Tuarascáil - A9-0050/2021Tuarascáil
A9-0050/2021

TUARASCÁIL maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Lívia Járóka

22.3.2021 - (2020/2198(IMM))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Stéphane Séjourné

Nós Imeachta : 2020/2198(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0050/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0050/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Lívia Járóka

(2020/2198(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Lívia Járóka ón Ionchúisitheoir Ginearálta in Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i gCúirt Achomhairc na Bruiséile dar dáta an 9 Iúil 2020 agus a cuireadh in iúl don suí iomlánach an 14 Meán Fómhair 2020,

 ag féachaint don fhíoras gur tharscaoil Lívia Járóka a ceart chun éisteachta de bhun Riail 9(6) de na Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim maidir le toghadh Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,

 ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019[1],

 ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0050/2021),

A. de bhrí go ndearna an tIonchúisitheoir Ginearálta in oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i gCúirt Achomhairc na Bruiséile iarraidh ar tharscaoileadh dhíolúine Lívia Járóka, Feisire de Pharlaimint na hEorpa atá tofa don Ungáir, maidir le sárú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 11(1) d’Ordú Ríoga na Beilge an 1 Nollaig 1975 lena leagtar síos na rialacha ginearálta maidir le póilíneacht a dhéanamh ar an trácht ar bhóithre agus ar úsáid bóithre poiblí, agus Airteagal 29(3) de Rialachán an 16 Márta 1968 maidir le póilíneacht a dhéanamh ar an trácht ar bhóithre; de bhrí, go háirithe, go mbaineann an sárú le tiomáint róghasta;

B. de bhrí, an 17 Samhain 2018 ag 10:30, gur thaifead ceamara suite luais in Uccle/Ukkel, a bhí ag feidhmiú gan oifigeach forfheidhmithe dlí i láthair, sárú ar an uasluas ceadaithe ag feithicil a bhí cláraithe in ainm Lívia Járóka; de bhrí gur cuireadh tuairisc oifigiúil i dtoll a chéile agus gur cuireadh cóip di in éineacht le foirm freagra chuig Lívia Járóka an 29 Samhain 2018; de bhrí, chun a chinneadh arbh í Lívia Járóka tiománaí na feithicle i dtrácht, go ndearna Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí iarracht í a cheistiú cúpla uair ach nár éirigh leo; de bhrí nár thug Lívia Járóka a seoladh baile sa Bheilg chun rialtachta de réir Sheirbhís Prótacail na Seirbhíse Poiblí Cónaidhme um Ghnóthaí Eachtracha; de bhrí gur cuireadh an comhad chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí sa Bhruiséil cúig lá déag i ndiaidh do chóip den tuairisc oifigiúil a bheith seolta;

C. de bhrí, faoin gcéad fhomhír d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar d’fheisirí parlaiminte an Stáit sin, agus, i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla;

D. de bhrí, ar thaobh amháin, nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról na cúirte a ghlacadh agus, ar an taobh eile, nach féidir an Feisire a mheas, i gcomhthéacs nós imeachta maidir le tarscaoileadh díolúine, mar ‘dhuine cúisithe’[2];

E. de bhrí gur faoi Pharlaimint na hEorpa amháin atá sé a chinneadh cibé acu a tharscaoilfidh nó nach dtarscaoilfidh sí díolúine i gcás ar leith; de bhrí gur féidir le Parlaimint na hEorpa seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach le linn di a chinneadh cibé acu a dhéanfaidh sí nó nach ndéanfaidh sí a dhíolúine nó a díolúine a tharscaoileadh[3];

F. de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe go díreach ná go soiléir le cur i gcrích a cuid dualgas ag Lívia Járóka mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ná nach ionann é agus tuairim a thugtar nó vóta a chaitear le linn di a cuid dualgas a chur i gcrích mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, de réir Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

G. de bhrí, sa chás seo, nach raibh Parlaimint na hEorpa in ann a shuí arbh ann do fumus persecutionis, i.e. amhras tromchúiseach agus beacht go leor gur tionscnaíodh an nós imeachta lena mbaineann agus é ar intinn leis damáiste polaitiúil a dhéanamh don Fheisire;

1. ag cinneadh díolúine Lívia Járóka a tharscaoileadh;

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis inniúla na Bruiséile agus chuig Lívia Járóka.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

18.3.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

0

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Manon Aubry, Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Jiří Pospíšil, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, Marie Toussaint, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Patrick Breyer, Andrzej Halicki, Heidi Hautala, Ilhan Kyuchyuk, Antonius Manders, Sabrina Pignedoli, Jérôme Rivière, Nacho Sánchez Amor

 

 

An nuashonrú is déanaí: 22 Márta 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais