Tuarascáil - A9-0102/2021Tuarascáil
A9-0102/2021

TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/376/CE maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin

30.3.2021 - (COM(2020)0320 – C9‑0214/2020 – 2020/0141(COD)) - *

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Cristian‑Silviu Buşoi


Nós Imeachta : 2020/0141(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0102/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0102/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2008/376/CE maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin

(COM(2020)0320 – C9‑0214/2020 – 2020/0141(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0320),

 ag féachaint don dara mír d'Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 37 atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0214/2020),

 ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0102/2021),

1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;

3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;

4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

 

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Ar an 5 Deireadh Fómhair 2016, dhaingnigh an tAontas Comhaontú Pháras28 . Iarrtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin ar pháirtithe a bhfuil sé daingnithe acu treisiú leis an bhfreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide tríd an teorainn a chur le hardú teochta domhanda go mbeidh sé go maith faoi bhun 2 °C.

(1) An 5 Deireadh Fómhair 2016, dhaingnigh an tAontas Comhaontú Pháras, a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, a tháinig i bhfeidhm an 4 Samhain 201628 . Iarrtar leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin ar pháirtithe a bhfuil sé daingnithe acu treisiú leis an bhfreagairt dhomhanda ar bhagairt an athraithe aeráide agus an méadú ar an teocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2 céim agus iarrachtaí a shaothrú chun teorainn a chur leis an méadú teochta ag 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch1a.

__________________

__________________

28 Conradh Iltaobhach, Caibidil XXVII An Comhshaol, 7.d Comhaontú Pháras. Arna theacht i bhfeidhm an 4 Samhain 2016.

28 Conradh Iltaobhach, Caibidil XXVII An Comhshaol, 7.d Comhaontú Pháras. Arna theacht i bhfeidhm an 4 Samhain 2016.

 

1a Airteagal 2.1.a de Chomhaontú Pháras.

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Dá bhrí sin tá sé riachtanach cuspóirí an Chláir Taighde RFCS a ailíniú le comhaontuithe idirnáisiúnta, mar atá Comhaontú Pháras, agus le cuspóirí eolaíocha, teicneolaíocha agus polaitiúla an Aontais maidir le neodracht aeráide faoi 2050.

(6) Dá bhrí sin, is gá cuspóirí Chlár Taighde RFCS a ailíniú le comhaontuithe idirnáisiúnta, amhail Comhaontú Pháras, leis an bhfianaise eolaíoch is fearr atá ar fáil, go háirithe na torthaí a thuairiscigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), chomh maith le cuspóirí teicneolaíocha agus polaitiúla an Aontais maidir le neodracht aeráide faoi 2050.

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Ba cheart aird ar leith a thabhairt sa Chlár Taighde ar thaighde ar amhábhair a eascraíonn ó dhramhaíl ghuail i bhfianaise na hardacmhainneachta atá acu táirgí an-fhorásacha a fhorbairt i slabhraí luacha straitéiseacha, amhail anóidí ceallra nó snáithíní carbóin, agus sa tionscal ceimice.

Leasú  

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 1

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 2 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

‘Soláthrófar leis an gClár Taighde tacaíocht do thaighde comhoibríoch in earnáil an ghuail agus in earnáil na cruach. Soláthrófar tacaíocht do theicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le cruach ghlan leis an gClár Taighde freisin, teicneolaíochtaí a mbeidh tionscadail déanta cruach beagnach saor ó charbón mar thoradh orthu, agus tionscadail taighde le haghaidh bainistiú a dhéanamh ar aistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Chinneadh 2003/76/CE ón gComhairle. Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach le cuspóirí polaitiúla, eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais, agus comhlánófar leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit agus laistigh de chláir taighde an Aontais atá ann cheana, go háirithe an clár réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (dá ngairfear “an Clár Réime um Thaighde” anseo feasta).’;

Leis an gClár Taighde, cuirfear tacaíocht ar fáil do na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, le haghaidh taighde comhoibríoch sna hearnálacha guail agus cruach. Soláthrófar tacaíocht do theicneolaíochtaí ceannródaíocha maidir le cruach ghlan leis an gClár Taighde freisin, teicneolaíochtaí a mbeidh tionscadail déanta cruach beagnach saor ó charbón mar thoradh orthu, chomh maith le tionscadail taighde, lena n-áirítear mórthionscadail taighde thionsclaíocha, le haghaidh bainistiú a dhéanamh ar aistriú cóir mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta i gcomhréir leis an Sásra um Aistriú Cóir agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Chinneadh 2003/76/CE ón gComhairle. Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach le cuspóirí polaitiúla, sóisialta, eacnamaíocha, aeráide, comhshaoil, eolaíocha agus teicneolaíocha an Aontais, agus comhlánófar leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh sna Ballstáit agus laistigh de chláir taighde an Aontais atá ann cheana, go háirithe Fís Eorpach - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (dá ngairfear ‘an Clár Réime um Thaighde’ anseo feasta). Beidh an Clár Taighde comhsheasmhach go háirithe le Comhaontú Pháras.

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 1

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 2 – fomhír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tacóidh an Clár Taighde le gníomhaíochtaí taighde, lena n-áirítear tionscadail taispeántais, lena dtabharfar teicneolaíochtaí níos gaire don mhargadh arb é is aidhm dóibh na cuspóirí a shainítear le haghaidh guail i Roinn 3 agus le haghaidh cruach i Roinn 4 a bhaint amach.

Leasú  

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 2

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 4 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Tacóidh tionscadail taighde leis an aistriú chuig geilleagar an Aontais a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, tionscadail lena mbainfidh mar chuspóir breoslaí iontaise a chéimniú amach, gníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt ar iarshuíomhanna mianach agus damáiste don chomhshaol a sheachaint nó a athshlánú maidir le mianaigh ghuail atá i bpróiseas a ndúnta, mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus na limistéir máguaird. Is éard ar a ndíreoidh tionscadail go háirithe:

1. Rannchuideoidh tionscadail taighde le spriocanna aeráide an Aontais 2030 a bhaint amach agus tacóidh siad le hearnáil na tionsclaíochta i bpróiseas an aistrithe chuig geilleagar an Aontais a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, tionscadail lena mbainfidh mar chuspóir breoslaí iontaise a chéimniú amach, gníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt ar iarshuíomhanna mianach nó gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe agus damáiste don chomhshaol a sheachaint nó a athshlánú maidir le mianaigh ghuail atá á ndúnadh, mianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo agus na limistéir máguaird. Gan dochar d’Airteagal 191 CFAE, díreoidh tionscadail go háirithe ar an méid seo a leanas:

Leasú  

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 2

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 4 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí gabhála, úsáide agus stórála dé-ocsaíde carbóin;

 forbairt agus tástáil teicneolaíochtaí gabhála, úsáide agus stórála dé-ocsaíd charbóin a bhaineann le húsáid ghuail, lena n-áirítear athchúrsáil charbóin i gcás breoslaí agus ábhar, d’fhonn an geilleagar ciorclach a chur chun cinn;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 2

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 4 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 úsáid fuinnimh geoiteirmigh ar iarshuíomhanna guail;

 fuinneamh glan a fhorbairt sna hiarshuíomhanna guail, agus aird ar leith á tabhairt ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar shlándáil an tsoláthair, lena n-áirítear saothrú acmhainní geoiteirmeach, stóráil fuinnimh, ríomhbhreoslaí, agus hidrigin ó fhoinsí in-athnuaite;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 2

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 4 – mír 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(b a) bonneagar téimh agus fuaraithe guail, amhail gréasáin téimh agus fuaraithe ceantair agus próisis thionsclaíocha, a thiontú go roghanna malartacha téimh agus fuaraithe inathnuaite amhail fuinneamh geoiteirmeach;

 

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 2

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 4 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 úsáidí neamh-fhuinneamhachais agus táirgeadh amhábhar ó dhramhaíl mianadóireachta agus iarmhair ó mhianaigh ghuail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó uathu sin atá á ndúnadh, agus é a mheas go cuí maidir leis an tionchar atá acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus a dtionchar sláinte, go bhfuil sé íoslaghdaithe agus níos ísle ná réitigh mhalartacha;

 úsáidí neamh-fhuinneamhachais agus maidir le táirgeadh amhábhar ó dhramhaíl mianadóireachta agus iarmhair a dhíorthaítear ó mhianaigh ghuail a bhí á n-oibriú roimhe seo nó ó mhianaigh atá i mbun a ndúnta, agus é a mheas go cuí maidir leis an tionchar atá acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol, agus a dtionchar sláinte, go bhfuil sé íoslaghdaithe agus níos ísle ná réitigh mhalartacha i gcomhréir le cur chuige an gheilleagair chiorclaigh;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 2

Cinneadh 2008/376/AE

Airteagal 4 – mír 1 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 forbairt clár éifeachtúil athscilithe agus uas-scilithe a chur chun cinn don lucht saothair a mbeidh tionchar orthu ag céimniú amach guail. Áirítear leis sin ar oiliúint agus athoiliúint lucht saothair atá fostaithe nó a bhí fostaithe cheana in earnáil an ghuail.

 an tionchar ar an bhfostaíocht agus ar phobail áitiúla a mheas i réigiúin a bheidh thíos le céimniú amach an ghuail agus forbairt coincheap réigiúnach a chur chun cinn ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch, cruthú fostaíochta agus cláir éifeachtúla athoiliúna agus uasoiliúna don lucht saothair a bheidh thíos leis sna réigiúin sin. Áirítear leis sin taighde ar oiliúint agus athoiliúint lucht saothair atá fostaithe nó a bhí fostaithe cheana in earnáil an ghuail chun tacú le réigiúin ghuail i mbun aistrithe.

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 3

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 5 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Díreofar le tionscadail taighde ar ghalair a bhaineann le gníomhaíochtaí mianadóireachta agus is é is aidhm dó sin feabhas a chur ar shláinte na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ghuail atá á n-aistriú. Ina theannta sin áiritheofar le tionscadail taighde go mbíonn bearta cosanta ann agus mianaigh á ndúnadh agus i mianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo.’;

Díreofar le tionscadail taighde ar ghalair a bhaineann le gníomhaíochtaí mianadóireachta, agus béim ar leith á leagan ar ghalair a ionduchtaítear ó thruailliú aeir, agus is é is aidhm dó sin feabhas a chur ar shláinte na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ghuail atá á n-aistriú. Ina theannta sin áiritheofar le tionscadail taighde go mbíonn bearta cosanta ann agus mianaigh á ndúnadh agus i mianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo.’;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 4

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 6 – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Íoslaghdú a dhéanamh ar thionchair chomhshaoil na mianach guail le linn a n-aistrithe

Tionchair chomhshaoil na hearnála guail a chosc agus a íoslaghdú le linn a haistrithe

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 4

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 6 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tabharfar tús áite do thionscadail lena mbeartaítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

2. Tabharfar tús áite do thionscadail atá bunaithe ar theicneolaíochtaí nuálacha nó ar nasc nuálach teicneolaíochtaí lena mbeartaítear ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 4

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 dramhaíl mhianadóireachta, luaith cháithníneach agus táirgí díshulfaraithe ó mhianaigh ghuail i bpróiseas a ndúnta agus ó mhianaigh a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo a bhainistiú agus a athúsáid, agus foirmeacha eile dramhaíola ina dteannta sin nuair is iomchuí;

 bainistiú agus athúsáid ar dhramhaíl mhianadóireachta, luaith cháithníneach agus táirgí díshulfarúcháin ó mhianaigh ghuail agus gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe atá á ndúnadh agus ó mhianaigh ghuail agus gléasraí cumhachta gualbhreoslaithe a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo, agus foirmeacha eile dramhaíola ina dteannta sin nuair is iomchuí;

Leasú  

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 4

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 6 – mír 2 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 timpeallacht iarshuiteálacha nó suiteálacha i bpróiseas a ndúnta a bhain úsáid as gual a athshlánú, na limistéir máguaird san áireamh, go háirithe uisce, talamh, ithreacha agus an bhithéagsúlacht;

 athchóiriú ar thimpeallacht iarshuiteálacha a bhaineann le gual nó suiteálacha a bhaineann le gual atá á ndúnadh, agus na limistéir máguaird, go háirithe uisce, talamh, ithreacha agus an bhithéagsúlacht;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 4

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 6 – mír 2 – pointe g a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

 coincheap réigiúnach a fhorbairt chun gníomhaíochtaí eacnamaíocha a éagsúlú don fhorbairt áitiúil agus chun poist ghlasa agus ardcháilíochta a chruthú le claochlú oiriúnaithe ar an struchtúr fostaíochta agus coigeartú scileanna.

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 6

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 8 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Díreofar le taighde agus forbairt theicneolaíoch (TFT) ar phróisis táirgthe cruach beagnach saor ó charbón a fhorbairt, a léiriú agus a fheabhsú d’fhonn cáilíocht táirgí a ardú agus táirgiúlacht a mhéadú. Cuid dhílis de na gníomhaíochtaí atá ag teastáil is ea astaíochtaí, ídiú fuinnimh, an lorg carbóin agus tionchair chomhshaoil eile a laghdú go suntasach, chomh maith le hacmhainní a chaomhnú. Tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

Díreofar le taighde agus forbairt theicneolaíoch (TFT) ar phróisis táirgthe cruach beagnach saor ó charbón a fhorbairt, a léiriú agus a fheabhsú d’fhonn cáilíocht táirgí a ardú agus táirgiúlacht a mhéadú, i ndlúthshineirgíocht le cuideachtaí atá ag feidhmiú san earnáil. Cuid dhílis de na gníomhaíochtaí atá ag teastáil is ea astaíochtaí, ídiú fuinnimh, an lorg carbóin agus tionchair chomhshaoil eile a laghdú go suntasach trí uirlisí atá infhíoraithe go hoibiachtúil, trí pharaiméadair agus trí shonraí, chomh maith le hacmhainní a chaomhnú. Tabharfar aghaidh le tionscadail taighde ar cheann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 6

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 8 – mír 1 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha le haghaidh na bpróiseas déanta iarainn agus cruach lena gcuirfear chun cinn gníomhaíochtaí trasearnála, tionscadail taispeána ina gcomhtháitear táirgeadh fuinnimh saor ó charbón nó a rannchuidíonn le geilleagar hidrigine glaine.’;

 teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha le haghaidh na bpróiseas déanta iarainn agus cruach lena n-éascaítear gníomhaíochtaí trasearnála, sineirgí, braisliú tionsclaíoch agus siombóis, chun breis tionscadal taispeántais ciorclaitheachta a chumasú ina gcomhtháitear táirgeadh fuinnimh saor ó charbón nó a rannchuidíonn le geilleagar hidrigine glaine.’;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 7

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 feabhsú airíonna cruach mar atá airíonna meicniúla agus fisiceacha, oiriúnacht le haghaidh tuilleadh próiseála, oiriúnacht le haghaidh feidhmeanna éagsúla agus dálaí oibre éagsúla;

 feabhsú airíonna cruach mar atá airíonna meicniúla agus fisiceacha, oiriúnacht le haghaidh tuilleadh próiseála, oiriúnacht le haghaidh feidhmeanna éagsúla agus dálaí oibre éagsúla, agus aird ar leith ar chruach athchúrsáilte;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 7

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 9 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 an saol seirbhíse a fhadú, go háirithe trí chur le friotalaíocht cruach, struchtúir chruach maidir le teas agus creimeadh, tuirse mheicniúil agus theirmeach agus/nó éifeachtaí meathlaithe eile;

 an saol seirbhíse a fhadú, dearadh don chiorclaíocht a chumasú, lena n-áirítear modúlacht, agus éifeachtúlacht ábhair, go háirithe trí chur le friotalaíocht cruach, struchtúir chruach maidir le teas agus creimeadh, tuirse mheicniúil agus theirmeach agus/nó éifeachtaí meathlaithe eile;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 7

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 9 – mír 1 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 cruacha ardfheidhmíochta le haghaidh feidhmeanna mar atá soghluaisteacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht, modhanna éicidhearthóireachta, aisfheistiú, dearadh éadrom agus/nó réitigh sábháilteachta éadroma.’;

 cruacha ardfheidhmíochta le haghaidh feidhmeanna mar atá soghluaisteacht, lena n-áirítear inbhuanaitheacht, modhanna éicidhearthóireachta, aisfheistiú, dearadh éadrom agus/nó réitigh sábháilteachta éadroma, amhail cruach ardnirt;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 8

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 10 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 teicnící chun cruach atá imithe i léig agus fotháirge ó fhoinsí éagsúla a athchúrsáil agus chun cur le caighdeán fuíll cruach;

 teicnící chun cruach atá imithe i léig agus fotháirge ó fhoinsí éagsúla a athchúrsáil agus a uaschúrsáil agus chun cur le caighdeán fuíll cruach, agus aird ar leith á tabhairt ar íosghrádú cáilíochta cruach a sheachaint de bharr an éillithe le miotail eile, ar nós copair;

Leasú  

 

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 8

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 10 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 cóireáil dramhaíola agus aisghabháil amhábhar tánaisteach luachmhar, lena n-áirítear slaigeanna, taobh istigh agus taobh amuigh den ghléasra cruach;

 cóireáil dramhaíola agus aisghabháil amhábhar tánaisteach luachmhar, lena n-áirítear slaigeanna, taobh istigh agus taobh amuigh den ghléasra cruach, chomh maith le hathúsáid amhábhar tánaisteach, iarmhar agus fotháirgí ó thionscail eile, amhail bithmhais, le haghaidh cruach a dhéanamh agus a chóimhiotalú;

Leasú  

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 8

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 10 – mír 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 gráid chruach agus struchtúir chóimeáilte a dhearadh chun aisghabháil fhurasta cruach le haghaidh athchúrsála nó athúsáide a éascú;

 gráid chruach a dhearadh agus struchtúir chóimeáilte chun dramhiompar agus dramhchóimeáil níos fearr ag deireadh ré a éascú, ionas go bhféadfar cruach agus ábhair eile a aisghabháil, a athúsáid agus a athchúrsáil go héasca;

Leasú  

Togra le haghaidh cinnidh

Airteagal 1 – pointe 9

Cinneadh 2008/376/CE

Airteagal 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

  feabhas a chur ar bhainistiú lucht saothair le samhlacha tuarthacha maidir le héileamh agus athdháileadh lucht saothair.

 

 


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Togra ón gCoimisiún

Tacaíonn an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach le tionscadail taighde agus nuálaíochta i réimsí an ghuail agus na cruach. Gach bliain, cuirtear thart ar €40 milliún ar fáil d'ollscoileanna, ionaid taighde agus cuideachtaí príobháideacha chun tionscadail a mhaoiniú. Is é is cuspóir don togra seo Cinneadh 2008/376/CE ón gComhairle a leasú chun é a ailíniú le ‘cuspóirí eolaíocha, teicneolaíocha agus polaitiúla an Chomhphobail’ de réir Airteagal 2 de Chinneadh 2008/376/CE ón gComhairle é féin.

 

Dírítear le togra an Choimisiúin ar Chlár Taighde RFCS a chur i gcomhréir le Comhaontú Pháras, an Comhaontú Glas don Eoraip, Teachtaireachtaí an Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, an Plean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach Nua, agus an Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip.

 

Tá, go háirithe, na cuspóirí seo a leanas ag an togra seo:

 

 Na cuspóirí taighde maidir le gual a nuashonrú i gcomhréir le spriocanna aeráide, fuinnimh agus comhshaoil an Choimisiúin. Tá sé d’aidhm aige freisin neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050 mar aon le ‘prionsabal na neamhdhíobhála’, atá cumhdaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip;

 Tacú le haistriú cóir agus cothrom do réigiúin ghuail i gcomhréir le prionsabail an tSásra um Aistriú Cóir;

 Na cuspóirí taighde maidir le gual a nuashonrú chun tús áite a thabhairt do theicneolaíochtaí déanta cruach, cinéalacha cur i bhfeidhm agus úsáid atá beagnach saor ó charbón;

 Foráil don fhéidearthacht cuid de Chlár Taighde RFCS (an Ciste Taighde um Ghual agus Cruach) a chur chun feidhme trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha comhchláraithe;

 Na rialacha ginearálta maidir le saineolaithe seachtracha íoctha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais a chur in ionad córais speisialta do shaineolaithe atá ann faoin gClár Réime um Thaighde.

 

Seasamh an Rapóirtéara

Tá an Rapóirtéir, nach bhfuil ag plé leis an tuarascáil seo ina cháil pearsanta ach ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ag leagan béim ar an tábhacht atá leis an gCiste chun tacú leis na hearnálacha cruach agus guail le linn a n-aistrithe. Ba cheart an Ciste a bheith ina chuidiú chun a áirithiú nach bhfágtar aon réigiún lena mbaineann an aistrithe seo ar a chúl agus go bhfanann an earnáil cruach iomaíoch.

Ag an bpointe seo, ba mhaith leis an Rapóirtéir na barúlacha seo a leanas a chur in iúl a d’fhéadfadh an Coiste agus, ag tráth níos déanaí, an Pharlaimint a chur san áireamh agus plé agus cinneadh á dhéanamh ar an togra seo:

 Is maith é go molann athbhreithniú RFCS úsáid níos mó a bhaint as infheistíocht phríobháideach agus phoiblí i leith taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochtaí nua d’fhonn réitigh a fhorbairt le haghaidh tionscal níos iomaíche agus níos inbhuanaithe;

 Chaithfeadh tionscadail taighde cur le dícharbónú inbhuanaithe an tionscail cruach, rud a chuideodh leis an Aontas a chur ar thús cadhnaíochta i dtaca le táirgí ísealcharbóin, seirbhísí agus ardteicneolaíochtaí i ndéanamh cruach;

 Ba cheart don Chlár Taighde aird ar leith a thabhairt ar chuspóirí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta. Déantar amhlaidh chun dóthain tacaíochta a áirithiú ní amháin d'earnálacha tráchtála ach d' earnálacha poiblí i réigiúin atá i mbun athraithe;

 Ba cheart go spreagfadh an t-athbhreithniú RFCS úsáid níos mó teicneolaíochtaí atá dírithe ar an ngeilleagar ciorclach a chur chun cinn;

 Tá sé tábhachtach an tionchar ar an bhfostaíocht i réigiúin a bheidh thíos le céimniú amach guail a mheas agus, san am céanna, deiseanna a chur chun cinn ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch agus cruthú fostaíochta sna réigiúin sin.


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leasaítear Cinneadh 2008/376/CE maidir le glacadh Chlár Taighde an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach agus maidir leis na treoirlínte teicniúla ilbhliantúla le haghaidh an chláir sin

Tagairtí

COM(2020)0320 – C9-0214/2020 – 2020/0141(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

27.7.2020

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ITRE

14.9.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

14.9.2020

EMPL

14.9.2020

ENVI

14.9.2020

REGI

14.9.2020

Gan tuairimí a thabhairt

 Dáta an chinnidh

BUDG

3.9.2020

EMPL

21.9.2020

ENVI

10.9.2020

REGI

7.9.2020

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Cristian-Silviu Buşoi

10.9.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

14.1.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

18.3.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

 

 

 

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Manuel Bompard, Paolo Borchia, Markus Buchheit, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Carlo Calenda, Andrea Caroppo, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Martina Dlabajová, Christian Ehler, Valter Flego, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Jens Geier, Nicolás González Casares, Bart Groothuis, Christophe Grudler, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Eva Maydell, Joëlle Mélin, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Mikuláš Peksa, Tsvetelina Penkova, Clara Ponsatí Obiols, Sira Rego, Robert Roos, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Matteo Adinolfi, Andrus Ansip, Damien Carême, Jakop G. Dalunde, Cyrus Engerer, Cornelia Ernst, Elena Lizzi, Marian-Jean Marinescu, Sven Schulze, Nils Torvalds

Dáta don chur síos

30.3.2021

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

60

+

PPE

François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Marian-Jean Marinescu, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Sven Schulze, Maria Spyraki, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

S&D

Carlo Calenda, Josianne Cutajar, Cyrus Engerer, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Miapetra Kumpula-Natri, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

Renew

Andrus Ansip, Nicola Beer, Nicola Danti, Martina Dlabajová, Valter Flego, Claudia Gamon, Bart Groothuis, Christophe Grudler, Ivars Ijabs, Mauri Pekkarinen, Nils Torvalds

ID

Matteo Adinolfi, Paolo Borchia, Elena Lizzi, Thierry Mariani, Joëlle Mélin, Isabella Tovaglieri

ECR

Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski, Evžen Tošenovský

NI

Andrea Caroppo

 

14

-

ID

Markus Buchheit

Verts/ALE

Michael Bloss, Damien Carême, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Mikuláš Peksa, Marie Toussaint

The Left

Manuel Bompard, Cornelia Ernst, Sira Rego

NI

Clara Ponsatí Obiols

 

1

0

ECR

Robert Roos

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 14 Aibreán 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais