Tuarascáil - A9-0173/2021Tuarascáil
A9-0173/2021

TUARASCÁIL ar mholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle maidir leis an 75ú agus an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

26.5.2021 - (2020/2128(INI))

An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: María Soraya Rodríguez Ramos


Nós Imeachta : 2020/2128(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0173/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0173/2021
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTMHOLADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

chuig an gComhairle maidir leis an 75ú agus an 76ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe

(2020/2128(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 21, 34 agus 36 de,

 ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, go háirithe dá bhrollach agus d’Airteagal 18, agus do choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine agus do na prótacail roghnacha a ghabhann leo,

 ag féachaint dá moladh chuig an gComhairle an 5 Iúil 2018 maidir leis an 73ú seisiún de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe[1],

 ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 3 Bealtaine 2011 maidir le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh in obair na Náisiún Aontaithe, lena ndéantar an ceart idirghabháil a dhéanamh i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, tograí agus leasuithe a chur i láthair ó bhéal, ar tograí agus leasuithe iad ar féidir vótáil a dhéanamh orthu arna iarraidh sin ag Ballstát, agus an ceart freagartha a fheidhmiú, a dheonú do AE,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2019 maidir le Gníomhaíocht an Aontais chun an t-iltaobhachas riailbhunaithe a neartú,

 ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 13 Iúil 2020 maidir le tosaíochtaí an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an 75ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe (Meán Fómhair 2020-Meán Fómhair 2021),

 ag féachaint don óráid a thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel an 25 Meán Fómhair 2020 ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le ‘hAontas Eorpach níos láidre agus níos neamhspleáiche a chuireann domhan níos cothroime chun cinn’,

 ag féachaint don alt tuairimíochta a d’fhoilsigh Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 22 Meán Fómhair 2020, dar teideal ‘Seasann an tAontas leis na Náisiúin Aontaithe’,

 ag féachaint don Dearbhú maidir le comóradh 75 bliana na Náisiún Aontaithe, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 16 Meán Fómhair 2020,

 ag féachaint don Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mheithimh 2016,

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 ar an Tuarascáil Bhliantúil maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála[2],

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

 ag féachaint don Cheathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná, a tionóladh i mBéising i mí Mheán Fómhair 1995, don Dearbhú agus don Chlár Oibre Gníomhaíochta maidir le cumhachtú na mban a glacadh i mBéising, agus do na doiciméid toraidh i ndiaidh sheisiúin speisialta Bhéising na Náisiún Aontaithe + 5, + 10, + 15 agus +20 maidir le gníomhaíochtaí agus tionscnaimh nua chun Dearbhú Bhéising agus an Clár Oibre Gníomhaíochta, a glacadh an 9 Meitheamh 2000, an 11 Márta 2005, an 2 Márta 2010 agus an 9 Márta 2015 faoi seach, a chur chun feidhme,

 ag féachaint don rún ar an gComhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce Shábháilte, Ordúil agus Rialta, a d’fhormhuinigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 19 Nollaig 2018,

 ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998,

 ag féachaint do chomóradh 20 bliain Rún 1325 (2000) ó na Náisiúin Aontaithe a ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Meán Fómhair 2000 maidir le ról tábhachtach na mban i gcosc agus i réiteach coinbhleachtaí, i gcaibidlíocht síochána, i gcothú na síochána, sa tsíochánaíocht, i bhfreagairt dhaonnúil agus in atógáil iarchoinbhleachta,

 ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2019-2024, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá cur chun feidhme iomlán an chláir oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil mar shaincheist thrasearnálach i ngach ábhar a bhaineann leis an tsíocháin agus an tslándáil,

 ag féachaint do thuarascálacha ó Shaineolaí Neamhspleách na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint i gcoinne foréigin agus idirdhealú atá bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach agus ar fhéiniúlacht inscne,

 ag féachaint do Rún 2532 (2020) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le sos comhraic le linn phaindéim an choróinvíris (COVID-19) agus ag tacú leis an iarraidh a rinne Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, go mbeadh sos cogaidh domhanda ann,

 ag féachaint do Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe a ghlac an Comhthionól Ginearálta i mí Mheán Fómhair 2006, agus a nuashonrófar go luath don seachtú uair,

 ag féachaint don Chonradh Trádála Arm (CTA),

 ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le Córais Arm Uathrialaitheach[3],

 ag féachaint do rún uaithi an 7 Meitheamh 2016 maidir le hOibríochtaí Tacaíochta Síochána – rannpháirtíocht AE leis na Náisiúin Aontaithe agus le hAontas na hAfraice[4] ,

 ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0173/2021),

A. de bhrí go ndéanfaidh na Náisiúin Aontaithe a comóradh 75 bliana a cheiliúradh i mbliana; de bhrí go bhfuil sé cruthaithe ag na Náisiúin Aontaithe gur fóram uilechoiteann bunriachtanach é chun comhdhearcadh a fhorbairt maidir le síocháin agus slándáil, forbairt inbhuanaithe agus urraim do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta; de bhrí go dtugann sé tacaíocht bhunriachtanach freisin do stáit leochaileacha agus do phobail shogonta i gcothú stáit agus i réiteach coinbhleachta; de bhrí go bhfuil teannas polaitiúil atá ag dul i méid ag cur isteach ar chlár oibre na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur minic a dhéantar dearmad ar a bhfuil bainte amach ag na Náisiún Aontaithe agus ar an ról fíor-riachtanach atá aige agus iarracht á déanamh ag roinnt tíortha cinntí aontaobhacha a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit a áirithiú go mbeidh na Náisiúin Aontaithe fós ina fhóram éifeachtúil éifeachtach atá chun tairbhe an chomhphobail idirnáisiúnta, agus gur féidir leis leanúint d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ar rud é nach féidir a bhaint amach ach amháin trí chur chun feidhme Rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus réiteach iltaobhach; de bhrí gurb iad trí cholún na Náisiún Aontaithe ná (i) síocháin agus slándáil, (ii) forbairt, cearta an duine, agus (iii) an smacht reachta, agus go bhfuil na nithe sin doscartha agus go dtreisíonn siad a chéile; de bhrí go bhfuil an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta i mbaol níos minice i réigiúin éagsúla ar fud an domhain agus go bhfuil laghdú ag teacht ar spás na sochaí sibhialta in go leor Ballstát na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil cosantóirí chearta an duine faoi bhagairtí ar bhonn níos minice mar gheall ar a n-obair dhlisteanach ar an leibhéal domhanda i gcomhthéacs ina bhfuil laghdú tagtha ar thuairisciú agus faireachán maidir le sáruithe ar chearta an duine de bharr shrianta agus dhianghlasálacha COVID-19; de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar stáit gníomhaíocht a dhéanamh chun a ráthú go mbeidh sé de cheart ag gach duine, ag gach pobal áitiúil agus ag gach grúpa sa daonra tairbhe iomlán a bhaint as a gcearta daonna i gcomhréir le cuspóirí bunúsacha agus prionsabail threoracha na Náisiún Aontaithe mar a chumhdaítear ina chairt bhunaidh ó 1945 agus i nDearbhú Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; de bhrí go bhfuil coimirciú agus cur chun cinn na síochána agus na slándála, an fhorbairt inbhuanaithe agus urraim do chearta an duine i measc phríomhphrionsabail na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur tugadh le fios i dtuarascálacha ó na Náisiúin Aontaithe a seoladh le déanaí go bhfuil sárú córasach á dhéanamh ag go leor de Bhallstáit na Náisiún Aontaithe ar chearta an duine agus go bhfuil siad ag déanamh dochar dóibh; de bhrí go bhfuil dúshláin ag baint le cuspóir bunaidh na Náisiún Aontaithe maidir leis an tsíocháin a chothabháil mar gheall ar ghéarchéimeanna leanúnacha casta;

B. de bhrí gur léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil géarghá le fothú acmhainneachta athléimneach ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta agus go bhfuil gá le hidirphlé agus comhar dlúth agus iltaobhach, go háirithe maidir le rochtain ar earraí poiblí; de bhrí go bhfuil ról, saineolas agus sláine na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) ríthábhachtach, go háirithe anois, le haghaidh comhar domhanda agus iarrachtaí chun paindéim COVID-19 a chomhrac; de bhrí nach mór do EDS a acmhainneacht a chur chun cinn tuilleadh chun an phaindéim reatha agus rioscaí paindéimí amach anseo a bhainistiú; de bhrí go soláthraítear le Clár Oibre 2030 agus leis na SDGanna treochlár lárnach le haghaidh téarnaimh agus gníomhaíochta, ar treochlár é atá bailíochtaithe cheana féin ag an gcomhphobal idirnáisiúnta; de bhrí gur dócha go gcuirfidh COVID-19 dlús le treochtaí diúltacha - lena n-áirítear bagairtí ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta an duine, go háirithe cearta na mban agus na leanaí agus an comhionannas inscne, mura ndéanfar gníomhaíocht beartais mear, suntasach agus substaintiúil ar an leibhéal domhanda; de bhrí go bhfuil grinnscrúdú parlaiminteach ar chinntí rialtais tábhachtach freisin d’fhonn mór-urraim do chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach a áirithiú; de bhrí go bhfuil comhar AE agus na Náisiún Aontaithe ríthábhachtach chun na treochtaí sin a chomhrac; de bhrí gur léirigh an phaindéim nach amháin gur dualgas morálta é cur chun cinn na sláinte uilíche ach gur réamhriachtanas é freisin le haghaidh dea-bhaile agus forbairt eacnamaíoch agus sóisialta agus chun gach duine a chumhachtú, go háirithe iad siúd is leochailí; de bhrí gur chuir an phaindéim béim freisin ar a thábhachtaí atá sé níos mó a infheistiú agus infheistíocht a dhéanamh ar bhealach níos fearr chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais sláinte chriticiúla ar an leibhéal domhanda;

C. de bhrí go bhfuil ról ceannaireachta ag EDS, mar údarás feidhmiúcháin de chuid na Náisiún Aontaithe a dhéanann comhordú ar ghníomhaíocht sláinte laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, i gcúrsaí sláinte ar an leibhéal domhanda; de bhrí, sna sé phointe fhócasacha de chlár oibre EDS um shláinte agus um fhorbairt don 21ú haois, go n-áirítear leas a bhaint as taighde, faisnéis agus fianaise, agus comhghuaillíochtaí a neartú trí thacaíocht agus comhar i measc comhpháirtithe, lena n-áirítear comhlachtaí laistigh de na Náisiúin Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, deontóirí, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an earnáil phríobháideach;

D. de bhrí go gcuireann na Náisiúin Aontaithe fóram tábhachtach ar fáil le haghaidh idirphlé cuimsitheach i measc féichiúnaithe ceannasacha, creidiúnaithe agus geallsealbhóirí eile;

E. de bhrí go bhfuil ceannaireacht shármhaith léirithe ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe maidir leis an athchóiriú ar na Náisiúin Aontaithe a chur chun cinn; de bhrí go bhfuil bearta breise misniúla agus rún polaitiúil ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar phríomh-shaincheisteanna atá fós gan réiteach, go háirithe an t-athchóiriú ar struchtúr Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; de bhrí go bhfuil tiomantas tábhachtach léirithe ag an Aontas agus ag a Bhallstáit, mar na ranníocóirí airgeadais is mó atá ag na Náisiún Aontaithe, d’iltaobhachas éifeachtach trína dtacaíocht pholaitiúil, shiombalach agus airgeadais do na Náisiúin Aontaithe, a bhfuil sé mar phríomhaidhm leo an bhochtaineacht a dhíothú, síocháin agus cobhsaíocht fhadtéarmach a bhaint amach, cearta an duine a chosaint, an gháinneáil a chomhrac agus cabhair dhaonnúil a chur ar fáil do phobail, do thíortha agus do réigiúin atá thíos le géarchéimeanna de gach cineál, bídís nádúrtha nó de dhéanamh an duine; de bhrí gur dúshlán fós é an fhadhb maidir le maoiniú leormhaith a thabhairt do chóras na Náisiún Aontaithe; de bhrí gur cheart do AE a iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe níos mó a dhéanamh agus é ag iarraidh athchóiriú a dhéanamh ar bhealach lena n-áireofar níos mó ban, daoine óga agus daoine faoi mhíchumas i measc a bhall foirne agus a cheannairí, agus feasacht a ardú maidir le trasnachas i struchtúir na Náisiún Aontaithe;

1. ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle:

(a) leanúint leis an gcuntas teiste tábhachtach atá aici i dtaca le tacaíocht d’iltaobhachas éifeachtach, d’eagraíochtaí iltaobhacha éifeachtúla agus trédhearcacha, agus do na Náisiúin Aontaithe go háirithe mar fhóram fíor-riachtanach um réitigh iltaobhacha ar dhúshláin dhomhanda agus um bheartais polaitiúla, idirphlé beartais agus forbairt comhdhearcaidh ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta; cuireann an Pharlaimint in iúl gur geal léi conclúidí ón gComhairle an 13 Iúil 2020 maidir le tosaíochtaí AE ag na Náisiúin Aontaithe agus ag an 75ú Comhthionól Ginearálta de chuid na Náisiún Aontaithe, a mheastar gur fóraim éifeachtacha iad chun luachanna uilechoiteanna a chur chun cinn, ar bunluachanna AE iad freisin; á athdhearbhú go gcomhroinneann an tAontas agus a Bhallstáit luachanna agus prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir leis na prionsabail sin agus cuspóirí na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn i ngníomhaíocht sheachtrach AE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil comhpháirtithe domhanda agus réigiúnacha ag teastáil ón Aontas chun a chuspóirí beartais eachtraigh a bhaint amach go rathúil, eadhon i réimsí na síochána agus na slándála, sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe, i gcoinbhleachtaí réigiúnacha agus sa chomhrac i gcoinne Stáit loicthe agus leathadh arm ollscriosta, á chreidiúint gur cheart don Aontas a ghníomhaíochtaí for-rochtana a neartú chun comhpháirtíochtaí níos leithne a fhorbairt chun tacú le hiltaobhachas éifeachtach agus gur cheart dó machnamh a dhéanamh ar phléití spriocdhírithe maidir le hiltaobhachas éifeachtach a chur san áireamh sna pléití struchtúrtha uile lena chomhpháirtithe; á thabhairt dá haire thairis sin go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus na hurraime do chearta an duine, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de CAE agus gur cheart cur chun cinn seachtrach na luachanna sin agus dul chun cinn maidir le daonlathas, an smacht reachta, uilíocht agus doroinnteacht chearta an duine a bheith i gcroílár bheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 21 de CAE agus le leasanna straitéiseacha an Aontais, agus gur cheart é sin a léiriú freisin, ar bhealach éifeachtach agus comhleanúnach, i ngach réimse de chaidreamh an Aontais le tíortha agus institiúidí neamh-AE agus sna cuspóirí arna saothrú ag AE i gCóras na Náisiún Aontaithe, go háirithe maidir le cur chun feidhme an Dlí Idirnáisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart don Chomhairle tacú leis na gníomhaíochtaí uile chun go mbeidh saincheisteanna maidir le cearta an duine ar bharr chlár oibre na Náisiún Aontaithe i bhfianaise na n-iarrachtaí chun an bonn a bhaint de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus d’fhorálacha eile ábhartha na Náisiún Aontaithe trí chearta aonair an duine a chur faoi réir leas líomhnaithe sochaithe ina n-iomláine; ag tacú le gníomhaíochtaí nithiúla i ndáil leis sin chun struchtúr na Náisiún Aontaithe a neartú;

(b) á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcomhthéacs ilpholach ina ndéanann roinnt tíortha iltaobhachas roghnaíoch a chur chun cinn seachas iltaobhachas éifeachtach atá fothaithe ar luachanna uilechoiteanna, nach mór do AE féachaint le tiomantas neamhchoinníollach ó Chomhaltaí na Náisiún Aontaithe do luachanna uilechoiteanna, do chóras riailbhunaithe agus do thosaíocht chearta an duine a chur chun cinn tuilleadh i ngach réimse beartais; iarrann an Pharlaimint go ndéanfar príomhshruthú na luachanna agus na gcearta sin a chur chun cinn ar fud gach réimse beartais agus clársceidealaithe na Náisiún Aontaithe, i ndlúthchomhar le tíortha atá ar aon intinn leo, d’fhonn idirphlé beartais agus réitigh bheartais a chur chun cinn mar aon le hacmhainneacht cur chun feidhme agus príomhshruthaithe, agus é á chur san áireamh gur eagraíocht idir-rialtasach é na Náisiúin Aontaithe, a éilíonn comhairliúchán agus rannpháirtíocht a Bhallstát; á iarraidh ar an gComhairle an deis atá ann le Rialtas nua na Stát Aontaithe a thapú agus leanúint de theagmháil a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe maidir le saincheisteanna polaitiúla agus beartais arb ábhair leasa choitinn iad agus cumas i ndáil le hidirphlé agus comhpháirtíocht a chothabháil chun acmhainneacht na comhpháirtíochta agus an chomhair thrasatlantaigh a atógáil agus a chaomhnú i gcóras na Náisiún Aontaithe don todhchaí; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, an ‘Cruinniú Mullaigh domhanda um an Daonlathas chun meon agus comhchuspóir náisiúin an domhain shaoir a athnuachan’ a mhol Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden agus á iarraidh ar an gComhairle a bheith rannpháirteach in eagrúchán an Chruinnithe Mhullaigh sin, arb é is aidhm dó daonlathais an domhain a thabhairt le chéile chun institiúidí daonlathacha a neartú agus chun an smacht reachta agus cearta an duine a chur chun cinn; á iarraidh ar an gComhairle leanúint freisin leis an dea-theist i dtaca le hidirphlé agus comhar dlúth leis an Ríocht Aontaithe mar chomhalta buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

 (c) leanúint dá hiarrachtaí chun cur ar chumas an Aontais agus a chuid Ballstát labhairt d’aon ghuth sna Náisiúin Aontaithe agus i bhfóraim iltaobhacha eile agus beartas eachtrach agus slándála an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos réamhghníomhaí trí leas a bhaint as riail na vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle chun comhar a neartú maidir le nithe a bhfuil príomhleas straitéiseach ag AE iontu nó lena léirítear a bhunluachanna, ós rud é gurb é sin an t-aon bhealach inar féidir leis an Aontas ról ceannasach a imirt ar an ardán idirnáisiúnta agus leas a bhaint as a thionchar chun athruithe dearfacha agus freagairtí níos fearr ar dhúshláin dhomhanda a spreagadh agus tagairt ar leith á déanamh do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) agus don dea-theist maidir le comhar le comhaltaí buana agus rothlacha Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar Ballstáit de chuid AE iad, le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe (UNGA) agus leis an gComhairle um Chearta an Duine (HCR); Molann an Pharlaimint an ról sármhaith atá ag SEGS agus ag a thoscaireachtaí, chomh maith le toscaireachtaí Bhallstáit AE, maidir le hidirphlé agus comhar den sórt sin a éascú; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE, chun a chuspóirí agus a leasanna a chosaint, féachaint le teacht ar chomhsheasaimh maidir leis na saincheisteanna atá os comhair na Comhairle Slándála trí chomhordú laistigh den Chomhairle agus i measc institiúidí AE; i gcomhréir le hAirteagal 34 CAE, ionas go gcuirfear feabhas ar chomhleanúnachas agus ar chreidiúnacht AE ar leibhéal na Náisiún Aontaithe; a mheabhrú go ndéanann iliomad gníomhaithe ionadaíocht thar ceann an Aontais sna Náisiúin Aontaithe;

(d) comhar AE-NA a neartú tuilleadh maidir le hionstraimí a cheapadh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb athfhillteach an fhoréigin a bhaineann le toghcháin, lena n-áirítear trí chur leis an taithí atá ag Misin Bhreathnóireachta Toghcháin Pharlaimint na hEorpa;

(e) a mheabhrú go bhfuil tionchar an-diúltach ag moilleanna ar íocaíocht ranníocaíochtaí measúnaithe ag roinnt Ballstát ar obair na Náisiún Aontaithe agus nach bhfuil siad inghlactha dá réir sin;

(f) tacú leis na hiarrachtaí uile chun an clár oibre maidir le rialú arm agus dí-armáil a chur ar ais ar an gclár oibre idirnáisiúnta agus spreagadh a thabhairt chun go gcomhlíonfaidh aistrithe gnáth-arm idir Ballstáit na Náisiún Aontaithe critéir an Chonartha Trádála Arm (ATI) ina n-iomláine; a áitiú ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe creat dlíthiúil ceangailteach a ghlacadh, mar a shonraítear i gCód Iompair AE maidir le honnmhairiú arm, chun cosc a chur ar onnmhairiú agus díol arm agus teicneolaíochtaí cibearfhaireachais arb é is cuspóir dóibh coireanna cogaidh a dhéanamh agus/nó cosc a chur ar easaontas inmheánach; a chur in iúl an athuair gur réamhchoinníoll iad an t-iltaobhachas éifeachtach agus an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe chun dí-armáil a chur chun cinn agus chun cur i gcoinne iomadú arm ollscriosta; a athdhearbhú go dtacaíonn an tAontas agus a Bhallstáit go hiomlán leis na conarthaí idirnáisiúnta atá ann cheana, inter alia, an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT), an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha (CTBT), an Coinbhinsiún um Airm Cheimiceacha (CWC), an Coinbhinsiún  maidir le hAirm Bhitheolaíocha agus Tocsaine (BTWC), ATT, na Coinbhinsiúin maidir le Cnuasmhuinisin agus Mianaigh Frithphearsanra agus iarrachtaí a chur chun cinn chun dearbhú polaitiúil a fhorbairt maidir le hAirm Phléascacha i Limistéir a bhfuil Daonra Mór iontu (EWIPA); molann an Pharlaimint don Leas-Uachtarán/Ardionadaí, do na Ballstáit agus don Chomhairle oibriú i dtreo tús a chur le caibidlíocht idirnáisiúnta maidir le hionstraim a bheadh ceangailteach ó thaobh dlí lena dtoirmeascfaí córais arm uathrialaitheach marfach nach bhfuil aon rialú fónta ag an duine orthu; á mholadh don Chomhairle tathant ar na cumhachtaí móra núicléacha chun stop a chur lena dtarraingt siar ón gcóras rialaithe arm agus chun dul chun cinn a dhéanamh sna cainteanna maidir le rialú arm núicléach; á mholadh go n-áiteodh an Chomhairle ar na Stáit Aontaithe agus ar an Rúis tosú ar iontaoibh agus muinín fhrithpháirteach a chothú chun idirphlé a thosú arís maidir le bealaí ina bhféadfaí caidreamh nua rialaithe arm a bhunú; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE tacú le hobair na Meithle um an gCianspás de chuid Choimisiún Dí-Armála na Náisiún Aontaithe i ndáil le cur chun feidhme praiticiúil na mbeart trédhearcachta agus cothaithe muiníne i ngníomhaíochtaí cianspáis; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go ndéanfadh Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe deis luachmhar a chur ar fáil chun chaighdeáin agus foláirimh choiteanna a shainiú le haghaidh teicneolaíochtaí míleata nua, amhail an intleacht shaorga, armra cianspáis, biteicneolaíocht agus hipirshonach; a chreidiúint gur cheart do AE tacú le héileamh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ar shos cogaidh domhanda agus cur go gníomhach leis an éileamh sin, lena n-áirítear trí bhearta éifeachtacha i gcoinne trádáil aindleathach arm agus trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht maidir le honnmhairithe arm na mBallstát;

(g) an acmhainneacht a bhaineann le rannpháirtíocht dhíreach réigiúnach sna Náisiúin Aontaithe a aithint trí thacú leis an bhféidearthacht go bhféadfadh eagraíochtaí eile, amhail an tAontas Afracach (AA), stádas sonrach mar bhreathnóir feabhsaithe a iarraidh; acmhainneacht an Aontais, mar an eagraíocht réigiúnach is sofaisticiúla, a aithint agus a chur in úsáid, chun ról tiomána a ghlacadh chun córas na Náisiún Aontaithe a athbheochan agus a neartú trí iltaobhachas il-leibhéil;

(h) leanúint de thacaíocht luachmhar a chur ar fáil d’Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe agus é ag iarraidh clár na n-athchóirithe a chur chun cinn sna Náisiúin Aontaithe chun cur le cumas na Náisiún Aontaithe an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, chun a chóras inmheánach bainistíochta a shruthlíniú chun go mbeidh NA ann a bheidh éifeachtach, trédhearcach, inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, cuntasach agus a bheidh in ann athcheangal lena saoránaigh, lena n-áirítear pobail áitiúla agus gníomhaithe eile an phobail agus an tsochaí shibhialta, agus a bheidh i gcomhréir leis an gclár oibre domhanda dúshlánach ar bhealach níos fearr; ceannaireacht a ghlacadh maidir leis an tsaincheist a bhaineann le hiarratais ar stádas comhairleach na Náisiún Aontaithe ó roinnt eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta a bheith curtha siar go treallach; cuireann an Pharlaimint i bhfios go láidir go bhfuil dul chun cinn mór déanta i bpróiseas athchóirithe na Náisiún Aontaithe sa réimse riaracháin agus maorlathach, cé nach ann go fóill do mhór-athchóirithe polaitiúla, agus gur cheart athbheochan Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a chur san áireamh mar aon le céimeanna nithiúla chun dlús a chur le hailíniú an chórais forbartha le Clár Oibre 2030; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE agus dá Bhallstát teacht ar chomhthoil leathan chun athchóiriú a dhéanamh ar CSNA inter alia le suíomh buan don Aontas Eorpach, sa bhreis ar na suíocháin atá i seilbh Ballstát cheana féin, agus trí theorainn a chur le húsáid an chirt chun crosta, go háirithe i gcás coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, agus comhdhéanamh a bhallraíochta a athrú chun léiriú níos fearr a thabhairt ar dhomhan an lae inniu; a chreidiúint gur cheart do AE tacú leis an Ardrúnaí agus a iarraidh air dlús a chur lena iarrachtaí i dtaca le cur chun feidhme Straitéis na Náisiún Aontaithe maidir le Cothromaíocht Inscne chun ionadaíocht chothrom na mban i gcóras na Náisiún Aontaithe a áirithiú ar gach leibhéal ordlathach; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE a mheabhrú do na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon bhean ceaptha ina hArd-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ó bunaíodh na Náisiúin Aontaithe in 1945;

(i) leanúint de shineirgí níos mó a lorg idir obair Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (HRC), obair Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus obair CSNA; molann an Pharlaimint an obair atá déanta ag an Aontas chun tacú le hobair HRC, agus a Nósanna Imeachta Speisialta de chuid NA, lena n-áirítear Rapóirtéirí Speisialta, go háirithe maidir le sáruithe ar chearta an duine a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu, agus sásraí téamacha eile maidir le cearta an duine a bhaineann go sonrach le tír faoi leith, i gcomhthéacs an ghá atá le cearta an duine a phríomhshruthú mar chearta doroinnte, idirspleácha agus idirghaolmhara i réimsí beartais agus cinnteoireachta uile na Náisiún Aontaithe; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE leanúint d’iarraidh ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe páirt iomlán a ghlacadh i gcosaint agus i gcur chun cinn na hurraime do chearta an duine, don daonlathas agus don smacht reachta agus gur cheart dó féachaint le sásraí de chuid na Náisiún Aontaithe atá ar fáil a chur i ngníomh chun daoine atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine a thabhairt chun ceartais, go háirithe nuair nach bhfuil na tíortha lena mbaineann in ann coireanna den sórt sin a imscrúdú nó nuair a dhiúltaíonn siad imscrúdú a dhéanamh orthu agus nuair nach ndéanann siad cosaint na gceart bunúsach a ráthú do gach saoránach; béim a leagan ar obair an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine agus obair a hoifige maidir le sáruithe ar chearta an duine a cháineadh; a thathant go ndéanfaí neamhchlaontacht na gcomhlachtaí uile a bhaineann le cosaint agus ráthaíocht chearta an duine a ráthú agus, go háirithe, go ndéanfaí iad a chosaint ar chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann ag na stáit sin a bhfuil amhras fúthu maidir le sáruithe nó easpa measa ar chearta an duine; mí-úsáid HRC ag réimis údarásaíocha a cháineadh, ar réimis iad a leanann de mhí-úsáid a bhaint as dá gcríoch féin, go háirithe, chun an bonn a bhaint dá fheidhmiú, agus córas na norm maidir le cearta an duine a lagú; a iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tacú le hathchóiriú cuimsitheach ar HRC; a chur i bhfios, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé athchóiriú ar Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (UNHRC) a chur chun cinn lena bhféadfar a áirithiú go bhfuil fíorthiomantas ann do chearta an duine a chur chun cinn ar bhealach éifeachtach agus neamhchlaonta ag na Ballstáit go léir toisc go bhfuil an baol ann, murach sin, go mbainfear an bonn d’inchreidteacht HRC; a athdhearbhú gur gá próiseas toghcháin Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine a athbhreithniú, amhail liostaí dúnta a thoirmeasc agus sásra poiblí maidir le hathbhreithniú ar ghealltanais a bhunú chun feabhas a chur ar chuntasacht chomhaltaí na Comhairle agus chun a ráthú go bhfuil gach stát atá ina shuí sa chomhairle ag déanamh a dhícheall chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, i gcomhréir leis an rún lenar bunaíodh an chomhairle; a iarraidh ar Bhallstáit AE seasamh comhordaithe a ghlacadh maidir le ballraíocht HRC agus vótáil i gcoinne gach iarrthóir UNHRC nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i rún 60/251 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 15 Márta 2006; a iarraidh ar Bhallstáit AE tuarascáil bhliantúil a iarraidh ó Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ina ndíreofaí ar chomhar idir comhaltaí na Comhairle le sásraí NA agus brú a chur ar chomhaltaí roghnaithe chuig an gComhairle cuirí buana a eisiúint chuig gach ceann de na Nósanna Imeachta Speisialta um Chearta an Duine; a chur in iúl gurb oth léi rannpháirtíocht Veiniséala mar chomhalta iomlán de UNHRC idir 2020 agus 2022, in ainneoin gur dheimhnigh na Náisiúin Aontaithe féin, ina thuarascáil in 2020, na líomhaintí maidir le coireanna i gcoinne an chine dhaonna a rinne Rialtas Veiniséala, agus a chur in iúl gur léir go bhfuil easpa comhsheasmhachta ann sa chás sin; á mholadh go ndiúltódh an Chomhairle do chlaontacht fhrith-Iosrael in HRC agus go dtabharfadh sí aghaidh uirthi;

(j) a chreidiúint gur cheart do AE tacú le coimisiún neamhspleách idirnáisiúnta fiosrúcháin a bhunú laistigh de UNHRC chun imscrúdú a dhéanamh ar fhíricí agus ar chúinsí a bhaineann le líomhaintí maidir le ciníochas sistéamach, sáruithe agus mí-úsáidí; a iarraidh go ndéanfar an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú a dhaingniú go huilíoch agus a chur chun feidhme go héifeachtach; aitheantas a thabhairt don ról fíorthábhachtach atá ag an oideachas agus ag an gcultúr maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus an ciníochas, an t-idirdhealú ciníoch, an tseineafóibe agus éadulaingt ghaolmhar a chomhrac ar bhealach trasnach;

(k) leanúint de ról na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC) agus an chórais idirnáisiúnta ceartais choiriúil a neartú chun cuntasacht a chur chun cinn chun deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós agus chun tacaíocht láidir taidhleoireachta agus pholaitiúil agus acmhainní leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil do ICC chun cur ar a chumas na cúraimí atá aige laistigh dá sainordú a chomhlíonadh; a iarraidh ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe a bheith páirteach sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta trí Reacht na Róimhe a dhaingniú agus a chur chun feidhme agus trí dhaingniú leasuithe Kampala a spreagadh; a iarraidh orthu siúd atá ag tarraingt siar ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a gcinntí a aisiompú; tacú le ICC mar phríomhinstitiúid chun déantóirí coireanna a choinneáil cuntasach agus chun cabhrú le híospartaigh ceartas a bhaint amach, agus idirphlé agus comhar láidir a spreagadh idir ICC, na Náisiúin Aontaithe agus a gníomhaireachtaí agus Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; is oth leis an bParlaimint na hionsaithe i gcoinne na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus cáineann sí iad agus leanann sí de bheith ag seasamh go daingean i gcoinne aon ghníomhaíochtaí ionsaitheacha agus aon éileamh nó ráiteas nach bhfuil bunús leo lena mbaintear an bonn de ICC agus de chóras reacht na Róimhe i gcoitinne; a chur in iúl gur geal léi go ndearnadh gníomhaíochtaí nithiúla chun deireadh a chur le smachtbhannaí i gcoinne phearsanra ICC, lena n-áirítear Príomh-Ionchúisitheoir ICC; a chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE dul i mbun idirphlé feabhsaithe le rialtas reatha na Stát Aontaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus gur cheart don Aontas rannchuidiú leis an gcomhrac domhanda i gcoinne coireanna idirnáisiúnta trí thacú le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh prionsabal na dlínse uilíche a chur chun cinn agus cur le cumas Bhallstáit na Náisiún Aontaithe é a chur i bhfeidhm ina gcórais dlí náisiúnta féin; béim a leagan ar an ról ceannasach atá ag an Aontas sa chomhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis, lena n-áirítear an tacaíocht a thugann sé don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, ar gné bhunúsach í de ghuth an Aontais ag na Náisiúin Aontaithe agus a chur i bhfios go láidir gurb í an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an t-aon institiúid idirnáisiúnta a bhfuil sé ar a cumas ionchúiseamh a dhéanamh ar roinnt de na coireanna is uafásaí ar domhan agus íospartaigh nach bhfuil aon rogha eile acu a chosaint;

(l) athdhearbhú a dhéanamh ar an ngá atá leis an smacht reachta a urramú agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus a tacaíocht don mhéid sin a athdhearbhú, chomh maith lena thiomanta atá sí d’ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar an smacht reachta agus ar an dlí idirnáisiúnta; a chur in iúl gur geal léi an idirphlé a thionscain an Grúpa Comhordaithe agus Tacaíochta um an Smachta Reachta agus an tAonad um an Smacht Reachta in Oifig Feidhmiúcháin an Ardrúnaí leis na Ballstáit maidir leis an smacht reachta a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta agus a iarraidh go leanfar leis an idirphlé sin d’fhonn an smacht reachta a chothú ar an leibhéal idirnáisiúnta; iarrann an Pharlaimint ar an Ardrúnaí agus ar chóras na Náisiún Aontaithe aghaidh a thabhairt go córasach, de réir mar is iomchuí, ar ghnéithe den smacht reachta i ngníomhaíochtaí ábhartha, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban i ngníomhaíochtaí a bhaineann leis an smacht reachta;

(m) cur i gcoinne iarrachtaí tíortha aonair nó comhghuaillíochtaí tíortha áirithe an bonn a bhaint den chomhdhearcadh idirnáisiúnta maidir le sláinte agus cearta atáirgthe; ‘Dearbhú Chomhdhearcadh na Ginéive’ a cháineadh go háirithe, a bhí faoi stiúir rialtas Trump agus a chomhshínigh 32 rialtas le déanaí, ar rialtais neamhliobrálacha nó údarásaíocha iad den chuid is mó; cuireann an Pharlaimint a fíormhíshuaimhneas in iúl gur shínigh dhá Bhallstát AE, an Ungáir agus an Pholainn, an dearbhú cúlaitheach seo a bhfuil sé mar aidhm leis an bonn a bhaint de shaoirsí atáirgthe na mban agus cearta daoine LADT;

(n) tacú le hobair na Meithle Oscailte Idir-rialtasaí (OEIGWG) a bunaíodh le déanaí chun conradh a fhorbairt a bheadh ceangailteach ó thaobh an dlí ar chorparáidí trasnáisiúnta agus ar fhiontair ghnó eile d’fhonn ionstraim a bhunú a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí lena n-áiritheofaí go mbeadh cuideachtaí freagrach go hiomlán as sáruithe ar chearta an duine agus as coireanna comhshaoil;

 

 

(o) dlús breise a chur le tiomantas AE dul i ngleic le saoirse ó phionós maidir le coireanna i gcoinne iriseoirí, oibrithe sna meáin agus pearsanra gaolmhar, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil, agus tionscnaimh nithiúla a sheoladh i ndáil leis an méid sin; tacaíocht a thabhairt d’iarraidh ó Rapóirtéirí Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Saoirse chun Tuairimí a Nochtadh agus maidir le Básuithe Seachbhreithiúnacha, Achomair agus Treallacha chun buansásra imscrúdaithe na Náisiún Aontaithe i ndáil le coireanna i gcoinne iriseoirí a bhunú agus tacaíocht a thabhairt do cheapadh Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe um Chosaint Iriseoirí ar fud an domhain; beartas a ghlacadh chun marú chosantóirí chearta an duine a cháineadh, go córasach agus go soiléir, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine i taca leis an gcomhshaol agus leis an talamh agus aon iarracht chun iad a chur faoi aon chineál foréigin, géarleanúna, bagartha, ciaptha, dul ar iarraidh, príosúnachta nó gabháil threallach; iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe beartais a ghlacadh chun cosaint agus tacaíocht a chur ar fáil do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol; leanúint den mholadh, trí gach modh taidhleoireachta agus i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe, deireadh a chur le pionós an bháis ar fud an domhain agus moratóir a iarraidh maidir le pionós an bháis a úsáid;

(p) leanúint dá taidhleoireacht agus dá bosca uirlisí for-rochtana a leathnú, agus aird ar leith á tabhairt ar shíocháin, ar shlándáil idirnáisiúnta agus cobhsaíocht fhadtéarmach, ar thaidhleoireacht aeráide, ar thaidhleoireacht chultúrtha, ar chearta an duine, ar an gcomhionannas inscne, ar dhomhandú cothrom agus ar an gcumas idirphlé beartais agus comhdhearcadh beartais a shaothrú, ní hamháin le comhaltaí na Náisiún Aontaithe, ach freisin le hidirghabhálaithe ábhartha amhail cathracha, réigiúin, an lucht acadúil, eintitis agus pobail reiligiúnacha, an tsochaí shibhialta, pobail áitiúla agus dhúchasacha agus an earnáil phríobháideach; leas a bhaint as iarrachtaí chun teacht ar réitigh ar fhadhbanna domhanda, amhail an t-athrú aeráide, mar phointe iontrála do chaidreamh taidhleoireachta le comhpháirtithe a bhfuil ábhair eile ar an gclár oibre ag cur ina gcoinne go mór, agus ar an gcaoi sin deis a thabhairt chun cobhsaíocht agus síocháin a fheabhsú; is díol sásaimh é do Pharlaimint na hEorpa go rannchuidíonn AE agus a Bhallstáit go gníomhach le hobair chóras na Náisiún Aontaithe ar bhealaí éagsúla agus i bhfoirmeacha éagsúla;

(q) an cáineadh láidir a rinne sí maidir le sceimhlitheoireacht a athdhearbhú mar aon lena tacaíocht iomlán do ghníomhaíochtaí lena ndírítear ar an lámh uachtar a fháil ar eagraíochtaí sceimhlitheoireachta agus deireadh a chur leo, go háirithe Daesh/ISIS, ar bagairt shoiléir iad ar an tslándáil réigiúnach agus idirnáisiúnta; oibriú le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chun maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, agus chun sásraí a fhorbairt chun sceimhlitheoirí agus eagraíochtaí sceimhlitheoireachta a ainmniú agus chun sásraí um reo sócmhainní a neartú ar fud an domhain; gealltanas a thabhairt go neartófar iarrachtaí comhpháirteacha AE-NA maidir le bunchúiseanna na sceimhlitheoireachta a chomhrac, go háirithe maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus maidir le taighde cibearchosanta agus fothú acmhainneachta a fhorbairt; tacú le tionscnaimh reatha na gcomhpháirtithe áitiúla chun cuir chuige a cheapadh, a chur chun feidhme agus a fhorbairt chun cur i gcoinne an radacaithe agus na hearcaíochta d’eagraíochtaí sceimhlitheoireachta; leanúint leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici an earcaíocht a laghdú, comhrac i gcoinne trodaithe eachtracha, antoisceachas foréigneach agus bolscaireacht sceimhlitheoireachta; tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí lena neartófar athléimneacht na bpobal atá leochaileach ó thaobh an radacaithe de, lena n-áirítear trí chuimsiú sóisialta a áirithiú agus trí fhéachaint ar thionscnaimh a rachaidh i mbun rannpháirtíochta le ceannairí agus ministrí reiligiúnacha measartha; oibriú chun éifeachtúlacht na póilíneachta idirnáisiúnta a neartú, mar aon le comhar dlíthiúil agus breithiúnach sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta agus na coireachta trasnáisiúnta chun tacú le beartais maidir leis an bhfrithradacú agus leis an díradacú i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe i dtaca le hAntoisceachas Foréigneach a Chosc; an obair sna Náisiúin Aontaithe, maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, a chur chun cinn trí cheithre cholún de Straitéis Dhomhanda na Náisiún Aontaithe i gcoinne na Sceimhlitheoireachta a d’fhormheas an Comhthionól Ginearálta i mí Mheán Fómhair 2006 a chur chun feidhme agus a thabhairt cothrom le dáta; ceannaireacht an athbhreithnithe atá ar na bacáin ar Straitéis Dhomhanda Frithsceimhlitheoireachta na Náisiún Aontaithe a ghlacadh trí chearta an duine agus cuir chuige um chosc a threisiú;

(r) an comhar tríthaobhach idir AE, an tAontas Afracach (AA) agus na Náisiúin Aontaithe a leathnú tuilleadh; cuireann Parlaimint na hEorpa béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh AE, na Náisiúin Aontaithe agus AA iarracht chomhbheartaithe i dtreo fothú acmhainneachta chun leanúint de bheith ag comhoibriú le AA maidir le cumais AA a fhorbairt chun géarchéimeanna a chosc, géarchéimeanna a bhainistiú agus coinbhleachtaí a réiteach ar mhór-roinn na hAfraice, agus freisin trí leanúint de thacaíocht fhadtéarmach AE agus na Náisiún Aontaithe a thabhairt d’oibríochtú iomlán an Struchtúir Afracaigh um Shíocháin agus um Shlándáil (APSA), mar aon le cumais i réimsí beartais eile atá ábhartha do shlándáil agus do chobhsaíocht na hAfraice, mar shampla ar bhonn innéacs shlándáil an duine, lena n-áirítear i dtéarmaí eacnamaíocha agus comhshaoil, agus a mhéid a bhaineann le rochtain ar earraí poiblí; á chur i bhfáth gur gá, i ndáil leis an méid sin, aird ar leith a thabhairt ar an staid i réigiún na Saiheile i bhfianaise na héagobhsaíochta atá ag dul i méid; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaidh AE a bheith tarraingteach go mór maidir lena inniúlacht mianta comhpháirtíochta mhór-roinn na hAfraice agus a chuid institiúidí a bhaint amach trí chomhpháirtíochtaí comhionanna i gcomhréir le straitéis nua AE-na hAfraice; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá idirphlé polaitiúil agus beartais níos dlúithe le comhpháirtithe AE san Afraic, lena n-áirítear tacaíocht agus idirphlé le heagraíochtaí réigiúnacha agus laistigh de ghnéithe parlaiminteacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé, faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe, idirphlé agus an comhar le tíortha na hAfraice de chomharsanacht na Meánmhara Theas de chuid an Aontais a ghéarú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna slándála agus cobhsaíochta;

(s) an dul chun cinn suntasach atá déanta ag AE agus ag na Náisiúin Aontaithe maidir le tacaíocht agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil i réigiúin na Saiheile, na hAfraice Thiar agus Chorn na hAfraice a aithint agus a fhorbairt; molann Parlaimint na hEorpa an ról agus an comhar idir misin shibhialta agus mhíleata an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC) de chuid an Aontais agus misin na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear Straitéis Chomhtháite na Náisiún Aontaithe don tSaiheil agus an Plean Tacaíochta a ghabhann léi, Misean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí (MINUSMA) agus Oifig na Náisiún Aontaithe don Afraic Thiar; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur síníodh an socrú teicniúil idir G5 na Saiheile, AE agus na Náisiúin Aontaithe chun tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochtúil a chur ar fáil don Fhórsa Comhpháirteach i gcúig thír G5 na Saiheile, ar comhartha é den chomhar den scoth idir na trí eagraíocht; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE tacú leis an achainí chuig Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go ndéanfaí Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile a chur faoi Chaibidil VII de Chairt na Náisiún Aontaithe agus tairbhe a bhaint as cistiú buan; á mheabhrú go bhfuil tionchar díreach ag forbairt, slándáil agus cobhsaíocht mhór-roinn na hAfraice, go háirithe réigiúin na Magraibe agus na Saiheile, ar AE agus ar a theorainneacha seachtracha; á iarraidh ar AE a chomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le AA a thacú agus a threisiú i dtacú leis an bhforbairt, aghaidh a thabhairt ar an mbochtaineacht agus acmhainneacht a fhothú leis na comhpháirtithe áitiúla chun antoisceachas agus gáinneáil ar dhaoine a chomhrac;

(t) comhar níos dlúithe a chruthú le tíortha Mheiriceá Laidinigh – réigiún a bhfuil go leor nasc agus luachanna againn leis, agus atá buailte go dona ag paindéim COVID-19 – chun dul i ngleic le dúshláin chomhchoiteanna ar bhealach comhordaithe faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe;

(u) tuilleadh idirphlé a shaothrú maidir le cumas chóras na Náisiún Aontaithe a n-ábaltacht maidir le cosc coinbhleachtaí agus freagracht as cosaint (R2P) a bhaint amach agus a leathnú, lena n-athdhearbhaítear an tiomantas comhroinnte d’ord idirnáisiúnta bunaithe ar rialacha, an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear iomláine chríochach, neamhspleáchas agus ceannasacht, mar a luaitear freisin i bprionsabail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus i bprionsabail Chairt Pháras ESCE (Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip), agus lena n-áirithítear go bhfuil cearta daonna agus saoirsí bunúsacha na ndaoine go léir i gcroílár bheartais coisc agus idirghabhála coinbhleachtaí; cuireann Parlaimint na hEorpa béim ar a thábhachtaí atá an t-idirphlé agus an comhar leis na Náisiúin Aontaithe maidir le misin síochánaíochta éifeachtacha agus inchreidte a bhfuil cuspóirí soiléire acu, a bhfuil acmhainneacht shoiléir acu agus atá in ann torthaí inláimhsithe agus inchreidte a bhaint amach; á iarraidh go mbeidh sásraí éifeachtacha ann, lena n-áirítear: (i) cur chun feidhme Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus gach rún ina dhiaidh sin maidir le mná, an tsíocháin agus an tslándáil i gcomhréir le cuspóir rannpháirtíocht agus ceannaireacht iomlán, chomhionann agus fhóinteach na mban i misin síochánaíochta agus i struchtúir na Náisiún Aontaithe atá dírithe air sin, (ii) dearcadh leanaí agus daoine óga, mar a luaitear sa Chlár Oibre don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil agus sa Choinbhinsiún maidir le Cearta an Linbh, lena n-áirítear maidir le hiarrachtaí idirnáisiúnta a thacú agus a neartú trí na Náisiúin Aontaithe chun deireadh a chur le húsáid leanaí i gcoinbhleachtaí armtha, (iii) dearcadh na ndaoine faoi mhíchumas, lena n-áirítear, go háirithe, iad siúd a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar idirdhealú trasnach agus iad siúd atá i mbaol i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, mar aon leis (iv) an ngá urraim a áirithiú do chearta an duine agus do chosaint sibhialtach, atá ag croílár sainorduithe síochánaíochta; á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag mná san idirghabháil choinbhleachta agus sna misin síochánaíochta; á mheabhrú an tearcionadaíocht a dhéantar orthu ar gach leibhéal laistigh de mhisin na Náisiún Aontaithe agus an Aontais, agus a ríthábhachtaí atá sé mná agus cailíní a chosaint i gcásanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; á iarraidh ar Bhallstáit AE cuidiú le níos mó fórsaí armtha Eorpacha a chur le síochánaíocht na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tacaíocht AE do thíortha atá ag teacht as coinbhleacht fhoréigneach; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeidh comhar treisithe ann agus aghaidh á tabhairt ar leochaileacht na suíomhanna aistrithe, lena n-áirítear trí úinéireacht náisiúnta a neartú, trí ghnóthachain chothú na síochána a chomhdhlúthú agus trí idirghníomhaíocht le pobail áitiúla a fheabhsú, lena n-áiritheofar cosaint agus fóirithint dóibh; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú ar na struchtúir ábhartha chun deireadh a chur le saoirse ó phionós phearsanra na Náisiún Aontaithe atá ag fónamh in oibríochtaí míleata agus misin shibhialta agus chun sásraí feidhmiúla, formhaoirseachta trédhearcaí agus cuntasachta daingne a bhunú i gcásanna ina dtarlaíonn mí-úsáid go háirithe gníomhartha foréigin ghnéasaigh; ag moladh na hoibre atá á déanamh ag Agnes Callamard, Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le bású seachbhreithiúnach, achomair nó treallach, agus a rannchuidiú sa comhrac i gcoinne na saoirse ó phionós, trí imscrúduithe a dhéanamh ar chásanna amhrasta dúnmharuithe seachbhreithiúnacha fad agus í a bheith faoi réir imeaglaithe agus bagairtí;

(v) tuilleadh idirphlé comhsheasmhaigh a shaothrú ar fud fhóraim na Náisiún Aontaithe, go háirithe Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, ar an ngá atá le cearta an duine ag daoine LADTI a chosaint, i gcomhréir le treoirlínte AE chun teachtadh chearta uile an duine ag daoine LADTI a chur chun cinn agus a chosaint i bhfóraim iltaobhacha[5], le treoirlínte AE maidir le pionós an bháis[6], agus i ndáil le Prionsabail Yogyakarta a aithnítear go hidirnáisiúnta[7]; comhlachtaí agus Comhaltaí na Náisiún Aontaithe a spreagadh chun ‘féiniúlacht agus léiriú inscne’ agus ‘saintréithe gnéis’ a áireamh ina raon feidhme breithnithe maidir le sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear, ar an gcaoi sin, daoine trasinscneacha agus idirghnéasacha, chomh maith le sáruithe ar chearta an duine a ndéantar an sárú sin orthu; na huirlisí taidhleoireachta uile atá ar fáil a úsáid chun tacú ar an leibhéal domhanda le gníomhartha comhghnéis comhthoiliúla a dhíchoiriúlú, pionós an bháis a dhíothú mar smachtbhanna le haghaidh gníomhartha comhghnéis comhthoiliúla, reachtaíocht a ghlacadh lena gceadófar aitheantas dlíthiúil inscne, agus ciorrú ball giniúna de dhaoine idirghnéasacha agus cleachtais ar a dtugtar ‘teiripe thiontaithe’ ar fud an domhain a thoirmeasc;

(w) comhleanúnachas dhéileálacha na Náisiún Aontaithe i leith cásanna forghabhála nó ionghabhála críche a chur chun cinn; á mheabhrú gur cheart an dlí daonnúil idirnáisiúnta rannpháirtíocht idirnáisiúnta a threorú i ngach cás den sórt sin, lena n-áirítear i gcásanna forghabhála fadtréimhsí agus na n-ilchoinbhleachtaí calctha i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; tacaíonn Parlaimint na hEorpa leis an aird mhéadaitheach atá á tabhairt ag na Náisiúin Aontaithe ar ghníomhaíochtaí gnó a bhaineann le cásanna ar údar imní idirnáisiúnta iad agus á iarraidh ar an gComhairle dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chuideachtaí atá bunaithe in AE agus a liostaítear i dtuarascálacha nó i mbunachair sonraí den sórt sin de chuid na Náisiún Aontaithe;

(x) tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chumais idirghabhála agus taidhleoireachta AE maidir le géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú agus coinbhleachtaí a réiteach, lena n-áirítear ar mhaithe le coinbhleachtaí calctha nó nua, nó ar a laghad iad a laghdú, i sineirgí le hiarrachtaí na Náisiún Aontaithe, agus próiseas Bheirlín maidir leis an Libia a bheith ina shampla maith de thacaíocht AE agus sineirgí le hiarrachtaí idirghabhála faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, lena n-áirithítear rannpháirtíocht iomlán agus fhiúntach na mban in iarrachtaí idirghabhála, mar aon le leanúint de thacaíocht láidir AE a thabhairt do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach laistigh de theorainneacha a chuid comhpháirtithe atá thíos le coinbhleachtaí, amhail an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin; iarraidh ar na Náisiúin Aontaithe tús áite a thabhairt do chosc, d’idirghabháil, d’athmhuintearas agus do réitigh pholaitiúla ar choinbhleachtaí agus, ag an am céanna, aghaidh á tabhairt ar bhunchúiseanna agus spreagthaí atá mar bhonn na ngéarchéimeanna; gealltanais iltaobhacha níos láidre a spreagadh chun teacht ar réitigh pholaitiúla inbhuanaithe ar choinbhleachtaí reatha, agus leanúint de thacaíocht a thabhairt d’obair, do ghníomhaíochtaí agus do thionscnaimh thoscairí speisialta na Náisiún Aontaithe a bhfuil sé mar aidhm leo na coinbhleachtaí sin a réiteach; molann Parlaimint na hEorpa an dea-chuntas teiste ar an gcomhar idir AE agus na Náisiúin Aontaithe maidir le spriocanna forbartha comhchoiteanna a bhaint amach agus maidir le tuilleadh méadaithe coinbhleachtaí leanúnacha a chosc; ag creidiúint, i ndáil leis an méid sin, gur cheart do AE leanúint den chomhphobal idirnáisiúnta a ghríosú chun an beartas maidir le neamhaithint ionghabháil neamhdhleathach na Crimé a chur chun feidhme go hiomlán;

(y) tathant ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe coinbhinsiúin lárnacha uile na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine a dhaingniú agus a chur chun feidhme go héifeachtach, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus an Prótacal Roghnach a ghabhann leis, na Prótacail Roghnacha a ghabhann leis an gCúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla agus an Cúnant Idirnáisiúnta ar Cheart Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, agus na hoibleagáidí tuairiscithe faoi na hionstraimí sin agus an gealltanas chun comhoibriú de mheon macánta le sásraí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine a chomhlíonadh;

(z) coinneáil tiomanta mar cheannródaí i slógadh modhanna uile de chur chun feidhme agus obair leantach éifeachtach chuspóirí Chlár Oibre 2030 thar bheartais inmheánacha agus sheachtracha uile an Aontais agus i straitéisí agus tosaíochtaí náisiúnta na mBallstát; cuireann Parlaimint na hEorpa béim ar a phráinní atá sé tacaíocht agus aitheantas leormhaith a thabhairt don obair thábhachtach agus riachtanach atá á déanamh ag gníomhaireachtaí daonnúla amhail an Clár Domhanda Bia; á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh Duais Nobel 2020 a bhronnadh ar an gClár Domhanda Bia as a iarrachtaí dul i ngleic leis an ocras, as a rannchuidiú chun feabhas a chur ar dhálaí le haghaidh síochána i limistéir atá thíos le coinbhleacht agus as gníomhú mar cheann feadhna sna hiarrachtaí chun cosc a chur ar ocras a úsáid mar armán cogaidh agus coinbhleachta;

 

(aa) athdhearbhú a dhéanamh gur cúis bhuartha di na drochthionchair a imrítear ar an muirthimpeallacht ó longa, lena n-áirítear truailliú, go háirithe tríd an scaoileadh neamhdhleathach a dhéantar ar ola agus ar shubstaintí díobhálacha eile agus trí dhramhaíl ghuaiseach a dhumpáil, lena n-áirítear ábhair radaighníomhacha, dramhaíl núicléach agus ceimiceáin chontúirteacha, mar aon leis na tionchair fhisiceacha a imrítear ar an gcoiréal; iarann Parlaimint na hEorpa ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe leanúint de thosaíocht a thabhairt do ghníomhaíocht maidir le truailliú muirí ó fhoinsí ar thalamh mar chuid dá straitéisí agus dá gcláir náisiúnta um fhorbairt inbhuanaithe, agus cur chun feidhme Chlár Gníomhaíochta Domhanda um Chosaint na Muirthimpeallachta ar Ghníomhaíochtaí ar Thalamh agus Dhearbhú Montréal um Chosaint na Muirthimpeallachta ar Ghníomhaíochtaí ar Thalamh a chur chun cinn; á iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe feabhas a chur ar an tuiscint eolaíoch agus ar an measúnú eolaíoch ar éiceachórais mhuirí agus chósta mar bhonn bunúsach don chinnteoireacht stuama trí na gníomhaíochtaí a shainaithnítear i bPlean Cur Chun Feidhme Johannesburg; á iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe cláir náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta a fhorbairt chun an mhuirthimpeallacht a chosaint agus a chaomhnú agus chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta muirí, go háirithe éiceachórais leochaileacha;

(ab) tacaíocht a thabhairt d’iarraidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar vacsaín COVID-19 inacmhainne agus inrochtana a bheith ann, agus go ndéanfar í a mheas mar leas poiblí domhanda; na forálacha a áirítear sna Conclúidí ón gComhairle le déanaí maidir le ról AE i leith neartú a dhéanamh ar an Eagraíocht Domhanda Sláinte a chur chun feidhme, go háirithe maidir le hacmhainneacht chun ullmhachta agus chun freagartha i gcásanna éigeandála sláinte; á chur in iúl gur geal léi obair EDS i dtaobh comhordú a dhéanamh ar iarrachtaí rialtais i leith phaindéim COVID-19 a chomhrac; iarann Parlaimint na hEorpa go ndéanfar imscrúdú neamhchlaonta, trédhearcach agus neamhspleách ar leathadh an víris agus ar láimhseáil phaindéim COVID-19, lena n-áirítear ag EDS; ag tacú le hathchóiriú a dhéanamh ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ionas go bhféadfadh sí freagairt ar bhealach níos éifeachtúla amach anseo d’éigeandálaí agus cuibhreannas idirnáisiúnta frithvíris a chruthú chun rochtain agus leithdháileadh cothromasach ar vacsaíní COVID-19, mar aon le vacsaíní a bheidh ann amach anseo, a ráthú do gach tír; ag athdhearbhú a tacaíochta don Téaváin a áireamh sa Chomhthionól Domhanda Sláinte; ag cáineadh na mí-úsáide ag a lán réimeas forlámhach ar na bearta a tugadh isteach chun COVID-19 a chomhrac ar mhaithe le cumhacht a chomhdhlúthú, an bonn a bhaint tuilleadh ó chearta an duine, cniogbheartaíocht a dhéanamh ar an bhfreasúra agus ar an tsochaí shibhialta, feachtais fuatha i gcoinne grúpaí mionlaigh a spreagadh, bearta breise a thabhairt isteach chun srian a chur le cearta agus saoirsí a saoránach agus chun buntáiste geopholaitiúil a lorg thar lear; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an gealltanas i leith SFInna a bhaint amach faoi 2030 mar chlocha coirnéil na bhfreagraí uile ar an bpaindéim; á iarraidh ar AE rannchuidiú leis an ngealltanas polaitiúil ar leibhéal na Náisiún Aontaithe i leith deireadh a chur le heipidéim SEIF faoi 2030, ós rud é gur bagairt ar an tsláinte phoiblí ar fud an domhain fós í; ag moladh gur cheart don Chomhairle leanúint de shineirgí níos mó a lorg idir Ballstáit na Náisiún Aontaithe chun deireadh a chur le dlíthe, beartais agus cleachtais a chruthaíonn bacainní ó thaobh rochtain de ar sheirbhísí VEID agus a mhéadaíonn an riosca maidir le VEID a fháil, agus aird ar leith á tabhairt ar ghrúpaí imeallaithe nó leochaileacha; á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le hiarraidh AE ar chreataí neartaithe reachtacha agus rialála a bheith ann agus ar comhleanúnachas beartais a chur chun cinn chun cumhdach uilíoch sláinte a bhaint amach, lena n-áirítear trí reachtaíocht a achtú agus trí bheartais a chur chun feidhme lena gcuirfear rochtain níos fearr ar sheirbhísí sláinte, ar tháirgí agus ar vacsaíní ar fáil, go háirithe do na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste;

(ac) tabhairt dá haire tuarascáil ón Ardrúnaí dar teideal Shared responsibility, global solidarity: responding to the socioeconomic impacts of COVID-19 [Freagairt chomhroinnte, dlúthpháirtíocht dhomhanda: ag freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha COVID-19], agus á áitiú, dá bhri sin, gur cheart go mbeadh freagairtí na rialtas ar phaindéim COVID-19 éifeachtach, cuimsitheach agus i lánchomhlíonadh lena n-oibleagáidí agus lena ngealltanas maidir le cearta an duine; iarraidh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe bearta sonracha a dhéanamh chun leanaí a chosaint a bhféadfadh a leochaileacht dul in olcas go mór i ngeall ar phaindéim COVID-19; tacaíocht a thabhairt don Lárchiste Freagartha Éigeandála, don Clár Domhanda Bia, d’Eagraíocht um Dhídeanaithe na Náisiún Aontaithe agus d’institiúidí agus cláir eile na Náisiún Aontaithe, a bhfuil ról lárnach acu sa fhreagairt dhaonnúil ar ghéarchéim COVID-19; tacú leis na hiarrataí go dtionólfar Cruinniú Mullaigh Iar-COVID-19 um Atógáil Eacnamaíoch Idirnáisiúnta agus um Athchóiriú Sistéamach na Náisiún Aontaithe in 2021 mar fhóram tábhachtach le haghaidh spás rialachais a bheidh níos cuimsithí agus níos bunaithe ar chearta;

(ad) infheictheacht ghníomhaíocht agus chúnamh AE i ngach fóram iltaobhach agus ar bráid a neartú, go háirithe clár ‘Foireann na hEorpa’, clár ag a bhfuil EUR 36 billiún chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí millteacha ghéarchéim COVID-19 i dtíortha agus i réigiúin chomhpháirtíochta, go háirithe san Afraic;

(ae) ról ceannaireachta gníomhach, láidir agus uaillmhianach a bheith aici sna hullmhúcháin don 26ú Comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP26), lena n-áirítear ó thaobh chearta an duine de, go háirithe trí aitheantas domhanda don cheart chun comhshaoil shábháilte, ghlan, shláintiúil agus inbhuanaithe a chur chun cinn, agus trí thacú le sainordú Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine agus an Comhshaol; tugann Parlaimint na hEorpa dá haire go bhfuil an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta i measc na mórdhúshlán atá ann faoi láthair; ag tacú le Tionscnamh Chearta Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, lena n-aithnítear go bhfuil tionchar ollmhór ag sáruithe ar chearta comhshaoil ar réimse leathan de chearta an duine; á chur i bhfáth go bhfuil an bhithéagsúlacht agus cearta an duine idirnasctha agus idirspleách; meabhrú a dhéanamh ar na hoibleagáidí maidir le cearta an duine atá ar Stáit i leith an bhithéagsúlacht a chosaint, lena n-áirítear trí rochtain a thabhairt ar leigheasanna éifeachtacha i gcás chailliúint agus dhíghrádú na bithéagsúlachta; spreagann Parlaimint na hEorpa, ina leith sin, AE agus na Ballstáit, cur chun cinn a dhéanamh ar éiceadhíothú a aithint mar choir idirnáisiúnta faoi Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE bearta sonracha a chur chun feidhme chun an athléimneacht a chur i gcroílár na n-iarrachtaí téarnaimh agus chun laghdú rioscaí tubaiste a phríomhshruthú i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar amach i gCreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE an chomhpháirtíocht le Rialtas reatha na Stát Aontaithe a athbheochan lena dtacófar le ‘comhghuaillíocht neodrachta dhomhanda’ a chruthú leis na tíortha a bhfuil gealltanas tugtha acu cheana féin i leith na sprice maidir le hastaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050, lena rachfar i mbun comhair le tíortha eile san fhorbairt ar phleananna agus teicneolaíochtaí maidir le hastaíocht charbóin a bhaint, agus lena ndéanfar straitéis nua idirnáisiúnta a chur chun cinn ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht a chosaint;

(af) athdhearbhú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint chomhionann ar an dlí agus ar an gcomhionannas os comhair na cúirteanna, cumhachtú agus rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach sna próisis chinnteoireachta agus rannpháirtíocht iomlán, chomhionann agus éifeachtach sa saol polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a áirithiú do dhaoine dúchasacha, lena n-áirítear mná agus cailíní; fáiltiú roimh obair Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta na bpobal dúchasach, EMRIP agus UNPFII; Stáit agus eintitis chóras na Náisiún Aontaithe a spreagadh chun an comhar idirnáisiúnta a neartú chun aghaidh a thabhairt ar na míbhuntáistí a bhíonn ag pobail dhúchasacha, agus comhar teicniúil agus cúnamh airgeadais a mhéadú ina leith sin;

(ag) leanúint de bheith ag saothrú agus ag leathnú an chomhair acmhainneachta laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe maidir le comhchaighdeáin éifeachtacha agus eiticiúla a chur chun cinn i réimsí beartais nua amhail dí-chomhiomlánú agus cosaint sonraí, dícheall cuí, an comhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis, an intleacht shaorga nó an cibearspás, agus tacaíocht leormhaith á cur chun cinn ag an am céanna do na tíortha sin ar mian leo a n-acmhainneacht rialála agus cur chun feidhme a gcaighdeán a leathnú; comhordú níos dlúithe a iarraidh maidir leis an gcibearchosaint a mhéid a bhaineann le rialacha, noirm, comhthuiscintí agus bearta forfheidhmiúcháin sa chibearspás; moladh gur féidir le clocha coirnéil na cibearshlándála Eorpaí, amhail an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise (NIS) a bheith ina mbonn sármhaith lenar féidir le tíortha toilteanacha a úsáid chun cur lena gcreataí rialála maidir le cosaint sonraí agus cibearshlándáil trí chur chuige ‘slándáil trí dhearadh’; a léiriú gur féidir na dea-chleachtais agus an chiall a ceannaíodh ar leibhéal AE a chomhroinnt laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe atá tiomanta do na cúraimí sin, agus freisin mar fhreagairt ar iarrataí ó thíortha aonair;

(ah) aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le sreabha aindleathacha airgeadais a chosc agus a chomhrac agus an comhar idirnáisiúnta agus dea-chleachtais maidir le fáltas ar shócmhainní agus aisghabháil sócmhainní a neartú, lena n-áirítear trí bhearta níos éifeachtaí chun na hoibleagáidí atá cheana ann faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus faoi na Prótacail a ghabhann leo a chur chun feidhme; bearta éifeachtacha, cuimsitheacha agus inbhuanaithe a chur chun feidhme chun éilliú a chosc agus a chomhrac faoi chuimsiú Chlár Oibre 2030; tionscnaimh a ghabháil de láimh agus tacú leo chun dul i ngleic le himghabháil chánach, le sciúradh airgid agus leis an éilliú;

(ai) breithniú a dhéanamh i leith bearta breise um fhaoiseamh fiachais do thíortha i mbéal forbartha a bhfuil fiacha móra orthu chun mainneachtain a sheachaint agus chun spás a chruthú d’infheistíochtaí SFI, agus sa chiall sin, chun tacú le hiarraidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go mbunófaí sásra um athstruchtúrú fiachais cheannasaigh mar chuid den fhreagairt fhadtéarmach ar ghéarchéim COVID-19 agus ar na tionchair eacnamaíocha a ghabhann léi;

(aj) aghaidh a thabhairt ar an imirce agus ar an easáitiú éigeantach, lena n-áirítear na bunchúiseanna atá léi, agus comhoibriú chun an Comhshocrú Domhanda maidir leis an Imirce agus an Comhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe a chur chun feidhme; á mheabhrú gur cheart cearta an duine a bheith i gcroílár an Chomhshocraithe Dhomhanda i gcónaí agus aird ar leith á tabhairt ar imircigh atá leochaileach, amhail leanaí, mionaoisigh agus na mná; leanúint de thiomantas comhroinnte a fhorbairt ionsar an spás daonnúil a chaomhnú agus lena bhfeabhsófar an córas freagartha daonnúla agus béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé seasamh leis an gceart chun tearmainn ar fud an domhain; tacú le hobair chomhlachtaí ábhartha na Náisiún Aontaithe amhail UNHCR agus Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha (UNRWA) agus an obair sin a threisiú; athdhearbhú a dhéanamh ar ról lárnach UNRWA maidir le cúnamh daonnúil agus cúnamh forbartha a chur ar fáil do dhídeanaithe Palaistíneacha; tathant a dhéanamh ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe na ranníocaíochtaí le UNRWA a chothabháil agus a mhéadú, agus tacaíocht a thabhairt don mholadh ó Choimisinéir Ginearálta UNRWA le haghaidh comhdháil as a dtiocfaidh córas caiteachais agus sreafa maoinithe a bheidh níos intuartha, níos inbhuanaithe agus níos cuntasaí do UNRWA don todhchaí agus tiomantas ina leith sin ó líon níos mó de Bhallstáit na Náisiún Aontaithe agus de dheontóirí idirnáisiúnta;

(ak) leanúint de bheith ag tacú le saoirse reiligiúin nó creidimh; tathant go mbeidh ann d’iarrachtaí méadaitheacha chun cearta mionlach reiligiúnach agus cearta mionlach eile a chosaint; iarraidh go ndéanfar mionlaigh reiligiúnacha a chosaint ar ghéarleanúint agus ar fhoréigean; iarraidh go n-aisghairfear dlíthe lena ndéantar blaisféime nó séanadh creidimh a choiriúlú, ar dlíthe iad a fhónann mar leithscéal chun géarleanúint a dhéanamh ar mhionlaigh reiligiúnacha agus ar neamhchreidmhigh; tacú le hobair an Rapóirtéara Speisialta maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh;

(al) tuilleadh feabhais a chur ar thacaíocht chomhtháite don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban, i gcomhréir le Dearbhú Bhéising agus lena Chlár Oibre Gníomhaíochta; iarraidh ar Bhallstáit uile na Náisiún Aontaithe leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an gClár Oibre maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus leanúint dá gcur chun feidhme, ina gcuirtear san áireamh an tionchar díréireach atá ag coinbhleachtaí ar mhná agus ar chailíní agus ina ndéantar obair agus gníomhaíochtaí a threorú chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na mban, cosaint na mban agus cearta na mban a neartú le linn thimthriall na coinbhleachta, ón gcosc ar choinbhleachtaí go dtí an atógáil iarchoinbhleachta; ina leith sin, aird ar leith a thabhairt ar dheireadh a chur leis an bhforéigean agus leis an idirdhealú in aghaidh na mban agus cailíní, lena n-áirítear foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, cleachtais dhíobhálacha agus foréigean baile agus teaghlaigh, agus tacú le rannpháirtíocht fhóinteach agus chomhionann na mban i ngach réimse den saol poiblí agus den chinnteoireacht, agus le cearta na mban a chur chun cinn; tacú le hiarrachtaí idirnáisiúnta agus iad a neartú trí na Náisiúin Aontaithe chun anailís inscne, mar aon le príomhshruthú inscne agus cearta an duine a áirithiú i ngníomhaíochtaí uile na Náisiún Aontaithe; meabhraíonn Parlaimint na hEorpa go n-úsáidtear foréigean gnéasach amhail éigniú mar oirbheart cogaidh agus gur coir chogaidh atá ann, agus á iarraidh go dtabharfar níos mó cosanta do mhná agus do chailíní i gcásanna coinbhleachta, go háirithe maidir le foréigean gnéasach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE tacaíocht níos leithne a spreagadh, lena n-áirítear trí chistiú leormhaith, d’obair Mhná na Náisiún Aontaithe, ag a bhfuil ról tábhachtach i gCóras na Náisiún Aontaithe chun cearta na mban a chur chun cinn agus na geallsealbhóirí ábhartha uile a thabhairt le chéile chun athrú beartais a ghiniúint agus chun gníomhaíochtaí beartais a chomhordú;

(am) ról uaillmhianach agus cuiditheach a ghlacadh laistigh den sásra le haghaidh Athbhreithniú a dhéanamh ar Chur Chun Feidhme Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireacht Eagraithe Thrasnáisiúnta agus an Prótacal a ghabhann leis chun Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc, a Dhíchur agus a Phionósú chun iarrachtaí idirnáisiúnta a atreisiú tuilleadh chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac, lena n-áirítear peirspictíochtaí na mban, na leanaí agus na n-imirceach, atá i mbaol méadaithe ó dhúshaothrú;

(an) dul i ndlúthchomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le próiseas cur chun feidhme na gconclúidí ón gComhairle, agus Parlaimint na hEorpa a rannpháirtiú i ngach réimse beartais inar féidir leis an taidhleoireacht pharlaiminteach sineirgí luachmhara a chruthú agus acmhainneacht for-rochtana agus tionchar dearfach agus ceannaireacht AE ina iomláine a threisiú;

(ao) iarraidh go ndéanfar bearta láithreach bonn chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim mhéadaitheach i leith chearta an duine in Xinjiang, ar a laghad chun imscrúdú a dhéanamh ar an ngéarleanúint eitneach agus reiligiúnach a tuairiscíodh ar fud an réigiúin; iarann Parlaimint na hEorpa, ina leith sin, go mbunófar sásra faireacháin neamhspleách de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine sa tSín, lena bhféadfaí Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe, Painéal Saineolaithe de chuid HRC nó Toscaire Speisialta a áireamh; ag tacú leis na hiarrataí ar UNHRC seisiún speisialta a thionól maidir leis an ngéarchéim;

2. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gCoimisiún agus, i gcomhair faisnéise, chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

10.5.2021

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

 

 

 

Na Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alviina Alametsä, Alexander Alexandrov Yordanov, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Anna Bonfrisco, Reinhard Bütikofer, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Karol Karski, Stelios Kouloglou, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Antonio López-Istúriz White, Jaak Madison, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Javier Nart, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Jérôme Rivière, María Soraya Rodríguez Ramos, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Jacek Saryusz-Wolski, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Jordi Solé, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Hermann Tertsch, Harald Vilimsky, Idoia Villanueva Ruiz, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Witold Jan Waszczykowski, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Željana Zovko

Feisirí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Loucas Fourlas, Assita Kanko, Mick Wallace

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH

50

+

NI

Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi

PPE

Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Loucas Fourlas, Michael Gahler, Sunčana Glavak, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López-Istúriz White, Lukas Mandl, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Gheorghe-Vlad Nistor, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko

Renew

Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, María Soraya Rodríguez Ramos

S&D

Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Sven Mikser, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev, Nacho Sánchez Amor

Verts/ALE

Alviina Alametsä, Reinhard Bütikofer, Jordi Solé, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel, Thomas Waitz, Salima Yenbou

 

4

-

ECR

Hermann Tertsch

ID

Thierry Mariani, Jérôme Rivière, Harald Vilimsky

 

12

0

ECR

Anna Fotyga, Assita Kanko, Karol Karski, Jacek Saryusz-Wolski, Witold Jan Waszczykowski

ID

Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi, Jaak Madison

The Left

Stelios Kouloglou, Manu Pineda, Idoia Villanueva Ruiz, Mick Wallace

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

 : staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 4 Meitheamh 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais