Tuarascáil - A9-0045/2021Tuarascáil
A9-0045/2021

MOLADH DON DARA LÉAMH ar sheasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

17.3.2021 - (12262/2020 – C9‑0011/2021 – 2017/0237(COD)) - ***II

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Bogusław Liberadzki


Nós Imeachta : 2017/0237(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0045/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0045/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar sheasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (athmhúnlú) (12262/2020 – C9-0011/2021 – 2017/0237(COD))

 

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do sheasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (12262/2020 – C9‑0011/2021),

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2018[1],

 tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

 ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh[2] ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2017)0548),

 ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0045/2021),

1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


RÉASÚNÚ GEARR

Cúlra

An 27 Meán Fómhair 2017, mhol an Coimisiún Eorpach athmhúnlú a dhéanamh ar Rialachán 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid d’fhonn cosaint níos fearr a thabhairt do thaistealaithe traenach i gcás moilleanna, cealuithe nó idirdhealú.

An 9 Deireadh Fómhair 2018, ghlac Coiste TRAN a thuarascáil ar an gcéad léamh le 39 vóta i bhfábhar, 2 i gcoinne agus 6 staonadh. Glacadh seasamh ón bParlaimint ar an gcéad léamh sa suí iomlánach an 15 Samhain 2018 le 533 vóta i bhfábhar, 37 i gcoinne agus 47 staonadh. Ag tús théarma parlaiminteach nua an 24  Meán Fómhair 2019, ghlac Coiste TRAN cinneadh chun tús a chur le caibidlíochtaí idirinstitiúideacha ar bhonn na tuarascála ar an gcéad léamh le 47 vóta i bhfábhar, 0 i gcoinne agus 0 staonadh.

Ar thaobh na Comhairle, ghlac sí a cur chuige ginearálta maidir leis an gcaibidlíocht an 2 Nollaig 2019.

Cuireadh tús le caibidlíocht idirinstitiúideach an 28 Eanáir 2020, le linn Uachtaránacht na Cróite agus tugadh i gcrích go rathúil í an 1 Deireadh Fómhair 2020, le linn Uachtaránacht na Gearmáine, i ndiaidh ceithre chruinniú thríthaobhacha. An 21 Deireadh Fómhair 2020, d’fhormhuinigh Coreper an comhaontú sealadach agus ghlac Coiste TRAN é an 29 Deireadh Fómhair 2020 le 38  vóta i bhfábhar, 7 i gcoinne agus 4 staonadh.

Tar éis fíorú dlítheangeolaíoch, ghlac an Chomhairle a céad seasamh ar an gcéad léamh go foirmiúil an 25 Eanáir i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach. Tugtar cuireadh do Pharlaimint na hEorpa anois dul ar aghaidh leis an dara léamh agus glacadh leis an seasamh ón gComhairle chun an comhaontú a dhearbhú.

 

Príomhghnéithe an chomhaontaithe

Cuireann an comhaontú a thángthas air feabhas suntasach ar fhorálacha an Rialacháin atá ann faoi láthair maidir le roinnt saincheisteanna amhail an méid seo a leanas:

- Beidh corás iomlán i bhfeidhm anois do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (PRManna), ar daoine iad a mbeidh ar a gcumas taisteal le cúnamh ón 30 Meitheamh 2026 ar aghaidh tar éis dóibh réamhfhógra 24 uair an chloig a thabhairt, i gcomparáid le réamhfhógra 48 uair an chloig a bhí orthu a thabhairt go dtí seo. Beidh réamhfhógra 36 uair an chloig i bhfeidhm idir an dá linn. Beidh PRManna in ann taisteal saor in aisce le duine tionlacain nó le madra cuidithe más gá.

- Má tharlaíonn moilleanna 100 nóiméad nó os a chionn sin, beidh sé d’oibleagáid ar oibreoirí iarnróid roghanna athródaithe a thairiscint do phaisinéirí is cuma cad iad na himthosca agus cabhrú leo na modhanna malartacha is fearr a aimsiú, mar is amhlaidh i gcás aeriompróirí. I gcás inar gá, soláthrófar béilí agus sóláistí agus aisíocfar costais lóistín.

- Tugadh forálacha sonraithe nua maidir le rothair isteach ina bhfuil sé d’oibleagáid ar oibreoirí iarnróid spásanna tiomnaithe do rothair a chur ar fáil:  caithfear gach rothstoic nua agus cinn athchóirithe a fheistiú le ar laghad ceithre spás do rothair, leis an bhféidearthacht tuilleadh spásanna a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh údar cuí le diúltú do rothair a iompair ar thraein ar leith agus ba cheart go mbeadh féidearthacht ann do phaisinéirí aisíocaíocht a fháil nuair a tharlaíonn a leithéid.

- Tugadh oibleagáid isteach go mbeidh ar oibreoirí tréthicéid a thairiscint do thurais atá comhdhéanta de sheirbhísí iarnróid leanúnacha . Beidh feidhm aici sin ó dháta a cur i bhfeidhm do sheirbhísí idirnáisiúnta agus fad-achair agus tar éis cúig bliana do sheirbhísí réigiúnacha.

- Neartaíodh forálacha foriomlána maidir le soláthar faisnéise do phaisinéirí, go háirithe i gcás moilleanna nuair a bheidh an oibleagáid chun paisinéirí a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairtí chomh luath a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil éigeantach.

Cuireadh clásal force majeure sa téacs atá comhchosúil lena bhfuil i bhfeidhm d’aerphaisinéirí ach cuireadh forálacha an-mhionsonraithe leis chun go seachnófaí tuiscint róscaoilte. Bheadh feidhm aige i gcás imeachtaí gan choinne amhail dálaí adhaimsire, mórthubaistí nádúrtha, nó géarchéim mhór nó ráig mhór sláinte poiblí, agus dhéanfaí an oibleagáid atá ar oibreoirí suimeanna cúitimh a íoc de bharr moilleanna a urscaoileadh ach bheadh feidhm fós ag oibleagáidí eile chun cuidiú le paisinéirí agus ag clásail aisíocaíochta eile.

Beidh feidhm ag na rialacha nua i gceann dhá bhliain. Le linn na caibidlíochta tríthaobhaí, comhaontaíodh síneadh críochnaitheach cúig bliana a chur le maoluithe reatha ar sheirbhísí iarnróid intíre i gcás na mBallstát sin a bhfuil na maoluithe sin á n-úsáid acu. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin, faoi chúinsí sonracha, seirbhísí trasteorann réigiúnacha, uirbeacha agus fo-uirbeacha a dhíolmhú i bpáirt. Mar sin féin, ní féidir díolmhaithe a chur i bhfeidhm i gcás na bhforálacha maidir le paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, i gcás rothar, tréthicéad agus athródú ó sheirbhísí trasteorann.

 

Moladh

Ós rud é go bhfuil an seasamh ón gComhairle i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach a tugadh chun críche le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí, molann an Rapóirtéir é a fhormheas gan leasuithe.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Cearta agus oibleagáidí na bpaisinéirí iarnróid (athmhúnlú)

Tagairtí

12262/1/2020 – C9-0011/2021 – 2017/0237(COD)

Dáta don chéad léamh ag an bParlaimint – P uimhir

15.11.2018 T8-0462/2018

Togra ón gCoimisiún

COM(2017)0548 - C8-0324/2017

Fógra sa suí iomlánach go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

11.2.2021

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

11.2.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Bogusław Liberadzki

25.10.2017

 

 

 

Pléite sa choiste

19.2.2020

13.7.2020

12.10.2020

24.2.2021

Dáta a ghlactha

16.3.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

36

6

4

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, João Ferreira, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Paolo Borchia, Brice Hortefeux, Robert Roos

Dáta don chur síos

17.3.2021

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACHL SA CHOISTE FREAGRACH

36

+

ECR

Peter Lundgren, Robert Roos, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

ID

Paolo Borchia, Marco Campomenosi, Lucia Vuolo

NI

Mario Furore

PPE

Magdalena Adamowicz, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Brice Hortefeux, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

Renew

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Petar Vitanov

 

6

-

The Left

Kateřina Konečná

Verts/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz

 

4

0

ID

Julie Lechanteux, Philippe Olivier

The Left

João Ferreira, Elena Kountoura

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 31 Márta 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais