Tuarascáil - A9-0020/2021Tuarascáil
A9-0020/2021

TUARASCÁIL maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Carles Puigdemont i Casamajó a tharscaoileadh

24.2.2021 - (2020/2024(IMM))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir don tuairim: Angel Dzhambazki

Nós Imeachta : 2020/2024(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0020/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0020/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Carles Puigdemont i Casamajó a tharscaoileadh

(2020/2024(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh na díolúine a fuarthas an 13 Eanáir 2020 agus a tharchuir Uachtarán Tribunal Supremo (Cúirt Uachtarach) na Spáinne agus a rinne Uachtarán an Dara Seomra de Tribunal Supremo na Spáinne i dtaca le himeachtaí speisialta Uimh. 3/20907/2017 an 10 Eanáir 2020; ag féachaint d’fhógairt na hiarrata sin ar tharscaoileadh díolúine i seisiún iomlánach an 16 Eanáir 2020,

 tar éis éisteacht a thabhairt do Carles Puigdemont i Casamajó, i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

 ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019[1],

 ag féachaint do chinneadh ó Junta Electoral Central (Bord Lárnach Toghcháin) na Spáinne an 13 Meitheamh 2019[2],

 ag féachaint don fhógairt a rinneadh i seisiún iomlánach an 13 Eanáir 2020 gur thug Parlaimint na hEorpa dá haire, tar éis bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 19 Nollaig 2019, gur toghadh Carles Puigdemont i Casamajó ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 2 Iúil 2019,

 ag féachaint d’Airteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne,

 ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0020/2021),

A. de bhrí gur iarr Uachtarán an Dara Seomra de Tribunal Supremo na Spáinne díolúine Carles Puigdemont i Casamajó, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tarscaoileadh, ag féachaint d’fhomhír 1(b) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh i dtaca le himeachtaí speisialta Uimh. 3/20907/2017 – na himeachtaí coiriúla maidir le cion líomhnaithe na ceannairce, mar a leagtar síos in Airteagail 544 agus 545 de Chód Coiriúil na Spáinne, agus maidir le cion na mí-úsáide i ndáil le cistí poiblí, mar a leagtar síos in Airteagal 432 de Chód Coiriúil na Spáinne i gcomhar le hAirteagal 252 de;

B. de bhrí go líomhnaítear gur in 2017 a rinneadh na gníomhaíochtaí atá faoi réir ionchúisimh; de bhrí gur eisíodh an t-ordú ionchúisimh sa chás seo an 21 Márta 2018 agus gur deimhníodh trí orduithe é ina dhiaidh sin ina ndearnadh achomhairc a dhíbhe; de bhrí gur cuireadh deireadh leis an imscrúdú le hordú an 9 Iúil 2018 agus gur deimhníodh go críochnaitheach é an 25 Deireadh Fómhair 2018; de bhrí gur ndearnadh dearbhú, le hordú an 9 Iúil 2018, i leith Carles Puigdemont i Casamajó, i measc daoine eile, go raibh díspeagadh cúirte déanta aige agus go ndearnadh cinneadh bac a chur ar imeachtaí i dtaca leis agus le daoine eile go dtí gur thángthas orthu;

C. de bhrí gur thug Parlaimint na hEorpa dá haire, tar éis bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 19 Nollaig 2019, gur toghadh Carles Puigdemont i Casamajó ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 2 Iúil 2019,

D. de bhrí gur baineadh amach an stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa le héifeacht ón 13 Meitheamh 2019; de bhrí go mbaineann an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, dá bhrí sin, le fíorais agus le hionchúiseamh a tharla sular baineadh amach an stádas agus, dá bhrí sin, an díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

E. de bhrí gur thug an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla dá aire na doiciméid a thíolaic Carles Puigdemont i Casamajó do Chomhaltaí an Choiste de bhun Riail 9(6) de na Rialacha Nós Imeachta, ar doiciméid iad a mheas sé a bheith ábhartha don nós imeachta;

F. de bhrí gurb iad údaráis na mBallstát a chinneann a iomchuí atá na himeachtaí cúirte;

G. de bhrí nach faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé tuillteanais na gcóras dlíthiúil agus breithiúnach náisiúnta a cheistiú;

H. de bhrí nach bhfuil aon inniúlacht ag Parlaimint na hEorpa measúnú nó ceistiú a dhéanamh i leith dhlínse na n-údarás breithiúnach náisiúnta atá i gceannas ar na himeachtaí coiriúla atá á mbreithniú;

I. de bhrí, i gcomhréir le dlí na Spáinne, arna léirmhíniú ag na cúirteanna náisiúnta agus mar a chuir an Ballstát i dtrácht in iúl do Pharlaimint na hEorpa, gurb é an Dara Dlísheomra Coiriúil de Tribunal Supremo na Spáinne an t-údarás atá inniúil ar tharscaoileadh díolúine Feisire de Pharlaimint na hEorpa a iarraidh;

J. de bhrí nach mbaineann na himeachtaí le tuairimí arna dtabhairt nó vótaí arna gcaitheamh le linn d’Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a chuid dualgas a chomhlíonadh chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

K. de bhrí go sonraítear i bhfomhír 1(a) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;

L. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 71(1) agus (2) de Bhunreacht na Spáinne an méid seo a leanas:

‘1. Beidh pribhléid iomlán ag teachtaí agus ag seanadóirí i ndáil le tuairimí a nochtar le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh;

2. Le linn a dtéarma oifige, beidh díolúine freisin ag teachtaí agus ag seanadóirí agus ní fhéadfar iad a ghabháil ach amháin má fhaightear iad i mbun cion a dhéanamh. Ní féidir iad a chúiseamh ná a ionchúiseamh gan údarú roimh ré ón dlísheomra dlíthiúil ábhartha’;

M. de bhrí go gcuirtear in iúl leis an iarraidh ar tharscaoileadh díolúine, i ndáil le cur i bhfeidhm Airteagal 71 de Bhunreacht na Spáinne agus, go sonrach, céim sin na n-imeachtaí nach gá údarú parlaiminteach a iarraidh dá héis chun imeachtaí coiriúla a dhéanamh i gcoinne duine atá cúisithe agus a fhaigheann an stádas mar chomhalta parlaiminte, nach bhfuil gá le hiarraidh ar tharscaoileadh i gcásanna ina bhfaightear an stádas mar fheisire parlaiminte le linn do thriail a osclaíodh roimhe sin a bheith ar siúl nó i gcásanna ina dtéann feisire parlaiminte i mbun oifige tar éis dó nó di a bheith ionchúisithe go foirmiúil; de bhrí nach gá, dá bhrí sin, tarscaoileadh díolúine a iarraidh faoi fhomhír 1(a) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh ionas go ndéanfar bearta i gcríoch na Spáinne;

N. de bhrí nach faoi Pharlaimint na hEorpa atá sé léirmhíniú a thabhairt ar rialacha intíre maidir le pribhléidí agus díolúintí Fheisirí Pharlaimint na hEorpa;

O. de bhrí go sonraítear i bhfomhír 1(b) d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil díolúine ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch aon Bhallstáit eile, ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla;

P. de bhrí gur ordaigh an Dara Seomra de Tribunal Supremo na Spáinne an 14 Deireadh Fómhair 2019 go n-eiseofar an méid seo a leanas ‘ionas go dtionscnófar imeachtaí coiriúla [...] mar is iomchuí: barántas gabhála náisiúnta, barántas gabhála Eorpach nó barántas gabhála idirnáisiúnta chun críocha eiseachadta’ i leith Carles Puigdemont i Casamajó, ar deimhníodh go raibh díspeagadh cúirte déanta aige; de bhrí, mar a míníodh san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, gur diúltaíodh don achomharc i gcoinne an chinnidh sin an 10 Eanáir 2020 maidir le cúlghairm na ‘mbarántas ábhartha náisiúnta cuardaigh, gabhála agus coinneála, mar aon leis na barántais ghabhála idirnáisiúnta agus Eorpacha’ agus gur seasadh le ‘hordú an 14 Deireadh Fómhair 2019 agus rialú an 18 Deireadh Fómhair 2018, [...] de bhun an léirmhínithe a thug CBAE i mbreithiúnas uaidh an 19 Nollaig 2019 ina n-aithnítear pribhléidí agus díolúintí an achomharcóra nó na n-achomharcóirí faoi Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann le Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ina gcáil mar Fheisire nó Feisirí de Pharlaimint na hEorpa’, agus cinneadh freisin iarraidh a dhéanamh go dtarscaoilfidh Parlaimint na hEorpa díolúine Carles Puigdemont i Casamajó ‘chun leanúint ar aghaidh le forghníomhú an bharántais ghabhála Eorpaigh nó na mbarántas gabhála Eorpach a eisíodh’ agus chun an t-údarás forghníomhaithe sa Bheilg a chur ar an eolas faoi sin;

Q. de bhrí, de bhun Riail 9(8) de na Rialacha Nós Imeachta, nach ndéanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt i dtaobh chiontacht nó éigiontacht an Fheisire, ná ní dhéanfaidh sé tuairim a thabhairt i dtaobh an údar maith ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear i leith an Fheisire, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an Coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis;

R. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach, ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;

S. de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

T. de bhrí gur léir nach bhfuil baint dá laghad ag an gcúiseamh le post Carles Puigdemont i Casamajó mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ach go mbaineann sé leis an bpost a bhí aige roimhe sin mar Uachtarán ar Generalitat (Rialtas) na Catalóine;

U. de bhrí gur duine é Carles Puigdemont i Casamajó as measc grúpa daoine aonair atá sa staid céanna, is é sin go bhfuil siad á n-ionchúiseamh agus á gcúiseamh as na cionta i dtrácht, agus gurb é an t-aon difríocht go bhfuil díolúine mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa aige faoi láthair; de bhrí gur cheart a chur san áireamh, mar sin, nach é Carles Puigdemont i Casamajó an t-aon duine atá á ionchúiseamh sa chás atá i dtrácht;

V. de bhrí go ndearnadh na fíorais inchoiritheacha in 2017 agus gur tionscnaíodh na himeachtaí coiriúla i dtrácht i gcoinne Carles Puigdemont i Casamajó in 2018; de bhrí nach féidir a mhaíomh, ar an mbonn sin, gur seoladh na himeachtaí breithiúnacha leis an intinn go gcuirfí bac ar ghníomhaíocht pholaitiúil Carles Puigdemont i Casamajó mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa lá is faide anonn, ós amhlaidh, an uair sin, go raibh a stádas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa fós hipitéiseach agus le teacht;

W. de bhrí, sa chás seo, mar sin, nár tháinig Parlaimint na hEorpa ar aon fhianaise go raibh fumus persecutionis ann, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios gurb é is intinn fholuiteach leis an imeacht dhlíthiúil dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil Feisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1. á chinneadh díolúine Carles Puigdemont i Casamajó a tharscaoileadh faoi fhomhír 1(b) d’Airteagal 9 de  Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Spáinne agus chuig Carles Puigdemont i Casamajó.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta a ghlactha

23.2.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

15

8

2

Na Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Manon Aubry, Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Ibán García Del Blanco, Jean-Paul Garraud, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Sergey Lagodinsky, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Ernő Schaller-Baross, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, Marie Toussaint, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Daniel Buda, Andrzej Halicki, Emil Radev, Kosma Złotowski

 

 

An nuashonrú is déanaí: 26 Feabhra 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais