Tuarascáil - A9-0162/2021Tuarascáil
A9-0162/2021

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)

12.5.2021 - (N9-0022/2021 – C9‑0163/2021 – 2021/0901(NLE))

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Irene Tinagli

Nós Imeachta : 2021/0901(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0162/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0162/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)

(N9-0022/2021 – C9-0163/2021 – 2021/0901(NLE))

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do ghearrliosta iarrthóirí cáilithe do phost mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde an 22 Márta 2021 arna tharraingt suas ag a Bhord Maoirseoirí,

 ag féachaint do litir ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 ina moltar go mbeadh Petra Hielkema mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (C9-0163/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún[1],

 ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE[2],

 ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc[3],

 ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0162/2021),

A. de bhrí gur tháinig deireadh le téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 28 Feabhra 2021;

B. de bhrí gur mhol an Chomhairle Petra Hielkema a cheapadh mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, an 6 Bealtaine 2021, go ceann téarma oifige cúig bliana, i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

C. de bhrí gur reáchtáil an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta éisteacht le Petra Hielkema an 10 Bealtaine 2021, ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;

1. ag formheas cheapachán Petra Hielkema mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde;

2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus chuig rialtais na mBallstát.


 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Ceapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)

Tagairtí

N9-0022/2021 – C9-0163/2021 – 2021/0901(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

6.5.2021

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

 

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Irene Tinagli

6.5.2021

 

 

 

Pléite sa choiste

10.5.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

10.5.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

54

0

4

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Francesca Donato, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Raffaele Fitto, Frances Fitzgerald, Luis Garicano, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Eero Heinäluoma, Michiel Hoogeveen, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, France Jamet, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Fulvio Martusciello, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Feisirí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Herbert Dorfmann, Christophe Hansen, Eugen Jurzyca, Stéphane Séjourné, Mick Wallace

Dáta don chur síos

12.5.2021

 

 

An nuashonrú is déanaí: 17 Bealtaine 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais