Tuarascáil - A9-0125/2021Tuarascáil
A9-0125/2021

MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua

19.4.2021 - (11645/2020 – C9‑0392/2020 – 2019/0126(NLE)) - ***

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Maria Grapini

Nós Imeachta : 2019/0126(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0125/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0125/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua

(11645/2020 – C9‑0392/2020 – 2019/0126(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11645/2020),

 ag féachaint don dréacht-Chomhaontú maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua (10584/19),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fhomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0392/2020),

 ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0125/2021),

1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtais agus parlaimintí Stáit Aontaithe Mheiriceá, na hÍoslainne, agus Ríocht na hIorua.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Nós imeachta

An 25 agus an 30 Aibreán 2007, shínigh an tAontas Eorpach comhaontú eitlíochta foriomlán leis na Stáit Aontaithe, a leasaíodh le Prótacal a síníodh an 24 Meitheamh 2010 (dá ngairtear le chéile ATA SAM-AE). Foráiltear le ATA SAM-AE inter alia córas oscailte léasaithe árthaigh fheistithe idir na Páirtithe.

I gcomhthráth leis an gcaibidlíocht ar ATA SAM-AE, rinne AE athbhreithniú freisin ar na rialacha do mhargadh inmheánach eitlíochta AE, lena n-áirítear maidir le léasú árthaigh fheistithe. In 2008, d’fhormheas AE Rialachán[1], a dtugtar isteach le hAirteagal 13 de teorainn ama maidir le léasú aerárthaí fheistithe atá cláraithe i dtríú tíortha, coinníoll nach raibh ann san fhoirm sin sa rialachán a bhí ann roimhe tráth a síníodh ATA SAM-AE. Mheas na Stáit Aontaithe, dá bhrí sin, go gcuireann na teorainneacha a thugtar isteach leis an Airteagal seo teorainn le feidhmiú na gceart tráchtála d’aerlínte SAM mar a dheonaítear le ATA SAM-AE iad.

D’fhonn an cás le SAM a shoiléiriú agus a réiteach, údaraíodh don Choimisiún comhaontú breise a chaibidliú maidir leis “na teorainneacha ama do na socruithe lena soláthraítear aerárthaí le criú” (comhaontú léasaithe árthaigh fheistithe) le SAM, an Iorua agus an Íoslainn[2].

Síníodh an comhaontú sin an 27 Lúnasa 2019 agus dréachtaíodh é i dteangacha oifigiúla an Aontais (a bhí le fíordheimhniú trí mhalartú litreacha idir na páirtithe).

Tá toiliú Pharlaimint na hEorpa iarrtha ag an gComhairle anois, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE. I gcomhréir le Rialacha 105 agus 114 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coiste freagrach (TRAN) moladh a thíolacadh chun an gníomh atá beartaithe a fhormheas nó chun diúltú dó. Ní bheidh leasuithe ar leibhéal an Choiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm leo an moladh atá molta ag an rapóirtéir a fhreaschur. Ansin déanfaidh Parlaimint na hEorpa cinneadh trí vótáil aonair, agus ní fhéadfar aon leasú ar an gcomhaontú a chur síos.

 

Ábhar

Is é is aidhm leis an gcomhaontú sin bunú socruithe soiléire agus neamhshriantacha léasaithe árthaigh fheistithe idir AE agus SAM a dhearbhú trí chruinneas níos mó a sholáthar d’fhorálacha gaolmhara ATA SAM-AE. Agus é sin á dhéanamh acu, féachann na páirtithe le tairbhí a uasmhéadú do thomhaltóirí, aerlínte, lucht saothair agus pobail ar dhá thaobh an Atlantaigh d’fhonn réaltacht tionscail eitlíochta dhomhanda a léiriú ar bhealach níos fearr, agus an córas aeriompair trasatlantach a neartú.

Soiléirítear sa chomhaontú rialacha léasaithe árthaigh fheistithe ATA SAM-AE agus luaitear ann nach gcuirfidh aon pháirtí teorainneacha ama ar oibriú aon léasa árthaigh fheistithe, a bheidh le meas mar aon socrú idir dhá aerlíne chun aerárthaí a sholáthar le criú le haghaidh aeriompar idirnáisiúnta. I gcás aon díospóid a d’fhéadfadh a bheith ann, tá an comhaontú léasa árthaigh fheistithe nasctha leis na sásraí um réiteach díospóidí arna mbunú le ATA SAM-AE.

 

Go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, cuireann na páirtithe an comhaontú léasaithe árthaigh fheistithe i bhfeidhm go sealadach cheana ó dháta an tsínithe agus comhaontaíonn siad maidir lena éifeachtúlacht.

 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle, maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach Comhaontaithe maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir na Stáit Aontaithe Mheiriceá, an tAontas Eorpach, an Íoslainn agus Ríocht na hIorua

Tagairtí

11645/2020 – C9-0392/2020 – 2019/0126(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

8.12.2020

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

14.12.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

14.12.2020

 

 

 

Gan tuairimí a thabhairt

 Dáta an chinnidh

EMPL

24.7.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Maria Grapini

12.9.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

15.4.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

48

0

0

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Johan Danielsson, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Peter Lundgren, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Henna Virkkunen, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Leila Chaibi, Clare Daly, Maria Grapini, Roman Haider, Jutta Paulus, Marianne Vind

Dáta don chur síos

19.4.2021

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

48

+

ECR

Peter Lundgren, Tomasz Piotr Poręba, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

CLE

Marco Campomenosi, Roman Haider, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

CLE

Mario Furore, Dorien Rookmaker

PPE

Magdalena Adamowicz, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

Renew

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Marianne Vind, Petar Vitanov

The Left

Leila Chaibi, Clare Daly, Elena Kountoura

Verts/ALE

Ciarán Cuffe, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz, Jutta Paulus

 

0

-

 

 

 

0

0

 

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

An nuashonrú is déanaí: 5 Bealtaine 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais