Nós Imeachta : 2021/2010(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0103/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0103/2021

Díospóireachtaí :

PV 28/04/2021 - 5
PV 28/04/2021 - 7
CRE 28/04/2021 - 5
CRE 28/04/2021 - 7

Vótaí :

PV 28/04/2021 - 13
CRE 28/04/2021 - 13
PV 29/04/2021 - 4
CRE 29/04/2021 - 4

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0147

<Date>{30/03/2021}30.3.2021</Date>
<NoDocSe>A9-0103/2021</NoDocSe>
PDF 241kWORD 84k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>maidir leis an gcánachas digiteach: caibidlíochtaí ECFE, cónaí cuideachtaí digiteacha chun críoch cánach agus Cáin Dhigiteach Eorpach fhéideartha</Titre>

<DocRef>(2021/2010(INI))</DocRef>


<Commission>{ECON}An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta</Commission>

Rapóirtéirí: <Depute>Andreas Schwab, Martin Hlaváček</Depute>

Rapóirtéirí don tuairim (*):

José Manuel Fernandes, Valérie Hayer, an Coiste um Buiséid

(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

LEASUITHE
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACHL SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an gcánachas digiteach: caibidlíochtaí ECFE, cónaí cuideachtaí digiteacha chun críoch cánach agus Cáin Dhigiteach Eorpach fhéideartha

(2021/2010(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 113 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 1-2 Deireadh Fómhair 2020[1] agus an 21 Iúil 2020[2],

 ag féachaint do chonclúidí ó Chomhairle Ecofin an 27 Samhain 2020[3],

 ag féachaint do thograí ón gCoimisiún atá ar feitheamh lena nglacadh, go háirithe maidir leis an gComhbhonn don Cháin Chorparáide (CCTB), an Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide (CCCTB)[4], agus an pacáiste cánachais dhigitigh[5], mar aon le seasaimh Pharlaimint na hEorpa ar na tograí sin,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2019 dar teideal Towards a more efficient and democratic decision-making in EU tax policy (COM(2019)0008) [Ionsar chinnteoireacht níos éifeachtúla agus níos daonlathaí i mbeartas cánach AE],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal Shaping Europe’s digital future (COM(2020)0067) [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta le haghaidh Cánachas Cothrom agus Simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh (COM(2020)0312),

 ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2015 maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus éifeachta de[6], a mhol an Coiste Speisialta um Rialuithe Cánach agus Bearta Eile atá Comhchosúil ó thaobh Cineáil agus Éifeachta de (Coiste TAXE),

 ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2016 maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus éifeachta de[7], a mhol an dara Coiste Speisialta um Rialuithe Cánach agus Bearta Eile atá Comhchosúil ó thaobh Cineáil agus Éifeachta de (Coiste TAXE2),

 ag féachaint do mholadh uaithi an 13 Nollaig 2017 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis an fhiosrúcháin ar sciúradh airgid, seachaint cánach agus imghabháil cánach a rinne an Coiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus drochriarachán a líomhnaítear i bhfeidhmiú dhlí an Aontais i ndáil le sciúradh airgid, seachaint cánach agus imghabháil cánach (Coiste PANA)[8],

 ag féachaint do rún uaithi an 26 Márta 2019 maidir le coireanna airgeadais, seachaint cánach agus imghabháil cánach[9], a mhol an Coiste Speisialta um choireanna airgeadais, um imghabháil cánach agus um sheachaint cánach (TAX3),

 ag féachaint d’obair leantach an Choimisiúin ar gach ceann de na rúin‑thuasluaite ó Pharlaimint na hEorpa[10],

 ag féachaint don staidéar uaithi dar teideal Impact of Digitalisation on International Tax Matters: Challenges and Remedies [Tionchar an Digitithe ar Chúrsaí Cánach Idirnáisiúnta: Dúshláin agus Leighis][11],

 ag féachaint do Chreat Cuimsitheach (IF) G20/ECFE maidir le Plean Gníomhaíochta um Chreimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) ó mhí Dheireadh Fómhair 2015, agus go háirithe Gníomh 1 de maidir leis na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as an Digitiú,

 ag féachaint do thuarascáil eatramhach ó Chreat Cuimsitheach G20/ECFE dar teideal Tax Challenges Arising from Digitalisation [Na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as an Digitiú] a glacadh in 2018, agus dá Chlár Oibre chun Teacht ar Réiteach Comhthola ar na Dúshláin Chánach a Eascraíonn as Digitiú an Gheilleagair a glacadh i mí na Bealtaine 2019,

 ag féachaint don Ráiteas Cumhdaigh agus na Tuarascálacha maidir le Treoirphleananna Cholún a hAon agus Cholún a Dó a ghlac Creat Cuimsitheach G20/ECFE i mí Dheireadh Fómhair 2020, agus do na torthaí ar anailís eacnamaíoch agus measúnú tionchair a rinne Rúnaíocht ECFE a ghabhann leis,

 ag féachaint do na torthaí a bhí ar chruinnithe mullaigh éagsúla G7, G8 agus G20 a tionóladh maidir le saincheisteanna idirnáisiúnta cánach,

 ag féachaint d’obair leantach Choiste Saineolaithe na Náisiún Aontaithe um Chomhar Idirnáisiúnta i gCúrsaí Cánach maidir leis na dúshláin chánach a bhaineann le digitiú an gheilleagair,

 ag féachaint do mheasúnú ar thionchar tionscanta ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2021 maidir le Tobhach Digiteach (Ares(2021)312667),

 ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 dar teideal Fair Taxation in a Digitalised and Globalised Economy: [Cánachas Cothrom i nGeilleagar Digitithe agus Domhandaithe:] BEPS 2.0’[12],

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do thuairim ón gCoiste um Buiséid,

 ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0103/2021),

A. de bhrí go bhfuil na rialacha idirnáisiúnta maidir le cáin chorparáide atá ann faoi láthair bunaithe ar phrionsabail a forbraíodh ag tús an 20ú haois agus nach n-oireann a thuilleadh do gheilleagar atá ag éirí níos domhandaithe agus níos digitithe, lena gcumasaítear, dá bhrí sin, an iliomad cleachtais chánach dhíobhálacha lena ndéantar an bonn a bhaint ón airgeadas poiblí agus ón iomaíocht chóir;

B. de bhrí go bhfuil comhréireacht agus indéantacht na rialacha idirnáisiúnta cánach sin anois faoi réir athbhreithniú i gcomhthéacs chaibidlíocht ECFE d’fhonn iomaíochas cuideachtaí Eorpacha i ngeilleagar atá ag éirí níos domhandaithe agus níos digitithe a áirithiú;

C. de bhrí gur ghéaraigh an geilleagar digitithe ar na fadhbanna atá cheana ann i ngeall ar róspleáchas cuideachtaí ilnáisiúnta ar shócmhainní doláimhsithe amhail maoin intleachtúil;

D. de bhrí, tar éis ghéarchéim airgeadais 2008-2009 agus sraith cásanna a tháinig chun solais maidir le cleachtais imghabhála cánach, pleanáil ionsaitheach cánach, seachaint cánach agus sciúradh airgid, gur chomhaontaigh tíortha G20 aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar fud an domhain ar leibhéal ECFE tríd an tionscadal maidir le Creimeadh an Bhoinn Cánach agus Aistriú Brabúis (BEPS), as ar tháinig Plean Gníomhaíochta BEPS;

E. de bhrí gur éirigh le Plean Gníomhaíochta BEPS comhthoil dhomhanda a bhaint amach maidir le go leor saincheisteanna ar mhaithe le himghabháil cánach, pleanáil ionsaitheach cánach agus seachaint cánach a chomhrac; de bhrí nár thángthas ar aon chomhaontú, áfach, maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair, ar dá bharr a glacadh Tuarascáil Chríochnaitheach ar leithligh in 2015 maidir le Gníomh 1 de Thionscadal BEPS;

F. de bhrí go bhfuil iarrtha ag Parlaimint na hEorpa go mion minic go ndéanfaí athchóiriú ar an gcóras cánach corparáide idirnáisiúnta d’fhonn dul i ngleic le himghabháil chánach, seachaint cánach agus na dúshláin a bhaineann le cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach;

G. de bhrí gur thíolaic an Coimisiún dhá thogra maidir le cánachas an gheilleagair dhigitigh in 2018, lena n-áirítear réiteach gearrthéarmach lena dtugtar isteach cáin ar sheirbhísí digiteacha (DST), agus réiteach fadtéarmach lena sainítear láithreacht dhigiteach shuntasach (SDP) mar nasc le haghaidh an chánachais chorparáidigh ar cheart dó a theacht in ionad DST; de bhrí gur thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh Treoir ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide (CCCTB) (COM(2016)0683); de bhrí gur thacaigh Parlaimint na hEorpa leis na tograí sin uile, ach níor glacadh sa Chomhairle iad, rud a chuir iallach ar roinnt Ballstát DST a thabhairt isteach go haontaobhach;

H. de bhrí, le DSTanna neamhchomhordaithe agus ar leithligh a bheith á dtabhairt isteach ag na Ballstáit, le rialacha agus critéir éagsúla chánachais, go méadaítear ar ilroinnt laistigh den mhargadh aonair, go gcruthaítear níos mó éiginnteacht cánach agus nach bhfuil sé chomh héifeachtúil céanna i gcomparáid le réiteach comhchoiteann ar an leibhéal Eorpach;

I. de bhrí go bhfuil an baol ann go méadófar ar dhíospóidí trádála idirnáisiúnta trí bhearta a bheith á nglacadh go haontaobhach ag na Ballstáit, rud ar féidir leis difear a dhéanamh do ghnólachtaí digiteacha agus neamhdhigitiúla araon laistigh den mhargadh aonair;

J. de bhrí, i gcomhréir le sainordú a thug Airí Airgeadais G20 i mí an Mhárta 2017 agus tar éis Clár Oibre (PoW) a ghlacadh i mí na Bealtaine 2019, go raibh Creat Cuimsitheach (IF) ECFE/G20 um BEPS, trína Thascfhórsa um an nGeilleagar Digiteach, ag obair ar réiteach uilíoch a bhí bunaithe ar chomhthoil agus ar dhá cholún: Colún a hAon maidir le cearta cánachais a leithdháileadh trí bhíthin rialacha nua maidir le leithdháileadh brabúis agus nasc, agus Colún a Dó maidir le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna BEPS atá fós gan réiteach agus lena dtugtar bearta isteach chun íosleibhéal cánach a áirithiú;

K. de bharr gur fhoilsigh Creat Cuimsitheach G20/ECFE pacáiste beart an 12 Deireadh Fómhair 2020 ina bhfuil ráiteas cumhdaigh agus tuarascálacha maidir le Treoirphleananna Cholún a hAon agus Cholún a Dó, ina léirítear tuairimí cóineasaithe ar roinnt gnéithe beartais, prionsabal agus paraiméadar sa dá Cholún agus ina sainaithnítear na saincheisteanna polaitiúla agus teicniúla a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu fós;

L. de bhrí go bhfuil méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar bhrabúis na gcuideachtaí ilnáisiúnta atá ar thús cadhnaíochta sa réimse digiteach; de bhrí gur chuir na horduithe dianghlasála mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 tuilleadh dlúis leis an aistriú chuig geilleagar atá bunaithe ar sheirbhísí digiteacha, rud a chuireann gnólachtaí fisiciúla, agus go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) faoi mhíbhuntáiste breise; de bhrí go bhfuil géarghá le gníomhú go mear, agus aird á tabhairt ar an aidhm atá ag Creat Cuimsitheach G20/ECFE a chuid caibidlíochta a thabhairt chun críche i mí Iúil 2021 mar an chéad chéim ionsar ualaí cánach a dháileadh ar bhonn níos cothroime;

M. de bhrí go bhfuil ríthábhacht le dlíthe idirnáisiúnta leormhaithe maidir le cáin chun cleachtais imghabhála cánach agus seachanta cánach a chosc, agus chun córas cothrom agus éifeachtúil cánachais a cheapadh a thabharfaidh aghaidh ar neamhionannas agus a áiritheoidh cinnteacht agus cobhsaíocht, ar nithe iad atá réamhriachtanach le haghaidh iomaíochais, mar aon le machaire comhréidh idir cuideachtaí a bheith ann, go háirithe do FBManna;

N. de bhrí gur chuir digitiú an gheilleagair ar chumas cuideachtaí beaga go ginearálta agus ó earnálacha éagsúla a bheith níos iomaíche agus teagmháil a dhéanamh le cliaint nua; de bhrí nár cheart go mbeadh gnólachtaí beaga nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis faoi ualach ag bearta AE maidir le cánachas digiteach;

O. de bhrí go mbraitheann gnólachtaí digiteacha go mór ar shócmhainní doláimhsithe chun inneachar a chruthú, go háirithe trí úsáid a bhaint as sonraí úsáideoirí agus luach airgid a ghnóthú orthu, agus nach dtagann an cruthú luacha sin faoi scáth na gcóras cánach reatha; de bhrí gur ann do mhí-ailíniú leis an bhfeiniméan seo ó thaobh na háite ina gcruthaítear an luach agus áit an chánachais de;

P. de bhrí go bhfuil easpa comhaontú idirnáisiúnta nó easpa rialachán AE maidir le cánachas digiteach ina bhac ar thimpeallacht ghnó laistigh den mhargadh aonair digiteach a bheadh níos iomaíche agus níos fabhraí don fhás;

Q. de bhrí, leis an ngéarchéim eacnamaíoch thromchúiseach atá roimh an Aontas go n-éilítear beartais chánach nua-aimseartha lena lamháiltear do na Ballstáit cánacha a bhailiú, ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, ar cánacha iad atá dlite as gníomhaíochtaí a shaothraítear laistigh den mhargadh aonair;

R. de bhrí gur cheart do na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le chéile agus seasamh aontaithe, láidir agus uaillmhianach a ghlacadh sa chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir le cáin;

S. de bhrí go gcuirtear in iúl i gconclúidí ón gComhairle an 27 Samhain go ndéanfaidh an Chomhairle Eorpach ‘measúnú ar an staid maidir leis an obair ar shaincheist thábhachtach an chánachais dhigitigh’ i mí an Mhárta 2021;

T. de bhrí go dtiocfaidh airí airgeadais G20 le chéile an 7-8 Aibreán 2021 agus an 9-10 Iúil 2021 agus déanfaidh siad an dá cholún den chaibidlíocht maidir leis an gCreat Cuimsitheach a mheas;

Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a eascraíonn as digitiú an gheilleagair

1. ag tabhairt dá haire go dtéann na rialacha idirnáisiúnta cánach atá ann faoi láthair siar go dtí tús an 20ú haois, agus go bhfuil cearta chun cánachais bunaithe den chuid is mó ar láithreacht fhisiciúil na gcuideachtaí; á chur i bhfios go bhfuil méadú mór tagtha ar chumas cuideachtaí dul i mbun gníomhaíochtaí suntasacha gnó i ndlínse gan láithreacht fhisiciúil a bheith acu sa dlínse sin i ngeall ar an digitiú agus ar an mórspleáchas ar shócmhainní doláimhsithe, agus nach léirítear a thuilleadh, dá bhrí sin, leis na cánacha a íoctar in aon dlínse amháin an luach agus na brabúis a cruthaíodh ansin, rud ar féidir leis a bheith ina shiocair le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis;

2. á iarraidh go ndéanfar leithdháileadh as an nua agus níos cothroime ar chearta cánachais do chuideachtaí ilnáisiúnta ard-digitithe agus go ndéanfar athbhreithniú ar choincheap traidisiúnta na buanbhunaíochta, ós rud é go mainnítear leis an gcoincheap sin an geilleagar digitithe a chumhdach; ag meabhrú sheasamh Pharlaimint na hEorpa maidir le CCCTB i leith buanbhunaíocht fhíorúil a chruthú, agus aird á tabhairt ar an áit ina ndéantar an luach a ghnóthú agus ar bhonn an luacha agus an bhrabúis arna nginiúint ag úsáideoirí; á chur i bhfáth gur gnéithe lárnacha iad úsáideoirí ardán ar líne agus tomhaltóirí seirbhísí digiteacha i gcruthú luacha ag gnólachtaí ard-digitithe, agus nach féidir iad a aistriú amach as dlínse ar an mbealach céanna le caipiteal agus saothar agus gur cheart, dá bhrí sin, iad a chur san áireamh agus nasc nua cánach á shainiú chun leigheas éifeachtach ar an bpleanáil ionsaitheach cánach agus ar sheachaint cánach a chur ar fáil;

3. á chur in iúl gur cúis bhuartha di chomh mór céanna gurb é a bheadh mar thoradh ar shainmhíniú cúng ar na fadhbanna atá i gceist ná rialacha spriocdhírithe a bheith á gceapadh do ghnólachtaí áirithe amháin; á chur i bhfios nach foláir athbhreithniú a dhéanamh ar phraghsanna aistrithe, ar an sainmhíniú ar bhuanbhunaíocht agus ar bhearnaí cánachais ar de thoradh iad ar chórais chánach éagsúla atá róchasta, go háirithe maidir le comhaontuithe cánachais dhúbailte;

4. á chur i bhfáth gurbh fhearr go ndéanfaí cáin a ghearradh ar bhrabúis seachas ar ioncam leis na réitigh nua maidir le cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach;

5. ag tabhairt dá haire an éabhlóid shuntasach atá tagtha ar ár ngeilleagair i ngeall ar an digitiú agus ar an domhandú; ag tabhairt dá haire na héifeachtaí dearfacha a bhíonn ag an digitiú ar ár sochaí agus ar ár ngeilleagair mar aon le móracmhainneacht an digitithe don riarachán cánach, a fheidhmíonn mar uirlis chun seirbhís níos fearr a sholáthar do shaoránaigh, chun muinín an phobail as na húdaráis chánach a mhéadú agus chun feabhas a chur ar an iomaíochas; á chur in iúl gur oth léi na heasnaimh sa chóras idirnáisiúnta cánach, ar córas é nach bhfuil oiriúnach i gcónaí chun aghaidh a thabhairt go cuí ar dhúshláin an domhandaithe agus an digitithe; á iarraidh go mbeidh comhaontú ann lena ndíreofar ar chóras cánach a bheidh cothrom agus éifeachtach, agus urraim á tabhairt ag an am céanna don cheannasacht náisiúnta i réimse an chánachais;

6. á iarraidh go ndéanfar athchóiriú ar an gcóras cánach chun calaois chánach agus seachaint cánach a chomhrac; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an tAontas agus a Bhallstáit ar thús cadhnaíochta agus freagairt á tabhairt ar na heasnaimh sin;

7. á thabhairt chun suntais an gá atá le cáin a ghearradh ar chorparáidí ilnáisiúnta ar bhonn foirmle atá cothrom agus éifeachtach chun cearta cánachais a leithdháileadh idir tíortha; ag meabhrú an togra ón gCoimisiún maidir le comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide (CCCTB);

8. á thabhairt chun suntais an gá atá le haghaidh a thabhairt ar ghannchánachas an gheilleagair dhigitithe; á chur i bhfáth an gá atá le soghluaisteacht bhunúsach na gcuideachtaí ilnáisiúnta ard-digitithe a chur san áireamh, go háirithe d'fhonn luach a chruthú, agus chun a áirithiú go ndáilfear cearta cánachais go cothrom i measc na dtíortha uile ina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch agus cruthú luacha á saothrú acu, lena n-áirítear T&D; ag tabhairt dá haire gur féidir le roinnt comhaontuithe maidir le cánachas dúbailte atá cheana ann cosc a chur ar an gceart cánach a leithdháileadh go cothrom agus á iarraidh go ndéanfar iad a thabhairt cothrom le dáta; á thabhairt chun suntais staid speisialta na mBallstát beag forimeallach;

9. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá tuilleadh staidéar a dhéanamh ar an ualach cánach foriomlán a bhaineann le samhlacha gnó éagsúla; á chur in iúl gur oth léi nach é amháin go ndéanann seachaint cánach dochar do bhailiú ioncaim phoiblí, rud a chuireann bac ar sheirbhísí poiblí agus a aistríonn an t-ualach cánach ionsar an ghnáthshaoránach, lena gcruthaítear, dá bhrí sin, tuilleadh neamhionannas, ach go bhfuil éifeacht saofa aici freisin ar na margaí trí ghnólachtaí, go háirithe FBManna, a chur faoi mhíbhuntáiste, agus lena ndéantar bacainní a chruthú d’iontrálaithe áitiúla nua; á thabhairt chun suntais an gá atá le breithniú a dhéanamh ar bhacainní iontrála a d‘fhéadfadh a bheith ann do FBManna ionas nach gcruthófar earnáil dhigiteach nach mbeidh ach líon beag gníomhaithe móra ar áireamh inti;

10. á mheabhrú, ar an meán, nach ngearrtar ach ráta cánach éifeachtach 9.5 % ar ghnólachtaí digiteacha, i gcomparáid le 23.2 % i gcás samhlacha gnó traidisiúnta;

11. á thabhairt chun suntais, idir an dá linn, gur tháinig ardú as cuimse ar an éileamh ar sheirbhísí digitithe i ngeall ar an oibleagáid atá ann i leith go leor cúraimí a oibriú go cianda i gcomhthéacs COVID-19; á thabhairt faoi deara, dá bhrí sin, go bhfuil soláthraithe seirbhísí digitithe den sórt sin i riocht níos fabhraí ná gnólachtaí traidisiúnta, go háirithe FBManna;

12. á thabhairt chun suntais go mbaintear de thátal as Tuarascáil Chríochnaitheach ECFE/G20 BEPS Gníomh 1 - 2015 go bhfuil an geilleagar digiteach ag teacht chun bheith mar an geilleagar féin ar bhonn méadaitheach; ag aithint dhigitiú tapa fhormhór na n-earnálacha eacnamaíocha agus an gá atá le córas cánach a sheasfaidh an aimsir agus nach ndéanfaidh imfhálú ar an geilleagar digiteach, ach lena n-áiritheofar dáileadh cothrom ioncaim ar fud na dtíortha éagsúla ina gcruthaítear luach;

13. ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir ról an chánachais agus na rialála araon, agus nár cheart beartais chánach dhigiteacha a bheidh ann amach anseo a fhoirmliú chun easnaimh sa gheilleagar digiteach a cheartú, amhail cíosanna ó chumhacht mhonaplachta ar an bhfaisnéis, i gcás ina mbeadh bearta rialála níos iomchuí ina ionad sin;

Comhaontú iltaobhach domhanda: an bealach is fearr chun cinn cé nach é an t-aon bhealach amháin é

14. á iarraidh go mbeidh comhaontú idirnáisiúnta ann arb é is aidhm dó córas cóir agus éifeachtach cánach a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag Creat Cuimsitheach G20/ECFE chun teacht ar chomhthoil dhomhanda maidir le hathchóiriú iltaobhach a dhéanamh ar an gcóras idirnáisiúnta cánach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriú leanúnach an bhrabúis agus leis an ngeilleagar digitithe; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nár comhlíonadh an spriocdháta le haghaidh comhaontú a socraíodh do dheireadh 2020; ag aithint an dul chun cinn atá déanta sa phlé ar na tograí ar an leibhéal teicniúil, in ainneoin na moilleanna de dheasca phaindéim COVID-19, agus á iarraidh go dtiocfar ar chomhaontú mear faoi lár na bliana 2021 i bpróiseas cuimsitheach caibidlíochta; á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht ghníomhach a ghlacadh freisin i dtaca le saincheisteanna cánach i bhfóraim idirnáisiúnta eile amhail na Náisiúin Aontaithe;

15. ag tabhairt dá haire nach ndéantar an geilleagar digitithe a imfhalú leis an gcur chuige dhá cholún a moladh i gCreat Cuimsitheach G20/ECFE ach go bhféachtar le réiteach cuimsitheach a fháil ar na dúshláin nua a bhaineann leis; ag tabhairt dá haire na tuairimí éagsúla i measc chomhaltaí an Chreata Chuimsithigh; á chreidiúint, áfach, gur cheart breathnú ar an dá cholún mar cholúin chomhlántacha agus gur cheart iad a ghlacadh faoi lár na bliana 2021;

16. á thabhairt chun suntais gurb é is aidhm do Cholún a Dó ná aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ar ann dóibh fós maidir le BEPS, go háirithe trína áirithiú go n-íocfaidh cuideachtaí móra ilnáisiúnta, lena n-áirítear na cinn digitithe, íosráta éifeachtach cánach corparáide, gan beann ar an áit ina bhfuil siad lonnaithe; á mheas gur cheart aon íosráta éifeachtach a shocrú ar leibhéal atá cothrom agus leordhóthanach chun aistriú brabúis a dhíspreagadh agus chun iomaíochas díobhálach cánach a chosc;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle déanamh deimhin de go gcuirfear leasanna AE san áireamh sna comhréitigh sa todhchaí ar chaibidlíochtaí Chreat Cuimsitheach G20/ECFE agus go seachnófar castacht bhreise agus aon rómhaorlathas sa bhreis do FBManna agus do na saoránaigh;

18. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí ó rúnaíocht ECFE i leith réiteach a fháil ar an gceist conas na rialacha idirnáisiúnta cánach atá againn faoi láthair a chur in oiriúint do gheilleagar domhandaithe agus digitithe; á chur in iúl gur geal léi an togra faoi Cholún I maidir le nasc nua cánach agus cearta nua cánachais lena bhféadfaí cáin a ghearradh ar fhiontair ilnáisiúnta (MNEnna) i ndlínsí margaidh, fiú i gcás nach bhfuil aon láithreacht fhisiciúil acu iontu bunaithe ar a ngníomhaíocht eacnamaíoch; á chur i bhfios go láidir go gcuireann an idirghníomhaíocht le húsáideoirí agus le tomhaltóirí go mór le cruthú luacha i samhlacha gnó ard-digitithe, agus gur cheart, dá bhrí sin, í a chur san áireamh agus cearta cánach á leithdháileadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt roghanna beartais fós le cinneadh ar an leibhéal domhanda;

19. á aithint go gcruthódh ‘Méid A’, mar a thugtar air, ceart nua cánachais do dhlínsí margaidh; á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdófaí MNEnna móra uile a d’fhéadfadh a bheith rannpháirteach i gcleachtais BEPS i raon feidhme na gceart nua cánachais sin, agus go gcumhdófaí ar a laghad seirbhísí digiteacha uathoibrithe agus gnólachtaí atá dírithe ar thomhaltóirí, fad agus nach ndéanfar ualaí breise nach bhfuil gá leo a chur ar FBManna agus go seachnófar seirbhísí a dhéanamh níos costasaí do thomhaltóirí

20. á iarraidh ar na Ballstáit tacú le comhaontú chun a áirithiú go ndéanfar méideanna leordhóthanacha brabús a ath-leithdháileadh ar dhlínsí margaidh, ar cheart go rachadh sé thar an idirdhealú atá idir gnáthbhrabúis agus brabúis nach gnáthbhrabúis iad, a d’fhéadfadh a bheith ina shiocair le hidirdhealuithe saorga amháin;

21. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh córas atá róchasta deiseanna a chruthú go hiarbhír chun teacht timpeall ar na rialacha a comhaontaíodh le déanaí agus á iarraidh ar ECFE agus ar na Ballstáit atá i mbun caibidlíochta oibriú ionsar réiteach simplí agus inoibrithe a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfar breithniú ar na torthaí a bhaineann le tionchar riaracháin Phlean Gníomhaíochta ECFE/G20 BEPS;

22. á mholadh gur cheart go ndéanfaí laghdú ar an gcastacht leis na roghanna beartais atá á gcosaint ag na Ballstáit sna caibidlíochtaí; ag tacú, dá bhrí sin, le próisis riaracháin shimplithe do MNEanna atá faoi réir na gceart nua cánach, d’fhonn ualach an chur chun feidhme a laghdú freisin do na Ballstáit, agus aird á tabhairt ar na Ballstáit nach bhfuil baint acu le socruithe cánach a shaobhann an iomaíocht, amhail ‘comhaontuithe féin-tairbheacha’ mar a thugtar orthu; á chreidiúint go mbeadh athchóiriú ar phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách (ALP) iomchuí;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle treisiú a dhéanamh ar an idirphlé le rialtas nua na Stát Aontaithe faoin mbeartas cánach digití agus é mar aidhm leis teacht ar chur chuige coiteann roimh mhí an Mheithimh 2021 faoi chuimsiú chaibidlíocht Chreat Cuimsitheach G20/ECFE; á chur in iúl gur geal léi an dearbhú le déanaí ó rialtas nua na Stát Aontaithe go rachaidh sé go gníomhach i mbun caibidlíochta arís le ECFE d’fhonn teacht ar chomhaontú agus coincheap an ‘tearmainn’ a thréigean; á iarraidh ar an Ballstáit cur i gcoinne an chlásail ‘tearmainn’, lena bhfuil baol tromchúiseach go ndéanfar an bonn a bhaint ó na hiarrachtaí athchóirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún togra dá chuid féin a shaothrú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le geilleagar digitithe i gcás ina n-áireofaí clásal ‘tearmainn’ i gColún a hAon den athchóiriú; á mheabhrú, ina leith sin, gur dhírigh an togra fadtéarmach ón gCoimisiún ar láithreacht dhigiteach shuntasach;

24. ag tabhairt dá haire an togra maidir le sásra chun díospóidí a chosc agus a réiteach ar mhaithe le cánachas dúbailte a sheachaint agus méadú a dhéanamh ar ghlacadh na rialacha nua; á thabhairt chun suntais ról tábhachtach an tsásra sin, go háirithe don idirthréimhse go dtí go mbeidh an córas nua idirnáisiúnta cánach i bhfeidhm; á chur i bhfios go láidir, áfach, gur fearr is féidir deimhneacht chánach a bhaint amach trí rialacha simplí, soiléire agus comhchuibhithe a leagan síos lena gcuirtear cosc ar dhíospóidí ar an gcéad dul síos; á thabhairt chun suntais, le haon sásra chun díospóidí a chosc agus a réiteach, nár cheart go gcuirfí tíortha atá i mbéal forbartha faoi mhíbhuntáiste;

25. á chur in iúl go dtuigeann sí, le comhaontú idirnáisiúnta, gur cheart go seachnófaí díospóidí agus frithbhearta trádála díobhálacha a d’fhéadfadh éifeachtaí diúltacha a bheith acu d’earnálacha eacnamaíocha eile;

26. á iarraidh ar an gCoimisiún a mheasúnú tionchair féin ar éifeachtaí Cholún a hAon agus Cholún a Dó maidir le hioncam a bhailiú do na Ballstáit a thabhairt chun críche agus an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoina thorthaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn an mheasúnaithe tionchair sin, comhairle agus treoir a thabhairt do na Ballstáit seasamh a ghlacadh san idirbheartaíocht lena gcosnaítear leasanna AE;

27. á iarraidh ar gach Ballstát agus ar an gCoimisiún a seasaimh a chomhordú chun labhairt d’aon ghuth;

Éileamh ar AE gníomhú láithreach

28. á chur in iúl gur oth léi gur cuireadh fad le gannchánachas an gheilleagair dhigitigh le mainneachtain Chreat Cuimsitheach G20/ECFE teacht ar réiteach i mí Dheireadh Fómhair 2020; á chur i bhfáth gurb iad na gnólachtaí digitithe den chuid is mó a thairbhigh de phaindéim COVID-19, go háirithe iad siúd a raibh ar a gcumas a n-oibríochtaí a mhéadú, cé go bhfuil go leor gnólachtaí eile, go háirithe FBManna, atá thíos leis, agus gurb í is siocair leis an dlús atá leis an aistriú chuig geilleagar digitithe, agus ag cur béim sa bhreis, dá bhrí sin, ar an ngá atá ann le teacht ar réitigh iltaobhacha chun an córas cánach reatha a athchóiriú chun a áirithiú go ndéanfaidh an geilleagar digitithe a chion ar bhonn cothrom;

29. á thabhairt chun suntais go gcaithfidh rialtais acmhainní gan fasach a bhailiú chun téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus gur féidir le hioncam a shlógtar ó earnálacha atá ag feidhmiú faoi thearc-ráta cánach rannchuidiú a dhéanamh le maoiniú an téarnaimh;

30. á mheas gur saincheist dhomhanda gurb ea na dúshláin chánach a eascraíonn as an ngeilleagar digitithe agus go bhfuil géarghá le comhaontú ar leibhéal stáit G20/ECFE chun go bhféadfar comhordú idirnáisiúnta a chur i gcrích; á mheas gur fearr réiteach idirnáisiúnta uaillmhianach agus comhchuibhithe ná meascán de chánacha digiteacha náisiúnta nó réigiúnacha a bhféadfadh rioscaí a bheith ag baint leo, agus gur dóchúla i bhfad go bhfaighfear tacaíocht d’aon toil ina leith sin sa Chomhairle;

31. á áitiú, dá bhrí sin, gan beann ar an dul chun cinn atá déanta sa chaibidlíocht i gCreat Cuimsitheach G20/ECFE, gur cheart do AE seasamh cúltaca a bheith aige agus a bheith ullamh chun a thogra féin a chur i bhfeidhm ó thaobh cáin a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach faoi dheireadh na bliana 2021, go háirithe ós nach mbaineann na tograí ó ECFE ach le grúpa beag cuideachtaí agus go bhféadfadh sé nach leor an méid sin; á iarraidh ar an gCoimisiún comhaontú idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 maidir leis an gcomhar in ábhair bhuiséadacha a urramú trína thograí le haghaidh tobhach digiteach a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2021, agus a gcomhoiriúnacht don athchóiriú arna dhéanamh ag Creat Cuimsitheach G20/ECFE á réamh-mheas aige ag an am céanna, más ann do chomhaontú ina leith; á mholadh go gcuirfidh an Coimisiún treochlár i dtoll a chéile agus cásanna éagsúla á gcur san áireamh aige, go háirithe le comhaontú agus gan chomhaontú ar leibhéal ECFE faoi lár na bliana 2021;

32. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh go háirithe ar cháin shealadach Eorpach ar sheirbhísí digiteacha a thabhairt isteach mar an chéad chéim riachtanach; á chur i bhfáth gur cheart na réitigh Eorpacha sin a oiriúnú dá réir má thagtar ar chomhaontú idirnáisiúnta faoi Chreat Cuimsitheach G20/ECFE; á mheabhrú nach féidir DST AE a bheartú ach amháin mar chéim thosaigh shealadach;

33. á iarraidh ar AE an comhaontú a bheidh ann sa todhchaí i leith thorthaí na gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta a chur chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra a eisiúint chuige sin;

34. á chur i bhfios go bhféadfadh mainneachtain chaibidliochtaí ECFE a bheith ina siocair le hilroinnt sa bhreis i ndáil le cánacha digiteacha, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh freisin do chuideachtaí Eorpacha a bhfuil sé d’aidhm acu a gcuid samhlacha gnó a leathnú isteach i margaí eile; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé teacht ar chomhaontú ar leibhéal ECFE ar mhaithe le haon chogaí trádála a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint; á thabhairt chun suntais, in ainneoin gur inniúlacht de chuid na mBallstát é an cánachas, go bhfuil gá le comhordú ar bhonn láidir;

35. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil cuideachtaí digiteacha AE a bhfuil a gceanncheathrú i mBallstát AE agus atá faoi réir chánacha corparáideacha AE faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le cuideachtaí eachtracha nach bhfuil ‘láithreacht fhisiciúil’ acu in aon Bhallstát, agus gur féidir leo, dá bhrí sin, íocaíochtaí cánacha corparáideacha in AE a sheachaint fiú má oibríonn siad le húsáideoirí Eorpacha; á chur i bhfáth gur gá machaire comhréidh a chruthú do sholáthraithe seirbhísí traidisiúnta agus seirbhísí digiteacha uathoibrithe, mar aon le gnólachtaí atá dírithe ar thomhaltóirí in AE, trína áirithiú go ngearrfar cáin ar na gnólachtaí sin san áit ina ndéanann siad an brabús agus go mbeidh sé ar ráta atá cóir;

36. á chur i bhfáth nach foláir d’aon DST AE méaduithe neamhriachtanacha a ghintear i gcostais chomhlíontachta a sheachaint, agus nach foláir dó sainmhínithe soiléire agus forálacha trédhearcacha a sholáthar ar furasta cloí leo agus iad a fhorfheidhmiú, agus deimhneacht dhlíthiúil agus rialála a chur chun cinn;

37. á iarraidh go ndéanfar rialacha comhréireacha a ghlacadh ionas nach ndéanfar an bonn a bhaint ó FBManna, ó ghnólachtaí nuathionscanta agus ó chuideachtaí atá i mbun a gcuid gnólachtaí a dhigitiú; á chur i bhfáth gur féidir le beartas cánach a bheith ar cheann de na huirlisí chun tacú le hiomaíochas an mhargaidh aonair ina leith sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le beartas cánach lena gcothófar fás agus lena ndíreofar ar iomaíochas idirnáisiúnta an mhargaidh aonair a neartú;

38. ag cur béim ar an ngá atá ann le hathbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha atá cheana ann maidir le cánachas dúbailte chun a áirithiú go ngearrfar cáin ar an mbrabús uile a fhágann an tAontas;

39. ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt Ballstát den tuairim gur saincheist phráinneach é cánachas na ngnólachtaí móra ard-digitithe agus go bhfuil, dá bhrí sin, cánacha ar sheirbhísí digiteacha tugtha isteach acu ar an leibhéal náisiúnta; ag tabhairt dá haire go mbíonn tionchar ag na cánacha náisiúnta digiteacha sin ar thrádáil agus ar chaibidlíocht idirnáisiúnta; á chur i bhfios, áfach, gur féidir riosca ilroinnte agus éiginnteachta cánach a chruthú laistigh den mhargadh aonair le réitigh náisiúnta a thabhairt isteach go haontaobhach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé níos práinní réiteach comhordaithe Eorpach a thabhairt isteach de bharr iolrú na mbeart náisiúnta; á mheabhrú gur cheart deireadh a chur leis na bearta náisiúnta sin de réir a chéile má thagtar ar réiteach iltaobhach;

40. á mheabhrú, in ainneoin gur inniúlacht de chuid na mBallstát é an cánachas go príomha, nach foláir do na rialtais, a mhéid is féidir, é a fheidhmiú ar bhealach a bheidh i gcomhréir le prionsabail chomhchoiteanna dhlí AE ar mhaithe le comhleanúnachas idir na creataí náisiúnta a áirithiú, lena lamhálfar, dá bhrí sin, d’iomaíocht chóir a bheith ann agus lena seachnófar na tionchair dhiúltacha ar chomhleanúnachas foriomlán phrionsabail chánach AE;

41. ag tabhairt dá haire nár tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i leith aon cheann de na tograí gaolmhara ón gCoimisiún, i.e. an cháin ar sheirbhísí digiteacha, an láithreacht dhigiteach shuntasach nó CCTB agus CCCTB; á iarraidh ar na Ballstáit athmhachnamh a dhéanamh ar a seasaimh maidir leis na tograí sin i gcás mhainneachtain chaibidlíocht ECFE, go háirithe i bhfianaise imthosca gan fasach ghéarchéim COVID-19, nó machnamh a dhéanamh ar iad a chomhtháthú i gcomhaontuithe ECFE a d’fhéadfaí a chur chun feidhme sa todhchaí, agus machnamh a dhéanamh ar na roghanna uile dá bhforáiltear sna Conarthaí murar féidir teacht ar chomhaontú d’aon toil;

42. á iarraidh ar na Ballstáit idirphlé polaitiúil ardleibhéil a chur ar bun arís laistigh den Chomhairle, chun an bealach a réiteach do chinneadh maidir le cánachas digiteach laistigh den mhargadh aonair, gan beann ar thoradh na caibidlíochta idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gComhairle dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhaid reachtacha a ghlac Parlaimint na hEorpa cheana chun cloí le prionsabal an chomhair dhílis i measc institiúidí AE;

43. á chur in iúl gur geal léi measúnú ar thionchar tionscanta an 14 Eanáir 2021 ón gCoimisiún maidir le tobhach digiteach; ag tabhairt dá haire gur féidir le digitiú an táirgiúlacht agus leas na dtomhaltóirí a mhéadú, ach go bhfuil sé fíorthábhachtach freisin chun a áirithiú go rannchuideoidh gnólachtaí móra ard-digitithe lena gcion féin sa tsochaí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar an gcaoi a mbeidh raon feidhme, sainmhíniú agus deighilt na ngníomhaíochtaí, na n-idirbheart, na seirbhísí nó na gcuideachtaí digiteacha i gcomhréir leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta atá á ndéanamh i leith réiteach domhanda a bhaint amach;

44. ag aithint na dtrí rogha beartais cánach a luaitear sa mheasúnú ar thionchar tionscanta, lena n-áirítear:

a) breisiú ar cháin ioncaim chorparáide (CIT) a bheadh i gcomhréir le caibidlíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe déthaobhacha cánach,

b) cáin atá bunaithe ar ioncam d’uireasa réitigh éifeachtaigh arna comhaontú go hidirnáisiúnta, á chur i bhfios, áfach, gurbh fhearr dá ndéanfaí cáin a ghearradh ar bhrabúis leis an gcáin dhigiteach,

c) cáin ar idirbhearta digiteacha a dhéantar gnólacht le gnólacht in AE agus a bhraitheann an baol a bhaineann le hualach na híocaíochta cánach a aistriú ó ghnólachtaí móra digitithe chuig cuideachtaí beaga a bhíonn ag brath ar na seirbhísí sin;

45. á iarraidh go ndéanfar measúnú mionsonraithe ar na tionchair a bheadh ag gach rogha ar chlár oibre digiteach AE agus ar an margadh aonair araon, mar aon le haon díospóidí trádála agus frithbhearta ó ghníomhaithe eacnamaíocha eile a d‘fhéadfadh a bheith ann agus éifeachtaí iarmharta a d’fhéadfadh a bheith acu in earnálacha eacnamaíocha eile;

46. á iarraidh go mbeidh ról níos láidre ag Parlaimint na hEorpa i nósanna imeachta reachtacha i réimse an chánachais; á iarraidh ar an gCoimisiún na deiseanna uile a chuirtear ar fáil leis na Conarthaí a fhiosrú ag tabhairt dá haire, ina leith sin, treochlár beartaithe an Choimisiúin i leith vótáil trí thromlach cáilithe sa teachtaireacht uaidh an 15 Eanáir 2019 dar teideal Towards a more efficient and democratic decision making in EU tax policy[Ionsar chinnteoireacht níos éifeachtúla agus níos daonlathaí i mbeartas cánach AE];

Tobhach digiteach mar acmhainn dhílis nua de chuid AE

47. á chur in iúl gur geal léi Comhaontú Idirinstitiúideach (IIA) an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, agus freisin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár ionsar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[13], i gcomhréir le prionsabal na huilíochta, agus á mheabhrú gur thug an Coimisiún gealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí de go ndéanfadh sé togra reachtach maidir le tobhach digiteach de chuid AE mar acmhainn dhílis a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2021; á chur i bhfáth gur thug Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí de go ndéanfaidís na céimeanna a leagtar amach sa treochlár a leanúint, gan mhoill, d’fhonn é a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí;

48. á mheabhrú gur athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa a gealltanas i leith tobhach digiteach de chuid AE a thabhairt isteach mar acmhainn dhílis, a raibh tromlaigh mhóra ann ina leith i sraith tuarascálacha agus rún[14];

49. á chur i bhfáth go ndéanann IIA, lena n-áirítear an treochlár ionsar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, a chur de cheangal ar an gComhairle, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gCoimisiún bogadh ar aghaidh ar bhealach dochúlaithe le tobhach digiteach de chuid an Aontais a rachaidh isteach i mbuiséad fadtéarmach AE ina iomláine mar acmhainn dhílis agus foinse chobhsaí fhadtéarmach ioncaim; á chur i bhfios go láidir, gan beann ar cibé acu ar leibhéal ECFE nó ar leibhéal AE a chinnfear na bunrialacha, gur féidir leis an ioncam a ghintear ó chánachas digiteach sna Ballstáit teacht chun bheith ina acmhainn dhílis agus go gcaithfidh sé teacht chun bheith ina acmhainn dhílis; á mheas gur cheart an cur chuige céanna a leanúint i gcás aon ioncam eile a ghintear le haon chomhaontú ar leibhéal ECFE;

50. á mheas go mbeadh an t-ioncam ó thobhach digiteach AE ceangailte go dlúth le teorainneacha oscailte an mhargaidh aonair agus an ‘aontais dhigitigh’ agus gur fíor-bhonn an-oiriúnach, dá bhrí sin, a bheadh ann le haghaidh acmhainn dhílis de chuid AE; á chur i bhfáth, leis an sruth nua ioncaim phoiblí sin a thiomnú do bhuiséad an Aontais go gcabhrófaí le réiteach a fháil ar roinnt saincheisteanna achrannacha atá nasctha le coibhéis fhioscach agus comhleanúnachas fioscach;

51. á iarraidh go mbeidh ann do dhearadh cánach agus rialacha maidir le cur chun feidhme a mbeidh sé mar aidhm leo íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí go ndéanfaí aon tarlú eacnamaíoch a chur siar ar shaoránaigh agus tomhaltóirí AE; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go gcabhrófaí le costais den sórt sin a scaipeadh agus a athdháileadh ar bhealach cothrom ar fud na mBallstát ach fáltais na cánach digití a thiontú ina n-acmhainn dhílis do bhuiséad AE;

52. á mheabhrú, maidir le hacmhainní dílse atá bunaithe ar thobhach digiteach AE agus/nó ar rialacha ECFE, gurb amhlaidh, i gcomhréir le prionsabal na huilíochta, nach bhfuil siad le cur in áirithe go foirmiúil le haghaidh caiteachas faoi aon chlár nó ciste ar leith; á mheabhrú gur ioncam ginearálta a bheidh iontu, in éineacht le hacmhainní dílse nua eile ar cheart go mbeadh a méid foriomlán leordhóthanach chun ar a laghad na costais a bhaineann le haisíocaíochtaí na hIonstraime Téarnaimh Next Generation EU a chumhdach; á mheabhrú, maidir le haon ioncam ó acmhainní dílse nua a sháraíonn riachtanais iarbhír maidir le haisíocaíochtaí, go leanfaidh siad de bheith ag fónamh, mar ioncam ginearálta, do bhuiséad AE;

53. á mheabhrú, faoi mar a luaitear i bpointe G d’Iarscríbhinn II de IIA, go n-aithníonn na hinstitiúidí gur cheart go mbeadh tabhairt isteach bascaed acmhainní dílse nua ina thacú le maoiniú leormhaith a dhéanamh ar chaiteachas an Aontais sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI);

54. á mhaíomh go mbeidh an t-ioncam ó thobhach digiteach AE ina chuid de bhascaed acmhainní dílse nua a mbeidh a bhfáltais leordhóthanach chun ar a laghad na costais aisíocaíochta (príomhchostais agus ús) a thiocfaidh as comhpháirt deontas na hIonstraime Téarnaimh sa todhchaí a chumhdach, a bhfuiltear ag dréim leis gur tuairim agus EUR 15 bhilliún ar an meán a bheidh i gceist in aghaidh na bliana agus gur uasmhéid is ionann agus EUR 29.25 billiún a bheidh i gceist in aghaidh na bliana ó 2028 go dtí 2058, agus caiteachas laghdaithe ar chláir de chuid AE á sheachaint ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go dtéann raon an ioncaim ó roinnt billiún euro go dtí na déaga de bhilliúin euro, ag brath ar raon tosca, lena n-áirítear an sainmhíniú beacht ar an mbonn cánach, an t-eintiteas cánach, áit an chánachais, ríomh agus ráta na cánach, agus rátaí fáis eacnamaíoch sna hearnálacha lena mbaineann;

55. á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, le tabhairt isteach bascaed acmhainní dílse nua amhail dá bhforáiltear i dtreochlár IIA, lena n-áirítear tobhach digiteach AE, go dtiocfaidh méadú ar neamhspleáchas airgeadais AE agus ar a chumas freastal ar ionchais shaoránaigh AE maidir le cuspóirí beartais straitéiseacha AE, amhail margadh aonair Eorpach atá cothrom agus láidir, Comhaontú Glas don Eoraip atá bunaithe ar aistriú cóir, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an claochlú digiteach, mar aon le cruthú breisluacha do AE, lena ngabhfaidh gnóthachain arda éifeachtúla i gcomparáid le caiteachas náisiúnta;

56. á mheabhrú go gcaithfidh an t-ioncam ó thobhach digiteach AE a bheith ina rannchuidiú le haisíoc na hIonstraime Téarnaimh agus le maoiniú caiteachais le haghaidh cláir agus cistí de chuid an Aontais; á athdhearbhú, ina leith sin, gur cheart aon sciar d’ioncam ó thobhach digiteach arna choinneáil ag na Ballstáit a bheith comhréireach go docht leis na costais bhailithe a thabhaíonn siad agus níor cheart buiséad AE a chur faoi mhíbhuntáiste mhíchuí dá bharr;

57. ag tathant ar an gCoimisiún an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a ionchorprú agus na tograí reachtacha le haghaidh tobhach digiteach de chuid AE mar acmhainn dhílis, mar aon leis an gcinneadh athbhreithnithe maidir le hacmhainní dílse, á n-ullmhú aige, agus á iarraidh ar an gComhairle an togra a ghlacadh go mear i gcomhréir leis an treochlár; ag moladh do na hinstitiúidí a bheith rannpháirteach go mear agus go cuiditheach san ‘idirphlé rialta’ dá bhforáiltear sa treochlár comhaontaithe maidir le hacmhainní dílse; ag tathant ar an gComhairle Eorpach tacú le ról ceannaireachta daingean a bheith ag AE sa dícheall domhanda ionsar chánachas níos cothroime trí chéimeanna meara agus daingne a ghlacadh ionsar thobhach digiteach a thabhairt isteach mar acmhainn dhílis le linn 2021.

°

° °

58.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá éabhlóid thábhachtach inár ngeilleagar ag tarlú ós ár gcomhair amach i ngeall ar an digitiú agus an domhandú. Tá éifeachtaí dearfacha á gcur i gcrích léi ar ár sochaí agus ar ár ngeilleagair amhail teicneolaíochtaí atá níos saoire, níos cumhachtaí agus atá caighdeánaithe ar bhonn forleathan. San am céanna, cuireann an próiseas sin dúshláin nua roimh an gcóras idirnáisiúnta cánach atá cheana ann, rud a d’fhéadfadh a bheith ina shiocair le cánachas ar bith nó le cánachas íseal, saobhadh margaidh agus éiginnteacht cánach.

Ina leith sin, ní foláir an córas idirnáisiúnta cánach atá seanbhunaithe a athrú ó bhonn ionas go mbeifear in ann dul i ngleic leis na dúshláin nua dhigiteacha. Is éard is aidhm leis sa deireadh ná córas idirnáisiúnta cánach atá cóir agus éifeachtach a bhaint amach lena gcuirfear na gnéithe sonracha de gheilleagar domhandaithe digiteach san áireamh ann freisin.

Tá sé léirithe ag paindéim COVID-19 atá ann faoi láthair agus ag an tionchar atá aici ar na boinn cánach intíre go bhfuil práinn ag baint leis an gcaibidlíocht atá ar siúl faoi láthair ag G20/ECFE laistigh den Chreat Cuimsitheach a thabhairt chun críche go mear. Laistigh de AE, níor éirigh le tionscnaimh ón gCoimisiún agus ó Pharlaimint na hEorpa roimhe seo dul chun cinn a dhéanamh sa Chomhairle. Tar éis bhunú an chreata airgeadais ilbhliantúil atá ann faoi láthair, cuireadh de chúram ar an gCoimisiún obair a dhéanamh ar thogra faoina ngearrfaí cáin ar ghnólachtaí digiteacha.

Tá na comhrapóirtéirí den tuairim seo a leanas:

 Ní foláir do ghnólachtaí agus do sheirbhísí digiteacha a gcion féin de chánacha a íoc i margaí tomhaltóirí, a oiread céanna agus a íocann siad i margaí traidisiúnta. Ní foláir dúinn na teorainneacha arb eol dúinn atá le sainmhíniú na buanbhunaíochta a shárú nach foláir go ndéanfaí gnéithe fíorúla a chumhdach léi freisin.

 Ní foláir an chaibidlíocht laistigh den Chreat Cuimsitheach a thabhairt chun críche a luaithe is féidir faoi lár 2021 chun teacht ar chomhaontú i measc na 137 stát rannpháirteacha maidir le cion cothrom cánach a ghearradh ar an ngeilleagar digiteach (Colún a hAon) agus maidir le cáin íosta dhomhanda lena dtabharfaí aghaidh ar na saincheisteanna atá fós gan réiteach i dtaca le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) (Colún a Dó).

 Is gá sainmhíniú níos leithne ar an raon feidhme a chur san áireamh ach, san am céanna, níor cheart dochar a dhéanamh do chineálacha ‘traidisiúnta’ gnólachtaí, lena n-áirítear FBManna: ní hamháin gur gá samhlacha gnó atá thar a bheith digiteach a chur san áireamh, ach is gá gnólachtaí móra atá dírithe ar thomhaltóirí a chur san áireamh freisin tríd is tríd. Is éard is aidhm leis ná samhail nua ‘naisc cánach’ a chruthú, a bheadh bunaithe den chuid is mó ar dhíolacháin seachas ar láithreacht fhisiciúil.

 Tabharfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle tús áite do chúrsaí cánach sa chaidreamh le rialtas nua na Stát Aontaithe chun teacht ar réitigh iltaobhacha ar leibhéal G20/ECFE.

 Mar ábhar práinne, rachaidh an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle ar aghaidh leis na tionscnaimh ón gCoimisiún lena dtugtar aghaidh ar an gcaillteanas ioncaim ó cháin arb ann dó toisc nach ngearrtar cáin ar shamhlacha digiteacha gnó.


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (17.3.2021)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta</CommissionInt>


<Titre>maidir leis an gcánachas digiteach: caibidlíochtaí ECFE, cónaí cuideachtaí digiteacha chun críoch cánach agus Cáin Dhigiteach Eorpach fhéideartha</Titre>

<DocRef>(2021/2010(INI))</DocRef>

Rapóirtéirí don tuairim (*): <Depute>José Manuel Fernandes, Valérie Hayerµ</Depute>

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur in iúl gur geal léi Comhaontú Idirinstitiúideach (IIA) an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, comhar in ábhair bhuiséadacha agus bainistíocht fhónta airgeadais, agus freisin maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár ionsar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[15], i gcomhréir le prionsabal na huilíochta, agus á mheabhrú gur thug an Coimisiún gealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí de go ndéanfadh sé togra reachtach maidir le tobhach digiteach de chuid AE mar acmhainn dhílis a thíolacadh faoi mhí an Mheithimh 2021; á chur i bhfáth gur thug Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gealltanas atá ceangailteach ó thaobh dlí de go ndéanfaidís na céimeanna a leagtar amach sa treochlár a leanúint, gan mhoill, d’fhonn é a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2023 ar a dhéanaí;

2. á mheabhrú gur athdhearbhaigh Parlaimint na hEorpa a gealltanas i leith tobhach digiteach de chuid AE a thabhairt isteach mar acmhainn dhílis, a raibh tromlaigh mhóra ann ina leith i sraith tuarascálacha agus rún[16];

3. á chur i bhfáth go ndéanann IIA, lena n-áirítear an treochlár ionsar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach, a chur de cheangal ar an gComhairle, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gCoimisiún bogadh ar aghaidh ar bhealach dochúlaithe le tobhach digiteach de chuid AE a rachaidh isteach i mbuiséad fadtéarmach AE ina iomláine mar acmhainn dhílis agus foinse chobhsaí fhadtéarmach ioncaim; á chur i bhfios go láidir, gan beann ar cibé acu ar leibhéal ECFE nó ar leibhéal AE a chinnfear na bunrialacha, gur féidir leis an ioncam a ghintear ó chánachas digiteach sna Ballstáit teacht chun bheith ina acmhainn dhílis agus go gcaithfidh sé teacht chun bheith ina acmhainn dhílis; á mheas gur cheart an cur chuige céanna a leanúint i gcás aon ioncam eile a ghintear le haon chomhaontú ar leibhéal ECFE;

4. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil mainneachtain ECFE chun teacht ar chomhdhearcadh i leith cánachas digiteach faoi dheireadh 2020 mar a bhí beartaithe ina siocair leis an bhfadú ar ghannchánachas an gheilleagair dhigitigh, ós amhlaidh, ar an meán, nach ngearrtar ach ráta cánach éifeachtach 9.5 % ar ghnólachtaí digiteacha, i gcomparáid le 23.2 % i gcás samhlacha gnó traidisiúnta[17], cé go dtairbhíonn siad araon de thosca neamheacnamaíocha, amhail bonneagar agus infhaighteacht oibrithe ardoilte; á thabhairt faoi deara go raibh an comhthéacs eacnamaíoch reatha, ina leanann go leor corparáidí ilnáisiúnta atá speisialaithe i seirbhísí digiteacha de bhrabúis a ghiniúint in ainneoin an chúlaithe ghinearálta, ina chúis le héileamh leathan ón bpobal agus ó na gnólachtaí féin chun machaire comhréidh agus rannchuidiú cothrom leis an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch a áirithiú;

5. ag tabhairt dá haire, áfach, na comharthaí atá ann le deireanas go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ionsar chur chuige comhchoiteann i roinnt stát G20, go háirithe ar an leibhéal teicniúil, ós rud é gur réiteach domhanda is mó a bheadh oiriúnach, lena n-áirítear maidir le cothroime cánach; á iarraidh go dtiocfaidh ECFE ar chomhaontú go mear agus faoi lár na bliana 2021; á mheas, mar sin féin, gur mithid agus gur gá do AE a bheith ar thús cadhnaíochta sna míonna amach romhainn maidir le gníomhaíocht pholaitiúil agus reachtach atá nithiúil, inláimhsithe agus do-athraithe a dhéanamh chun iarrachtaí idirnáisiúnta a bhrú ar aghaidh agus a dhreasú, agus é ina cheannródaí caighdeán maidir le cothroime cánach níos mó, trí thobhach digiteach AE a thabhairt isteach, agus fós leanúint de na caibidlíochtaí idirnáisiúnta ar leibhéal ECFE;

6. á chur i bhfios nach bhfuil na rialacha reatha maidir le cánachas corparáide ag luí a thuilleadh leis an éileamh domhanda, digiteach agus sochaíoch nua-aimseartha ar chánachas digiteach cothrom; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, cé go bhfuil bonn cirt leis na hathchóirithe ar chánachas digiteach a bheith á ndéanamh go neamhspleách ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair, gur léir go bhfuil borradh ag teacht faoi phróisis an chlaochlaithe dhigitigh mar gheall ar ghéarchéimeanna sochaíocha agus eacnamaíocha COVID-19 agus go bhfuil brabúis cláraithe ag go leor cuideachtaí ilnáisiúnta le linn na paindéime agus nach n-íocann siad, i láthair na huaire, an leibhéal cánach ba cheart a bheith dlite uathu; á chur i bhfios go láidir gur gá an córas cánach reatha a athchóiriú agus a nuachóiriú chun treisiú le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí san fhadtéarma; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gurb amhlaidh, le tobhach digiteach AE, go gcuirfear i gcoinne chreimeadh an bhoinn, na calaoise cánach agus na pleanála ionsaithí cánach trí bhoinn chánach shoghluaiste a ghabháil, lena ndéanfar machaire comhréidh a bhaint amach, lena ranncuideofar le cothroime cánach agus muinín shaoránaigh AE as an gcóras a athbhunú, agus lena ndéanfar leasanna airgeadais AE a chosaint; á mheas go mbeadh a chuid ioncaim ceangailte go dlúth le teorainneacha oscailte an mhargaidh aonair agus an ‘Aontais dhigitigh’ agus, dá bhrí sin, gur fíor-bhonn an-oiriúnach a bheadh ann le haghaidh acmhainn dhílis de chuid AE; á chur i bhfáth, leis an sruth nua ioncaim phoiblí sin a thiomnú do bhuiséad AE go gcabhrófaí le réiteach a fháil ar roinnt saincheisteanna achrannacha atá nasctha le coibhéis fhioscach agus comhleanúnachas fioscach;

7. á iarraidh go mbeidh cur chuige ann lena gcuirfear cosc ar rioscaí an chánachais dhúbailte agus an neamhchánachais dhúbailte agus lena n-íoslaghdófar costais chomhlíonta do chuideachtaí na hEorpa, go háirithe FBManna; á iarraidh go mbeidh ann do dhearadh cánach agus rialacha maidir le cur chun feidhme a mbeidh sé mar aidhm leo íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí go ndéanfaí aon tarlú eacnamaíoch a chur siar ar shaoránaigh agus tomhaltóirí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go gcabhrófaí le costais den sórt sin a scaipeadh agus a athdháileadh ar bhealach cothrom ar fud na mBallstát ach fáltais na cánach digití a thiontú ina n-acmhainn dhílis do bhuiséad AE;

8. á chur i bhfáth, maidir le tacar aonair de rialacha comhchuibhithe agus nósanna imeachta um chur chun feidhme arna fhréamhú i reachtaíocht ar leibhéal AE, gurb é an toradh a bheadh air forchostais riaracháin níos ísle do na húdaráis phoiblí bailithe cánach sna Ballstáit agus laghdú an-mhór ar chostais chomhlíonta, go háirithe i gcás samhlacha gnó digiteacha atá inscálaithe ar fud an mhargaidh aonair;

9. á mheabhrú, maidir le hacmhainní dílse atá bunaithe ar thobhach digiteach AE agus/nó ar rialacha ECFE, gurb amhlaidh, i gcomhréir le prionsabal na huilíochta, nach bhfuil siad le cur in áirithe go foirmiúil le haghaidh caiteachas faoi aon chlár nó ciste ar leith; á mheabhrú gur ioncam ginearálta a bheidh iontu, in éineacht le hacmhainní dílse nua eile ar cheart go mbeadh a méid foriomlán leordhóthanach chun ar a laghad na costais a bhaineann le haisíocaíochtaí na hIonstraime Téarnaimh Next Generation EU a chumhdach; á mheabhrú, maidir le haon ioncam ó acmhainní dílse nua a sháraíonn riachtanais iarbhír maidir le haisíocaíochtaí, go leanfaidh siad de bheith ag fónamh, mar ioncam ginearálta, do bhuiséad AE;

10. á mheabhrú, faoi mar a luaitear i bpointe G d’Iarscríbhinn II de IIA, go n-aithníonn na hinstitiúidí gur cheart go mbeadh tabhairt isteach bascaed acmhainní dílse nua ina thacú le maoiniú leormhaith a dhéanamh ar chaiteachas an Aontais sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI);

11. á mhaíomh go mbeidh an t-ioncam ó thobhach digiteach AE ina chuid de bhascaed acmhainní dílse nua a mbeidh a bhfáltais leordhóthanach chun ar a laghad na costais aisíocaíochta (príomhchostais agus ús) a thiocfaidh as comhpháirt deontas na hIonstraime Téarnaimh sa todhchaí a chumhdach, a bhfuiltear ag dréim leis gur tuairim agus EUR 15 bhilliún ar an meán a bheidh i gceist in aghaidh na bliana agus gur uasmhéid is ionann agus EUR 29.25 billiún a bheidh i gceist in aghaidh na bliana ó 2028 go dtí 2058, agus caiteachas laghdaithe ar chláir de chuid AE á sheachaint ag an am céanna; ag tabhairt dá haire go dtéann raon an ioncaim ó roinnt billiún euro go dtí na déaga de bhilliúin euro, ag brath ar raon tosca, lena n-áirítear an sainmhíniú beacht ar an mbonn cánach, an t-eintiteas cánach, áit an chánachais, ríomh agus ráta na cánach, agus rátaí fáis eacnamaíoch sna hearnálacha lena mbaineann; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, chun cothroime cánach agus machaire comhréidh a athbhunú idir earnálacha, gur cheart ‘ráta’ nó méid íosta an tobhaigh a shainmhíniú ar bhealach arb é a bheidh mar thoradh air ná cánachas éifeachtach atá comhchuimseach leis an meánráta cánach éifeachtaí ar bhrabúis gnólachtaí idirnáisiúnta traidisiúnta ar fud AE-27;

12. á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, le tabhairt isteach bascaed acmhainní dílse nua amhail dá bhforáiltear i dtreochlár IIA, lena n-áirítear tobhach digiteach AE, go dtiocfaidh méadú ar neamhspleáchas airgeadais AE agus ar a chumas freastal ar ionchais shaoránaigh AE maidir le cuspóirí beartais straitéiseacha AE, amhail margadh aonair Eorpach atá cothrom agus láidir, Comhaontú Glas don Eoraip atá bunaithe ar aistriú cóir, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an claochlú digiteach, mar aon le cruthú breisluacha do AE, lena ngabhfaidh gnóthachain arda éifeachtúla i gcomparáid le caiteachas náisiúnta;

13. á mheabhrú go gcaithfidh an t-ioncam ó thobhach digiteach AE a bheith ina rannchuidiú le haisíoc na hIonstraime Téarnaimh agus le maoiniú caiteachais le haghaidh cláir agus cistí de chuid an Aontais; á athdhearbhú, ina leith sin, gur cheart aon sciar d’ioncam ó thobhach digiteach arna choinneáil ag na Ballstáit a bheith comhréireach go docht leis na costais bhailithe a thabhaíonn siad agus níor cheart buiséad AE a chur faoi mhíbhuntáiste mhíchuí dá bharr;

14. á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a thairgeann seirbhísí digiteacha a chosaint agus a fhorbairt trí thimpeallacht fhioscach chóir a sholáthar dóibh, mar aon le nuálaíocht dhigiteach agus taighde ar ghnéithe digiteacha a chur chun cinn; á mheabhrú gur mhol Parlaimint na hEorpa, in 2018, dearadh do cháin AE ar sheirbhísí digiteacha nach spriocdhíreodh ar FBManna ná ar ghnólachtaí nuathionscanta a bhuíochas do thabhairt isteach thairseach ard ioncaim dhomhanda agus ioncaim inchánach laistigh den Aontas; ag tacú le spiorad an chur chuige sin agus á iarraidh go mbeidh tobhach digiteach ann lena nginfear ioncam nach beag ó réimse suntasach seirbhísí digiteacha, amhail an fhógraíocht agus díol sonraí;

15. ag tathant ar an gCoimisiún an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa a ionchorprú agus na tograí reachtacha le haghaidh tobhach digiteach de chuid an AE mar acmhainn dhílis, mar aon leis an gcinneadh athbhreithnithe maidir le hacmhainní dílse, á n-ullmhú aige, agus á iarraidh ar an gComhairle an togra a ghlacadh go mear i gcomhréir leis an treochlár; ag moladh do na hinstitiúidí a bheith rannpháirteach go mear agus go cuiditheach san ‘idirphlé rialta’ dá bhforáiltear sa treochlár comhaontaithe maidir le hacmhainní dílse; ag tathant ar an gComhairle Eorpach tacú le ról ceannaireachta daingean a bheith ag AE sa dícheall domhanda ionsar chánachas níos cothroime trí chéimeanna meara agus daingne a ghlacadh ionsar thobhach digiteach a thabhairt isteach mar acmhainn dhílis le linn 2021.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

17.3.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

34

2

4

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Mislav Kolakušić, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Henrike Hahn

 

 



 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

34

+

ID

Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Hélène Laporte

NI

Mislav Kolakušić

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Renew

Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds

S&D

Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs

The Left

Silvia Modig, Dimitrios Papadimoulis

Verts/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Francisco Guerreiro, Henrike Hahn

 

2

-

ID

Joachim Kuhs

NI

Ioannis Lagos

 

4

0

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt

Renew

Moritz Körner

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

23.3.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

48

4

6

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Martin Schirdewan, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Damien Carême, Hélène Laporte, Margarida Marques, Eva Maydell, Andreas Schwab, Mick Wallace

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACHL SA CHOISTE FREAGRACH

48

+

ID

Francesca Donato, Valentino Grant, Hélène Laporte, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, José Manuel García-Margallo y Marfil, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Eva Maydell, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Andreas Schwab, Ralf Seekatz, Inese Vaidere

Renew

Gilles Boyer, Engin Eroglu, Luis Garicano, Ondřej Kovařík, Dragoș Pîslaru, Stéphanie Yon-Courtin

S&D

Marek Belka, Jonás Fernández, Eero Heinäluoma, Aurore Lalucq, Margarida Marques, Pedro Marques, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli

The Left

José Gusmão, Martin Schirdewan, Mick Wallace

Verts/ALE

Damien Carême, Sven Giegold, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter-Hansen, Ernest Urtasun

 

4

-

ID

Gunnar Beck, Jörg Meuthen

NI

Lefteris Nikolaou-Alavanos

S&D

Alfred Sant

 

6

0

ECR

Derk Jan Eppink, Johan Van Overtveldt, Roberts Zīle

PPE

Frances Fitzgerald

Renew

Billy Kelleher, Caroline Nagtegaal

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[4] Togra le haghaidh Treoir ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le Comhbhonn don Cháin Chorparáide (CCTB), COM(2016)0685 agus an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide (CCCTB), COM(2016)0683.

[5] Is éard atá sa phacáiste ná teachtaireacht ón gCoimisiún an 21 Márta 2018 dar teideal Time to establish a modern, fair and efficient taxation standard for the digital economy (COM(2018)0146), [Tráth chun caighdeán cánachais nua-aimseartha, cóir agus éifeachtúil a bhunú le haghaidh an gheilleagair dhigitigh], togra le haghaidh treoir ón gComhairle an 21 Márta 2018 lena leagtar síos rialacha maidir le cánachas corparáideach ar láithreacht dhigiteach shuntasach (COM(2018)0147), togra le haghaidh treoir ón gComhairle an 21 Márta 2018 maidir leis an gcóras comhchoiteann i ndáil le cáin seirbhísí digiteacha ar ioncaim a eascraíonn as seirbhísí digiteacha áirithe a sholáthar (COM(2018)0148) agus moladh ón gCoimisiún an 21 Márta 2018 maidir le cánachas corparáideach ar láithreacht dhigiteach shuntasach (C(2018)1650).

[6] IO C 366, 27.10.2017, lch. 51.

[7] IO C 101, 16.3.2018, lch. 79.

[8] IO C 369, 11.10.2018, lch. 123.

[9] Téacsanna arna nglacadh: P8_TA(2019)0240.

[10] Obair leantach chomhpháirteach an 16 Márta 2016 maidir le trédhearcacht, comhordú agus cóineasú a thabhairt isteach sna beartais cánach corparáide san Aontas agus i rúin TAXE, obair leantach an 16 Samhain 2016 ar rún TAXE2, an obair leantach ar mholadh PANA ó mhí Aibreáin 2018, agus obair leantach an 27 Lúnasa 2019 ar rún TAX3.

[11] Hadzhieva, E., Impact of Digitalisation on International Tax Matters: Challenges and Remedies [Tionchar an Digitithe ar Chúrsaí Cánach Idirnáisiúnta: Dúshláin agus Leighis], Parlaimint na hEorpa, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, Roinn Beartais A - Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, mí Feabhra 2019.

[12] Téacsanna arna nglacadh: P9_TA(2019)0102.

[13] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28

[14] Go háirithe rún uaithi an 14 Márta 2018 maidir le hathchóiriú ar chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO C 162, 10.5.2019, lch. 71) an 14 Samhain 2018 dar teideal Interim report on the Multiannual Financial Framework 2021-2027 – Parliament’s position with a view to an agreement [Tuarascáil eatramhach ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh Pharlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú] (IO C 363, 28.10.2020, lch. 179), an 10 Deireadh Fómhair 2019 on the 2021-2027 multiannual financial framework and own resources: time to meet citizens’ expectations [maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: is mithid freastal ar ionchais na saoránach] (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0032), an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0124), agus an 23 Iúil 2020 maidir le conclúidí chruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí an 17-21 Iúil 2020 (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0206), agus a rún reachtach an 16 Meán Fómhair 2020 maidir le dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0220).

[15] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28

[16] Go háirithe rún uaithi an 14 Márta 2018 maidir le hathchóiriú ar chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO C 162, 10.5.2019, lch. 71) an 14 Samhain 2018 dar teideal Interim report on the Multiannual Financial Framework 2021-2027 – Parliament’s position with a view to an agreement [Tuarascáil eatramhach ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh Pharlaimint na hEorpa d’fhonn teacht ar chomhaontú] (IO C 363, 28.10.2020, lch. 179), an 10 Deireadh Fómhair 2019 on the 2021-2027 multiannual financial framework and own resources: time to meet citizens’ expectations [maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: is mithid freastal ar ionchais na saoránach] (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0032), an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0124), agus an 23 Iúil 2020 maidir le conclúidí chruinniú urghnách na Comhairle Eorpaí an 17-21 Iúil 2020 (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0206), agus a rún reachtach an 16 Meán Fómhair 2020 maidir le dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0220).

[17] Ríomhaireachtaí ó mheasúnú tionchair an Choimisiúin bunaithe ar ZEW (2016, 2017) agus ZEW et al. (2017). Féach doiciméad inmheánach oibre SWD(2018)0081.

An nuashonrú is déanaí: 14 Aibreán 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais