Nós Imeachta : 2020/0380(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0178/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0178/2021

Díospóireachtaí :

PV 14/09/2021 - 18
CRE 14/09/2021 - 18

Vótaí :

PV 15/09/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0373

<Date>{31/05/2021}31.5.2021</Date>
<NoDocSe>A9-0178/2021</NoDocSe>
PDF 474kWORD 172k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>     <RefProcLect>***I</RefProcLect>

<Titre>maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit</Titre>

<DocRef>(COM(2020)0854 – C9-0433/2020 – 2020/0380(COD))</DocRef>

<Commission>{REGI}An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Pascal Arimont</Depute>

Rapóirtéirí don tuairim: (*):

Valérie Hayer, ón gCoiste um Buiséid,

François-Xavier Bellamy, ón gCoiste um Iascach

(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

LEASUITHE
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IASCACH
 NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit

(COM(2020)0854 – C9-0433/2020 – 2020/0380(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0854),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2), Airteagal 322 agus an tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0433/2020),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an …[1],

 ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 19 Márta 2021[2],

 ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 25 Feabhra 2021[3],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach, arna gcomhaontú ag a cruinniú speisialta an 17-21 Iúil 2020, chun foráil a dhéanamh maidir le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit speisialta nua a bhunú,

 ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Iascach,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0178/2021),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

<RepeatBlock-Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>1</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) An 1 Feabhra 2020, d’fhág Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Euratom’) – dá ngairtear in éindí ‘an tAontas’ anseo feasta, agus cuireadh tús le hidirthréimhse. Comhaontaíodh an tréimhse ama theoranta sin mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar11, agus mairfidh sí go dtí an 31 Nollaig 2020. Le linn na hidirthréimhse, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tús le caibidlíocht fhoirmiúil maidir lena gcaidreamh amach anseo.

(1) An 1 Feabhra 2020, d’fhág Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Euratom’) – dá ngairtear in éindí ‘an tAontas’ anseo feasta, agus cuireadh tús le hidirthréimhse. Comhaontaíodh an tréimhse ama theoranta sin mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar11, agus tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020. Le linn na hidirthréimhse, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tús le caibidlíocht fhoirmiúil maidir lena gcaidreamh amach anseo.

__________________

__________________

11 Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Comhaontú um Tharraingt Siar’) (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>2</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, cuirfear i bhfeidhm bacainní ar thrádáil agus ar mhalartuithe trasteorann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Tá coinne leis go mbeidh iarmhairtí fairsinge agus forleathana ann do ghnólachtaí, saoránaigh agus údaráis riaracháin phoiblí. Ní féidir na hiarmhairtí sin a sheachaint agus ní mór do pháirtithe leasmhara a áirithiú go bhfuil siad ullmhaithe dóibh.

(2) Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is ann do bhacainní ar thrádáil, ar mhalartuithe trasteorann agus ar shaorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus iarmhairtí leathana agus leitheadacha ann do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, agus dá n-oibrithe, agus freisin do phobail áitiúla, do riaracháin phoiblí agus do shaoránaigh. Ós rud é nach féidir na hiarmhairtí sin a sheachaint, ní mór iad a mhaolú a mhéid is féidir, agus ní mór do pháirtithe leasmhara a áirithiú go bhfuil siad ullmhaithe dóibh.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>3</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 3</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Tá an tAontas tiomanta an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú agus dlúthpháirtíocht leis na Ballstáit uile a léiriú, go háirithe na Ballstáit is mó atá buailte ag na cúinsí eisceachtúla seo.

(3) Tá an tAontas tiomanta na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus críochacha a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú agus dlúthpháirtíocht leis na Ballstáit uile, lena n-áirítear lena réigiúin agus lena bpobail áitiúla, mar aon le hearnálacha eacnamaíocha, go háirithe na cinn is mó a ndearna cúinsí eisceachtúla den sórt sin dochar dóibh, a léiriú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>4</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 3 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3a) Tá an tAontas tiomanta freisin do bhainistiú inbhuanaithe iascaigh i gcomhréir le cuspóirí CBI, lena n-áirítear an prionsabal maidir le huastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach do na stoic uile de réir na comhairle eolaíche is fearr atá ar fáil, deireadh a chur leis an ró-iascaireacht, líon na speiceas saothraithe a athbhunú agus an comhshaol muirí a chosaint, dá bhforáiltear freisin le gealltanais idirnáisiúnta.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>5</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Ba cheart Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (an ‘Cúlchiste’) a bhunú d’fhonn tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí diúltacha sna Ballstáit agus ar fud réigiún agus earnálacha a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó atá buailte ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus, ar an gcaoi sin, an tionchar gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Ba cheart dó cuid den chaiteachas poiblí breise a thabhóidh na Ballstáit a chumhdach le haghaidh bearta a ghlactar go sonrach chun na hiarmhairtí sin a mhaolú, nó é a chumhdach ina iomláine.

(4) Ba cheart Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (an ‘Cúlchiste’) a bhunú d’fhonn tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí diúltacha sna Ballstáit agus ar fud réigiún agus earnálacha a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó atá buailte ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus, ar an gcaoi sin, an drochthionchar gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Ba cheart dó cuid den chaiteachas poiblí breise a thabhóidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla sna Ballstáit a chumhdach le haghaidh bearta a ghlactar go sonrach chun na hiarmhairtí sin a mhaolú, nó é a chumhdach ina iomláine. Ba cheart feidhm a bheith ag an tréimhse thagartha, mar a shainmhínítear sa Rialachán seo í, lena gcinntear incháilitheacht an chaiteachais, maidir le híocaíochtaí a dhéanann údaráis phoiblí sna Ballstáit, lena n-áirítear íocaíochtaí le heintitis phoiblí nó phríobháideacha, le haghaidh bearta a dhéantar.

</Amend>

<AmendB>Leasú  <NumAmB>6</NumAmB>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4a) Táthar den tuairim gur cheart go mbeadh ar na Ballstáit a bhaineann tairbhe as Cúlchiste Coigeartaithe Brexit an fhianaise tacaíochta poiblí ar fad is gá a chur ar fáil chun poist ardcháilíochta a chothabháil agus a chruthú sa chás go ndearnadh dochar don fhostaíocht nó gur cailleadh fostaíocht mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.

</AmendB>

<Amend>Leasú  <NumAm>7</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 5</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Chun tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, is iomchuí go ndíreoidh na Ballstáit, agus bearta tacaíochta á gceapadh acu, ar na réigiúin, na ceantair agus na pobail áitiúla go háirithe, lena n-áirítear na cinn atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, na cinn ar dócha go mbeidh an tionchar is diúltaí orthu mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun tacú le gnólachtaí agus le hearnálacha eacnamaíocha a ndearna an tarraingt siar dochar dóibh. Dá bhrí sin, is iomchuí liosta neamh-uileghabhálach a sholáthar de na cineálacha beart is dóichí a ghnóthóidh an cuspóir sin.

(5) Chun tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, is iomchuí go ndíreoidh na Ballstáit, agus bearta tacaíochta á gceapadh acu, ar na réigiúin, na ceantair agus na pobail áitiúla go háirithe, lena n-áirítear na cinn atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, na cinn ar dócha go mbeidh an tionchar is diúltaí orthu mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus cistí as an gCúlchiste a leithdháileadh ar na réigiúin, na ceantair agus na pobail áitiúla sin. Chun críocha iarmhairtí díobhálacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a chomhrac, ba cheart do na Ballstáit cion substaintiúil den ranníocaíocht as an gCúlchiste a úsáid le haghaidh bearta chun tacú le gnólachtaí príobháideacha agus poiblí a ndearna an tarraingt siar dochar dóibh, go háirithe FBManna agus a n-oibrithe, mar aon le daoine féinfhostaithe, ós rud é go bhfuil bacainní anois rompu ó thaobh sreafaí trádála de, mar aon le méadú ar nósanna imeachta riaracháin agus custaim, agus ualach rialála agus airgeadais níos mó. Dá bhrí sin, is iomchuí liosta neamh-uileghabhálach a sholáthar de na cineálacha beart is dóichí a ghnóthóidh na cuspóirí sin. Agus iarrachtaí á ndéanamh acu tacú lena n-earnálacha, lena réigiúin, lena limistéir agus lena bpobail áitiúla a ndearnadh dochar dóibh, ba cheart do na Ballstáit na prionsabail a leagtar síos sa Chód Iompair Eorpach maidir leis an gComhpháirtíocht a chur i bhfeidhm agus a bheith ag brath ar a n-eintitis phoiblí réigiúnacha agus áitiúla chun na bearta is iomchuí a shainaithint. Ba cheart an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Clár Oibre Digiteach a chur san áireamh sna bearta tacaíochta, ba cheart an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a urramú leo de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear a rannchuidiú bunúsach le neamhionannais a dhíothú agus comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn.

</Amend>

<AmendB>Leasú  <NumAmB>8</NumAmB>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 5 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5a) I bhfianaise a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh na Cistí agus na cláir le gníomhaíochtaí ar son na haeráide a phríomhshruthú agus le sprioc fhoriomlán a bhaint amach arb é atá inti cuspóirí aeráide a thacú le 30 % de chaiteachas as buiséad an Aontais. Le Cúlchiste Coigeartaithe Brexit, meastar go gcaithfear 30 % den imchlúdach airgeadais foriomlán ar chuspóirí aeráide de réir riachtanais agus thosaíochtaí sonracha gach Ballstáit.

</AmendB>

<Amend>Leasú  <NumAm>9</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 5 b (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5b) Ar thionscnamh na mBallstát, ba cheart go mbeadh caiteachas ar chúnamh teicniúil incháilithe chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun cabhrú le húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta an Cúlchiste a chur chun feidhme, go háirithe ar mhaithe le cúnamh a thabhairt do FBManna nach bhfuil na hacmhainní ná an t-eolas acu chun an t-ualach agus na costais riaracháin mhéadaithe a shárú i ngeall ar a méid.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>10</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) An tráth céanna, tá sé tábhachtach aon eisceacht ón tacaíocht a chuireann an Cúlchiste ar fáil a shonrú go soiléir. Ba cheart don Chúlchiste an cháin bhreisluacha a eisiamh ón tacaíocht toisc gur ioncam Bhallstáit atá inti, rud fhritháiríonn an costas gaolmhar a bhaineann le buiséad an Bhallstáit. Chun úsáid na n-acmhainní teoranta a dhíriú ar an mbealach is éifeachtúla, an cúnamh teicniúil a úsáideann na comhlachtaí atá freagrach as cur chun feidhme an Chúlchiste, níor cheart an cúnamh sin a bheith incháilithe do thacaíocht ón gCúlchiste. I gcomhréir leis an gcur chuige ginearálta i leith beartas comhtháthaithe, níor cheart tacaíocht a thabhairt do chaiteachas a bhaineann le hathshocruithe ná do chaiteachas atá i gcoinne aon dlí de chuid an Aontais nó aon dlí náisiúnta is infheidhme.

(6) An tráth céanna, tá sé tábhachtach aon eisceacht ón tacaíocht a chuireann an Cúlchiste ar fáil a shonrú go soiléir. Ba cheart don Chúlchiste an cháin bhreisluacha a eisiamh ón tacaíocht toisc gur ioncam Bhallstáit atá inti, rud a fhritháiríonn an costas gaolmhar a bhaineann le buiséad an Bhallstáit. I gcomhréir leis an gcur chuige ginearálta i leith beartas comhtháthaithe, níor cheart tacaíocht a thabhairt do chaiteachas a bhaineann le hathshocruithe ná do chaiteachas atá i gcoinne aon dlí de chuid an Aontais nó aon dlí náisiúnta is infheidhme. Chun na hacmhainní teoranta a chomhchruinniú agus chun a bheith i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo díriú ar na Ballstáit agus ar na hearnálacha is mó a ndearna tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas dochar dóibh, níor cheart eintitis de chuid na hearnála airgeadais, lena n-áirítear eintitis de chuid na hearnála baincéireachta a bhain tairbhe as an tarraingt siar, a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht ón gCúlchiste.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>11</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 7</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Chun aird a thabhairt ar thionchar láithreach na n-iarmhairtí diúltacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit gona ngeilleagair mar aon leis an ngá le bearta maolaithe a ghlacadh roimh dheireadh na hidirthréimhse de réir mar is iomchuí, ba cheart don idirthréimhse incháilitheachta le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin, ba cheart dó tosú ón 1 Iúil 2020 agus feidhm a bheith aige ar feadh tréimhse theoranta 30 mí.

(7) Chun aird a thabhairt ar thionchar na n-iarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus críochacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas do na Ballstáit agus dá ngeilleagair agus, i gcás inarb infheidhme, ar bhearta maolaithe a ghlac na Ballstáit chun éifeachtaí diúltacha na tarraingthe siar a raibh coinne leo a mhaolú roimh dheireadh na hidirthréimhse, ba cheart don tréimhse incháilitheachta tosú ón 1 Eanáir 2019 agus feidhm a bheith aici ar feadh tréimhse theoranta 54 mhí.

</Amend>

<AmendB>Leasú  <NumAmB>12</NumAmB>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 7 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7a) Á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach measúnú tionchair a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa maidir le luaineacht phunt na Breataine (GBP) i dtaca leis an euro (EUR) chun aird a tharraingt ar iarmhairtí díobhálacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar ghnólachtaí agus ar earnálacha eacnamaíocha an Aontais, ag tosú an 1 Eanáir 2019, is é sin tús na tréimhse tagartha le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ón gCúlchiste.

</AmendB>

<AmendB>Leasú  <NumAmB>13</NumAmB>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 8 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8a) Ní mór do na Ballstáit, in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, agus Cúlchiste Coigeartaithe Brexit á chur chun feidhme acu, féachaint le sineirgí a bhunú leis an tacaíocht a fhaightear ó Chistí Struchtúracha na hEorpa, chomh maith le forluí a sheachaint idir úsáid an Chúlchiste sin agus na gCistí Struchtúracha.

</AmendB>

<Amend>Leasú  <NumAm>14</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 9</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar na rialacha sin síos sa Rialachán Airgeadais agus is iad a chinneann, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus foráiltear iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(9) Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir leis an Rialachán seo. Leagtar na rialacha sin síos sa Rialachán Airgeadais agus is iad a chinneann, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus foráiltear iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE freisin leis an gcóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir leis an smacht reachta agus le hurraim do chearta bunúsacha sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta agus na gceart bunúsach i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach ón Aontas.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>15</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 10</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i ndáil le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, tabhairt anonn agus aisghabháil an Chúlchiste. Agus urraim á tabhairt don phrionsabal maidir le buiséad an Aontais a shocrú ar bhonn bliantúil, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le deiseanna chun cistí nár úsáideadh a thabhairt anonn thar na cistí a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, agus sa chaoi sin, an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht an Chúlchiste chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha do na Ballstáit gona ngeilleagair a eascraíonn as tarraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas.

(10) Ba cheart an Cúlchiste a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a chosc agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i ndáil le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, tabhairt anonn agus aisghabháil an Chúlchiste. Agus urraim á tabhairt don phrionsabal maidir le buiséad an Aontais a shocrú ar bhonn bliantúil, ba cheart don Rialachán seo, mar gheall ar chineál eisceachtúil agus sonrach an Chúlchiste, foráil a dhéanamh maidir le deiseanna chun cistí nár úsáideadh a thabhairt anonn thar na cistí a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, agus sa chaoi sin, an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht an Chúlchiste chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha do na Ballstáit agus dá ngeilleagair, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, a eascraíonn as tarraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>16</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 11</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní breise a chur in úsáid agus chun na hacmhainní airgeadais is leor chun bearta a chur chun feidhme faoin gCúlchiste a áirithiú, ba cheart méid suntasach de a eisíoc mar réamh-mhaoiniú in 2021. Leis an modh dáileacháin, ba cheart tábhacht na trádála leis an Ríocht Aontaithe a chur san áireamh mar aon le tábhacht an iascaigh i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe, bunaithe ar staitisticí oifigiúla iontaofa. I bhfianaise uathúlacht tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus na héiginnteachta maidir le príomhghnéithe an chaidrimh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is deacair tuar a dhéanamh ar na bearta a mbeidh ar na Ballstáit a ghlacadh go gasta chun éifeachtaí na tarraingthe siar a chomhrac. Dá bhrí sin, is iomchuí solúbthacht a dheonú do na Ballstáit agus cead a thabhairt don Choimisiún go háirithe an cinneadh airgeadais a ghlacadh lena gcuirfear an réamh-mhaoiniú ar fáil gan an oibleagáid de bhun Airteagal 110(2) an Rialacháin Airgeadais a bheith ann maidir le tuairisc a dhéanamh ar na bearta nithiúla atá le maoiniú.

(11) Chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní breise a chur in úsáid agus chun na hacmhainní airgeadais is leor chun bearta a chur chun feidhme faoin gCúlchiste a áirithiú, ba cheart méid suntasach de a eisíoc mar réamh-mhaoiniú, in dhá thráthchuid chomhionanna, in 2021 agus in 2022. Leis an modh leithdháilte le haghaidh Acmhainní an Chúlchiste, ba cheart tábhacht na trádála leis an Ríocht Aontaithe a chur san áireamh mar aon le tábhacht an iascaigh i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe, agus tábhacht na réigiún teorann muirí comharsanachta agus a bpobal, bunaithe ar staitisticí oifigiúla iontaofa. I bhfianaise uathúlacht tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus na héiginnteachta maidir le príomhghnéithe an chaidrimh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is deacair tuar a dhéanamh ar na bearta a mbeidh ar na Ballstáit a ghlacadh go gasta chun éifeachtaí na tarraingthe siar a chomhrac. Dá bhrí sin, is iomchuí solúbthacht a dheonú do na Ballstáit agus cead a thabhairt don Choimisiún go háirithe an cinneadh airgeadais a ghlacadh lena gcuirfear an réamh-mhaoiniú ar fáil gan an oibleagáid de bhun Airteagal 110(2) an Rialacháin Airgeadais a bheith ann maidir le tuairisc a dhéanamh ar na bearta nithiúla atá le maoiniú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>17</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 12</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Roimh íocadh an réamh-mhaoinithe, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le céannacht na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus céannacht an chomhlachta lena n-íocfar an réamh-mhaoiniú, agus ba cheart dóibh a dheimhniú gur dréachtaíodh tuairiscí ar na córais agus é sin a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(12) Roimh íocadh an réamh-mhaoinithe, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le céannacht na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus céannacht an chomhlachta lena n-íocfar an réamh-mhaoiniú, agus ba cheart dóibh a dheimhniú gur dréachtaíodh tuairiscí ar na córais agus é sin a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit na comhlachtaí a ainmniú ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>18</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 13</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile a áirithiú, ba cheart sprioc-am aonair amháin a bheith ann do na Ballstáit uile chun iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a thíolacadh. Mar gheall ar ghné shonrach na hionstraime agus an tréimhse chur chun feidhme a bheith measartha gearr, tá údar maith le tréimhse shaincheaptha thagartha a shocrú, rud a fhágann go mbeadh sé díréireach ceanglas a chur ar na Ballstáit na doiciméid is gá de réir mhíreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais a sholáthar ar bhonn bliantúil. Toisc go maolaítear, an tráth céanna, na rioscaí do bhuiséad an Aontais leis an gceanglas ar na Ballstáit córas daingean bainistithe agus rialaithe a bhunú, tá údar maith le maolú ón oibleagáid maidir leis na doiciméid is gá a thíolacadh i mí Feabhra nó i mí an Mhárta gach bliain. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann a sheiceáil an bhfuil an ranníocaíocht as an gCúlchiste á húsáid mar is ceart, ba ceart ceangal a bheith ar na Ballstáit, mar chuid den iarratas, tuarascálacha ar chur chun feidhme a sholáthar ina gcuirtear tuilleadh sonraí ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí atá le maoiniú mar aon le dearbhú bainistithe agus tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách arna tarraingt suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta.

(13) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile a áirithiú, ba cheart sprioc-am aonair amháin a bheith ann do na Ballstáit uile chun iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a thíolacadh. Mar gheall ar ghné shonrach na hionstraime agus an tréimhse chur chun feidhme a bheith measartha gearr, tá údar maith le tréimhse shaincheaptha thagartha a shocrú, rud a fhágann go mbeadh sé díréireach ceanglas a chur ar na Ballstáit na doiciméid is gá de réir mhíreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais a sholáthar ar bhonn bliantúil. Toisc go maolaítear, an tráth céanna, na rioscaí do bhuiséad an Aontais leis an gceanglas ar na Ballstáit córas daingean bainistithe agus rialaithe a úsáid atá i bhfeidhm cheana, nó i gcás inarb infheidhme, atá le bunú ag na Ballstáit, tá údar maith le maolú ón oibleagáid maidir leis na doiciméid is gá a thíolacadh i mí Feabhra nó i mí an Mhárta gach bliain. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann a sheiceáil an bhfuil an ranníocaíocht as an gCúlchiste á húsáid mar is ceart, ba ceart ceangal a bheith ar na Ballstáit, mar chuid den iarratas, tuarascálacha ar chur chun feidhme a sholáthar ina gcuirtear tuilleadh sonraí ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, gnéithe de na cuntais, na rialuithe a rinneadh, dearbhú bainistithe agus tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách arna tarraingt suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>19</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 14</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste.

(14) De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 201613 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste.

__________________

__________________

13 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

13 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>20</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 15</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile agus comhsheasmhacht i meastóireacht na n-iarratas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais i bpacáiste. Ba cheart dó féachaint go háirithe ar incháilitheacht agus ar chruinneas an chaiteachais arna dhearbhú, an nasc díreach idir an caiteachas agus na bearta a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na tarraingthe siar, agus ar na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun maoiniú dúbailte a sheachaint. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste, ba cheart dó an réamh-mhaoiniú arna íoc a imréiteach, agus na méideanna nár úsáideadh a aisghabháil. Chun tacaíocht a dhíriú ar na Ballstáit is mó atá buailte ag an tarraingt siar, an caiteachas arna ghlacadh mar chaiteachas incháilithe ag an gCoimisiún sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina sáraíonn an caiteachas sin an méid a íocadh mar réamh-mhaoiniú agus 0.06 % d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) ainmniúil an Bhallstáit sin le haghaidh 2021, ba cheart go mbeifí in ann leithdháileadh breise as an gCúlchiste a cheadú don Bhallstát sin laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil. I bhfianaise mhéid an tsuaite eacnamaíoch a bhfuil coinne leis, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an deis úsáid a bhaint as na méideanna arna n-aisghabháil ón réamh-mhaoiniú chun caiteachas breise na mBallstát a aisíoc.

(15) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile agus comhsheasmhacht i meastóireacht na n-iarratas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais i bpacáiste. Ba cheart dó féachaint go háirithe ar incháilitheacht agus ar chruinneas an chaiteachais arna dhearbhú, an nasc díreach idir an caiteachas agus na bearta a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na tarraingthe siar, agus ar na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun maoiniú dúbailte a sheachaint. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste, ba cheart dó an réamh-mhaoiniú arna íoc a imréiteach, na méideanna nár úsáideadh a aisghabháil agus cinneadh a dhéanamh maidir le híocaíochtaí breise suas go dtí teorainneacha an leithdháilte shealadaigh. I bhfianaise mhéid an tsuaite eacnamaíoch a bhfuil coinne leis, ba cheart na méideanna nár úsáideadh ón leithdháileadh sealadach a chur ar fáil do na Ballstáit sin ar mó a méid iomlán glactha ná a leithdháileadh sealadach faoi seach.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>21</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 15 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15a) I bhfianaise gur ionstraim eisceachtúil gan fasach atá ann agus an cuspóir atá leis, is iomchuí go dtabharfadh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit d’fhonn cabhrú leo bearta a aithint, ar bearta iad a rinneadh nó atá le déanamh chun iarmhairtí díobhálacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a chomhrac, lena n-áirítear mar a dhéanfar an ceangal díreach idir an caiteachas agus tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mheas.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>22</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 16</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Chun dea-fheidhmiú an bhainistithe comhroinnte a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit córas bainistithe agus rialaithe a bhunú, agus ba cheart dóibh na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú an Chúlchiste a ainmniú agus fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu mar aon le comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ar leithligh. Féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna simpliúcháin, úsáid a bhaint as comhlachtaí arna n-ainmniú agus córais atá ann cheana agus a bunaíodh chun maoiniú an bheartais chomhtháthaithe nó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a bhainistiú agus a rialú. Is gá na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a shonrú agus na ceanglais shonracha atá ar na comhlachtaí arna n-ainmniú a leagan síos.

(16) Chun dea-fheidhmiú an bhainistithe comhroinnte a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit córas bainistithe agus rialaithe a bhunú, agus ba cheart dóibh na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú an Chúlchiste ar an leibhéal críochach iomchuí a ainmniú agus fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu mar aon le comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ar leithligh. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as córais atá ann cheana i gcás inar féidir, agus ba cheart dóibh cúraimí a tharmligean chuig comhlachtaí arna n-ainmniú atá ann cheana ar an leibhéal críochach iomchuí, a bunaíodh chun críche bainistiú agus rialú a dhéanamh ar chistiú an bheartais chomhtháthaithe nó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Is gá na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a shonrú agus na ceanglais shonracha atá ar na comhlachtaí arna n-ainmniú a leagan síos. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha lena mbaineann rannpháirteach sna comhlachtaí faireacháin, mura bhfuil siad páirteach iontu cheana féin.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>23</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 16 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16a) Chun a áirithiú go mbeidh rialuithe éifeachtacha agus iniúchóireachtaí ann chun cistiú dúbailte a sheachaint agus calaois, éilliú agus coinbhleacht leasa a chosc, a bhrath agus a cheartú i ndáil leis na bearta a dtacaíonn an Cúlchiste leo, is den riachtanas é go ndéanfadh na Ballstáit sonraí maidir le faighteoirí ranníocaíochta airgeadais ón gCúlchiste agus maidir lena n-úinéirí tairbhiúla a bhailiú agus a thaifeadadh i bhformáid chaighdeánaithe agus idir-inoibritheach leictreonach agus go n-úsáidfidís an ionstraim aonair mianadóireachta sonraí a bheidh le soláthar ag an gCoimisiún.

</Amend>

<AmendB>Leasú  <NumAmB>24</NumAmB>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 16 b (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16b) Chun maorlathas a laghdú, moltar teicnící atá ann cheana a úsáid amhail rogha na gcostas simplithe chun rannchuidiú le leithdháileadh níos tapa na n-acmhainní airgeadais.

</AmendB>

<Amend>Leasú  <NumAm>25</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 17</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/9514 ón gComhairle, le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/9615 ón gComhairle agus le Rialachán (AE) 2017/193916 ón gComhairle, ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, agus na cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil, agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhanna riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú agus a ionchúiseamh, calaois agus ciontaí a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú gur i gcás aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais, go gcuirfidh sé cearta coibhéiseacha ar fáil.

(17) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle14, le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle15, le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle16 agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta Smachta Reachta chun buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, agus na cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil, agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhanna riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú agus a ionchúiseamh, calaois agus ciontaí a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú i gcás aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais, go gcuirfidh sé cearta coibhéiseacha ar fáil.

__________________

__________________

14 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

14 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

15 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

16 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

17 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

18 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

<Amend>Leasú  <NumAm>26</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 18</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhéadú maidir le ranníocaíocht an Aontais as an gCúlchiste agus ba cheart dóibh an pobal a chur ar an eolas dá réir ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí trédhearcachta, cumarsáide agus infheictheachta ríthábhachtach chun go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais infheicthe ag an bpobal. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis chruinn agus nuashonraithe.

(18) Ba cheart do na Ballstáit, do réigiúin agus do phobail áitiúla feasacht a mhéadú maidir le ranníocaíocht an Aontais as an gCúlchiste agus ba cheart dóibh an pobal, agus go háirithe faighteoirí, a chur ar an eolas dá réir ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí trédhearcachta, cumarsáide agus infheictheachta ríthábhachtach chun go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais infheicthe ag an bpobal. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis chruinn agus nuashonraithe.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>27</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 19</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Chun trédhearcacht maidir le húsáid ranníocaíocht an Aontais a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil chríochnaitheach a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste.

(19) Chun trédhearcacht maidir le húsáid ranníocaíocht an Aontais a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil chríochnaitheach a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste na Réigiún agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>28</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ an tréimhse thagartha dá dtagraítear in Airteagal 63(5), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, a mhairfidh idir an 1 Iúil 2020 agus an 31 Nollaig 2022;

(1) ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ an tréimhse thagartha dá dtagraítear in Airteagal 63(5), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, a mhairfidh idir an 1 Iúil 2019 agus an 31 Nollaig 2023;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>29</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6a) Ciallaíonn ‘Críocha le Stádas Speisialta’,i gcás inarb iomchuí, Críocha Thar Lear na Breataine agus Spleáchríocha na Corónach;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>30</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 3 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis an gCúlchiste, cuirfear tacaíocht ar fáil chun na hiarmhairtí diúltacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit agus ar fud réigiún agus earnálacha a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó atá buailte ag an tarraingt siar sin, agus chun an tionchar gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.

Leis an gCúlchiste, cuirfear tacaíocht ar fáil chun na hiarmhairtí diúltacha eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus críochacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin agus a bpobail áitiúla, agus freisin in earnálacha eacnamaíocha, a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó a ndearna an tarraingt siar sin dochar dóibh, agus chun an tionchar diúltach gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>31</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 4 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Is é EUR 5 370 994 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní uasta don Chúlchiste.

2. Is é EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna 2018 a bheidh sna hacmhainní uasta don Chúlchiste.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>32</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 4 – mír 3 – an chuid réamhráiteach</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh mar a leanas:

3. Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh go sealadach de bhun an mhodha agus na suimeanna a bheidh mar thoradh air sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cuirfear ar fáil iad mar a leanas:

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>33</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 4 – mír 3 – pointe a</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) cuirfear méid réamh-mhaoinithe EUR 4 244 832 000 ar fáil in 2021 i gcomhréir le hAirteagal 8;

(a) cuirfear méid réamh-mhaoinithe EUR 4 000 000 000 i bpraghsanna 2018 ar fáil agus íocfar é in dhá thráthchuid de EUR 2 000 000 000 in 2021 agus EUR 2 000 000 000 in 2022 i gcomhréir le hAirteagal 8;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>34</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 4 – mír 3 – pointe b</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) cuirfear méideanna breise de EUR 1 126 162 000 ar fáil in 2024 i gcomhréir le hAirteagal 11.

(b) cuirfear méideanna breise de EUR 1 000 000 000i bpraghsanna 2018 ar fáil in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 11.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>35</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ní thacóidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste ach leis an gcaiteachas poiblí a bhaineann go díreach le bearta a ghlac na Ballstáit go sonrach chun rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, agus féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach léi go háirithe:

1. Ní thacóidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste ach le bearta a ghlac na Ballstáit go sonrach, lena n-áirítear ar leibhéal údarás réigiúnach agus áitiúil, chun rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, agus féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach léi go háirithe:

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>36</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1 – pointe a</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) bearta chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla a ndéanann an tarraingt siar dochar dóibh;

(a) bearta chun tacú le gnólachtaí príobháideacha agus poiblí, go háirithe FBManna, le pobail áitiúla agus le heagraíochtaí a ndearna an tarraingt siar dochar dóibh;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>37</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1 – pointe b</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá buailte;

(b) bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha is mó a ndearnadh dochar dóibh;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>38</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1 – pointe c</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) bearta chun tacú le gnólachtaí agus pobail áitiúla atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe;

(c) bearta chun tacú le pobail agus eagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla, go háirithe earnáil an iascaigh ar mhionscála, atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí a críoch a bhfuil stádas speisialta acu nó sna huiscí atá cumhdaithe ag comhaontuithe iascaigh le stáit chósta, áit ar laghdaíodh na deiseanna iascaireachta do chabhlaigh an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>39</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1 – pointe d</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) bearta chun tacú le fostaíocht trí scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus oiliúint in earnálacha atá buailte;

(d) bearta chun tacú le cruthú agus cosaint post, lena n-áirítear poist ghlasa, scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus oiliúint in earnálacha a ndearnadh dochar dóibh, agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh chun freastal ar ath-lánpháirtiú shaoránaigh an Aontais mar aon le daoine, a bhfuil sé de cheart acu fanacht ar chríoch an Aontais nó ar chríoch Ballstáit, a d’fhág an Ríocht Aontaithe mar thoradh ar a tarraingt siar;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>40</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1 – pointe e</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) bearta chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim, sláintíocha agus fiteashláintíocha, slándála agus iascaigh a áirithiú, mar aon le bailiú cánach indírí lena n-áirítear pearsanra agus bonneagar breise;

(e) bearta chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim, sláintíocha agus fiteashláintíocha, slándála agus iascaigh a áirithiú, mar aon le bailiú cánach indírí lena n-áirítear pearsanra breise agus a oiliúint, agus bonneagar;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>41</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1 – pointe e a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ea) bearta chun an suaitheadh a tharla mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a mhaolú do chláir áitiúla agus réigiúnacha um chomhar agus malartú trasteorann;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>42</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh caiteachas incháilithe má thabhaítear é agus má íoctar é le linn na tréimhse tagartha le haghaidh bearta a ghlacfar sa Bhallstát lena mbaineann nó chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann.

2. Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ón gCúlchiste má thabhaíonn agus má íocann údaráis phoiblí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla sna Ballstáit é, lena n-áirítear íocaíochtaí le heintitis phoiblí nó phríobháideacha, le linn na tréimhse tagartha le haghaidh bearta a ghlacfar sa Bhallstát lena mbaineann nó chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>43</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 3</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Agus bearta tacaíochta á gceapadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh tionchar éagsúil tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar réigiúin éagsúla agus ar phobail áitiúla éagsúla agus díreoidh siad tacaíocht ón gCúlchiste orthu sin is mó atá buailte, de réir mar is iomchuí.

3. Agus bearta tacaíochta á gceapadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh tionchar éagsúil tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar réigiúin éagsúla agus ar phobail áitiúla éagsúla agus díreoidh siad tacaíocht ón gCúlchiste orthu sin is mó a ndearnadh dochar dóibh.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>44</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 3 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3a. Agus bearta tacaíochta á gceapadh acu i réimse an iascaigh, cuirfidh na Ballstáit cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh san áireamh, agus áiritheoidh siad go rannchuideoidh na bearta sin le bainistiú inbhuanaithe na stoc éisc agus déanfaidh siad a ndícheall tacú leis na hiascairí is mó a ndearna tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas dochar dóibh, go háirithe an t-iascach ar mhionscála.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>45</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 3 b (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3b. I gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais, agus i gcomhréir le prionsabal na comhpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 6 de Rialachán (AE) .../... [RFC nua], déanfaidh na Ballstáit idirphlé il-leibhéil a bhunú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus pobail na réigiún agus na n-earnálacha is mó a ndearnadh dochar dóibh, le comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta, agus é dírithe ar bhearta a chomhaontaítear go frithpháirteach agus a dtacóidh an Cúlchiste leo a shainiú agus a chur chun feidhme, mar aon le sásra faireacháin.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>46</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 4</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Comhlíonfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 an dlí is infheidhme.

4. Comhlíonfaidh na bearta dá dtagraítear i mír 1 an dlí is infheidhme agus na prionsabail a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear a rannchuidiú bunúsach le neamhionannais a dhíothú agus comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn, cuirfear an Comhaontú Glas don Eoraip san áireamh iontu, urramófar an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ leo agus rannchuideoidh siad le spriocanna comhshaoil an Aontais i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>47</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 5</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Féadfaidh bearta atá incháilithe faoi mhír 1 tacaíocht a fháil ó chláir agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna.

5. Féadfaidh bearta atá incháilithe faoi mhír 1 tacaíocht a fháil ó chláir agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais ar choinníoll nach gcumhdaíonn an tacaíocht sin an costas céanna. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha áitiúla agus réigiúnacha a ghníomhaíonn mar údaráis bhainistíochta nó mar chomhlachtaí idirmheánacha do chistí AE chun aon fhorluí cistiúcháin a sheachaint.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>48</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 5a

Cúnamh teicniúil

Maidir leis na bearta arna ndéanamh chun iarmhairtí díobhálacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a chomhrac agus chun cabhrú le FBManna go háirithe an t-ualach agus na costais bhreise riaracháin a shárú, féadfaidh gach Ballstát suas le 2.5 % dá leithdháileadh ón gCúlchiste le haghaidh cúnamh teicniúil a úsáid chun cuidiú le húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta cur chun feidhme na mbeart sin a bhainistiú, faireachán a dhéanamh orthu, iad a chur in iúl agus iad a rialú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>49</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 6 – mír 1 – pointe b</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) cúnamh teicniúil maidir le bainistiú, faireachán, faisnéis agus cumarsáid, réiteach gearán, agus rialú agus iniúchadh an Chúlchiste;

scriosta

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>50</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 6 – mír 1 – pointe d a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(da) caiteachas a thacaíonn le heintitis san earnáil airgeadais, lena n-áirítear eintitis san earnáil baincéireachta, a bhain tairbhe as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>51</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 7 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an ranníocaíocht as an gCúlchiste chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chur chun feidhme chun foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta a sholáthar. Beidh ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm aisíocaíochta costas incháilithe a thabhaigh agus a d’íoc na Ballstáit go hiarbhír agus na bearta á gcur chun feidhme acu.

2. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an ranníocaíocht as an gCúlchiste chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chur chun feidhme chun foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta a sholáthar. Beidh ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm aisíocaíochta costas incháilithe a thabhaigh agus a d’íoc údaráis inniúla sna Ballstáit go hiarbhír, lena n-áirítear íocaíochtaí le heintitis phoiblí agus phríobháideacha, agus na bearta á gcur chun feidhme acu agus le haghaidh cúnamh teicniúil.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>52</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 7 – mír 3 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3a. Maidir le Ballstáit a gcinntear a sciar de na hacmhainní as an gCúlchiste ar bhonn éisc a ghabhtar in uiscí a bhaineann le limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe (EEZ) de bhun Iarscríbhinn I, déanfaidh siad sciar 7 % ar a laghad den mhéid a leithdháileadh go sealadach orthu a leithdháileadh ar bhearta chun tacú le pobail áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe in earnáil an iascaigh ar mhionscála, atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>53</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 8 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Leagtar amach in Iarscríbhinn I na critéir leithdháilte don réamh-mhaoiniú atá le híoc ag an gCoimisiún leis na Ballstáit.

1. Leagtar amach in Iarscríbhinn I na critéir leithdháilte d’acmhainní atá le híoc ag an gCoimisiún leis na Ballstáit.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>54</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 8 – mír 3</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Íocfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú laistigh de 60 lá ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2. Déanfar é a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 11.

3. Íocfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú laistigh de 30 lá ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2. Déanfar é a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 11.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>55</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 9 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh na Ballstáit iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2023. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas sin agus suífidh sé an bhfuil méideanna breise dlite do na Ballstáit nó ar cheart aon mhéid a aisghabháil ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11.

1. Tar éis do na Ballstáit dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí dá dtagraítear in Airteagal 5, mír 3 b, déanfaidh siad iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas sin agus suífidh sé an bhfuil méideanna breise dlite do na Ballstáit nó ar cheart aon mhéid a aisghabháil ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>56</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 9 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás nach gcuireann Ballstát iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2023, aisghabhfaidh an Coimisiún an méid iomlán a íocadh mar réamh-mhaoiniú leis an mBallstát sin.

2. I gcás nach gcuireann Ballstát iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024, aisghabhfaidh an Coimisiún an méid iomlán a íocadh mar réamh-mhaoiniú leis an mBallstát sin.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>57</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 10 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunófar an t-iarratas ar an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Áireofar san iarratas faisnéis maidir leis an gcaiteachas poiblí iomlán arna thabhú agus arna íoc ag na Ballstáit agus maidir le luachanna na dtáscairí aschuir le haghaidh na mbeart a dtacaíodh leo. I dteannta leis sin beidh na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais mar aon le tuarascáil ar chur chun feidhme.

1. Bunófar an t-iarratas ar an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Áireofar san iarratas faisnéis maidir leis an gcaiteachas iomlán arna thabhú agus arna íoc ag údaráis náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla sna Ballstáit, lena n-áirítear dáileadh críochach an chaiteachais ar leibhéal NUTS 2, agus maidir le luachanna na dtáscairí aschuir le haghaidh na mbeart ar tacaíodh leo. I dteannta leis sin beidh na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais mar aon le tuarascáil ar chur chun feidhme.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>58</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 10 – mír 2 – pointe a</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) tuairisc ar thionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i dtéarmaí eacnamaíocha agus sóisialta lena n-áirítear sainaithint na réigiún, limistéar agus na n-earnálacha is mó atá buailte;

(a) tuairisc ar thionchar diúltach tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i dtéarmaí eacnamaíocha, sóisialta, críochacha, agus comhshaoil lena n-áirítear sainaithint na n-earnálacha, na réigiún, na limistéar agus na bpobal áitiúil is mó a ndearnadh dochar dóibh;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>59</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 10 – mír 2 – pointe c a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ca) arna iarraidh ag an gCoimisiún, fianaise a sholáthar ar iarmhairtí díobhálacha na tarraingthe siar ar ghnólachtaí agus earnálacha eacnamaíocha a fuair tacaíocht as an gCúlchiste, agus earnálacha eacnamaíocha a bheith ag gluaiseacht ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas a chur san áireamh;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>60</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 10 – mír 2 – pointe e</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) tuairisc ar rannchuidiú na mbeart le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin.

(e) tuairisc ar rannchuidiú na mbeart leis na prionsabail a leagtar amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun cinn, leis an gClár Oibre Digiteach, le spriocanna comhshaoil an Aontais i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus Chomhaontú Pháras agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>61</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 2 – pointe a</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe (an ‘méid glactha’);

(a) méid an chaiteachais incháilithe ghlactha;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>62</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 2 – pointe a a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(aa) méid an chúnaimh theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 5a

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>63</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 2 – pointe a b (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ab) suim na méideanna in (a) agus (aa) (an ‘méid iomlán glactha’);

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>64</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 2 – pointe b</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) cibé acu an bhfuil méideanna breise dlite don Bhallstát nó nach bhfuil, i gcomhréir le mír 3, nó cibé acu an gá na méideanna sin a aisghabháil nó nach gá, de bhun mhír 5.

(b) cibé acu an bhfuil méideanna breise dlite don Bhallstát nó nach bhfuil, i gcomhréir le mír 3, nó cibé acu an gá na méideanna sin a aisghabháil nó nach gá, de bhun mhír 6.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>65</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina sáraíonn an méid glactha méid an réamh-mhaoinithe agus 0.06 % d’ollioncam náisiúnta 2021 an Bhallstáit lena mbaineann araon, beidh méid breise le híoc ag an mBallstát sin ón leithdháileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (b), agus ó aon mhéid a tugadh anonn de bhun Airteagal 8(4).

I gcás ina sáraíonn an méid iomlán glactha méid an réamh-mhaoinithe atá íoctha, beidh méid breise dlite don Bhallstát sin ón leithdháileadh dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (b), go dtí go sroichfear an méid a leithdháileadh go sealadach ar an mBallstát sin i gcomhréir le hIarscríbhinn I.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>66</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás den sórt sin, íocfaidh an Coimisiún an fuílleach os cionn an réamh-mhaoinithe arna íoc leis an mBallstát lena mbaineann nó 0.06 % d’ollioncam náisiúnta 2021, cibé acu is mó.

An chuid de leithdháileadh sealadach Ballstáit nach gcumhdaítear leis an méid iomlán glactha, agus aon mhéideanna a thugtar anonn de bhun Airteagal 8(3), cuirfear ar fáil í do Bhallstáit a sháraíonn a méid iomlán glactha a leithdháileadh sealadach.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>67</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 3 – fomhír 3</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcás ina sáraíonn suim na méideanna breise le haghaidh na mBallstát uile na hacmhainní atá ar fáil de réir Airteagal 4(3), pointe (b), na méideanna breise a ríomhtar de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo, déanfar na ranníocaíochtaí as an gCúlchiste a laghdú go comhréireach.

I gcás ina sáraíonn suim na méideanna breise a ríomhtar le haghaidh na mBallstát uile de bhun na chéad fhomhíre seo na hacmhainní atá ar fáil de réir Airteagal 4(3), pointe (b) agus an dara fomhír den mhír seo, déanfar na ranníocaíochtaí as an gCúlchiste le haghaidh na méideanna a sháraíonn na leithdháiltí sealadacha a laghdú go comhréireach.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>68</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 5</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Déanfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a imréiteach agus íocfaidh sé aon mhéid breise atá dlite laistigh de 60 lá ó ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

5. Déanfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú a imréiteach agus íocfaidh sé aon mhéid breise atá dlite laistigh de 30 lá ó ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>69</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 6</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. I gcás ina bhfuil an méid glactha níos ísle ná an réamh-mhaoiniú le haghaidh an Bhallstáit lena mbaineann, déanfar an fuílleach a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus go háirithe Cuid I, Caibidil 6, Ranna 3, 4 agus 5 de. Caithfear leis na méideanna arna n-aisghabháil mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(3), pointe (b), den Rialachán Airgeadais agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag an tríú fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, bainfear úsáid astu chun méadú comhréireach a dhéanamh ar na ranníocaíochtaí arna n-íoc le Ballstáit atá incháilithe do mhéideanna breise faoi mhír 3 den Airteagal, suas le huasmhéid 100 %. I gcás ina ndearnadh íocaíochtaí ar ráta 100 % leis na Ballstáit de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tabharfar na méideanna arna n-aisghabháil ar ais do bhuiséad ginearálta an Aontais.

6. I gcás ina bhfuil an méid iomlán glactha níos ísle ná an réamh-mhaoiniú atá íoctha do Bhallstáit lena mbaineann, déanfar an fuílleach a aisghabháil i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus go háirithe Cuid I, Teideal IV, Caibidil 6, Ranna 3, 4 agus 5 de. Caithfear leis na méideanna arna n-aisghabháil mar ioncam sannta inmheánach i gcomhréir le hAirteagal 21(3), pointe (b), den Rialachán Airgeadais agus, i gcás ina bhfuil feidhm ag an tríú fomhír de mhír 3 den Airteagal seo, bainfear úsáid astu chun méadú comhréireach a dhéanamh ar na ranníocaíochtaí arna n-íoc le Ballstáit atá incháilithe do mhéideanna breise faoi mhír 3 den Airteagal, suas le huasmhéid 100 %. I gcás ina ndearnadh íocaíochtaí ar ráta 100 % leis na Ballstáit de bhun mhír 3 den Airteagal seo, tabharfar na méideanna arna n-aisghabháil ar ais do bhuiséad ginearálta an Aontais.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>70</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 11 – mír 7</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na méideanna breise atá dlite a leagan amach de bhun an dara habairt de mhír 6 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa ghníomh cur chun feidhme sin cinneadh airgeadais de réir bhrí Airteagal 110(1) den Rialachán Airgeadais agus an gealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin. Íocfaidh an Coimisiún aon mhéid breise atá dlite laistigh de 60 lá ó ghlacadh an ghnímh sin.

7. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, na méideanna breise atá dlite a leagan amach de bhun an dara habairt de mhír 6 den Airteagal seo. Is éard a bheidh sa ghníomh cur chun feidhme sin cinneadh airgeadais de réir bhrí Airteagal 110(1) den Rialachán Airgeadais agus an gealltanas dlíthiúil de réir bhrí an Rialacháin sin. Íocfaidh an Coimisiún aon mhéid breise atá dlite laistigh de 30 lá ó ghlacadh an ghnímh sin.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>71</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Le linn dóibh cúraimí maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste a fheidhmiú, glacfaidh na Ballstáit na bearta uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear na bearta reachtacha, rialála agus riaracháin mar a leanas:

1. Le linn dóibh cúraimí maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste a fheidhmiú, glacfaidh na Ballstáit, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, a n-údaráis réigiúnacha nó áitiúla, na bearta uile is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear na bearta reachtacha, rialála agus riaracháin mar a leanas:

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>72</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 13 – mír 1 – pointe a</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) comhlacht a ainmniú a bheidh freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste mar aon le comhlacht iniúchóireachta neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 63(3) den Rialachán Airgeadais, agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin;

(a) comhlacht, nó, má cheanglaítear é le creat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais an Bhallstáit, comhlachtaí a ainmniú, ar an leibhéal críochach iomchuí, a bheidh freagrach as bainistiú na ranníocaíochta airgeadais as an gCúlchiste mar aon le comhlacht iniúchóireachta neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 63(3) den Rialachán Airgeadais, agus formhaoirseacht a dhéanamh ar na comhlachtaí sin;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>73</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 13 – mír 1 – pointe d</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le céannacht na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus céannacht an chomhlachta lena n-íocfar an réamh-mhaoiniú mar aon lena dheimhniú gur dréachtaíodh tuairiscí ar na córais, agus é a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

(d) fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le céannacht an chomhlachta nó na gcomhlachtaí lena n-íocfar an réamh-mhaoiniú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na comhlachtaí ar tarmligeadh cúraimí agus cistí as an gCúlchiste chucu, mar aon lena dheimhniú gur dréachtaíodh tuairiscí ar na córais, agus é a dhéanamh laistigh de dhá mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>74</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 13 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Chun críocha phointí (a) agus (b) de mhír 1, féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as comhlachtaí agus as córais bhainistithe agus rialaithe atá i bhfeidhm cheana chun maoiniú an bheartais chomhtháthaithe nó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais a chur chun feidhme.

2. Chun críocha phointí (a) agus (b) de mhír 1, déanfaidh na Ballstáit leas a bhaint as comhlachtaí ar an leibhéal críochach iomchuí, agus féadfaidh siad úsáid a bhaint as córais bhainistithe agus rialaithe nuabhunaithe nó atá i bhfeidhm cheana chun maoiniú an bheartais chomhtháthaithe nó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais a chur chun feidhme.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>75</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 13 – mír 3 – an chuid réamhráiteach</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh an méid seo a leanas faoi chúram an chomhlachta atá freagrach as an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a bhainistiú:

3. Beidh an méid seo a leanas faoi chúram an chomhlachta nó na gcomhlachtaí atá freagrach as an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a bhainistiú:

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>76</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 13 – mír 4 – fomhír 4</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Nuair is lú ná 300 aonad samplála an daonra, féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid de réir bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta. I gcásanna den sórt sin, beidh an sampla mór go leor chun gur féidir leis an gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas. Cumhdóidh an modh samplála neamhstaidrimh 10 % ar a laghad de na haonaid samplála i ndaonra na bliana cuntasaíochta, arna roghnú go randamach.

Nuair is lú ná 300 aonad samplála an daonra, féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid de réir bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta. I gcásanna den sórt sin, beidh an sampla mór go leor chun gur féidir leis an gcomhlacht iniúchóireachta neamhspleách tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas. Cumhdóidh an modh samplála neamhstaidrimh 10% ar a laghad de na haonaid samplála i ndaonra na tréimhse tagartha, arna roghnú go randamach.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>77</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 13 – mír 5 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5a. I gcás ina gcinnfidh Ballstát gan a chórais bhainistithe agus rialaithe a úsáid chun críocha an Chúlchiste, ar córais iad arna mbunú chun cistiú an bheartais chomhtháthaithe nó Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, ach chun córas nua a chur ar bun, déanfaidh an Coimisiún measúnú, laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i dtaobh an bhfuil an córas éifeachtach agus an gcuireann sé leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil do leasanna airgeadais an Aontais. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil an córas éifeachtach agus nach gcuireann sé leibhéal leordhóthanach cosanta ar fáil do leasanna airgeadais an Aontais, molfaidh sé bearta ceartaitheacha don Bhallstát lena mbaineann. Cuirfidh an Ballstát sin na bearta sin chun feidhme laistigh de dhá mhí tar éis an mholta ón gCoimisiún.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>78</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 14 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Na ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f), is éard a bheidh iontu cuid den ranníocaíocht airgeadais as an gCiste a chur ar ceal nó í a chur ar ceal ina hiomláine. Aisghabhfaidh an Ballstát aon mhéid a chailltear de dheasca neamhrialtacht arna brath.

1. Na ceartuithe airgeadais arna ndéanamh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 13(1), pointe (f), is éard a bheidh iontu cuid den ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur ar ceal nó í a chur ar ceal ina hiomláine. Aisghabhfaidh an Ballstát aon mhéid a chailltear de dheasca neamhrialtacht arna brath.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>79</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 15 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh na Ballstáit freagrach as saoránaigh den Aontas a chur ar an eolas faoi ról, torthaí agus tionchar ranníocaíocht an Aontais as an gCúlchiste agus an fhaisnéis sin a phoibliú dóibh trí ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.

Beidh na Ballstáit freagrach as saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi ról, torthaí agus tionchar ranníocaíocht an Aontais as an gCúlchiste agus an fhaisnéis sin a phoibliú dóibh trí ghníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun an tionchar diúltach ar ghnólachtaí agus ar earnálacha eacnamaíocha a mhaolú, chun baic riaracháin a sheachaint agus chun a bhfeachtais faisnéise a neartú ar mhaithe le feasacht a mhúscailt faoi na rialacha nua atá i bhfeidhm tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus áiritheoidh siad go háirithe go gcuirfear in iúl d’fhaighteoirí na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 5 gur tionscnamh Aontais atá sa ranníocaíocht as an gCúlchiste.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>80</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 16 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an Chúlchiste. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.

1. Faoin 30 Meitheamh 2026, déanfar meastóireacht lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach AE an Chúlchiste. Soláthróidh an Coimisiún gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>81</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 16 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Faoin 30 Meitheamh 2027, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste.

2. Faoin 30 Meitheamh 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mhionsonraithe faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le próiseas cur chun feidhme an Rialacháin seo a mbeidh togra reachtach ag gabháil léi nuair is gá, agus faoin 30 Meitheamh 2027, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an Chúlchiste a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste na Réigiún agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>82</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – fo-cheannteideal 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

An modh leithdháilte chun an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a réamh-mhaoiniú

An modh leithdháilte le haghaidh acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>83</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – an chuid réamhráiteach</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leithdháilfear réamh-mhaoiniú an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit ar na Ballstáit de réir na modheolaíochta seo a leanas:

Leithdháilfear acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit ar na Ballstáit de réir na modheolaíochta seo a leanas:

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>84</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déantar sciar gach Ballstáit de réamh-mhaoiniú an Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a chinneadh mar shuim fachtóra a ghabhann leis na héisc a ghabhtar in uiscí limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe (EEZ) agus suim fachtóra a ghabhann le trádáil a dhéantar leis an Ríocht Aontaithe.

1. Déantar sciar gach Ballstáit d’acmhainní as Cúlchiste Coigeartaithe Brexit a chinneadh mar shuim d’fhachtóir a ghabhann leis na héisc a ghabhtar in uiscí limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe (EEZ) agus d’ fhachtóir a ghabhann le trádáil a dhéantar leis an Ríocht Aontaithe, agus d’fhachtóir a ghabhann le daonra réigiún teorann muirí leis an Ríocht Aontaithe.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>85</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le héisc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe chun EUR 600 milliún a leithdháileadh. Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le trádáil chun EUR 3 400 milliún a leithdháileadh. Is i bpraghsanna 2018 a shloinntear an dá mhéid.

2. Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le héisc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe chun EUR 600 milliún a leithdháileadh. Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le trádáil chun EUR 4 150 milliún a leithdháileadh. Úsáidtear an fachtóir a ghabhann le réigiúin teorann mhuirí chun EUR 250 milliún a leithdháileadh. Is i bpraghsanna 2018 a shloinntear gach ceann de na méideanna sin.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>86</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 3 – pointe b – pointe ii</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) déantar sciar tosaigh luach na n-iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe a choigeartú tríd an luach sin a iolrú faoi innéacs spleáchais an Bhallstáit;

(ii) déantar sciar tosaigh luach na n-iasc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe a choigeartú tríd an luach sin a iolrú faoi innéacs spleáchais an Bhallstáit a gcuirtear ualú 75 % i bhfeidhm air;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>87</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe c</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) déantar sciar tosaigh na trádála leis an Ríocht Aontaithe a choigeartú tríd an sciar sin a iolrú faoi innéacs spleáchais an Bhallstáit;

(c) déantar sciar tosaigh na trádála leis an Ríocht Aontaithe a choigeartú tríd an sciar sin a iolrú faoi innéacs spleáchais an Bhallstáit a gcuirtear ualú 75 % i bhfeidhm air;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>88</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe g</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) más leithdháileadh os cionn 0.35 % de OIN an Bhallstáit (arna thomhas in Euro) toradh an ríomh sin, déanfar an leithdháileadh a uasteorannú ag leibhéal 0.35 % de OIN an Bhallstáit. Na hacmhainní a asbhaintear de bharr na huasteorann sin, athdháiltear iad ar na Ballstáit eile, go comhréireach chuig sciartha neamhchaidhpeáilte na mBallstát sin;

(g) más leithdháileadh os cionn 0,36% de OIN an Bhallstáit (arna thomhas in Euro) toradh an ríomh sin, déanfar an leithdháileadh a uasteorannú ag leibhéal 0,36% de OIN an Bhallstáit. Na hacmhainní a asbhaintear de bharr na huasteorann sin, athdháiltear iad ar na Ballstáit eile, go comhréireach chuig sciartha neamhchaidhpeáilte na mBallstát sin;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>89</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 – pointe h</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

h) maidir leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (g),má tá déine cabhrach os cionn EUR 190 in aghaidh an áititheora mar thoradh ar an ríomh dá dtagraítear i bpointe (g), déantar leithdháileadh an Bhallstáit sin a uasteorannú ag an leibhéal a fhreagraíonn do dhéine cabhrach EUR 190 in aghaidh an áitritheora. Na hacmhainní a asbhaintear de bharr na huasteorann sin, athdháiltear iad ar na Ballstáit nár cuireadh teorainn lena leithdháileadh faoi phointí (g) nó (h), go comhréireach chuig sciartha na mBallstát sin mar a ríomhtar i bpointe (g).

(h) maidir leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (g),má tá déine cabhrach os cionn EUR 195 in aghaidh an áititheora mar thoradh ar an ríomh dá dtagraítear i bpointe (g), déantar leithdháileadh an Bhallstáit sin a uasteorannú ag an leibhéal a fhreagraíonn do dhéine cabhrach EUR 195 in aghaidh an áitritheora. Na hacmhainní a asbhaintear de bharr na huasteorann sin, athdháiltear iad ar na Ballstáit nár cuireadh teorainn lena leithdháileadh faoi phointí (g) nó (h), go comhréireach chuig sciartha na mBallstát sin mar a ríomhtar i bpointe (g).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>90</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 4 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4 a. Faightear an fachtóir a ghabhann leis na réigiúin teorann muirí tríd an sciar atá ag gach Ballstát i ndaonra iomlán na réigiún teorann muirí leis an Ríocht Aontaithe a ríomh. Is réigiúin ar leibhéal NUTS 3 iad réigiúin teorann muirí ar feadh imeallbhoird teorann agus réigiúin leibhéal NUTS 3 eile ina bhfuil ar a laghad leath den daonra réigiúnach ina gcónaí laistigh de 25 chiliméadar de na himeallbhoird. Sainmhínítear imeallbhoird teorann mar imeallbhoird atá suite 150 km ar a mhéad ó chósta na Ríochta Aontaithe.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>91</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 5 – an chuid réamhráiteach</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Chun an leithdháileadh réamh-mhaoiniú Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a ríomh:

5. Chun leithdháileadh acmhainní Chúlchiste Coigeartaithe Brexit a ríomh:

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>92</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn I – mír 1 – pointe 5 – pointe f a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f a) 2017 a bheidh sa tréimhse thagartha le haghaidh dhaonra réigiún leibhéal NUTS 3.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>93</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 7a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7a 

Comhlacht nó comhlachtaí a ndearnadh cúraimí agus cistí as an gCúlchiste a tharmligean chucu, i gcás inarb infheidhme.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>94</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 8 – colún 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuairisc ghairid ar na limistéir agus na hearnálacha is mó atá buailte agus na bearta freagartha a cuireadh ar bun

Tuairisc ar na limistéir agus na hearnálacha is mó atá buailte agus na bearta freagartha a cuireadh ar bun

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>95</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 8 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8a 

Cur síos ar an Idirphlé Il-leibhéil agus ar an sásra faireacháin

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>96</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 9 – colún 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Caiteachas poiblí iomlán arna thabhú agus arna íoc roimh asbhaintí

Caiteachas iomlán arna thabhú agus arna íoc roimh asbhaintí

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>97</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 14 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

14a 

Dáileadh críochach an chaiteachais ar leibhéal NUTS 2

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>98</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 15.1 – colún 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bearta chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí agus pobail áitiúla atá buailte ag an tarraingt siar

Bearta chun tacú le gnólachtaí príobháideacha agus poiblí, le FBManna go háirithe, le daoine féinfhostaithe, le pobail áitiúla agus le heagraíochtaí a ndearna an tarraingt siar dochar dóibh;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>99</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 15.2 – colún 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá buailte;

Bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha is mó a ndearnadh dochar dóibh

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>100</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 15.3 – colún 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bearta chun tacú le gnólachtaí agus pobail áitiúla atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe

Bearta chun tacú le pobail agus eagraíochtaí réigiúnacha agus áitiúla, go háirithe earnáil an iascaigh ar mhionscála, atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, in uiscí a críoch a bhfuil stádas speisialta acu nó sna huiscí atá cumhdaithe ag comhaontuithe iascaigh le stáit chósta, áit ar laghdaíodh na deiseanna iascaireachta do chabhlaigh an Aontais mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>101</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 15.4 – colún 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bearta chun tacú le fostaíocht trí scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus oiliúint in earnálacha atá buailte

Bearta chun tacú le cruthú post agus leis an bhfostaíocht, lena n-áirítear poist ghlasa, scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus oiliúint in earnálacha a ndearnadh dochar dóibh, agus bearta spriocdhírithe a ghlacadh chun freastal ar ath-lánpháirtiú shaoránaigh an Aontais mar aon le daoine, a bhfuil sé de cheart acu fanacht ar chríoch an Aontais nó ar chríoch Ballstáit, a d’fhág an Ríocht Aontaithe mar thoradh ar a tarraingt siar;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>102</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 15.4 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

15.4 a 

Bearta chun an suaitheadh a tharla mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a mhaolú do chláir áitiúla agus réigiúnacha um chomhar agus malartú trasteorann;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>103</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 15.5 – colún 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Bearta chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim agus slándála a áirithiú, lena n-áirítear pearsanra breise agus bonneagar

Bearta chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim agus slándála a áirithiú, lena n-áirítear pearsanra breise agus a oiliúint, agus bonneagar

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>104</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – tábla – ró 16 – colún 2 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tuairisc ghairid / méid 
(e.g. úsáid cistiú an bheartais chomhtháthaithe/ REACT-EU/CUAC/RRF/eile - sonraigh)

Cur síos / méid 
(e.g. úsáid mhaoiniú an bheartais chomhtháthaithe/ REACT-EU/JTF/RRF/eile - sonraigh)

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>105</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn II – mír 1 – b a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b a) go dtugann na córais rialaithe a cuireadh ar bun na ráthaíochtaí is gá maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>106</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Iarscríbhinn III – pointe 1 – pointe 1.3 – pointe a a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a a) i gcás inarb infheidhme, an comhlacht nó na comhlachtaí a ndearnadh cúraimí agus cistí as an gCúlchiste a tharmligean chucu (ainm, seoladh agus pointe teagmhála sa chomhlacht):

</Amend>

</RepeatBlock-Amend>

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

1. Réamhrá agus comhthéacs an togra

D’fhág Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (“an Ríocht Aontaithe”) an tAontas Eorpach an 1 Feabhra 2020, nuair a tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm, lena n-áirítear forálacha le haghaidh idirthréimhse a mhair go dtí an 31 Nollaig 2020.

Chomhaontaigh an dá pháirtí Comhaontú nua Trádála agus Comhair AE-RA an 24 Nollaig 2020 chun teorainn a chur le hiarmhairtí díobhálacha tharraingt siar RA agus chun creat comhair a bhunú ar cheart é a bheith ina bhonn le comhpháirtíocht láidir agus chuiditheach amach anseo, ionas go seachnófaí na gnéithe ba shuaití de ‘Brexit gan mhargadh’ agus go soláthrófaí cinnteacht dhlíthiúil sa mheántéarma go dtí an fadtéarma.

Ach ón uair nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach a thuilleadh i mbeartais Aontais ó dheireadh na hidirthréimhse i leith tá éifeachtaí suaiteacha ar an gcaidreamh eacnamaíoch, tráchtala agus sóisialta ag éirí soiléir cheana féin.

Cé go ndéanann an tarraingt siar difear don Aontas ina iomláine, tá Ballstáit, réigiúin, earnálacha agus gnólachtaí  ann, iad siúd a bhfuil neamhchosaint shuntasach acu ar an Ríocht Aontaithe (RA) go háirithe. a mbeidh tionchar níos diúltaí aici orthu, agus meastar go bhfulaingeoidh siad caillteanais shuntasacha eacnamaíocha agus airgeadais.

Meabhraíonn an Rapóirtéir conclúidí ón gComhairle Eorpach a comhaontaíodh ag a cruinniú speisialta an 17-21 Iúil 2020, tráth a raibh na hiarmhairtí dosheachanta sin á dtuar cheana féin agus nuair a cinneadh an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (an ‘Cúlchiste’) a bhunú mar uirlis dhlúthpháirtíochta a bhí dírithe ar thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit, na réigiúin agus na hearnálacha a ndéanfaí an dochar ba mheasa dóibh chun déileáil le drochiarmhairtí tharraingt siar RA ón Aontas.

Cuireann an Rapóirtéir in iúl gur geal leis an togra ón gCoimisiún a leanann as comhaontú na Comhairle Eorpaí agus meabhraíonn sé gur cuid den ullmhúchán do dheireadh na hidirthréimhse é agus go gcuireann sé leis an obair atá déanta ag institiúidí an Aontais agus ag na Ballstáit, agus go gcomhlánaíonn sé an obair sin, i gcomhthéacs na mbeart ullmhachta faoi bheartais an Aontais faoi seach le linn na caibidlíochta faoi Airteagal 50 CAE.

2. An rogha ionstraime

Cuireann an Rapóirtéir in iúl gur geal leis taithí sheanbhunaithe Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus an bheartais comhtháthaithe a bheith ina spreagadh don togra maidir leis an gCúlchiste, agus oiriúnú á dhéanamh ag an am céanna do na himthosca úrnua agus don chuspóir atá ann éifeachtaí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach a chomhrac.

Cuireann sé in iúl thairis sin gur geal leis go nglacfar an rialachán atá beartaithe faoin nós imeachta comhchinnteoireachta agus go ndéanfar an Cúlchiste a chur chun feidhme faoi chomhbhainistiú.

Aontaíonn sé leis an gCoimsiún gur cheart go dtabharfadh an Cúlchiste aird ar an staid seo nach bhfaca na Ballstáit cheana, ar a huathúlacht agus ar an ngá atá acu freagairt go tapa agus go solúbtha do na dúshláin ina ngeilleagair de réir mar a thiocfaidh siad chun cinn.

3. Acmhainní ón gCúlchiste

Tugann an Rapóirtéir dá aire gur EUR 5 370 994 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní uasta chun an Cúlchiste a chur chun feidhme, agus é le maoiniú mar ionstraim speisialta lasmuigh d’uasteorainneacha buiséid an Aontais Eorpaigh den Chreat Airgeadais Ilbhliantúil.

Tugann sé ar aird go mbeidh caillteanais shuntasacha eacnamaíocha agus airgeadais ann ar an iomlán do Bhallstáit, do réigiúin agus don phobal i gcoitinne agus do ghnólachtaí agus d'earnálacha de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ach nach féidir na caillteanais sin a chainníochtú go fóill. Níor cheart a thabhairt le fios gur leor an méid iomlán a mbeidh fáil air ón gCúlchiste chun na caillteanais sin uile a chumhdach.

4. Cuspóirí agus catagóirí incháilithe beart

Cuirfidh an Cúlchiste ranníocaíochtaí airgeadais ar fáil do na Ballstáit chun cur i gcoinne iarmhairtí díobhálacha sna Ballstáit agus ar fud réigiún agus earnálacha, go háirithe iontu siúd a ndéanann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas an dochar is measa dóibh, agus é mar chuspóir leis an tionchar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.

Cé go dtacaíonn an rapóirtéir leis an liosta neamh-uileghabhálach agus táscach catagóirí incháilithe amhail atá á mholadh ag an gCoimisiún chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá an rapóirtéir den tuairim gur cheart cion suntasach den ranníocaíocht ón gCúlchiste a chaitheamh ar bhearta chun tacú le gnólachtaí, FBManna go háirithe, ionas go mbeidh siad in ann oiriúnú don timpeallacht ghnó nua agus chun leibhéil fostaíochta a chosaint.

D’fhonn teorainn a chur leis an riosca go n-úsáidfí an Cúlchiste chun tacú le bearta nach rannchuideodh leis an gcuspóir a bheartófar nó nach mbeadh incháilithe fiú,  agus dá réir sin d’fhonn teorainn a chur leis an riosca nach ndéanfaí a gcuid caiteachais a aisíoc leis na Ballstáit, molann an rapóirtéir go dtabharfadh an Coimisiún cúnamh do na Ballstáit d’fhonn cuidiú leo na bearta a ullmhú atáthar chun tacaíocht a thabhairt dóibh

5. Cistí á gcur in áirithe d’earnáil na n-iascach

Creideann an rapóirtéir nár baineadh amach an Comhaontú um Tharraingt Siar go dtí céim an-déanach sa phróiseas, ach mar thoradh ar an teorannú ar ghníomhaíochtaí iascaireachta a comhaontaíodh gur dócha go bhfuil earnáil na n-iascach ar na hearnálacha a ndéanfar an dochar is mó di. Molann sé dá réir an sciar den réamh-mhaoiniú iomlán a nasctar leis an éisc a ghabhtar, in aghaidh an Bhallstáit, a chur in áirithe lena chaitheamh ar bhearta chun tacú le gnólachtaí agus pobail áitiúla a bhraitheann ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.

6. An tréimhse incháilitheachta agus caiteachas incháilitheachta

I bhfianaise gur Cúlchiste sonrach é aontaíonn an rapóirtéir le tréimhse chur chun feidhme réasúnta gearr amhail atá molta ag an gCoimisiún. Tá an rapóirtéir á chur in iúl áfach go bhfuil sé den tuairim gur cheart aird níos mó a thabhairt sa tréimhse incháilitheachta ar bhearta atá glactha ag na Ballstáit chun na drochiarmhairtí a bhfuil coinne leo roimh dhul in éag na hidirthréimhse a mhaolú, agus molann sé tréimhse incháilitheachta ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2022 chun bearta den sórt sin a chur chun feidhme. Cuireann an rapóirtéir chun suntais thairis sin gur cheart an ranníocaíocht as an gCúlchiste a bheith i bhfoirm aisíoc na gcostas incháilithe arna dtabhú go hiarbhír le linn na tréimhse tagartha, lena n-áirítear ar leibhéal na bhfaighteoirí, agus arna  n-íoc ag Ballstáit go dtí an 30 Meitheamh 2023 le haghaidh beart a cuireadh i gcrích sa Bhallstát.

7. Rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, na gcomhpháirtithe sóisialta agus na sochaí sibhialta

Agus bearta tacaíochta á gceapadh, ba cheart do na Ballstáit díriú go háirithe ar na réigiúin, na ceantair, na pobail áitiúla agus ar na gnólachtaí is mó a ndéanann an tarraingt siar dochar dóibh, lena n-áirítear iad siúd a bhraitheann ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, is mian leis an rapóirtéir a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit idirphlé il-leibhéil a bhunú le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha na réigiún agus an gceantar is mó atá buailte, leis na comhpháirtithe sóisialta agus leis an tsochaí shibhialta, mar go gcuideoidh an rannpháirtíocht sin chun spriocdhíriú ar riachtanais agus an Cúlchiste a chur chun feidhme níos éifeachtaí.

8. Réamh-mhaoiniú agus méid sa bhreis

Measann an rapóirtéir, maidir le trádáil in earraí agus seirbhísí leis an Ríocht Aontaithe agus éisc a ghabhtar i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe, an dá thoisc atá roghnaithe agus á gcur i bhfeidhm ag an gCoimisiún sa mhodheolaíocht chun réamh-mhaoiniú na mBallstát a ríomh, gur léiriú iad ar na ceangail láidre a bhíodh ann agus ar an dlúthchaidreamh eacnamaíoch idir na Ballstáit aonair agus an Ríocht Aontaithe. Aithníonn sé go mb’fhéidir nach dtugann an modh leithdháilte a roghnaíodh léiriú iomlán ar neamhchosaint dhíreach nó indíreach shonrach gheilleagar gach Ballstáit ar leith ar an Ríocht Aontaithe, ach is modheolaíocht í atá ina léiriú imleor ar spiorad na dlúthpháirtíochta a fholuíonn bunú an Chúlchiste, agus ba cheart í a fheiceáil freisin i gcomhthéacs na caibidlíochta a cuireadh i gcrích le deireanas maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil agus Next Generation EU.

Tacaíonn an rapóirtéir leis an togra an Cúlchiste a ghníomhachtú in dhá bhabhta leithdháiltí freisin, an chéad bhabhta le híoc in 2021 i bhfoirm réamh-mhaoiniú agus an dara babhta le híoc in 2024 mar ranníocaíochtaí breise, bunaithe ar chaiteachais iarbhír, tar éis iarratas agus tuarascáil ar an gcur chun feidhme a chur isteach Ba cheart go gcuirfeadh an cur chuige sin ar chumas na mBallstát freagairt thapa a thabhairt ar an staid eisceachtúil agus iarmhairtí diúltacha tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a chomhrac níos éifeachtaí.

9. Iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur isteach

Beidh go dtí an 30 Meán Fómhair ag na Ballstáit chun iarratas a dhéanamh ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste, agus sonraí á dtabhairt ar an gcaiteachas a tabhaíodh. Measann an rapóirtéir go mba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar an tuarascáil ar an gcur chun feidhme a bheidh ag gabháil leis an iarratas, ina mbeidh cur síos ar na bearta a rinneadh agus mar a cuireadh i bhfeidhm iad, mar aon le dearbhú bainistíochta agus tuarascáil iniúchóireachta neamhspleách. Maidir lena mheasúnú ar incháilitheacht agus iomchuibheas na mbeart a roghnaigh gach Ballstát ar leith ba cheart don Choimisiún an nasc díreach leis an tarraingt siar a fhíorú ar aon nós, agus gníomhaíocht earnálacha geilleagair ag gluaiseacht ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas a chur san áireamh.

10. Bainistiú agus rialú

I bhfianaise gur cás na haonuaire í tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, measann an rapóirtéir gur dearadh an Cúlchiste agus a chuid maoluithe ón Rialachán Airgeadais go hiomchuí - réamh-mhaoiniú suntasach ard, an dara híocaíocht, gan aon ghealltanais bhliantúla, íocaíochtaí agus tuairisciú bliantúil ann - ach molann sé go mbainfeadh na Ballstáit leas as na comhlachtaí ainmnithe atá ann cheana agus as na córais chun neamhrialtachtaí a bhrath agus calaois a chosc a bunaíodh faoi na rialacha comhbhainistithe lena rialaítear cistí beartais comhtháthaithe agus Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais.

Beartaítear leis an togra ón gCoimisiún comhlacht ainmnithe a bheadh freagrach as bainistiú a dhéanamh ar an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste, comhlacht iniúchóireachta neamhspleách agus comhlacht lena n-íocann an Coimisiún an réamh-mhaoiniú. Is mian leis an rapóirtéir a shoiléiriú gur cheart do na Ballstáit comhlachtaí breise a ainmniú, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus cúraimí a tharmligean chucu chomh maith le cistí as an gCúlchiste, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais.

11. Cumarsáid agus infheictheacht

Tacaíonn an rapóirtéir leis an oibleagáid atá beartaithe ag an gCoimisiún go ndéanfadh na Ballstáit feasacht a mhúscailt maidir le ranníocaíocht an Aontais ón gCúlchiste agus go ndéanfaí tairbhithe féideartha, rannpháirtithe agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoi thacaíocht a bheith ann, í a bheith ag teacht as an gCúlchiste, agus méid na tacaíochta sin óir tá gníomhaíochtaí trédhearcthachta, cumarsáide agus infheictheachta riachtanach d’infheictheacht ghníomhú an Aontais ar an talamh.

Molann sé freisin go gcuirfí in iúl do na faighteoirí deireanacha ach go háirithe gur tionscnamh Aontais atá sa ranníocaíocht as an gCúlchiste.

Agus mar fhocal scoir, tapaíonn an rapóirtéir an deis chun a mheabhrú do na Ballstáit nach é an tAontas Eorpach amháin atá freagrach as a chuid cinntí agus gníomhaíochtaí a chur in iúl do shaoránaigh an Aontais, ach go bhfuil an fhreagracht sin ar na Ballstáit freisin, d’fhonn rochtain agus tuiscint níos fearr a thairiscint do shaoránaigh ar thionchar bheartais an Aontais ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil.

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (11.5.2021)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach</CommissionInt>

<Titre>ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit</Titre>

<DocRef>(COM(2020)0854 – C9-0433/2020 – 2020/0380(COD))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim (*): <Depute>Valérie Hayer</Depute>

(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

<RepeatBlock-Amend><Amend>Leasú  <NumAm>1</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) An 1 Feabhra 2020, d’fhág Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Euratom’) – dá ngairtear in éindí ‘an tAontas’ anseo feasta, agus cuireadh tús le hidirthréimhse. Comhaontaíodh an tréimhse ama theoranta sin mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar11, agus mairfidh sí go dtí an 31 Nollaig 2020. Le linn na hidirthréimhse, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tús le caibidlíocht fhoirmiúil maidir lena gcaidreamh amach anseo.

(1) An 1 Feabhra 2020, d’fhág Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’) an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Euratom’) – dá ngairtear in éindí ‘an tAontas’ anseo feasta, agus cuireadh tús le hidirthréimhse. Comhaontaíodh an tréimhse ama theoranta sin mar chuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar11, agus tháinig deireadh léi an 31 Nollaig 2020. Le linn na hidirthréimhse, chuir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tús le caibidlíocht fhoirmiúil maidir lena gcaidreamh amach anseo.

__________________

__________________

11 Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Comhaontú um Tharraingt Siar’) (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).

11 Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘Comhaontú um Tharraingt Siar’) (IO L 29, 31.1.2020, lch. 7).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>2</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Tar éis dheireadh na hidirthréimhse, cuirfear i bhfeidhm bacainní ar thrádáil agus ar mhalartuithe trasteorann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Tá coinne leis go mbeidh iarmhairtí fairsinge agus forleathana ann do ghnólachtaí, saoránaigh agus údaráis riaracháin phoiblí. Ní féidir na hiarmhairtí sin a sheachaint agus ní mór do pháirtithe leasmhara a áirithiú go bhfuil siad ullmhaithe dóibh.

(2) Anois go bhfuil deireadh leis an idirthréimhse, bacainní i bhfeidhm ar thrádáil agus ar mhalartuithe trasteorann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha aige sin atá fairsing agus forleathan do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, saoránaigh agus údaráis riaracháin phoiblí, pobail áitiúla agus réigiúin, lena n-áirítear nósanna imeachta riaracháin chun seirbhísí a sholáthar agus le haghaidh gnólachtaí allmhairithe agus onnmhairithe, rud a chruthaíonn scrogaill deacra ag teorainneacha, a chuireann as do thrádáil agus a chuireann bac ar an téarnamh eacnamaíoch. Ba cheart na hiarmhairtí sin a mhaolú a mhéid is féidir.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>3</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 3</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Tá an tAontas tiomanta an tionchar eacnamaíoch a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú agus dlúthpháirtíocht leis na Ballstáit uile a léiriú, go háirithe na Ballstáit is mó atá buailte ag na cúinsí eisceachtúla seo.

(3) Tá an tAontas tiomanta na tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chríochacha a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas a mhaolú agus dlúthpháirtíocht leis na Ballstáit uile, leis na réigiúin uile agus leis na hearnálacha uile, go háirithe na cinn is mó atá buailte ag cúinsí eisceachtúla den sórt sin, a léiriú. Mar sin féin, tá go leor éiginnteachtaí fós ann a bhaineann leis an tionchar a bheidh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, rud a fhágann gur deacair neamhchosaint shonrach gheilleagar Ballstáit a chinneadh. Mar shampla, is féidir a bheith ag dréim le gnóthachain dhearfacha a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar ghluaiseacht gníomhaíochtaí eacnamaíocha ón Ríocht Aontaithe go dtí an tAontas.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>4</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Ba cheart Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (an ‘Cúlchiste’) a bhunú d’fhonn tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí diúltacha sna Ballstáit agus ar fud réigiún agus earnálacha a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó atá buailte ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus, ar an gcaoi sin, an tionchar gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Ba cheart dó cuid den chaiteachas poiblí breise a thabhóidh na Ballstáit a chumhdach le haghaidh bearta a ghlactar go sonrach chun na hiarmhairtí sin a mhaolú, nó é a chumhdach ina iomláine.

(4) Ba cheart Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (an ‘Cúlchiste’) a bhunú d’fhonn tacaíocht a sholáthar chun iarmhairtí diúltacha sna Ballstáit, i réigiún agus in earnálacha, agus ar oibrithe agus ar phobail áitiúila a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó atá buailte ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus, ar an gcaoi sin, an tionchar gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú. Ba cheart dó cuid den chaiteachas poiblí breise a thabhóidh na Ballstáit agus réigiúin a chumhdach le haghaidh bearta a ghlactar go sonrach chun na hiarmhairtí sin a mhaolú, nó é a chumhdach ina iomláine.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>5</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 5</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Chun tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, is iomchuí go ndíreoidh na Ballstáit, agus bearta tacaíochta á gceapadh acu, ar na réigiúin, na ceantair agus na pobail áitiúla go háirithe, lena n-áirítear na cinn atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, na cinn ar dócha go mbeidh an tionchar is diúltaí orthu mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar na Ballstáit bearta sonracha a ghlacadh chun tacú le gnólachtaí agus le hearnálacha eacnamaíocha a ndearna an tarraingt siar dochar dóibh. Dá bhrí sin, is iomchuí liosta neamh-uileghabhálach a sholáthar de na cineálacha beart is dóichí a ghnóthóidh an cuspóir sin.

(5) Chun tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, is iomchuí go ndíreoidh na Ballstáit, agus bearta tacaíochta á gceapadh acu, ar réigiúin, ar limistéir, ar earnálacha, ar oibrithe, ar eagraíochtaí, ar ghnólachtaí, ar phobail áitiúla agus ar earnálacha eacnamaíocha go háirithe, na cinn ar dócha go mbeidh an tionchar is diúltaí orthu mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus go leithdháilfidh siad cistí ón ‘gCúlchiste’ orthu, mar shampla trí chúnamh a thabhairt chun margaí nua onnmhairiúcháin a aimsiú nó chun slabhraí soláthair a éagsúlú agus trí aird ar leith a thabhairt ar FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, toisc nach mbíonn an acmhainn riaracháin, dhlíthiúil agus airgeadais acu de ghnáth chun pleananna teagmhasacha a ullmhú agus a chur chun feidhme, d’fhonn fostaíocht ar ardchaighdeán a bhaint amach. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcruthófar poist ar ardchaighdeán sna réigiúin agus sna pobail áitiúla sin atá buailte go mór. I ndáil leis an méid sin, ní mór aird ar leith a thabhairt ar réigiúin, ar limistéir agus ar phobail áitiúla atá ag brath go mór ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe. Dá bhrí sin, is iomchuí liosta neamh-uileghabhálach a sholáthar de na cineálacha beart is dóichí a ghnóthóidh na cuspóirí sin.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>6</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) An tráth céanna, tá sé tábhachtach aon eisceacht ón tacaíocht a chuireann an Cúlchiste ar fáil a shonrú go soiléir. Ba cheart don Chúlchiste an cháin bhreisluacha a eisiamh ón tacaíocht toisc gur ioncam Bhallstáit atá inti, rud fhritháiríonn an costas gaolmhar a bhaineann le buiséad an Bhallstáit. Chun úsáid na n-acmhainní teoranta a dhíriú ar an mbealach is éifeachtúla, an cúnamh teicniúil a úsáideann na comhlachtaí atá freagrach as cur chun feidhme an Chúlchiste, níor cheart an cúnamh sin a bheith incháilithe do thacaíocht ón gCúlchiste. I gcomhréir leis an gcur chuige ginearálta i leith beartas comhtháthaithe, níor cheart tacaíocht a thabhairt do chaiteachas a bhaineann le hathshocruithe ná do chaiteachas atá i gcoinne aon dlí de chuid an Aontais nó aon dlí náisiúnta is infheidhme.

(6) An tráth céanna, tá sé tábhachtach aon eisceacht ón tacaíocht a chuireann an Cúlchiste ar fáil a shonrú go soiléir. Ba cheart don Chúlchiste an cháin bhreisluacha a eisiamh ón tacaíocht toisc gur ioncam Bhallstáit atá inti, rud fhritháiríonn an costas gaolmhar a bhaineann le buiséad an Bhallstáit. I gcomhréir leis an gcur chuige ginearálta i leith beartas comhtháthaithe, níor cheart, i bprionsabal, tacaíocht a thabhairt do chaiteachas a bhaineann le hathshocruithe ná do chaiteachas atá i gcoinne aon dlí de chuid an Aontais nó aon dlí náisiúnta is infheidhme.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>7</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6a) Chun a áirithiú go n-úsáidfear acmhainní an Chúlchiste ar an mbealach is éifeachtaí, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann úsáid a bhaint as méid comhréireach dá leithdháileadh chun cúnamh teicniúil a thabhairt do na comhlachtaí atá freagrach as an gCúlchiste a chur i bhfeidhm.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>8</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 7</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Chun aird a thabhairt ar thionchar láithreach na n-iarmhairtí diúltacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit gona ngeilleagair mar aon leis an ngá le bearta maolaithe a ghlacadh roimh dheireadh na hidirthréimhse de réir mar is iomchuí, ba cheart don idirthréimhse incháilitheachta le haghaidh chur chun feidhme na mbeart sin, ba cheart dó tosú ón 1 Iúil 2020 agus feidhm a bheith aige ar feadh tréimhse theoranta 30 mí.

(7) Maidir leis an tréimhse incháilitheachta chun bearta a chur chun feidhme chun maolú agus oiriúnú do thionchar na n-iarmhairtí diúltacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas ar na Ballstáit agus ar a ngeilleagair, ba cheart í a leagan síos agus é á chur san áireamh gur fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas an 1 Feabhra 2020; gur thosaigh na Ballstáit ar na bearta sin a ghlacadh roimh dheireadh na hidirthréimhse; agus go bhfuil bearta áirithe um rialú ag teorainneacha le cur i bhfeidhm de réir a chéile, amhail na bearta arna bhforchur ag an Ríocht Aontaithe ar onnmhairí an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, go dtosódh an tréimhse incháilitheachta an 1 Eanáir 2020 agus go mairfeadh sí go dtí an 31 Nollaig 2023.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>9</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 8 a (nua)</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8a) Ba cheart gníomhaíochtaí airgeadais faoin gCúlchiste a bheith comhsheasmhach agus comhlántach le cláir agus tosaíochtaí an Aontais, amhail an t-aistriú digiteach, aistriú aeráide cóir agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus cistiú dúbailte le haghaidh an chaiteachais chéanna á sheachaint ag an am céanna.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>10</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 10</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i ndáil le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, tabhairt anonn agus aisghabháil an Chúlchiste. Agus urraim á tabhairt don phrionsabal maidir le buiséad an Aontais a shocrú ar bhonn bliantúil, ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh maidir le deiseanna chun cistí nár úsáideadh a thabhairt anonn thar na cistí a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, agus sa chaoi sin, an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht an Chúlchiste chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha do na Ballstáit gona ngeilleagair a eascraíonn as tarraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas.

(10) Ba cheart an Cúlchiste a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirítear calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach a chosc agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Ar mhaithe le bainistíocht fhónta airgeadais, ba cheart rialacha sonracha a leagan síos i ndáil le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí, tabhairt anonn agus aisghabháil an Chúlchiste. Agus urraim á tabhairt don phrionsabal maidir le buiséad an Aontais a shocrú ar bhonn bliantúil, ba cheart don Rialachán seo, mar gheall ar chineál eisceachtúil agus sonrach an Chúlchiste, foráil a dhéanamh maidir le deiseanna chun cistí nár úsáideadh a thabhairt anonn thar na cistí a leagtar amach sa Rialachán Airgeadais, agus sa chaoi sin, an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht an Chúlchiste chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha do na Ballstáit agus dá ngeilleagair a eascraíonn as tarraingt siar na Ríocht Aontaithe as an Aontas.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>11</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 11</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní breise a chur in úsáid agus chun na hacmhainní airgeadais is leor chun bearta a chur chun feidhme faoin gCúlchiste a áirithiú, ba cheart méid suntasach de a eisíoc mar réamh-mhaoiniú in 2021. Leis an modh dáileacháin, ba cheart tábhacht na trádála leis an Ríocht Aontaithe a chur san áireamh mar aon le tábhacht an iascaigh i limistéar eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe, bunaithe ar staitisticí oifigiúla iontaofa. I bhfianaise uathúlacht tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus na héiginnteachta maidir le príomhghnéithe an chaidrimh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is deacair tuar a dhéanamh ar na bearta a mbeidh ar na Ballstáit a ghlacadh go gasta chun éifeachtaí na tarraingthe siar a chomhrac. Dá bhrí sin, is iomchuí solúbthacht a dheonú do na Ballstáit agus cead a thabhairt don Choimisiún go háirithe an cinneadh airgeadais a ghlacadh lena gcuirfear an réamh-mhaoiniú ar fáil gan an oibleagáid de bhun Airteagal 110(2) an Rialacháin Airgeadais a bheith ann maidir le tuairisc a dhéanamh ar na bearta nithiúla atá le maoiniú.

(11) Chun go mbeidh na Ballstáit in ann acmhainní breise a chur in úsáid agus chun na hacmhainní airgeadais is leor chun bearta a chur chun feidhme faoin gCúlchiste a áirithiú, ba cheart méid suntasach de a eisíoc mar réamh-mhaoiniú, i dtrí thráthchuid, in 2021, in 2022 agus in 2023. Ba cheart a chur san áireamh leis an modh dáileacháin an tábhacht a bhaineann le trádáil leis an Ríocht Aontaithe arna sloinneadh mar chéatadán de OTI, an tábhacht a bhaineann le hiascaigh i limistéir eacnamaíoch eisiach na Ríochta Aontaithe, an tábhacht a bhaineann leis na naisc chomharsanachta do na réigiúin teorann mhuirí agus dá bpobail, agus an tábhacht a bhaineann le trádáil leis an Ríocht Aontaithe sa mhargadh inmheánach, bunaithe ar an staidreamh iontaofa agus oifigiúil is déanaí agus ba cheart dó cóir chomhionann na mBallstát uile a áirithiú. Ina theannta sin, ós rud é nach dtugtar aghaidh sa Chomhaontú Trádála agus Comhair ar rochtain ar an margadh do chuideachtaí in earnáil na seirbhísí airgeadais agus toisc go bhfuil éifeachtaí iarmharta dearfacha le feiceáil cheana laistigh den Aontas, amhail athlonnú roinnt gníomhaíochtaí, ba cheart an earnáil sin a eisiamh ó líon foriomlán na n-earraí agus na seirbhísí a bhreithnítear chun an fachtóir a bhaineann le trádáil sa mhargadh inmheánach a ríomh. I bhfianaise uathúlacht tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus na héiginnteachta maidir le príomhghnéithe an chaidrimh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas tar éis dheireadh na hidirthréimhse, is deacair tuar a dhéanamh ar na bearta a mbeidh ar na Ballstáit a ghlacadh go gasta chun éifeachtaí na tarraingthe siar a chomhrac. Dá bhrí sin, is iomchuí solúbthacht a dheonú do na Ballstáit agus cead a thabhairt don Choimisiún go háirithe an cinneadh airgeadais a ghlacadh lena gcuirfear an réamh-mhaoiniú ar fáil gan an oibleagáid de bhun Airteagal 110(2) an Rialacháin Airgeadais a bheith ann maidir le tuairisc a dhéanamh ar na bearta nithiúla atá le maoiniú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>12</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 12</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Roimh íocadh an réamh-mhaoinithe, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le céannacht na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus céannacht an chomhlachta lena n-íocfar an réamh-mhaoiniú, agus ba cheart dóibh a dheimhniú gur dréachtaíodh tuairiscí ar na córais agus é sin a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(12) Roimh íocadh an réamh-mhaoinithe, ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le céannacht na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus céannacht an chomhlachta lena n-íocfar an réamh-mhaoiniú, agus ba cheart dóibh a dheimhniú gur dréachtaíodh tuairiscí ar na córais agus é sin a dhéanamh laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart do na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí ábhartha a ainmniú ar an leibhéal críochach iomchuí, i gcomhréir lena gcreat institiúideach, dlíthiúil agus airgeadais.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>13</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 13</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile a áirithiú, ba cheart sprioc-am aonair amháin a bheith ann do na Ballstáit uile chun iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a thíolacadh. Mar gheall ar ghné shonrach na hionstraime agus an tréimhse chur chun feidhme a bheith measartha gearr, tá údar maith le tréimhse shaincheaptha thagartha a shocrú, rud a fhágann go mbeadh sé díréireach ceanglas a chur ar na Ballstáit na doiciméid is gá de réir mhíreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais a sholáthar ar bhonn bliantúil. Toisc go maolaítear, an tráth céanna, na rioscaí do bhuiséad an Aontais leis an gceanglas ar na Ballstáit córas daingean bainistithe agus rialaithe a bhunú, tá údar maith le maolú ón oibleagáid maidir leis na doiciméid is gá a thíolacadh i mí Feabhra nó i mí an Mhárta gach bliain. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann a sheiceáil an bhfuil an ranníocaíocht as an gCúlchiste á húsáid mar is ceart, ba ceart ceangal a bheith ar na Ballstáit, mar chuid den iarratas, tuarascálacha ar chur chun feidhme a sholáthar ina gcuirtear tuilleadh sonraí ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí atá le maoiniú mar aon le dearbhú bainistithe agus tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách arna tarraingt suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta.

(13) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile a áirithiú, ba cheart sprioc-am aonair amháin a bheith ann do na Ballstáit uile chun iarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a thíolacadh. Mar gheall ar ghné shonrach na hionstraime agus an tréimhse chur chun feidhme a bheith measartha gearr, tá údar maith le tréimhse shaincheaptha thagartha a shocrú, rud a fhágann go mbeadh sé díréireach ceanglas a chur ar na Ballstáit na doiciméid is gá de réir mhíreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais a sholáthar ar bhonn bliantúil. Toisc go maolaítear, an tráth céanna, na rioscaí do bhuiséad an Aontais leis an gceanglas ar na Ballstáit a gcuid córas daingean bainistithe agus rialaithe atá ann cheana a úsáid, nó iad a chruthú, tá údar maith le maolú ón oibleagáid maidir leis na doiciméid is gá a thíolacadh i mí Feabhra nó i mí an Mhárta gach bliain. Chun go mbeidh an Coimisiún in ann a sheiceáil an bhfuil an ranníocaíocht as an gCúlchiste á húsáid mar is ceart, ba ceart ceangal a bheith ar na Ballstáit, mar chuid den iarratas, tuarascálacha ar chur chun feidhme a sholáthar ina gcuirtear tuilleadh sonraí ar fáil maidir leis na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, gnéithe de na cuntais, achoimre ar na tuarascálacha iniúchóireachta deiridh agus ar na rialuithe a cuireadh i bhfeidhm mar aon le dearbhú bainistithe agus tuairim ó chomhlacht iniúchóireachta neamhspleách arna tarraingt suas i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta a nglactar leo go hidirnáisiúnta. Chun a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais bhainistithe agus rialaithe agus go gcuirfear an Cúlchiste chun feidhme go pras, ba cheart don Choimisiún seisiúin faisnéise a eagrú do na Ballstáit agus treoirleabhar cur chun feidhme a tharraingt suas.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>14</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 14</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr13, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste.

(14) De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr13, is gá meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste ar bhonn faisnéis arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit agus ar na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar an gCúlchiste.

_________________

_________________

13 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

13 Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (IO L 123, 12.5.2016, lch. 1).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>15</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 15</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile agus comhsheasmhacht i meastóireacht na n-iarratas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais i bpacáiste. Ba cheart dó féachaint go háirithe ar incháilitheacht agus ar chruinneas an chaiteachais arna dhearbhú, an nasc díreach idir an caiteachas agus na bearta a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na tarraingthe siar, agus ar na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun maoiniú dúbailte a sheachaint. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste, ba cheart dó an réamh-mhaoiniú arna íoc a imréiteach, agus na méideanna nár úsáideadh a aisghabháil. Chun tacaíocht a dhíriú ar na Ballstáit is mó atá buailte ag an tarraingt siar, an caiteachas arna ghlacadh mar chaiteachas incháilithe ag an gCoimisiún sa Bhallstát lena mbaineann, i gcás ina sáraíonn an caiteachas sin an méid a íocadh mar réamh-mhaoiniú agus 0.06 % d’Ollioncam Náisiúnta (OIN) ainmniúil an Bhallstáit sin le haghaidh 2021, ba cheart go mbeifí in ann leithdháileadh breise as an gCúlchiste a cheadú don Bhallstát sin laistigh de theorainneacha na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil. I bhfianaise mhéid an tsuaite eacnamaíoch a bhfuil coinne leis, ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis an deis úsáid a bhaint as na méideanna arna n-aisghabháil ón réamh-mhaoiniú chun caiteachas breise na mBallstát a aisíoc.

(15) Chun cóir chomhionann na mBallstát uile agus comhsheasmhacht i meastóireacht na n-iarratas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais i bpacáiste. Ba cheart dó féachaint go háirithe ar incháilitheacht agus ar chruinneas an chaiteachais arna dhearbhú, an nasc díreach idir an caiteachas agus na bearta a ghlactar chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na tarraingthe siar, agus ar na bearta arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát lena mbaineann chun maoiniú dúbailte a sheachaint. Tar éis don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar na hiarratais ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste, ba cheart dó an réamh-mhaoiniú arna íoc a imréiteach, na méideanna nár úsáideadh a aisghabháil agus cinneadh a dhéanamh maidir le híocaíochtaí breise suas go dtí teorainneacha an leithdháilte shealadaigh. I bhfianaise mhéid an tsuaite eacnamaíoch a bhfuil coinne leis, ba cheart na méideanna nár úsáideadh ón leithdháileadh sealadach a chur ar fáil do na Ballstáit sin ar mó a méid iomlán glactha ná a leithdháileadh sealadach faoi seach.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>16</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 16</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Chun dea-fheidhmiú an bhainistithe comhroinnte a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit córas bainistithe agus rialaithe a bhunú, agus ba cheart dóibh na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú an Chúlchiste a ainmniú agus fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu mar aon le comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ar leithligh. Féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna simpliúcháin, úsáid a bhaint as comhlachtaí arna n-ainmniú agus córais atá ann cheana agus a bunaíodh chun maoiniú an bheartais chomhtháthaithe nó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a bhainistiú agus a rialú. Is gá na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a shonrú agus na ceanglais shonracha atá ar na comhlachtaí arna n-ainmniú a leagan síos.

(16) Chun dea-fheidhmiú an bhainistithe comhroinnte a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit córas bainistithe agus rialaithe a bhunú, agus ba cheart dóibh na comhlachtaí atá freagrach as bainistiú an Chúlchiste a ainmniú agus fógra a thabhairt don Choimisiún fúthu mar aon le comhlacht iniúchóireachta neamhspleách ar leithligh. Ba cheart do na Ballstáit úsáid a bhaint as córais atá ann cheana agus ba cheart dóibh cúraimí a tharmligean chuig comhlachtaí arna n-ainmniú atá ann cheana, lena n-áirítear iad siúd ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, a bunaíodh chun críche bainistiú agus rialú a dhéanamh ar chistiú an bheartais chomhtháthaithe nó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Is gá na freagrachtaí atá ar na Ballstáit a shonrú agus na ceanglais shonracha atá ar na comhlachtaí arna n-ainmniú a leagan síos. I gcás ina gcruthóidh na Ballstáit comhlachtaí nua, ba cheart don Choimisiún, laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, a mheas an dtugann siad cosaint leordhóthanach do leasanna airgeadais an Aontais. Ba cheart don Choimisiún cur chuige iniúchóireachta atá comhsheasmhach agus inchomparáide a áirithiú sna Ballstáit go léir.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>17</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 17</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle14, le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle16, ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, agus na cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil, agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhanna riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú agus a ionchúiseamh, calaois agus ciontaí a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18 . I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú gur i gcás aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais, go gcuirfidh sé cearta coibhéiseacha ar fáil.

(17) I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle14, le Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle16 agus le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta comhréireacha, lena n-áirítear neamhrialtachtaí agus calaois a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, agus na cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil, agus, i gcás inarb iomchuí, smachtbhanna riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a chinneadh ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus ciontaí coiriúla eile a fhiosrú agus a ionchúiseamh, calaois agus ciontaí a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais, faoi mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d’aon duine nó d’aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ní mór dó a áirithiú gur i gcás aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais, go gcuirfidh sé cearta coibhéiseacha ar fáil.

_________________

_________________

14 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

14 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

15 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

15 Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

16 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

16 Rialachán (AE) 2017/1939 an 12 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

17 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

17 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

18 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

18 Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>18</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 18</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhéadú maidir le ranníocaíocht an Aontais as an gCúlchiste agus ba cheart dóibh an pobal a chur ar an eolas dá réir ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí trédhearcachta, cumarsáide agus infheictheachta ríthábhachtach chun go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais infheicthe ag an bpobal. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis chruinn agus nuashonraithe.

(18) Ba cheart do na Ballstáit feasacht a mhéadú maidir le ranníocaíocht an Aontais as an gCúlchiste agus ba cheart dóibh an pobal, agus na faighteoirí go háirithe, a chur ar an eolas dá réir ós rud é go bhfuil gníomhaíochtaí trédhearcachta, cumarsáide agus infheictheachta ríthábhachtach chun go mbeadh gníomhaíochtaí an Aontais infheicthe ag an bpobal. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a bheith bunaithe ar fhaisnéis chruinn agus nuashonraithe.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>19</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 19</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Chun trédhearcacht maidir le húsáid ranníocaíocht an Aontais a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil chríochnaitheach a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste.

(19) Chun trédhearcacht maidir le húsáid ranníocaíocht an Aontais a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún tuarascáil chríochnaitheach neamhspleách ina bhfuil anailís i dtaca le gach Ballstát a sholáthar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme an Chúlchiste. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh sa tuarascáil, go háirithe, i dtaobh ar baineadh úsáid as acmhainní ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil agus ar sholáthair siad breisluach AE. Ba cheart a thuairisciú sa mheastóireacht freisin a mhéid a mhaolaigh bearta na mBallstát na hiarmhairtí diúltacha a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar na Ballstáit, ar réigiúin, ar phobail áitiúla, ar earnálacha, ar ghnólachtaí, lena n-áirítear FBManna, agus ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>20</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ an tréimhse thagartha dá dtagraítear in Airteagal 63(5), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, a mhairfidh idir an 1 Iúil 2020 agus an 31 Nollaig 2022;

(1) ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ an tréimhse thagartha dá dtagraítear in Airteagal 63(5), pointe (a), den Rialachán Airgeadais, a mhairfidh idir an 1 Eanáir 2020 agus an 31 Nollaig 2023;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>21</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 3 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis an gCúlchiste, cuirfear tacaíocht ar fáil chun na hiarmhairtí diúltacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit agus ar fud réigiún agus earnálacha a chomhrac, go háirithe sna cinn is mó atá buailte ag an tarraingt siar sin, agus chun an tionchar gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.

Leis an gCúlchiste, cuirfear tacaíocht ar fáil chun na hiarmhairtí diúltacha a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas sna Ballstáit, i réigiúin, i bpobail áitiúla, in earnálacha, in eagraíochtaí, i ngnólachtaí, go háirithe FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, agus maidir le hoibrithe a chomhrac, go háirithe iad siúd is mó atá buailte ag an tarraingt siar sin, agus chun an tionchar gaolmhar ar an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a mhaolú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>22</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 4</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Beidh gach Ballstát incháilithe do thacaíocht as an gCúlchiste.

1. Beidh gach Ballstát incháilithe do thacaíocht as an gCúlchiste. Déanfaidh na Ballstáit an tacaíocht sin a leithdháileadh go príomha ar na réigiúin is mó atá buailte.

2.  Is é EUR 5 370 994 000 i bpraghsanna reatha a bheidh sna hacmhainní uasta don Chúlchiste.

2.  Is é EUR 5 000 000 000 i bpraghsanna 2018 a bheidh sna hacmhainní uasta don Chúlchiste.

3. Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh mar a leanas:

3. Déanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 2 a leithdháileadh go sealadach de bhun an mhodha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cuirfear ar fáil iad mar a leanas:

 cuirfear méid réamh-mhaoinithe EUR 4 244 832 000 ar fáil in 2021 i gcomhréir le hAirteagal 8;

 cuirfear méid réamh-mhaoinithe EUR 4 000 000 000 i bpraghsanna 2018 ar fáil agus íocfar é i dtrí thráthchuid ó 2021 go 2023 i gcomhréir le hAirteagal 8 agus roinnfear é mar a leanas:

  EUR 1 600 000 000 i bpraghsanna 2018 in 2021,

  EUR 1 200 000 000 i bpraghsanna 2018 in 2022,

  EUR 1 200 000 000 i bpraghsanna 2018 in 2023;

 cuirfear méideanna breise de EUR 1 126 162 000 ar fáil in 2024 i gcomhréir le hAirteagal 11.

 cuirfear méideanna breise de EUR 1 000 000 000 i bpraghsanna 2018 ar fáil in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 11.

Déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo a mheas mar réamh-mhaoiniú de réir bhrí Airteagal 115(2), pointe (b)(i), den Rialachán Airgeadais.

Déanfar na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo a mheas mar réamh-mhaoiniú de réir bhrí Airteagal 115(2), pointe (b)(i), den Rialachán Airgeadais.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>23</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Ní thacóidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste ach leis an gcaiteachas poiblí a bhaineann go díreach le bearta a ghlac na Ballstáit go sonrach chun rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, agus féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach léi go háirithe:

1. Ní thacóidh an ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste ach leis an gcaiteachas poiblí a bhaineann go díreach le bearta arna ndéanamh na Ballstáit agus na húdaráis réigiúnacha go sonrach chun rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3, agus féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach léi go háirithe:

 bearta chun cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí agus do phobail áitiúla a ndéanann an tarraingt siar dochar dóibh;

 bearta chun tacú agus cúnamh a thabhairt do ghnólachtaí, go háirithe FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, eagraíochtaí, oibrithe agus pobail áitiúla a ndéanann an tarraingt siar dochar dóibh, go háirithe sna réigiúin is mó atá buailte;

 bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá buailte;

 bearta chun tacú leis na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá buailte, agus iad siúd atá fostaithe iontu;

 bearta chun tacú le gnólachtaí agus pobail áitiúla atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe;

 bearta chun tacú le gnólachtaí, go háirithe FBManna, lena n-áirítear micrifhiontair, oibrithe agus pobail áitiúla atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na Ríochta Aontaithe, go háirithe iad siúd nach féidir leo a ngníomhaíochtaí a athlonnú in uiscí eile;

 bearta chun tacú le hiascairí agus oibreoirí le haghaidh scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta mar a shainmhínítear i [Rialachán (AE) Uimh. XX/20XX (Rialachán CEMID)] agus cúiteamh d’oibreoirí sna hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe, lena n-áirítear próiseáil táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe, dá n-ioncam a tarscaoileadh nó do chostais bhreise de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus de bharr laghdú ar an rochtain ar uiscí na Ríochta Aontaithe;

 bearta chun tacú le fostaíocht trí scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus oiliúint in earnálacha atá buailte;

 bearta chun tacú le fostaíocht, le cuimsiú agus le cruthú post, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail áitiúla is mó atá buailte, agus é mar aidhm leo fostaíocht ar ardchaighdeán a bhaint amach, lena n-áirítear trí scéimeanna oibre gearr-ama, athsciliú agus uas-sciliú agus oiliúint in earnálacha atá buailte, lena n-áirítear an earnáil turasóireachta;

 bearta chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim, sláintíocha agus fiteashláintíocha, slándála agus iascaigh a áirithiú, mar aon le bailiú cánach indírí lena n-áirítear pearsanra agus bonneagar breise;

 bearta chun feidhmiú rialuithe teorann, custaim, sláintíocha agus fiteashláintíocha, slándála agus iascaigh a áirithiú, mar aon le bailiú cánach indírí lena n-áirítear pearsanra, oiliúint agus bonneagar breise;

 bearta chun córais lena ndeimhnítear agus lena n-údaraítear táirgí a éascú, chun cuidiú le ceanglais bhunaíochta a chomhlíonadh, chun lipéadú agus marcáil a éascú, mar shampla le haghaidh sábháilteachta, agus caighdeáin sláinte agus chomhshaoil, agus chun cuidiú le haitheantas frithpháirteach;

 bearta chun córais lena ndeimhnítear agus lena n-údaraítear táirgí a éascú, chun cuidiú le ceanglais bhunaíochta a chomhlíonadh, chun lipéadú agus marcáil a éascú, mar shampla le haghaidh caighdeáin sábháilteachta, sláinte, chomhshaoil agus shóisialta, agus chun cuidiú le haitheantas frithpháirteach, lena n-áirítear pearsanra agus bonneagar breise;

 bearta atá ceaptha chun tacú le hathimeascadh shaoránaigh an Aontais a fhágann an Ríocht Aontaithe, amhail cúnamh agus treoir;

 bearta le haghaidh cumarsáide, faisnéise agus ardú feasachta do shaoránaigh agus gnólachtaí faoi athruithe ar a gcearta agus a n-oibleagáidí mar gheall ar an tarraingt siar

 bearta le haghaidh cumarsáide, comhairle dlíthiúil, faisnéise agus ardú feasachta do shaoránaigh agus do ghnólachtaí faoi athruithe ar a gcearta agus a n-oibleagáidí mar gheall ar an tarraingt siar;

 cúnamh teicniúil do na comhlachtaí atá freagrach as an gCúlchiste a chur chun feidhme,

suas le huasmhéid 2.5 % de leithdháileadh Ballstáit le haghaidh Ballstát a bhfuil leithdháileadh níos lú ná EUR 30 milliún acu,

suas le huasmhéid EUR 750 000 do Bhallstáit ag a bhfuil leithdháileadh idir EUR 30 milliún agus EUR 50 milliún acu,

suas le huasmhéid 1.5 % de leithdháileadh Ballstáit le haghaidh Ballstát a bhfuil leithdháileadh níos mó ná EUR 50 milliún acu.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>24</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh caiteachas incháilithe má thabhaítear é agus má íoctar é le linn na tréimhse tagartha le haghaidh bearta a ghlacfar sa Bhallstát lena mbaineann nó chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann.

2. Beidh caiteachas incháilithe má thabhaítear é agus má íoctar é, ar leibhéal na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus na bhfaighteoirí deiridh araon, le linn na tréimhse tagartha le haghaidh bearta a ndéanfar sa Bhallstát agus sa réigiún lena mbaineann nó chun tairbhe an Bhallstáit nó an réigiúin lena mbaineann.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>25</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 5 – mír 3</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Agus bearta tacaíochta á gceapadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh tionchar éagsúil tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar réigiúin éagsúla agus ar phobail áitiúla éagsúla agus díreoidh siad tacaíocht ón gCúlchiste orthu sin is mó atá buailte, de réir mar is iomchuí.

3. Agus bearta tacaíochta á gceapadh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh tionchar éagsúil tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas ar réigiúin éagsúla agus ar phobail áitiúla éagsúla agus díreoidh siad tacaíocht ón gCúlchiste orthu sin is mó atá buailte, de réir mar is iomchuí. Rachaidh na Ballstáit i mbun comhairliúcháin fhóinteacha, chuimsitheacha agus inrochtana le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear comhpháirtithe sóisialta.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>26</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 6</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní thacóidh an Cúlchiste leis an méid seo a leanas:

Ní thacóidh an Cúlchiste leis an méid seo a leanas:

 cáin bhreisluacha;

 cáin bhreisluacha;

 cúnamh teicniúil maidir le bainistiú, faireachán, faisnéis agus cumarsáid, réiteach gearán, agus rialú agus iniúchadh an Chúlchiste;

 caiteachas a thacaíonn le hathshocrú mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(6);

 caiteachas a thacaíonn le hathshocrú mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(6);

 caiteachas a thacaíonn le hathshocrú i gcomhréir le hAirteagal 14(16) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún, i gcás inarb ionann ranníocaíocht as an gCúlchiste agus státchabhair.

 caiteachas a thacaíonn le hathshocrú i gcomhréir le hAirteagal 14(16) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún, i gcás inarb ionann ranníocaíocht as an gCúlchiste agus státchabhair;

 bearta chun tacú leis na codanna sin den earnáil airgeadais agus baincéireachta a bhfuil tionchar dearfach ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas orthu;

 bearta nach n-urramaíonn cuspóirí comhshaoil an Aontais, Comhaontú Pháras, prionsabal na neamhdhíobhála mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip, Colún Eorpach na gCeart Sóisialta nó Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>27</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 7 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an ranníocaíocht as an gCúlchiste chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chur chun feidhme chun foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta a sholáthar. Beidh ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm aisíocaíochta costas incháilithe a thabhaigh agus a d’íoc na Ballstáit go hiarbhír agus na bearta á gcur chun feidhme acu.

2. Bainfidh na Ballstáit úsáid as an ranníocaíocht as an gCúlchiste chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 5 a chur chun feidhme chun foirmeacha neamh-iníoctha tacaíochta a sholáthar. Beidh ranníocaíocht an Aontais i bhfoirm aisíocaíochta costas incháilithe a thabhaigh agus a d’íoc na Ballstáit go hiarbhír agus na bearta á gcur chun feidhme acu, ar leibhéal na gcomhlachtaí arna n-ainmniú agus na bhfaighteoirí deiridh araon.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>28</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 7 – mír 5</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. De mhaolú ar Airteagal 12 den Rialachán Airgeadais, tabharfar anonn go huathoibríoch leithreasuithe gealltanais agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin Rialachán seo agus féadfar iad a úsáid go dtí an 31 Nollaig 2025. Is sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin a ídeofar na leithreasuithe a tugadh anonn i dtús báire.

5. De mhaolú ar Airteagal 12 den Rialachán Airgeadais, tabharfar anonn go huathoibríoch leithreasuithe gealltanais agus íocaíochtaí nár úsáideadh faoin Rialachán seo agus féadfar iad a úsáid go dtí an 31 Nollaig 2026. Is sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin a ídeofar na leithreasuithe a tugadh anonn i dtús báire.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>29</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 8 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Leagtar amach in Iarscríbhinn I na critéir leithdháilte don réamh-mhaoiniú atá le híoc ag an gCoimisiún leis na Ballstáit.

scriosta

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>30</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 8 – mír 3</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Íocfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú laistigh de 60 lá ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2. Déanfar é a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 11.

3. Íocfaidh an Coimisiún tráthchuid 2021 den réamh-mhaoiniú laistigh de 30 lá ó dháta glactha an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2. Déanfar tráthchodanna 2022 agus 2023 den réamh-mhaoiniú a íoc i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme. Déanfar an réamh-mhaoiniú a imréiteach i gcomhréir le hAirteagal 11.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>31</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 9 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh na Ballstáit iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2023. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas sin agus suífidh sé an bhfuil méideanna breise dlite do na Ballstáit nó ar cheart aon mhéid a aisghabháil ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11.

1. Déanfaidh na Ballstáit iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2024. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas sin agus suífidh sé an bhfuil méideanna breise dlite do na Ballstáit nó ar cheart aon mhéid a aisghabháil ó na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 11.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>32</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 9 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás nach gcuireann Ballstát iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2023, aisghabhfaidh an Coimisiún an méid iomlán a íocadh mar réamh-mhaoiniú leis an mBallstát sin.

2. I gcás nach gcuireann Ballstát iarratas ar ranníocaíocht airgeadais as an gCúlchiste faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2024, aisghabhfaidh an Coimisiún an méid iomlán a íocadh mar réamh-mhaoiniú leis an mBallstát sin.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>33</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 10 – mír 1</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bunófar an t-iarratas ar an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Áireofar san iarratas faisnéis maidir leis an gcaiteachas poiblí iomlán arna thabhú agus arna íoc ag na Ballstáit agus maidir le luachanna na dtáscairí aschuir le haghaidh na mbeart a dtacaíodh leo. I dteannta leis sin beidh na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais mar aon le tuarascáil ar chur chun feidhme.

1. Bunófar an t-iarratas ar an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Áireofar san iarratas faisnéis maidir leis an gcaiteachas poiblí iomlán arna thabhú agus arna íoc ag na Ballstáit, arna imdhealú de réir réigiún NUTS 2 inar tabhaíodh an caiteachas, luachanna na dtáscairí aschuir agus toraidh agus, i gcás inarb indéanta, táscairí tionchair le haghaidh na mbeart arna dtacú. I gcás gach táscaire, sannfaidh an t-iarratasóir, i gcás inarb iomchuí, tacar spriocanna chun éifeachtacht an chaiteachais a thomhas. I dteannta leis sin beidh na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 5, 6 agus 7 d’Airteagal 63 den Rialachán Airgeadais mar aon le tuarascáil ar chur chun feidhme ina mbeidh bonn cirt le dáileadh an chaiteachais ar réigiúin NUTS 2 lena léireofar gur ar na réigiúin is mó atá buailte a leithdháileadh an tacaíocht go príomha, i gcás inarb ábhartha. Foilseoidh an Coimisiún na hiarratais agus na doiciméid a ghabhann leo.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>34</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 10 – mír 2</Article>

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa tuarascáil ar chur chun feidhme le haghaidh an Chúlchiste:

2. Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa tuarascáil ar chur chun feidhme le haghaidh an Chúlchiste:

 tuairisc ar thionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i dtéarmaí eacnamaíocha agus sóisialta lena n-áirítear sainaithint na réigiún, limistéar agus na n-earnálacha is mó atá buailte;

 tuairisc ar thionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas i dtéarmaí eacn