MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
31.5.2021 - (05444/2021 – C9‑0171/2021 – 2021/0003(NLE)) - ***
An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Heidi Hautala
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
(05444/2021 – C9‑0171/2021 – 2021/0003(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05444/2021),
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil (CGTT) 1994, i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal CLXXV an Aontais Eorpaigh de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (05445/2021),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0171/2021),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0180/2021),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na Téalainne.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
I mí Dheireadh Fómhair 2018, sheol AE an próiseas caibidlíochta go foirmiúil faoi Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) le roinnt Comhaltaí de EDT sa Ghinéiv. Is é bunphrionsabal na gcaibidlíochtaí ná an ‘cur chuige comhpháirteach’ a forbraíodh idir AE agus an Ríocht Aontaithe in 2017 maidir le conas na tiomantais chainníochtúla atá in sceideal AE28 EDT do tharaif-chuótaí talmhaíochta, éisc agus tionsclaíoch 143 AE a ‘chionroinnt’. Is é bunús an chur chuige seo ná go gcoimeádfar méid reatha gach cuóta ráta taraife ina iomláine amach anseo, ach go ndéanfar iad a roinnt idir dhá chríoch custaim éagsúla: AE27 agus an Ríocht Aontaithe.
Tá prionsabal na modheolaíochta atá i bhfeidhm bunaithe ar shreabhadh trádála isteach in AE27 agus isteach sa Ríocht Aontaithe i rith tréimhse tagartha ionadaíochta (de 3 bliana ó 2013 go 2015) do gach cuóta ráta taraife de chuid EDT.
An 15 Meitheamh 2018, thug an Chomhairle údarú don Choimisiún caibidlíochtaí a sheoladh faoi Airteagal XXVIII CGTT leis na Comhaltaí ábhartha EDT d’fhonn lamháltais EDT an Aontais ar chuótaí ráta taraife a chionroinnt.
Tá tuairisc mhionsonraithe ar mhodheolaíocht na cionroinnte atá comhaontaithe ar fáil i Rialachán ón gComhairle agus ón bParlaimint (AE) 2019/216. Go sonrach, le hAirteagal 2(b) den Rialacháin seo, tugtar de chumhacht don Choimisiún na scaireanna cionroinnte a leasú agus eolas ábhartha a d’fhéadfadh sé a fháil i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí faoi Airteagal XXVIII de CGTT 1994 nó ó fhoinsí eile lena mbaineann leas i dtaraif ráta cuóta ar leith á gcur san áireamh.
Chuathas i gcomhairle go rialta leis an gComhairle (an Coiste um an mBeartas Trádála) maidir le hábhar agus dul chun cinn na gcaibidlíochtaí. Is é a bhí mar thoradh ar na caibidlíochtaí le Ríocht na Téalainne ná comhaontú ar cuireadh inisealacha leis an 7 Eanáir 2021 sa Ghinéiv (“an Comhaontú”).
Dá bharr sin, molann an Coimisiún Eorpach don Chomhairle tabhairt i gcrích an chomhaontaithe a údarú.
I gcomhréir le hAirteagal 218(6) CFAE, tá toiliú Pharlaimint na hEorpa ag teastáil chun go nglacfaidh an Chomhairle cinneadh lena dtabharfar an Comhaontú i gcrích.
I bhfianaise an mhéid thuasluaite, molann an Rapóirtéir go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú an comhaontú a thabhairt i gcrích.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na Téalainne i ndáil le modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach |
|||
Tagairtí |
05444/2021 – C9-0171/2021 – 2021/0003(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
10.5.2021 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 17.5.2021 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim uathu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 17.5.2021 |
AGRI 17.5.2021 |
PECH 17.5.2021 |
|
Gan tuairimí a thabhairt Dáta an chinnidh |
ITRE 28.1.2021 |
AGRI 23.3.2021 |
PECH 22.3.2021 |
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Heidi Hautala 28.1.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
25.5.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
37 1 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Raphaël Glucksmann, Markéta Gregorová, Roman Haider, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Margarida Marques, Gabriel Mato, Sara Matthieu, Emmanuel Maurel, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Sven Simon, Dominik Tarczyński, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Jan Zahradil, Juan Ignacio Zoido Álvarez |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jean-Lin Lacapelle, Morten Løkkegaard |
|||
Dáta don chur síos |
31.5.2021 |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
37 |
+ |
ECR |
Sergio Berlato, Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Dominik Tarczyński |
ID |
Roman Haider, Maximilian Krah |
NI |
Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó |
PPE |
Anna-Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Juan Ignacio Zoido Álvarez |
Renew |
Barry Andrews, Jordi Cañas, Karin Karlsbro, Morten Løkkegaard, Samira Rafaela, Marie-Pierre Vedrenne |
S&D |
Miroslav Číž, Paolo De Castro, Raphaël Glucksmann, Bernd Lange, Margarida Marques, Inma Rodríguez-Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt |
The Left |
Emmanuel Maurel |
Verts/ALE |
Markéta Gregorová, Heidi Hautala, Sara Matthieu |
1 |
- |
ID |
Danilo Oscar Lancini |
3 |
0 |
ID |
Herve Juvin, Jean-Lin Lacapelle |
The Left |
Helmut Scholz |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh