1990 agus 2019; de bhrí nach gcuirtear san áireamh leis sin astaíochtaí an Aontais atá leabaithe ina thrádáil idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, go ndéantar gannmheastachán ar a lorg carbóin domhanda;

F. de bhrí, in 2015, go raibh cóimheas tuairim is 3:1 idir astaíochtaí a allmhairíodh agus astaíochtaí a onnmhairíodh san Aontas, gur allmhairíodh 1.317 billiún tona CO2 agus onnmhairíodh 424 mhilliún tona[6];

G. de bhrí go raibh dlí an Aontais atá ann cheana éifeachtach maidir leis na spriocanna aeráide a glacadh go dtí seo a bhaint amach; de bhrí nár cuireadh dreasachtaí éifeachtacha ar fáil leis an leagan amach atá ann faoi láthair ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (EU ETS), go háirithe na forálacha atá ann cheana maidir le sceitheadh carbóin, chun an dícharbónú is gá a dhéanamh ar earnálacha áirithe, go háirithe sa tionsclaíocht, agus i gcásanna áirithe go raibh brabúis amhantair gan údar do na cuideachtaí is tairbhithe mar thoradh air, mar a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun suntais[7];

H. de bhrí gur cheart don Choimisiún leanúint dá chuid oibre ar mhodheolaíochtaí a fhorbairt chun lorg carbóin agus lorg comhshaoil de tháirge a fhionnadh, trí chur chuige i leith saolré iomlán a úsáid agus trína áirithiú go léirítear an réaltacht a mhéid is féidir le cuntasaíocht astaíochtaí leabaithe i dtáirgí, lena n-áirítear astaíochtaí ó iompar idirnáisiúnta;

I. de bhrí gur cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh freisin ar inrianaitheacht táirgí agus seirbhísí chun tionchair uile a saolréanna a shainaithint ar bhealach níos cruinne, amhail eastóscadh agus úsáid ábhar, an próiseas monaraíochta, úsáid fuinnimh, agus an modh iompair a úsáidtear, d’fhonn bunachair shonraí a bhunú;

J. de bhrí go mbaineann thart ar 27 % d’astaíochtaí domhanda CO2 ó dhóchán breosla faoi láthair le hearraí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta[8]; de bhrí go ndéantar 90 % d’iompar idirnáisiúnta earraí ar muir, as a n-eascraíonn astaíochtaí GCT suntasacha; de bhrí nár cuireadh ach astaíochtaí GCT ó loingseoireacht uisce-iompartha inmheánach san áireamh i rannchuidiú tosaigh an Aontais arna chinneadh go náisiúnta (NDC); de bhrí go bhfuil sé sin faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise sprioc fheabhsaithe AE do 2030;

K. de bhrí gur léirigh géarchéim COVID-19 roinnt ceachtanna tábhachtacha, agus gurb é an fáth, dá bhrí sin, leis an togra ón gCoimisiún maidir le hionstraim téarnaimh nua – Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh – go gcuirtear béim ar an ngá atá le neamhspleáchas agus athléimneacht na hEorpa a neartú agus ar an ngá atá le cúrsaí gearra, go háirithe slabhraí soláthair bia níos giorra;

L. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh fís chomhtháite de bheartais aeráide ag an gCoimisiún, mar shampla trí aghaidh a thabhairt ar spriocanna laghdaithe astaíochtaí, amhail na spriocanna do mhuiriompar, agus á comhordú le straitéisí praghsála carbóin;

M. de bhrí, maidir le praghsáil carbóin éifeachtach agus fiúntach a áirithiú, mar chuid de thimpeallacht rialála níos leithne, gur féidir léi feidhmiú mar dhreasacht eacnamaíoch chun modhanna táirgthe a fhorbairt a bhfuil lorg GCT níos ísle acu agus gur féidir léi infheistíochtaí sa nuálaíocht agus i dteicneolaíochtaí nua a spreagadh, lena gcuirtear le dícharbónú agus le ciorclaíocht gheilleagar an Aontais; de bhrí go bhféadfadh ról a bheith ag Sásra éifeachtach Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (CBAM) sa chomhthéacs sin;

N. de bhrí go bhféadfadh an trádáil a bheith ina huirlis thábhachtach chun an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun cabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac; de bhrí gurb é margadh aonair an Aontais an dara margadh tomhaltóirí is mó ar domhan, rud a fhágann go bhfuil riocht uathúil ag an Aontas mar cheannródaí caighdeán domhanda;

O. de bhrí gur gné é an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide in iomaíochas agus i gceartas sóisialta agus go gcuireann sé acmhainneacht mhór ar fail ó thaobh forbairt thionsclaíoch, cruthú post, na nuálaíochta agus forbairt réigiúnach;

P. de bhrí go gceadaítear le hAirteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) do chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) bearta a chur chun feidhme atá riachtanach chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí (b), nó acmhainní nádúrtha (g), a chosaint;

Q. de bhrí gur cheart don Aontas glacadh leis gur féidir le tríú tír CBAM a bhunú má chuireann an tír sin praghas carbóin níos airde chun feidhme;

R. de bhrí go bhfuil seasamh fabhrach glactha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Biden trí bhíthin a ardán toghcháin ag féachaint le ‘táillí coigeartaithe carbóin nó cuótaí a fhorchur ar earraí atá dian ar charbón ó thíortha nach bhfuil a n-oibleagáidí aeráide agus comhshaoil á gcomhlíonadh acu’; de bhrí go gcruthófaí leis sin deis nua don chomhar idir an tAontas agus SAM chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun an chomhpháirtíocht thábhachtach sin a athbhunú;

S. de bhrí nár cheart go mbeadh riosca sceite carbóin do thionscail Eorpacha mar thoradh ar uaillmhian mhéadaithe an Aontais maidir leis an athrú aeráide;

Barúlacha ginearálta

1. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach bhfuil aon cheann de na NDCnna a cuireadh isteach, lena n-áirítear iad siúd de chuid an Aontais agus a Bhallstáit, i gcomhréir leis an gcuspóir méadú na teochta domhanda a choinneáil i bhfad faoi 2 °C, de réir mar a fhoráiltear le Comhaontú Pháras, agus iarrachtaí á ndéanamh ag an am céanna chun méadú na teochta domhanda a theorannú go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;

2. á chur in iúl gur cúis imní di an easpa comhair ó chuid comhpháirtithe trádála an Aontais sa chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir leis an aeráid le blianta beaga anuas, rud a bhaineann an bonn ónár gcumas comhchoiteann domhanda cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, mar a chonacthas le déanaí ag COP25; ag spreagadh na bpáirtithe uile tacú le hiarracht dhomhanda atá comhchoiteann agus eolaíochtbhunaithe lena bhféadfar na spriocanna sin a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle seasamh le próiseas cinnteoireachta atá trédhearcach, cothrom agus cuimsitheach in UNFCCC;

3. á chur i bhfáth go bhfuil an fhreagracht agus an deis ag an Aontas agus a Bhallstáit leanúint de ról ceannasach a ghlacadh i ngníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide, i dteannta na bpríomh-astaírí domhanda eile; ag cur in iúl go bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le gníomhaíocht domhanda ar son na haeráide, mar a léirítear le glacadh an chuspóra maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus lena phlean chun a sprioc maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú faoi 2030 a mhéadú; ag moladh go láidir go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a dtaidhleoireacht aeráide a ghéarú roimh ghlacadh an togra reachtaigh le haghaidh CBAM agus ina dhiaidh sin agus, go háirithe, idirphlé leanúnach le comhpháirtithe trádála a áirithiú chun gníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide a dhreasú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí taidhleoireachta comhthráthacha chun a áirithiú go mbeidh tíortha comharsanachta an Aontais rannpháirteach ann go luath;

4. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag saoránaigh agus ag tomhaltóirí san aistriú fuinnimh, agus a thábhachtaí atá sé rogha tomhaltóirí a spreagadh, agus tacú léi, chun éifeachtaí an athraithe aeráide a laghdú trí ghníomhaíochtaí inbhuanaithe agus tairbhí comhthaobhacha as a dtagann cáilíocht saoil níos airde a chur chun cinn;

5. ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún sprioc aeráide an Aontais do 2030 a shocrú ar ‘laghdú glan 55 % d’astaíochtaí ar a laghad’ i gcomparáid le leibhéil 1990; á thabhairt chun suntais, áfach, gur ghlac an Pharlaimint sprioc níos airde de 60 %;

6. ag tabhairt dá haire, cé gur laghdaigh an tAontas a chuid astaíochtaí GCT inmheánacha go suntasach, go bhfuil na hastaíochtaí GCT atá leabaithe in allmhairí chuig an Aontas ag dul i méid an t-am ar fad, agus ar gcaoi sin an bonn á bhaint ó iarrachtaí an Aontais a lorg domhanda GCT a laghdú; ag cur i bhfios go láidir gur mó ná 20 % d’astaíochtaí inmheánacha CO2 an Aontais iad glanallmhairí earraí agus seirbhísí san Aontas; á mheas gur cheart faireachán níos fearr a dhéanamh ar chion GCT na n-allmhairí chun bearta féideartha a shainaithint chun lorg domhanda GCT an Aontais a laghdú;

CBAM atá comhoiriúnach le EDT a cheapadh

7. ag tacú le tabhairt isteach CBAM, ar choinníoll go bhfuil sé comhoiriúnach le rialacha EDT agus le comhaontuithe saorthrádála an Aontais Eorpaigh (FTAnna) trí gan a bheith idirdhealaitheach nó ina srian faoi cheilt ar thrádáil idirnáisiúnta; á mheas, mar sin, go gcruthódh CBAM dreasacht do thionscail Eorpacha agus do chomhpháirtithe trádála an Aontais chun a gcuid tionscal a dhícharbónú agus, dá bhrí sin, go dtacódh sé le beartais aeráide an Aontais agus le beartais dhomhanda aeráide araon chun neodracht GCT a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras; á lua go ríshoiléir gur cheart CBAM a cheapadh go heisiach chun cuspóirí aeráide a chur chun cinn agus nach mbainfí mí-úsáid as mar uirlis chun cur leis an gcaomhnaitheacht, le hidirdhealú dochosanta ná le srianta dochosanta; á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh an sásra sin le cuspóirí glasa an Aontais, go háirithe chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar astaíochtaí GCT atá leabaithe i dtionscal an Aontais agus sa trádáil idirnáisiúnta, agus, ag an am céanna, a bheith neamh-idirdhealaitheach agus ag iarraidh machaire comhréidh domhanda a bhaint amach;

8. á chur i bhfáth gur cheart cóireáil speisialta a thabhairt do na Tíortha is Lú Forbairt agus do na Stáit Oileánacha Bheaga atá i mBéal Forbartha chun na sainiúlachtaí a bhaineann leo agus na tionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag CBAM ar a bhforbairt a chur san áireamh;

9. á mheabhrú go bhfuil srianta agus dúshláin shonracha os comhair na réigiún forimeallach, ar srianta agus dúshláin iad atá níos measa go háirithe mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas agus méid teoranta a gcuid margaí, agus á iarraidh ar CBAM aird ar leith a thabhairt ar a saintréithe sonracha, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);

10. á athdhearbhú gur cheart tabhairt isteach CBAM a bheith mar chuid de phacáiste beart reachtach chun a áirithiú go laghdófar go tapa astaíochtaí GCT a eascraíonn as táirgeadh agus tomhaltas an Aontais, go háirithe trí éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite a mhéadú; á chur i bhfáth gur cheart CBAM a cheangal le beartais lena ndírítear ar infheistíochtaí i bpróisis thionsclaíocha ísealcharbóin a chumasú agus a chur chun cinn, lena n-áirítear trí uirlisí nuálacha maoiniúcháin, tríd an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus trí bheartas tionsclaíoch níos leithne de chuid an Aontais atá uaillmhianach ó thaobh an chomhshaoil de agus cothrom ó thaobh na sochaí de, d’fhonn ationsclú dícharbónaithe na hEorpa a stiúradh chun poist ardcháilíochta a chruthú ar an leibhéal áitiúil agus iomaíochas gheilleagar na hEorpa a áirithiú, agus uaillmhian aeráide an Aontais á comhlíonadh agus intuarthacht agus cinnteacht á gcur ar fáil chun infheistíochtaí i dtreo aeráidneodrachta a dhaingniú ag an am céanna;

11. ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir monarú ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní a áirithiú le caighdeáin táirgí, chomh maith le cuidiú le tionchair dhiúltacha íosta ar an gcomhshaol de bharr úsáid táirgí a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, mar chomhlánú ar thabhairt isteach CBAM, noirm agus caighdeáin níos uaillmhianaí agus cheangailteacha a mholadh maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais i dtéarmaí laghdú ar astaíochtaí GCT agus coigilteas ar acmhainní agus ar fhuinneamh, chun tacú leis an gCreat Beartais maidir le Táirgí Inbhuanaithe agus leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach;

12. á mheas, chun saobhadh a d’fhéadfadh tarlú sa mhargadh inmheánach agus feadh an tslabhra luacha a chosc, gur cheart go gcumhdódh CBAM allmhairí táirgí agus tráchtearraí uile atá clúdaithe le EU ETS, lena n-áirítear nuair a bhíonn siad leabaithe i dtáirgí idirmheánacha nó deiridh; á chur i bhfáth gur cheart, mar phointe tosaigh (faoi 2023) agus tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, do CBAM earnáil na cumhachta agus earnálacha tionsclaíocha dianfhuinnimh a chumhdach, amhail stroighin, cruach, alúmanam, scagadh ola, páipéar, gloine, ceimiceáin agus leasacháin, a bhfuil leithdháiltí suntasacha saor in aisce á bhfáil fós acu, agus arb ionann iad fós agus 94 % d’astaíochtaí tionsclaíocha an Aontais;

13. á chur i bhfios go láidir gur cheart cion astaíochtaí GCT ó allmhairí a chur san áireamh ar bhonn tagarmharcanna trédhearcacha, iontaofa, cothrom le dáta agus táirgeshonracha ar leibhéal na suiteálacha i dtríú tíortha agus, mar réamhshocrú, mura gcuireann an t-allmhaireoir sonraí ar fáil, ba cheart meánchion domhanda astaíochtaí GCT atá ag táirgí aonair a chur san áireamh, arna mhiondealú de réir modhanna táirgthe éagsúla a bhfuil déine éagsúla astaíochtaí ag baint leo; á mheas gur cheart astaíochtaí díreacha agus indíreacha araon a chumhdach faoi phraghsáil carbóin allmhairí agus, dá bhrí sin, déine carbóin na heangaí leictreachais de réir tíre a chur san áireamh freisin, nó, má chuireann an t-allmhaireoir sonraí ar fáil, déine carbóin an tomhaltais fuinnimh ar leibhéal na suiteála a chur san áireamh;

14. ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar na roghanna éagsúla go léir maidir le CBAM a thabhairt isteach, ó ionstraimí cánach go sásraí a bhíonn ag baint úsáid as EU ETS; á chur i bhfáth gur cheart féachaint ar na módúlachtaí chun CBAM a ceapadh in éineacht leis an athbhreithniú ar EU ETS chun a áirithiú go bhfuil siad comhlántach agus comhsheasmhach, agus chun forluí a sheachaint a mbeadh cosaint dhúbailte ar thionscail an Aontais mar thoradh air; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá próiseas trédhearcach atá taobh thiar de CBAM, lena n-áirítear trí dhul i dteagmháil le EDT agus le comhpháirtithe trádála an Aontais i gcomhar le Parlaimint na hEorpa agus measúnú cúramach a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus indéantacht dhlíthiúil cineálacha éagsúla CBAM d’fhonn iomlán na n-astaíochtaí GCT a laghdú agus comparáid a dhéanamh eatarthu; á áitiú gurb é an comhshaol príomhaidhm CBAM agus gur cheart, dá bhrí sin, ról ríthábhachtach a bheith ag critéir chomhshaoil maidir leis an rogha ionstraime, lena n-áiritheofar praghas carbóin intuartha agus atá ard go leor a dhreasóidh infheistíochtaí dícharbónaithe chun aidhmeanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach;

15. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar na tionchair a bheadh ag gach rogha ar chaighdeáin mhaireachtála na dtomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhaineann le grúpaí níos leochailí, chomh maith lena dtionchar ar ioncam; á iarraidh ar an gCoimisiún iarmhairtí an ioncaim a ghintear ó CBAM mar acmhainn dhílis ar bhuiséad an Aontais a áireamh sa mheasúnú tionchair freisin, ag brath ar an leagan amach agus ar na módúlachtaí arna roghnú;

16. á mheas, chun aghaidh a thabhairt ar riosca féideartha an sceite carbóin, agus rialacha EDT á gcomhlíonadh ag an am céanna, nach mór do CBAM muirear a ghearradh as cion carbóin na n-allmhairí ar bhealach a fhreagraíonn do na costais charbóin a íocann táirgeoirí an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart leis an bpraghsáil carbóin faoi CBAM a bheith in aon dul leis an éabhlóid dhinimiciúil ar phraghas lamháltais an Aontais faoi EU ETS, agus intuarthacht agus luaineacht níos lú sa phraghas ar charbón a áirithiú ag an am céanna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart d’allmhaireoirí lamháltais a cheannach ó chomhthiomsú lamháltas ar leithligh ná ó cheann EU ETS ina gcomhfhreagraíonn a phraghas carbóin do phraghas carbóin ar lá an idirbhirt in EU ETS; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil tabhairt isteach CBAM ach ceann amháin de na bearta i gcur chun feidhme chuspóirí an Chomhaontuithe Ghlais don Eoraip agus nach mór na bearta riachtanacha in earnálacha neamh-ETS a bheith ag gabháil leis, chomh maith le hathchóiriú uaillmhianach ar EU ETS, chun a áirithiú go ndéanfar praghsáil charbóin fhiúntach a urramóidh an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, agus chun rannchuidiú leis an laghdú riachtanach ar astaíochtaí GCT i gcomhréir le sprioc aeráide nuashonraithe an Aontais do 2030 agus le sprioc astaíochtaí GCT glan-nialasacha do 2050 a bhaint amach, lena n-áirítear trí aghaidh a thabhairt ar an bhfachtóir laghdaithe línigh, uasteorainn a athbhunú agus measúnú a dhéanamh ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann d’íosphraghas carbóin;

17. á thabhairt chun suntais, maidir le dleacht mháil (nó cáin) ar chion carbóin na dtáirgí uile a ídítear, táirgí a dhéantar san Aontas agus táirgí a allmhairítear araon, nach dtabharfaí aghaidh go hiomlán léi ar riosca an sceite carbóin, go mbeadh dúshláin theicniúla ag baint léi i bhfianaise a chasta atá sé carbón a rianú i slabhraí luacha domhanda agus go bhféadfadh sí ualach suntasach a chur ar thomhaltóirí; á aithint go bhféadfadh dleacht sheasta nó cáin ar allmhairí a bheith ina huirlis shimplí chun comhartha láidir cobhsaí praghsanna comhshaoil a thabhairt maidir le carbón allmhairithe; á chreidiúint, áfach, i bhfianaise chineál seasta na cánach sin, nach mbeadh an oiread céanna solúbthachta ag baint le cáin den sórt sin chun freagairt do phraghas athraitheach EU ETS; á chur i bhfáth, go hiarbhír, go mbeadh cáin atá athraitheach agus a fhreagraíonn go huathoibríoch do phraghas EU ETS comhionann le ETS barúlach; á aithint, dá mba rud é go mbeadh CBAM de chineál fioscach, go bhféadfadh sé go ndéanfaí sásra bunaithe ar Airteagal 192(2) CFAE a thabhairt isteach;

18. á chur i bhfáth gur cheart an rogha a bheith ag allmhaireoirí a chruthú, i gcomhréir le caighdeáin an Aontais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú ar EU ETS, go bhfuil cion carbóin a dtáirgí níos ísle ná na luachanna sin, agus leas a bhaint as méid iníoctha arna chur in oiriúint dá réir sin, chun nuálaíocht agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a spreagadh ar fud an domhain; á mheas nár cheart go gcuirfí ualach díréireach ar FBManna leis sin; á thabhairt chun suntais, mar bhonn taca faoi chur chun feidhme an tsásra, go mbeidh gá le sraith de chaighdeáin an Aontais lena gcuirfear cosc ar dhul timpeall ar an sásra nó ar mhí-úsáid a bhaint as, agus go mbeidh gá le bonneagar láidir neamhspleách chun é a riar;

19. á chur i bhfáth gur cheart do CBAM a áirithiú nach ndéantar allmhaireoirí ó thríú tíortha a mhuirearú faoi dhó as cion carbóin a dtáirgí lena áirithiú go gcaitear leo ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar thionchar roghanna éagsúla CBAM ar na Tíortha is Lú Forbairt;

20. á thabhairt chun suntais, murab ionann agus ETS, nár cheart don sásra caitheamh le dó adhmaid le haghaidh breosla mar rud atá neodrach ó thaobh carbóin de agus, laistigh den chreat athbhreithnithe agus nuashonraithe, gur cheart praghas a bheith ar an gcarbón atá leabaithe in adhmad arna dhéanamh lománaíocht air agus ar ithir ídithe;

21. ag tathant ar an gCoimisiún an riosca a íoslaghdú go ndéanfadh onnmhaireoirí chuig an Aontas iarracht dul timpeall ar an sásra nó dochar a dhéanamh dá éifeachtacht, mar shampla trí tháirgeadh a atreorú idir margaí nó trí earraí leathchríochnaithe a onnmhairiú;

Gnéithe de CBAM a bhaineann le trádáil

22. á iarraidh go mbeidh Comhaontú Pháras agus a sprioc 1.5 ℃ ar cheann de phríomhphrionsabail threoracha an bheartais trádála, nach mór gach tionscnamh trádála agus a n-uirlisí beartais a oiriúnú dóibh, trína áireamh, inter alia, in FTAnna mar ghné bhunriachtanach; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur féidir beartas trádála saintógtha den sórt sin a bheith ina spreagadh tábhachtach chun geilleagair a stiúradh i dtreo an dícharbónaithe chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus i gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach;

23. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di creimeadh an chórais trádála iltaobhaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go gníomhach le rialtais na gcomhpháirtithe trádála chun a áirithiú go leanfar leis an idirphlé maidir leis an tionscnamh sin, agus ar an gcaoi sin dreasachtaí a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíocht ar son na haeráide laistigh den Aontas agus trína chomhpháirtithe trádála araon; á chur i bhfios go láidir gur féidir, agus gur cheart, beartas trádála a úsáid chun clár oibre comhshaoil dearfach a chur chun cinn agus chun mórdhifríochtaí i leibhéil uaillmhéine an chomhshaoil idir an tAontas agus an chuid eile den domhan a sheachaint, agus gur cheart CBAM a cheapadh mar ghníomhaíocht lena gcomhlánófar gníomhaíochtaí faoi na caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe de FTAnna an Aontais; á chur i bhfios nach mór gníomhaíocht dhomhanda chun CBAM a chur as feidhm a bheith mar sprioc dheiridh ag an tionscnamh, fad is a bheidh an leibhéal uaillmhéine atá leagtha síos ag an Aontas chun astaíochtaí CO2 a laghdú bainte amach ag an gcuid eile den domhan; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart breathnú ar CBAM mar bhealach chun cabhrú le dlús a chur leis an bpróiseas sin seachas mar mhodh caomhnaitheachta; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún tús le caibidlíocht maidir le cur chuige domhanda faoi chuimsiú EDT nó G20;

24. á mheas go bhfuil trádáil idirnáisiúnta agus beartas trádála ina bpríomhchumasóirí don aistriú i dtreo geilleagar domhanda ciorclach atá aeráidneodrach agus tíosach ar acmhainní agus, dá réir sin, a thacaíonn leis na hiarrachtaí domhanda chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna) agus Comhaontú Pháras a bhaint amach; á mheas go bhfuil géarghá le hathchóiriú cuimsitheach ar EDT a shaothrú, lena gcuirfear ar a chumas trádáil chóir a ráthú, agus an téamh domhanda a chomhrac ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go dtéann rialacha CGTT siar go 1947 agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá athmhacnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na géarchéime aeráide atá ann faoi láthair; ag dréim leis go nglacfaidh an Coimisiún tionscnaimh phráinneacha d’athchóiriú EDT chun comhoiriúnacht leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige chun praghsáil dhomhanda CO2 a bhaint amach agus chun trádáil a éascú i dteicneolaíochtaí cosanta aeráide agus comhshaoil, mar shampla trí thionscnaimh maidir leis an mbeartas trádála amhail Comhaontú EDT maidir le hEarraí Comhshaoil;

25. á iarraidh ar an gCoimisiún athchóirithe iltaobhacha EDT a shaothrú lena dtabharfar an dlí trádála idirnáisiúnta i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras agus le gnéithe eile den dlí idirnáisiúnta, go háirithe coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS); á chur i bhfios go bhfuil CBAM comhoiriúnach le rialacha EDT má cheaptar é agus cuspóir soiléir comhshaoil á chur san áireamh chun astaíochtaí domhanda GCT a laghdú agus má sheasann sé leis an tsláine chomhshaoil is airde;

26. á chur i bhfios go láidir gur féidir le CBAM cuidiú leis na SFInna a bhaint amach; á mheabhrú gur SFI é freisin obair chuibhiúil a chur chun cinn agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar earraí a chuirtear ar mhargadh AE a tháirgeadh faoi choinníollacha lena n-urramófar coinbhinsiúin EIS;

27. ag tabhairt dá haire, chun a bheith comhoiriúnach le rialacha EDT, go bhféadfadh forálacha CGTT amhail Airteagal I (an prionsabal maidir le cóireáil an náisiúin barrfhabhair), Airteagal III (an prionsabal maidir le cóireáil náisiúnta) agus, más gá, Airteagal XX (eisceachtaí ginearálta) a bheith mar bhunús le leagan amach CBAM ar bith, nár cheart ach réasúnaíocht chomhshaoil amháin a bheith ag baint leis – chun astaíochtaí domhanda CO2 a laghdú agus sceitheadh carbóin a chosc;

28. ag cur béim ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe faoi Airteagal III GATT; á chur i bhfáth gur príomhchritéar é déileáil le hallmhairí agus le táirgeadh inmheánach ar an mbealach céanna chun comhoiriúnacht aon bhirt de chuid EDT a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh CBAM ina rogha mhalartach ar na bearta atá ann cheana maidir le sceitheadh carbóin faoi dhlí an Aontais sna hearnálacha a chumhdaítear le EU ETS sa mhéid go gcruthófaí machaire comhréidh idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí eachtracha trí mhuirear a chur ar astaíochtaí carbóin corpraithe na n-earraí uile sna hearnálacha sin, gan beann ar a dtionscnamh, agus ar an gcaoi sin cosaint iomlán ar sceitheadh carbóin á háirithiú do thionscal na hEorpa agus aistrithe astaíochtaí chuig tríú tíortha á seachaint; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme CBAM a bheith fite fuaite leis na bearta sin a chéimniú amach go comhthreomhar, de réir a chéile, go pras agus go hiomlán sa deireadh i gcás na n-earnálacha lena mbaineann chun cosaint dhúbailte do shuiteálacha an Aontais a sheachaint, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar an tionchar ar onnmhairí agus ar earnálacha spleácha feadh an tslabhra luacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go leanfadh leagan amach CBAM prionsabal simplí nár cheart tona amháin carbóin a chosaint faoi dhó;

29. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh domhanda a áirithiú d’iomaíochas na dtionscal Eorpach gan éifeachtaí díobhálacha a ghiniúint ar an aeráid ná ar an gcomhshaol; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh ar lacáistí onnmhairiúcháin a thabhairt isteach, ach sa chás amháin más féidir leis a dtionchar dearfach ar an aeráid a léiriú go hiomlán mar aon lena gcomhoiriúnacht le rialacha EDT; á chur i bhfáth, chun éifeachtaí saobha aeráide a chosc trí mhodhanna táirgeachta nach bhfuil chomh héifeachtúil céanna a dhreasú do thionscail onnmhairiúcháin Eorpach agus chun comhoiriúnacht le EDT a áirithiú, gur cheart d’aon chineál tacaíochta onnmhairithe a d’fheadfadh a bheith ann a bheith trédhearcach, comhréireach agus gan aon chineál buntáistí iomaíocha a bheith ann do thionscail onnmhairiúcháin an Aontais i dtríú tíortha, agus gur cheart di a bheith teoranta go docht do na suiteálacha is éifeachtúla chun dreasachtaí laghdaithe GCT do chuideachtaí onnmhairiúcháin an Aontais a choinneáil;

30. á chur i bhfáth nach mór d’aon sásra dreasacht a chruthú do thionscail san Aontas agus thar lear chun táirgí glana iomaíocha a tháirgeadh agus chun sceitheadh carbóin a sheachaint, gan deiseanna trádála a chur i mbaol;

31. ag tabhairt dá haire gur cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip é CBAM agus gur uirlis é chun sprioc an Aontais maidir le hastaíochtaí GCT glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar a bheith ag CBAM, go díreach nó go hindíreach, ar na hearnálacha tionsclaíocha is déine ó thaobh carbóin agus trádála de agus gur cheart dul i gcomhairle leo le linn an phróisis; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhféadfadh CBAM tionchar a imirt ar shlabhraí soláthair sa chaoi go ndéanfaí costais charbóin a inmheánú leo; á chur i bhfáth gur cheart gurbh éasca a bheadh sé aon CBAM a riar agus nár cheart ualach míchuí airgeadais agus riaracháin a chur ar fhiontair, go háirithe ar FBManna;

CBAM agus acmhainní dílse

32. ag aithint go bhféadfaí CBAM a chur chun feidhme mar shíneadh ar an gcóras reatha dleachtanna custaim nó mar scéim chomhlántach laistigh de chreat EU ETS atá ann cheana; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh an dá chur chuige a bheith go hiomlán comhsheasmhach le tionscnamh acmhainní dílse;

33. ag tacú leis an rún atá ag an gCoimisiún an t-ioncam a ghintear le CBAM a úsáid mar acmhainní dílse nua do bhuiséad an Aontais, agus á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le húsáid na n-ioncam sin; á thabairt chun suntais, áfach, nár cheart ról buiséadach CBAM ach a bheith ina sheachtháirge de chuid na hionstraime, agus sin amháin; á chreidiúint gur cheart go lamhálfadh an t-ioncam nua sin tacaíocht níos fearr do ghníomhaíocht ar son na haeráide agus do chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, amhail aistriú cóir agus dícharbónú gheilleagar na hEorpa, agus do mhéadú ar ranníocaíocht an Aontais leis an maoiniú idirnáisiúnta don aeráid i bhfabhar na dTíortha is Lú Forbairt agus na Stát Oileánach Beag atá i mBéal Forbartha, arb iad sin na háiteanna is leochailí don athrú aeráide, go háirithe chun tacú leo dul faoi phróiseas tionsclaithe atá bunaithe ar theicneolaíochtaí glana agus dícharbónaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún éifeachtaí sóisialta an tsásra a chur san áireamh sa togra a bheidh aige amach anseo d’fhonn iad a íoslaghdú; ag cur i bhfáth nár cheart an t-ioncam a ghintear ó CBAM a úsáid, ar bhealach ar bith, mar fhóirdheontais faoi cheilt do thionscail Eorpacha ardtruaillithe, mar go gcuirfeadh sé sin as do chomhoiriúnacht EDT sa deireadh;

34. á mheabhrú gur chomhaontaigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar acmhainní dílse nua, lena n-áirítear CBAM, a chruthú le linn an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile faoin gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (CII)[9], á chur i bhfáth go gcabhrófaí le saincheisteanna maidir le coibhéis fhioscach a mhaolú agus lena áirithiú go mbeadh tionchar dáilte go cothrom ar fud na mBallstát agus le struchtúr éifeachtúil le forchostais riaracháin íosta a áirithiú freisin trí shreafaí airgeadais arna nginiúint ó CBAM a shannadh ar bhuiséad an Aontais; á mheas, dá bhrí sin, go laghdófaí sciar ranníocaíochtaí atá bunaithe ar OIN i maoiniú bhuiséad an Aontais dá ndéanfaí na fáltais a shainiú mar acmhainn dhílis an Aontais, agus go gcabhrófaí le tionchar CBAM a fhrithpháirtiú ar bhealach cothrom ar fud na mBallstát uile dá réir sin; á mheas go gcuirfidh aon choigilteas ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar ranníocaíochtaí-OIN níos ísle le spás fioscach na mBallstát; á chur i bhfáth gur cheart cealú fóirdheontas atá díobhálach don chomhshaol arna ndeonú do thionscail dianfhuinnimh, go háirithe díolúintí cánach agus buntáistí cánach maidir le fuinneamh a úsáideann tionscail dianfhuinnimh, a bheith ag gabháil le cur chun feidhme an tsásra;

35. ag tabhairt dá haire gur ann do mheastacháin ioncaim stuama éagsúla, ó EUR 5 go EUR 14 bhilliún in aghaidh na bliana, ag brath ar raon feidhme agus ar leagan amach na hionstraime nua; á thabhairt chun suntais go bhfuil buanna faoi leith ag buiséad an Aontais in aon chás chun luaineachtaí ioncaim nó fiú éifeachtaí cúlchéimnitheacha fadtéarmacha a sheasamh;

36. á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go mbeidh an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBAM mar chuid de chiseán acmhainní dílse a bheidh leordhóthanach chun leibhéal an chaiteachais ionchasaigh iomláin a chumhdach i gcomhair chostais aisíocaíochta na príomhshuime agus ús na hiasachtaíochta arna dtabhú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, agus prionsabal na huilíochta á urramú ag an am céanna; á mheabhrú, thairis sin, nach mór aon bharrachas ón bplean aisíocaíochta fanacht i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta;

37. á chur i bhfáth go bhféadfaí díriú níos fearr ar chaiteachas ar leibhéal an Aontais maidir le réimsí tosaíochta agus earraí poiblí comhchoiteanna le gnóthachain éifeachtúlachta móra i gcomparáid le caiteachas náisiúnta trí chiseán acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, de réir mar a fhoráiltear dó sa treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoi CII; á mheabhrú go bhféadfadh aon mhainneachtain ag ceann de na trí institiúid na téarmaí a comhaontaíodh in CII a urramú an institiúid sin a nochtadh d’agóid dhlíthiúil ó cheann de na hinstitiúidí eile;

38. á iarraidh ar na hinstitiúidí obair leantach ghníomhach a dhéanamh de réir mheon agus ábhar an treochláir chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach faoi CII, lena leagtar síos go dtiocfaidh an acmhainn dhílis nua seo i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí;

CBAM agus gnéithe eile a chur chun feidhme

39. á chur i bhfáth nach mór cealú fóirdheontas atá díobhálach don chomhshaol arna ndeonú do thionscail dianfhuinnimh ar an leibhéal náisiúnta a bheith ag gabháil le cur chun feidhme CBAM; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais éagsúla na mBallstát maidir leis an ábhar sin i bhfianaise an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

40. á iarraidh go ndéanfar faireachán ar CBAM trí chomhlacht neamhspleách, faoi choimirce an Choimisiúin, ar cheart dó tuairisc agus faisnéis thrédhearcach a thabhairt go tráthrialta don Pharlaimint, don Chomhairle agus don Choimisiún arna iarraidh sin agus ar a laghad dhá uair sa bhliain;

41. ag tabhairt dá haire gurb é an tAontas an t-allmhaireoir carbóin is mó ar domhan agus go bhfuil cion carbóin earraí a onnmhairítear lasmuigh den Aontas i bhfad níos ísle ná cion carbóin earraí allmhairithe; á mheas go bhfuil iarrachtaí Eorpacha chun an t-athrú aeráide a chomhrac níos fearr ná an mheániarracht idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le modh láidir tuairiscithe chun tionchar foriomlán an Aontais ar an aeráid a thomhas lena gcuirfear san áireamh astaíochtaí ó earraí agus seirbhísí a allmhairítear isteach san Aontas;

42. á chur i bhfáth go n-imeoidh an sásra i léig le himeacht ama mar thoradh ar iarrachtaí aeráide idirnáisiúnta leordhóthanacha, amhail praghsáil carbóin idirnáisiúnta atá láidir, forleathan agus comhsheasmhach agus teicneolaíochtaí, táirgí agus próisis táirgthe íseal-astaíochtaí atá go hiomlán iomaíoch; á mheas gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide a éilíonn réitigh dhomhanda agus á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le creat domhanda a bhunú do phraghsáil CO2 i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras; ag spreagadh an Choimisiúin an sásra a cheapadh le hamlíne shoiléir agus uaillmhianach maidir lena chur chun feidhme agus lena fhorbairt; á mheabhrú go bhfuil roinnt réiteach teicniúil maidir le CO2 a mhaolú fós ag an gcéim phíolótach agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh chun iad a fhorbairt a thuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún an sásra a cheapadh mar chuid de phacáiste beartais cuimsitheach fadtéarmach atá comhsheasmhach le geilleagar ina bhfuil astaíochtaí GCT glan-nialasacha agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

43. á mheabhrú nach mór go mbeadh beartas aeráide agus beartas tionsclaíoch an Aontais agus cuspóir an Aontais fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothabháil agus a mhéadú fite fuaite lena chéile; á chur i bhfáth nach mór aon sásra a bheith leabaithe inár straitéis thionsclaíoch, lena gcruthaítear dreasacht do thionscail táirgí glana agus iomaíocha a tháirgeadh;

44. á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí le sásra dea-fheidhmiúil laghdú na n-astaíochtaí a allmhairítear isteach san Aontas agus go dtabharfaí an chosaint aeráide is éifeachtaí i gcoinne riosca sceite carbóin leis, agus rialacha EDT á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart an sásra a cheapadh ar bhealach lena n-áiritheofaí a chur i bhfeidhm éifeachtach agus simplí agus ag an am céanna lena gcoiscfí iompar imchéimnithe amhail acmhainní a athdháileadh nó táirgí leathchríochnaithe nó táirgí deiridh nach gcumhdaítear faoin sásra a allmhairiú;

45. á iarraidh ar an gCoimisiún comhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do thionscail sa bhaile agus thar lear, go háirithe do FBManna, chun córais chuntasaíochta iontaofa a chur ar bun maidir le hastaíochtaí GCT le haghaidh allmhairí chun tionscal Eorpach láidir a chothabháil gan bacainní teicniúla a chur ar chomhpháirtithe trádála;

46. á iarraidh go ndéanfar meastóireacht speisialta ar thionchar an tsásra ar FBManna agus ar iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach; á iarraidh go gcruthófaí, más gá, sásra tacaíochta do FBManna ionas go mbeidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint go rathúil do réaltacht nua an mhargaidh, agus ar an gcaoi sin nach mbeadh siad thíos le cleachtais éagóracha ag gníomhaithe níos mó sa mhargadh;

47. ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár cheart go gcruthódh an sásra míbhuntáistí iomaíochta i measc ábhair iomaíocha chun iomaíocht éagórach ar an margadh Eorpach a chosc; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh na hábhair is neamhdhíobhálaí don aeráid thíos le míbhuntáistí iomaíochta;

48. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar shaoránaigh Eorpacha agus ar a leasanna agus maidir lena rannchuidiú le tosaíochtaí an Aontais a bhaint amach amhail cosaint aeráide, fás inbhuanaithe agus iomaíochas idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Pharlaimint a rannpháirtiú go hiomlán, mar chomhreachtóir, sa phróiseas reachtach chun an sásra a bhunú.

°

° °

49. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

 


 

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Ní gnó do na heolaithe ná do na glúnta atá le teacht amháin a thuilleadh an t-athrú aeráide. Tugaimid aghaidh ar a iarmhairtí tubaisteacha gach lá sna ceantair is gaire dúinn. Agus bíonn alltacht orainn mar gheall ar na híomhánna diachracha a bhíonn ag teacht chugainn ón gcuid eile den domhan. Dóiteáin, tonnta teasa, triomaigh, tuilte, tonnta taoide, cioclóin, leá oighir, paindéimí, easáitiú pobal... Is é an t-athrú aeráide ár réaltacht. Agus nílimid ach ag 1.1 céim de mheántéamh!

Tháinig slógadh ginearálta as Comhaontú Pháras. Tá sé tábhachtach gníomhú níos tapa agus spriocanna níos uaillmhianaí a leagan síos, toisc go bhfuil téamh domhanda 3 go 4 chéim mar thoradh ar ár mbeartas aeráide reatha, nó níos mó sna cásanna is measa. Domhan iomlán nua lán d’anord a bheadh ann! Tá a sciar den fhreagracht ar an Aontas Eorpach. Maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa is airde a thugann sé isteach. Maidir leis na hastaíochtaí méadaitheacha atá sí ag allmhairiú. Toisc go bhfuil sé i gcroílár an iltaobhachais ríthábhachtaigh agus an chomhair idirnáisiúnta. Toisc gur cumhacht eacnamaíoch agus trádála é agus mar sin go gcaithfidh sé dea-shampla a leagan síos.

Tá muintir na hEorpa ar an eolas faoin bpráinn agus faoin mbaol atá ann. Gníomhaíonn siad ar a leibhéal. Glacann daoine óga páirt i máirseálacha don aeráid. Tá méadú ag teacht ar sciar na ngníomhaithe eacnamaíocha atá ag infheistiú go mór san fhuinneamh in-athnuaite, sa tsármhaitheas agus san éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus in iompar, i ndícharbónú na tionsclaíochta agus na seirbhísí. Taispeánann feirmeoirí gur féidir leis an talmhaíocht rannchuidiú leis an domhan a fhuarú in ionad í a théamh. Ní bhaineann sé le contúirtí, agus iad sin amháin, a chomhrac, ach le hiarracht na ndaoine athrú a dhéanamh ar an tsamhail forbartha ionas go mbeidh sé níos inbhuanaithe, níos córa go sóisialta, níos athléimní agus níos ceannasaí. Ní hamháin gur riachtanas tromchúiseach é an dícharbónú, ach tá sé anois ina dheis agus ina luamhán ollmhór chun poist a chruthú, pleanáil spásúlachta chothromaithe agus nuálaíocht theicniúil, shóisialta, thionsclaíoch agus dhaonlathach a chur i gcrích.

Ar mhaithe le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, leis an gComhaontú Glas agus leis an Dlí Aeráide, tá an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide i gcroílár chlár oibre polaitiúil AE. Tá na rúin ó Pharlaimint na hEorpa, clár an Choimisiúin agus na díospóireachtaí sa Chomhairle ag iarraidh gníomhaíocht níos mó agus níos fearr a dhéanamh. Tá an sprioc laghdú 40 % a dhéanamh ar ár n-astaíochtaí faoi 2030 imithe i léig. Molann eolaithe é a ardú go dtí 65 %. Cibé cuspóir nua a roghnófar, caithfear gach beart beartais Eorpach sa réimse sin a athbhreithniú go docht agus go córasach, go háirithe an Treoir maidir le ETS, a théann i bhfeidhm go mór ar phraghas carbóin agus ar an gcaoi sin an dreasacht chun dícharbónú a dhéanamh. Ní bheidh aon bheartas aeráide uaillmhianach ann gan laghdú suntasach a dhéanamh ar lamháltais charbóin, deireadh a chur le lamháltais saor in aisce a úsáid go tapa a chuireann le héifeachtúlacht íseal an mhargaidh carbóin, agus an sainmhíniú ar phraghas íosta in aghaidh an tona CO2.

Cé nach leor é, tá beartas aeráide an Aontais níos uaillmhianaí ná go leor dá chomhpháirtithe trádála. Cé go gcaithfear dul i ngleic leis an athrú aeráide mar dheis thionsclaíoch, eacnamaíoch agus shóisialta, ní féidir tuilleadh dí-thionsclaithe a bheith mar thoradh ar dhícharbónú an gheilleagair, le sceitheadh carbóin agus le sceitheadh infheistíochta. Is fúinne atá sé a chinntiú nach gcáineann na gnólachtaí an iomaíocht mhíchothrom ó ghníomhaithe a tháirgeann i dtíortha nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna le AE ach a mbíonn a dtáirgí ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach. Is amhlaidh atá i gcás sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha – an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha – CBAM.

Is uirlis fhíor-riachtanach é CBAM a chomhlíonann roinnt cuspóirí, rud a spreagann an fáinne óir céanna a bhfuil sé mar phríomhchuspóir aige an aeráid a chosaint:

 Rannchuidiú le gníomhaíocht ar son na haeráide a neartú laistigh den Aontas,

 Uaillmhian níos fearr ó thaobh ár gcomhpháirtithe a spreagadh;

 Ár dtáirgeoirí a chosaint ar iomaíocht a d’fhéadfadh a bheith éagórach;

 Athshuíomh gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar ais chuig AE a chur chun cinn,

 Acmhainní dílse an Aontais a athchóiriú.

Chun é sin a dhéanamh, ní mór do CBAM roinnt critéar a chomhlíonadh:

 Beidh feidhm aige i ndeireadh na dála maidir le gach táirge allmhairithe chun ár lorg carbóin ar fad a chlúdach agus saobhadh sa mhargadh inmheánach a sheachaint. Ar bhonn idirthréimhseach, beidh feidhm aige maidir leis na príomh-amhábhair a n-astaíonn a dtáirgeadh a lán CO2 agus atá clúdaithe ag margadh carbóin an Aontais.

 Ní mór é a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 2023. Beidh comhordú le margadh ETS níos éifeachtaí má bhíonn an idirthréimhse ag tarlú go tapa. Le CBAM éifeachtach, ba cheart go mbeifí in ann deireadh a chur le lamháltais saor in aisce. Leis an Rialachán sin, an phríomhionstraim chun sceitheadh carbóin a chomhrac, gineadh éifeachtaí saobhacha cumhachtacha agus gnóthachain gan údar (brabúis amhantair), mar a mheabhraigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina Tuarascáil Speisialta 18/2020 dar teideal The EU’s Emissions Trading System: free allocation of allowances needed better targeting [Córas Trádála Astaíochtaí AE: gá le spriocdhíriú níos fearr ar leithdháileadh lamháltas saor in aisce].

 Beidh siad comhsheasmhach le rialacha iltaobhacha trádála a mhéid a chumasaítear le roinnt airteagal CGTT beart a dhéanamh ar mhaithe le leasanna sáraitheacha i dtrádáil, amhail an comhshaol agus an tsláinte.

 An buiséad Eorpach a mhaoiniú mar acmhainn dhílis nua. Tacaímid leis an gcuspóir an acmhainn sin a úsáid go príomha don Chomhaontú Glas agus d’aistriú cothrom, ach cuid shuntasach di a úsáid chun tacú leis an aistriú sna tíortha is boichte agus is mó atá thíos leis an athrú aeráide.

Bíonn saoránaigh na hEorpa ag súil go ngníomhóidh an tAontas Eorpach níos diongbháilte agus níos uaillmhianaí maidir leis an aeráid. Agus chun deireadh a chur leis an saontacht nó leis an gciníochas a thagann chun cinn sa bheartas trádála, is minic a dhéanann sé neamhaird ar na costais shóisialta, chomhshaoil agus thionsclaíocha a ghabhann leis na comhaontuithe a shíníonn sé.

Deis iontach is ea sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha chun an aeráid, tionsclaíocht, fostaíocht, athléimneacht, ceannasacht agus athshuíomh a thabhairt chun réitigh. Triail mhór pholaitiúil agus dhaonlathach don Aontas Eorpach is ea é sin. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta!


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA (14.12.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>maidir le i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála</Titre>

<DocRef>(2020/2043(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim (*): <Depute>Karin Karlsbro</Depute>

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur in iúl gur díol sásaimh di sprioc an Aontais Eorpaigh aistriú atá cóir go sóisialta chuig aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, chomh maith leis an sprioc astaíochtaí a laghdú 60 % faoi 2030, mar a mhol an Pharlaimint; á iarraidh go leanfar ar aghaidh leis an leibhéal méadaithe uaillmhéine sna hiarrachtaí aeráide i mbeartas trádála an Aontais, agus in go leor réimsí beartais eile chomh maith; á iarraidh go mbeidh Comhaontú Pháras agus a sprioc 1.5 ℃ ar cheann de phríomhphrionsabail threoracha an bheartais trádála, nach mór gach tionscnamh trádála agus a n-uirlisí beartais a oiriúnú dóibh, trína áireamh, inter alia, i gcomhaontuithe saorthrádála (FTanna) mar ghné bhunriachtanach; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur féidir beartas trádála saintógtha den sórt sin a bheith ina spreagadh tábhachtach chun geilleagair a stiúradh i dtreo an dícharbónaithe chun na cuspóirí aeráide a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus i gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach; á chur in iúl, mar thoradh ar leibhéal méadaithe uaillmhéine an Aontais maidir leis an athrú aeráide, go bhféadfadh méadú teacht ar riosca sceite carbóin; ag tathant ar an gCoimisiún cosaint iomlán ar sceitheadh carbóin a áirithiú ina chuid beartas go léir, agus iomaíochas thionscal na hEorpa agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (FBManna) á chur san áireamh; ag tabhairt dá haire, cé gur laghdaigh an tAontas a astaíochtaí gás ceaptha teasa inmheánacha (GCT) 23.2 % faoi bhun leibhéil 1990 in 2018, go bhfuil a chuid astaíochtaí GCT atá leabaithe sa trádáil idirnáisiúnta ag méadú go leanúnach; ag cur i bhfios go láidir gur mó ná 20 % d’astaíochtaí inmheánacha CO2 an Aontais iad glanallmhairí earraí agus seirbhísí san Aontas;

2. ag tacú, in éagmais praghas domhanda carbóin agus réiteach iltaobhach, le rún an Choimisiúin sásra an Aontais um choigeartú carbóin ar theorainneacha (CBAM) atá cothrom, trédhearcach, éifeachtúil agus margadhbhunaithe a mholadh ar choinníoll go bhfuil sé comhoiriúnach le rialacha EDT agus le FTAnna an Aontais (trína bheith neamh-idirdhealaitheach agus gan a bheith ina srian faoi cheilt ar thrádáil idirnáisiúnta), agus go bhfuil sé comhréireach, bunaithe ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus oiriúnach dá fheidhm chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach go héifeachtach; á mheas nach mór CBAM a chur i bhfeidhm maidir le hearraí ó gach tríú tír nach bhfuil go fóill mar chuid de scéim praghsála carbóin éifeachtach, nó bearta coibhéiseacha a bhfuil spriocanna agus costais chomhchosúla acu le spriocanna agus costais de chuid Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais (EU-ETS), chun aon idirdhealú bunaithe ar thionscnamh a sheachaint, agus nach mór costais a bhaineann le praghsáil charbóin nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna a bheith in-asbhainteach ó CBAM;

3. á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag CBAM riosca sceite carbóin don Aontais a sheachaint agus, dá bhrí sin, rannchuidiú leis an gcuspóir foriomlán astaíochtaí domhanda a laghdú agus cabhrú leis an Aontas a ghealltanais a chomhlíonadh; á thabhairt chun suntais go bhfuil CBAM an Aontais ceaptha go heisiach chun cur le cuspóirí aeráide, chomh maith leis an riosca sceite carbóin a laghdú, agus gur cheart é sin a dhéanamh ar bhealach comhréireach agus cothrom, gur cheart é sin a dhéanamh ar bhealach atá bunaithe ar fhianaise agus nár cheart mí-úsáid a bhaint as mar uirlis chun cur leis an gcaomhnaitheacht, leis an idirdhealú dochosanta ná le srianta i dtimpeallacht dhomhanda na trádála idirnáisiúnta a bhfuil ualach uirthi cheana féin; á iarraidh go seachnófar maorlathas iomarcach sa chomhthéacs sin; ag tabhairt dá haire go mbeidh sé mar cheann de na hiarmhairtí a bheidh ag baint leis an mbeart ná cosc a chur ar an riosca a bhaineann le táirgeacht a bhogadh lasmuigh den Aontas, mar go bhféadfadh athshocrú den sórt sin iarrachtaí an Aontais a chur ar neamhní, ar iarrachtaí iad chun astaíochtaí a laghdú agus beartais idirnáisiúnta an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn;

4. ag tabhairt dá haire, chun a bheith comhoiriúnach le rialacha EDT, go bhféadfadh forálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT), amhail Airteagal I (an prionsabal maidir le cóireáil an náisiúin barrfhabhair), Airteagal III (an prionsabal maidir le cóireáil náisiúnta) agus, más gá, Airteagal XX (eisceachtaí ginearálta) a bheith mar bhunús le leagan amach CBAM ar bith agus nár cheart ach réasúnaíocht chomhshaoil amháin a bheith ag baint leis– chun astaíochtaí domhanda CO2 a laghdú agus sceitheadh carbóin a chosc;

5. á iarraidh go ndéanfar measúnuithe tionchair críochnúla a chur isteach faoi lár 2021, mar aon leis an togra reachtach, le haghaidh na trédhearcachta is fearr, agus go gcuirfí dreasachtaí ar fáil le haghaidh comhair, chomh maith le rannpháirtíocht, le EDT agus le comhpháirtithe trádála an Aontais, i gcomhar le Parlaimint na hEorpa; ag tabhairt dá haire nach mór an measúnú tionchair a dhéanamh chun an riosca sceite carbóin a laghdú agus astaíochtaí domhanda iomlána a laghdú dá bharr sin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún na gnéithe seo a leanas a áireamh sa mheasúnú tionchair:

a. na héifeachtaí a bhíonn ag CBAM ar nuálaíocht inbhuanaithe agus ar athruithe ar shreafaí trádála agus ar shlabhraí soláthair;

b. measúnú ar bhreisluach CBAM i gcomparáid le roghanna malartacha;

c. earnálacha píolótacha féideartha i gcomhair cur chun feidhme luath inar féidir cion carbóin earraí a shainaithint go héasca;

d. an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar thionscal an Aontais mar thoradh ar shásra atá dírithe ar ábhair bhunúsacha, agus ar na hábhair sin amháin, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hallmhairiú táirgí idirmheánacha agus táirgí deiridh nach gcumhdaítear leis an sásra, go háirithe dá gcuirfí an sásra in ionad na mbeart atá ann cheana maidir le sceitheadh carbóin;

e. cibé ar cheart earnáil na cumhachta a chur ar áireamh i gcás sonrach allmhairí leictreachais ardcharbóin agus conas ba cheart é sin a dhéanamh;

f.  na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar chuideachtaí an Aontais, go háirithe ar FBManna, ó thaobh iomaíocht dhomhanda má bhíonn tionchar ag praghsanna níos airde ar chomhpháirteanna a gcuid táirgí;

g. anailís a dhéanamh ar mheascán athróg tábhachtach, lena n-áirítear na hearnálacha, na tíortha agus na hastaíochtaí GCT atá san áireamh in CBAM, agus an gaol atá acu le bearta sceite carbóin atá ann cheana;

h. aird ar leith a thabhairt ar na tíortha is lú forbairt agus do na tíortha atá i mbéal forbartha chun a chinntiú nach mbeidh tionchar diúltach ag CBAM ar a bhforbairt;

6. ag tabhairt dá haire nach mór breithniú cúramach a dhéanamh sa mheasúnú tionchair ar an gcaoi a n-idirghníomhódh CBAM le bearta atá ann cheana maidir le sceitheadh carbóin faoi Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS), lena n-áirítear ar cheart na bearta reatha nó na lamháltais saor in aisce a bheith comhlántach le CBAM sa chéad chéim, nó ar cheart deireadh a chur leo, agus san am céanna cosaint dhúbailte agus idirdhealú ar allmhairí a sheachaint, agus ar cheart nó nár cheart CBAM a thabhairt isteach de réir a chéile chun comhoiriúnacht EDT a áirithiú, agus intuarthacht agus cobhsaíocht a choinneáil do chuideachtaí AE;

7. á chur i bhfáth go gcaithfidh aon sásra dreasacht a chruthú do thionscail san Aontas agus thar lear chun táirgí glana iomaíocha a tháirgeadh, agus sceitheadh carbóin a sheachaint, gan deiseanna trádála a chur i mbaol; á thabhairt chun suntais an ról a d’fhéadfadh a bheith ag sásra den chineál sin, dá gcuirfí chun feidhme é ar bhealach cothrom agus iomchuí, i dtionscail dianfhuinnimh, amhail cruach, stroighin agus alúmanam, i bhfianaise neamhchosaint trádála sna hearnálacha sin agus a rannpháirtíochta in ETS;

8. ag tabhairt dá haire gur cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip é CBAM agus gur uirlis é chun sprioc an Aontais a bhaint amach nach mbeadh aon ghlanastaíochtaí gás ceaptha teasa ann in 2050; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar a bheith ag ag CBAM, go díreach nó go hindíreach, ar na hearnálacha tionsclaíocha is déine ó thaobh carbóin agus trádála de, agus gur cheart dul i gcomhairle leo le linn an phróisis; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhféadfadh tionchar a bheith ag CBAM ar shlabhraí soláthair ar dhóigh go ndéanfaí costais charbóin a inmheánú leo; á chur i bhfáth gur cheart gurbh éasca a bheadh sé aon CBAM a riar agus nár cheart ualach míchuí airgeadais agus riaracháin a chur ar fhiontair, go háirithe ar FBManna;

9. á iarraidh go ndéanfaí ioncaim CBAM a úsáid chun tacú le gníomhú ar son na haeráide san Eoraip agus ar fud an domhain; á mholadh nach mór an t-ioncam a athinfheistiú i mbuiséad AE chun críocha taighde, nuálaíochta agus chun teicneolaíochtaí carbón-neodracha a fhorbairt chun tacú le haistriú inbhuanaithe an tionscail, chomh maith le cúnamh aeráide chun comhoiriúnacht le EDT a áirithiú;

10. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di creimeadh an chórais trádála iltaobhaigh á iarraidh ar an gCoimisiún dul i dteagmháil go gníomhach le rialtais na gcomhpháirtithe trádála chun a áirithiú go leanfar den idirphlé maidir leis an tionscnamh sin, agus ar an gcaoi sin dreasachtaí a chur ar fáil chun gníomhú ar son na haeráide laistigh den Aontas agus trína chomhpháirtithe trádála araon; á chur i bhfios go láidir gur féidir beartas trádála a úsáid, agus gur cheart é a úsáid, chun clár oibre comhshaoil dearfach a chur chun cinn, agus mórdhifríochtaí i leibhéil uaillmhéine comhshaoil idir an tAontas agus an chuid eile den domhan a sheachaint, agus gur cheart CBAM a dhearadh mar ghníomhaíocht lena gcomhlánófaí gníomhaíochtaí a thagann faoi na caibidlí maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe sna comhaontuithe saorthrádála de chuid an Aontais; á chur i bhfios go láidir nach mór gníomhaíocht dhomhanda lena n-áirithítear nach mbeidh feidhm feasta le CBAM a bheith mar sprioc dheiridh an tionscnaimh, agus an chuid eile den domhan ag breith suas leis an leibhéal uaillmhéine atá leagtha amach ag an Aontas chun astaíochtaí CO2 a laghdú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart breathnú ar CBAM mar mhodh chun dlús a chur leis an bpróiseas sin seachas mar mhodh caomhnaitheachta; ag dréim leis go gcuirfidh an Coimisiún tús le caibidlíocht maidir le cur chuige domhanda faoi chuimsiú EDT nó G20;

11. á iarraidh gurbh ann do mhodh ríomha do chion carbóin nach ndéanann idirdhealú idir táirgeoirí an Aontais agus táirgeoirí tríú tír, modh a bheadh chomh gar agus ab fhéidir d’fhíorchion carbóin na n-earraí lena mbaineann; ag tabhairt dá haire na deacrachtaí a bhaineann le cion carbóin táirgí ó Bhallstáit den Aontas Eorpach agus ó thríú tíortha a ríomh, agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí leanúnacha chun inchomparáideacht cion carbóin táirgí a áirithiú; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh teicneolaíocht chun cion carbóin agus feidhmíocht táirgí casta a rianú a bheith ina cuidiú chun CBAM a fhorfheidhmiú do na táirgí sin; ag tabhairt dá haire nach mór do CBAM dreasachtaí a chruthú do thíortha agus do tháirgeoirí chun faisnéis a roinnt maidir le praghsáil carbóin agus maidir le cion carbóin táirgí;

12. á mheas go bhfuil an trádáil idirnáisiúnta agus an beartas trádála ina bpríomhchumasóirí don aistriú i dtreo geilleagar domhanda ciorclach, aeráidneodrach agus acmhainní-thíosach agus, dá réir sin, a thacaíonn leis na hiarrachtaí domhanda chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe  (SDGanna) na Náisiún Aontaithe agus Comhaontú Pháras a bhaint amach; á mheas go bhfuil géarghá le hathchóiriú cuimsitheach ar EDT a shaothrú, lena gcuirfear ar a chumas trádáil chóir a ráthú, agus an téamh domhanda a chomhrac ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go dtéann rialacha CGTT siar go 1947 agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá athmhacnamh a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na géarchéime aeráide atá ann faoi láthair; ag dréim leis go nglacfaidh an Coimisiún tionscnaimh phráinneacha d’athchóiriú EDT chun comhoiriúnacht leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige chun praghsáil dhomhanda CO2 a bhaint amach agus chun trádáil a éascú i dteicneolaíochtaí cosanta aeráide agus comhshaoil, mar shampla trí thionscnaimh maidir leis an mbeartas trádála amhail Comhaontú EDT maidir le hEarraí Comhshaoil;

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

10.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

34

2

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Udo Bullmann, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Raphaël Glucksmann, Enikő Győri, Roman Haider, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Margarida Marques, Gabriel Mato, Sara Matthieu, Emmanuel Maurel, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Sven Simon, Dominik Tarczyński, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Campomenosi, Nicola Danti, Manuela Ripa

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

34

+

PPE

Anna-Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn

S&D

Udo Bullmann, Miroslav Číž, Paolo De Castro, Raphaël Glucksmann, Bernd Lange, Margarida Marques, Inma Rodríguez-Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

RENEW

Barry Andrews, Jordi Cañas, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Nicola Danti, Marie-Pierre Vedrenne

ID

Herve Juvin, Danilo Oscar Lancini, Marco Campomenosi

VERTS/ALE

Manuela Ripa, Heidi Hautala, Sara Matthieu

ECR

Emmanouil Fragkos

NI

Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó

 

2

-

ID

Roman Haider, Maximilian Krah

 

5

0

ECR

Geert Bourgeois, Dominik Tarczynski, Jan Zahradil

GUE/NGL

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA (11.12.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála</Titre>

<DocRef>(2020/2043(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim (*): <Depute>Luis Garicano</Depute>

 

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chreidiúint gur cheart gurbh é príomhaidhm an tsásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (CBAM) an t-athrú aeráide a chomhrac agus tacú le cuspóirí aeráide an Aontais trí aghaidh a thabhairt ar riosca an sceite carbóin agus dreasachtaí a chur ar fáil don infheistíocht i dteicneolaíocht ghlas fhuinneamhéifeachtúil ar leibhéal AE agus ar an leibhéal domhanda, agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú leis an laghdú domhanda ar astaíochtaí gás ceaptha teasa; á chreidiúint gur cheart gurbh é an aidhm dheiridh oibriú i dtreo beartas aeráide domhanda éifeachtach a bhaint amach;

2. á mheas, chun an cuspóir a glacadh le déanaí mar chuid den Mhargadh Glas don Eoraip, eadhon neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, an cuspóir a chomhaontaigh an Pharlaimint maidir le laghdú 60% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, chomh maith le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, go mbeidh gá le hiarrachtaí suntasacha dícharbónaithe ar leibhéal AE, rud as a dtiocfaidh méadú ar an bpraghas carbóin a íocann táirgeoirí faoi Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS), agus ar dócha go bhfágfaidh sé go mbeidh an praghas carbóin roinnt mhaith níos airde ná mar atá sé faoi láthair; á mheas, dá bhrí sin, in éagmais praghas domhanda ar astaíochtaí carbóin, go bhféadfadh géarú teacht ar riosca an sceite carbóin; á chur in iúl, sa chomhthéacs sin, gur geall léi go bhfuil gealltanas tugtha ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chur chun feidhme, ar sásra é lena n-áiritheofaí go léireofaí cion carbóin na n-allmhairí lena bpraghas, rud lena gcabhrófaí le machaire comhréidh a bhaint amach idir táirgeoirí san Aontas agus táirgeoirí eachtracha agus, ar an gcaoi sin, lena n-áiritheofaí nach mbainfear an bonn de chuspóirí aeráide an Aontais trí athlonnú táirgeachta agus trí allmhairithe méadaithe ó thíortha ina bhfuil beartais aeráide nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna agus a chuideodh, dá réir sin, le haistriú cóir a áirithiú;

3. ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar na roghanna éagsúla go léir maidir le sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a thabhairt isteach, ó ionstraimí cánach go sásraí a bhíonn ag brath ar EU ETS; á thabhairt chun suntais, maidir le dleacht mháil (nó cáin) ar chion carbóin na dtáirgí uile a ídítear, táirgí a dhéantar san Aontas agus táirgí a allmhairítear araon, nach dtabharfar aghaidh go hiomlán léi ar riosca an sceite carbóin, go mbeadh dúshláin theicniúla ag baint léi i bhfianaise a chasta atá sé carbón a rianú i slabhraí luacha domhanda agus go bhféadfadh sí ualach suntasach a chur ar thomhaltóirí; á mheas, chun aghaidh a thabhairt ar riosca an sceite carbóin, agus rialacha EDT á gcomhlíonadh ag an am céanna, nach mór do CBAM muirear a ghearradh as cion carbóin na n-allmhairí ar bhealach a fhreagraíonn do na costais charbóin a íocann táirgeoirí AE; á chreidiúint, i ndáil leis sin, gur cheart praghas aonair carbóin a áirithiú leis an sásra, do tháirgeoirí san Aontas agus d’allmhaireoirí araon, chun prionsabal neamh-idirdhealaithe ETD a chomhlíonadh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb é an rogha is fearr a fhreagraíonn don chostas carbóin a íocann táirgeoirí AE, ar rogha é lena n-áirithítear coigeartú uathoibríoch praghais agus comhlíonadh phrionsabal an neamh-idirdhealaithe, ná sásra atá bunaithe ar EU ETS; á mholadh don Choimisiún, dá bhrí sin, córas a chur chun feidhme, lena gceanglófaí ar allmhaireoirí lamháltais a cheannach do mhéid na n-astaíochtaí carbóin atá ionchorpraithe ina dtairgí; á mheas go bhféadfaí é sin a bhaint amach trí chomhthiomsú sonrach lamháltas a chruthú le haghaidh allmhairí, ar comhthiomsú é a bheadh nasctha le praghsanna ETS (ETS barúlach), nó trí allmhaireoirí a ionchorprú sa chomhthiomsú lamháltas atá ag EU ETS cheana; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh dúshláin theicniúla bhreise a bheith i gceist leis an dara rogha sin, amhail cobhsaíocht praghsanna a áirithiú (dúshláin a bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu tríd an uasteorainn atá ann cheana a mhéadú go leibhéal iomchuí agus úsáid a bhaint as cúltaca cobhsaíochta an mhargaidh) agus trí chosaintí a thabhairt isteach chun an riosca go bhféadfaí cur isteach ar an margadh a sheachaint; á aithint go bhféadfadh dleacht sheasta nó cáin ar iompórtálacha a bheith ina huirlis shimplí chun comhartha láidir cobhsaí praghsanna comhshaoil a thabhairt maidir le carbón allmhairithe; á chreidiúint, áfach, i bhfianaise chineál seasta na cánach sin, nach mbeadh an oiread céanna solúbthachta ag baint le cáin den sórt sin chun freagairt do phraghas athraitheach EU ETS; á chur i bhfáth, go hiarbhír, go mbeadh cáin atá athraitheach agus a fhreagraíonn go huathoibríoch do phraghas EU ETS comhionann le ETS barúlach; á aithint, dá mba rud é go mbeadh CBAM de chineál fioscach, go bhféadfadh sé go ndéanfaí sásra bunaithe ar Airteagal 192(2) CFAE a thabhairt isteach; á áitiú gur aidhm chomhshaoil í príomhaidhm CBAM agus, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh ról ríthábhachtach ag critéir chomhshaoil i roghnú na hionstraime; á chur i bhfáth, i gcomhréir leis an sprioc sin, nach mór praghas carbóin atá intuartha agus ard go leor a áirithiú leis an sásra a roghnófar, ar praghas é lena ndreasófar infheistíochtaí dícharbónaithe chun aidhmeanna Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh;

4. á mheas gur cheart, más féidir, feidhm a bheith ag CBAM maidir le haon allmhairiú (ó amhábhair go táirgí idirmheánacha nó táirgí deiridh) ina bhfuil bunábhair atá cumhdaithe faoi EU ETS, chun saobhadh idir táirgí sa mhargadh inmheánach agus feadh an tslabhra luacha a sheachaint; ag aithint na ndeacrachtaí teicniúla a bhaineann leis na hábhair bhunúsacha uile a chumhdaítear le EU ETS a chumhdach chomh luath le 2023 agus á thuiscint go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt, ag an gcéad chéim, d’earnálacha is mó a meastar go bhfuil riosca an sceithe carbóin ag gabháil leo; ag tabhairt rabhadh don Choimisiún, ina ainneoin sin, go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do thionscail AE muna ndéanfar gach earnáil EU ETS a chumhdach agus á iarraidh ar an gCoimisiún an raon feidhme earnála is leithne is féidir a mholadh; á áitiú ar an gCoimisiún, i gcás ina dtabharfadh sé faoi chur chuige céim ar chéim, féilire ceangailteach a áireamh chun cumhdach CBAM a leathnú;

5. á mheas, más féidir, gur cheart do CBAM cion carbóin allmhairí a thomhas chomh cruinn agus is féidir faoina raon feidhme; á mholadh, ina ainneoin sin, go dtabharfaí isteach dearadh indéanta lena ndéanfaí méid carbóin gach allmhaire a thomhas go hoibiachtúil bunaithe ar a chomhdhéanamh ábhar bunúsach (mar a leagtar amach sa togra ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa); á mheabhrú, leis an gcomhfhogasú sin, go ndéanfaí gach ábhar bunúsach a chumhdaítear faoi EU ETS a mheá agus a iolrú faoi luach réamhshocraithe déine carbóin; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart an rogha a bheith ag allmhaireoirí a chruthú, i gcomhréir le caighdeáin AE maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú (MRV) ar EU ETS, go bhfuil cion carbóin a dtáirgí níos ísle ná na luachanna sin, agus leas a bhaint as méid iníoctha arna chur in oiriúint dá réir sin, chun nuálaíocht agus infheistíocht i dteicneolaíochtaí inbhuanaithe a spreagadh ar fud an domhain; á mheas nár cheart go gcuirfí ualach díréireach ar FBManna leis sin; á thabhairt chun suntais, mar bhonn taca faoi chur chun feidhme an tsásra, go mbeidh gá le sraith de chaighdeáin AE lena gcuirfear cosc ar dhul timpeall ar an sásra nó ar mhí-úsáid a bhaint as, agus go mbeidh gá le bonneagar láidir neamhspleách chun é a riar;

6. á mholadh go mbeadh cur chun feidhme CBAM ina chúis le leithdháileadh lamháltas saor in aisce a bheith á chéimniú amach de réir a chéile go dtí go ndéanfar iad a dhíothú go hiomlán, tar éis idirthréimhse iomchuí, ós rud é gur cheart don sásra sin a áirithiú go mbeidh ar tháirgeoirí agus ar allmhaireoirí AE na costais charbóin chéanna a íoc i margadh an Aontais; á thabhairt chun suntais gur gá lamháltais saor in aisce a chéimniú amach le linn idirthréimhse a bheidh comhoiriúnach le hamlíne intuartha; a chreidiúint gur cheart cinnteacht rialála a sholáthar leis an idirthréimhse do thionscail atá dian ar acmhainní agus ar fhuinneamh; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh aon chosaint dhúbailte ann agus gur gá go mbeadh an sásra comhoiriúnach le EDT; á chreidiúint gur cheart do CBAM, chun na críche sin, luach na lamháltas saor in aisce a bhaint as an méid iníoctha a ghearrtar ar allmhaireoirí, ionas gur féidir le CBAM agus na lamháltais saor in aisce a bheith ann ag an am céanna gan cúiteamh dúbailte a bheith mar thoradh air sin agus fad a bheidh siad comhoiriúnach le EDT; ag tabhairt dá haire gur cheart, agus an céimniú amach sin ar siúl, bearta tacaíochta a thabhairt isteach le haghaidh onnmhairí a leanfadh de bheith comhoiriúnach le EDT agus de bheith i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil AE; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar lacáistí onnmhairiúcháin páirteacha a thabhairt isteach bunaithe ar an loighic tagarmhairc atá ag na táirgeoirí is éifeachtúla cheana ó thaobh carbóin de, gan níos mó ná leibhéal reatha na lamháltas saor in aisce a aisíoc, chun dreasachtaí láidre dícharbónaithe a choimeád, agus machaire comhréidh a áirithiú d’onnmhairí AE ag an am céanna;

7. á chur i bhfáth gur cheart do CBAM a áirithiú nach ndéantar allmhaireoirí ó thríú tíortha a mhuirearú faoi dhó as cion carbóin a dtáirgí lena áirithiú go gcaitear leo ar bhonn cothrom agus gan idirdhealú; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar thionchar roghanna éagsúla CBAM ar na tíortha is lú forbairt;

8. á iarraidh go ndéanfar fáltais CBAM a mheas mar ioncam AE;

9. á chreidiúint go dtugann an moladh thuas bonn láidir do chomhoiriúnacht le rialacha ETD, ós rud é nach ndéantar idirdhealú leis idir táirgeoirí agus allmhaireoirí (ná ina measc), go bhfuil sé bunaithe ar chritéir oibiachtúla thrédhearcacha agus go gcomhlíonann sé a phríomhchuspóirí maidir leis an gcomhshaol agus an tsláinte a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun pléití déthaobhacha agus iltaobhacha le comhpháirtithe trádála chun cur chun feidhme CBAM a éascú agus frithbheartaíocht a sheachaint; á áitiú go ndéanfar obair an Choimisiúin maidir le inbhuanaitheacht comhshaoil a chur chun cinn in ETD chun an dlí trádála a thabhairt i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an aeráid; á iarraidh ar an gCoimisiún ról a thabhairt don Pharlaimint ag gach céim de phróiseas forbartha CBAM; á iarraidh go mbunófar sásra faireacháin agus próiseas athbhreithnithe a mbeidh an ról is mó is féidir ag an bParlaimint ann.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

10.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

39

7

8

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Jonás Fernández, Raffaele Fitto, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Billy Kelleher, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Antonio Maria Rinaldi, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marc Angel, Manon Aubry, Gabriele Bischoff, Damien Carême, Eugen Jurzyca, Chris MacManus, Margarida Marques, Andreas Schwab

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

39

+

GUE/NGL

Manon Aubry, José Gusmão

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Frances Fitzgerald, José Manuel García Margallo y Marfil, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Aušra Maldeikienė, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Andreas Schwab, Ralf Seekatz, Inese Vaidere

Renew

Gilles Boyer, Engin Eroglu, Billy Kelleher, Dragoș Pîslaru, Stéphanie Yon Courtin

S&D

Marc Angel, Marek Belka, Gabriele Bischoff, Jonás Fernández, Aurore Lalucq, Margarida Marques, Pedro Marques, Csaba Molnár, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli

Verts/ALE

Damien Carême, Sven Giegold, Claude Gruffat, Philippe Lamberts, Kira Marie Peter Hansen, Ernest Urtasun

 

7

-

ECR

Derk Jan Eppink, Eugen Jurzyca, Roberts Zīle

ID

Gunnar Beck, Jörg Meuthen

NI

Lefteris Nikolaou Alavanos

PPE

Enikő Győri

 

8

0

ECR

Raffaele Fitto, Johan Van Overtveldt

GUE/NGL

Chris MacManus

ID

Francesca Donato, Valentino Grant, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

Renew

Caroline Nagtegaal

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (11.12.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>maidir le i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála</Titre>

<DocRef>(2020/2043(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Elisabetta Gualmini</Depute>

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á mheabhrú gur rogha é sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha (CBAM) le fada maidir le fíorfhoinse ghlas d’ioncam dílis i mbuiséad AE, agus go raibh sé ar cheann de shraith de roghanna tosaíochta le haghaidh acmhainní dílse nua i rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair[10];

2. ag aithint nach mór gurb iad seo a leanas príomhchuspóirí CBAM: an aeráid a chosaint, an aincheist maidir le sceitheadh carbóin a mhaolú, cothrom na Féinne a chinntiú do chostais dícharbónaithe, agus éileamh ar tháirgí agus próisis ísealcharbóin a mhéadú, mar aon le saobhadh ar an iomaíocht agus ar an trádáil a chosc, agus iomaíochas thionscail an Aontais a choimirciú; á chur i bhfáth go gcabhróidh CBAM leis an Aontas a spriocanna aeráide a bhaint amach agus machaire comhréidh a áirithiú sa trádáil idirnáisiúnta, seachfhoinsiú táirgeadh go tríú tíortha a laghdú ar tríú tíortha iad ina bhfuil rialacháin chomhshaoil nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna, agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a urramú, agus é mar aidhm leis dlús a chur leis an gcuid eile den domhan chun gníomhú ar son na haeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á chreidiúint gurb é an toradh a bheadh ar CBAM a thabhairt isteach ná níos mó nuálaíochta agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí níos glaise; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá CBAM a cheapadh agus an tsláine comhshaoil is airde is féidir á cur san áireamh;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh ar na dearaí éagsúla chun CBAM a chur chun feidhme sula dtíolacfaidh sé togra reachtach;  á iarraidh sa mheasúnú tionchair sin go gcuirfí san áireamh ón tús cásanna éagsúla, amhail an fhéidearthacht na hearnálacha reatha agus ionchasacha uile de chuid an chórais trádála astaíochtaí (ETS) a chumhdach, agus saintréithe sonracha na n-earnálacha a d’fhéadfaí a chumhdach leis an sásra; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach go ndéanfar le linn an mheasúnaithe sin measúnú ar an tionchar a bhíonn ag dearaí éagsúla ar a gcumas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, a n-iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ar earnáil thionsclaíoch an Aontais, go háirithe ar FBManna, iomaíochas onnmhaireoirí an Aontais, agus frithbhearta a d’fhéadfadh a bheith ann ó thríú tíortha agus óna soláthraithe i leith thionscail an Aontais; á chreidiúint, ag an am céanna, chun dreasachtaí láidre dícharbónaithe a choinneáil agus chun cothrom na Féinne a áirithiú d’earraí AE i dtríú margaí, gur cheart scrúdú a dhéanamh sa mheasúnú tionchair ar fhiúntas agus ar na hiarmhairtí is dócha a bheadh ag lacáistí onnmhairiúcháin (lena n-áirítear má thugtar isteach de réir a chéile iad) sna hearnálacha a chumhdaítear le CBAM agus nach gcumhdaítear le CBAM, chomh maith lena gcomhlántacht leis na bearta sceite carbóin faoi scéim ETS; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag gach rogha ar chaighdeáin mhaireachtála na dtomhaltóirí, go háirithe iad siúd a bhaineann le grúpaí níos leochailí, chomh maith lena dtionchar ar ioncam; á iarraidh ar an gCoimisiún iarmhairtí an ioncaim a ghintear ó CBAM mar acmhainn dhílis ar bhuiséad an Aontais a áireamh sa mheasúnú tionchair freisin, ag brath ar an dearadh agus ar na módúlachtaí arna roghnú;

4. á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le saobhadh ar an margadh inmheánach a sheachaint, agus bearta cosantacha i gcoinne an Aontais a sheachaint; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar uaillmhian níos airde an Aontais maidir leis an athrú aeráide, gur mó an baol go dtarlóidh sceitheadh carbóin, i ngeall ar na caighdeáin chomhshaoil níos ísle agus ar an easpa gníomhú uaillmhianach ar son na haeráide i dtríú tíortha; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, cosaint iomlán ar sceitheadh carbóin a áirithiú ina chuid beartas go léir; á mholadh go mbeadh sásra neamh-idirdhealaitheach agus forchéimnitheach ann atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus á mholadh go láidir don Choimisiún a bheith oscailte do chur chuige iltaobhach lena bhféadfaí rannchuidiú go héifeachtach le gníomhú domhanda ar son na haeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras, agus lena bhféadfaí frithbheart in aghaidh gheilleagar an Aontais a sheachaint; ag tathant ar an gCoimisiún, ag an am céanna, athchóirithe iltaobhacha EDT a shaothrú lena dtugtar an dlí trádála idirnáisiúnta i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras; á mheas – i bhfianaise na paindéime domhanda agus na ngéarchéimeanna eacnamaíocha a eascraíonn aisti – go bhfuil sé níos riachtanaí fós beartais idirnáisiúnta a fhorbairt lena bhféadfar na riachtanais a bhaineann le gníomhú ar son na haeráide a réiteach le hiomaíochas tionsclaíoch agus le trádáil chóir;

5. ag aithint go bhféadfaí CBAM a chur chun feidhme bíodh sé ina leathnú ar an gcóras reatha dleachtanna custaim nó ina scéim chomhlántach laistigh de chreat ETS atá ann cheana; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh an dá chur chuige a bheith go hiomlán comhsheasmhach le tionscnamh acmhainní dílse; á chur in iúl go bhféadfaí, sa tsamhail sin, a bheadh láraithe de réir chaighdeáin ETS d’earnálacha, d’ábhair agus do phraghsanna carbóin, leibhéil choibhéiseacha praghsála carbóin a bhunú maidir le táirgí de chuid an Aontais agus le táirgí nach de chuid an Aontais iad, agus, dá bhrí sin, go ráthófaí cothrom na Féinne sa trádáil idirnáisiúnta, agus comhoiriúnacht le dlí EDT, go sonrach le hAirteagal III den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (CGTT); ag tabhairt le fios, cé gur cheart go gcumhdófaí sa sásra deiridh raon chomh leathan agus ab fhéidir d’allmhairí, d’fhéadfaí dearadh tosaigh CBAM a theorannú d’earnálacha áirithe den gheilleagar, arna roghnú ar bhonn an mheasúnaithe tionchair;

6. á mheabhrú gur chomhaontaigh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún acmhainní dílse nua, lena n-áirítear CBAM, a chruthú le linn an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI) eile sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (IIA); á chur i bhfáth go gcabhrófaí le saincheisteanna maidir le coibhéis fhioscach a mhaolú, agus lena áirithiú go mbeadh tionchar dáilte go cothrom ar fud na mBallstát, agus le struchtúr éifeachtúil le forchostais riaracháin íosta a áirithiú freisin trí shreafaí airgeadais arna nginiúint ó CBAM a shannadh do bhuiséad an Aontais; á mheas, dá bhrí sin, go laghdófaí sciar ranníochtaí atá bunaithe ar OIN i maoiniú bhuiséad an Aontais dá ndéanfaí na fáltais a shainiú mar acmhainn dhílis de chuid an Aontais, agus dá réir sin, go gcabhrófaí le tionchar CBAM a fhrithpháirtiú ar bhealach cothrom ar fud na mBallstát uile; á mheas go gcuirfidh aon choigilteas ar an leibhéal náisiúnta mar thoradh ar ranníocaíochtaí-OIN níos ísle le spás fioscach na mBallstát; á chur i bhfáth gur cheart cealú fóirdheontas atá díobhálach don chomhshaol arna ndeonú do thionscail dianfhuinnimh, go háirithe díolúintí cánach agus buntáistí cánach maidir leis an bhfuinneamh a úsáideann tionscail dianfhuinnimh, a bheith ag gabháil le cur chun feidhme an tsásra;

7. á chur in iúl gur geal léi, dá mba rud é gurbh é CBAM a bheadh mar bhonn d’acmhainn dhílis i gcomhréir le IIA, go ndéanfaidh sé taobh an ioncaim de bhuiséad AE a ailíniú níos dlúithe le cuspóirí beartais straitéiseacha, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, an geilleagar ciorclach agus an t-aistriú cóir, agus go gcabhródh sé, ar an gcaoi sin, le comhthairbhí, dreasachtaí agus breisluach AE a chruthú; á mheas go mbeadh dlúthbhaint ag ioncaim CBAM, de thoradh a gcineáil agus a dtionscnaimh, le beartais aeráide, le teorainneacha seachtracha agus le beartas trádála ar leibhéal an Aontais, agus dá bhrí sin gur bonn an-oiriúnach a bheadh ann d’acmhainn dhílis de chuid an Aontais; á chur i bhfáth, ar chúiseanna sláine comhshaoil, nach mbainfí úsáid as an ioncam a ghintear ó CBAM chun fóirdheontais a thabhairt do bheartais nó do ghníomhaíochtaí atá ag teacht salach ar Chomhaontú Pháras agus ar chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

8. á chur i bhfios go láidir gur cheart cion astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ó allmhairí lena mbaineann a chur san áireamh ar bhonn tagarmharcanna trédhearcacha iontaofa a léiríonn meánchion domhanda astaíochtaí GCT táirgí aonair, agus modhanna táirgthe éagsúla ag a bhfuil déine éagsúil astaíochtaí á gcur san áireamh; á mheas gur cheart déine carbóin na heangaí leictreachais a chur san áireamh agus praghsáil carbóin á déanamh ar allmhairí;

9. ag tabhairt dá haire gur ann do mheastacháin ioncaim stuama éagsúla ó EUR 5 go EUR 14 bhilliún in aghaidh na bliana, ag brath ar raon feidhme agus ar dhearadh na hionstraime nua; á thabhairt chun suntais go bhfuil buanna faoi leith ag buiséad an Aontais in aon chás chun luaineachtaí ioncaim nó fiú éifeachtaí cúlchéimnitheacha fadtéarmacha a sheasamh;

10. á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici a áirithiú go mbeidh an acmhainn dhílis atá bunaithe ar CBAM mar chuid de bhascaed acmhainní dílse a bheidh leordhóthanach chun leibhéal an chaiteachais ionchasaigh fhoriomláin a chumhdach a bhaineann le costais aisíocaíochta na príomhshuime agus ús na hiasachtaíochta arna dtabhú faoin ionstraim Next Generation EU, agus prionsabal na huilíochta á urramú ag an am céanna; á mheabhrú, thairis sin, nach mór aon bharrachas ón bplean aisíocaíochta fanacht i mbuiséad an Aontais mar ioncam ginearálta; á chur i bhfios go láidir, dá gcuirfí ioncam CBAM go leataobh, go sárófaí IIA, an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse agus an Rialachán Airgeadais;

11. á chur i bhfáth, dá ndéanfaí bascaed d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, mar a fhoráiltear dó sa Treochlár chun Acmhainní Dílse Nua a thabhairt isteach faoin gComhaontú Idirinstitiúideach, go bhféadfaí díriú níos fearr ar chaiteachas ar leibhéal an Aontais maidir le réimsí tosaíochta agus earraí poiblí comhchoiteanna le gnóthachain éifeachtúlachta móra i gcomparáid le caiteachas náisiúnta; á mheabhrú go bhféadfadh aon mhainneachtain ag ceann de na trí institiúid na téarmaí a comhaontaíodh in IIA a urramú an institiúid sin a nochtadh i leith agóid dhlíthiúil ó cheann de na hinstitiúidí eile;

12. á iarraidh ar na hinstitiúidí obair leantach ghníomhach a dhéanamh de réir mheon agus ábhar an treochláir maidir le hAcmhainní Dílse Nua a thabhairt isteach faoin gComhaontú Idirinstitiúideach, agus cloí leis go docht, treochlár lena leagtar síos go dtiocfaidh an acmhainn dhílis nua seo i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

10.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

33

2

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Herbert Dorfmann, Niclas Herbst, Petros Kokkalis

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

33

+

Greens/EFA

Rasmus Andresen, Damian Boeselager, David Cormand, Francisco Guerreiro

GUE/NGL

Petros Kokkalis, Dimitrios Papadimoulis

ID

Hélène Laporte

PPE

Lefteris Christoforou, Herbert Dorfmann, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Renew

Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds

S&D

Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs

 

2

-

ID

Joachim Kuhs

NI

Ioannis Lagos

 

4

0

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt

ID

Anna Bonfrisco

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH (17.12.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>i dtreo shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála</Titre>

<DocRef>(2020/2043(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Jens Geier</Depute>

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí go gceadaítear le hAirteagal XX den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) do chomhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) bearta a chur chun feidhme atá riachtanach chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí (b), nó acmhainní nádúrtha (g), a chosaint;

1. á chur in iúl gur geal léi Comhaontú Pháras mar ghealltanas idirnáisiúnta chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus á chur i bhfios go láidir gur gá meastóireacht chríochnúil a dhéanamh ar a chomhoiriúnaí atá gach leabhar rialacha idirnáisiúnta leis na spriocanna aeráide sin; ag tabhairt dá haire gurb é AE is cúis le 9 % de na leibhéil dhomhanda astaíochtaí gás ceaptha teasa agus gurb é an tríú hastaíre gás ceaptha teasa is mó ar domhan; ag tabhairt dá haire freisin gur cúis bhuartha di an easpa iarrachtaí agus bearta idirnáisiúnta maidir leis an aeráid atá sách uaillmhianach chun na cinntí a dhéantar faoin gcomhaontú seo a chur chun feidhme, chomh maith le tarraingt siar na Stát Aontaithe ón gcomhaontú;

2. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí Eorpacha i ndáil leis sin, amhail an Comhaontú Glas don Eoraip a thabhairt isteach agus an sprioc chun aistriú costéifeachtúil, cóir, cothrom ó thaobh na sochaí de agus ceart chuig aeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá tacú le laghdú 60 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 agus, ag an am céanna, a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm go comhsheasmhach an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as;

3. á chreidiúint nach leor bearta cosanta aeráide neamhshiméadracha chun an t-athrú aeráide a chomhrac; á chur i bhfios go láidir gur féidir, agus gur cheart, beartas trádála a úsáid chun clár oibre comhshaoil dearfach a chur chun cinn agus iomaíochas AE a chaomhnú ag an am céanna, agus chun aghaidh a thabhairt ar mhórdhifríochtaí in uaillmhian chomhshaoil idir an tAontas Eorpach agus an chuid eile den domhan; á chreidiúint thairis sin gur féidir le sásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘an sásra’) allmhairí íseal-astaíochta agus cruthú teicneolaíochtaí agus táirgí íseal-astaíochtaí san Aontas a dhreasú, as a dtiocfadh laghdú, a bhfuil géarghá leis, ar astaíochtaí allmhairithe AE; á mheas go bhféadfadh méadú ar iarrachtaí idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide a bheith mar thoradh ar an sásra agus go bhféadfadh sé a bheith ina chéad chéim i dtreo praghsáil carbóin idirnáisiúnta dá gcuirfí chun feidhme ar bhealach comhréireach agus cothrom é; á shonrú thairis sin gur cheart go gcruthófaí fáinne óir chun an t-athrú aeráide a chomhrac ar an leibhéal idirnáisiúnta mar thoradh ar an sásra, e.g. trína chur san áireamh sa chaibidlíocht faoi chomhaontuithe iltaobhacha comhshaoil;

4. ag tabhairt dá haire gurb é AE an t-allmhaireoir carbóin is mó ar domhan agus go bhfuil cion carbóin earraí a onnmhairítear lasmuigh den Aontas i bhfad níos ísle ná cion carbóin earraí allmhairithe; á mheas go bhfuil iarrachtaí Eorpacha chun an t-athrú aeráide a chomhrac níos fearr ná an mheániarracht idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le modh láidir tuairiscithe chun tionchar foriomlán an Aontais ar an aeráid a thomhas lena gcuirfear san áireamh astaíochtaí ó earraí agus seirbhísí a allmhairítear isteach in AE;

5. ag cur béim ar an bhfíoras gurb é príomhchuspóir an tsásra cabhrú le neodracht carbóin a bhaint amach agus iarrachtaí idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an athrú aeráide a dhreasú; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfeadh an sásra ar chumas thionscal na hEorpa rannchuidiú go mór le spriocanna aeráide AE agus ar chumas tríú tíortha rannchuidiú go mór le spriocanna aeráide idirnáisiúnta trí iarrachtaí suntasacha a chothú chun próisis mhonaraíochta a dhícharbónú, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna gur cheart go gcruthódh sé sin machaire comhréidh do thionscal na hEorpa; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá na hastaíochtaí a thagann ó iompar allmhairí a chur san áireamh agus praghsáil cion carbóin á ríomh; á mheas gur gá go gcumhdódh raon feidhme an tsásra an chuid is mó is féidir de lorg carbóin táirge, i.e. trí astaíochtaí ó fhuinneamh a úsáidtear sa táirgeadh agus ar deireadh ar feadh an tslabhra luacha a chur san áireamh ach, ag an am céanna, gan saobhadh ar an margadh inmheánach a chruthú, go háirithe ar mhargaí iartheachtacha;

6. á chur i bhfáth go n-imeoidh an sásra i léig le himeacht ama mar thoradh ar iarrachtaí aeráide idirnáisiúnta leordhóthanacha, amhail praghsáil carbóin idirnáisiúnta atá láidir, forleathan agus comhsheasmhach agus teicneolaíochtaí, táirgí agus próisis táirgthe íseal-astaíochtaí atá go hiomlán iomaíoch; á mheas gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide a éilíonn réitigh dhomhanda agus á chreidiúint dá bhrí sin gur cheart don Aontas leanúint de bheith ag tacú le creat domhanda a bhunú do phraghsáil CO2 i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras; ag spreagadh an Choimisiúin an sásra a cheapadh le hamlíne shoiléir agus uaillmhianach maidir lena chur chun feidhme agus lena fhorbairt; á mheabhrú go bhfuil roinnt réitigh theicniúla maidir le CO2 a mhaolú fós ag an gcéim phíolótach agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh chun iad a fhorbairt a thuilleadh; á iarraidh thairis sin ar an gCoimisiún cosaint spriocdhírithe thráthúil ar sceitheadh carbóin a áirithiú do gach earnáil a mheastar a bheith i mbaol; á iarraidh ar an gCoimisiún ar deireadh an sásra a cheapadh mar chuid de phacáiste beartais cuimsitheach fadtéarmach atá comhsheasmhach le geilleagar glan atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de agus atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

7. á chur i bhfios go láidir thairis sin gur cheart an sásra a bheith mar chuid de shraith níos leithne beartas agus beart comhlántach a bhfuil sé mar aidhm leo infheistíochtaí i bpróisis thionsclaíocha ísealcharbóin a chumasú agus a chur chun cinn, déine astaíochtaí na tionsclaíochta a laghdú agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a dhreasú; á shonrú gur gá go mbeadh beartas tionsclaíoch atá uaillmhianach ó thaobh an chomhshaoil de, fónta ó thaobh an gheilleagair de, cóir ar bhonn sóisialta agus a neartaíonn athléimneacht agus iomaíochas domhanda ag gabháil leis an sásra; á mholadh, thairis sin, go dtacófaí le hathchóiriú stoc foirgneamh, ionadú amhábhar tógála, cur chun feidhme an tSásra um Aistriú Cóir agus dreasachtaí chun ábhair ísealcharbóin a cheannach tríd an soláthar poiblí, chomh maith le beartais láidre nuálaíocha poiblí lena n-eisiatar tacaíocht do theicneolaíochtaí gaibhnithe a úsáideann breosla iontaise; á chur i bhfáth gur gá breithniú a dhéanamh ar an ról comhlántach atá ag caighdeáin táirgí feabhsaithe i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta AE le haghaigh Geilleagar Ciorclach;

8. ag meabhrú na dtorthaí a bhain an tAontas amach leis na rialacha maidir le ceanglais táirgí agus lipéadú, rialacha a bhí in ann tomhaltas freagrach a spreagadh, saoránaigh na hEorpa a spreagadh, agus tacú le hiomaíochas tionsclaíoch agus nuálaíocht thionsclaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bheartais táirgí analógacha lena bhféadfaí caighdeáin nua a chur chun cinn agus príomh-mhargaí a chruthú le haghaidh táirgí agus teicneolaíochtaí ísealcharbóin atá tíosach ar acmhainní chun an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe a dhaingniú agus chun a ráthú go mbeidh drochthionchar úsáid táirgí ar an gcomhshaol a ísle is féidir;

9. ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh gníomhaíochtaí aeráide neamhshiméadracha ar fud an domhain, agus go háirithe an easpa gníomhaíochtaí uaillmhianacha ar son na haeráide ó chomhpháirtithe trádála Eorpacha, riosca an sceite carbóin a mhéadú, rud as a dtiocfadh méadú ar astaíochtaí domhanda agus míbhuntáiste iomaíoch ar mhargaí idirnáisiúnta do thionscal na hEorpa, agus go bhféadfaidís, dá bhrí sin, poist agus slabhraí luacha Eorpacha a chur i mbaol; á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar an mbrú eacnamaíoch atá ar thionscal na hEorpa mar gheall ar allmhairí saora ó chomhpháirtithe trádála agus ar ghéarchéim COVID-19; ag tathant, dá réir sin, ar an gCoimisiún cosaint aeráide agus cosaint ar sceitheadh carbóin níos spriocdhírithe agus níos éifeachtaí a áirithiú agus an sásra á cheapadh;

10. á chur i bhfáth go bhfuil cosc ar riosca sceite carbóin fite fuaite le homaíochas tionsclaíoch AE a chaomhnú agus le haistrithe astaíochtaí chuig tríú tíortha a sheachaint trí ghníomhaíochtaí tionsclaíocha, infheistíochtaí agus poist a ath-leithdháileadh; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí a dhéantar chun aon riosca sceite carbóin a chosc comhsheasmhach leis na spriocanna aeráide; á chur i bhfáth go bhfuil earnálacha straitéiseacha i gcontúirt faoi leith ó thaobh tionchair ar a n-aschur agus ar a n-acmhainneacht infheistíochta; á chur i bhfios go láidir gur gá measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hathshuí tionsclaíoch lasmuigh den Aontas agus seachfhoinsiú; á thabhairt chun suntais thairis sin gur gá dreasachtaí a chruthú do rialtais agus d’onnmhaireoirí tríú tíortha chun a n-astaíochtaí a laghdú;

11. á mheabhrú nach mór go mbeadh beartas aeráide agus beartas tionsclaíoch an Aontais agus cuspóir an Aontais fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chothabháil agus a mhéadú fite fuaite lena chéile; á chur i bhfáth nach mór aon sásra a chomhtháthú inár straitéis thionsclaíoch, ionas go ndéantar tionscal a dhreasú chun táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus iomaíoch a tháirgeadh;

12. á mholadh go mbunófaí sásra forchéimnitheach earnáilsonrach lena n-áireofaí ar dtús, tar éis measúnú tionchair críochnúil, earnálacha ina bhfuil an cion carbóin is airde agus an déine trádála is airde, amhail tionscail dianfhuinnimh na cruach, na stroighne agus an alúmanaim, earnáil na cumhachta, tionscail na bplaisteach, na gceimiceán agus na leasachán, sula méadófar é le himeacht ama; á chreidiúint go bhféadfadh dearadh den sórt sin frithbheart idirnáisiúnta a laghdú agus feidhmiú mar chéim tástála do thionscal na hEorpa; á chur i bhfáth, áfach, nár cheart saobhadh ar an margadh inmheánach ná ualach riaracháin iomarcach a bheith mar thoradh air sin, rud a d’fhéadfadh srian a chur le hiomaíocht mhargaidh atá cothrom, oscailte agus riailbhunaithe agus a d’fhéadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith aige ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), nó a d’fhéadfadh a bheith ina uirlis caomhnaitheachta;

Gnéithe trádála

13. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh an deis ag tionscal na hEorpa, lena n-áirítear FBManna, rochtain a fháil ar an slabhra soláthair domhanda agus ar mhargaí domhanda chun go bhfanfaidh siad iomaíoch; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionchar atá ag creimeadh an chórais trádála iltaobhaigh, méadú ar bhacainní trádála agus coinbhleachtaí trádála ar chomhardú trádála na hEorpa; á áitiú go ndearfaí an sásra ar bhealach lena laghdófar an baol go ndéanfaí díospóidí trádála a athnuachan; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún cur chuige iltaobhach a ghlacadh, gan dochar d’éifeachtacht an tsásra, trí idirphlé leanúnach lena chomhpháirtithe trádála idirnáisiúnta, go háirithe leo siúd ag a bhfuil cineálacha éagsúla cur chuige maidir le cosaint aeráide, agus é mar aidhm bearta frithbheartaíochta idirnáisiúnta in aghaidh AE a sheachaint;

14. ag tathant ar an gCoimisiún a chinntiú go mbeidh an sásra neamh-idirdhealaitheach agus comhoiriúnach le acquis EDT agus le forálacha i gcomhaontuithe trádála AE, de rogha trí leas a bhaint as Airteagail XX(b) agus (g) de Chomhaontú CGTT; ag spreagadh an Choimisiúin machaire comhréidh a áirithiú sa trádáil idirnáisiúnta, agus aird á tabhairt ar stádas AE mar an bloc trádála is mó ar domhan; á chur i bhfáth gur gá urraim chuí a thabhairt do na prionsabail a bhaineann le margadh domhanda atá saor agus cothrom;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chreat domhanda a chur chun cinn do phraghsáil CO2 agus de thrádáil a éascú i dteicneolaíochtaí cosanta aeráide agus comhshaoil, mar shampla trí thionscnaimh maidir leis an mbeartas trádála amhail Comhaontú EDT maidir le hEarraí Comhshaoil; á chur i bhfáth gur féidir leis an Aontas ról ceannródaíoch a bheith aige trí chaibidlí uaillmhianacha maidir le fuinneamh agus inbhuanaitheacht a chur san áireamh ina chomhaontuithe trádála;

Modheolaíocht

16. á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí le sásra dea-fheidhmiúil laghdú na n-astaíochtaí a allmhairítear isteach san Aontas agus go dtabharfaí an chosaint aeráide is éifeachtaí i gcoinne riosca sceite carbóin leis, agus rialacha EDT á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur cheart an sásra a cheapadh ar bhealach lena n-áiritheofaí a chur i bhfeidhm éifeachtach agus simplí agus ag an am céanna lena gcoiscfí iompar imchéimnithe amhail acmhainní a athdháileadh nó táirgí leathchríochnaithe nó táirgí deiridh nach gcumhdaítear faoin sásra a allmhairiú;

17. á chreidiúint gur cheart cion carbóin iarbhír earraí allmhairithe a chur san áireamh sa mhodh ríofa a mhéid is féidir ach gan deacrachtaí ná míbhuntáistí breise a chruthú do thionscal na hEorpa ag an am céanna; ag tabhairt dá haire na deacrachtaí a bhaineann le sonraí fíoraithe agus iontaofa a bhailiú maidir le cion carbóin táirgí deiridh nó idirmheánacha mar gheall ar shlabhraí luacha idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar indéantacht theicniúil agus infhaighteacht sonraí iontaofa ó allmhaireoirí agus ó onnmhaireoirí, e.g. trí fhéachaint ar acmhainneacht ardteicneolaíochtaí amhail blocshlabhra, agus réitigh a mholadh más gá; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé córas críochnúil faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bhunú chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht an tsásra; á mheas go bhféadfaí féachaint ar fhíorú neamhspleách tríú páirtí mar uirlis chun iontaofacht na sonraí a áirithiú;

18. á iarraidh ar an gCoimisiún comhairle agus tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do thionscail sa bhaile agus thar lear, go háirithe do FBManna, chun córais chuntasaíochta iontaofa a chur ar bun maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa le haghaidh allmhairí chun tionscal Eorpach láidir a chothabháil gan bacainní teicniúla a chur ar chomhpháirtithe trádála; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh cead ag allmhaireoirí cion ísealcharbóin a dtáirgí a léiriú, lena dtabharfar deis dóibh a n-íocaíochtaí carbóin a ísliú nó a dhíolmhú i gcás na dtáirgí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún indéantacht agus comhoiriúnacht le scéim AE i ndáil le trádáil astaíochtaí a ráthú;

19. ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár cheart go gcruthódh an sásra míbhuntáistí iomaíochta i measc ábhair iomaíocha chun iomaíocht éagórach ar an margadh Eorpach a chosc; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh na hábhair is neamhdhíobhálaí don aeráid thíos le míbhuntáistí iomaíochta;

20. á chreidiúint gur cheart a chur san áireamh sa sásra cásanna sonracha na dtíortha is lú forbairt nár chuir go mór le hastaíochtaí go stairiúil; á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfí bac ar a bhforbairt inbhuanaithe ná go ndéanfaí an staid ina bhfuil siad níos measa arís le hathshuíomh tionscal truaillithe a dhéanann dochar don chomhshaol agus do phobail áitiúla;

21. á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an bhféidearthacht go dtosófaí ar an sásra a chur chun feidhme agus lámháltais shaora a chéimniú amach de réir a chéile, a choinneofaí le linn idirthréimhse go dtí go dtabharfar an sásra isteach de réir a chéile agus go mbeidh sé éifeachtúil; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh aon chosaint dhúbailte ann agus gur gá go mbeadh an sásra comhoiriúnach le EDT;

22. á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhféadfaí lacáistí onnmhairiúcháin atá go hiomlán comhoiriúnach le EDT a bhunú do na gníomhaithe tionsclaíocha is fearr maidir le héifeachtúlacht carbóin i gceapadh an tsásra;

23. á chur i bhfios go láidir, i gcomhréir lena rún an 14 Samhain 2018 dar teideal ‘Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – Seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú’[11] agus lena rún reachtach arna ghlacadh i seisiún iomlánach an 16 Meán Fómhair 2020 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh[12], go measfar gur acmhainní dílse Eorpacha iad na hacmhainní a ghinfear leis an sásra;

24. á iarraidh ar an gCoimisiún gné shóisialta an tsásra a chur san áireamh sa togra a bheidh aige amach anseo chun comhroinnt chothrom an ualaigh a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh praghsanna táirgí níos airde do thomhaltóirí a bheith mar thoradh ar an sásra; á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfí ualach níos mó ar chumhacht ceannaigh tomhaltóirí, go háirithe orthu siúd ar ioncam íseal; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar chaighdeáin mhaireachtála, go háirithe i gcás grúpaí leochaileacha agus sna Ballstáit a bhraitheann go mór ar allmhairí ó thríú tíortha, agus bearta éifeachtacha a dhéanamh chun tacú le teaghlaigh ar ioncam íseal agus oibriú chun an riosca go dtiocfadh méadú ar phraghas earraí allmhairithe de thoradh chur chun feidhme an tsásra a chúiteamh;

25. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh ar na roghanna uile atá ar fáil do shásraí, dearaí agus roghanna éagsúla sula dtíolacfaidh sé togra reachtach, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a dhreasaíonn siad gníomhaíocht idirnáisiúnta ar son na haeráide agus a mhéid a chuireann siad cosc ar riosca sceite carbóin agus infheistíochta agus chun féachaint cén ionstraim a bhainfeadh an uaillmhian dhomhanda aeráide amach ar an mbealach is éifeachtaí; á mholadh don Choimisiún a chinntiú go mbeidh an cuspóir maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 mar phríomhghné agus foirm an tsásra á roghnú;

26. á iarraidh ar an gCoimisiún, ina mheasúnú tionchair, bearta a shainaithint le haghaidh earnálacha ina bhfuil an baol is mó maidir le sceitheadh carbóin agus iomaíochas na n-earnálacha sin á chur san áireamh ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí an tsásra ar chomhpháirtithe trádála, lena n-áirítear ár dtíortha comharsanachta agus tíortha i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin torthaí an mheasúnaithe tionchair a chur ar fáil don phobal a luaithe is féidir, agus sula bhfoilseofar a thogra reachtach;

27. á iarraidh go ndéanfar meastóireacht speisialta ar thionchar an tsásra ar FBManna agus ar iomaíocht laistigh den mhargadh inmheánach; á iarraidh go gcruthófaí, más gá, sásra tacaíochta do FBManna ionas go mbeidh siad in ann iad féin a chur in oiriúint go rathúil do réaltacht nua an mhargaidh, agus ar an gcaoi sin nach mbeadh siad thíos le cleachtais éagóracha ag gníomhaithe móra sa mhargadh;

28. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé chun a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht ar shaoránaigh Eorpacha agus ar a leasanna agus maidir lena rannchuidiú le tosaíochtaí AE a bhaint amach amhail cosaint aeráide, fás inbhuanaithe agus iomaíochas idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Pharlaimint a rannpháirtiú go hiomlán, mar chomhreachtóir, sa phróiseas reachtach chun an sásra a bhunú.


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

15.12.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

32

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

François Alfonsi, Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Manuel Bompard, Paolo Borchia, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Carlo Calenda, Andrea Caroppo, Maria da Graça Carvalho, Ciarán Cuffe, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Valter Flego, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Jens Geier, Nicolás González Casares, Bart Groothuis, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Eva Maydell, Joëlle Mélin, Iskra Mihaylova, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Mikuláš Peksa, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Jérôme Rivière, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Damien Carême, Eleonora Evi, Klemen Grošelj, Alicia Homs Ginel, Elena Lizzi

 

 


 

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

EPP

François-Xavier Bellamy

S&D

Carlo Calenda, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Alicia Homs Ginel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

RENEW

Nicola Beer, Nicola Danti, Valter Flego, Claudia Gamon, Klemen Groselj, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Iskra Mihaylova, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen

Greens

François Alfonsi, Damien Carême, Ciarán Cuffe, Eleonora Evi, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Mikuláš Peksa, Marie Toussaint

GUE

Manuel Bompard

NI

Clara Ponsatí Obiols

 

32

-

EPP

Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar Del Castillo Vera, Christian Ehler, András Gyurk, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

ID

Paolo Borchia, Markus Buchheit, Elena Lizzi, Isabella Tovaglieri

ECR

Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Robert Roos, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski, Evžen Tošenovský

NI

Andrea Caroppo

 

4

0

RENEW

Bart Groothuis

ID

Thierry Mariani, Joëlle Mélin, Jérôme Rivière

 

Key to symbols:

+ : in favour

- : against

0 : abstention

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Date adopted

5.2.2021

 

 

 

Result of final vote

+:

–:

0:

58

8

10

Members present for the final vote

Nikos Androulakis, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurélia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Eleonora Evi, Agnès Evren, Pietro Fiocchi, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Karin Karlsbro, Petros Kokkalis, Joanna Kopcińska, Ryszard Antoni Legutko, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ştefan Motreanu, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Ivan Vilibor Sinčić, Linea Søgaard-Lidell, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Substitutes present for the final vote

Manuel Bompard, István Ujhelyi, Inese Vaidere

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

58

+

NI

Ivan Vilibor Sinčić

PPE

Traian Băsescu, Alexander Bernhuber, Nathalie Colin-Oesterlé, Christian Doleschal, Agnès Evren, Adam Jarubas, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Dolors Montserrat, Dan-Ştefan Motreanu, Ljudmila Novak, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Edina Tóth, Inese Vaidere, Pernille Weiss, Michal Wiezik

Renew

Pascal Canfin, Martin Hojsík, Jan Huitema, Karin Karlsbro, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Nicolae Ştefănuță, Linea Søgaard-Lidell, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir

S&D

Nikos Androulakis, Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Cyrus Engerer, Jytte Guteland, Javi López, César Luena, Alessandra Moretti, Günther Sidl, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Tiemo Wölken

The Left

Malin Björk, Petros Kokkalis, Silvia Modig, Mick Wallace

Verts/ALE

Margrete Auken, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly Metz, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus

 

8

-

ECR

Sergio Berlato, Pietro Fiocchi, Joanna Kopcińska, Ryszard Antoni Legutko, Rob Rooken, Alexandr Vondra, Anna Zalewska

The Left

Manuel Bompard

 

10

0

ID

Simona Baldassarre, Aurelia Beigneux, Marco Dreosto, Catherine Griset, Teuvo Hakkarainen, Joëlle Mélin, Luisa Regimenti, Silvia Sardone

PPE

Esther de Lange

Renew

Andreas Glück

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

[1] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0206.

[2] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0078.

[3] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.

[4] Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (An Dlí Aeráide Eorpach) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0253.

[5] An Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO), Statement on the State of the Global Climate in 2019 [Ráiteas maidir le Staid na hAeráide Domhanda in 2019].

[6] Fezzigna, P., Borghesi, S., Caro, D., Revising Emission Responsibilities through Consumption-Based Accounting: A European and Post-Brexit Perspective [Athbhreithniú a dhéanamh ar Fhreagrachtaí maidir le hAstaíochtaí trí Chuntasaíocht atá Bunaithe ar Thomhaltas: Dearcadh Eorpach agus Dearcadh tar éis Brexit] in Sustainability, 17 Eanáir 2019.

[7] Féach Tuarascáil Speisialta Uimh. 18/2020 ó CIE.

[8] An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), CO2 emissions embodied in international trade and domestic final demand: methodology and results using the OECD inter-country input-output database [Astaíochtaí CO2 atá corpraithe sa trádáil idirnáisiúnta agus éileamh deiridh inmheánach: an mhodheolaíocht agus na torthaí lena n-úsáidtear bunachar sonraí ECFE ionchuir-aschuir idir tíortha], an 23 Samhain 2020.

[9] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0358.

[10] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0220.

[11] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0449.

[12] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0220.

An nuashonrú is déanaí: 26 Feabhra 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais