Tuarascáil - A9-0142/2021Tuarascáil
A9-0142/2021

MOLADH DON DARA LÉAMH ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, don réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus do staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair), agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, agus (AE) Uimh. 652/2014

26.4.2021 - (14281/1/2020 – C9‑0133/2021 – 2018/0231(COD)) - ***II

An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
Rapóirtéir: Brando Benifei

Nós Imeachta : 2018/0231(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0142/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0142/2021
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, don réimse plandaí, ainmhithe, bia agus beatha, agus do staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair), agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014, agus (AE) Uimh. 652/2014

(14281/1/2020 – C9‑0133/2021 – 2018/0231(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh  (14281/1/2020 – C9‑0133/2021),

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018[1],

 ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018[2],

 ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh[3] ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0441),

 ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0142/2021),

1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4. á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


RÉASÚNÚ GEARR

An 7 Meitheamh 2018, chuir an Coimisiún faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa an togra le haghaidh Rialachán maidir le Clár an Mhargaidh Aonair a bhunú. An 12 Feabhra 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh.

 

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach leis an bParlaimint nuathofa an 23 Deireadh Fómhair 2019 d’fhonn teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh. Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil an 8 Nollaig 2020. Rinne COREPER an téacs a comhaontaíodh go sealadach a dhaingniú an 18 Nollaig 2020 agus d’fhormhuinigh Coiste IMCO é an 11 Eanáir 2021.

 

Le seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh arna ghlacadh an 13 Aibreán 2021, ós rud é go léirítear go hiomlán an comhaontú ar thángthas air i gcaibidlíochtaí luatha idirinstitiúideacha ar an dara léamh, molann an rapóirtéir go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa é a fhormhuiniú gan leasuithe, ionas gur féidir an Rialachán a ghlacadh go gasta agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm a luaithe is féidir.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Clár don mhargadh aonair, d’iomaíochas fiontar, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus don staidreamh Eorpach a bhunú

Tagairtí

14281/1/2020 – C9-0133/2021 – 2018/0231(COD)

Dáta don chéad léamh ag Parlaimint na hEorpa – P uimhir

12.2.2019 T8-0073/2019

Togra ón gCoimisiún

COM(2018)0441 - C8-0254/2018

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

 

 

 

 

Rapóirtéir

 Dáta an cheapacháin

Brando Benifei

19.6.2018

 

 

 

Rapóirtéirí roimhe seo

Nicola Danti

Pléite sa choiste

2.12.2020

11.1.2021

 

 

Dáta arna glacadh

26.4.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

40

1

3

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Brando Benifei, Adam Bielan, Biljana Borzan, Markus Buchheit, Anna Cavazzini, Dita Charanzová, Deirdre Clune, David Cormand, Carlo Fidanza, Evelyne Gebhardt, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Svenja Hahn, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Jean-Lin Lacapelle, Maria-Manuel Leitão-Marques, Morten Løkkegaard, Adriana Maldonado López, Antonius Manders, Beata Mazurek, Leszek Miller, Dan-Ştefan Motreanu, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Tom Vandenkendelaere, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann, Marco Zullo

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jordi Cañas, Claude Gruffat

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

40

+

CLE

Adam Bielan, Carlo Fidanza, Beata Mazurek

ID

Alessandra Basso

NI

Miroslav Radačovský

PPE

Pablo Arias Echeverría, Deirdre Clune, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Dan-Ştefan Motreanu, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Róża Thun und Hohenstein, Tom Vandenkendelaere, Marion Walsmann

Renew

Andrus Ansip, Jordi Cañas, Dita Charanzová, Sandro Gozi, Svenja Hahn, Morten Løkkegaard, Marco Zullo

S&D

Alex Agius Saliba, Brando Benifei, Biljana Borzan, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Christel Schaldemose

The Left

Kateřina Konečná, Anne-Sophie Pelletier

Verts/ALE

Anna Cavazzini, David Cormand, Alexandra Geese, Claude Gruffat, Kim Van Sparrentak

 

1

-

ECR

Eugen Jurzyca

 

3

0

ID

Markus Buchheit, Virginie Joron, Jean-Lin Lacapelle

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 27 Aibreán 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais