Tuarascáil - A9-0135/2021Tuarascáil
A9-0135/2021

TUARASCÁIL maidir leis an iarraidh go ndéanfaí díolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh

22.4.2021 - (2020/2219(IMM))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Angel Dzhambazki

Nós Imeachta : 2020/2219(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0135/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0135/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an iarraidh go ndéanfaí díolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh

(2020/2219(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don iarraidh go ndéanfaí díolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh, a chuir an tIonchúisitheoir i gCúirt Uachtarach na Gréige ar aghaidh an 2 Deireadh Fómhair 2020 i ndáil le cúisimh choiriúla a bhí curtha ina leith ag Ionchúisitheoir na Cúirte Céadchéime san Aithin (comhad an cháis: ABM RB2020/65), agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 19 Deireadh Fómhair 2020,

 tar éis di éisteacht a thabhairt do Ioannis Lagos i gcomhréir le hAirteagal 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint d’Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach an 20 Meán Fómhair 1976,

 ag féachaint do na breithiúnais a thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019[1],

 ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0135/2021),

A. de bhrí go bhfuil iarraidh go ndéanfaí díolúine pharlaiminteach Ioannis Lagos a tharscaoileadh tíolactha ag an Ionchúisitheoir i gCúirt Uachtarach na Gréige ar bhonn gníomhartha áirithe a rinne Ioannis Lagos le linn óráid os comhair Pharlaimint na hEorpa an 29 Eanáir 2020;

B. de bhrí go bhfuil sé curtha i leith Ioannis Lagos gur mhaslaigh sé siombail náisiúnta na Tuirce le linn díospóireachta i suí iomlánach an 29 Eanáir 2020 faoi chúrsaí imirce ag an teorainn idir an Ghréig agus an Tuirc agus faoi fhreagairt choiteann an Aontais ina leith;

C. de bhrí gur cion é siombail náisiúnta a mhaslú de réir Airteagal 1(1) de Dhlí 927/1979, arna chur chun feidhme le Dlí 4284/2014, agus de réir Airteagal 155 i dteannta Airteagail 1, 12, 14, 26, 27, 51, 53, 57 agus 79 de Chód Coiriúil na Gréige;

D. de bhrí nach pribhléid phearsanta d’Fheisire í an díolúine pharlaiminteach, ach is ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí.

E. de bhrí, ar an gcéad dul síos, nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus, ar an dara dul síos, i gcomhthéacs nós imeachta le haghaidh díolúine a tharscaoileadh, nach féidir a mheas gur ‘cúisí’ é Feisire de Pharlaimint na hEorpa[2];

F. de bhrí go sonraítear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach mbeidh ‘comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh’;

G. de bhrí go ndearna Ioannis Lagos a chuid gníomhartha le linn seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa, laistigh de na limistéir ina raibh an suí iomlánach féin á reáchtáil, ag comhlíonadh a dhualgas dó mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

H. de bhrí go ndearna Ioannis Lagos a chuid gníomhartha i gcomhthéacs a chuid dualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa agus a chuid oibre inti;

1. á chinneadh gan díolúine Ioannis Lagos a tharscaoileadh;

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil na Poblachta Heilléanaí agus chuig Ioannis Lagos.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta arna glacadh

22.4.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

1

0

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Jean-Paul Garraud, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Sergey Lagodinsky, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Jiří Pospíšil, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Heidi Hautala, Emmanuel Maurel, Nacho Sánchez Amor

 

 

An nuashonrú is déanaí: 23 Aibreán 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais