TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh ar iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Turasóireacht na hEastóine
11.5.2021 - (COM(2021)0151 – C9‑0127/2021 – 2021/0076(BUD))
An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: José Manuel Fernandes
- TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
- RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
- LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA
- FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh ar iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Turasóireacht na hEastóine
(COM(2021)0151 – C9‑0127/2021 – 2021/0076(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0151 – C9‑0127/2021),
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006[1] (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[2], agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua[3] a thabhairt isteach, ‘IIA de 16 Nollaig 2020’ go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0158/2021),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Eastóin iarratas EGF/2020/002 Turasóireacht EE/an Eastóin isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 10 080 iomarcaíocht[4] sna hearnálacha eacnamaíocha atá aicmithe faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannán 45 (Trádáil agus deisiú mórdhíola agus miondíola mótarfheithiclí agus gluaisrothar), Rannán 49 (Iompar talún agus iompar trí phíblínte), Rannán 50 (Iompar uisce), Rannán 51 (Aeriompar), Rannán 52 (Trádstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair), Rannán 55 (Cóiríocht), Rannán 56 (Gníomhaíochtaí na seirbhíse bia agus dí), Rannán 74 (Gníomhaíochtaí eile gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla), Rannán 77 (Gníomhaíochtaí cíosa agus léasaithe), Rannán 79 (Gníomhaíochtaí gníomhaireachta taistil, tionscnóra turas agus seirbhísí eile áirithinte, agus gníomhaíochtaí gaolmhara), Rannán 90 (Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon agus siamsaíochta), Rannán 91 (Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile), Rannán 92 (Gníomhaíochtaí cearrbhachais agus gealltóireachta), Rannán 93 (Gníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí siamsaíochta agus áineasa) i réigiún leibhéal 2 NUTS Eesti (EE00) san Eastóin[5], laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 13 Márta 2020 go dtí an 11 Samhain 2020;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1,715 duine féinfhostaithe ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht agus 8 365 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht i dtionscal na turasóireachta san Eastóin;
D. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar chritéir idirghabhála Airteagal 4(2) de Rialachán CED, a lamhálann, in imthosca eisceachtúla, go háirithe maidir le hiarratais chomhchoiteanna a bhaineann le FBManna, go bhféadfar breithniú ar iarratais a bheith inghlactha fiú mura bhfuil na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán sin comhlíonta go hiomlán, nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;
E. de bhrí gur tharla na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus an scor de ghníomhaíocht gan choinne go luath in 2020 i ngeall ar leathadh domhanda phaindéim Covid-19 agus an ghéarchéim eacnamaíoch ghaolmhar a bhuail tionscal na turasóireachta go háirithe, agus go bhfuil srianta tobanna ar ghluaiseacht ar siúl go hidirnáisiúnta, atá ina siocair le laghdú géar gan choinne ar thaisteal agus ar thurasóireacht idirnáisiúnta;
F. de bhrí gur thug paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíochta dhomhanda seo a lean í suaitheadh mór do gheilleagar na hEastóine, go háirithe tionscal na turasóireachta, áit ar gineadh 90 % de chaiteachas na turasóireachta san Eastóin leis an turasóireacht idirnáisiúnta roimh an ngéarchéim fad a bhí an meán do thíortha ECFE thart ar 25 %;
G. de bhrí gur shroich tuilleamh turasóireachta na hEastóine in 2019 curiarracht nua 2,1 billiún agus gur measadh go raibh an turasóireacht ina hearnáil shuntasach d’iomaíochas na hEastóine agus go ndearnadh infheistíochtaí suntasacha chun í a fhorbairt tuilleadh;
H. de bhrí go bhfuil FBManna faoi smacht ag earnáil na turasóireachta a bhfuil athléimneacht géarchéime níos laige acu i gcomparáid le cuideachtaí móra agus FBManna arb ionann iad agus 79,2 % den fhórsa saothair iomlán san Eastóin;
I. de bhrí gur féidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, tríd an tacaíocht a chuirfidh sé ar fáil d’oibrithe, cabhrú leis an aistriú chuig turasóireacht níos inbhuanaithe agus an Eoraip a chumasú, dá bhrí sin, a hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha agus a hacmhainní nádúrtha agus cultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn agus deiseanna nua á gcur ar fáil aige ag an am céanna le haghaidh poist agus gnólachtaí nuálacha a chruthú;
J. de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar ghéarchéim sláinte COVID-19, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED a bheidh le húsáid mar uirlis éigeandála[6] chun cabhrú le daoine a chaill a bpost mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda;
K. de bhrí gur baineadh úsáid as tacaíocht náisiúnta agus tacaíocht Eorpach araon san Eastóin chun fostaíocht a choinneáil trí scéimeanna oibre gearr-ama agus trí ionstraim SURE chun tionchar phaindéim COVID-19 agus na géarchéime gaolmhaire ar mhargadh an tsaothair a mhaolú;
L. de bhrí gurb é seo an chéad slógadh de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis é a bheith luaite sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)[7] go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Eastóin i dteideal EUR 4 474 480 de ranníocaíocht airgeadais faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán EUR 7 457 468, a chuimsíonn EUR 7 452 468 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 5 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na hEastóine an t-iarratas isteach an 12 Samhain 2020, agus i ndiaidh don Eastóin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 31 Márta 2021 agus gur thug sé fógra don Pharlaimint faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas ar an iomlán le 10 080 oibrí, 1 715 duine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht agus 8 365 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in earnáil turasóireachta na hEastóine; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Eastóin ag dréim leis nach nglacfaidh ach 5,060 as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe);
4. á mheabhrú go meastar go mbeidh tionchar sóisialta suntasach ag na hiomarcaíochtaí ar na hoibrithe in earnáil na turasóireachta ós rud é go gcuimsítear leo sciar mór d’oibrithe ar bheagán scileanna, oibrithe gan aon cháilíochtaí gairmiúla, daoine óga agus oibrithe séasúracha agus páirtaimseartha;
5. á chur i bhfios gur mná iad níos mó ná 60 % de na daoine incháilithe leis an aoisghrúpa is mó atá buailte idir 30 agus 64 bliana d’aois;
6. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Eastóin ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Eanáir 2021 agus go mbeidh an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíochta airgeadais ó CED dá bhrí sin ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Eanáir 2023, seachas cúrsaí oideachais fhoirmiúla nó oiliúna, lena n-áirítear gairmoiliúint, a mhaireann dhá bhliain nó níos mó, ar cúrsaí iad a bheidh incháilithe go dtí an 1 Iúil 2023;
7. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhartha seo a leanas: oiliúint sa mhargadh saothair, fóirdheontas nuathionscanta gnó agus tacaíocht leantach, printíseachtaí, tacaíocht do staidéir fhoirmiúla agus do liúntais oiliúna, lena n-áirítear liúntais ghairmoiliúna;
8. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Eastóin ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Eanáir 2021 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 1 Eanáir go dtí an 1 Iúil 2023;
9. ag tabhairt dá haire gurb í an Fhondúireacht um sheirbhísí agus tairbhí an mhargaidh saothair an fhoinse náisiúnta réamh-mhaoinithe nó chómhaoinithe agus gur leis an bhfoinse sin a chuireann Ciste na hEastóine um Árachas Dífhostaíochta (EUIF), ina cháil mar an tseirbhís fostaíochta phoiblí, bearta gníomhacha ar fáil i leith an mhargaidh saothair san Eastóin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Fhondúireacht bunaithe ar shócmhainní ón gciste iontaobhais sochair um árachas dífhostaíochta - an ciste iontaobhais le haghaidh sochair a chuirtear ar fáil i gcás iomarcaíochtaí agus dócmhainneacht fostóirí - agus go bhfuil sé bunaithe freisin ar na cistí a leithdháiltear ó bhuiséad an stáit tríd an Aireacht Gnóthaí Sóisialta;
10. á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Eastóin an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha agus ionadaithe comhlachais agus go bpléifear an dul chun cinn i mBord Maoirseachta EUIF, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta – beirt chomhaltaí ó Chónaidhm Fhostóirí na hEastóine, duine ó Chónaidhm Cheardchumainn na hEastóine, agus duine ó Chónaidhm Chumainn Fostaithe na hEastóine -; á chur in iúl gur geal léi comhairliúcháin bhreise le hionadaithe ó thionscal na turasóireachta a thabharfar chun críche tar éis anailís a dhéanamh ar phróifíl na n-oibrithe dífhostaithe;
11. ag tabhairt dá haire go ndéanfar comhairliúchán bhreise le hionadaithe ó thionscal na turasóireachta tar éis anailís a dhéanamh ar phróifíl na n-oibrithe dífhostaithe agus go sainaithneofar an cineál tacaíochta is oiriúnaí, agus aird á tabhairt ar struchtúr aoise, próifíl oideachais agus tréithe eile na dtairbhithe; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé beartaithe go bhféadfadh Comhlachas Óstán agus Bialanna na hEastóine a bheith rannpháirteach i ndearadh cuid de na bearta oiliúna a bhaineann leis an tionscal;
12. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na hEastóine nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais;
13. á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún go n-íoslaghdófar an t-am is gá chun measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar chúnamh CED agus chun CED a shlógadh, chun an brú ar na córais náisiúnta slándála sóisialta a laghdú i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19;
15. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
16. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
17. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;
IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a úsáid ar iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Turasóireacht na hEastóine
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006[8], agus go háirithe Airteagal 15(4) de,
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua[9] a thabhairt isteach, agus go háirithe pointe 9 de,
ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
de bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is é an aidhm atá leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) tacaíocht a thabhairt d’oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus do dhaoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht i ngeall ar mhórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda de thoradh an domhandaithe nó mar gur lean an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch ar aghaidh, nó i ngeall ar ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíocht nua, agus cabhrú le hath-imeascadh na n-oibrithe sin sa mhargadh saothair.
(2) Ní sháróidh CED uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle[10].
(3) An 12 Samhain 2020 de bhrí gur chuir an Eastóin iarratas isteach chun CED a shlógadh, i leith iomarcaíochtaí agus scor gníomhaíochtaí (dá ngairtear ‘iomarcaíochtaí’ anseo feasta) i dtionscal na turasóireachta, arna sainiú ag na hearnálacha eacnamaíocha atá aicmithe faoi aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (‘NACE’) Athbhreithniú 2 Rannán 45 (Trádáil agus deisiú mórdhíola agus miondíola mótarfheithiclí agus gluaisrothar), 49 (Iompar talún agus iompar trí phíblínte), 50 (Iompar uisce), 51 (Aeriompar), 52 (Trádstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair), 55 (Cóiríocht), 56 (Gníomhaíochtaí na seirbhíse bia agus dí), 74 (Gníomhaíochtaí eile gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla), 77 (Gníomhaíochtaí cíosa agus léasaithe), 79 (Gníomhaíochtaí gníomhaireachta taistil, tionscnóra turas agus seirbhísí eile áirithinte, agus gníomhaíochtaí gaolmhara), 90 (Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon agus siamsaíochta), 91 (Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile), 92 (Gníomhaíochtaí cearrbhachais agus gealltóireachta), 93 (Gníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí siamsaíochta agus áineasa) san Eastóin. Is aonad amháin í Poblacht na hEastóine i réigiúin Ainmníocht na nAonad Críche um Staidreamh ('NUTS')[11] leibhéal 2. Rinneadh an t-iarratas a fhorlíonadh le faisnéis bhreise arna soláthar i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013. Comhlíontar leis na ceanglais chun ranníocaíocht airgeadais ó CED a chinneadh, mar a leagtar síos in Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013.
(4) I gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, meastar go bhfuil an t-iarratas ón Eastóin inghlactha ós rud é go bhfuil tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar náisiúnta.
(5) Dá bhrí sin, ba cheart CED a shlógadh chun ranníocaíocht airgeadais EUR 4 474 480 a sholáthar i leith an iarratais a chuir an Eastóin isteach.
(6) Chun íoslaghdú a dhéanamh ar an am is gá chun CED a shlógadh, ba cheart feidhm a bheith ag an gcinneadh seo ó dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Le haghaidh bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2021, déanfar an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh chun EUR 4 474 480 a sholáthar mar leithreasaí faoi chomhair gealltanas agus mar leithreasaí íocaíochta.
Airteagal 2
Tiocfaidh an cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón [dáta a ghlactha].
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
I. Cúlra
Cruthaíodh an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda.
De réir fhorálacha Airteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027[12] agus fhorálacha Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013[13], ní rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 milliún (praghsanna 2018).
Maidir leis an nós imeachta, de réir phointe 9 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua[14] a thabhairt isteach, chun an Ciste a ghníomhachtú, cuireann an Coimisiún, i gcás measúnú dearfach ar iarratas, togra faoi bhráid an údaráis bhuiséadaigh chun an Ciste a shlógadh agus, ag an am céanna, iarraidh chomhfhreagrach ar aistriú.
II. Iarratas na hEastóine agus an togra a ón gCoimisiún
An 12 Samhain 2020, chuir an Eastóin isteach iarratas EGF/2020/002 EE turasóireacht ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis 10 080 iomarcaíocht[15] in earnálacha éagsúla a bhaineann le turasóireacht atá lonnaithe i réigiún leibhéal 2d NUTS de Eesti (EE00)[16].
Tar éis measúnú a dhéanamh ar an iarratas seo, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, i gcomhréir leis na forálacha uile is infheidhme de Rialachán CED, go gcomhlíontar na coinníollacha chun ranníocaíocht airgeadais a dhámhachtain ó CED.
An 31 Márta 2021, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh cinneadh maidir le slógadh CED i bhfabhar na hEastóine chun tacú le hath-imeascadh thart ar 5,060 tairbhí spriocdhírithe sa mhargadh saothair, i.e. oibrithe iomarcacha nó daoine féinfhostaithe a chaill a gcuid post i 14 earnáil eacnamaíocha a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2, eadhon Rannán 45 (Trádáil agus deisiú mórdhíola agus miondíola mótarfheithiclí agus gluaisrothar), Rannán 49 (Iompar talún agus iompar trí phíblínte), Rannán 50 (Iompar uisce), Rannán 51 (Aeriompar), Rannán 52 (Trádstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair), Rannán 55 (Cóiríocht), Rannán 56 (Gníomhaíochtaí na seirbhíse bia agus dí), Rannán 74 (Gníomhaíochtaí eile gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla), Rannán 77 (Gníomhaíochtaí cíosa agus léasaithe), Rannán 79 (Gníomhaíochtaí gníomhaireachta taistil, tionscnóra turas agus seirbhísí eile áirithinte, agus gníomhaíochtaí gaolmhara), Rannán 90 (Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon agus siamsaíochta), Rannán 91 (Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile), Rannán 92 (Gníomhaíochtaí cearrbhachais agus gealltóireachta), Rannán 93 (Gníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí siamsaíochta agus áineasa), agus iad uile nasctha le tionscal turasóireachta na hEastóine;
Ó tharla go bhfuil roinnt earnálacha eacnamaíocha atá aicmithe faoi NACE Athbhreithniú 2 i gceist, chuir an Eastóin iarratas chuig CED faoi Airteagal 4(2), ós rud é nach bhfuil forálacha Airteagal 4(1b) á gcomhlíonadh. Ghlac an Coimisiún leis an díolúine agus mheas sé go raibh an t-iarratas inghlactha.
Níl ansin ach dara hiarratas de 2020 agus an chéad cheann a scrúdaíodh faoi bhuiséad 2021, lena n-áirítear an CAI nua (de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[17] agus IIA an 16 Nollaig 2020. Tá línte cúltaca buiséid ag Buiséad 2021 d’íocaíochtaí CED (roimh 2021) a úsáidfear le haghaidh íocaíochtaí a shlógfar faoi rialachán CED 2014-2020. Tá rialachán comharba CED do 2021-2027 (2018/0202 (COD)) sceidealta le haghaidh díospóireacht iomlánach i mí Aibreáin, ach ní bheidh aon tionchar aige ar an nós imeachta sin ná ar aon nósanna imeachta atá le teacht maidir le slógadh faoi sheanchlár 2014-2020.
Rinneadh líon 10 080 n-oibrithe iomarcacha iomlána a ríomh trí 3 873 oibrí a chur leis as iomarcaíochtaí comhchoiteanna, 4 492 oibrí ó fhoirceannadh de facto an chonartha fostaíochta nó a dhul in éag, agus 1 715 duine féinfhostaithe ó dháta scoir na ngníomhaíochtaí, ar líon é arna chinneadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis na forálacha riaracháin.
Baineann an t-iarratas le 5,060 oibrí spriocdhírithe a cuireadh ar iomarcaíocht agus daoine féinfhostaithe agus tagraíonn sé do shlógadh méid iomlán EUR 4,474,480 ó CED don Eastóin, arb ionann é agus 60% de chostais iomlána na ngníomhartha beartaithe.
Chun an nasc idir na hiomarcaíochtaí agus na hathruithe móra struchtúracha i bpatrúin trádála an domhain mar gheall ar dhomhandú a bhunú, bunaíonn an Eastóin an t-iarratas ar dhearbhú an Choimisiúin go bhfuil géarchéim dhomhanda eacnamaíoch mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte dhomhanda, ar tugadh aghaidh uirthi i bPlean téarnaimh an Choimisiúin agus ina luaitear go sainráite CED mar cheann dá uirlisí[18].
In 2019, shroich tuilleamh turasóireachta na hEastóine curiarracht nua EUR 2.1 billiún, le EUR 1.6. billiún a ghineann turasóirí idirnáisiúnta. Measadh go raibh an turasóireacht ina hearnáil shuntasach d’iomaíochas na hEastóine agus rinneadh infheistíochtaí suntasacha chun í a fhorbairt tuilleadh; Áitíonn an Eastóin gur fhulaing láimhdeachas iomlán gheilleagar na hEastóine titim shuntasach 9,5% le linn 2020. D’fhulaing earnáil na turasóireachta na caillteanais is troime. Tháinig laghdú 19% (EUR 943 milliún) ar an láimhdeachas i dtionscal na turasóireachta sa chéad leath de 2020 amháin. Laistigh de thionscal na turasóireachta, sa chéad leath de 2020, bhí an titim ba ghéire i measc gníomhaireachtaí taistil agus gnólachtaí tionscnóirí turas (57,9%) agus seirbhísí cóiríochta (50,9%).
Is éard a bheidh sna trí chineál gníomhaíochta a sholáthrófar d’oibrithe iomarcacha agus d’oibrithe, ar ina leith a iarrfar cómhaoiniú CED ná:
a. Oiliúint sa Mhargadh Saothair (curtha ar fáil do na tairbhithe chun scileanna agus cáilíochtaí nua a fháil chun a gcuid deiseanna fostaíochta a fheabhsú. D’fhéadfadh cúrsaí teanga, cáilíochtaí gairmiúla, scileanna fiontraíochta, agus scileanna chun soghluaisteacht a chothú amhail teagasc tiomána a bheith san áireamh i roghnú na dtraenálacha. Cuirtear na hoiliúintí in oiriúint do phleananna aonair na dtairbhithe agus do threochtaí reatha agus amach anseo sa mhargadh saothair.)
b. Is féidir fóirdheontas nuathionscanta gnó agus tacaíocht leantach (deontas EUR 6 000 in aghaidh an duine ar a mhéad, agus tacaíocht leantach suas le EUR 2 500, a dheonú chun cuideachta nua a bhunú, bunaithe ar bhuiséad a chuirtear i láthair go mionsonraithe plean gnó ag an tairbhí.)
c. Printíseachtaí chun scileanna gairmiúla nua agus eolas praiticiúil a fhoghlaim go díreach san ionad oibre.
d. Tugtar tacaíocht do Staidéar Foirmiúil (Tairgtear Costas an Léinn Fhoirmiúil chun tairbhithe a spreagadh chun dul isteach i staidéir fhoirmiúla sa ghairmoideachas nó san ardoideachas. Clúdaíonn an tacaíocht na costais rannpháirtíochta agus na táillí teagaisc i ngairmoiliúint, ardoideachas gairmiúil, nó i staidéir Bhaitsiléara in institiúid chreidiúnaithe)
e. Cuirtear liúntais oiliúna agus liúntais eile ar fáil do thairbhithe chun tacú lena rannpháirtíocht sna bearta gníomhacha.
Ós rud é nach bhfuil aon cháilíochtaí gairmiúla nó seancháilíochtaí gairmiúla ag sciar mór de na tairbhithe nó nach bhfuil ach leibhéal íseal oideachais acu, meastar go bhfuil sé tábhachtach tacú le staidéir fhoirmiúla dá bhfostaíocht sa todhchaí. Dá bhrí sin tugtar tosaíocht do thairbhithe nach bhfuil aon réamhoideachas acu nó a bhfuil oideachas as dáta acu, i.e. céim a fuarthas níos mó ná 15 bliana ó shin. Ina theannta sin, cuirfidh na bearta staid reatha mhargadh an tsaothair san Eastóin san áireamh, ag tabhairt níos mó meáchain do chláir staidéir i réimsí gairmiúla ina bhfuil an t-éileamh ar shaothar ag fás.
De réir an Choimisiúin, is ionann na bearta ar a bhfuil tuairisc anseo agus bearta gníomhacha sa mhargadh saothair laistigh de na gníomhaíochtaí incháilithe a leagtar amach in Airteagal 7 de Rialachán CED agus ní dhéanann siad ionadú ar bhearta cosanta sóisialta éighníomhacha.
Sholáthair an Eastóin an fhaisnéis a theastaíonn maidir le gníomhaíochtaí atá éigeantach do na fiontair lena mbaineann de bhua an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh siad nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad na ngníomhaíochtaí sin.
Nós imeachta
Chun an Ciste a shlógadh, tá iarraidh curtha ag an gCoimisiún faoi bhráid an Údaráis Buiséadaigh chun méid iomlán EUR 4 474 480 ó chúlchiste CED (30 04 02) a aistriú chuig líne bhuiséid CED (roimh2021) (16 02 99 01). I gcás easaontais, cuirfear tús leis an nós imeachta tríthaobhach, dá bhforáiltear in Airteagal 15(4) de Rialachán CED.
De réir comhaontú inmheánach, ba cheart go mbeadh baint ag an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta leis an bpróiseas, chun tacaíocht chuiditheach a thabhairt agus chun rannchuidiú leis an measúnú ar na hiarratais ón gCiste.
LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA
Johan Van Overtveldt
Cathaoirleach
An Coiste um Buiséid
Wiertz 05U012
AN BHRUISÉIL
Ábhar: Tuairim maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a Shlógadh - CED/2020/002 EE/Turasóireacht - an Eastóin (2021/0076(BUD))
A Chathaoirligh, a chara,
Rinne an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (EMPL) agus a Mheitheal um CED, a raibh Tomáš Zdechovský, Leas-Chathaoirleach Choiste EMPL, ina chathaoirleach air, scrúdú ar shlógadh CED do chás CED/2020/002 EE/Turasóireacht – an Eastóin agus ghlac sé an tuairim seo a leanas.
Tá coiste EMPL agus a Mheitheal i bhfabhar an Ciste a shlógadh maidir leis an iarraidh sin. Ina leith sin, tugann coiste EMPL roinnt barúlacha gan amhras a chaitheamh, áfach, ar aistriú na n-íocaíochtaí.
Is mise, le meas,
Lucia Ďuriš Nicholsonová
MOLTAÍ
Tá pléití Choiste EMPL bunaithe ar na nithe seo a leanas:
A. De bhrí gur chuir an Eastóin an t-iarratas isteach de réir na gcritéar idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), lena maolaítear ó na critéir a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear 500 oibrí ar a laghad a chur ar iomarcaíocht thar thréimhse thagartha 9 mí i bhfiontair a oibríonn san earnáil eacnamaíoch chéanna a shainítear de réir Rannán NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe i réigiún amháin nó in dhá réigiún thadhlacha a shainítear mar réigiúin leibhéal 2 NUTS i mBallstát amháin. Ós rud é nár tharla na hiomarcaíochtaí san earnáil eacnamaíoch chéanna, cuirtear an maolú ó Airteagal 4(1)(b) dá bhforáiltear in Airteagal 4(2) i bhfeidhm;
B. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 715 dhuine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht agus le 8 365 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht i dtionscal turasóireachta na hEastóine, lena n-áirítear 3 873 dhuine i gcomhthéacs iomarcaíochtaí comhchoiteanna ar tugadh fógra fúthu do na húdaráis. Baineann na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna le 68 bhfiontar ar an iomlán, lena n-imrítear tionchar ar idir cúigear agus 1440 oibrí de réir an fhiontair lena mbaineann. Is é 10 080 duine an líon iomlán tairbhithe incháilithe;
C. de bhrí go n-áirítear i measc na n-oibrithe san earnáil sin lear mór oibrithe ar bheagán oiliúna, oibrithe nach bhfuil aon cháilíocht ghairmiúil acu, daoine óga agus oibrithe séasúracha agus páirtaimseartha mar aon le go leor daoine féinfhostaithe. De bhí gurb iad na fiontair bheaga is mheánmhéide (FBManna) is mó atá san earnáil agus go bhfuil acmhainneacht athléimneachta níos laige ó thaobh na géarchéime de acu i gcomparáid leis na cuideachtaí atá níos mó;
D. de bhrí gur tharla na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus an scor de ghníomhaíocht gan choinne go luath in 2020 i ngeall ar leathadh domhanda phaindéim Covid-19 agus an ghéarchéim eacnamaíoch ghaolmhar a bhuail tionscal na turasóireachta go háirithe, agus go bhfuil srianta tobanna ar ghluaiseacht ar siúl go hidirnáisiúnta, atá ina siocair le laghdú géar gan choinne ar thaisteal agus ar thurasóireacht idirnáisiúnta;
E. de bhrí gurb é seo an chéad iarratas a bhaineann le paindéim dhomhanda Covid-19;
F. de bhrí, roimh leathadh phaindéim Covid-19, gur chláraigh tionscal turasóireachta na hEastóine an líon cuairteoirí ba mhó a bhí riamh ann. In 2019, d’óstáil na seirbhísí cóiríochta 5,3 % níos mó turasóirí idirnáisiúnta agus 5,9 % níos mó turasóirí náisiúnta i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí sciar na dturasóirí idirnáisiúnta suntasach arbh ionann é agus beagnach 60 % de na fanachtaí uile. Thairis sin, roimh an bpaindéim agus an ngéarchéim eacnamaíoch ghaolmhar, gineadh 90 % den chaiteachas turasóireachta san Eastóin trí thurasóireacht idirnáisiúnta, agus b’ionann an meán do thíortha ECFE agus thart ar 25 %;
G. de bhrí gur féidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, tríd an tacaíocht a chuirfidh sé ar fáil d’oibrithe, cabhrú leis an aistriú chuig turasóireacht níos inbhuanaithe agus an Eoraip a chumasú, dá bhrí sin, a hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha agus a hacmhainní nádúrtha agus cultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn agus deiseanna nua á gcur ar fáil aige ag an am céanna le haghaidh poist agus gnólachtaí nuálacha a chruthú;
H. de bhrí gur baineadh úsáid as tacaíocht náisiúnta agus tacaíocht Eorpach araon san Eastóin chun fostaíocht a choinneáil trí scéimeanna oibre gearr-ama agus trí ionstraim SURE chun tionchar phaindéim COVID-19 agus na géarchéime gaolmhaire ar mhargadh an tsaothair a mhaolú;
I. de bhrí gur sholáthair an Eastóin an fhaisnéis a theastaíonn maidir leis na gníomhaíochtaí a cheanglaítear ar an bhfiontar lena mbaineann de bhun an dlí náisiúnta nó de bhun comhaontuithe comhchoiteanna. Dheimhnigh siad nach ndéanfar ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad na ngníomhaíochtaí sin;
J. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 4(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, meastar go bhfuil an t-iarratas ón Eastóin inghlactha ós rud é go bhfuil tionchar tromchúiseach ag na hiomarcaíochtaí ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar náisiúnta.
Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um Buiséid, dá bhrí sin, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a chomhtháthú ina thairiscint i gcomhair rúin a bhaineann le hiarratas na hEastóine:
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) de Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 comhlíonta agus go bhfuil an Eastóin, dá bhrí sin, i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 4 474 480 i leith an iarratais arna thíolacadh ag an Eastóin, arb ionann í agus 60 % de chostais iomlána na mbeart atá beartaithe;
2. ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile;
3. ag tabhairt dá haire gurb í an Fhondúireacht um sheirbhísí agus tairbhí an mhargaidh saothair an fhoinse náisiúnta réamh-mhaoinithe nó chómhaoinithe agus gur leis an bhfoinse sin a chuireann Ciste na hEastóine um Árachas Dífhostaíochta (EUIF), ina cháil mar an tseirbhís fostaíochta phoiblí, bearta gníomhacha ar fáil i leith an mhargaidh saothair san Eastóin. Tá an Fhondúireacht bunaithe ar shócmhainní ón gciste iontaobhais sochair um árachas dífhostaíochta - an ciste iontaobhais le haghaidh sochair a chuirtear ar fáil i gcás iomarcaíochtaí agus dócmhainneacht fostóirí - agus tá sé bunaithe freisin ar na cistí a leithdháiltear ó bhuiséad an stáit tríd an Aireacht Gnóthaí Sóisialta;
4. ag tabhairt dá haire gur chuir an Eastóin in iúl gur dréachtaíodh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha agus leis na hionadaithe comhlachais ábhartha. Rinne Bord Maoirseachta EUIF leagan amach ginearálta an phacáiste chomhordaithe a phlé agus a fhormheas an 7 Meán Fómhair 2020 agus déanfar dul chun cinn bhearta CED a phlé go rialta le linn na gcruinnithe boird. Is comhaltaí den bhord iad na comhpháirtithe sóisialta, eadhon beirt chomhaltaí ó Chónaidhm Fhostóirí na hEastóine, duine ó Chónaidhm Cheardchumainn na hEastóine, agus duine ó Chónaidhm Chumainn Fostaithe na hEastóine.
5. Á chur in iúl gur geal léi go háirithe cuimsiú bearta gníomhacha mhargadh an tsaothair amhail oiliúint i margadh an tsaothair chun scileanna agus cáilíochtaí nua a fháil, fóirdheontais nua-thionscanta gnó agus tacaíocht leantach, printíseachtaí d’fhoghlaim san ionad oibre agus tacaíocht do staidéir fhoirmiúla arb ionann iad agus 76.35 % de phacáiste iomlán na seirbhísí pearsantaithe;
6. ag tabhairt dá haire go ndéanfar tuilleadh comhairliúcháin le hionadaithe ó thionscal na turasóireachta tar éis anailís a dhéanamh ar phróifíl na n-oibrithe a chaill a bpost. Sainaithneofar an cineál tacaíochta is oiriúnaí agus aird á tabhairt ar struchtúr aoise, próifíl oideachais agus tréithe eile na dtairbhithe. Sa bhreis air sin, tá sé beartaithe go bhféadfadh Comhlachas Óstán agus Bialanna na hEastóine a bheith rannpháirteach i ndearadh cuid de na bearta oiliúna a bhaineann leis an tionscal.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
10.5.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
38 1 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mario Furore, Henrike Hahn |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
38 |
+ |
ECR |
Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt |
ID |
Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Hélène Laporte |
NI |
Mario Furore, Ioannis Lagos |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
Renew |
Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds |
S&D |
Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs |
The Left |
Silvia Modig, Dimitrios Papadimoulis |
Verts/ALE |
Rasmus Andresen, David Cormand, Francisco Guerreiro, Henrike Hahn |
1 |
- |
ID |
Joachim Kuhs |
0 |
0 |
|
|
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
- [2] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
- [3] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
- [4] De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.
- [5] Níl Poblacht na hEastóine roinnte i réigiúin leibhéal 2 NUTS.
- [6] COM(2020)0442.
- [7] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0141.
- [8] IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
- [9] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 29.
- [10] Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (IO L 433I, 22.12.2020, lch. 15).
- [11] Rialachán (AE) Uimh. 1046/2012 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2012 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críche le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú a mhéid a bhaineann le tarchur na hamshraithe le haghaidh an mhiondealaithe réigiúnaigh nua (IO L 310, 9.11.2012, lch. 34).
- Dáta le cur isteach ag an bParlaimint roimh fhoilsiú san Iris Oifigiúil.
- [12] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 15.
- [13] IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
- [14] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 28.
- [15] De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.
- [16] Níl Poblacht na hEastóine roinnte i réigiúin leibhéal 2 NUTS.
- [17] IO L 433I, 22.12.2020, lch. 11.
- [18] COM(2020) 442 final