Tuarascáil - A9-0052/2021Tuarascáil
A9-0052/2021

TUARASCÁIL maidir le hathbhreithniú Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

24.3.2021 - (2020/2087(INI))

An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéir: Younous Omarjee

Nós Imeachta : 2020/2087(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0052/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0052/2021
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le hathbhreithniú Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

(2020/2087(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 174, 175, 212(2) agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus do na leasuithe ina dhiaidh sin air an 15 Bealtaine 2014 agus an 20 Márta 2020[1],

 ag féachaint do na tuarascálacha go léir a d’fhoilsigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, agus go háirithe tuarascáil uaidh an 31 Márta 2014 dar teideal ‘Athrú Aeráide 2014: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht’,

 ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a síníodh an 22 Aibreán 2016,

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2013 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm[2],

 ag féachaint do rún uaithi an 1 Nollaig 2016 dar teideal ‘Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh: measúnú’[3],

 ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 15 Bealtaine 2019 maidir le hathbhreithniú Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 2002-2017 (SWD(2019)0186),

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí[4],

 ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[5],

 ag féachaint do sheasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Márta 2020 ar an togra le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí (COM(2020)0114),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0052/2021),

A. de bhrí go soláthraíonn Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle tar éis na mórthuilte a bhuail lár na hEorpa in 2002 cúnamh airgeadais do Bhallstáit agus do thíortha aontachais ar bhuail mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste réigiúnach nó móréigeandálaí sláinte poiblí iad; de bhrí gur fíor-bhreisluach AE é CDAE agus go bhfuil toil ann chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis na daoine atá ina gcónaí i réigiúin AE atá buailte ag tubaistí den sórt sin;

B. de bhrí gur chuir an Parlaimint na hEorpa i bhfios, i rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac, nach bhfuil an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit ina rogha, ach go deimhin ina hoibleagáid a eascraíonn as inter alia Airteagail 2 agus 21 de Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus gur colún í de na luachanna atá i bpáirt againn le AE mar a leagtar amach in Airteagal 3 CAE iad; de bhrí, sa rún céanna, go n-iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gach comhpháirt dá shásraí bainistithe géarchéime agus dá shásraí freagartha ar thubaistí a neartú;

C. ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go gcreideann dhá thrian de shaoránaigh an Aontais, de réir suirbhé a rinneadh le déanaí, gur cheart níos mó inniúlachtaí a bheith ag an Aontas Eorpach chun déileáil le géarchéimeanna gan choinne amhail COVID-19, agus go gcreideann níos mó ná leath acu gur cheart níos mó acmhainní airgeadais a bheith ag an Aontas chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna sin[6]; de bhrí go bhfuil gné dhaonna an-suntasach ag an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair agus gur cheart do AE agus do na Ballstáit gníomhú dá réir sin de mheon na dlúthpháirtíochta;

D. de bhrí, go dtí seo, go bhfuil idirghabhálacha ó CDAE á ndíriú ar thart ar chéad tubaiste nádúrtha atá ag tarlú i 23 Bhallstát agus i dtír aontachais amháin, arb ionann a luach iomlán agus tuairim is EUR 6.6 billiún[7];

E. de bhrí gurbh ionann in 2017 agus in 2018 tubaistí tuilte agus dhá thrian d’iarratais CDAE, in ainneoin gurbh ann do stoirmeacha móra, dóiteáin foraoise agus creathanna talún sa tréimhse tuairiscithe;

F. ag tabhairt dá haire a úsáidí atá CDAE, mar a léiríodh sa mheastóireacht ón gCoimisiún, go háirithe maidir leis an ualach ar gach údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a laghdú i ndáil le tacú leis an iarracht téarnaimh i ndiaidh mórthubaistí nádúrtha náisiúnta nó réigiúnacha nó móréigeandálaí sláinte poiblí, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle (arna leasú);

G. de bhrí go ndearnadh athbhreithniú ar chreat rialála CFAE in 2014 trí Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 a leasú, go háirithe d’fhonn na nósanna imeachta a shimpliú, an t-am chun freagra a thabhairt tar éis iarrataí a dhéanamh a ghiorrú, na critéir incháilithe maidir le hiarrataí ar chúnamh i gcás tubaistí réigiúnacha a shoiléiriú, cur leis an tréimhse cur chun feidhme agus íocaíochtaí ionchasacha a thabhairt isteach, mar a d’iarr an Pharlaimint arís agus arís eile; de bhrí go ndearnadh tuilleadh dul chun cinn trí leasú mhí an Mhárta 2020 ar an rialachán, go háirithe maidir leis an méadú ar leibhéal na réamhíocaíochtaí agus maidir le próiseas leithdháilte CDAE a shimpliú;

H. de bhrí gurb é 100 % an ráta formheasa do na hiarrataí ar chúnamh i gcás mórthubaistí, cé gur tháinig méadú ó 32 % go 85 % ar líon na n-iarrataí i gcás tubaistí réigiúnacha, an chatagóir is coitianta, tar éis athbhreithniú ar Rialachán CDAE in 2014;

I. de bhrí gur chuidigh an t-athchóiriú ar an rialachán in 2014 le síneadh a chur leis an tréimhse ama chun iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE a ullmhú agus a chur isteach ó 10 go 12 seachtaine, tá gá fós le nuashonrú ar chion suntasach de na cásanna, rud a fhágann go mbíonn moill ann maidir le rochtain a fháil ar na deontais; de bhrí gur cheart don Choimisiún, ar an gcúis sin, treoir shimplithe a thabhairt maidir leis na ceanglais iarratais agus, á dhéanamh sin dó, an t-ualach riaracháin a laghdú;

J. de bhrí go bhféadfaí an t-am a thógann sé an deontas iomlán atá le húsáid a laghdú tuilleadh chun an géarghá atá le dlúthpháirtíocht AE a chomhlíonadh;

K. de bhrí nach gcumhdaíonn cúnamh CFAE ach athbhunú an riocht ina raibh bonneagar roimhe sin i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, agus nach gcumhdaítear na costais bhreise chun bonneagar atá níos seasmhaí ó thaobh tubaistí de agus níos athléimní ó thaobh na haeráide de a thógáil, mar a iarradh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a chaithfidh an stát is tairbhí a mhaoiniú as acmhainní dílse agus as cistí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe;

L. ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go bhfuil gá, mar a léiríodh le géarchéim COVID-19, le leibhéal níos airde sineirgí idir ionstraimí an bheartais chomhtháthaithe agus CDAE; ag aithint gur cruthaíodh CDAE chun freagairt do thubaistí nádúrtha sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus ag an am céanna go bhfuil an beartas comhtháthaithe (CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe) dírithe ar phleanáil níos fadtéarmaí don chosaint shibhialta agus don infheistíocht sa chosaint shibhialta, sa bhonneagar coisctheach, sa bhonneagar bainistithe riosca agus sna bearta athléimneachta, ag rannchuidiú ar an gcaoi sin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

M. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun raon feidhme CDAE a leathnú ionas go n-áireofar air móréigeandálaí sláinte poiblí, agus teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/461 ina dhiaidh sin;

N. de bhrí gur dócha go ngéaróidh tubaistí nádúrtha de dheasca an athraithe aeráide; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a úsáidí atá an sásra buiséadach maidir le leithdháileadh gníomhach a cuireadh i bhfeidhm in 2014, rud a chuir ar chumas CFAE, i measc nithe eile, EUR 1.2 billiún, an ranníocaíocht mó riamh ó CFAE, a chur ar fáil mar thacaíocht le linn na gcreathanna talún san Iodáil in 2016 agus in 2017;

O. de bhrí gur cheart, mar a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán CDAE, go mbeadh oibríochtaí arna maoiniú ag an gciste comhoiriúnach le forálacha CFAE agus leis na hionstraimí arna nglacadh faoi, agus le beartais agus bearta AE, go háirithe i réimsí chosaint an chomhshaoil, cosc agus bainistiú rioscaí tubaiste nádúrtha, agus oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais;

P. de bhrí go ndéantar foráil sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua d’imchlúdach buiséadach ar a dtugtar ‘an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála’(SEAR) a thugann le chéile CDAE agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála (EAR) agus atá beartaithe freagairt do chásanna éigeandála de dheasca mórthubaistí i mBallstáit nó i dtíortha aontacha ar thaobh amháin (CDAE), agus do riachtanais phráinneacha shonracha in AE nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe i gcás géarchéimeanna daonnúla, ar an taobh eile (an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála);

Q. de bhrí, mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, go bhfuil an staid dheacair aeráide ar cheann de na tosca dianseasmhacha a chuireann isteach go mór ar fhorbairt na réigiún is forimeallaí (ORanna); de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, bearta sonracha a ghlacadh ina leagfar síos coinníollacha chun na conarthaí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear comhbheartais;

R. de bhrí nach mór aird ar leith a thabhairt ar ORanna, do na hoileáin, agus do réigiúin shléibhtiúla, do réigiúin inar tearc an daonra, agus do na críocha go léir atá go mór i mbaol tubaistí nádúrtha;

S. á chur in iúl gur oth léi nach gceadaítear faoi láthair le Rialachán CDAE iarratais ar chabhair a chur isteach ar bhonn trasteorann, cé go dtéann limistéir áirithe atá an-leochaileach i leith tubaistí nádúrtha, amhail réigiúin shléibhtiúla, thar theorainneacha go minic;

1. á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach dtiocfaidh ach méadú agus géarú ar theagmhais adhaimsire agus tubaistí nádúrtha leis an athrú aeráide; á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i gcosc agus i maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun infheistíocht a dhéanamh i mbearta laghdaithe a bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orthu, agus é á chur san áireamh go bhfuil go leor tubaistí nádúrtha ina n-iarmhairt dhíreach ar ghníomhaíochtaí an duine agus gur féidir le tuilte, creathanna talún, dóiteáin foraoise, triomaigh agus tubaistí nádúrtha eile dul ó smacht, lena n-iarrtar go nglacfaí bearta leormhaithe;

2. ag tabhairt dá haire go bhfuil CDAE ar cheann de na léirithe is nithiúla de dhlúthpháirtíocht AE, agus go bhfuil gach saoránach AE ag súil go dtaispeánfaí é nuair a tharlaíonn tubaistí nó éigeandálaí tromchúiseacha sláinte poiblí;

3. ag cur béim gur cúis imní di go raibh ar dhaoine in AE aghaidh a thabhairt ar iliomad tubaistí le blianta beaga anuas a scrios saol daoine, maoin, an comhshaol agus oidhreacht chultúrtha;

4. ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus móréigeandálaí sláinte poiblí ag tarlú ar bhonn rialta anois, le samplaí le déanaí lena n-áirítear paindéim COVID-19 – a bhfuil tionchar an-mhór aige ar shaol na nEorpach agus gheilleagar na hEorpa – dóiteáin foraoise ar fud na mór-roinne, lena n-áirítear in áiteanna neamhghnácha amhail an tArtach, agus sraith mórchreathanna talún san Eoraip, go háirithe san Iodáil in 2016 agus 2017, arbh é ba chúis leis na céadta básanna agus thart ar EUR 22 billiún damáiste, agus sa Chróit i mí an Mhárta agus i mí na Nollag 2020; á mheabhrú chomh maith gur scrios stoirmeacha, báisteach fhoircneach agus tuilte go leor cathracha agus gleannta, agus go ndéanann hairicíní atá ag éirí níos measa i gcónaí léirscrios sna ORanna, amhail Hairicín Irma in Saint-Martin in 2017 agus Hairicín Lorenzo san Asóir in 2019, a raibh ollscrios ag baint leo; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gurb iad críocha leochaileacha, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla, na réigiúin is lú daonra agus na réigiúin is forimeallaí is mó atá thíos le tionchar an athraithe aeráide;

5. á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach cabhair agus cistí a sheoladh chomh tapa, chomh héasca agus chomh solúbtha agus is féidir chuig na réigiúin atá buailte agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil sineirgí idir CDAE agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, comhpháirt maidir le hoiriúnú don athrú aeráide CFRE agus na cláir maidir le comhar críochach bunriachtanach chun pacáiste cuimsitheach freagartha agus athléimneachta a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre ar threoir d’úsáid shimplithe CDAE chun gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a éascú; á áitiú gur cheart sineirgí idir CDAE agus ionstraimí cistiúcháin AE réamhluaite, i measc ionstraimí eile, a úsáid ar bhealach solúbtha agus a mhéid is féidir; á mheabhrú gur cheart mionsonraí a thabhairt sa tuarascáil cur chun feidhme ó gach tír is tairbhí ar na bearta coisctheacha – lena n-áirítear cistí struchtúracha AE a úsáid – a dhéantar nó atá beartaithe chun damáiste sa todhchaí a theorannú agus chun atarlú tubaistí nádúrtha comhchosúla a sheachaint, a mhéid is féidir;

6. á chur i bhfios, de réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, go raibh 7 348 mórthubaiste nádúrtha ann le 20 bliain anuas (2000-2019), ina bhfuair 1.23 milliún duine bás, ina ndearnadh difear do 4.2 billiún duine agus arbh é USD 2.97 trilliún a bhí mar thoradh orthu i gcaillteanais eacnamaíocha ar fud an domhain;

7. á chur i bhfios de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), go raibh teagmhais adhaimsire a bhain leis an aeráid ina gcúis le caillteanais EUR 446 billiún san iomlán i mballtíortha LEE idir 1980 agus 2019;

8. den tuairim go bhfuil tionchar eacnamaíoch agus sóisialta níos doimhne ag tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ag móréigeandálaí sláinte poiblí sna críocha is lú forbairt agus is leochailí, amhail oileáin, limistéir shléibhtiúla agus réigiúin faoi líon beag daoine, agus gur cheart, dá bhrí sin, bearta níos leordhóthanaí a dhéanamh faoi CDAE;

Bainistiú tubaiste, measúnú ar dhamáiste agus simpliú nósanna imeachta

9. ag tabhairt dá haire go bhfuil cineálacha éagsúla rioscaí os comhair AE agus á chur i bhfios go láidir nach leis an athrú aeráide amháin a chinntear déine roinnt tubaistí nádúrtha, ach i gcásanna áirithe go mbíonn tionchar ag tosca a de dhéantús an duine orthu, lena n-áirítear pleanáil spásúlachta neamhaireach; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach infheistiú i gcosc agus i mbainistiú rioscaí i gcás tubaistí in AE trí bhonneagar coisctheach a thógáil; á mholadh do na Ballstáit i ndáil leis sin, pleananna coiscthe agus bainistithe tubaistí a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis an gCoimisiún, ionas gur féidir meastóireacht chruinn agus mhear a dhéanamh ar an damáiste; á chur i bhfáth go bhfuil sé i gceist le CDAE a bheith ina ionstraim shimplí a fhéadfaidh AE a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

10. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs athchóiriú a dhéanfar amach anseo ar CDAE, leanúint dá chuid oibre chun an nós imeachta iarratais do na Ballstáit a shimpliú agus a bhrostú, mar shampla trí aird ar leith a thabhairt ar iarratais a shimpliú maidir le CDAE a ghníomhachtú i roinnt réigiún i gcomhthéacs tubaistí trasteorann, chun a áirithiú go dtabharfar freagairt níos tapa ar dhlús a chur le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí;

11. á mheas go bhfuil réigiúin agus críocha ag éirí níos leochailí de bharr an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha de bheith ag méadú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, féachaint ar CDAE a athbhreithniú chun tubaistí réigiúnacha a chur san áireamh ar bhealach níos fearr; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil ról ag cláir CFRE, i sineirgíocht le cláir forbartha tuaithe, maidir le rioscaí a chosc agus a mhaolú, amhail rioscaí teicstíleacha agus hidrigeolaíocha; ag aithint, ina theannta sin, gur áiríodh triomaigh i raon feidhme Rialachán CDAE le linn athbhreithniú 2014, ach ag tabhairt dá haire gur gné athfhillteach d’fhorbairtí aeráide AE iad agus go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar a dtionchar eacnamaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchair shonracha na dtriomach agus aghaidh a thabhairt orthu mar is iomchuí i gcomhthéacs athchóiriú ar CDAE amach anseo;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an taighde agus an t-oideachas a neartú d’fhonn córas a chur ar bun chun ullmhacht níos fearr a áirithiú chun tubaistí a chosc agus a bhainistiú agus chun tionchar géarchéimeanna den sórt sin a íoslaghdú;

13. á iarraidh comhordú agus comhar méadaithe a bheith ann idir institiúidí taighde agus forbartha na mBallstát, go háirithe iad siúd a bhfuil rioscaí comhchosúla ag bagairt orthu; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chórais luathrabhaidh sna Ballstáit agus go gcruthófaí agus go neartófaí na naisc idir na córais éagsúla luathrabhaidh;

14.  á mholadh do na Ballstáit infheistíochtaí, tionscadail agus uirlisí a shainaithint ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun damáiste ó thubaistí nádúrtha agus ó thubaistí sláinte a chosc agus a theorannú;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún scaipeadh dea-chleachtas maidir le rialachas agus struchtúir chomhordúcháin institiúideacha a úsáid i gcás tubaistí;

16. ag tarraingt aird ar na deacrachtaí a bhíonn ag tíortha is tairbhí maidir le méideanna beachta damáiste a chinneadh laistigh de thréimhsí an-ghearr ama agus á mholadh don Choimisiún treoir ar mhodhanna simplithe atá le húsáid a ullmhú chun méid na cabhrach a chuirtear ar fáil trí CDAE a chinneadh, agus freisin chun an fhéidearthacht earráidí agus moilleanna breise a íoslaghdú;

17. á thabhairt chun suntais gur chothaigh úsáid CDAE próiseas foghlama i measc na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, a thug orthu measúnú a dhéanamh ar a mbeartais níos leithne maidir le bainistiú rioscaí tubaistí; ag cur béim ar an ngá atá ann an t-ualach maorlathach a laghdú agus méadú a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní trí thacaíocht theicniúil agus riaracháin do thíortha tairbhíocha, chun cabhrú leo straitéisí bainistithe agus fadtéarmacha a fhorbairt lena ndírítear ar laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ag móréigeandálaí sláinte poiblí; á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcumarsáid leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna céimeanna comhleanúnacha den mheastóireacht, den ullmhúchán d’iarratais agus de chur chun feidhme na dtionscadal, d’fhonn dlús a chur leis na nósanna imeachta riaracháin;

18. á iarraidh ar an gCoimisiún díriú, a mhéid is féidir, agus athbhreithniú amach anseo á dhéanamh ar CDAE , ar na réigiúin is mó atá i mbaol tubaistí móra nádúrtha nó réigiúnacha nó mór-éigeandálaí sláinte poiblí, go háirithe na ORanna, na hoileáin, na réigiúin sléibhtiúla, agus na réigiúin a bhfuil claonadh iontu dianghníomhaíocht seismeach nó bolcánach nó géarchéimeanna sláinte poiblí a bheith acu sa todhchaí;

19. á chreidiúint gur cheart ceachtanna a fhoghlaim ó hairicíní a bhí ann cheana a bhuail tíortha agus críocha thar lear (OCTanna); den tuairim gur cheart ionstraimí EAR agus ionstraimí eile um chabhair sheachtrach a úsáid ina n-iomláine chun an damáiste a tabhaíodh a mhaolú; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de thairis sin gur gá acmhainní leormhaithe airgeadais a leithdháileadh ar na hionstraimí cabhrach seachtraí sin chun cabhrú le tíortha agus críocha thar lear;

Acmhainní cistithe agus leithdháileadh tapa leithreasaí

20. á chur i bhfios go ndearna an Coimisiún foráil, i dtogra athbhreithnithe uaidh an 27 Bealtaine 2020 maidir le CAI 2021-2027, do bhuiséad uasta bliantúil EUR 1 bhilliún (i bpraghsanna 2018) do CDAE agus ag tabhairt dá haire, de réir an chomhaontaithe maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, go ndearnadh CDAE a chumasc le EAR i bpacáiste nua SEAR, le leithdháileadh foriomlán bliantúil buiséid EUR 1.2 billiún;

21. á mheas go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt solúbthachta ag baint le cruthú SEAR; á chur i bhfios, mar sin féin, go bhfuil leithdháileadh CDAE fós neamhchinnte, mar atá sé faoi láthair, ós rud é go bhfuil sé ag brath ar na méideanna arna leithdháileadh faoi EAR; á mheas gur gá dlúthfhaireachán a dhéanamh ar bhainistiú SEAR chun féachaint an gcomhlíonann méid agus scála leithdháileadh na gcistí dá bhforáiltear san ionstraim airgeadais nua sin riachtanais CDAE, i bhfianaise leathnú a raon feidhme agus méid agus iomadú na n-éigeandálaí a eascraíonn go háirithe ó thubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ó mhóréigeandálaí sláinte poiblí;

22. á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh an t-athbhreithniú ar CDAE arna ghlacadh i mí an Mhárta 2020 luach na n-íocaíochtaí a bhí beartaithe ó10 % go 25 % den ranníocaíocht lena bhfuiltear ag súil agus an uasteorainn ó EUR 30 milliún go EUR 100 milliún; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá réamhíocaíochtaí chun éifeachtacht na gclár cúnaimh a mhéadú, go háirithe i réigiúin agus i bpobail áitiúla a bhfuil foinsí cistithe malartacha teoranta acu; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhealaí breise chun an rogha sin a chur chun cinn agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe chun go laghdófaí an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh, agus a áirithiú ag an am céanna go gcosnófar buiséad AE;

23. á chur i bhfios gur foirgnimh phoiblí iad formhór na bhfoirgneamh atá suite sna ORanna (amhail calafoirt, aerfoirt agus ospidéil), agus in ainneoin go bhfuil siad bunriachtanach d’fheidhmiú na gcríoch beag sin, go bhfuil siad thíos go mór le tubaistí comhshaoil; á chreidiúint, dá bhrí sin, í gur cheart go mbeadh tacaíocht airgeadais ó CDAE do na ORanna níos airde ná 2.5 % den mhéid a fuarthas chun tubaistí a tharla san am a chuaigh thart a leigheas, ionas go mbeidh siad in ann filleadh ar an riocht ina raibh siad roimhe sin agus feabhas a chur air go gasta;

24. á aithint gurb ionann an tréimhse atá de dhíth chun íocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo a íoc agus cúig mhí ar a laghad agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh níos frithghníomhaí;

25. ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtógann sé bliain ar an meán do mhéid iomlán deontais CDAE chun an tairbhí a bhaint amach;  á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun leithdháileadh an chiste a shimpliú agus a dhéanamh chomh solúbtha agus is féidir i gcomhthéacs athchóiriú amach anseo, chun gníomhaíocht ghasta agus faoiseamh pras a áirithiú do na réigiúin agus/nó do na tíortha sin atá buailte ag tubaiste;

26. á chreidiúint, agus aird á tabhairt ar an méid thuas agus leathnú raon feidhme an chiste, go bhféadfadh gá a bheith le measúnú ar bhuiséad CDAE amach anseo, agus go bhféadfaí é a leanúint, más gá, trí choigeartú comhfhreagrach ar an gcistiú, chun an méid is gá a sholáthar d’fhíoruirlis do dhlúthpháirtíocht AE agus chun a ráthú go mbeidh buiséad mór go leor ann chun déileáil go héifeachtach le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí, ní hamháin chun damáiste a dheisiú ach chun athléimneacht i leith an athraithe aeráide a fhorbairt freisin;

27. á chur i bhfáth gur cheart bronnadh, bainistiú agus cur chun feidhme dheontais CDAE a bheith chomh trédhearcach agus is féidir, agus gur gá na deontais a úsáid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

Rioscaí a chosc agus cáilíocht atógála

28. á iarraidh, maidir leis a critéir chun tionscadail a chinneadh atá ‘incháilithe’ chun cúnamh a fháil ón gciste, go dtabharfaí aird níos mó ar na prionsabail is déanaí maidir le rioscaí a chosc agus á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal ‘Atógáil Ar Bhealach Níos Fearr’ a chomhtháthú go hiomlán in Airteagal 3 de Rialachán CDAE in athbhreithniú amach anseo, d’fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht an bhonneagair sna réigiúin sin le linn na hatógála agus chun iad a ullmhú níos fearr chun tubaistí amach anseo a sheachaint trí bhonneagar coisctheach a thógáil;

29. den tuairim go bhféadfaí na hionstraimí amhail ‘iasachtaí creata’, arna gcur chun feidhme ag an mBanc Eorpach Infheistíochta a úsáid freisin chun maoiniú a dhéanamh bhonneagar níos athléimní, níos sábháilte agus níos glaise a atógáil;

30. á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí idir CDAE agus cistí an bheartais chomhtháthaithe a neartú agus a shimpliú, mar aon leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, d’fhonn rioscaí a bhainistiú go héifeachtúil agus go struchtúrtha do thionscadail atógála sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus ní hamháin trí bhonneagar atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a thógáil, ach freisin trí bhearta coisctheacha a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin solúbthacht a léiriú maidir le clársceidealú agus maidir le leasú a dhéanamh ar chláir náisiúnta nó réigiúnacha a mhéid a bhaineann le déileáil le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí; á athdhearbhú, ina leith sin, gur cheart, le cúnamh airgeadais CDAE, díriú ar athléimneacht níos láidre agus ar inbhuanaitheacht na n-infheistíochtaí sna réimsí lena mbaineann;

Éigeandálaí sláinte

31. á chur in iúl gur geal léi, tar éis an athbhreithnithe ar rialachán CDAE a mhol an Coimisiún an 13 Márta 2020, go bhfuil na hoibríochtaí atá incháilithe faoin gciste á leathnú anois chuig cásanna ina bhfuil móréigeandálaí sláinte poiblí ann, lena gcumhdaítear ní hamháin cúnamh leighis ach bearta chun scaipeadh galar a chosc nó a rialú, agus faireachán a dhéanamh orthu;

32. á thabhairt chun suntais gur léir ó leathnú raon feidhme an chiste chun tionchar phaindéim COVID-19 a chomhrac go bhfuil sé d’acmhainn ag CDAE a bheith níos solúbtha, ina raon feidhme agus ina incháilitheacht araon, agus go bhfuil sé in ann cúnamh a chur ar fáil ní hamháin le linn mórthubaistí nádúrtha, ach freisin cúnamh mear a thabhairt le linn cineálacha eile mórthubaistí, amhail paindéimí;

33. á mheas, leis an leathnú sin ar raon feidhme CDAE, gur gá buiséad níos mó;

34. á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit a gcomhar a neartú le seirbhísí ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte atá dírithe ar ullmhacht do chásanna éigeandála, chun pleananna mearfhreagartha d’éigeandálaí sláinte a fhorbairt;

Infheictheacht cúnaimh airgeadais an chiste

35. ag athdhearbhú a thábhachtaí atá na sochair nithiúla a eascraíonn as CDAE a chur in iúl don phobal, chun muinín na saoránach as uirlisí agus cláir AE a mhéadú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheictheacht chúnamh an chiste a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide ad hoc, spriocdhírithe, i gcomhthreo le tosaíocht a thabhairt do mhearfhreagairt agus do soláthar cabhrach, go sonrach chun breisluach AE a thabhairt chun suntais i gcás tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus mór-éigeandálaí sláinte poiblí, ar léiriú nithiúil é ar dhlúthpháirtíocht AE agus ar chumas an Aontais fíorchúnamh frithpháirteach a chur i bhfeidhm trí acmhainní buiséadacha suntasacha a sholáthar; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin, mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar ar an rialachán amach anseo, iallach a chur ar thíortha tairbhíocha a gcuid saoránach a chur ar an eolas faoi thacaíocht airgeadais AE do na hoibríochtaí a cuireadh chun feidhme;

°

° °

36. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.



 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá an t-athrú aeráide, caillteanas suntasach na bithéagsúlachta mar thoradh ar an séú tonn de speicis a dhíothú, agus an truailliú ollmhór ar an gcomhshaol de dheasca ghníomhaíochtaí an duine, ag cur as d’éiceachóras an domhain nó ar fud an domhain an oiread sin go bhfuil go leor eolaithe ag déanamh cur síos ar an ré seo mar an Ré Antrapaicéineach.

Is iad gníomhaíochtaí an duine an fórsa is mó leis an athrú ar an Domhan. Agus tá iliomad iarmhairtí tábhachtacha ag na fadhbanna a thagann chun cinn mar thoradh ar ghníomhaíochtaí an duine, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, arb é is príomhchúis leis an méadú ollmhór ar theagmhais adhaimsire.

Faoi 2030, tiocfaidh méadú ar na tubaistí sin ó thaobh a líon agus a ndéine de. Agus anois is riosca córasach é an riosca de thubaistí nádúrtha. Ní mór don Aontas Eorpach é féin a ullmhú agus a bhearta a threisiú chun tubaistí den sórt sin a chosc agus iad a leigheas nuair a tharlaíonn siad.

Le ráta an athraithe aeráide agus méadú a iarmhairtí, ní mór dúinn féachaint arís go leanúnach ar gach acmhainn atá ann chun é a chomhrac, amhail CDAE.

Bunús, raon feidhme agus cuspóir an Chiste.

Cruthaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE - ‘an Ciste’ anseo feasta) tar éis tuilte tromchúiseacha a bhuail Lár na hEorpa in 2002. Bhí sé mar aidhm leis cúnamh airgeadais a chur ar fáil go gasta do Bhallstáit agus do thíortha aontachais an Aontais a bhfuil mórthubaistí nádúrtha ag bagairt orthu – ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach araon – a d’eascair as tuilte, stoirmeacha, creathanna talún, brúchtaí bolcánacha, dóiteáin foraoise nó triomach. Dá bhrí sin, is fíor-dhlúthpháirtíocht Eorpach atá sa Chiste, rud a léirítear nuair a chuirtear acmhainní airgeadais breise ar fáil chun cuid den chaiteachas poiblí arna thabhú ag Stáit a bhfuil tubaistí os a gcomhair a chumhdach, ar caiteachas é a bhfuil gá le hidirghabháil a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach ina leith i ngeall ar a scála.

Go dtí seo, bhain thart ar 24 thír Eorpacha a bhí thíos leis na céadta mórthubaistí nádúrtha tairbhe as an gCiste Dlúthpháirtíochta, ar luach breis is EUR 6 bhilliún san iomlán.

Meastar go bhfuil tubaiste nádúrtha ‘mór’ nuair a bhíonn sí ina cúis le damáiste díreach a mheastar a bheith níos mó ná EUR 3 bhilliún (i bpraghsanna 2011) nó níos mó ná 0.6 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) an Stáit is tairbhí. Sainmhínítear ‘tubaiste nádúrtha réigiúnach’ freisin mar aon tubaiste nádúrtha i réigiún NUTS 2 as a n-eascraíonn damáiste díreach atá os cionn 1.5% d’olltáirgeacht intíre (OTI) an réigiúin sin. I gcás na réigiún is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, socraíodh an tairseach sin ag 1 % de OTI réigiúnach.

I mí an Mhárta 2020, mar fhreagairt ar scaipeadh ráig COVID-19, mhol an Coimisiún raon feidhme an Chiste a leathnú chun móréigeandálaí sláinte poiblí a chumhdach. Sa chomhthéacs sin, mheas an Coimisiún leath den tairseach le haghaidh tubaistí nádúrtha a bheith incháilithe mar chritéar chun an Ciste a shlógadh, i.e. 0.3 % de OIN nó EUR 1.5 billiún – is é an méid is ísle fós an méid a choinnítear. D’fhormhuinigh an Pharlaimint an togra sin, ar bhonn nós imeachta práinne, an 26 Márta 2020, agus d’fhormhuinigh an Chomhairle é an 30 Márta 2020, agus foilsíodh é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 31 Márta 2020.

Leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002

I rún uaithi an 15 Eanáir 2013 ar chur chun feidhme CDAE, cháin Parlaimint na hEorpa go láidir an t-am chun cabhair a thabhairt i gcás tubaistí nádúrtha, castacht na nósanna imeachta agus neamhfhéidearthacht na dtíortha lena mbaineann réamhíocaíochtaí a fháil. Thíolaic an Coimisiún togra nua reachtach an 25 Iúil 2013 a chuireann na gnéithe sin go háirithe san áireamh agus as ar eascair teacht i bhfeidhm Rialachán Leasaitheach (AE) Uimh. 661/2014 an 15 Bealtaine 2014. Leis an Rialachán nua maidir leis an gCiste Dlúthpháirtíochta, tugadh isteach go príomha na hathruithe seo a leanas:

 fad a chur leis an spriocdháta chun an t-iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur isteach ó 10 go 12 seachtaine;

 nós imeachta níos tapúla don íocaíocht;

 an fhéidearthacht réamhíocaíocht a fháil, ach í teoranta do 10 % de mhéid na ranníocaíochta airgeadais lena bhfuiltear ag súil agus gan a bheith in imthosca ar bith níos mó ná EUR 30 milliún;

 tréimhse níos faide (ó 12 mhí go 18 mí) do na tíortha is tairbhí chun na deontais a úsáid;

 raon feidhme agus rialacha incháilitheachta níos soiléire;

 aird níos mó a thabhairt ar chosc.

Mar sin féin, in 2014, rinneadh an uasteorainn do leithdháileadh buiséadach bliantúil CDAE a laghdú ó EUR 1 bhilliún i bpraghsanna reatha go dtí EUR 500 milliún i bpraghsanna 2011. Mar mhalairt air sin, tugadh níos mó solúbthachta buiséadaí don Chiste mar gurbh fhéidir anois na leithreasaí nár úsáideadh a thabhairt anonn go dtí an chéad bhliain eile.

Maidir le Rialachán (AE) 2020/461 an 30 Márta 2020, ní hamháin gur leathnaigh sé raon feidhme an Rialacháin ó 2002 chun móréigeandálaí sláinte a chumhdach, ach thug sé dá aire leis freisin nach raibh leibhéal na réamhíocaíochtaí leordhóthanach agus leormhaith, agus d’ardaigh sé iad ó 10 % go 25 % den ranníocaíocht mheasta ón gCiste, le huasmhéid nua EUR 100 milliún.

Thíolaic an Coimisiún togra athbhreithnithe le haghaidh Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 an 27 Bealtaine 2020 lena bhforáiltear filleadh ar leithdháileadh buiséid bliantúil uasta EUR 1 bhilliún i bpraghsanna 2018.

Sa chomhaontú ar CAI 2021-2027, rinneadh CDAE a ghrúpáil áfach leis an gCúlchiste um Chabhair Éigeandála (EAR) laistigh d’imchlúdach nua ‘an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála agus Dlúthpháirtíochta’(SEAR). Féadfar é sin a úsáid, faoi CDAE, chun freagairt d’éigeandálaí a eascraíonn as mórthubaistí i mBallstáit nó i dtíortha aontacha, ach freisin chun freagairt go mear do riachtanais phráinneacha ar leith san Aontas nó i dtríú tíortha, go háirithe le linn géarchéimeanna daonnúla (EAR). Socraítear méid bliantúil SEAR ag EUR 1 200 milliún (praghsanna 2018).

Seasamh an Rapóirtéara

Is é is cuspóir don tuarascáil seo ná measúnú beacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Chiste tar éis na gcoigeartuithe éagsúla a rinneadh, agus ar bhonn na taithí a fuarthas agus é á chur chun feidhme thar na blianta. Tá sé bunaithe go príomha ar mheastóireacht a d’fhoilsigh seirbhísí an Choimisiúin i mí na Bealtaine 2019 lena gcumhdaítear an tréimhse 2002-2017, mar aon leis an tuarascáil bhliantúil deiridh ar ghníomhaíochtaí a chumhdaíonn na blianta 2017-2018.

De réir an Rapóirtéara, is cosúil go bhfuil fadhbanna ag baint leis na gnéithe seo a leanas agus ba cheart tuilleadh machnaimh a dhéanamh orthu:

Meastóireacht ar an damáiste

I ndiaidh na leasuithe ar Rialachán  2014, cuireadh dhá sheachtain leis an teorainn ama chun iarratais ar chúnamh a chur isteach, chun a chur ar chumas na n-iarratasóirí an comhad is gá don chabhair a thiomsú. Mar sin, tá dhá sheachtain déag anois ag Stáit nó ag réigiúin atá buailte ag tubaiste chun meastóireacht chuimsitheach a chur ar fáil, ní hamháin ar an damáiste díreach agus ar an tionchar a bhíonn aige sin ar an daonra, ar an ngeilleagar agus ar an gcomhshaol – agus na costais phoiblí á sonrú – ach meastachán a dhéanamh freisin ar na costais a bhaineann le bonneagar bunúsach agus trealamh poiblí a athbhunú, chomh maith le tuairisc ghearr ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le rioscaí tubaiste nádúrtha a chosc agus a bhainistiú.

Is léir gur spriocdháta an-ghearr é sin, a chuireann ualach breise ar na Stáit nó ar na réigiúin atá faoi bhrú cheana féin. Is measa an deacracht sin toisc nach bhfuil fianaise dhoiciméadach ag stáit nó réigiúin lena mbaineann i gcásanna áirithe ar luach bonneagair áirithe a ndearnadh damáiste dó, go háirithe nuair a bhíonn sé an-sean.

Ós rud é go mbeadh moill ar dheonú cúnaimh mar thoradh ar an spriocdháta a fhadú, rud a bheadh fritorthúil, ní mór teacht ar réiteach na faidhbe sin in áit éigin eile. Mar cheann de na réitigh atá beartaithe, d’fhéadfaí córais iontaofa agus éifeachtúla maidir le measúnú damáiste a chur ar bun. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh an Coimisiún ról comhordúcháin a ghlacadh chuige féin. Thairis sin, ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí athbhreithniú ar an modh chun an ranníocaíoht ón gCiste a ríomh ar bhonn modheolaíochtaí níos simplí, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí meastóireacht níos tapúla a dhéanamh.

Tréimhse chun cistí a shlógadh agus réamhíocaíochtaí a chur ar fáil

Cé gur laghdaíodh an tréimhse ama idir cur isteach an iarratais agus íocaíocht na cabhrach 12 % leis an athbhreithniú ar Rialachán 2014, is bliain amháin ar an meán fós atá ag teastáil go mbeadh an deontas iomlán íoctha. Dá bhrí sin, i mórán cásanna, cuireann an Ciste cúnamh ar fáil nuair a bheidh na hoibreacha athchóirithe curtha i gcrích, i bhfoirm maoiniú cúlghabhálach, nó aisíocaíocht. De réir anailís an Choimisiúin, ós rud é go bhfuil an raon feidhme chun fad na nósanna imeachta riaracháin a laghdú sula n-íoctar an chabhair an-teoranta, is gá freisin bealaí a aimsiú chun an mhoill choibhneasta sin a chúiteamh.

As an 20 iarratas a formheasadh idir teacht i bhfeidhm Rialachán athbhreithnithe 2014, lenar tugadh isteach na réamhíocaíochtaí, agus 2017, bhí gá le réamhíocaíochtaí i 12 chás. Dá bhrí sin, is cosúil, i bhformhór na gcásanna, go dteastaíonn maoiniú níos tapúla ó Stáit nó ó réigiúin ná an méid a cheadaítear leis an gCiste agus go bhfuil siad ag iarraidh é sin a bhaint amach. Chuige sin, san athbhreithniú is déanaí ar an Rialachán tar éis ráig COVID-19, ardaíodh an uasteorainn le haghaidh réamhíocaíochtaí ó 10 go 25 % de mhéid measta na ndeontas. Mar sin féin, d’fhéadfaí an céatadán sin a ardú tuilleadh, agus is é sin an moladh a mholfadh an rapóirtéir.

Oibríochtaí incháilithe agus costas na hatógála

Fadhb eile atá nasctha leis an méid thuas, a thagann chun cinn go soiléir ó anailís an Choimisiúin is ea maoiniú na gcostas atógála. Go deimhin, tugtar faoi deara sa mheastóireacht go bhfuil bearna ann go ginearálta idir luach measta an bhonneagair agus costas na hatógála, bunaithe ar chritéir atá i gcomhréir leis na ceanglais maidir le hurraim don chomhshaol, athléimneacht agus nua-aimsearthacht. Sonraítear go soiléir freisin i Rialachán 2014 nach bhféadfaidh an Ciste ranníocaíocht a dhéanamh leis an athbhunú a mhaoiniú ach amháin suas go dtí an costas measta a bhaineann le filleadh ar an riocht ina raibh sé roimhe sin. Ba cheart go mbeadh deis ann leis an atógáil feabhas a chur ar an mbonneagar agus ar an trealamh atá buailte ionas go mbeidh siad níos fearr in ann tubaistí nádúrtha a sheasamh amach anseo.

Chuige sin, leagtar béim sa mheastóireacht ar nádúr saorga mheasúnú na gcostas atógála chun filleadh hipitéiseach ar an riocht ina raibh sé roimhe sin a cheadú, i.e. ar bhonneagar atá as dáta go minic.

Dá bhrí sin, molann an rapóirtéir athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir chun measúnú a dhéanamh ar chostais atógála agus chun sineirgí a neartú le cistí an bheartais chomhtháthaithe, lena bhfuil fíor-chomhlántacht mar chuid de dhearcadh níos fadtéarmaí den phleanáil straitéiseach agus den infheistíocht i gcosc agus i mbainistiú rioscaí tubaiste.

Leis sin, d’fhéadfadh comhar le BEI a bheith úsáideach

Éifeachtacht agus acmhainní  an Chiste

San anailís a rinne an Coimisiún don tréimhse 2002--2017 tugtar faoi deara gurb é 100 % ráta formheasa na n-iarrataí ar chúnamh i gcás mórthubaistí ar an leibhéal náisiúnta, agus ag an am céanna, ar an leibhéal réigiúnach, tháinig méadú ar an ráta ceadaithe ó 31 % go 85 % ó rinneadh an t-athchóiriú in 2014.

Ina theannta sin, is cosúil go ndearna an Coimisiún, ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme, 98 % de na deontais a bronnadh a úsáid agus a cheadú mar chaiteachas incháilithe le linn na tréimhse faoi athbhreithniú.

Leis an sásra gníomhach maidir le leithdháileadh buiséadach a cuireadh chun feidhme in 2014, lenar féidir go háirithe méideanna nár úsáideadh a thabhairt anonn go dtí an bhliain ina dhiaidh sin, tugadh isteach solúbthacht a raibh géarghá léi, go háirithe nuair a chuidigh sí leis an Iodáil déileáil leis an tsraith creathanna talún a tharla ansin idir Lúnasa 2016 agus Eanáir 2017. Sa chás sin, bhí an Ciste in ann leas a bhaint as na méideanna a tugadh anonn ó 2016 agus na méideanna a leithdháileadh do 2018 chun EUR 1.2 billiún, an líon is mó riamh, a úsáid.

Is cosúil, dá bhrí sin, gur chruthaigh an Ciste a úsáidí agus a éifeachtachtaí a bhí sé. Mar sin féin, mar atá léirithe le ráig COVID-19, agus de réir mar atá léirithe níos minice agus níos measa ó thaobh an athraithe aeráide de, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar mhórthubaistí nua sna blianta amach romhainn, agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh acmhainní teoranta an Chiste leordhóthanach ina leith a thuilleadh.

Ar an gcúis sin, is mian leis an rapóirtéir a chur in iúl go bhfuil imní air faoin gcumasc idir CDAE agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála, ós rud é nach bhfuil éiginnteacht ann maidir leis na féidearthachtaí do chistiú ó CDAE, atá nasctha anois le riachtanais an Chúlchiste um Chabhair Éigeandála, do bhuiséad coiteann nach bhfuil ach díreach os cionn an bhuiséid a mhol an Coimisiún i mí na Bealtaine 2020 don Chiste amháin. Ní gá a rá go gcaithfear dlúthfhaireachán a dhéanamh ar bhainistiú an chúlchiste nua chun a fháil amach an bhfuil méid agus leithdháileadh a chistí idir CDAE agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála leormhaith. Mura ndéanfar amhlaidh, ní mór scála dáileacháin nua agus/nó atreisiú ar an leithdháileadh airgeadais a chur san áireamh.


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (14.7.2020)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

maidir le hathbhreithniú Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh

(2020/2087(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Karlo Ressler 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur in iúl gur geal léi an síneadh a cuireadh le déanaí le raon feidhme téamach Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE), i bhfianaise phaindéim COVID-19 atá ar siúl faoi láthair, chun móréigeandálaí sláinte poiblí a áireamh ann chun cuidiú leis na Ballstáit cúnamh a sholáthar, lena n-áirítear cúnamh leighis, do na pobail atá buailte;

2. á thabhairt chun suntais go bhfuil dlús curtha le heisíoc cabhrach ó rinneadh athchóiriú 2014 agus á iarraidh ar an gCoimisiún dlús breise a chur leis na híocaíochtaí, cúnamh teicniúil a thabhairt do na húdaráis náisiúnta leis an bpróiseas iarratais agus a áirithiú go ndéanfar an measúnú ar iarratais ar bhealach tráthúil; ag tacú go láidir leis an athchóiriú a rinneadh le déanaí ar an gcóras réamhíocaíochta, lena n-ardaítear leibhéal na n-airleacan ó 10 % go 25 % den ranníocaíocht ionchasach, agus ó uasmhéid EUR 30 milliún go EUR 100 milliún; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dea-thionchar aige sin ar éifeachtacht an Chiste, go háirithe i réigiúin agus i mbardais ag a bhfuil foinsí teoranta maoinithe malartacha á fhiafraí, áfach, an dtugann an t-athchóiriú aghaidh ar na constaicí uile atá ag na Ballstáit faoi láthair ar réamhíocaíochtaí a iarraidh, i bhfianaise an ráta íseal cur i bhfeidhm; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhealaí breise chun an rogha sin a chur chun cinn, faoi chuimsiú idirphlé le húdaráis na mBallstát; ag tathant ar an gCoimisiún réamhíocaíochtaí a eisíoc le haghaidh iarratais COVID-19 a luaithe is féidir;

3. ag aithint gá cur chuige beartais choiscthigh go príomha maidir leis an athrú aeráide i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas, agus nach ionstraim é CDAE chun idirghabháil mhear a dhéanamh i gcás tubaistí; ag fiafraí, áfach, an bhfuil an Ciste oiriúnaithe go leordhóthanach chun déileáil le hiarmhairtí an athraithe aeráide amach anseo, go háirithe i gcás oileán agus réigiúin chósta, atá i mbaol tubaistí nádúrtha go háirithe

4. á chur in iúl gur geal léi togra ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2020 maidir le huasmhéid bliantúil CDAE a mhéadú faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile go EUR 1 bhilliún (ag praghsanna 2018), ar seasamh na Parlaiminte é ón tús; ag fiafraí, áfach, an leor an tsuim sin chun na hiarratais incháilithe uile a chumhdach sna blianta atá le teacht, agus raon feidhme leathnaithe an Chiste agus an éabhlóid thapa ar an athrú aeráide á gcur i gcuntas, rud a fhágann go mbíonn tubaistí nádúrtha níos minice, níos tréine agus níos dothuartha;

5. á iarraidh go molfadh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán, ar cheart dó teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir sa chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (CAI), an nós imeachta iarratais a shimpliú agus a bhrostú do na Ballstáit, an leibhéal airleacan a thabhairt suas go 33 %, dlús a chur leis an eisíocaíocht deiridh, an prionsabal ‘Tógail ar Ais ar Bhealach Níos Fear’ a chomhtháthú go hiomlán in Airteagal 3 de Rialachán CDAE agus gné oileáin agus chósta a áireamh d’fhonn gné oiriúnaithe aeráide na gcríoch sin atá i mbaol go háirithe a chur i gcuntas;

6. á thabhairt chun suntais gur spreag úsáid CDAE foghlaim beartais in údaráis náisiúnta agus áitiúla, a thug orthu measúnú a dhéanamh ar a mbeartais níos leithne maidir le bainistiú rioscaí tubaistí; á iarraidh ar an gCoimisiún líonra comhordaitheoirí CDAE ó na Ballstáit a bhunú agus a bhainistiú chun dea-chleachtais agus comhairle phraiticiúil a roinnt maidir le hiarratais a chur isteach;

7. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sineirgí suntasacha a bheith ann idir CDAE agus cistí agus beartais eile de chuid an Aontais; á iarraidh go mbainfí úsáid iomlán as na sineirgí sin;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an gComhaontú Glas, infheistíochtaí agus tionscadail atógála atá níos athléimní agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid a dhaingniú agus bonneagar a uasghrádú go caighdeáin níos nua agus níos láidre, seachas díreach na dálaí a bhí ann sular tharla an t-imeacht a mhacasamhlú;

9. á mholadh go ndéanfaí an incháilitheacht faoin gCiste a leathnú chuig tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí mar chomhartha breise dlúthpháirtíochta le tríú tíortha ar an mbealach chun dul isteach in AE;

10. á chur in iúl gur saoth léi, ar bhonn na fianaise a fuarthas trí shuirbhéanna Eorabharaiméadair, nach mbeidh ach 15 % de dhaonra an Aontais láneolach ar úsáid an Chiste ar leibhéal na tíre aonair; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá na sochair nithiúla a eascraíonn as CDAE a chur in iúl don phobal; á iarraidh ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla lena mbaineann straitéisí cumarsáide a chur chun feidhme chun béim shoiléir a leagan ar an gcúnamh a thugann CDAE do na saoránaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí cumarsáide chun feabhas a chur ar fheasacht an phobail ar na hidirghabhálacha arna maoiniú le cistí CDAE agus, faoi chuimsiú an athbhreithnithe a dhéanfar ar an Rialachán amach anseo, measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht oibleagáid a fhorchur ar an tír thairbhíoch faisnéis a thabhairt maidir le tacaíocht airgeadais AE do na hoibríochtaí arna gcur chun feidhme;

11. á chur i bhfáth gur cheart bronnadh, bainistiú agus cur chun feidhme dheontais CDAE a bheith chomh trédhearcach agus is féidir, agus gur gá na deontais a úsáid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

14.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

1

2

Na comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Clotilde Armand, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Henrike Hahn

 

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig

S&D

Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs

Renew

Clotilde Armand, Olivier Chastel, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds

ID

Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Hélène Laporte

Verts/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Francisco Guerreiro, Henrike Hahn

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca

GUE/NGL

Silvia Modig, Dimitrios Papadimoulis

 

1

-

NI

Ioannis Lagos

 

2

0

ID

Joachim Kuhs

ECR

Johan Van Overtveldt

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

16.3.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

0

2

Na comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

François Alfonsi, Mathilde Androuët, Pascal Arimont, Adrian-Dragoş Benea, Tom Berendsen, Erik Bergkvist, Stéphane Bijoux, Franc Bogovič, Vlad-Marius Botoş, Rosanna Conte, Andrea Cozzolino, Corina Crețu, Rosa D’Amato, Christian Doleschal, Francesca Donato, Raffaele Fitto, Chiara Gemma, Mircea-Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Manolis Kefalogiannis, Ondřej Knotek, Constanze Krehl, Cristina Maestre Martín De Almagro, Nora Mebarek, Martina Michels, Andżelika Anna Możdżanowska, Niklas Nienaß, Andrey Novakov, Younous Omarjee, Alessandro Panza, Tsvetelina Penkova, Caroline Roose, André Rougé, Susana Solís Pérez, Irène Tolleret, Yana Toom, Monika Vana

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Daniel Buda, Isabel Carvalhais

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

37

+

ECR

Raffaele Fitto, Andżelika Anna Możdżanowska

ID

Rosanna Conte, Francesca Donato, Alessandro Panza

NI

Chiara Gemma

PPE

Pascal Arimont, Tom Berendsen, Franc Bogovič, Daniel Buda, Christian Doleschal, Mircea‑Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Manolis Kefalogiannis, Andrey Novakov

Renew

Stéphane Bijoux, Vlad‑Marius Botoş, Ondřej Knotek, Susana Solís Pérez, Irène Tolleret, Yana Toom

S&D

Adrian‑Dragoş Benea, Erik Bergkvist, Isabel Carvalhais, Andrea Cozzolino, Corina Crețu, Constanze Krehl, Cristina Maestre Martín De Almagro, Nora Mebarek, Tsvetelina Penkova

The Left

Martina Michels, Younous Omarjee

Verts/ALE

François Alfonsi, Rosa D'Amato, Niklas Nienaß, Caroline Roose, Monika Vana

 

0

-

 

 

 

2

0

ID

Mathilde Androuët, André Rougé

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 14 Aibreán 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais