Tuarascáil - A9-0156/2021Tuarascáil
A9-0156/2021

MOLADH DON DARA LÉAMH maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014

11.5.2021 - (14153/1/2020 – C9‑0143/2021 – 2018/0230(COD)) - ***II

An Coiste um Chultúr agus um Oideachas
Rapóirtéir: Michaela Šojdrová

Nós Imeachta : 2018/0230(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0156/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0156/2021
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014

(14153/1/2020 – C9‑0143/2021 – 2018/0230(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (14153/1/2020 – C9‑0143/2021),

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018[1],

 ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018[2],

 ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh[3] ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0440),

 ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0156/2021),

1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2. ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún ráiteas atá i gceangal leis an rún seo;

3. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

4. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

5. á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

6. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le líon na ngníomhaithe áitiúla a chuireann i bhfeidhm an t-eolas, na prionsabail agus na bealaí cur chuige a foghlaimíodh trí na gníomhaíochtaí daonnúla ina raibh an saorálaí agus na saineolaithe páirteach

 

Tugann an Coimisiún Eorpach aird ar an togra ó Pharlaimint na hEorpa go ndéanfaí breithniú ar ‘líon na ngníomhaithe áitiúla a chuireann i bhfeidhm an t-eolas, na prionsabail agus na bealaí cur chuige a foghlaimíodh trí na gníomhaíochtaí daonnúla ina raibh an saorálaí agus na saineolaithe páirteach’ nuair a fhorlíonann sé an Rialachán le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

 


RÉASÚNÚ GEARR

1. An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach - tionscnamh an Aontais maidir le saorálaíocht an aosa óig

Seoladh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach in 2017 agus tá sé mar aidhm leis rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí a neartú trí ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta atá inrochtana agus ar ardchaighdeán, obair dheonach den chuid is mó. Is é cuspóir foriomlán an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh an comhtháthú, an dlúthpháirtíocht agus an daonlathas a neartú san Eoraip agus ar an gcoigríoch, trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais na sochaí agus ar na dúshláin dhaonnúla ar an láthair, agus aird á díriú go háirithe ar an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn.

2. An chaibidlíocht idirinstitiúideach agus comhaontú polaitiúil

Tar éis ghlacadh an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh ar an 12 Márta 2019, bhí caibidlíocht idirinstitiúideach ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2019 go mí na Nollag 2020. Tar éis ceithre bhabhta de chruinnithe tríthaobhacha, thángthas ar chomhaontú sealadach le hUachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle ar an 11 Nollaig 2020.

Bhí rath ar an gcomhaontú sealadach maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, dar le foireann PE, mar gur éirigh léi clár uaillmhianach agus dea-struchtúrtha a bhaint amach, clár a d’fhéadfadh líon mór daoine óga a thabhairt le chéile le linn na tréimhse 2021-2027 i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta éagsúla agus fiúntacha.

3. Achoimre ar phríomhghnéithe an chomhaontaithe pholaitiúil maidir leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach:

 Ní bheidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ag moladh ach gníomhaíochtaí saorálaíochta do dhaoine óga idir 18 agus 30 blian d’aois;

 Leithdháileadh táscach an bhuiséid de réir chineál na saorálaíochta (tionscadail dheonacha agus dlúthpháirtíochta 94 %, 6 % de shaorálaíocht i réimse na cabhrach daonnúla);

 Uasteorannú 20 % le haghaidh gníomhaíochtaí intíre;

 Forálacha rialachais - nasc níos láidre a bhunú idir cláir oibre an Choimisiúin Eorpaigh agus forálacha an Rialacháin;

 Beart cuimsithe neartaithe – cuireadh airteagal ar leith maidir leis an gcuimsiú san áireamh;

 Sábháilteacht agus cosaint fheabhsaithe do rannpháirtithe agus do ghrúpaí leochaileacha – forálacha árachais agus ceanglais imréitigh níos láidre nuair a bhítear ag obair le grúpaí leochaileacha;

 Méadú buiséadach – EUR 1009 milliún i bpraghsanna reatha (méadú 15 % i gcomparáid le clár 2018-2020 an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhí ann roimhe seo);

 Snáithe ar leith a bhaineann leis an gcabhair dhaonnúil – teorainn aoise níos airde do rannpháirtithe sa snáithe daonnúil agus deis a bheith ann páirt a thabhairt do shaineolaithe agus do chóitseálaithe gan aon uasteorainn aoise; tá saintréith an tsnáithe coinnithe agus tá sineirgí láidre le gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais bunaithe;

4. Moladh maidir le glacadh deireanach

Cuireadh téacs an chomhaontaithe shealadaigh faoi bhráid an Choiste um Chultúr agus um Oideachas, a dheimhnigh an téacs ina dhiaidh sin ar an 11 Eanáir 2021. Ar bhonn fhormheas an Choiste, chuir Cathaoirleach Choiste CULT in iúl, i litir chuig Uachtaránacht na Comhairle, go molfadh sí don Suí Iomlánach gur ceart an seasamh ón gComhairle a fhormheas gan leasuithe, ar choinníoll go mbeadh sé i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach ar tháinig an dá institiúid air le chéile. Tar éis fíorú dlítheangeolaíoch, rinne an Chomhairle a seasamh a ghlacadh go foirmiúil i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach.

Ós rud é go bhfuil an seasamh ón gComhairle i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach a tugadh chun críche le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí, molann an Rapóirtéir é a fhormheas gan leasuithe.

 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhunú

Tagairtí

14153/1/2020 – C9-0143/2021 – 2018/0230(COD)

Dáta don chéad léamh ag Parlaimint na hEorpa – P uimhir

12.3.2019 T8-0150/2019

Togra ón gCoimisiún

COM(2018)0440 - C8-0264/2018

Fógra sa suí iomlánach go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

26.4.2021

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

CULT

26.4.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Michaela Šojdrová

17.7.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

5.11.2019

4.12.2019

21.1.2020

 

Dáta an ghlactha

10.5.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

28

0

1

Na comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Ilana Cicurel, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Romeo Franz, Alexis Georgoulis, Hannes Heide, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Ryszard Antoni Legutko, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Niklas Nienaß, Peter Pollák, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Monica Semedo, Andrey Slabakov, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Maria Walsh, Salima Yenbou, Theodoros Zagorakis, Milan Zver

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Heléne Fritzon, Łukasz Kohut

Dáta don chur síos

11.5.2021

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH

28

+

ECR

Ryszard Antoni Legutko, Dace Melbārde, Andrey Slabakov

ID

Gilbert Collard

PPE

Asim Ademov, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Maria Walsh, Theodoros Zagorakis, Milan Zver

Renew

Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Irena Joveva, Monica Semedo

S&D

Heléne Fritzon, Hannes Heide, Petra Kammerevert, Łukasz Kohut, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa

The Left

Alexis Georgoulis, Niyazi Kizilyürek

Verts/ALE

Romeo Franz, Niklas Nienaß, Salima Yenbou

 

0

-

 

 

 

1

0

ID

Gianantonio Da Re

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 12 Bealtaine 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais