Tuarascáil - A9-0195/2021Tuarascáil
A9-0195/2021

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, rialuithe lena n-áiritheofaí comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe ábhar frithmhiocróbach

4.6.2021 - COM(2021)0108 – C9‑0094/2021 – 2021/0055(COD)) - ***I

An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir: Pascal Canfin


Nós Imeachta : 2021/0055(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0195/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0195/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, rialuithe lena n-áiritheofaí comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe ábhar frithmhiocróbach

(COM(2021)0108 – C9‑0094/2021 – 2021/0055(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2021)0108),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 43(2), d’Airteagal 114 agus d’Airteagal 168(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0094/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

 tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle8, leagtar síos rialacha maidir le, inter alia, táirgí íocshláinte tréidliachta a rialú agus a úsáid.

(2) Le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle8, leagtar síos rialacha maidir le, inter alia, táirgí íocshláinte tréidliachta a rialú agus a úsáid, le béim ar leith ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.

__________________

__________________

8 Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

8 Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Faoi Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, oibreoirí tríú tíortha a dhéanann ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairiú chuig an Aontas, ceanglaítear orthu urraim a thabhairt don toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach chun an fás a spreagadh agus chun an táirgeacht a mhéadú, agus don toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine d’fhonn éifeachtúlacht na bhfrithmhiocróbach sin a chaomhnú.

(3) I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6, áirithítear úsáid ábhar frithmhiocróbach níos stuama agus níos freagraí in ainmhithe, inter alia, trí bhíthin na dtoirmeasc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus ar úsáid ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine. Faoi Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, oibreoirí tríú tíortha a dhéanann ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairiú chuig an Aontas, ceanglaítear orthu urraim a thabhairt do na toirmisc sin. Mar a leagtar amach in Aithris (49) den Rialachán sin, tá sé tábhachtach breithniú a dhéanamh ar an ngné idirnáisiúnta a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a fhorbairt trí bhearta neamh-idirdhealaitheacha agus comhréireacha a dhéanamh, agus oibleagáidí an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ag an am céanna.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6, cuirtear leis an bPlean Gníomhaíochta ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach9, trí chosc agus rialú ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú agus trí úsáid níos stuama agus níos freagraí a chur chun cinn i leith úsáid frithmhiocróbach in ainmhithe. Léirítear é sin freisin sa straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, straitéis ina bhfuil sprioc uaillmhianach leagtha síos ag an gCoimisiún díolachán foriomláin na bhfrithmhiocróbach san Aontas i leith ainmhithe feirmshaothraithe agus i leith an dobharshaothraithe a laghdú 50 % faoi 2030.

(4) Le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6, cuirtear leis an bPlean Gníomhaíochta ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach9, trí chosc agus rialú ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú agus trí úsáid níos stuama agus níos freagraí a chur chun cinn i leith úsáid frithmhiocróbach in ainmhithe.

__________________

__________________

9 An Coimisiún Eorpach, Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach, Meitheamh 2017, https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/antimicrobial_resistance/docs/amr_2017_action-plan.pdf

9 An Coimisiún Eorpach, Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach, Meitheamh 2017, https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/antimicrobial_resistance/docs/amr_2017_action-plan.pdf

10 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.

10 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.

Réasúnú

Tá tuarascáil INI ar an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ á dréachtú ag an bParlaimint faoi láthair. Ós rud é nach bhfuil seasamh na Parlaiminte maidir leis an straitéis glactha go fóill, ní mheastar gurb iomchuí barúlacha faoin straitéis a chur leis an bpíosa reachtaíochta seo, atá bunaithe ar an méid a leagadh síos sa Rialachán maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) An toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus an toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine, ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach na dtoirmeasc sin a áirithiú, ba cheart rialuithe oifigiúla maidir lena fhíorú go gcomhlíonann ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear chuig an Aontas Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, ba cheart rialuithe oifigiúla maidir leis sin a thabhairt faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625.

(5) An toirmeasc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus an toirmeasc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine, ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach na dtoirmeasc sin a áirithiú, ba cheart a áireamh i raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 rialuithe oifigiúla maidir le fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear chuig an Aontas le hAirteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, agus arís oibleagáidí an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta á n-urramú ag an am céanna.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) I gcomhréir le hAirteagal 18(7)(g) de Rialachán (AE) 2017/625, glacfaidh an Coimisiún rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar chritéir agus ar choinníollacha chun a chinneadh, i ndáil le muiríní, gastrapóid mhara agus súmairí cladaigh, nuair nach bhfuil limistéir tháirgthe agus athsheachadta le haicmiú. Aicmítear súmairí cladaigh faoin bhfíleam Eicínideirmigh. Go ginearálta, ní ainmhithe scagbheathóirí iad Eicínideirmigh. Dá bhrí sin, is fánach an riosca go gcnuasódh na hainmhithe sin miocrorgánaigh a bhaineann le héilliú faecach. Ina theannta sin, níor tuairiscíodh aon fhaisnéis eipidéimeolaíochta a d’fhéadfadh rioscaí don tsláinte phoiblí a nascadh le hEicínideirmigh nach scagbheathóirí iad. Ar an gcúis sin, maidir leis an bhféidearthacht a leagtar síos in Airteagal 18(7)(g) de Rialachán (AE) 2017/625 i ndáil le maolú ar an gceanglas limistéir tháirgthe agus athsheachadta a aicmiú, ba cheart í a leathnú chuig na heicínideirmigh uile nach scagbheathóirí iad, mar shampla iad siúd a bhaineann le haicme na gcuán mara, agus níor cheart í a theorannú do shúmairí cladaigh. Ar an gcúis chéanna, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag na coinníollacha maidir le haicmiú agus faireachán a dhéanamh ar limistéir tháirgthe agus athsheachadta arna n-aicmiú atá le leagan síos ag an gCoimisiún maidir le moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhara, cé is moite de na gastrapóid mhara agus na heicínideirmigh sin nach scagbheathóirí iad. Ba cheart an téarmaíocht a úsáidtear in Airteagal 18(6) go (8) de Rialachán (AE) 2017/625 a ailíniú dá réir.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Rialachán (AE) 2017/625

Airteagal 18

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(1a)  Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

 

(a)  cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

6.  Chun críche na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 agus a dhéantar i ndáil le moilisc dhébhlaoscacha bheo, déanfaidh na húdaráis inniúla limistéir táirgthe agus athsheachadta a aicmiú.

“6.  Chun críoch na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1 agus a dhéantar i ndáil le moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhara, déanfaidh na húdaráis inniúla limistéir tháirgthe agus athsheachadta a aicmiú.

 

(b)  i mír 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g):

(g)  na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain, i ndáil le Pectinidae, gastrapóid mhuirí, agus Holothuroidea, de mhaolú ar mhír 6, nach n-aicmeofar limistéir táirgthe agus athsheachadta;

“(g)  na critéir agus na coinníollacha chun a chinneadh cathain, de mhaolú ar mhír 6, nach n-aicmeofar limistéir tháirgthe agus athsheachadta i ndáil leis an méid seo a leanas;

 

(i)  Muiríní, agus

 

(ii)  nuair nach scagbheathóirí iad: eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhara;”

 

(c)  i mír 8, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b)  na coinníollacha maidir le haicmiú agus faireachán a dhéanamh ar limistéir aicmithe táirgthe agus athsheachadta do mhoilisc dhébhlaoscacha bheo;

“(b)  na coinníollacha maidir le haicmiú agus faireachán a dhéanamh ar limistéir aicmithe táirgthe agus athsheachadta do mhoilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhara;”

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm aige ón 28 Eanáir 2022.

Beidh feidhm aige ó dháta an teacht i bhfeidhm. Mar sin féin, beidh feidhm ag pointe 1 d’Airteagal 1 ón 28 Eanáir 2022.


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Is fadhb sláinte atá ag dul i méid san Aontas agus ar fud an domhain an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i dtáirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus i dtáirgí íocshláinte tréidliachta araon. Mar gheall ar chastacht na faidhbe, ar a gné thrasteorann agus ar an ualach ard eacnamaíoch, is ábhar imní anois í don tsláinte phoiblí ar fud an domhain a théann i gcion ar an tsochaí i gcoitinne agus a éilíonn gníomhaíocht phráinneach agus chomhordaithe ar fud earnálacha éagsúla.

 

Is bunchloch í úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha chun aghaidh a thabhairt ar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, chomh maith a mhéid a bhaineann leis an ngné idirnáisiúnta. Luadh go soiléir, dá bhrí sin, in aithris 49 den rialachán maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta (Rialachán (AE) 2019/6 an 11 Nollaig 2018) gur cheart a áirithiú go n-urramóidh oibreoirí i dtríú tíortha coinníollacha bunúsacha áirithe a bhaineann le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha le haghaidh ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear chuig an Aontas. Le haon ghníomhaíocht den sórt sin, ba cheart oibleagáidí an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a urramú. Ba cheart don mhéid sin chur leis an gcomhrac idirnáisiúnta in aghaidh frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha go háirithe i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta Domhanda EDS agus le Straitéis OIE maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach agus Úsáid Stuama Ábhar Frithmhiocróbach.

 

Níl ach aon bhealach amháin ann atá éifeachtach chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha a bhaineann le hallmhairiú ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha. Is é an bealach sin ná an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla a leasú chun fíorú chomhlíonadh na rialacha maidir le húsáid stuama ábhar frithmhiocróbach a chumhdach leis. Dá bhrí sin, tá an Rapóirtéir ag tacú le haidhm an togra seo agus tuigeann sé a thábhachtaí atá sé na rialuithe uile is gá a bheith i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le hainmhithe agus táirgí ainmhithe a allmhairítear ag an am céanna a bheidh an rialachán maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta i bhfeidhm an 28 Eanáir 2022.


25.5.2021

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE

chuig an gCoiste  um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, rialuithe lena n-áiritheofaí comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe ábhar frithmhiocróbach

(COM(2021)0108 – C9‑0094/2021 – 2021/0055(COD))

Rapóirtéir: Ivan David

 

RÉASÚNÚ GEARR

Tiocfaidh Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta in ionad an chreata dhlíthiúil do tháirgí íocshláinte tréidliachta a leagtar síos le Treoir 2001/82/CE agus le Rialachán (CE) Uimh. 726/2004, i bhfeidhm an 28 Eanáir 2022. Is iad Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 agus Treoir 2001/82/CE atá i bhfeidhm faoi láthair, agus Rialachán (AE) 2019/6, an chuid shubstainteach de reachtaíocht chuimsitheach AE maidir le húsáid frithmhiocróbach i dtalmhaíocht agus i mbia.

Leagtar síos in Airteagal 118 den Chaibidil maidir le ‘Soláthar agus Úsáid’ (táirgí íocshláinte tréidliachta) de Rialachán (AE) 2019/6 na coinníollacha maidir le hainmhithe agus táirgí ainmhithe a allmhairiú ó thríú tíortha. Go sonrach, leagtar síos i mír 1 dhá shrian bhunúsacha ar oibreoirí i dtríú tíortha, a chuirtear i bhfeidhm go comhuaineach laistigh den Aontas:

 toirmeasc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach chun feidhmíocht a fheabhsú (tagairt d’Airteagal 107(2)), agus

 toirmeasc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach roghnaithe, nó grúpaí ábhar frithmhiocróbach, a fhorchoimeádtar le reachtaíocht AE chun galair áirithe daoine a chóireáil (tagairt d’Airteagal 37(5)).

Is é is cuspóir do na forálacha sin éifeachtacht na n-ábhar frithmhiocróbach ábhartha a choimeád ar bun. Má bhaintear úsáid as na cógais sin, sa chéad chás ar bhonn uilíoch chun críoch neamhleighis, agus sa dara cás sa leigheas tréidliachta go ginearálta, d’fhéadfadh forbairt nó leathadh na frithsheasmhachta miocróbaí a bheith mar thoradh air sin, rud a d’fhágfadh go mbeadh éifeachtacht laghdaithe nó mí-éifeachtacht ag na frithmhiocróbaigh sin i gcóireáil ionfhabhtuithe tromchúiseacha, i ndaoine sa chéad chás agus in ainmhithe freisin.

Beidh toirmeasc ar ainmhithe ar cuireadh cóireáil orthu de shárú ar na hoibleagáidí thuas a allmhairiú isteach in AE, amhail mar a bheidh ar tháirgí ó na hainmhithe sin.

Sonraítear in Airteagal 118(2) den Rialachán, ina theannta sin, go bhfuil an Coimisiún le gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun forálacha Airteagal 118 a fhorlíonadh le rialacha mionsonraithe maidir le mír 1 a chur i bhfeidhm.

Murab ionann agus reachtaíocht eile lena leagtar síos rialacha maidir le hainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch, níl aon fhorálacha bunúsacha i Rialachán (AE) 2019/6 maidir le coinníollacha allmhairiúcháin ná maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le comhlíonadh na gceanglas allmhairiúcháin sin.

Ó dheireadh na bliana 2019, tá saincheist na rialuithe oifigiúla sa bhiashlabhra, lena n-áirítear rialuithe ar allmhairí ainmhithe agus táirgí ainmhithe, á rialú leis an gcreat aonfhoirmeach rialála a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí. Is é Rialachán (AE) 2017/625 an chuid a bhaineann le nósanna imeachta i reachtaíocht chuimsitheach an Aontais maidir le húsáid ábhar frithmhiocróbach sa talmhaíocht agus i mbia. Leagtar síos leis an bhforáil seo na rialacha nós imeachta maidir le rialuithe a dhéanamh ar chomhlíonadh an toirmisc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach sa talmhaíocht agus i mbia, lena n-áirítear rialuithe ar chomhlíonadh an toirmisc sin i ndáil le tráchtearraí a allmhairítear ó thríú tíortha.

Luaitear in Airteagal 1(4)(c) den Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla, áfach, nach bhfuil feidhm ag an Rialachán sin i ndáil le rialuithe oifigiúla chun a fhíorú go gcomhlíontar Treoir 2001/82/CE maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta. A luaithe a thiocfaidh Rialachán (AE) 2019/6 i bhfeidhm, beidh an tagairt don treoir ina tagairt don rialachán sin. Dá bhrí sin, le foclaíocht reatha Airteagal 1(4)(c), eisiatar Rialachán (AE) 2019/6 ina iomláine óna raon feidhme, rud a chuireann cosc go héifeachtach ar rialuithe éifeachtacha ar thráchtearraí allmhairithe chun a fháil amach an bhfuil ábhair fhrithmhiocróbacha iontu, nó iarmhair díobh, a bhfuil a n-úsáid toirmiscthe san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 118 den Rialachán maidir le ‘Táirgí Íocshláinte Tréidliachta’.

Chun oibriú an chórais a áirithiú maidir le rialuithe ar chomhlíonadh na rialacha maidir le húsáid ábhar frithmhiocróbach sa talmhaíocht agus i mbianna, lena n-áirítear i ndáil le tráchtearraí a allmhairítear ó thríú tíortha, is gá rialáil shubstainteach agus rialáil nós imeachta na saincheiste sin a chomhchuibhiú agus a idirnascadh i ndlí an Aontais.

Chun machaire comhréidh a chruthú do tháirgeoirí laistigh agus lasmuigh de AE, aon srianta agus toirmisc ar úsáid ábhar frithmhiocróbach, a chaithfidh táirgeoirí i dtíortha AE a chomhlíonadh, ní mór feidhm a bheith acu freisin maidir le tráchtearraí a allmhairítear ó thríú tíortha. Tá na rialacha maidir le hiarmhair fhrithmhiocróbacha a bheith i gcoirp ainmhithe agus i dtáirgí ainmhithe a allmhairítear ó thríú tíortha leagtha síos in Airteagal 118 den ‘Rialachán maidir le Táirgí Íocshláinte Tréidliachta’ mar oibleagáid shonrach ar oibreoirí a allmhairíonn tráchtearraí den sórt sin ó thríú tíortha a áirithiú nach ndéantar ach ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i ndlí AE do thráchtearraí den sórt sin a allmhairiú isteach i gcómhargadh an Aontais.

Le leagan amach reatha Rialachán (AE) 2019/6, ní cheadaítear nósanna imeachta rialaithe éifeachtacha a bhunú toisc gur ceapadh é mar chreat le haghaidh reachtaíocht náisiúnta maidir le faireachas ar chógais. Thairis sin, is gnách go dtagann rialuithe ainmhithe allmhairithe agus táirgí ainmhithe allmhairithe laistigh de raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla. In éagmais leasú ar Airteagal 1 den Rialachán seo, lena sainítear raon feidhme an Rialacháin seo, ní fhéadfaí rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh an toirmisc thuas i gcomhréir le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6.

Is é is cuspóir don leasú seo foclaíocht Airteagal 1 den Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla a mhodhnú chun rialuithe a chomhtháthú i raon feidhme an Rialacháin maidir le Rialuithe Oifigiúla chun comhlíonadh Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6 a fhíorú.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a) Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a leagtar síos rialacha sonracha maidir le sláinteachas earraí bia, lena n-áirítear, de bhun Airteagal 6(1), pointe (c)(i), de, i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch ó lasmuigh den Chomhphobal’;

 

__________

 

1a Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139 an 30.4.2004, lch. 55).

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Faoi Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, oibreoirí tríú tíortha a dhéanann ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairiú chuig an Aontas, ceanglaítear orthu urraim a thabhairt don toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach chun an fás a spreagadh agus chun an táirgeacht a mhéadú, agus don toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine d’fhonn éifeachtúlacht na bhfrithmhiocróbach sin a chaomhnú.

(3) Faoi Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, oibreoirí tríú tíortha a dhéanann ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairiú chuig an Aontas, ceanglaítear orthu urraim a thabhairt do chaighdeáin an Aontais agus don toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach chun an fás a spreagadh agus chun an táirgeacht a mhéadú, agus don toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine d’fhonn éifeachtúlacht na bhfrithmhiocróbach sin a chaomhnú.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6, cuirtear leis an bPlean Gníomhaíochta ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach9, trí chosc agus rialú ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú agus trí úsáid níos stuama agus níos freagraí a chur chun cinn i leith úsáid frithmhiocróbach in ainmhithe. Léirítear é sin freisin sa straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’10, straitéis ina bhfuil sprioc uaillmhianach leagtha síos ag an gCoimisiún díolachán foriomláin na bhfrithmhiocróbach san Aontas i leith ainmhithe feirmshaothraithe agus i leith an dobharshaothraithe a laghdú 50 % faoi 2030.

(4) Le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/6, cuirtear leis an bPlean Gníomhaíochta ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh ábhar frithmhiocróbach9, trí chosc agus rialú ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a fheabhsú agus trí úsáid níos stuama agus níos freagraí a chur chun cinn i leith úsáid frithmhiocróbach in ainmhithe. Léirítear é sin freisin sa straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’10, straitéis ina bhfuil sprioc uaillmhianach leagtha síos ag an gCoimisiún díolachán foriomláin na bhfrithmhiocróbach san Aontas i leith ainmhithe feirmshaothraithe agus i leith an dobharshaothraithe a laghdú 50 % faoi 2030. Fiú tar éis laghdú a bheith tagtha ar úsáid frithmhiocróbach san Eoraip, ba cheart go leanfaí den obair agus ba cheart seasamh ar fud an domhain ar fad leis an gcomhrac i gcoinne mí-úsáid agus ró-úsáid ábhar frithmhiocróbach. Tá gá, dá bhrí sin, le cur chuige comhordaithe domhanda i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh frithmhiocróbach, ar cur chuige é lena mbunófar, nuair is féidir, spriocanna laghdaithe do thíortha, agus suíomhanna tosaigh na dtíortha agus réamhriachtanais shonracha á gcur san áireamh.

_________________

_________________

9 An Coimisiún Eorpach, Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach, Meitheamh 2017, https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/antimicrobial_resistance/docs/amr_2017_action-plan.pdf

9 An Coimisiún Eorpach, Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach, Meitheamh 2017, https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/antimicrobial_resistance/docs/amr_2017_action-plan.pdf

10 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.

10 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) An toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus an toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine, ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach na dtoirmeasc sin a áirithiú, ba cheart rialuithe oifigiúla maidir lena fhíorú go gcomhlíonann ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear chuig an Aontas Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, ba cheart rialuithe oifigiúla maidir leis sin a thabhairt faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625.

(5) An toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach chun fás a chur chun cinn agus an táirgeacht a mhéadú agus an toirmeasc ar úsáid frithmhiocróbach atá le forchoimeád chun cóir leighis a chur ar ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine, ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtach na dtoirmeasc sin a áirithiú, ba cheart rialuithe oifigiúla maidir lena fhíorú go gcomhlíonann ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear chuig an Aontas Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6, ba cheart rialuithe oifigiúla maidir leis sin a thabhairt faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625. Tá bearta níos coiscthí á n-iarraidh i dtuarascáil RONAFA 2017 sa chomhrac i gcoinne na frithsheasmhachta in aghaidh frithmhiocróbach. D’fhéadfadh caighdeáin níos airde leasa ainmhithe agus cur chun feidhme níos fearr reachtaíochta maidir le leasa ainmhithe, mar aon le húsáid uirlisí coisctheach amhail vacsaíní agus úsáid teicneolaíochtaí nuálacha maidir le sláinte ainmhithe amhail diagnóisic, an gá atá le hábhair fhrithmhiocróbacha a laghdú.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 a (nua)

Rialachán (CE) Uimh  853/2004

Airteagal 1 – mír 3 – pointe d

 

An téacs atá ann

Leasú

 

Airteagal 1a

 

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 mar a leanas:

 

In Airteagal 1(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

(d) cainníochtaí beaga feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh a mharaítear ar an bhfeirm a bheith á soláthar ag an táirgeoir go díreach don tomhaltóir deiridh, nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn feoil den sórt sin go díreach don tomhaltóir deiridh mar fheoil úr;

(d) cainníochtaí beaga feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh a mharaítear ar an bhfeirm a bheith á soláthar ag an táirgeoir go díreach don tomhaltóir deiridh, nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn an fheoil sin go díreach don tomhaltóir deiridh”.


NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, rialuithe lena n-áiritheofaí comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe frithmhiocróbach

Tagairtí

COM(2021)0108 – C9-0094/2021 – 2021/0055(COD)

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

11.3.2021

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

11.3.2021

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Ivan David

26.3.2021

Pléite sa choiste

21.5.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

21.5.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

44

1

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mazaly Aguilar, Clara Aguilera, Atidzhe Alieva-Veli, Álvaro Amaro, Eric Andrieu, Attila Ara-Kovács, Carmen Avram, Mara Bizzotto, Daniel Buda, Isabel Carvalhais, Asger Christensen, Angelo Ciocca, Ivan David, Paolo De Castro, Jérémy Decerle, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Dino Giarrusso, Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Martin Hlaváček, Krzysztof Jurgiel, Jarosław Kalinowski, Elsi Katainen, Gilles Lebreton, Chris MacManus, Colm Markey, Marlene Mortler, Ulrike Müller, Maria Noichl, Juozas Olekas, Pina Picierno, Maxette Pirbakas, Eugenia Rodríguez Palop, Bronis Ropė, Bert-Jan Ruissen, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Annie Schreijer-Pierik, Veronika Vrecionová, Sarah Wiener, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anja Hazekamp, Michaela Šojdrová, Thomas Waitz

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

44

+

ECR

Mazaly Aguilar, Krzysztof Jurgiel, Bert-Jan Ruissen, Veronika Vrecionová

ID

Mara Bizzotto, Angelo Ciocca, Ivan David, Gilles Lebreton, Maxette Pirbakas

PPE

Álvaro Amaro, Daniel Buda, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Jarosław Kalinowski, Colm Markey, Marlene Mortler, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Annie Schreijer-Pierik, Michaela Šojdrová, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Renew

Atidzhe Alieva-Veli, Asger Christensen, Jérémy Decerle, Martin Hlaváček, Elsi Katainen, Ulrike Müller

S&D

Clara Aguilera, Eric Andrieu, Attila Ara-Kovács, Carmen Avram, Isabel Carvalhais, Paolo De Castro, Maria Noichl, Juozas Olekas, Pina Picierno

The Left

Chris MacManus, Eugenia Rodríguez Palop

Verts/ALE

Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Bronis Ropė, Thomas Waitz, Sarah Wiener

 

1

-

The Left

Anja Hazekamp

 

1

0

NI

Dino Giarrusso

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas, rialuithe lena n-áiritheofaí comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe frithmhiocróbach

Tagairtí

COM(2021)0108 – C9-0094/2021 – 2021/0055(COD)

Dáta tíolactha chun PE

9.3.2021

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

11.3.2021

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AGRI

11.3.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Pascal Canfin

20.4.2021

 

 

 

Pléite sa choiste

15.3.2021

3.6.2021

 

 

Dáta an ghlactha

3.6.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

79

0

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurélia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Esther de Lange, Christian Doleschal, Bas Eickhout, Cyrus Engerer, Eleonora Evi, Agnès Evren, Pietro Fiocchi, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Athanasios Konstantinou, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Peter Liese, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ştefan Motreanu, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christel Schaldemose, Christine Schneider, Günther Sidl, Linea Søgaard-Lidell, Maria Spyraki, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Emma Wiesner, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Catherine Chabaud, Ivan David, Margarita de la Pisa Carrión, Radan Kanev

Dáta don chur síos

 

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

79

+

ECR

Sergio Berlato, Pietro Fiocchi, Joanna Kopcińska, Margarita de la Pisa Carrión, Rob Rooken, Alexandr Vondra, Anna Zalewska

ID

Simona Baldassarre, Aurélia Beigneux, Ivan David, Catherine Griset, Teuvo Hakkarainen, Joëlle Mélin, Luisa Regimenti, Silvia Sardone

NI

Athanasios Konstantinou

PPE

Bartosz Arłukowicz, Traian Băsescu, Alexander Bernhuber, Nathalie Colin‑Oesterlé, Christian Doleschal, Agnès Evren, Adam Jarubas, Radan Kanev, Ewa Kopacz, Esther de Lange, Peter Liese, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Dolors Montserrat, Dan‑Ştefan Motreanu, Ljudmila Novak, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Maria Spyraki, Pernille Weiss

Renew

Pascal Canfin, Catherine Chabaud, Martin Hojsík, Jan Huitema, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Nicolae Ştefănuță, Linea Søgaard‑Lidell, Nils Torvalds, Véronique Trillet‑Lenoir, Emma Wiesner

S&D

Nikos Androulakis, Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Cyrus Engerer, Jytte Guteland, Javi López, César Luena, Alessandra Moretti, Sándor Rónai, Christel Schaldemose, Günther Sidl, Petar Vitanov, Tiemo Wölken

The Left

Malin Björk, Anja Hazekamp, Petros Kokkalis, Silvia Modig, Mick Wallace

Vers/ALE

Margrete Auken, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly Metz, Ville Niinistö, Grace O'Sullivan, Jutta Paulus

 

0

-

 

 

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 17 Meitheamh 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais