TUARASCÁIL maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta
9.6.2021 - (2021/2025(INI))
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir don tuairim: Domènec Ruiz Devesa
Rapóirtéirí don tuairim (*):
Isabel García Muñoz, an Coiste um Rialú Buiséadach
Ilhan Kyuchyuk, An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
PR_INI
ÁBHAR
Leathanach
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint d’Airteagal 295 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint, go háirithe, d’Airteagal 2, Airteagal 3(1), an dara fomhír d’Airteagal 3(3), Airteagal 4(3) agus Airteagail 5, 6, 7 agus 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint do na Airteagail de CFAE, lena n-áirítear Airteagail 70, 258, 259, 260, 263 agus 265 de, a bhaineann le hurraim a thabairt don daonlathas, don smacht reachta agus do na cearta bunúsacha san Aontas, agus lena gcosaint agus lena gcur chun cinn,
– ag féachaint do Phrótacail Uimh. 1 ar ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach agus do Phrótacal Uimh. 2 ar chur i bhfeidhm phrionsabal na coimhdeachta agus na comhréireachta, atá i gceangal leis na Conarthaí,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (dá ngairtear ‘an Chairt’ anseo feasta),
– ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),
– ag féachaint d’Airteagal 49 de CAE, do chritéir Chóbanhávan agus don chorpas de rialacha de chuid an Aontais nach mór do thír is iarrthóir a chomhlíonadh más mian léi dul isteach san Aontas (an acquis),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir le Tuarascáil 2020 maidir leis an smacht reatha - staid an smachta reachta laistigh den Aontas Eorpach (COM(2020)0580),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint[1] (‘An Rialachán Coinníollachta maidir leis an Smacht Reachta’),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh 390/2014 ón gComhairle[2],
– ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,
– ag féachaint d’ionstraimí de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint chearta an duine agus le cosaint do chearta bunúsacha agus ag féachaint do na moltaí agus na tuarascálacha atá in Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cásdlí chomhlachtaí conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,
– ag féachaint do Dhearbhú 1998 na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,
– ag féachaint do na moltaí agus tuarascálacha ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ard-Choimisinéir um Mionlaigh Náisiúnta, ón Ionadaí maidir le Saoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE),
– ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, do Cairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, don Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin, na tuairimí agus na tuarascálacha ón gComhthionól Parlaiminteach, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile i gComhairle na hEorpa,
– ag féachaint do Mheabhrán Tuisceana an 23 Bealtaine 2007 idir Comhairle na hEorpa agus an tAontas Eorpach agus do chonclúidí ón gComhairle an 8 Iúil 2020 maidir le tosaíochtaí an Aontais don chomhar le Comhairle na hEorpa 2020-2022,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú,
– ag féachaint do shraith uirlisí Chomhairle na hEorpa do Bhallstáit dar teideal ‘Urraim don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta an duine faoi chuimsiú ghéarchéim sláintíochta COVID-19’, dar dáta an 7 Aibreán 2020,
– ag féachaint don Tuarascáil Eatramhach maidir leis na bearta a glacadh i mBallstáit AE mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19 agus a dtionchar ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha, a ghlac Coimisiún na Veinéise ag 124ú Seisiún Iomlánach an 8 Deireadh Fómhair 2020,
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa chun Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint,
– ag féachaint don togra réasúnaithe ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2017 maidir le riosca soiléir a chinneadh i dtaca le sárú tromchúiseach ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (COM(2017)0835),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Iúil 2019 dar teideal ‘An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú – Treoirphlean gníomhaíochta’ (COM(2019)0343),
– ag féachaint do Scórchlár Ceartais AE ó 2020,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meitheamh 2019 dar teideal ‘Further strengthening the Rule of Law within the Union: State of play and possible next steps’[‘An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú tuilleadh: an staid mar atá agus na chéad chéimeanna eile a d‘fhéadfadh a bheith ann’], inar moladh go mbunófaí fóram bliantúil maidir le cearta bunúsacha agus an smacht reachta,
– ag féachaint don tuarascáil ó nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a foilsíodh i Meitheamh 2020 agus dar teideal ‘National developments from a civil society perspective, 2018-2019’ [‘Forbairtí náisiúnta ó dhearcadh na sochaí sibhialta 2018-2019’],
– ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal ‘Challenges facing civil society organisations working on human rights in the EU’ [‘Dúshláin roimh Eagraíochtaí na Sochaí Sibhialta atá ag Obair ar Chearta an Duine in AE’] arna foilsiú an 17 Eanáir 2018, do na feasacháin ar na himpleachtaí do chearta bunúsacha a bhaineann le paindéim COVID-19 san Aontas Eorpach a foilsíodh in 2020, agus do thuarascálacha, sonraí agus uirlisí eile na Gníomhaireachta, go háirithe Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EFRIS),
– ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an 10 Meán Fómhair dar teideal ‘Frithsheimíteachas: Forléargas ar eachtraí frithsheimíteacha a taifeadadh san Aontas Eorpach’,
– ag féachaint don tuarascáil ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne dar teideal ‘Béising + 25: an cúigiú hathbhreithniú ar chur chun feidhme Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising i mBallstáit an Aontais’, a foilsíodh an 5 Márta 2020,
– ag féachaint do na conclúidí ón gcruinniú idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit, an 16 Nollaig 2014, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le hurraim don smacht reachta a áirithiú,
– ag féachaint don Straitéis Eorpach maidir le Comhionannas Inscne do 2020-2025, Straitéis an Aontais Eorpaigh um chomhionannas LADTIA do 2020-2025, Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh do 2021-2024, agus Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas do 2021-2030,
– ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas 2020-2025 agus Creat Straitéiseach AE maidir le Comhionannas, Cuimsiú agus Rannpháirtíocht na Romach,
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra AE a bhunú um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha[3],
– ag féachaint don rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn[4],
– ag féachaint dá rún an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta[5],
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir le hiriseoirí iniúchta san Eoraip a chosaint: i gcás an iriseora Ján Kuciak agus Martina Kušnírová ón tSlóvaic[6],
– ag féachaint dá rún an 12 Meán Fómhair 2018 ar an togra lena n-iarrtar ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh, de bhun Airteagal 7(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an ann do riosca soiléir go bhfuil shárú tromchúiseach á dhéanamh ag an Ungáir ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe[7],
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2018 maidir leis an smacht reachta sa Rómáin[8],
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach AE a bheith ann chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint[9],
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE[10],
– ag féachaint do rún uaithi an 28 Márta 2019 maidir le staid an smachta reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe san Aontas Eorpach, go sonrach i Málta agus sa tSlóvaic[11],
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir leis an smacht reachta i Málta tar éis an mhéid a tháinig chun solais le déanaí faoi dhúnmharú Daphne Caruana Galizia[12],
– ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le hidirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne daoine LADTI, lena n-áirítear saorlimistéir LADTI[13],
– ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2018[14],
– ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir[15],
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[16],
– ag féachaint dá rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd[17],
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 ar an imscrúdú i gcoinne Phríomh-Aire Phoblacht na Seice a athoscailt maidir le mí-úsáid chistí AE agus coinbhleachtaí leasa féideartha[18],
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh i dtaobh sárú tromchúiseach ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta[19],
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 ar Shásra AE um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú[20],
– ag féachaint don rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha sa Bhulgáir[21],
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le saoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán[22],
– ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain – Tuarascáil bhliantúil do na blianta 2018-2019[23],
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 ar Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, an Comhaontú Idirinstitiúideach, Ionstraim Théarnaimh AE agus an Rialachán maidir leis an Smacht Reachta[24],
– ag féachaint dá rún an 11 Márta 2021 inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse do LADTIA atá san Aontas Eorpach[25],
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, sásra coinníollachta an smachta reachta[26],
– ag féachaint do rún uaithi an 29 Aibreán 2021 maidir le feallmharú Daphne Caruana Galizia agus an smacht reachta i Málta[27],
– ag féachaint dá Measúnú Breisluacha Eorpaigh a ghabhann leis an tuarascáil tionscnaimh reachtach maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha de mhí Dheireadh Fómhair 2016,
– ag féachaint dá Measúnú Tosaigh an 23 Aibreán 2020 ar bhreisluach Eorpach shásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha,
– ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Rialú Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Achainíocha,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0199/2021),
A. de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar na luachanna coiteanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE ar mheas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar dhínit an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar luachanna comhchoiteanna do Bhallstáit an Aontais iad, agus ar luachanna iad nach mór do thíortha is iarrthóirí cloí leo chun dul isteach san Aontas; de bhrí gur luachanna a threisíonn a chéile iad an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt shistéamach ar an Aontas nuair a bhaintear an bonn uathu; de bhrí go bhfuil an smacht reachta ina cheangal ar an Aontas ina iomláine agus ar a Bhallstáit ar gach léibhéal rialachais lena n-áirítear eintitis fho-náisiúnta;
B. de bhrí gur díol sásaimh é an timthriall athbhreithnithe bliantúil ar an smacht reachta sna huirlisí atá ar fáil chun na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE a chaomhnú, trí aghaidh a thabhairt ar an staid i ngach Ballstát AE atá bunaithe ar cheithre cholún, agus go bhfuil tionchar díreach aige sin ar urraim don smacht reachta; de bhrí go bhfuil sé beartaithe mar thimthriall bliantúil an smacht reachta a áirithiú agus fadhbanna a chosc ó theacht chun cinn nó ó dhoimhniú;
C. de bhrí go bhfuil raon feidhme na chéad Tuarascála maidir leis an Smacht Reachta ón gCoimisiún (Tuarascáil 2020) teoranta ó thaobh raon feidhme de, mar nach gcumhdaítear léi luachanna uile an Aontais dá bhforáiltear in Airteagal 2 CAE;
D. de bhrí gur comhpháirt iomlán de na Conarthaí í an Chairt ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, agus, dá bhrí sin, go bhfuil sí ceangailteach ó thaobh dlí de ar na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit agus reachtaíocht AE á cur i bhfeidhm; de bhrí gur gá fíor-chultúr ceart bunúsach a fhorbairt, a chothú agus a neartú ní hamháin laistigh d’instiúidí an Aontais Eorpaigh, ach sna Ballstáit freisin, go háirithe agus dlí an Aontais á cur i bhfeidhm go hintíre agus ina gcaidreamh le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
E. de bhrí, cé go n-ardaítear ábhair imní agus feasachta i dtuarascáil 2020, nach soláthraítear léi measúnú leordhóthanach ar éifeachtacht na n-athruithe arna ndéanamh ag gach tír, ná aon mholtaí nithiúla a bhaineann go sonrach le tír faoi leith ná iniúchadh ar chloí gach tír leis an smacht reachta thar thréimhse ama, a d’fhéadfadh na héifeachtaí coisctheacha atá beartaithe di a chur i mbaol;
F. de bhrí go bhféadfadh sé, i gcás nach ndéanfar measúnú leantach éifeachtach trí fhaireachán bliantúil, nach ndéanfadh tuarascáil 2020 dúshláin shistéamacha agus titim siar ar an smacht reachta mar a chonacthas i roinnt Ballstát le blianta beaga anuas a chosc, a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach; de bhrí gur réamhchoinníoll bunriachtanach é an smacht reachta a chaomhnú chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomlíonadh agus chun leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint;
G. de bhrí, le blianta beaga anuas, go bhfuil roinnt saincheisteanna tromchúiseacha i roinnt Ballstát sainaitheanta ag rúin a ghlac an Pharlaimint[28];
H. de bhrí go bhfuil an titim siar ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha i roinnt tíortha ag cur isteach go mór ar an muinín fhrithpháirteach i bhfeidhmiú an limistéir saoirse, slándála agus ceartais agus ag bagairt ar chuspóirí an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 3 de CAE iad, mar a léirítear i roinnt cásanna inar cuireadh an barántas gabhála Eorpach faoi bhrí de bharr amhrais dhoimhne maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna;
I. de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag institiúidí ombudsman agus comhaltaí comhionannais sna Ballstáit príomhphrionsabail an smachta reachta a choimirciú, amhail trédhearcacht, cuntasacht agus próis chuí;
J. de bhrí go ndearnadh na bearta éigeandála a glacadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 difear d’fheidhmiú chearta bunúsacha shaoránaigh an Aontais, amhail an ceart chun saorghluaiseachta, rochtain ar an gceartas, rochtain ar fhaisnéis phoiblí, príobháideachas, an tsaoirse comhlachais agus an tsaoirse comhthionóil, mar aon le tionchar a imirt ar chórais dhaonlathacha srianta agus ceartúchán; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach a áirithiú, dá bhrí sin, go gcuirtear córais éifeachtacha srianta agus ceartúchán i bhfeidhm ar gníomhaíochtaí rialtas chun cearta shaoránaigh an Aontais a chosaint;
K. de bhrí go bhfuil meath tagtha ar ranguithe idirnáisiúnta maidir le saoirse an phreasa i roinn Ballstát agus go bhfuil méadú tagtha ar fhoréigean i gcoinne iriseoirí; de bhrí go n-áirítear ciapadh agus ionsaithe atá dírithe ar iriseoirí, neamhaird ar chosaint dlíthiúil iriseoirí, mar aon le meáin atá faoi fhorlámhas stáit agus gníomhaíochtaí in earnáil na meán arb iad aidhmeanna eacnamaíocha nó polaitiúla is spreagadh dóibh, i measc bagairtí ar shaoirse na meán; de bhrí go bhfuil na forbairtí ar díol imní iad atá dírithe ar an tsaoirse cainte agus saoirse an phreasa a mhaolú ina ndrocheiseamláir laistigh den Aontas agus tíortha aontachais;
L. de bhrí gur gá sásraí atá ann cheana a neartú agus a shruthlíniú agus sásra éifeachta AE a fhorbairt maidir leis an ndaonlathas, an smacht reachta agus na cearta bunúsacha chun a áirithiú go bhfuil na prionsabail agus luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí á gcomhlíonadh ar fud an Aontais;
M. de bhrí go bhfuil urraim do chearta mionlach ar cheann de na critéir pholaitiúil is gá do thír is iarrthóir a chomhlíonadh tar éis a haontachais; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach le himirt ag an Aontas maidir lena áirithiú go n-urramófar cearta na mionlach náisiúnta agus teanga i dtíortha is iarrthóirí; de bhrí gur iarr an Pharlaimint cheana féin ar an gCoimisiún[29] creat coiteann a ghlacadh de chaighdeáin íosta AE chun cearta daoine ar de mhionlaigh iad a chosaint, ar creat é atá leabaithe go láidir i gcreat dlíthiúil lena ráthaítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha ar fud an Aontais;
I. Tuarascáil 2020 ar an Smacht Reachta: ceachtanna do 2021
1. á chur in iúl gur geal léi an chéad tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta ón gCoimisiún; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach ollstruchtúr Eorpach a bhunú maidir le faireachán agus forfheidhmiú an smachta reachta san Aontas; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé riosca a shainaithint roimh ré agus sáruithe cearta bunúsacha agus an smachta reachta a chosc roimh ré, seachas frithghníomhú ex post nuair a dhéantar sáruithe den sórt sin arís agus arís eile; á mholadh, dá bhrí sin, go bhforbrófar an uirlis nua sin tuilleadh;
2. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil feidhmiú na gcóras ceartais, an chreata frithéillithe, iolrachas na meán agus saincheisteanna institiúideacha áirithe a bhaineann le córas srianta agus ceartúchán, lena n-áirítear go pointe áirithe, spás na sochaí sibhialta, mar chuid d’fhorbhreathnú bliantúil an Choimisiúin ar staid an smachta reachta sna Ballstáit; á iarraidh, thairis sin, go gcuirfí san áireamh sna tuarascálacha bliantúla gnéithe tábhachtacha áirithe de Sheicliosta Smacht Reachta 2016 Choimisiún na Veinéise, amhail coimircí dlíthiúla chun cosc a chur ar threallachas agus ar mhí-úsáid cumhachta ag údaráis phoiblí, neamhspleáchas agus neamhchlaontacht ghairm an dlí, comhionannas faoin dlí agus neamh-idirdhealú; ag spreagadh an Choimisiúin chun béim a leagan freisin ar threochtaí dearfacha sna Ballstáit a d’fhéadfadh a bheith ina n-eiseamláir mhaithe do thíortha eile;
3. ag tabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil caibidlí tír-shonracha sa tuarascáil; ag moladh iarrachtaí an Choimisiúin a bheith rannpháirteach le rialtais náisiúnta agus le parlaimintí náisiúnta chomh maith leis an tsochaí shibhialta agus le gníomhaithe náisiúnta eile; á mholadh don Choimisiún iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun na hanailísí tíre a dhoimhniú d’fhonn measúnú níos fearr a dhéanamh ar a dhéine atá dúshláin an smachta reachta; á chreidiúint gur cheart níos mó ama a thabhairt do chuairteanna an Choimisiúin ar thíortha, lena n-áirítear ar an láthair, chun rannpháirtíocht agus idirphlé níos leithne a bhaint amach leis na húdaráis náisiúnta agus leis an tsochaí shibhialta á mheas gur cheart don Choimisiún feasacht níos mó a mhúscailt maidir leis na cuairteanna sin chun cultúr an smachta reachta a chothú ar an leibhéal náisiúnta;
4. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil grinnscrúdú á dhéanamh ar na Ballstáit uile i gcomhréir leis na táscairí céanna agus an mhodheolaíocht chéanna; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, go bhfuil an baol ann chomh maith céanna go ndéanfadh sáruithe de chineál éagsúil beag is fiú de na sáruithe is tromchúisí ar an smacht reachta; ag tathant ar an gCoimisiún a chuid tuairiscithe a dhifreáil trí dhealú idir sáruithe sistéamacha ar an smacht reachta agus sáruithe scoite ar leith; á chur i bhfáth na sochair choisctheacha a d’fhéadfadh a bheith ag an tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta; á mheas gur gá meastóireacht níos críochnúla a dhéanamh chun a mheas an raibh éifeacht choisctheach leordhóthanach ag an tuarascáil; á mheas in aon chás nach amhlaidh atá i gcás na mBallstát faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE; á chreidiúint go bhféadfadh measúnuithe níos doimhne agus níos trédhearcaí a bheith curtha ar fáil i dtuarascáil 2020, agus a lua an raibh easnaimh thromchúiseacha ann, an raibh baol ann go ndéanfaí sárú tromchúiseach nó an ndearnadh sárú iarbhír ar luachanna AE i ngach ceann de na colúin a ndearnadh anailís orthu sna caibidlí tíre; á mheas go bhfuil gá leis na measúnuithe sin chun conclúidí a fhoirmliú maidir le staid an smachta reachta agus chun gníomhaíochtaí leantacha agus bearta agus uirlisí feabhais a shainaithint; á iarraidh go mbeadh cur chuige sintéiseach i dtuarascálacha amach anseo chun na rioscaí agus na fadhbanna is tábhachtaí ar fud na mBallstát a shainaithint go soiléir; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhodheolaíocht a nuashonrú dá réir sin agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas gan moill mhíchuí;
5. á mheas go bhfuil tuarascáil 2020 ró-thuairisciúil agus nach bhfuil dóthain anailíse inti; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfadh sé tuarascálacha níos anailísí amach anseo; á mheas gur gá go mbeadh moltaí tírshonracha i dtuarascálacha amach anseo maidir leis an gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a sainaithníodh nó sáruithe a leigheas, lena n-áirítear spriocdhátaí don chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí, agus tagarmharcanna a ndéanfar obair leantach ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí a chur san áireamh sna tuarascálacha maidir le hobair leantach ar chur chun feidhme a mholtaí agus a ghníomhaíochtaí feabhais;
6. ag cur in iúl gur cúis imní di éifeachtaí iarmharta an chreimthe ar shaoirse na meán i réimsí eile a ndéantar anailís orthu sa tuarascáil; a mheas go gcuireann feachtais chlúmhillte i gcoinne lucht acadúil, iriseoirí, breithiúna, gairmithe dlí, eagraíochtaí agus ghníomhaithe na sochaí sibhialta, go háirithe cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna), teorainn lena neamhspleáchas agus lena gcumas chun gníomhú, rud a mbeidh éifeachtaí athchomhairleacha aige;
7. á iarraidh, dá bhrí sin, ar anailís níos comhtháite ar na hidirnaisc idir na ceithre cholún a áirítear sa tuarascáil agus ar an gcaoi a bhféadfadh gurb ionann easnaimh chomhcheangailte agus sáruithe sistéamacha ar an smacht reachta, agus go dtabharfar le fios má dhéanann siad difear nó go bhfuil riosca ann go ndéanfadh sé difear do leasanna airgeadais an Aontais;
8. á mheas gur cheart go sainaithneofaí sna tuarascálacha bliantúla treochtaí trasnaí ar leibhéal an Aontais; á chreidiúint nach bhfuil dearcadh uile-Aontais i láthair i dtuarascáil 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún cásanna a shainaithint ina mbíonn beara nó cleachtais áirithe a bhaineann an bonn ón smacht reachta, ó shaoirse na meán, ón gcóras srianta agus ceartúchán, nó ón gcomhrac i gcoinne an éillithe i mBallstát amháin, ina dtreoir ag Ballstáit eile, nó nuair a d’fhéadfadh tromaíocht agus raon feidhme na gcleachtas sin difear a dhéanamh don Aontas ina iomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann ionsaithe den sórt sin cáilíocht an daonlathais san Aontas i mbaol; á iarraidh go dtabharfar tús áite do na treochtaí sin in anailísí na dtuarascálacha, lena n-áirítear na dúshláin mhéadaitheacha roimh struchtúr dlí an Aontais a thagann ó chúirteanna bunreachtúla náisiúnta, chun gníomhaíocht feabhais ar leibhéal an Aontais a threorú; á iarraidh ar an gCoimisiún léiriú soiléir a chur ar fáil ar bhréagaisnéis chórasach agus ar fheachtais trasnaíochta coigríche a bhfuil sé mar aidhm leo an bonn a bhaint de mhuinín an phobail in institiúidí stáit agus sna meáin neamhspleácha, agus na Ballstáit á mbrú i dtreo struchtúir rialachais de chineál údarásaíoch;
9. ag cur in iúl gurb oth léi nár cumhdaíodh saincheisteanna uile an smachta reachta ar bhealach inar leor na mionsonraithe i dtuarascáil 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún a shaineolas agus a chumas tírshonrach a fhorbairt chun freagairt níos gasta d’fhorbairtí diúltacha sna Ballstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún dóthain acmhainní a dhíriú ar fhaireachán agus ar fhorfheidhmiú an smachta reachta san Aontas;
10. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh dlíthe na mBallstát, cloí leis an smacht reachta, an córas srianta agus ceartúchán, agus institiúidí daonlathacha, lena n-áirítear neamhspleáchas na n-institiúidí sin, feidhmiúil ní hamháin de jure ach de facto freisin;
Córais cheartais
11. á chur in iúl gur geal léi an faireachán ar neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht chórais cheartais na Ballstáit, lena n-áirítear na seirbhísí ionchúisimh náisiúnta agus an acmhainneacht atá acu foráil a dhéanamh do chosaint éifeachtach bhreithiúnach chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú; á mheas gur cheart faireachán a dhéanamh freisin ar an timpeallacht chumasúcháin chun rochtain ar cheartas a áirithiú do chách, lena n-áirítear rochtain ar cheartas ar leibhéal an Aontais, chomh maith leis na hiarrachtaí agus acmhainní a dhírítear ar rochtain ar an gceartas a áirithiú; á chur in iúl gur cúis imní di nach bhfuil sásra sásaimh dhírigh ar fáil do shaoránaigh an Aontais chun a gcearta dá bhforáiltear sa Chairt a chosaint; á mheas gur cheart go rachadh na tuarascálacha níos faide ná léargas bliantúil statach agus go n-áireofaí iontu faisnéis ábhartha sna caibidlí tíre faoi staid an smachta reachta, lena n-áirítear réamhthionscnaimh ábhartha agus an comhthéacs polaitiúil ina dtarlaíonn forbairtí nua, ionas go gcumasófar measúnú cruinn, dinimiciúil agus iomlán ar neamhspleáchas de jure agus de facto na gcóras breithiúnach, lena n-áirítear neamhspleáchas na ndlíodóirí agus ghairm an dlí, agus gur cheart go gcumhdófar tréimse níos faide ná na 12 mhí roimhe sin amháin; á thabhairt chun suntais gur cheart caighdeáin leormhaithe maidir leis an smacht reachta a ráthú do shaoránaigh agus do chónaitheoirí AE le linn dóibh a gceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas a fheidhmiú; á chur i bhfáth go bhfuil an rochtain éifeachtach ar cheartas do gach saoránach ina bunchloch den smacht reachta, ar rud é nach mór a ráthú go háirithe d’oibrithe séasúracha agus d’oibrithe trasteorann, mar gheall ar a leochailí atá siad, agus gníomhaíocht ghairmiúil á saothrú acu i mBallstát eile;
12. á chur i bhfáth go bhfuil córais cheartais éifeachtacha, neamhspleácha agus éifeachtúla bunriachtanach chun an smacht reachta a chosaint; á mheabhrú go n-áirítear córais cheartais náisiúnta i struchtúr breithiúnach an Aontais; á chur i bhfios go láidir, chun cearta agus saoirsí bunúsacha shaoránaigh an Aontais a chosaint, nach mór do chórais cheartais agus do bhreithiúna a bheith neamhspleách agus, ar an gcaoi sin, a bheith cosanta ar aon chineál brú, bagairt nó trasnaíocht – bíodh sin díreach nó indíreach – ó aon chearn, lena n-áirítear údaráis pholaitiúla; ag cur in iúl gur geal léi gur sainaithníodh gur táscairí de neamhspleáchas breithiúnach freisin iad comhdhéanamh comhlachtaí breithiúnacha, modhanna ceapacháin, sa bhreis ar shásraí lena rialaítear fad seirbhíse agus forais le diúltú agus dífhostú, dul chun cinn gairme, nósanna imeachta araíonachta agus smachtbhannaí; á chur i bhfáth nach mór go mbeadh an faireachán a dhéantar ar na paraiméadair sin seasmhach agus leabaithe i measúnú cuimsitheach ar na srianta agus ceartúcháin uile, agus staonadh óna bheith ag díriú ar líon teoranta paraiméadar amháin, chun fíorstaid neamhspleáchais na mbreithiúna sna Ballstáit a fhíorú;
13. ag tabhairt dá haire go dtugtar aghaidh i dtuarascáil 2020, mar is ceart, gur gá imeachtaí ceartais agus oiliúint do bhreithiúna a dhigitiú; á mheabhrú go bhfuil difríochtaí suntasacha fós idir na Ballstáit maidir le leibhéal rannpháirtíochta na hoiliúna atá tiomnaithe do ghairmeacha dlí; á chur in iúl gur oth léi nach luann an tuarascáil oiliúint do dhlíodóirí;
14. á chur in iúl gur cúis mhór imní di meath lom neamhchomhlíonadh neamhspleáchas chórais cheartais roinnt Ballstát agus neamhchomhlíonadh follasach dhlí an Aontais, lena n-áirítear breithiúnais CBAE, ar neamhchomhlíonadh é atá ag dil i méid; ag tabhairt dá haire gur ábhar mór imní fós é neamhspleáchas na mbreithiúna i roinnt Ballstát, mar a léirítear i gcaibidlí roinnt tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú soiléir a dhéanamh ar na heasnaimh agus na torthaí sin a shainaithnítear mar riosca soiléir go mbeadh sárú tromchúiseach ar an smacht reachta i gceist leo agus iad a ainmniú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di mainneachtain an Choimisiúin freagairt go gasta agus le hacmhainní dlíthiúla do na rioscaí tromchúiseacha a bhaineann leis an smacht reachta a shainaithnítear sna caibidlí tíre, go háirithe nuair a éiríonn siad ina sáruithe iarbhír ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún, comparáid stuama, shimplí agus shoiléir idir na córais cheartais náisiúnta éagsúla a chur ar fáil agus aird a tharraingt ar an áit a bhféadfaí na cleachtais is fearr do chórais inchomparáide a chur i bhfeidhm agus ar an gcaoi a bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar easnaimh chomhchosúla;
15. á thabhairt chun suntais, i gcomhréir le hAirteagal 17(1) CAE, go gceanglaítear ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear na Conarthaí agus an reachtaíocht thánaisteach i bhfeidhm, lena n-áirítear i gcásanna inar tharla rioscaí sáruithe tromchúiseacha ar na luachanna a leagtar síos in Airteagal 2 CAE, mar a shainaithnítear sna caibidlí tíre iad , i ndiaidh fhoilsiú thuarascáil 2020;
16. ag cáineadh an bhrú pholaitiúil atá á chur i bhfeidhm san Ungáir agus sa Pholainn chun cosc a chur ar chúirteanna náisiúnta nósanna imeachta um réamhrialú a thionscnamh os comhair CBAE faoi Airteagal 267 CFAE, arb é is aidhm leis cosc a chur ar bhreithiúna náisiúnta ceisteanna a chur ar CBAE i ndáil le ceanglais AE maidir le neamhspleáchas breithiúnach; ag meas gur sárú é an cleachtas sin ar na Conarthaí agus ar léirmhíniú seanbhunaithe CBAE ar na forálacha ábhartha; á chur in iúl gur cúis uafáis di an easpa comhlíontachta le rialuithe CBAE atá ag dul i méid agus d’aon ghnó; ag creidiúint gur bagairt shistéamach iad na forbairtí neamhdhleathacha sin d’aontacht agus do chomhsheasmhacht dhlí an Aontais agus go deimhin d’fheidhmiú an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí mionsonraithe a chur san áireamh ina thuarascálacha amach anseo maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann na Ballstáit rialuithe CBAE; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart go mbreithneofaí sa mheasúnú sna tuarascálacha bliantúla amach anseo gur sárú tromchúiseach í an mhainneachtain urraim a thabhairt do rialuithe CBAE; ag tathant ar an gCoimisiún freagairtí dlíthiúla láithreacha agus leordhóthanacha a áirithiú ar dhiúltuithe rialuithe CBAE a chur chun feidhme agus a urramú, amhail caingne cúirte faoi Airteagal 260 CFAE; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar rialuithe na gcúirteanna náisiúnta maidir le tosaíocht dhlí AE ar noirm bhunreachtúla náisiúnta agus imeachtaí um shárú a thionscnamh in aghaidh Ballstát a sháraíonn an prionsabal sin go seasta; ag cáineadh, ina theannta sin, an iarraidh a rinne Príomh-Aire na Polainne ar an mBinse Bunreachtúil rialú a thabhairt ar thosaíocht noirm bhunreachtúla náisiúnta ar dhlí AE;
17. ag tabhairt dá haire go mbaineann contúirt mhór leis an moill a chuirtear ar nósanna imeachta breithiúnacha sibhialta, coiriúla agus riaracháin, go háirithe maidir leis an urraim don smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht ar choinníollacha príosúin, ar riaráistí breithiúnacha agus ar mheánfhad trialacha i ngach Ballstát a áireamh ina chuid tuarascálacha bliantúla amach anseo;
Creat frithéillithe;
18. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil caibidil shonrach tiomanta d’iarrachtaí frithéillithe i ngach caibidil tíre faoi leith, ós rud é go mbaineann an t-éilliú sistéamach an bonn d’fheidhmiú an smachta reachta agus d’iontaoibh shaoránaigh an Aontais as na cinntí a dhéanann údaráis, státseirbhísigh agus an bhreithiúnacht, araon; á chur i bhfáth, trí chistí poiblí a atreorú ón úsáid phoiblí atá beartaithe dóibh, go gcuireann an t-éilliú isteach ar leibhéal agus ar cháilíocht seirbhísí poiblí, agus ar an gcaoi sin, go mbaineann sé an bonn de chearta bunúsacha; á chur i bhfios, cé gur féidir a mheas gur dul chun cinn é go bhfuil ann do reachtaíocht, beartais agus straitéisí frithéillithe náisiúnta, go bhfuil a gcur chun feidhme agus a n-éifeachtacht go hiarbhír ina dhiaidh sin ríthábhachtach don smacht reachta agus nach mór measúnú a dhéanamh orthu freisin; á chur i bhfios go láidir gur cheart réimsí amhail rialacha eiticiúla, bearta múscailte feasachta, rialacha maidir le nochtadh sócmhainní, neamh-chomhoiriúnachtaí agus coinbhleachtaí leasa, soláthar poiblí, sásraí rialaithe inmheánacha, rialacha maidir le brústocaireacht agus doirse imrothlacha a chumhdach le creataí frithéillithe; á iarraidh ar na Ballstáit agus na hinstitiúidí uirlisí éifeachtacha a cheapadh chun rioscaí a bhrath agus a chosc, chun cásanna éillithe agus calaoise a stopadh agus smachtbhannaí a chur orthu, agus chun sásraí a cheapadh chun an brabús ó na cleachtais sin a aisghabháil, go háirithe trí faireachán rialta a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as cistí poiblí an Aontais agus as cistí poiblí náisiúnta araon; á thabhairt dá aire go bhfuil measúnú ar athléimneacht an chreata frithéillithe chun dul i ngleic le rioscaí a bhaineann leis an éilliú i réimse an tsoláthair phoiblí fós in easnamh den chuid is mó i dtuarascáil 2020;
19. á iarraidh ar an gCoimisiún béim níos mó a leagan ar mhí-úsáid chistí an Aontais, go háirithe i bhfianaise an Rialacháin maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, agus athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú ceart imscrúduithe agus seirbhísí ionchúisimh phoiblí i ngach Ballstát i ndáil le calaois a imscrúdú agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear calaois chánach, éilliú, nó sáruithe eile ar dhlí AE a bhaineann le buiséad an Aontais a chur chun feidhme nó le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an baol a d’fhéadfadh a bheith ag méadú go mbainfí mí-úsáid as buiséad an Aontais mar bhealach chun an smacht reachta a lagú i mBallstáit áirithe;
20. á chur in iúl gur cúis mhór imní di bagairt mhéadaitheach na gcoireanna a bhaineann leis an éilliú; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht frithéillithe an Aontais a nuashonrú agus a fheabhsú i gcás inar gá, agus torthaí na tuarascála á n-úsáid chun freagairt níos fearr a thabhairt do na heasnaimh a sainaithníodh, agus sraith iomchuí beartas a achtú chun dul i ngleic leis an éilliú breithiúnach sna Ballstáit; ag cur i bhfios go láidir na contúirtí a bhaineann leis an ardú ar éilliú do chomhtháthú dhlíchóras an Aontais, d’éifeachtacht a chomhbheartais, do chosaint na gceart bunúsach, dá inchreidteacht idirnáisiúnta agus d’fheidhmiú a mhargaidh inmheánaigh, a bhfuil ról tábhachtach ag an urraim don smacht reachta ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais a leagan amach, réimsí atá thar a bheith so-ghabhálach i leith an éillithe a shainaithint agus moltaí tírshonracha a cheapadh le haghaidh feabhsuithe, agus an t-eolas sin a úsáid chun creat frithéillithe an Aontais a nuashonrú agus a fheabhsú;
21. ag meabhrú an róil lárnaigh atá ag sceithirí eolais sa chomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, in aghaidh an éillithe agus in aghaidh cionta sciúrtha airgid;
22. ag tabhairt rabhaidh go gcuireann easpa staitisticí aonfhoirmeacha, cothrom le dáta agus comhdhlúite ar fud na mBallstát uile, mar aon leis na dúshláin a bhaineann le faisnéis a bhailiú faoi thairbhithe chlár AE, bac ar mheasúnú agus comparáid a dhéanamh ar shonraí faoi imscrúdú agus ionchúiseamh cionta éillithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tacú leis an gcomhchuibhiú ar shainmhínithe na gcionta sin ar fud an Aontais, agus an comhchuibhiú sin a chur chun cinn, chomh maith le húsáid níos fearr de na tacair sonraí agus den mhodheolaíocht atá ann cheana a áirithiú chun tacair sonraí nua a fhorbairt ar mhaithe le sonraí comparáideacha a fháil ar fud an Aontais maidir le cásanna éillithe a láimhseáil; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú leis an gcomhar idir institiúidí AE, na Ballstáit, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus an comhar sin a neartú sa chomhrac i gcoinne an éillithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach amháin go bhfuil gá le sainordú láidir chun éilliú a chomhrac ach go bhfuil gá freisin le buiséad i bhfad níos mó, níos mó acmhainní agus aon chineál eile tacaíochta atá riachtanach do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí thuasluaite;
Saoirse cainte: saoirse na meán agus iolrachas, saoirsí ealaíne agus acadúla
23. á chur in iúl gur geal léi gur áiríodh caibidil shonrach ar fhaireachán a dhéanamh ar shaoirse na meán agus ar iolrachas na meán; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, go ndírítear ar shábháilteacht iriseoirí; ag áitiú ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht agus ar éifeachtacht na gcreataí náisiúnta chun saoirse na meán agus iolrachas na meán a chosaint; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé measúnú agus faireachán a dhéanamh ar an staid sna Ballstáit, go háirithe trí scrúdú a dhéanamh ar bhearta arna ndéanamh ag rialtas ar bith chun meáin cháinteacha a chur ina dtost agus/nó chun an bonn a bhaint de shaoirse agus den iolrachas, chun cosc a chur ar an riosca go mbeadh faisnéise ar fáil do líon níos lú daoine, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar scaipeadh faisnéise atá saor agus neamhspleách;
24. á chur in iúl gurb olc an easpa measúnaithe maidir leis an tseirbhís phoiblí agus le hearnáil na meán poiblí ar an leibhéal náisiúnta agus leibhéal a neamhspleáchais de jure agus de facto ar údaráis náisiúnta, páirtithe polaitiúla nó aon trasnaíocht eile, lena n-áirítear an easpa measúnaithe ar choinbhleachtaí féideartha leasa agus ar chomhchruinniú na meán agus ar thrédhearcacht úinéireacht na meán; ag tabhairt chun suntais an gá atá ann neamhspleáchas airgeadais na n-oibreoirí meán príobháideacha a áirithiú agus na coinníollacha a áirithiú dá ngníomhaíocht inbhuanaithe chun gabháil na meán chun críoch polaitiúil a sheachaint; ag tabhairt chun suntais an ról atá ag meáin na seirbhíse poiblí nach bhfuil a chomhshamhail le fáil, agus á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé a neamhspleáchas agus a saoirse ar thrasnaíocht pholaitiúil a áirithiú agus a choimeád; á chur in iúl gur saoth léi an easpa measúnaithe ar leibhéal neamhspleáchais de jure agus de facto atá ag comhlachtaí rialála meán náisiúnta; á chreidiúint gur cheart dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí Airteagal 30 de Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc 2018[30] agus, i gcás ina bhfuil údar leis, gur cheart tús a chur go pras le nósanna imeachta um shárú tar éis an phróisis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, scrúdú a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh, ag craoltóirí seirbhíse poiblí go háirithe, chun iriseoirí a imeaglú agus a chlúmhilleadh, lena n-áirítear ionsaithe díreacha ar iriseoirí eachtracha mar naimhde poiblí as a dtuarascálacha imscrúdaitheacha;
25. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an meath atá ag teacht ar shaoirse na meán agus ar iolrachas na meán i roinnt Ballstát ó foilsíodh tuarascáil 2020; á chur in iúl gur cúis mhór imní di na bagairtí fisiciúla, síceolaíocha agus eacnamaíocha, an mhí-úsáid, na coireanna agus na feallmharuithe atá á ndéanamh i gcoinne iriseoirí agus oibrithe na meán san Aontas mar fhreagairt ar a gcuid gníomhaíochtaí agus á mheabhrú gur minic a bhíonn féinchinsireacht mar thoradh ar na hionsaithe sin; á iarraidh ar an gCoimisiún forléargas ar na hionsaithe i gcoinne iriseoirí ar fud an Aontais a áireamh i gcaibidlí tíre na dtuarascálacha amach anseo, agus béim ar leith á leagan ar fheallmharú iriseoirí, lena n-áirítear neamhspleáchas éifeachtach imscrúduithe coiriúla agus imeachtaí coiriúla ina dhiaidh sin ó thrasnaíocht pholaitiúil, agus na freagairtí a chuireann na Ballstáit ar fáil i ndáil leis sin;
26. á thabhairt dá haire agus imní uirthi go bhfuil dúshláin do shaoirse na meán idirnasctha go dlúth leis an mbonn a bhaintear ón tsaoirse ealaíne agus ón tsaoirse acadúil; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí an colún sin a leathnú chuig gach gné den tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na fuathchainte, agus teideal an cholúin a oiriúnú dá réir;
27. ag cur a himní in iúl maidir leis an úsáid a bhaineann rialtais agus daoine cumhachtacha aonair as bearta dlíthiúla chun lucht a gcáinte a chur ina thost, amhail SLAPPanna nó dlíthe a chuireann srian leis an gceart chun tuairimí a nochtadh ar bhealach nach bhfuil ag luí le cearta bunúsacha an duine aonair; á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht a dhéanamh chun iriseoirí a chosaint ón gcleachtas sin; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht frith-SLAPP de chuid an Aontais a mholadh chun iriseoirí a chosaint ar chásanna cráiteacha dlí;
28. á thabhairt dá haire, mar thoradh ar an meath ar shaoirse na meán, go bhfuil méadú ag teacht ar cheap milleáin a dhéanamh de mhionlaigh agus ar dhíriú orthu, a bhíonn faoi stiúir rialtais go minic, amhail i gcoinne daoine LADTI, imirceach agus dídeanaithe, agus go bhfuil méadú ar an bhfuathchaint i gcoinne na ngrúpaí sin agus ar chinsireacht na meán mar thoradh air sin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i dtuarascálacha amach anseo ar an éifeacht a bhíonn ag fuathchoireanna agus ag an bhfuathchaint ar idirdhealú;
Saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le córas srianta agus ceartúchán, lena n-áirítear spás na sochaí sibhialta a chosaint
29. á chur in iúl gur geal léi colún na tuarascála maidir le córas srianta agus ceartúchán agus maidir lena scrúdú ar bhearta eisceachtúla arna nglacadh chun paindéim COVID-19 a chomhrac; á mheabhrú go bhfuil gá le bearta éigeandála faoi stiúir an rialtais lena léireofar urraim don smacht reachta, do chearta bunúsacha agus do chuntasacht dhaonlathach chun an phaindéim a chomhrac agus gur cheart iad a bheith mar bhunchloch ag gach iarracht chun leathadh COVID-19 a choinneáil faoi smacht; á mheas gur gá grinnscrúdú breise a dhéanamh ar chumhachtaí éigeandála chun a áirithiú nach n-úsáidtear iad mar chúinse chun cothromaíocht na gcumhachtaí a athrú ar bhonn níos buaine; á chur in iúl gur cúis mhór imní di úsáid bhearta éigeandála COVID-19 mar leithscéal chun reachtaíocht idirdhealaitheach a bhrostú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar bhearta eisceachtúla chun a áirithiú go ndéanfar gníomhartha a ullmhú agus a achtú ar bhealach tráthúil agus trédhearcach ionas go mbeidh siad riachtanach, comhréireach, cothrom ó thaobh na sochaí de agus sealadach, agus nach ndéanfaidh dúnadh cúirteanna difear díréireach don rochtain ar shásamh breithiúnach; ag cur i bhfios, sa chomhthéacs sin, an ról atá ag grinnscrúdú parlaiminteach agus comhairliúchán leis an tsochaí shibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar dheireadh a chur le bearta in am tráthúil; á mholadh don Choimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit cearta shaoránaigh an Aontais a urramú agus a chosaint agus go seasfaidh siad leo le linn phaindéim COVID-19 agus ina dhiaidh sin;
30. á mheabhrú a thábhachtaí atá institiúidí náisiúnta neamhspleácha um chearta an duine agus comhlachtaí ombudsman, i gcomhréir iomlán le Prionsabail Pháras, mar aon le comhlachtaí comhionannais, maidir le cearta shaoránaigh AE a chaomhnú agus maidir lena bheith in ann an smacht reachta a chosaint ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na hiarrachtaí a rinneadh le déanaí sa Pholainn chun an bonn a bhaint de neamhspleáchas an ombudsmain náisiúnta ar an bhfeidhmeannas; á chur in iúl gur geal léi an tagairt do ról institiúidí ombudsman i dtuarascáil 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar ghníomhaíochtaí na n-ombudsman náisiúnta agus na gcomhlachtaí comhionannais sa chéad timthriall bliantúil eile trí fhéachaint ar bhealach níos doimhne ar an gcaoi a bhfeidhmíonn siad, ar a neamhspleáiche atá siad agus ar a rannchuidiú iarbhír lena áirithiú go bhfuil coimircí leormhaithe i bhfeidhm; á chur i bhfáth, go háirithe, go bhfuil neamhspleáchas chomhlachtaí comhionannais roinnt Ballstát laghdaithe ó foilsíodh tuarascáil 2020, ar bagairt láithreach í ar chearta bunúsacha na saoránach; ag athdhearbhú a himní maidir leis an laghdú atá ag teacht ar an spás don tsochaí shibhialta neamhspleách i roinnt Ballstát, go háirithe maidir le cearta na mban, mionlaigh agus cosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear coiriúlú gníomhaíochtaí, ualaí riaracháin míréasúnta, srianta ar rochtain ar mhaoiniú, laghdú ar thacaíocht airgeadais do ghníomhaíochtaí chun tacaíocht a thabhairt, agus srianta ar shaoirse tionóil agus ar shaoirse eagraíochta;
31. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá spás sibhialta folláin chun luachanna AE a chur chun cinn agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus chun rialtais a choimeád cuntasach maidir lena gcloí leis sin, agus maidir le creimeadh an smachta reachta a fhrithchothromú agus cultúr an smachta reachta a chothú á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú níos doimhne a dhéanamh ar an spás sibhialta i dtuarascáil 2021; á mheas go bhfuil sé tairbhiúil breathnú ar an sainmhíniú ar thagarmharcanna soiléire maidir le spás sibhialta cumasúcháin chun an réimse anailíse sin a neartú tuilleadh san fhadtéarma, lena n-áirítear, i measc réimsí eile, timpeallacht dhlíthiúil chumasúcháin chun saoirsí sibhialta a fheidhmiú, creat le haghaidh inmharthanacht agus inbhuanaitheacht airgeadais na n-eagraíochtaí sibhialta, lena n-áirítear an tsaincheist maidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha arna n-eagrú ag rialtas (GONGOanna), rochtain ar chinnteoireacht agus rannpháirtíocht inti, an ceart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis, spás sábháilte, lena n-áirítear maidir le teagmhais ionsaithe ó bhéal agus fisiciúla agus freagairtí orthu, feachtais smearaidh agus ciapadh dlíthiúil, riaracháin agus fioscach lena n-áirítear ciapadh ó SLAPPanna, na héifeachtaí athchomhairleacha a chruthaíonn siad, agus na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhaineann leo i dtéarmaí saoránachta gníomhaí i dtíortha eile; á athdhearbhú gur cheart d’institiúidí AE idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a choinneáil le comhlachais hionadaíocha agus leis an tsochaí sibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheasúnú ina thuarascálacha amach anseo an ráthaítear feidhmiú na gceart polaitiúil ag saoránaigh AE i ngach Ballstát;
32. á chur in iúl gur oth léi, maidir le mainneachtain na hUngáire rialú ó CBAE a chur chun feidhme i ndáil leis na srianta neamhdhleathacha arna bhforchur ar mhaoiniú eagraíochtaí sibhialta ag daoine atá bunaithe lasmuigh den Ungáir, arb ionann é féin agus sárú tromchúiseach ar an smacht reachta, go ndearna sé sin buanú ar an bpróiseas lena laghdaítear an spás don tsochaí shibhialta sa tír; ag tathant ar an gCoimisiún an Ungáir a chur faoi bhráid CBAE agus smachtbhannaí airgeadais athchomhairleacha a iarraidh faoi Airteagal 260 CFAE mar ábhar práinne; ag tabhairt dá haire agus imní uirthi go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mBallstát atá ag glacadh reachtaíocht a chuireann srian thromchúiseach leis an tsaoirse comhlachais agus cainte d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, rud a chuireann le laghdú an spáis don tsochaí shibhialta;
33. á chur in iúl gur oth léi nach n-aithnítear go soiléir sa tuarascáil an próiseas chun an daonlathas agus an smacht reachta a chúlú d’aon ghnó atá á eagrú ag údaráis náisiúnta i roinnt Ballstát AE agus bunú forásach réimeas (leath-)uathlathach a thagann ina dhiaidh, bunaithe ar dhíothú céimneach an chórais srianta agus ceartúchán; á iarraidh ar an gCoimisiún na tuarascálacha bliantúla agus innéacsanna éagsúla ó eagraíochtaí seanbhunaithe a bhfuil meas orthu a aithint agus a chur san áireamh, ar tuarascálacha agus innéacsanna iad lena ndéantar measúnú ar a mhéid a chloíonn na Ballstáit leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta an duine thar am;
Raon feidhme na tuarascála – ranna ar lár
34. á chur in iúl gur oth léi nach gcuimsítear go hiomlán i dtuarascáil 2020 luachanna an daonlathais agus na gceart bunúsach de chuid Airteagal 2 CAE, ar luachanna iad a ndéantar difear dóibh láithreach nuair a thosaíonn tíortha ag titim siar ar an smacht reachta;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún caibidlí tíre faoi na tíortha uile is iarrthóirí agus faoi na tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar AE a chur san áireamh, lena n-áirítear anailís dhomhain ar a gcórais cheartais, creataí frith-éillithe, staid shaoirse agus iolrachas na meán, agus seiceálacha agus cothromaíochtaí institiúideacha;
36. á athdhearbhú go bhfuil nasc intreach idir an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha agus gur gá feasacht a mhéadú maidir leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus sa Chairt; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gceart go léir a ráthaítear leis an gCairt, laistigh de raon feidhme tuarascálacha amach anseo; á chur i bhfáth nach mór d’aon ghníomhaíocht a dhéanann Ballstát agus é ag gníomhú laistigh de raon feidhme dhlí AE na cearta agus na prionsabail sa Chairt a urramú; á áitiú, dá bhrí sin, go gcoinneofaí an nasc idir seasamh leis an smacht reachta agus comhionannas os comhair an dlí, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse neamhspleách agus neamhchlaonta, an ceart chun triail chóir a fháil, agus an ceart comhairle, cosaint agus ionadaíocht a fháil, chomh maith le cúnamh dlíthiúil neamhspleách a sholáthar dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu, agus an ceart chun dea-riaracháin mar a leagtar amach in Airteagal 41 den Chairt;
37. á cháineadh go láidir nach bhfuil reachtaíocht AE agus reachtaíocht idirnáisiúnta á n-urramú go hiomlán i roinnt Ballstát AE, mar shampla i réimse an fhrith-idirdhealaithe nó an tearmainn, mar a léirigh an Ungáir nuair nár chuir sí roinnt rialuithe ó CBAE agus ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine chun feidhme maidir le rochtain ar an nós imeachta tearmainn, lena n-áirítear coinneáil uathoibríoch agus neamhdhleathach agus díth bia, rud a sháraíonn cearta na n-imirceach agus na n-iarrthóirí tearmainn iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta;
38. á chur i bhfios go láidir, maidir le daoine i staideanna leochaileacha, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, leanaí, mionlaigh reiligiúnacha, go háirithe tráth a bhfuil an frith-Sheimíteachas agus Ioslamafóibe ag dul i méid san Eoraip, chomh maith leis na Romaigh agus daoine eile ar de mhionlaigh eitneacha agus teanga iad, imircigh, iarrthóirí tearmainn, dídeanaithe, daoine LADTI+ agus daoine scothaosta mar aon le mná, nach bhfuil lánurraim á léiriú dá gcearta ar fud an Aontais i gcónaí de shárú ar Airteagal 2 CAE; ag cur béim ar an nasc soiléir atá idir caighdeáin an smachta reachta atá ag dul in olcas agus sáruithe ar chearta bunúsacha agus ar chearta mionlaigh sna Ballstáit lena mbaineann; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na sáruithe leanúnacha ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha ar fud an Aontais, lena n-áirítear ionsaithe ar dhaoine i staideanna leochaileacha;
39. á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir lena straitéis lena ndéanfar neartú ar an gCairt a chur i bhfeidhm; á mheas, dá ndíreofaí ar thopaic réamhshainithe amháin gach bliain, nach bhféadfaí aird a tharraingt ar sháruithe tromchúiseacha eile ar an gCairt a tharlaíonn in aon bhliain amháin; á chreidiúint gur cheart go mbeadh an t-athbhreithniú bliantúil sin ina ionchur do shásra cuimsitheach faireacháin agus gur cheart, dá bhrí sin, a mhodheolaíocht, a thimthriall agus a raon feidhme a ailíniú leis na tuarascálacha bliantúla; á chur in iúl gur oth léi agus gur cúis bhuartha di go bhfuil drogall ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh maidir le sáruithe ar an gCairt;
40. á iarraidh ar na Ballstáit tuarascálacha bliantúla a tharraingt suas maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhionannas agus cearta daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;
41. á chur i bhfios gur cheart do shásra tuairiscithe bliantúil an Aontais ionstraimí atá ann cheana a chomhdhlúthú agus a ionadú ionas go seachnófar aon dúbailt, go háirithe an tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta, Creat an Choimisiúin um an Smacht Reachta, tuairisciú bliantúil an Choimisiúin ar chur i bhfeidhm na Cairte, idirphlé na Comhairle maidir leis an smacht reachta agus an Sásra Comhair agus Fíorúcháin, agus go n-áiritheofaí leis sin an chomhlántacht agus an chomhsheasmhacht le huirlisí eile atá ar fáil, lena n-áirítear nósanna imeachta faoi Airteagal 7 CAE, imeachtaí um shárú agus coinníollacht bhuiséadach; á mheas gur cheart do na trí institiúid úsáid a bhaint as torthaí an timthrialla bhliantúil faireacháin ina measúnú chun críocha Airteagal 7 CAE agus coinníollacht bhuiséadach a ghníomhachtú; á chur i bhfáth nach mór urraim a léiriú do na róil agus sainchúraimí atá ag gach ceann de na trí institiúid; á ghealladh go ndéanfaidh sí a cuid oibre bliantúla maidir leis an smacht reachta agus tuarascálacha ar chearta bunúsacha a chomhcheangail i dtimthriall faireacháin bliantúil níos leithne maidir le hAirteagal 2 CAE, agus tús a chur leis an obair sin díreach tar éis don Choimisiún a thuarascáil ar an smacht reachta a fhoilsiú;
42. á iarraidh go ndéanfar meastóireacht chun a chinneadh an bhfuil raon feidhme an chlásail neamh-idirdhealaithe atá sa Chairt leathan go leor chun forfheidhmiú an smachta reachta sna Ballstáit agus san Aontas ina iomláine a dhéanamh comhsheasmhach le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus cad iad na gníomhaíochtaí breise is féidir le hinstitiúidí AE a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go leormhaith é; á mheabhrú, cé gurb iad na húdaráis bhreithiúnacha amháin a chuireann an Chairt i bhfeidhm agus dlí AE á chur chun feidhme acu, go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí na cearta a chumhdaítear sa Chairt san áireamh i gcónaí in imeachtaí chun cultúr coiteann maidir leis an smacht reachta a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, machnamh a dhéanamh freisin ar mhodúil oiliúna a bheadh dírithe ar an gCairt a bheith ann le haghaidh breithiúna agus cleachtóirí dlí;
Foinsí agus modheolaíocht na tuarascála
43. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-idirphlé rialta, cuimsitheach agus struchtúrtha le rialtais agus parlaimintí náisiúnta, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), institiúidí náisiúnta um chearta an duine, ombudsmain, comhlachtaí comhionannais, comhlachais ghairmiúla agus geallsealbhóirí eile a neartú; á iarraidh ar an gCoimisiún ina theannta sin, leanúint de thuairisciú poiblí agus rúnda a cheadú chun cosaint agus tacaíocht a thabhairt do chosantóirí chearta an duine agus do speisialtóirí an smachta reachta atá i mbaol SLAPPanna, ionchúiseamh nó ciapadh ag na húdaráis náisiúnta nó a n-ionadaithe; á chur in iúl, cé gur geal léi go ndearna 24 Bhallstát a n-aighneachtaí do thuarascáil 2020 a chur ar fáil don phobal go trédhearcach, gur oth léi gur dhiúltaigh trí Bhallstát é sin a dhéanamh; á iarraidh go mbeadh trédhearcacht iomlán sa phróiseas agus go ndéanfaí aighneachtaí uile na mBallstát a phoibliú; á mheas gur cheart dlúthbhaint a bheith ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta le gach céim den timthriall athbhreithnithe;
44. á chur in iúl gur oth léi nár chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le geallsealbhóirí, lena n-áirítear an Pharlaimint, maidir le forbairt na modheolaíochta agus an phróisis ullmhúcháin do thuarascáil 2020, agus nár fhéach sé le haiseolas a fháil faoina n-oibritheacht;
45. á mheabhrú nach mór don Choimisiún faisnéis ábhartha ó fhoinsí ábhartha agus ó institiúidí aitheanta a chur san áireamh; á mheabhrú go bhfuil torthaí na gcomhlachtaí ábhartha idirnáisiúnta, amhail na cinn sin atá faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, ESCE agus Chomhairle na hEorpa, ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar an staid sna Ballstáit; á chreidiúint gur foinse faisnéise i ndáil leis sin é Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha comhairle mhodheolaíoch a chur ar fáil agus taighde comparáideach spriocdhírithe a dhéanamh chun na bearnaí a líonadh agus mionsonraí a chur isteach i bpríomhréimsí na tuarascála ar an smacht reachta; á chur i bhfáth gur gá páirt a thabhairt do phainéal saineolaithe neamhspleácha i gcomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le Coimisiún na Veinéise i dtuarascáil an smachta reachta, chun cuidiú leis na príomhfhorbairtí dearfacha agus diúltacha i ngach Ballstát a shainaithint;
46. á chur i bhfáth gur comhpháirtithe lárnacha iad an tsochaí shibhialta chun sáruithe ar an smacht reachta a shainaithint agus chun an daonlathas agus cearta bunúsacha a chur chun cinn; á chreidiúint go láidir gur cheart don Choimisiún idirphlé foirmiúil agus leanúnach a thionscnamh le hionadaithe na sochaí sibhialta maidir leis na saincheisteanna sin agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach ar bhealach fóinteach i bhforbairt na tuarascála bliantúla maidir leis an smacht reachta; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, go méadófaí éifeachtúlacht an phróisis agus an t-aiseolas luachmhar a chuireann an tsochaí shibhialta ar fáil trí bhíthin comhairliúcháin struchtúrtha de réir téama, bunaithe ar an taithí a fuarthas ó ENRanna i dtimthriall 2020; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfeadh an ceistneoir comhairliúcháin ar chumas na ngeallsealbhóirí tuairisciú a dhéanamh ar ghnéithe atá lasmuigh den raon feidhme atá beartaithe ag an gCoimisiún, lena bhféadfaí a mheas tuilleadh an soláthraítear sásraí éifeachtúla chun feidhmiú na cumhachta a theorannú leis na socruithe bunreachtúla;
47. á mheas gur minic a d’fhéadfaí a mheas gur róghearr iad na tréimhsí ama le haghaidh comhairliúcháin leis an tsochaí shibhialta agus gur cheart iad a oiriúnú agus a bheith solúbtha chun faisnéis iomlán agus chuimsitheach a chur ar fáil; á chur i bhfios go ndearna sé sin níos deacra é do gheallsealbhóirí, go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a rannchuidithe a ullmhú agus a phleanáil, chomh maith leis na gníomhaíochtaí múscailte feasachta baile a bhfuil sé i gceist acu a shaothrú do sheoladh na tuarascála; ag tabhairt dá haire gur measa a bhíonn rannchuidithe mar gheall ar chomhairliúcháin a bheith eagraithe roimh fhoilsiú bliantúil staidrimh phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún aighneachtaí ilteangacha a cheadú; á mholadh go modhnófaí an creat le haghaidh rannchuidithe geallsealbhóirí ionas go mbeadh sé intuartha agus nach mbeadh sé chomh docht; ag tabhairt dá haire gur féidir feabhas a chur ar an gcomhairliúchán trína áirithiú, i measc iarrachtaí eile, go ndéanfar obair leantach le gníomhaithe na sochaí sibhialta maidir leis an ionchur a chuireann siad ar fáil;
48. á mheas go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le comhar le Comhairle na hEorpa agus lena Tionól Parlaiminteach sa timthriall faireacháin bhliantúil, lena n-áirítear trí chomhpháirtíocht níos struchtúrtha, chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha in AE a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí maidir le neamhchomhlíonadh bhreithiúnais na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, arna measúnú ag Coiste na nAirí, a chur san áireamh sna caibidlí tíre; á mheabhrú gur oibleagáid dhlíthiúil mar a leagtar síos in Airteagal 6(2) CAE atá in aontachas an Aontais Eorpaigh leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a chosaint; ag athdhearbhú an ghá atá leis an bpróiseas aontachais sin a thabhairt chun críche go tapa chun creat comhsheasmhach a áirithiú do chosaint chearta an duine ar fud na hEorpa agus chun cosaint do chearta agus saoirsí bunúsacha laistigh de AE a neartú tuilleadh;
II. Gnéithe institiúideach de Shásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha
49. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle chun a áitiú go dtabharfadh siad freagairt dhearfach ar iarraidh na Parlaiminte ina rún an 7 Deireadh Fómhair 2020 ar shásra comhpháirteach AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha, lenar cheart raon feidhme iomlán luachanna Airteagal 2 CAE a chumhdach; á athdhearbhú go bhfuil sásra den sórt sin riachtanach chun cur chun cinn agus urraim luachanna AE a atreisiú; á mheabhrú gur cheart don timthriall bliantúil sin a bheith cuimsitheach, oibiachtúil, neamhchlaonta, bunaithe ar fhianaise agus feidhm chomhionann a bheith aige maidir leis na Ballstáit uile;
Moltaí tírshonracha
50. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir le measúnú ceart ar staid gach ceann de luachanna Airteagal 2 CAE sna Ballstáit agus moltaí soiléire tírshonracha a ghlacadh maidir leis an mbealach chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní a shainaithnítear agus chun na sáruithe lena mbaineann a leigheas, lena n-áirítear spriocdhátaí don chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí, agus tagarmharcanna a bhfuil obair leantach le déanamh ina leith, lena n-áirítear amlínte, spriocanna agus gníomhaíochtaí nithiúla a bheidh le déanamh, chun cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na laigí a shainaithnítear sa tuarascáil; á iarraidh go ndéanfar obair leantach ar na tionscnaimh sin i dtuarascálacha bliantúla nó práinneacha ina dhiaidh sin;
51. á mholadh go ndéanfadh an Coimisiún a mholtaí a ailíniú le huirlisí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm chun na heasnaimh a sainaithníodh a réiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an obair leantach a dhéanann na Ballstáit lena mbaineann maidir le cur chun feidhme na gcaibidlí tírshonracha agus uirlisí eile maidir leis an smacht reachta a ghníomhachtú, nuair is gá, chun torthaí a bhaint amach i gcás nach gcuirtear moltaí chun feidhme; á mheas go bhféadfadh an Coimisiún leas níos mó a bhaint as caingne um shárú os comhair CBAE; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé treochtaí soiléire dearfacha agus diúltacha a shainaithint i ngach Ballstát agus gur gá aird ar leith a thabhairt ar chomparáidí le tuarascáil na bliana roimhe sin;
Comhaontú idirinstitiúideach
52. á mheas nach gcomhlíonann an socrú institiúideach reatha don tuarascáil bhliantúil ionchais na Parlaiminte; ag dréim leis go mbunóidh na trí institiúid meitheal idirinstitiúideach bhuan, mar a mholtar ina rún an 7 Deireadh Fómhair 2020;
53. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tús a chur láithreach le caibidlíocht leis an bParlaimint maidir le comhaontú idirinstitiúideach de bhun Airteagal 295 CFAE, chun na huirlisí atá ann cheana a chomhlánú trí shásra um smacht reachta a bhunú, trí bhíthin gnímh dhlíthiúil lena gceanglaítear ar na trí institiúid nós imeachta níos trédhearcaí agus níos rialta a bheith ann, próiseas lena ngabhfaidh freagrachtaí a shainítear go soiléir, agus ina mbeidh painéal saineolaithe neamhspleácha chun comhairle a thabhairt don mheitheal agus do na trí institiúid, i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha, ionas go mbeidh cosaint agus cur chun cinn luachanna an Aontais ina gcuid bhuan agus infheicthe de chlár oibre an Aontais; á mheas, maidir leis an togra a leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú, gur bonn iomchuí é don chaibidlíocht sin; á mheas, idir an dá linn, go bhféadfadh treoirthionscadal a mbeadh saineolaithe neamhspleácha páirteach ann agus a dhéanfadh measúnú ar chomhlíonadh luachanna AE cabhrú chun an t-eolas agus an saineolas is gá a fhorbairt;
Comhlántacht le hionstraimí eile um an smacht reachta
54. á athdhearbhú nach mór don sásra maidir leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha na nósanna imeachta atá ar siúl faoi Airteagal 7 CAE agus na nósanna imeachta sin a bheidh ann amach anseo a chomhlánú agus a atreisiú, ach gan teacht ina n-ionad ar bhealach ar bith; á chur in iúl go láidir gur oth léi nach bhfuil an Chomhairle in ann dul chun cinn fóinteach a dhéanamh maidir le luachanna AE a fhorfheidhmiú i nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7 CAE; ag tabhairt dá haire go gceadaítear, go héifeachtach, le drogall na Comhairle Airteagal 7 CAE a chur i bhfeidhm, neamhchomhlíonadh leanúnach na luachanna a leagtar amach in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh follasach le breithiúnais CBAE agus ciapadh na ndaoine sin a fhéachann leis an smacht reachta a chosaint i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi nár eagraigh an Chomhairle éisteachtaí, agus gur úsáideadh COVID-19 mar chúis ina leith sin, cé nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil ann éisteachtaí a reáchtáil i bpearsa seachas trí fhíschomhdháil; á iarraidh gur cheart aon tuairim dhlíthiúil lena n-áiteofaí a mhalairt a d’fhéadfadh seirbhís dlí na Comhairle a eisiúint a chur ar fáil don phobal; ag tathant ar an gComhairle dul ar aghaidh le himeachtaí faoi Airteagal 7(1) CAE agus a áirithiú go dtosófar éisteachtaí an athuair mar ábhar práinne agus go dtabharfar aghaidh ar fhorbairtí nua freisin; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle moltaí nithiúla a dhíriú ar na Ballstáit i dtrácht, mar a leagtar síos in Airteagal 7(1) CAE, mar obair leantach ar na héisteachtaí, agus spriocdhátaí a chur ar fáil do chur chun feidhme na moltaí sin; á iarraidh go ndéanfaí machnamh ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa maidir le hathbhreithniú ar Airteagal 7 CAE, lena n-áirítear na ceanglais vótála, chun a nós imeachta a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe maidir le haontoilíocht a shárú chun smachtbhannaí a fhorchur; á áitiú go n-urramófar ról agus inniúlachtaí na Parlaiminte, go háirithe an ceart chun bheith curtha ar an eolas go cuí maidir le nósanna imeachta na n-ionstraimí um an smacht reachta, lena n-áirítear éisteachtaí Airteagal 7 CAE;
55. á chreidiúint, cé gur uirlis faireacháin riachtanach í an tuarascáil bhliantúil, go bhfuil moltaí soiléire maidir leis na dúshláin a shainaithnítear agus an gníomhaíocht leantach is gá fíor-riachtanach; á athdhearbhú, i gcás ina mainnítear easnaimh a cheartú agus moltaí a chur chun feidhme, gur cheart go bhfeidhmeodh an tuarascáil bhliantúil mar bhunús chun cinneadh a dhéanamh an ngníomhófar ionstraim amháin nó roinnt ionstraimí ábhartha amhail an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 7 CAE, an sásra coinníollachta, an ngníomhófar an Creat maidir leis an Smacht Reachta nó an dtionscnófar nósanna imeachta um shárú, lena n-áirítear nósanna imeachta brostaithe, iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair CBAE agus caingne i ndáil le neamhchur chun feidhme bhreithiúnais CBAE maidir le cosaint luachanna AE; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh moltaí inghníomhaithe, lena n-áirítear spriocdhátaí maidir le cur chun feidhme, ag gabháil leis an tuarascáil; á mheabhrú gur féidir caingne um shárú a thionscnamh ag an am céanna i ndáil le saincheisteanna a shainaithnítear i dtograí réasúnaithe Airteagal 7(1) CAE mar a bhunaigh CBAE cheana; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid láidir a bhaint as nósanna imeachta um shárú, i gcás inarb iomchuí, chun cúlú ar an smacht reachta i gcórais cheartais náisiúnta a chosc; á mheas gur cheart, le Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, an prionsabal dlíthiúil seanbhunaithe maidir le tosaíocht dhlí AE a chomhdhlúthú tuilleadh i bhforálacha an Chonartha; á iarraidh ar an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa breathnú ar ról CBAE a neartú maidir le luachanna bunaidh an Aontais a chosaint;
56. á chur in iúl gur geal léi go sainaithnítear sa Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa cearta agus luachanna Eorpacha, lena n-áirítear an smacht reachta, ar cheann de na hábhair a bheidh á bplé ag an gcomhdháil; á iarraidh go ndéanfar machnamh, ag an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ar éifeachtacht uirlisí an Aontais atá ann cheana chun faireachán a dhéanamh ar sháruithe ar phrionsabail Airteagal 2 CAE, chun iad a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu agus tograí nithiúla a thíolacadh le haghaidh gníomhaíocht inláimhsithe chun bosca uirlisí an Aontais a neartú;
57. á chur i bhfáth go bhfuil infheidhmeacht, cuspóir agus raon feidhme an Rialacháin maidir le coinníollacht an smachta reachta sainithe go soiléir i dtéacs dlí Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092; á chur i bhfáth go bhfuil an Rialachán maidir le coinníollacht an smachta reachta tagtha i bhfeidhm, go bhfuil sé curtha i bhfeidhm go díreach ón 1 Eanáir 2021 agus go bhfuil sé ina cheangal ina iomláine maidir leis na leithreasaí gealltanais agus leithreasaí íocaíochtaí uile sna Ballstáit uile, go háirithe maidir le heisíoc chistí Next Generation EU, agus nach bhfuil a chur i bhfeidhm ag institiúidí AE faoi réir treoirlínte ná léirmhíniú breithiúnach a ghlacadh; á mheas go sáraíonn na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 10 agus an 11 Nollaig 2020 i ndáil leis an Rialachán maidir le coinníollacht an smachta reachta Airteagal 15 agus Airteagal 17 CAE agus Airteagal 288 CFAE a mhéid a thugann siad isteach éiginnteacht dhlíthiúil nach bhfuil gá léi maidir leis na treoirlínte breise ón gCoimisiún agus glacadh an rialacháin a chur ar fionraí, i gcásanna Airteagal 263 CFAE, mar atá faoi láthair i ndiaidh na gcaingne le haghaidh neamhniú a thaisc an Ungáir agus an Pholainn le déanaí; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh láithreach faoin Rialachán maidir le coinníollacht an smachta reachta chun lánúsáid a bhaint as na huirlisí imscrúdaithe atá aige cheana gan tuilleadh moille chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa smacht reachta sna Ballstáit a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad AE, nó a bhfhuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidís difear dó, ar bhealach sách díreach; á iarraidh ar an gCoimisiún Rialachán na bhForálacha Coiteanna[31] agus an Rialachán Airgeadais[32] a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine chun dul i ngleic le húsáid idirdhealaitheach chistí AE, mar a rinne sé nuair a coinníodh cistí siar ó rialtais bhardasacha nó áitiúla a fhógair go raibh siad‘saor ó idé-eolaíocht LADTI’;
58. á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí na tuarascála bliantúla a úsáid ina mheasúnú atá ina bhonn leis an sásra chun an buiséad a chosaint i gcoinne sáruithe ar phrionsabal an smachta reachta, chomh maith le haon mheasúnú ábhartha eile chun críocha uirlisí buiséadacha atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún roinn shonrach a chur san áireamh ina thuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta ina ndéanfaí anailís ar chásanna ina bhféadfadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát ar leith difear a dhéanamh do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad AE, nó an baol a bheith ann go ndéanfaí amhlaidh, ar bhealach sách díreach, a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús chun an sásra coinníollachta a ghníomhachtú ina dhiaidh sin; ag tathant ar an gCoimisiún sineirgí a neartú idir a thuarascálacha bliantúla maidir leis an smacht reachta agus an Rialachán maidir le coinníollacht an smachta reachta, agus úsáid á baint astu mar uirlisí éagsúla ach comhlántacha;
59. ag aithint gur gá don Choimisiún an tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta a úsáid mar fhoinse thábhachtach faisnéise agus cásanna á gcur le chéile aige chun an Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta a chur i bhfeidhm, ar cheart go n-áireofaí léi, inter alia, faisnéis ó thuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, OLAF agus OIPE, tuarascálacha iniúchóireachta ón gCoimisiún agus ó na húdaráis iniúchóireachta náisiúnta, breithiúnais ó CBAE agus ó chúirteanna náisiúnta, anailísí ó Ghníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha agus faisnéis ó chórais éagsúla amhail an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh um Chosaint Leasanna Airgeadais an Aontais (EDES) agus Arachne; á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar an nasc sa mhodheolaíocht arna húsáid idir an tuarascáil ar an smacht reachta agus an sásra coinníollachta um an smacht reachta; á mheabhrú go bhfuil sé bunriachtanach go ndéantar leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh a choimirciú go cuí nuair a dhéantar bearta a ghlacadh i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta;
60. á iarraidh ar an gCoimisiún cultúr a chur chun cinn d’urraim ar na luachanna arna gcumhdach in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear trí iarrachtaí treisithe chun oideachas maidir le saoránacht AE a chur chun cinn, lena n-áirítear maidir leis an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún clár tiomnaithe a sheoladh lena dtacófar le tionscnaimh nuálacha agus é mar aidhm leis oideachas faoi shaoránacht AE a chur chun cinn; ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún faisnéis agus cistiú leormhaith a sholáthar le haghaidh eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta ar fud an Aontais, ar bhonn náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil mar aon le hiriseoireacht neamhspleách, go háirithe trí úsáid straitéiseach a bhaint as deiseanna cistiúcháin faoin Rialachán lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna chun cuidiú leo feasacht a mhúscailt agus luachanna agus uirlisí is infheidhme AE a chur chun cinn, lena n-áirítear an tuarascáil bhliantúil, chun dul i ngleic le bagairtí don smacht reachta arna n-aithint sa tuarascáil bhliantúil, go háirithe i gcás ina sainaithnítear sáruithe agus easnaimh; á iarraidh ar na Ballstáit foghlaim ó dheachleachtais agus dul i ngleic leis na bearnaí arna sainaithint agus bearta a ghlacadh chun feabhas a chur ar an staid maidir le gach ceann de na ceithre cholún arna sainaithint sa tuarascáil ar an smacht reachta; á thabhairt chun suntais gur gá feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh agus chónaitheoirí AE maidir leis na modhanna agus na nósanna imeachta atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE chun an urraim don smacht reachta a choimirciú agus chun sáruithe a thuairisciú;
III. Obair leantach agus tionchar na tuarascála
61. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i dtuarascálacha ina dhiaidh seo ar na saincheisteanna arna sainaithint sna réimsí a ndearnadh anailís orthu i dtuarascálacha roimhe seo, ó thaobh na caoi inar fhorbair siad, inar réitíodh iad, ina bhfuil baol ann go rachaidh siad in olcas nó ina bhfuil siad imithe in olcas, chun treochtaí dearfacha agus diúltacha agus saincheisteanna cothrománacha a shainaithint, go háirithe aon phátrúin shistéamacha nó a tharlaíonn arís agus arís eile i dtaca le sáruithe ar an smacht reachta, agus chun moltaí soiléire a chur chun cinn chun aon rioscaí nó titim siar a aithnítear a réiteach;
62. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé torthaí na tuarascála bliantúla a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta; ag spreagadh an Choimisiúin díospóireacht a chothú maidir leis an tuarascáil sna parlaimintí náisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanamh rannpháirteach san obair leantach ar an tuarascáil;
63. á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú ina thuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta nach den chineál céanna agus/nó den déine chéanna iad na heasnaimh agus na sáruithe uile i ndáil leis an smacht reachta agus nuair a sháraítear na luachanna a liostaítear in Airteagal 2 CAE d’aon ghnó, go tromchúiseach, go buan agus go córasach thar thréimhse ama, go bhféadfadh teip ar na Ballstáit na critéir uile lena sainítear cad is daonlathas ann a chomhlíonadh agus go bhféadfaidís athrú ina réimis údarásaíocha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé mar phríomh-thosaíocht ag an gCoimisiún forfheidhmiú a dhéanamh ar dhlí AE nuair a tharlaíonn sáruithe ar Airteagal 2 CAE agus gur cheart dá thuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta rannchuidiú leis an gcríoch sin den chuid is mó; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar thíortha atá faoi réir nósanna imeachta faoi Airteagal 7 CAE atá fós ar siúl ionas go léireofar an chaoi inar baineadh an bonn go struchtúrach ón smacht reachta chun éascú a dhéanamh ar dhaingniú struchtúir rialachais ar stíl an údarásaíochais;
64. á chur i bhfios go láidir gur cheart don tuarascáil sin fónamh mar bhonn chun gníomhaíochtaí leantacha ag AE a chur in ord tosaíochta, a mhéid a bhaineann leis na Ballstáit ina bhfacthas laigí nó easnaimh, agus gur cheart go mbeadh an rannchuidiú a dhéanann sí ina chuid thábhachtach den sásra uileghabhálach um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha;
65. ag gealladh tús a chur leis an obair ar thuarascáil 2021 a luaithe agus is féidir tar éis a foilsithe;
°
° °
66. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Tá an tAontas Eorpach bunaithe ar an smacht reachta, ar chearta bunúsacha agus ar luachanna an Aontais faoi mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad. Nuair a bhaintear ó na prionsabail sin, ní hamháin go dtréigtear an gealltanas a thug na Ballstáit nuair a chuaigh siad isteach san Aontas, ach cuirtear inbhuanaitheacht an tionscadail Eorpaigh ina iomláine i mbaol chomh maith.
Ar an gcúis sin, cuirtear fáilte roimh an béim neartaithe ar an smacht reachta ag an gCoimisiún Eorpach, trí fhoilsiú a chéad tuarascála bliantúla ar an smacht reachta in 2020 agus na 27 gcaibidil inti lena gcumhdaítear gach Ballstát.
Tugtar faisnéis luachmhar i dtuarascáil bhliantúil 2020 ar an smacht reachta i dtaca le tuiscint a fháil ar staid an chórais ceartais, an chreata frith-éillithe, iolrachas na meáin agus shaoirse na meán agus ar shaincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann le córas srianta agus ceartúchán. Mar a tharlaíonn i gcás gach céad-iarrachta, áfach, ní mór í a fhorbairt agus a bheachtú tuilleadh.
Tá an tuarascáil seo leagtha amach i dtrí chuid. Ar dtús, déantar measúnú inti ar na príomhthorthaí a d’eascair as tuarascáil bhliantúil 2020 ar an smacht reachta agus moltar réitigh ar na dúshláin a sainaithníodh maidir leis an modheolaíocht a úsáideadh inti. Ar an dara dul síos, sainaithnítear réimsí imní inti nach gcumhdaítear iad sa tuarascáil agus tugtar moltaí maidir lena raon feidhme a leathnú. Ar an tríú dul síos, dírítear ar an gcaoi inar cheart don tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta rannchuidiú go suntasach le struchtúr uileghabhálach an smachta reachta.
Tuarascáil 2020 ar an smacht reachta: ceachtanna do 2021
Tá cur chuige modheolaíoch roghnaithe ag an gCoimisiún Eorpach lena bpléitear leis na Ballstáit agus leis an tsochaí shibhialta i misin aimsithe fíoras agus an tuarascáil á hullmhú agus tar éis a foilsithe, chun na torthaí a phlé. Le cois bailiú fianaise, tá sé mar aidhm ag na malartuithe sin teacht chun cinn chultúr an smachta reachta a chothú trí idirphlé. Ba cheart lán-tacaíocht a thabhairt don chur chuige seo, lena dtugtar ‘an Eoraip’ níos cóngaraí do gach Ballstát tríd an malartú.
Tugann tuarascáil bhliantúil 2020 ar an smacht reachta sintéis luachmhar ar fhorbairtí dearfacha agus diúltacha i gceithre phríomhréimse (ceartas, frith-éilliú, na meáin, srianta agus ceartúcháin). Tá an iarracht i dtaca le faisnéis a bhailiú agus anailís a dhéanamh, ar bhealach coibhéiseach, ar gach ceann de na ceithre réimse arna gcumhdach sa tuarascáil le haghaidh 27 mBallstát le moladh. Tá buntábhacht le coibhéis san anailís agus baineadh amach í den chuid is mó. Ní chuireann an tuarascáil agus na caibidlí tíre inti a n-idirghníomhú san áireamh go leordhóthanach. Mar shampla, nuair a chuireann eagraíochtaí de chuid na meán nach bhfuil neamhspleách míchlú ar an mbreithiúna nó ar an tsochaí shibhialta, cuirtear srian lena gcumas gníomhú go neamhspleách. Ba cheart anailís threisithe a dhéanamh ar an idirnasc idir na ceithre réimse sna tuarascálacha bliantúla atá le teacht ionas go mbeifear in ann measúnú iomlán a dhéanamh ar staid an smachta reachta i ngach tír.
Le staid thubaisteach an smachta reachta i mBallstáit áirithe, mar atá léirithe sna tuarascálacha, éilítear neartú na n-uirlisí uile atá ar fáil don Aontas. Tá Parlaimint na hEorpa ag dréim leis go gcuirfidh leaganacha ina dhiaidh seo den tuarascáil moltaí soiléire ar fáil chun easnaimh shainaitheanta a chur ina gceart. Tá fiúntas ag baint leis an gcur síos ar fhorbairtí dearfacha agus diúltacha ó thaobh soláthar faisnéise de, ach gan treoir, tá féidearthacht mhór ann nach mbainfear amach réiteach na n-easnamh, nó leanúint eiseamláir na ndeachleachtas.
I ndáil leis sin, tá buntábhacht ag baint le moltaí a chur san áireamh, a mbeidh spriocdhátaí soiléire ag gabháil leo, chun iarmhairtí na tuarascála a neartú. Leis sin, bheifí in ann measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn nó ar an meath ar an smacht reachta i dtír ar leith, nach mór go mbeadh sé ina threoir ag na hinstitiúidí Eorpacha i dtaca le bearta a dhéanamh, leis na huirlisí leighis iomchuí, i gcás easnaimh nach bhfuil réitithe nó atá imithe in olcas. Dá bhrí sin, gan titim siar ar an uathoibreánachas, ba cheart nasc soiléir a bhunú sa tuarascáil idir leibhéal agus tromchúis na n-easnamh arna sainaithint agus raon na n-uirlisí iomchuí atá ar fáil i mbosca uirlisí an smachta reachta chun iad a leighis. Ar an mbealach sin, bheadh an tuarascáil bhliantúil mar bhunús daingean ag struchtúr an smachta reachtaigh Eorpaigh ar bhealach comhtháite, lena nascfaí tuairisciú agus forfheidhmiú, agus lena dtabharfaí an tábhacht atá ag dul di don tuarascáil mar gheall ar na torthaí tábhachtacha atá inti.
Beidh tuarascáil bhliantúil 2020 ar an smacht reachta ina tagarmharc do na leaganacha di a thiocfaidh ina diaidh. Creideann an rapóirtéir gur cheart nach mbeadh tuarascáil 2021 chomh tuairisciúil céanna agus gur cheart di a bheith níos anailísí. Caithfear é sin a bhaint amach trí iarrachtaí níos mó a dhéanamh i dtaobh cuairteanna ar thíortha, agus go háirithe, trí chomhairliúcháin agus malartuithe leis an tsochaí shibhialta a dhoimhniú. Ba mhaith leis an rapóirtéir aitheantas a thabhairt don ról bunriachtanach atá ag an tsochaí shibhialta maidir le hionchur riachtanach a sholáthar don athbhreithniú bliantúil ar an smacht reachta. Ba cheart go ndéanfaí a rannchuidiú a éascú trí neart spriocdhátaí leordhóthanacha, creataí solúbtha agus spáis shábháilte a leagan síos dá n-aighneachtaí. Le próiseas níos trédhearcaí i dtaca le geallsealbhóirí a dhéanamh rannpháirteach le linn cuairteanna ar thíortha, roimh ré agus ar ball, agus le foilsiú iomlán na dtuarascálacha bliantúla ar an smacht reachta, rannchuideofaí le neartú a dhéanamh ar an inneachar, infheictheacht agus tionchar.
Caithfear a thabhairt chun suntais nár cheart go bhfágfadh coibhéis san anailís go gcinnfí go hearráideach go bhfuil contúirtí coibhéiseacha roimh na Ballstáit maidir le titim ar gcúl ó thaobh an smachta reachta de. Ní mór don tuarascáil ar an smacht reachta difear soiléir a dhéanamh idir tíortha ina bhféadfaí feabhas a chur ar an smacht reachta i réimsí áirithe agus tíortha ina mbaintear an bonn ón smacht reachta d’aon ghnó, go buan agus go leanúnach ar bhealach sistéamach. Tá an Rapóirtéir den tuairim nach ndearna agus nach ndéanfaidh faireachán agus an toil dul i mbun idirphlé tairbheach, sna cásanna seo, an t-athrú inmhianta a bhaint amach. Tá an tuarascáil ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle úsáid dhiongbháilte a bhaint as na huirlisí uile maidir leis an smacht reachta atá ar fáil dóibh chun aon bhaol go mbeadh sárú tromchúiseach ann nó aon sárú iarbhír ar luachanna an Aontais a leigheas gan mhoill.
Le tuarascáil 2020, táthar in ann tuiscint a fháil ar an staid mar atá i gcás na gceithre réimse uile i ngach caibidil tíre. Fágtar go bhfuil an iomarca saoirse ann don phobal, do rialtais agus do gheallsealbhóirí bríonna éagsúla a bhaint aisti, áfach, i dtaca le tromchúis agus doimhneacht na n-easnamh arna sainaithint. Creideann an rapóirtéir gur cheart do na tuarascálacha a chur in iúl go soiléir an ann do bhaol nó do shárú iarbhír ar luachanna an Aontais i ngach ceann de na colúin a bhfuil anailís á déanamh orthu sna caibidlí tíre, agus mion-mheasúnú ina dhiaidh sin nuair is féidir a dhéanamh amach gur tharla sáruithe den sórt sin.
A mhéid a bhaineann leis an tuarascáil chothrománach, creideann an rapóirtéir go bhfuil gá le cur chuige comhtháite agus Eorpach. Tá sé práinneach a aithint, nuair a ghlactar le cleachtais áirithe lena mbaintear an bonn ón smacht reachta i mBallstát amháin, go mbíonn siad ina dtreoir ag Ballstáit eile. Tá sé bunúsach na treochtaí sin ar fud an Aontais a thaifeadadh agus a chur in ord tosaíochta chun dul i mbun gníomhaíocht feabhais phráinneach ar leibhéal an Aontais. Rud atá tábhachtach ná gur cheart go dtabharfadh an tuarascáil aird ar leith ar mhainneachtain cloí le breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus ar easnaimh eile lena mbaintear an bonn ó struchtúr dlí an Aontais, ar cheart iad a mheas mar shárú tábhachtach in aon mheasúnú Eorpach ar an smacht reachta i bhfianaise na bagartha sistéamaí atá iontu don tionscadal Eorpach.
Raon feidhme
Seasann an cur chuige Eorpach i leith an smachta reachta amach, de bhrí go n-éilítear leis go gcomhlíontar a chroíphrionsabail, lena ráthaítear go bhfuil rialtais faoi réir an dlí agus go dtugann na córais dlí náisiúnta lán-éifeacht do chearta bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha. Tá dúshláin mhéadaitheacha roimh an Aontas, áfach, i ndáil le hurraim dá chuid luachanna a áirithiú. Ba cheart go bhforbrófaí an tuarascáil ar an smacht reachta chun go gcumhdófaí go hiomlán iad, ionas go seachnófaí cás ina scriosfaí prionsabail bhunaidh féin an tionscadail Eorpaigh ón taobh istigh.
Tá caidreamh bunúsach ann idir an smacht reachta agus luachanna bunúsacha. Tá an t-idirspleáchas sin follasach nuair a fhéachtar ar idirdhealú agus ar mhainneachtain seasamh le cearta go leor daoine, ar cuid de ghrúpaí leochaileacha agus mionlaigh iad i mBallstáit áirithe. Le forbairtí a rinneadh le déanaí cuireadh béim ar an bhfíoras go mbíonn éifeachtaí díreacha ag titim ar gcúl maidir leis an smacht reachta ar na grúpaí sin. Mar shampla, rialaigh Binse Bunreachtúil na Polainne, comhlacht a bhfuil ceist curtha ag an gCoimisiún Eorpach maidir lena neamhspleáchas, mar aon le comhlachtaí institiúideacha eile, an 22 Deireadh Fómhair 2020 teorainn bhreise a chur le ginmhilleadh i gcásanna mínórmáltachtaí féatais tromchúiseacha agus do-aisiompaithe, ag déanamh difear, dá bhrí sin, do chearta gnéis agus atáirgthe na mban. Thairis sin, tá feidhm ag an smacht reachta agus luachanna bunúsacha do chách san Eoraip. Le blianta beaga anuas, tá bac curtha ar cheart iarrthóirí tearmainn iarratas a dhéanamh ar chosaint idirnáisiúnta, agus diúltaíodh dó fiú i mBallstáit áirithe. Mar shampla, i mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 17 Nollaig 2020, suíodh gur theip ar an Ungáir a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais a chomhlíonadh i réimse na nósanna imeachta chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh. Géaraítear ar na conclúidí sin, ar ábhar imní iad, le neamhchomhlíonadh breithiúnas den sórt sin ag an Ungáir. Sa bhreis air sin, léiríonn líon méadaitheach na líomhaintí gurb ann do bhrú siar sistéamach ar fud theorainneacha seachtracha an Aontais gur gá go soiléir an measúnú ar chomhlíonadh na reachtaíochta Eorpaí agus idirnáisiúnta agus na gceart bunúsach i réimse an tearmainn agus na himirce a neartú.
Ba cheart go bhféachfaí ar urramú na bprionsabal a chumhdaítear in Airteagal 2 mar sprioc dheiridh an athbhreithnithe atá beartaithe. Ó 2021, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil bhliantúil nua i láthair maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha san Aontas, ag féachaint ar chur i bhfeidhm na Cairte sna Ballstáit maidir le hábhair réamh-roghnaithe. Is díol sásaimh don rapóirtéir an rún sin ach creideann sé gur cheart go soláthródh an t-athbhreithniú bliantúil sin ionchur do shásra cuimsitheach faireacháin agus gur cheart, dá bhrí sin, a mhodheolaíocht, a thimthriall agus a raon feidhme a ailíniú leis an tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta;
Ní mór idirnaisc idir an daonlathas, an smacht reachta, cearta bunúsacha, agus luachanna an Aontais arna gcumhdach in Airteagal 2 CAE a dhéanamh follasach. Nuair atá ionsaithe ar an smacht reachta seasmhach agus forleathan, d’fhéadfadh deireadh teacht leis na saintréithe atá ag daonlathais. Chuige sin, teastaíonn ón rapóirtéir béim a chur ar an ngá atá le creat comhpháirteach agus cuíchóirithe lena gcuimseofar an daonlathas, an smacht reachta, agus cearta bunúsacha, faoi mar atá tugtha chun suntais arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa.
Gnéithe institiúideach de Shásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha
Leis an tuarascáil seo, athdhearbhaítear toil Pharlaimint na hEorpa sásra um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha (DFR) a chur ar bun lena n-áiritheofar coimirciú éifeachtach ar chroílár bunreachtúil an Aontais, mar a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl i rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020. Tá an Rapóirtéir ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún tús a chur gan mhoill le caibidlíochtaí leis an bParlaimint maidir le comhaontú idirinstitiúideach chun sásra faireacháin oibiachtúil agus fianaise-bhunaithe, arna chumhdach i gníomh dlí, a chur ar bun ina mbeidh na trí institiúid rannpháirteach i bpróiseas trédhearcach agus rialta, a mbeidh sé mar aidhm leis luachanna uile an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn.
Tugann an Rapóirtéir chun suntais gur gá go gceadódh struchtúr foriomlán an tsásra um an smacht reachta don Aontas gníomhú ar bhealach a mbeidh tionchar aige i gcás ina mbeidh bagairt thromchúiseach ann do luachanna bunúsacha. Ba cheart go leagfadh an tuarascáil amach an bealach chun nósanna imeachta Airteagal 7 CAE a mhéadú nó a sheoladh, i gcás ina sainaithnítear sáruithe tromchúiseacha ar an smacht reachta. Go dtí seo, bhí nós imeachta Airteagal l7 CAE neamhéifeachtach mar gheall ar an gceanglas aontoilíochta is gá chun cearta áirithe a chur ar fionraí. Ní mór don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa roghanna a phlé i dtaca leis na Conarthaí a athrú lena n-áiritheofar nach gcuirfidh ceanglais vótála bac ar chosaint ár luachanna comhchoiteanna, mar aon le ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a neartú agus luachanna an Aontais a chosaint nó dul chun cinn i dtaca le bosca uirlisí an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí.
A mhéid a bhaineann leis an Rialachán maidir le córas ginearálta coinníollachta, a mbeidh feidhm leis amhail ón 1 Eanáir 2021, ba cheart don Choimisiún naisc shoiléir a bhunú idir an tuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta agus tionscnamh gníomhaíochta amach anseo sa réimse sin. Chuige sin, déanann an rapóirtéir a mhachnamh ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021, ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir le sásra coinníollachta an smachta reachta, á iarraidh go mbeadh cuid anailíseach shainiúil sa tuarascáil ar an smacht reachta a bheadh ag plé le sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta ag Ballstát ar leith a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais. Ba cheart go soláthrófaí ionchur agus spreagadh don sásra coinníollachta le mion-mheasúnú den sórt sin, ar sásra é nach mór dó naisc shoiléir a bheith aige leis an tuarascáil ar an smacht reachta, cé gur uirlis ar leith é.
27.5.2021
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
ar thuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta - COM(2020)0580
Rapóirtéir don tuairim: Margrete Auken
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Achainíocha ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. ag cur béim ar an bhfreagracht atá ar an gCoiste um Achainíocha (PETI) sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar an smacht reachta a shainaithint agus foláireamh a thabhairt fúthu, i bhfianaise líon ard na n-achainíocha a fhaightear ó shaoránaigh a bhfuil imní orthu maidir le sáruithe ar an smacht reachta ina dtíortha faoi seach, agus i bhfianaise iarmhairtí na sáruithe sin ar a saolta; á chur i bhfáth go bhfuil cur chun feidhme neamhleor phrionsabail an smachta reachta ina bhaol do bhaint amach cheart agus thráthúil chuspóirí an Aontais in earnálacha éagsúla beartais; á chreidiúint go láidir nach féidir cearta bunúsacha a ráthú go héifeachtach ach amháin má tá forlámhas ag an smacht reachta, agus nach féidir lánchosaint chearta shaoránaigh an Aontais a áirithiú ar fud an Aontais ach amháin má chomhlíonann na Ballstáit uile na prionsabail uile is bun leis an smacht reachta; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbíonn tionchar ag easnaimh i mBallstát amháin ar Bhallstáit eile agus ar an Aontas ina iomláine, agus á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil freagracht ar institiúidí AE maidir leis an smacht reachta a bheith á chur i bhfeidhm ag na Ballstáit;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a chur ar fáil ina thuarascálacha breise, ar measúnú é ar thionchar na n-easnamh agus na sáruithe a sainaithníodh ar leithdháileadh chistí AE ina dhiaidh sin faoin sásra coinníollachta; ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag uirlisí forfheidhmithe an smachta reachta chun na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) a chur chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a ráthú go ndéanfar torthaí na tuarascála a chur chun feidhme go héifeachtach i ngníomhaíochtaí nithiúla beartais; á iarraidh ar an gCoimisiún leibhéal níos airde infheictheachta a chur ar fáil do rannchuidithe ó ENRanna agus do thorthaí na gcomhairliúchán poiblí agus a thuarascálacha amach anseo á ndréachtú aige;
3. á thabhairt chun suntais go n-áirítear prionsabail sa smacht reachta amhail dlíthiúlacht, a thugann le tuiscint gurb ann do phróiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch chun dlíthe a achtú; deimhneacht dhlíthiúil; toirmeasc ar fheidhmiú treallach na cumhachta feidhmiúcháin; cosaint éifeachtach bhreithiúnach a thugann cúirteanna neamhspleácha agus neamhchlaonta, athbhreithniú breithiúnach éifeachtach lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha; scaradh na gcumhachtaí; agus comhionannas os comhair an dlí;
4. ag tabhairt dá haire, d’ainneoin iarrataí a rinne Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile, nach gcuimsítear i dTuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta na réimsí suntasacha den daonlathas agus de chearta bunúsacha, ar cheart grinnscrúdú a dhéanamh orthu agus an tábhacht chéanna ag baint leis an ngrinnscrúdú sin, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena gcumhdaítear mionlaigh náisiúnta agus theanga freisin; á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar chur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha AE, ós rud é go dtéann ionchais shaoránaigh AE thar raon feidhme iarbhír na Cairte; á iarraidh ar an gCoimisiún cóir chomhionann a áirithiú i leith luachanna bunaidh uile an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE sa chéad tuarascáil eile uaidh; á chreidiúint nach mór don Choimisiún páirt a thabhairt ar bhealach trédhearcach don oiread geallsealbhóirí agus is féidir sa chleachtadh bliantúil sin agus dul i gcomhairle leo ar bhealach trédhearcach, agus aird ar leith á tabhairt ar chleachtóirí dlí agus ar shaineolaithe ar chearta bunúsacha ó eagraíochtaí seachtracha, chun iolrachas níos mó agus creidiúnacht iomlán a ráthú, agus táscairí soiléire a thabhairt freisin maidir le gníomhaíochtaí leantacha i gcás aon easnaimh a bhraitear;
5. ag tabhairt dá haire go bhfuarthas líon ard achainíocha ó shaoránaigh a bhaineann le hidirdhealú a bhíonn roimh mhionlaigh, go háirithe daoine den phobal LADTIA; ag cáineadh go láidir go léiríonn mórán de na hachainíocha sin freisin idirdhealú sistéamach agus spreagadh fuathchainte i gcoinne daoine den phobal LADTIA ag údaráis phoiblí agus ag oifigigh thofa i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur díol sásaimh di, sa chiall sin, tiomantas an Choimisiúin tionscnamh a thíolacadh chun liosta de na ‘coireanna AE’ faoi Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a leathnú chun fuathchoireacht agus fuathchaint a chumhdach, lena n-áirítear na coireanna sin atá dírithe ar dhaoine den phobal LADTIA, faoi dheireadh 2021;
6. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas ar cheann de na háiteanna ar domhan a bhfuil na caighdeáin is airde maidir leis an smacht reachta aici, ach go bhfuil sé fós droch-fheistithe ó thaobh struchtúir de chun sáruithe ar an smacht reachta a chomhrac; ag cáineadh gur theip ar an gComhairle dul chun cinn a dhéanamh trí smachtbhannaí a chur i bhfeidhm sna nósanna imeachta atá fós ar bun faoi Airteagal 7 CAE; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a mhodheolaíocht chuimsitheach i ndáil leis an smacht reachta trí rialacha níos éifeachtaí, níos trédhearcaí agus níos soiléire a leagan síos chun urraim don smacht reachta a áirithiú ar bhealach oibiachtúil i ngach Ballstát, agus na hábhair imní atá ag saoránaigh uile an Aontais á gcur san áireamh; á thabhairt chun suntais, i gcás ar bith, nach mór úsáid iomlán agus éifeachtach a bhaint as na huirlisí ar fad atá ar fáil ar leibhéal an Aontais, amhail nósanna imeachta um shárú, na nósanna imeachta a chumhdaítear sa Rialachán Coinníollachta, i gCreat an Smachta Reachta agus in Airteagal 7 CAE, chun aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar an smacht reachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ionchais mhóra curtha in iúl ag saoránaigh le hachainíocha agus iad ag iarraidh go dtabharfaí freagairt cheart agus thapa ar leibhéal an Aontais chun deireadh a chur le sáruithe den sórt sin; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí na sáruithe sin a thuiscint ar bhealach níos fearr, go dtabharfaí aghaidh ar na sáruithe sin agus go ndéanfaí obair leantach ina leith trí mhisin aimsithe fíoras a dhéanamh níos minice;
7. á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid níos éifeachtaí agus níos tráthúla a bhaint as an gcumhacht atá aige Ballstát a thabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ag iarraidh ar an gCúirt bearta eatramhacha a ordú d’fhonn cosc a chur le forthromú na díobhála tromchúisí doleigheasta a dhéantar i gcoinne an smachta reachta;
8. á iarraidh, i ndáil leis an Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a chur chun feidhme agus i gcomhréir le hinsint an Choimisiúin ar an tsaincheist sin, go gcuirfí deireadh leis an Sásra Comhair agus Fíorúcháin don Rómáin agus don Bhulgáir;
9. á chur in iúl gur oth léi gur chuir na hathchóirithe a glacadh i roinnt Ballstát neamhspleáchas an chórais ceartais faoi bhagairt, rud a mhéadaíonn tionchar an bhrainse feidhmiúcháin agus reachtaíochta maidir lena fheidhmiú, agus mar thoradh air sin, chuir an Coimisiún tús le himeachtaí um shárú agus chuir sé ábhair imní in iúl i gcomhthéacs na nósanna imeachta faoi Airteagal 7 CAE;
10. á chur i bhfios go bhfuil achainíocha á bhfáil ag an gCoiste um Achainíocha sa Pharlaimint le breis agus 10 mbliana, ina nochtann líon an-ard tuismitheoirí nach Gearmánaigh iad idirdhealú sistéamach agus bearta treallacha arna nglacadh ina gcoinne ag Oifig Leasa Óige na Gearmáine (Jugendamt) i ndíospóidí teaghlaigh trasteorann a bhaineann le leanaí, maidir le hábhair a bhaineann, inter alia, le freagracht tuismitheora agus coimeád leanaí; á chreidiúint gur cheart cleachtais idirdhealaitheacha a mheas mar sháruithe ar an smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún ról gníomhach a bheith aige i dtaca le cleachtais neamh-idirdhealaitheacha chothroma agus chomhsheasmhacha a áirithiú i ndáil le tuismitheoirí agus cásanna trasteorann maidir le coimeád leanaí á láimhseáil ar fud an Aontais;
11. ag cáineadh ionsaithe polaitiúla agus feachtais meán a rinneadh i roinnt Ballstát i gcoinne breithiúna agus ionchúisitheoirí a bhfuil seasaimh phoiblí glactha acu ag cáineadh athchóirithe a chuireann isteach ar neamhspleáchas na mbreithiúna; ag cur béim ar an bhfíoras, i gcinneadh a rinneadh le déanaí, gur athdhearbhaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine[33] go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh á teachtadh ag ionchúisitheoirí agus ag breithiúna chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí poiblí maidir le hathchóirithe reachtacha a dhéanann difear don chomhrac i gcoinne an éillithe, maidir leis na breithiúna agus, ar bhonn níos ginearálta, maidir le saincheisteanna a bhaineann le neamhspleáchas an chórais ceartais;
12. á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé córais cheartais neamhspleácha agus neamhchlaonta a áirithiú mar phríomhcholúin i dtaobh comhrac go leormhaith i gcoinne an éillithe, i dtaobh leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, maidir le húsáid cheart chistí an Aontais, agus i dtaobh muinín na saoránach as na breithiúna a mhéadú;
13. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de mheasúnú a dhéanamh go dian agus go hoibiachtúil ar cé acu a urramaítear nó nach n-urramaítear saoirse an phreasa sna Ballstáit uile; á thabhairt chun suntais gur deimhníodh le paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé iriseoireacht neamhspleách, cosaint sceithirí agus rochtain ar fhaisnéis iolraíoch a neartú mar phríomhchumasóirí an smachta reachta agus na cuntasachta daonlathaí atá in ann faisnéis a bhfuil seiceáil fíricí déanta uirthi a sholáthar do shaoránaigh, rud a chuireann leis an gcomhrac in aghaidh na bréagaisnéise; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil méadú tagtha ar bhagairtí fisiciúla agus ciapadh ar líne in aghaidh iriseoirí i roinnt Ballstát, go háirithe i gcás iriseoirí ar mná iad, rud a d’fhág, go minic, gur bhain an féinchinsireacht an bonn ó cheart na saoránach chun faisnéise; ag cáineadh cásanna dlí ‘SLAPP’ a bheith á dtógáil i gcoinne iriseoirí (cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí) atá beartaithe cinsireacht a dhéanamh ar cháinteoirí, iad a imeaglú agus iad a chur ina dtost trí chostais na cosanta dlíthiúla a chur ar na daoine lena mbaineann go dtí go ndéanfaidh siad a gcáineadh a thréigean; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí ar a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le timpeallacht chumasúcháin a ráthú d’iriseoirí, chomh maith lena sábháilteacht a chosaint agus saoirse na meán agus iolrachas na meán a chur chun cinn go réamhghníomhach;
14. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil faisnéis rúnaicmithe ag rialtais i roinnt Ballstát maidir leis an soláthar poiblí le linn phaindéim COVID-19, rud a mhéadaigh baol an éillithe d’údaráis agus mímhuinín i measc saoránach; á iarraidh ar na Ballstáit sin na bearta mí-úsáideacha sin a aisiompú agus trédhearcacht iomlán a áirithiú i ndáil le hiriseoirí agus saoránaigh;
15. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil clásail nach bhfuil foilsithe go fóill sna conarthaí a shínigh an Coimisiún le cuideachtaí vacsaíní COVID-19;
16. á chur i bhfios gur rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí nach mór d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith in ann feidhmiú gan cur isteach ón stát nach bhfuil údar cuí leis, ag aithint di gur ceann de na bunúis riachtanacha de shochaí dhaonlathach agus iolraíoch é an ceart chun saoirse comhlachais; á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil roinnt ENRanna atá gníomhach i réimse na himirce, cheart na mban agus chearta LADTI+ faoi réir feachtais chlúmhillte agus SLAPPanna, agus go bhfuil srianta móra rompu ó thaobh an spáis chathartha inar féidir leo oibriú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an obair atá á déanamh faoi láthair ag an sainghrúpa maidir le SLAPPanna, mar a bheartaítear sa Phlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach, agus a áirithiú go dtabharfar aghaidh freisin le haon togra reachtach a bheidh ann amach anseo ar na saincheisteanna sin; á athdhearbhú go bhfuil an tsochaí shibhialta ríthábhachtach le go mbeidh rath ar dhaonlathais agus go gcuireann laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta le sáruithe ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha; á athdhearbhú gur cheart d’institiúidí an Aontais idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a choinneáil le comhlachais hionadaíocha agus leis an tsochaí sibhialta; á thabhairt chun suntais nach mór bearta coimirce níos láidre a dhéanamh chun dea-rialachas sa soláthar poiblí a áirithiú agus go bhfuil gníomhaíochtaí ENRanna agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta ríthábhachtach freisin chun cur i gcoinne an mhíchleachtais san earnáil sin;
17. á thabhairt chun suntais gur gá feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais maidir leis na modhanna agus na nósanna imeachta atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí lucht déanta cinntí agus chun iad a choimeád cuntasach, chun urraim don smacht reachta a choimirciú agus chun sáruithe air a thuairisciú; á mheabhrú gur modh amháin den sórt sin iad achainíocha chuig Parlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ceartas agus sásamh dóibh siúd a d’fhulaing sáruithe ar an smacht reachta riachtanach chun muinín a chothú as institiúidí agus nach mór do na Ballstáit iad a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, moltaí nithiúla a chur ar fáil do na húdaráis fhreagracha maidir le daoine aonair a ndéantar difear dóibh as sáruithe ar a gcearta bunúsacha a chúiteamh;
18. á iarraidh go mbeidh cur chuige cuimsitheach ann chun éilliú a chomhrac bunaithe ar bhearta coisctheacha agus sriantacha, inter alia creataí dlíthiúla éifeachtacha frith-éillithe, na caighdeáin is airde trédhearcachta agus sláine i ngach earnáil den tsochaí, agus córais cheartais neamhspleácha agus neamhchlaonta lena ndéantar reachtaíocht frithéillithe a fhorfheidhmiú go héifeachtach, chomh maith le smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha lena n-áirítear aisghabháil éifeachtach na bhfáltas ó éilliú;
19. á chur i bhfáth, chun cur isteach eachtrach ar cheannasacht agus ar dhaonlathas na mBallstát agus ar institiúidí daonlathacha AE a chosc, ba cheart oibleagáid a chur ar ENRanna a bhfoinsí cistithe a chur ar fáil don phobal; á chur i bhfios go láidir, chun urraim a thabhairt do phrionsabal na trédhearcachta agus do cheart na saoránach Eorpach a bheith ar an eolas, gur cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar gach comhlacht Eorpach liosta a nochtadh agus a fhoilsiú de na ENRanna ar fad a dtugann siad maoiniú dóibh agus na méideanna a dtugann siad dóibh;
20. á chur in iúl gur oth léi nach féidir le roinnt saoránach AE tairbhe iomlán a bhaint as an limistéar saoirse, slándála agus ceartais de dheasca chur i bhfeidhm an tSásra Comhair agus Fíorúcháin;
21. á thabhairt chun suntais gur cheart caighdeáin leormhaithe maidir leis an smacht reachta a ráthú do shaoránaigh agus do chónaitheoirí AE le linn dóibh a gcearta saorghluaiseachta laistigh den Aontas a fheidhmiú; á chur i bhfáth nach mór cosaint shóisialta agus leighis, chomh maith le rochtain éifeachtach ar an gceartas, a ráthú go hiomlán d’oibrithe séasúracha agus trasteorann agus a ngníomhaíocht ghairmiúil á saothrú acu i mBallstát eile;
22. á thabhairt chun suntais gurb é cumas AE agus a Bhallstát seasamh leis an smacht reachta a chinneann an íomhá idirnáisiúnta atá aige agus inchreidteacht a ghníomhaíochtaí a chuireann an smacht reachta, an daonlathas agus cearta an duine chun cinn lasmuigh den Aontas; ag tabhairt rabhadh go bhfuil an baol ann go gcuirfeadh tíortha nach den Aontas Eorpach iad isteach ar gach próiseas daonlathach ar leibhéal an Aontais trí, inter alia, scéimeanna idirnáisiúnta éillithe, rud a chuireann an smacht reachta in AE i mbaol; á chur i bhfáth nach mór caitheamh le saoránaigh AE atá ina gcónaí lasmuigh den Aontas i gcomhréir leis an smacht reachta maidir lena n-idirghníomhaíochtaí le húdaráis a mBallstáit tionscnaimh, chomh maith le húdaráis AE.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
27.5.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
24 7 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Andris Ameriks, Marc Angel, Margrete Auken, Jordan Bardella, Markus Buchheit, Ryszard Czarnecki, Eleonora Evi, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Emmanouil Fragkos, Mario Furore, Gianna Gancia, Ibán García Del Blanco, Alexis Georgoulis, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Ulrike Müller, Emil Radev, Sira Rego, Frédérique Ries, Monica Semedo, Yana Toom, Loránt Vincze, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pina Picierno, Domènec Ruiz Devesa, Rainer Wieland |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
24 |
+ |
PPE |
Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Dolors Montserrat, Emil Radev, Loránt Vincze, Rainer Wieland |
S&D |
Andris Ameriks, Marc Angel, Ibán García Del Blanco, Cristina Maestre Martín De Almagro, Pina Picierno, Domènec Ruiz Devesa |
Renew |
Ulrike Müller, Frédérique Ries, Monica Semedo, Yana Toom |
NI |
Mario Furore |
Grúpa ‘The Left’ |
Alexis Georgoulis, Sira Rego |
Na Glasaigh/ALE |
Margrete Auken, Eleonora Evi, Tatjana Ždanoka |
7 |
- |
CLE |
Ryszard Czarnecki, Emmanouil Fragkos, Kosma Złotowski |
ID |
Jordan Bardella, Markus Buchheit, Gianna Gancia, Stefania Zambelli |
0 |
0 |
- |
- |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
28.5.2021
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta
Rapóirtéir don tuairim (*): Ilhan Kyuchyuk
(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
PA_NonLeg
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á mheabhrú go bhfuil an tAontas fothaithe ar bhunluachanna coiteanna na hurraime do dhínit an duine, don tsaoirse, don daonlathas, don chomhionannas, don smacht reachta agus na hurraime do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), mar fhreagracht arna roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit agus gan dochar d’Airteagal 4 agus d’Airteagal 5 CAE; á mheabhrú gurb iad na prionsabail is bonn leis an smacht reachta dlíthiúlacht, scaradh na gcumhachtaí, comhionannas os comhair an dlí, deimhneacht dhlíthiúil, toirmeasc ar fheidhmiú treallach na cumhachta feidhmiúcháin, cúirteanna neamhspleácha agus neamhchlaonta a bheith ann chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a áirithiú, agus rialú breithiúnach a bheith ann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhlíonadh agus cur chun feidhme na bprionsabal sin bunriachtanach i ngach Ballstát ós rud é go mbíonn muinín neartaithe ag saoránaigh as institiúidí poiblí mar thoradh orthu;
2. á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil urraim don smacht reachta tábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh ós rud é go neartaíonn sé muinín as an gcóras breithiúnach agus go bhfuil sé nasctha le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;
3. á chur in iúl gur díol sásaimh di Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta (‘an Tuarascáil’) agus an tábhacht a leagtar ar an gcóras ceartais leis, mar aon leis na caibidlí tírshonracha;
4. á chur i bhfáth, i gcomhréir leis an Tuarascáil, go bhfuil córais ceartais éifeachtacha atá neamhspleách agus éifeachtúil, go foirmiúil agus go substaintiúil araon, bunriachtanach chun seasamh leis an smacht reachta, go háirithe d’fhonn cosaint éifeachtach bhreithiúnach agus trialacha córa a ráthú do shaoránaigh agus do ghnólachtaí i ngach réimse dlí; á thabhairt chun suntais, go háirithe, gur gá go mbeadh na breithiúna in ann a bhfeidhmeanna a fheidhmiú le huathriail iomlán, gan idirghabháil ó aon institiúid nó comhlacht eile, lena n-áirítear idirghabháil pholaitiúil, i gcomhréir le prionsabal scaradh na gcumhachtaí; á chur i bhfios, ina theannta sin, gur gá, chun neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna a áirithiú, rialacha aonchiallacha a bhunú maidir le comhdhéanamh comhlachtaí breithiúnacha, an nós imeachta ceapacháin, fad na seirbhíse, agus na forais le diúltú agus le dífhostú sula ndéanfar aon chinneadh ina leith;
5. ag tabhairt dá haire gur ábhar mór imní fós é neamhspleáchas na mbreithiúna i roinnt Ballstát; á chur in iúl gur oth léi gur thaisc an Ungáir agus an Pholainn caingean le haghaidh Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais[34] a chosaint a neamhniú i mí an Mhárta 2021, arb é is aidhme dó aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar an smacht reachta a bhfuil tionchar acu ar leasanna airgeadais an Aontais; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 tagtha i bhfeidhm, go bhfuil sé infheidhme go díreach ón 1 Eanáir 2021 agus go bhfuil sé ina cheangal ina iomláine maidir leis na leithreasaí gealltanais agus íocaíochtaí uile sna Ballstáit uile, go háirithe maidir le heisíoc chistí Next Generation EU, agus nach bhfuil a chur i bhfeidhm ag institiúidí AE faoi réir treoirlínte ná léirmhíniú breithiúnach a ghlacadh;
6. á mheas go bhfuil ríthábhacht ag baint leis an athbhreithniú tréimhsiúil ar an smacht reachta agus ag moladh iarrachtaí an Choimisiúin chun athchóirithe struchtúracha a spreagadh, lena n-áirítear tacaíocht agus treoir do Bhallstáit chun rochtain a fháil ar chistí structúracha sna réimsí a chumhdaítear sa Tuarascáil; á chreidiúint, áfach, cé gur uirlis faireacháin riachtanach í an Tuarascáil, go bhfuil moltaí soiléire maidir leis na dúshláin a shainaithnítear agus an gníomhaíocht leantach is gá fíor-riachtanach; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid láidir a bhaint as nós imeachta um shárú i gcás inarb iomchuí, chun cúlú ar an smacht reachta i gcórais cheartais náisiúnta a chosc, agus ag tathant ar an gComhairle na nósanna imeachta uile atá ar feitheamh faoi Airteagal 7(1) CFAE a atosú agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas faoi sin;
7. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú freisin leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir leis an smacht reachta agus an comhar sin a neartú agus spreagadh a fháil ó na moltaí ó Choimisiún na Veinéise Chomhairle na hEorpa maidir le staid an smachta reachta san Aontas a fheabhsú;
8. ag tabhairt dá haire le sásamh go bhfuil caibidlí náisiúnta ar leithligh sa Tuarascáil lena ndéantar iarracht modheolaíocht chomhchoiteann le haghaidh na mBallstát uile a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún, áfach, comparáid fhónta, shimplí agus shoiléir idir na córais cheartais náisiúnta éagsúla a sholáthar, chun béim a leagan ar an áit a bhféadfaí na cleachtais is fearr do chórais inchomparáide a chur i bhfeidhm agus ar an gcaoi a bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar easnaimh chomhchosúla ar bhealach neamhchlaonta, rud a d’fhéadfadh cuidiú leis na Ballstáit éifeachtacht a gcóras breithiúnach a fhorbairt tuilleadh; á mholadh don Choimisiún uirlisí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme a mholadh in éineacht le gach moladh tírshonrach agus ag cur i bhfios go láidir nach mór d’éisteachtaí a bheith oibiachtúil, bunaithe ar fhíricí agus trédhearcach, faoinar gá do na Ballstáit comhoibriú de mheon macánta agus i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, mar a chumhdaítear in Airteagal 4 CAE;
9. ag tabhairt dá haire go dtugtar aghaidh sa Tuarascáil, mar is ceart, ar dhigitiú riachtanach na n-imeachtaí ceartais agus ar an oiliúint is gá do bhreithiúna; á mheabhrú go bhfuil difríochtaí suntasacha fós idir na Ballstáit maidir le leibhéal rannpháirtíochta na hoiliúna atá tiomnaithe do ghairmeacha dlí agus, i bhfianaise a thábhachtaí atá an oiliúint sin chun dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm mar is cuí, á iarraidh ar an gCoimisiún anailís agus measúnú a dhéanamh ar na straitéisí éagsúla náisiúnta ina leith sin; á mheabhrú nach mór cinntí atá bunaithe ar an intleacht shaorga, ar an róbataic agus ar theicneolaíochtaí gaolmhara a bheith faoi réir athbhreithniú, breithiúnas, idirghabháil agus rialú fóinteach an duine mar, murach sin, d’fhéadfadh na cinntí sin dochar a dhéanamh do chóir chomhionann na saoránach nó don cheart rochtana ar cheartas, i measc cearta eile; á mheabhrú nach gcuireann na húdaráis bhreithiúnacha Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) i bhfeidhm ach amháin nuair a bhíonn an dlí Eorpach á chur chun feidhme, ach chun cultúr comhchoiteann maidir leis an smacht reachta a chothú, tá sé tábhachtach go gcuirfí na cearta a chumhdaítear sa Chairt san áireamh i gcónaí in imeachtaí sibhialta agus riaracháin; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, breithniú a dhéanamh i dtaobh modúil oiliúna a fhorbairt a bheadh dírithe ar an gCairt a bheith ann le haghaidh breithiúna agus cleachtóirí dlí; á chur in iúl gur oth léi nach luaitear oiliúint d’abhcóidí sa Tuarascáil; á chur in iúl gur oth léi nach gcumhdaítear sa Tuarascáil na cearta a leagtar síos in Airteagal 47 den Chairt, amhail an ceart chun cosaint agus ionadaíocht a fháil agus an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme a chéad tuarascála eile a leathnú d’fhonn na réimsí sin a chumhdach;
10. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar leathnú raon feidhme na Tuarascála chuig gach colún den smacht reachta, lena n-áirítear comhionannas os comhair an dlí, trí fhaireachán a dhéanamh ar chosaint na gceart bunúsach agus, go sonrach, ar chearta na mionlach, ar bhearnaí inscne agus cultúrtha, ar rochtain ar cheartas, agus ar na hionstraimí a úsáidtear sa chomhrac i gcoinne an idirdhealaithe agus na fuathchainte; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, measúnú a dhéanamh ar an leathnú ar raon feidhme na Tuarascála chun go gcuimseofar digitiú na mbreithiúna agus sáruithe tromchúiseacha ar phrionsabail an smachta reachta a théann i gcion ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais, nó go bhfuil baol tromchúiseach ann go rachadh siad i gcion ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais, ar bhealach díreach go leordhóthanach;
11. á mheabhrú go bhfuil feidhm ag an smacht reachta i gcónaí, lena n-áirítear tráth géarchéime, agus nach mór go n-áiritheofar, leis na bearta a dhéantar i gcomhthéacs an chomhraic i gcoinne phaindéim COVID-19, go gcomhlíonfar an smacht reachta; á chur i bhfáth, leis na bearta a rinneadh tar éis phaindéim COVID-19, gur cuireadh dlús breise leis an úsáid a bhaintear as uirlisí TFC lena ndírítear ar chumarsáid na gcúirteanna le dlíodóirí agus le páirtithe eile a éascú, agus ar an gcaoi sin trédhearcacht a mhéadú agus lamháil do rochtain ar líne ar chinntí breithiúnacha; ag tabhairt dá haire gurb iad an daonlathas, an rochtain ar an gceartas agus na hinstitiúidí feidhmiúla bunchlocha na sochaí rathúla, go háirithe in imthosca eisceachtúla freisin, agus gur gá do na córais chúirte agus do na breithiúna a bheith in ann gníomhaíochtaí agus bearta a sheasamh a bhfuil sé mar aidhm leo an smacht reachta a lagú agus an bonn a bhaint don smacht reachta; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar dhigitiú an cheartais do na saoránaigh is leochailí, i.e. iad siúd nach bhfuil na hacmhainní ná na scileanna is gá acu chun rochtain a fháil ar chóras ceartais digiteach; ag tathant ar an gCoimisiún, ina theannta sin, leanúint d’athbhreithniú a dhéanamh an bhfuil bearta éigeandála a bhaineann le COVID-19 faoi réir formhaoirseacht bhreithiúnach, chun a áirithiú go bhfuil bonn cirt leo, go bhfuil siad teoranta ó thaobh ama de, go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach, chomh maith le bheith cothrom ar bhonn sóisialta, agus nach ndéanann dúnadh na gcúirteanna difear díréireach don rochtain ar shásamh breithiúnach.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
27.5.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
19 3 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pascal Arimont, Manon Aubry, Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Jean-Paul Garraud, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Jiří Pospíšil, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, Adrián Vázquez Lázara, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Patrick Breyer, Evelyne Gebhardt, Andrzej Halicki, Heidi Hautala, Ilhan Kyuchyuk, Angelika Niebler, Emil Radev, Luisa Regimenti, Yana Toom, Kosma Złotowski |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
19 |
+ |
EPP |
Pascal Arimont, Geoffroy Didier, Esteban González Pons, Jiří Pospíšil, Emil Radev, Marion Walsmann, Javier Zarzalejos |
Renew |
Pascal Durand, Ilhan Kyuchyuk, Stéphane Séjourné, Adrián Vázquez Lázara |
S&D |
Ibán García Del Blanco, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Tiemo Wölken, Lara Wolters |
Grúpa ‘The Left’ |
Manon Aubry |
Na Glasaigh/ALE |
Patrick Breyer, Heidi Hautala |
3 |
- |
ID |
Gunnar Beck, Jean-Paul Garraud, Gilles Lebreton |
3 |
0 |
CLE |
Angel Dzhambazki, Raffaele Stancanelli |
NI |
Mislav Kolakušić |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
27.5.2021
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM RIALÚ BUISÉADACH
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta
Rapóirtéir don tuairim: Isabel García Muñoz (S&D)
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
PA_NonLeg
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Rialú Buiséadach ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á chur i bhfios go bhfuil leasanna airgeadais an Aontais le cosaint i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá leabaithe i gConarthaí an Aontais, go háirithe na luachanna in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chumhdaítear in Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (an Rialachán Airgeadais);
2. á thabhairt chun suntais gur réamhchoinníoll bunriachtanach é an smacht reachta chun prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, rud nach féidir a áirithiú ach amháin má ghníomhaíonn údaráis phoiblí i gcomhréir leis an dlí, má théitear sa tóir ar chalaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus sáruithe eile ar an dlí go héifeachtach trí sheirbhísí imscrúdaithe agus ionchúisimh, má tá cúirteanna náisiúnta neamhspleách agus má urramaítear cinntí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus má dhéantar grinnscrúdú poiblí a choinneáil ar siúl trí bhíthin meáin atá saor, neamhspleách agus iolraíoch; á chur i bhfáth, áfach, nach mór na hinstitiúidí thuasluaite a bheith feidhmiúil ní hamháin ó thaobh an dlí de ach go hiarbhír freisin;
3. á athdhearbhú a rabhaidh go bhfuil ar an Aontas dul i ngleic le géarchéim nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo agus atá ag dul i méad, maidir lena luachanna fothaithe, ar géarchéim í atá ina bagairt ar mharthanas fadtéarmach an Aontais mar thionscadal síochána daonlathach; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú agus an daingniú atá tagtha ar threochtaí uathlathaitheacha agus neamhibéaracha i roinnt Ballstát; á mheabhrú nach raibh acmhainneacht struchtúrtha leormhaith ag an Aontas chun dul i ngleic le sáruithe ar an smacht reachta go dtí seo; á chur in iúl gur mórchúis bhuartha di an baol a d’fhéadfadh a bheith ag méadú go mbainfí mí-úsáid as buiséad an Aontais mar bhealach chun meath a chur ar an smacht reachta i mBallstáit áirithe; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an Chomhairle in ann dul chun cinn fóinteach a dhéanamh maidir le luachanna an Aontais a fhorfheidhmiú i nósanna imeachta leanúnacha faoi Airteagal 7 CAE; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go bhfuil sraith uirlisí an Aontais sa réimse sin neamheagraithe agus á iarraidh go ndéanfaí an tsraith uirlisí sin a chuíchóiriú agus a fhorfheidhmiú go cuí;
4. á chur i bhfios go láidir gur uirlis í an Tuarascáil bhliantúil ar an Smacht Reachta atá leithleach ó Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 maidir leis an gcóras ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint agus go bhfónann an dá cheann do chun críoch éagsúil: cé go bhfuil gné choisctheach agus fhaisnéiseach ag an Tuarascáil bhliantúil ar an Smacht Reachta, atá dírithe ar fhorléargas níos leithne a thabhairt ar an staid agus ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann maidir leis an smacht reachta i ngach Ballstát, is sásra coinníollachta é an rialachán arb é is aidhm dó smachtbhannaí a fhorchur i gcás sáruithe nó i gcás ina bhfuil baol ann go ndéanfaí sárú ar an smacht reatha a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach atá sách díreach; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir a mbunúis dlí faoi seach;
5. á aithint gur cheart don Choimisiún an Tuarascáil bhliantúil ar an Smacht Reachta a úsáid mar fhoinse bhreise thábhachtach faisnéise, agus cásanna á gcur i dtoll a chéile chun an rialachán a chur i bhfeidhm, rud lena n-éilítear measúnú ad hoc mar a chumhdaítear in Airteagal 6 den rialachán; ag tathant ar an gCoimisiún an tsineirge idir na tuarascálacha bliantúla agus an rialachán a neartú; á chur i bhfáth gur cheart go rannchuideodh anailís agus conclúidí na dtuarascálacha bliantúla go díreach leis an gcóras coinníollachta chun sáruithe ar an rialachán a shainaithint agus chun gníomhú ina leith;
6. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Tuarascáil an Choimisiúin ar an Smacht Reachta mar léiriú ar Shásra Eorpach an Smachta Reachta, atá ceaptha mar thimthriall bliantúil idirphlé agus mheasúnaithe chun an prionsabal sin a chur chun cinn agus chun cosc a chur ar fhadhbanna a bheith ag teacht chun cinn nó ag dul i ndoimhneacht sna Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear i measc a gcolún an córas ceartais, an creat frithéillithe agus seiceálacha agus cothromaíochtaí institiúideacha eile, ós rud é go bhfuil siad sin an-ábhartha maidir le faireachán a dhéanamh ar chosaint bhuiséad AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Tuarascáil ar an Smacht Reachta ar cheann de na huirlisí is tábhachtaí, ach nach í an t-aon uirlis amháin í, chun imscrúdú a dhéanamh ar chásanna féideartha ina ndéanfaí an smacht reachta a shárú; á iarraidh ar an gCoimisiún próiseas meastóireachta cuíchóirithe a áirithiú sna Ballstáit a bhfuil baint acu le sásraí comhchosúla amhail an Sásra Comhair agus Fíorúcháin;
7. ag tabhairt dá haire gurb é atá sa chéad Tuarascáil ar an Smacht Reachta, den chuid is mó, tuairisc ar an staid sna Ballstáit; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an tuarascáil bhliantúil easnamhach maidir le conclúidi i dtaobh staid an smachta reachta sna Ballstáit agus in AE i gcoitinne, ar conclúidí iad atá ina réamhchoinníollacha riachtanacha chun gníomhaíochtaí leantacha a shainaithint; á chur in iúl go láidir gur cheart go mbeadh ról ag na tuarascálacha, ar ról é a bheadh níos coiscthí agus a rachadh siad níos faide ná faireachán chun a bheith níos anailíse amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe agus moltaí tírshonracha a chur ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí coisctheacha agus ceartaitheacha, agus na huirlisí a d’fhéadfadh a bheith infheidhme lena n-úsáid ag an gCoimisiún i gcás neamhchomhlíonadh na moltaí a lua; á chur i bhfios gur cheart spriocdhátaí maidir le cur chun feidhme a áireamh sna moltaí sin, i gcás inarb iomchuí;
8. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil grinnscrúdú á dhéanamh ar na Ballstáit uile i leith dtáscairí céanna agus i gcomhréir leis an modheolaíocht chéanna; á chur in iúl gur mór aici go bhfuil barúlacha agus torthaí maidir leis na Ballstáit uile á n-áireamh ag an gCoimisiún; ag cur in iúl gur oth léi, áfach, nach ndéantar idirdhealú le tíolacadh reatha na tuarascála idir déine na saincheisteanna a sainaithníodh maidir leis an smacht reachta agus nach gcinntear cé acu de chineál sistéamach nó de chineál scoite iad; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-idirdhealú sin a dhéanamh i dtuarascálacha amach anseo chun cosc a chur ar mhí-úsáid na tuarascála mar uirlis chun próisis a bhaineann an bonn ar bhealach tromchúiseach ó staid an smachta reachta i roinnt Ballstát a mheas i gcoibhneas lena chéile agus chun agus beag is fiú a dhéanamh díobh; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhodheolaíocht a nuashonrú dá réir sin agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas gan moill mhíchuí;
9. á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis a chur ar fáil ina thuarascálacha amach anseo maidir leis an gcaoi a n-urramaíonn na Ballstáit an smacht reachta agus an chaoi a ndéanann siad leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach, d’ioncam agus do chaiteachas bhuiséad an Aontais araon, agus na rioscaí breise ar bhuiséad an Aontais mar gheall ar COVID-19 agus na cistí gaolmhara de chuid an Aontais atá ar fáil do na Ballstáit faoin tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht á gcur san áireamh, chomh maith le béim a leagan ar chásanna ina bhféadfadh sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát ar leith difear do leasanna airgeadais, nó ina mbeadh riosca tromchúiseach ann go ndéanfaí amhlaidh, ar bhealach a bheadh sách díreach agus a d’fhéadfadh a bheith mar bhunús ina dhiaidh sin le sásra coinníollachta an smachta reachta a chur i ngníomh; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach maidir leis na barúlacha a thug sé roimhe seo a áireamh, agus aird á tarraingt aige go háirithe ar aon phatrúin shistéamacha nó athfhillteacha maidir le sáruithe ar an smacht reachta, agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme a mholtaí;
10. á mheabhrú go bhfuil an Coimisiún le faisnéis ábhartha ó fhoinsí ábhartha agus ó institiúidí aitheanta dá dtagraítear in Aithris (16) de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 a chur san áireamh, agus béim á leagan ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ar Scórchlár Ceartais AE, ar an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), agus ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE); á iarraidh ar na Ballstáit páirt réamhghníomhach a ghlacadh sa nós imeachta agus a bheith rannpháirteach in idirphlé agus comhair fhiúntach leis an gCoimisiún chun staid an smachta reachta a fheabhsú i ngach Ballstát agus in AE ar an iomlán;
11. á chur in iúl gur geal léi go ndeachthas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta le linn an phróisis dréachtaithe; á chur i bhfáth gur féidir le gníomhaithe na sochaí sibhialta ionchur luachmhar a chur ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar chásanna tírshonracha agus gur féidir leo dearcadh a chur ar fáil atá níos criticiúla ná an dearcadh atá ag an rialtas i dtrácht; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhféadfaí an próiseas comhairliúchán a fheabhsú trí, inter alia, cumarsáid leantach a dhéanamh le gníomhaithe na sochaí sibhialta maidir lena n-ionchur, frámaí ama sách fada le haghaidh soláthar ionchuir a áirithiú agus athmhachnamh a dhéanamh ar fhormáid cheistneora a oireann do chách le haghaidh soláthar ionchuir; á mholadh don Choimisiún ionchur breise ón tsochaí shibhialta a lorg maidir le conas an próiseas comhairliúcháin a optamú le haghaidh tuarascálacha amach anseo;
12. á chur in iúl gur geal léi gurb é ceann amháin de na ceithre cholún roghnaithe sa tuarascáil na creataí frithéillithe atá i bhfeidhm sna Ballstáit; ag tabhairt dá haire, áfach, gur measúnú tuairisciúil den chuid is mó atá sa mheasúnú a dhéanann siad; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas ní hamháin an ann do reachtaíocht, beartais agus straitéisí náisiúnta frith-éillithe ach measúnú a dhéanamh freisin ar a n-éifeachtacht, chun dea-chleachtais a leagan amach, réimsí atá thar a bheith íogair i leith an éillithe a shainaithint agus moltaí tírshonracha a cheapadh le haghaidh feabhais, agus an t-eolas sin a úsáid chun creat frithéillithe an Aontais a nuashonrú agus a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as an bhfaisnéis agus na measúnuithe a rinne an Grúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GRECO) sa phróiseas sin;
13. á chur i bhfios go láidir gur cheart réimsí amhail rialacha eiticiúla, bearta múscailte feasachta, rialacha maidir le nochtadh sócmhainní, neamh-chomhoiriúnachtaí agus coinbhleachtaí leasa, soláthar poiblí, sásraí rialaithe inmheánacha, rialacha maidir le brústocaireacht agus doirse imrothlacha a chumhdach le creataí frithéillithe; á thabhairt chun suntais freisin gur cheart do straitéisí náisiúnta uirlisí a ionchorprú chun rioscaí calaoise agus éillithe a chosc agus a bhrath agus chun deireadh a chur leis na cleachtais sin trí bhíthin smachtbhannaí, chomh maith le sásraí chun an brabús ó na cleachtais sin a aisghabháil;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún, de mheon dea-shampla a thabhairt, measúnú ar fheidhmíocht institiúidí AE sna réimsí a dtugtar aghaidh orthu, i gcás inarb infheidhme, agus go háirithe maidir lena chreat frithéillithe, a áireamh i dtuarascálacha amach anseo;
15. á chur i bhfáth go bhfuil trédhearcacht, rochtain ar fhaisnéis phoiblí, saoirse agus iolrachas na meán, iriseoireacht iniúchach, cosaint iriseoirí ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPP), cosaint do sceithirí agus cultúr foriomlán macántachta sa saol poiblí fíor-riachtanach chun éilliú a shainaithint agus a chosc;
16. ag tabhairt rabhadh go gcuireann easpa staitisticí aonfhoirmeacha, cothrom le dáta agus comhdhlúite ar fud na mBallstát uile, mar aon leis na dúshláin a bhaineann le faisnéis a bhailiú faoi thairbhithe chlár AE, bac ar mheasúnú agus comparáid a dhéanamh ar shonraí faoi imscrúdú agus ionchúiseamh cionta éillithe; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún tacú leis an gcomhchuibhiú ar fud an Aontais ar shainmhínithe na gcionta sin agus an comhchuibhiú sin a chur chun cinn, chomh maith le húsáid níos fearr a bhaint as na tacair sonraí agus as an modheolaíocht atá ann cheana chun tacair sonraí nua a fhorbairt d’fhonn sonraí comparáideacha a fháil ar fud an Aontais maidir le cásanna éillithe a láimhseáil;
17. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú leis an gcomhar idir institiúidí AE, na Ballstáit, OLAF agus OIPE sa chomhrac i gcoinne an éillithe agus an comhar sin a neartú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach amháin go bhfuil gá le sainordú láidir chun éilliú a chomhrac ach go bhfuil gá freisin le buiséad níos mó, níos mó acmhainní agus aon chineál eile tacaíochta atá riachtanach do na hinstitiúidí agus do na comhlachtaí thuasluaite; á mheabhrú gur cheart na Ballstáit a fhaigheann deontais ó bhuiséad AE a spreagadh chun dul isteach in OIPE;
18. á chur in iúl gur geal léi go ndéantar, le Rialachán athbhreithnithe OLAF, obair leantach níos fearr ar mholtaí OLAF ó na Ballstáit a chur chun cinn agus feabhas a chur ar inghlacthacht tuarascálacha ó OLAF in imeachtaí náisiúnta breithiúnacha agus riaracháin; a mheabhrú go neartaítear freisin, le Rialachán athbhreithnithe OLAF, an bealach inar féidir le OLAF a chuid imscrúduithe féin a dhéanamh, go háirithe trí rialacha maidir leis na seirbhísí comhordaithe frithchalaoise sna Ballstáit a neartú agus tríd an gcomhar idir OLAF agus na húdaráis inniúla náisiúnta a neartú roimh imscrúdú a dhéanamh, lena linn agus ina dhiaidh;
19. á chreidiúint gur cúis mhór imní í an staid maidir le hurramú phrionsabail an smachta reachta i roinnt Ballstát agus go bhfuil rioscaí tromchúiseacha ann a dhéanann difear do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais agus, dá bhrí sin, nach mór aird phráinneach a thabhairt ar an staid sin; á athdhearbhú go bhfuil an córas ginearálta coinníollachta, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2021, agus nach bhfuil sé faoi réir glacadh aon treoirlínte ná aon léirmhínithe bhreithiúnaigh. á athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún a chuid oibleagáidí faoin rialachán seo a chomhlíonadh faoin 1 Meitheamh 2021 agus an Pharlaimint a chur ar an eolas go cuí, murach sin, go mbeidh ar an bParlaimint a mheas gur mhainnigh an Coimisiún gníomhú agus go ndéanfaidh sí gníomhaíocht ina dhiaidh sin faoi Airteagal 265 de CFAE;
20. á chur in iúl gur oth léi nár bhain an Coimisiún úsáid as an uirlis sin go fóill, in ainneoin sáruithe iomadúla ar an smacht reachta a sainaithníodh sa tuarascáil, a bhfuil tionchar acu ar bhainistiú fónta airgeadais an bhuiséid; á athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh láithreach faoin rialachán thuasluaite chun lánúsáid a bhaint as na huirlisí imscrúdaitheacha atá aige cheana gan tuilleadh moille chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa smacht reachta sna Ballstáit a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais, nó a bhfhuil riosca tromchúiseach ann go ndéanfaidís difear dó, ar bhealach sách díreach; á áitiú go mbeidh ról agus inniúlachtaí ag an bParlaimint, go háirithe an ceart chun bheith curtha ar an eolas go cuí ag an gCoimisiún maidir le nósanna imeachta na n-ionstraimí um an smacht reachta; á mheabhrú go bhfuil sé bunriachtanach go ndéantar leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus tairbhithe deiridh a choimirciú go cuí nuair a dhéantar bearta a ghlacadh i gcás sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta.
21. á iarraidh go mbunófaí Meitheal de chuid Pharlaimint na hEorpa chun grinnscrúdú a dhéanamh ar fhorbairtí i ndáil le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, ar meitheal í ina mbeidh Feisirí ó na príomhchoistí atá freagrach;
22. á iarraidh go mbeadh sásra sistéamach agus struchtúrach ann le haghaidh a torthaí a bheith á cur in iúl ag an bParlaimint don Choimisiún maidir le heasnaimh agus sáruithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit; á mholadh go ndéanfadh an Pharlaimint sásra den sórt sin a mholadh don Choimisiún a luaithe is féidir.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
26.5.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
24 5 1 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Matteo Adinolfi, Olivier Chastel, Caterina Chinnici, Lefteris Christoforou, Corina Crețu, Ryszard Czarnecki, José Manuel Fernandes, Luke Ming Flanagan, Daniel Freund, Isabel García Muñoz, Monika Hohlmeier, Pierre Karleskind, Joachim Kuhs, Claudiu Manda, Younous Omarjee, Tsvetelina Penkova, Markus Pieper, Sabrina Pignedoli, Michèle Rivasi, Petri Sarvamaa, Vincenzo Sofo, Michal Wiezik, Angelika Winzig, Lara Wolters, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Joachim Stanisław Brudziński, Katalin Cseh, Mikuláš Peksa, Ramona Strugariu, Lucia Vuolo |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
24 |
+ |
NI |
Sabrina Pignedoli |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Monika Hohlmeier, Markus Pieper, Petri Sarvamaa, Michal Wiezik, Angelika Winzig, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Olivier Chastel, Katalin Cseh, Pierre Karleskind, Ramona Strugariu |
S&D |
Caterina Chinnici, Corina Crețu, Isabel García Muñoz, Claudiu Manda, Tsvetelina Penkova, Lara Wolters |
The Left |
Luke Ming Flanagan, Younous Omarjee |
Verts/ALE |
Daniel Freund, Mikuláš Peksa, Michèle Rivasi |
5 |
- |
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński, Ryszard Czarnecki, Vincenzo Sofo |
ID |
Matteo Adinolfi, Lucia Vuolo |
1 |
0 |
ID |
Joachim Kuhs |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
25.5.2021
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ BUNREACHTÚLA
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún ar an Smacht Reachta
Rapóirtéir don tuairim: Giuliano Pisapia
PA_NonLeg
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á chur in iúl gur díol sásaimh di an chéad Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ón gCoimisiún riamh mar fhorás dearfach ar bhosca uirlisí an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, chun na saincheisteanna sin a chosc agus chun aghaidh a thabhairt orthu; á mheas, cé go bhfuil gá le tuilleadh feabhsuithe, go neartaíonn an córas tuairiscithe bliantúil sin obair an Choimisiúin agus go gcumasaíonn sé malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit; á chur i bhfios go láidir gur gá na huirlisí atá ann cheana a neartú agus a phríomhshruthú agus sásra ginearálta éifeachtach a fhorbairt chun a áirithiú go seasfar ar fud an Aontais leis na prionsabail agus leis na luachanna a chumhdaítear sna Conarthaí, ar prionsabail agus luachanna iad atá mar bhonn taca leis an muinín fhrithpháirteach agus leis an muinín as an Aontas;
Nósanna imeachta faoi chuimsiú Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach
2. á mheabhrú gur gealltanas a bhí sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta ón gCoimisiún a thug an tUachtarán Von Der Leyen ina treoirlínte polaitiúla do Choimisiún 2019-2024, agus gur moladh an tuarascáil a úsáid freisin chun aghaidh a thabhairt ar mhainneachtain an nós imeachta faoi Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) maidir le sáruithe tromchúiseacha ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha sna Ballstáit a chomhrac; á chur in iúl gur oth léi gur theip ar an gComhairle nós imeachta den sórt sin a chur ar bun, mar a d’iarr an Coimisiún in 2017 agus an Pharlaimint in 2018;
3. á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfágann mainneachtain Airteagal 7 de CAE a chur i bhfeidhm, rud atá ann freisin mar gheall ar an gceanglas aontoilíochta don sásra smachtbhannaí, go gcumasaítear dibhéirseacht leanúnach ó na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE agus go lagaítear ceann de na hionstraimí is tábhachtaí de bhosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta; á chur in iúl gur oth léi nár sceidealaíodh aon éisteachtaí faoi Airteagal 7 de CAE ó mhí na Nollag 2019; ag tathant ar an gComhairle, dá bhrí sin, tús a chur leis na héisteachtaí sin arís a luaithe is féidir, agus a chinneadh an bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaidh na Ballstáit lena mbaineann sárú tromchúiseach ar luachanna AE a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE; á chur i bhfios go láidir nach bhfuil ach tromlach cáilithe ag teastáil chun a chinneadh an bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar na luachanna sin agus ag tathant ar uachtaránacht na Comhairle na céimeanna iomchuí a thabhairt chun na nósanna imeachta faoi Airteagal 7(1) de CAE a bhogadh ar aghaidh tuilleadh;
4. ag athdhearbhú ról na Parlaiminte, i gcomhréir le hAirteagal 7 de CAE, maidir le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh luachanna an Aontais; á athdhearbhú a hiarraidh go mbeadh an Pharlaimint in ann a togra réasúnaithe a chur faoi bhráid na Comhairle, freastal ar éisteachtaí, go háirithe nuair a bhíonn tús curtha ag an bParlaimint leis an nós imeachta, agus í a choinneáil ar an eolas go pras agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta;
5. á chreidiúint go bhfuil géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht Airteagal 7 de CAE agus á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht maidir lena chur chun feidhme a áireamh i dTuarascálacha amach anseo maidir leis an Smacht Reachta;
Sásra AE um an Daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha
6. á chur i bhfios gur céad chéim í an tuarascáil chun freagra a thabhairt ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú[35]; á mheas, áfach, nach dtugtar aghaidh sa tuarascáil ar luachanna uile an Aontais, amhail an daonlathas agus gach ceart bunúsach, agus gur cheart í a leathnú agus a mhionchoigeartú; á athdhearbhú go bhfuil gá le córas faireacháin aonair don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha, mar a mhol an Pharlaimint[36], agus á iarraidh arís ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún páirt a ghlacadh i bpléití chun an sásra sin a chur ar bun trí chomhaontú idirinstitiúideach;
Modheolaíocht, raon feidhme agus cuspóirí na tuarascála
Raon feidhme na tuarascála
7. á chur in iúl gur díol sásaimh di modheolaíocht na tuarascála, ina ndírítear ar roinnt colún: neamhspleáchas na mbreithiúna, an creat frith-éillithe, iolrachas na meán, agus srianta agus ceartúcháin; á chur i bhfios go láidir gurb é an neamhspleáchas breithiúnach an bhunchloch ar a dtógtar muinín fhrithpháirteach agus comhar breithiúnach, agus go bhfuil ról bunúsach aige maidir le luachanna agus ord dlíthiúil AE a chosaint, go háirithe ós rud é gur breithiúna de dhlí an Aontais iad breithiúna náisiúnta agus go bhfuil oibleagáidí orthu maidir lena léirmhíniú agus lena chur i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, agus ag cáineadh go láidir, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbagairtí ar iriseoirí san Aontas agus gur tháinig meath ar sheasamh roinnt Ballstát i ranguithe idirnáisiúnta maidir le saoirse an phreasa, agus béim á leagan ar na rioscaí atá ann d’iolrachas na meán;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún raon feidhme na tuarascála a leathnú agus measúnú ar an gcaoi a ráthaítear an ceart chun trialach córa sna Ballstáit a áireamh sna chéad eagráin eile, agus aird ar leith á tabhairt ar an gceart chun cosanta, ar chosaint íospartach coireachta, ar an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós, ar an gcomhionannas idir páirtithe ionchúisimh agus cosanta, agus ar fhad na n-imeachtaí cúirte; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin meastóireacht ar choinníollacha príosúin, ar riaráistí breithiúnacha agus ar mheánfhad trialacha sna Ballstáit a áireamh ina chéad tuarascálacha bliantúla eile; á chur i bhfios go láidir, mar atá ráite cheana ag Coiste Airí Chomhairle na hEorpa, go bhfuil moill na nósanna imeachta breithiúnacha sibhialta, coiriúla agus riaracháin ina mórchontúirt, go háirithe maidir leis an smacht reachta a urramú;
9. á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndéantar measúnú sa tuarascáil ar staid an smachta reachta i ngach Ballstát; á iarraidh ar an gCoimisiún idirdhealú soiléir a dhéanamh in eagráin a bheidh ann amach anseo den tuarascáil idir easnaimh aonaracha agus cásanna sistéamacha de sháruithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE, ionas go gcuirfear freisin cosc ar an riosca go mbainfí mí-úsáid as an tuarascáil mar uirlis próisis uathlathacha i roinnt Ballstát a mheas i gcoibhneas lena chéile;
Cuspóirí na tuarascála
10. á chur i bhfáth, áfach, gur cheart féachaint ar an tuarascáil mar uirlis ullmhúcháin do ghníomhaíocht nithiúil chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh sa smacht reachta sna Ballstáit; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go rachadh an tuarascáil níos faide ná faireachán agus go n-áireofaí inti moltaí tírshonracha maidir le gníomhaíochtaí coisctheacha agus ceartaitheacha nach mór do na Ballstáit lena mbaineann a ghlacadh, mar aon le hachoimre shoiléir ar bhearta forfheidhmiúcháin agus ar thograí nithiúla chun dul i ngleic le sáruithe i gcás neamhchomhlíonta; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin easnaimh i ndáil leis an smacht reachta a shainaithint go soiléir, easnaimh a mbíonn tionchar acu ar bhainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais sa tuarascáil a bheidh le húsáid mar bhonn chun sásra coinníollachta an smachta reachta a chur i ngníomh;
Modheolaíocht na tuarascála
11. ag tabhairt dá haire gurb é cuspóir na dTuarascálacha bliantúla maidir leis an Smacht Reachta ardchaighdeáin i ndáil leis an smacht reachta a áirithiú bunaithe ar chur chuige oibiachtúil, neamhchlaontacht agus urraim fhrithpháirteach; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, infheistíocht a dhéanamh in uirlisí chun sonraí a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu, chun éagsúlacht na bhfoinsí ábhartha faisnéise a áirithiú agus chun trédhearcacht na modheolaíochta a ráthú chun bunús breise a thabhairt leis na torthaí i dtuarascálacha a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar shampla, sonraí a áireamh maidir le comhlíonadh na mBallstát le rialuithe ón gCúirt Bhreithiúnais, lena léireofar cásanna neamhchomhlíonta thromchúisigh;
12. á chur in iúl gur oth léi nár roinneadh dréachtchaibidlí tíre ach le rialtais na mBallstát faoi seach, gan deis a thabhairt do chomhaltaí na bparlaimintí náisiúnta ionchur a sholáthar go dtí gur foilsíodh an tuarascáil deiridh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle le speictream cuimsitheach de na páirtithe daonlathacha uile agus measúnú á dhéanamh ar chás tírshonrach, ós rud é go bhfuil leas ag rialtais go nádúrtha i measúnú nach bhfuil chomh criticiúil céanna a dhéanamh ar an staid; á iarraidh ar an gCoimisiún an dréachtchaibidil tíre a chur ar fáil do na parlaimintí náisiúnta ag an am céanna a chuirtear ar fáil do rialtais iad;
13. á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndeachthas i gcomhairle leis an tsochaí shibhialta, ar féidir léi ionchur luachmhar agus dearcadh níos criticiúla a sholáthar ná mar atá ag an rialtas lena mbaineann, le linn an phróisis dréachtaithe; ag tabhairt dá haire, áfach, gur féidir an comhairliúchán a fheabhsú trína áirithiú, inter alia, go mbeidh tréimhsí ama le haghaidh soláthar ionchuir fada go leor agus go ndéanfar athmhachnamh ar fhormáid ceistneora a oireann do chách le haghaidh soláthar ionchuir; ag spreagadh an Choimisiúin, ag féachaint don chéad eagrán eile den tuarascáil, comhairle bhreise a lorg ón tsochaí shibhialta faoin mbealach chun an próiseas comhairliúcháin agus an obair leantach maidir lena hionchur a bharrfheabhsú;
Feabhsuithe ar bhosca uirlisí an Aontais maidir leis an smacht reachta
14. á iarraidh ar an gCoimisiún gach uirlis atá ar fáil dó a úsáid chun sáruithe ar luachanna AE a chomhrac, amhail nósanna imeachta um shárú, lena n-áirítear nósanna imeachta brostaithe, caingne chun comhlíonadh bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais a áirithiú agus iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair na Cúirte; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur tháinig sásra nua coinníollachta an smachta reachta i bhfeidhm, amhail ón 1 Eanáir 2021, agus á mheabhrú go bhfuil sé ina cheangal go huile agus go hiomlán maidir le leithreasuithe faoi chomhair gealltanas uile agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta uile sna Ballstáit uile agus ar institiúidí an Aontais, lena n-áirítear Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh; á chur in iúl gur oth léi nár bhain an Coimisiún úsáid as an uirlis sin go fóill, in ainneoin na sáruithe iomadúla ar an smacht reachta a sainaithníodh sa tuarascáil, a bhfuil tionchar acu ar bhainistiú fónta airgeadais an bhuiséid; á iarraidh ar an gCoimisiún é a fhorfheidhmiú go hiomlán agus go réamhghníomhach gan mhoill maidir le gach ciste agus clár an Aontais;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht chritéir an smachta reachta i mbeartais uile an Aontais agus an bosca uirlisí maidir leis an smacht reachta a neartú tuilleadh; á chur i bhfios go láidir, le Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus leis an straitéis maidir le cur i bhfeidhm na Cairte um Chearta Bunúsacha a neartú araon, go gcuirtear leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an smacht reachta agus go rannchuidítear le luachanna AE a chosaint agus a chur chun cinn; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfar meastóireacht chun a chinneadh an bhfuil raon feidhme an chlásail neamh-idirdhealaithe atá sa Chairt um Chearta Bunúsacha leathan go leor chun forfheidhmiú an smachta reachta sna Ballstáit agus san Aontas ina iomláine a dhéanamh comhsheasmhach le hAirteagal 14 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus cad iad na gníomhaíochtaí breise is féidir le hinstitiúidí AE a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go leormhaith é;
16. á mheabhrú go bhfuil aontachas an Aontais leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ina oibleagáid dhlíthiúil dá bhforáiltear faoi Airteagal 6(2) de CAE; á athdhearbhú an gá atá leis an bpróiseas aontachais sin a thabhairt chun críche go tapa chun creat comhsheasmhach a áirithiú do chosaint chearta an duine ar fud na hEorpa agus chun cosaint do chearta agus saoirsí bunúsacha laistigh den Aontas a neartú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle a áirithiú go n-urramófar an oibleagáid sin a luaithe is féidir, le trédhearcacht iomlán, chun cosaint daoine aonair agus cuntasacht institiúidí AE as a ngníomhartha nó a neamhghníomhartha a mhéadú a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha;
Tionchar phaindéim COVID-19
17. á thabhairt chun suntais go raibh tionchar díobhálach ag paindéim COVID-19, rud a d’fhág go raibh ar údaráis náisiúnta bearta gan choinne a dhéanamh, ar chearta bunúsacha agus ar srianta agus ceartúcháin bhunreachtúla; á áitiú gur cheart aon bhearta lena gcuirtear srian ar chearta agus ar shaoirsí shaoránaigh an Aontais a theorannú don mhéid atá fíor-riachtanach, trédhearcach, comhréireach agus sealadach; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na bearta a rinneadh mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 ina thuarascáil in 2021;
18. á chur in iúl gur díol sásaimh di an machnamh a rinneadh ar athléimneacht an chórais ceartais agus á chur i bhfáth go bhfuil córas ceartais éifeachtach bunriachtanach chun tacú leis an smacht reachta; á mheabhrú, i gcomhthéacs na paindéime le dúnadh páirteach na gcúirteanna náisiúnta; go raibh tionchar diúltach ar rochtain ar cheartas agus ar éifeachtúlacht na gcúirteanna náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún moladh do na Ballstáit a áireamh sa Tuarascáil chun tionchar diúltach na paindéime ar ghníomhaíocht na gcúirteanna náisiúnta a laghdú agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceann de na gnéithe bunúsacha den smacht reachta, éifeachtacht an chórais ceartais;
An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa
19. á chur in iúl gur oth léi go leanann an tAontas, go dtí seo, de bheith gan na hacmhainní is gá, ó thaobh struchtúir de, chun dul i ngleic le sáruithe ar chearta bunúsacha agus daonlathacha, ar an smacht reachta, agus le cúlú sna Ballstáit. á chreidiúint gur cheart, ar deireadh, bosca uirlisí láidir agus iomlán a chur ar fáil don Choimisiún chun sáruithe ar luachanna AE a chosc agus, leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, go dtugtar deis mhaith chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus chun teacht ar réitigh mhalartacha;
20. á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, go sonraítear go soiléir sa Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa go mbeidh ‘cearta agus luachanna Eorpacha lena n-áirítear an Smacht Reachta’ ar cheann de na hábhair a bheidh á bplé ag an gComhdháil atá le teacht[37]; á iarraidh ar an gComhdháil páirt a ghlacadh i bplé agus i machnamh críochnúil ar éifeachtacht na n-uirlisí atá ag an Aontas cheana chun faireachán a dhéanamh ar sháruithe ar na prionsabail a chumhdaítear in Airteagal 2 de CAE, iad a chosc agus dul i ngleic leo, agus moltaí nithiúla a thíolacadh chun bosca uirlisí an Aontais a neartú; ag moladh don Chomhairle freisin, sa chomhthéacs sin, plé a dhéanamh ar an gá atá ann na nósanna imeachta a éascú maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 7 de CAE, agus go háirithe aghaidh a thabhairt ar na ceanglais vótála chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
25.5.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
21 5 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Gerolf Annemans, Gabriele Bischoff, Damian Boeselager, Fabio Massimo Castaldo, Włodzimierz Cimoszewicz, Gwendoline Delbos-Corfield, Pascal Durand, Daniel Freund, Charles Goerens, Sandro Gozi, Laura Huhtasaari, Giuliano Pisapia, Paulo Rangel, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Jacek Saryusz-Wolski, Helmut Scholz, Pedro Silva Pereira, Sven Simon, Antonio Tajani, Mihai Tudose, Loránt Vincze, Rainer Wieland |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jorge Buxadé Villalba, Othmar Karas, Maite Pagazaurtundúa |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
21 |
+ |
NI |
Fabio Massimo Castaldo |
PPE |
Othmar Karas, Paulo Rangel, Sven Simon, Antonio Tajani, Loránt Vincze, Rainer Wieland |
Renew |
Pascal Durand, Charles Goerens, Sandro Gozi, Maite Pagazaurtundúa |
S&D |
Gabriele Bischoff, Włodzimierz Cimoszewicz, Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira, Mihai Tudose |
The Left |
Helmut Scholz |
Verts/ALE |
Damian Boeselager, Gwendoline Delbos Corfield, Daniel Freund |
5 |
- |
ECR |
Jorge Buxadé Villalba, Jacek Saryusz-Wolski |
ID |
Gerolf Annemans, Laura Huhtasaari, Antonio Maria Rinaldi |
0 |
0 |
|
|
Eochair:
+: i bhfabhar
–: i gcoinne
0: staonadh
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
3.6.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
49 10 4 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Konstantinos Arvanitis, Malik Azmani, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Paulo Rangel, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Damian Boeselager, Nathalie Loiseau, Karlo Ressler, Rob Rooken, Domènec Ruiz Devesa |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH
49 |
+ |
NI |
Laura Ferrara, Martin Sonneborn |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Ralf Seekatz, Sara Skyttedal, Tomas Tobé, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Javier Zarzalejos |
Renew |
Malik Azmani, Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Nathalie Loiseau, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache |
S&D |
Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Domènec Ruiz Devesa, Birgit Sippel, Bettina Vollath |
The Left |
Konstantinos Arvanitis, Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Cornelia Ernst |
Verts/ALE |
Damian Boeselager, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik |
10 |
- |
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Rob Rooken, Jadwiga Wiśniewska |
ID |
Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche |
NI |
Milan Uhrík |
4 |
0 |
ECR |
Assita Kanko |
ID |
Peter Kofod |
PPE |
Nadine Morano |
S&D |
Maria Grapini |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.
- [2] IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.
- [3] IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.
- [4] IO C 129, 5.4.2019, lch. 13.
- [5] IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.
- [6] IO C 390, 18.11.2019, lch. 111.
- [7] IO C 433, 23.12.2019, lch. 66.
- [8] IO C 363, 28.10.2020, lch. 8.
- [9] IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.
- [10] IO C 449, 23.12.2020, lch. 102.
- [11] IO C 108, 26.3.2021, lch. 107.
- [12] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0103.
- [13] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0101.
- [14] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0007.
- [15] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0014.
- [16] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
- [17] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0173.
- [18] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0164.
- [19] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0225.
- [20] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0251.
- [21] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0264.
- [22] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0320.
- [23] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0328.
- [24] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0360.
- [25] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0089.
- [26] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0103.
- [27] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0148.
- [28] Féach, mar shampla, na rúin seo a leanas uaithi an 1 Márta 2018, 19 Aibreán 2018, 13 Samhain 2018, 28 Márta 2019, 18 Nollaig 2019, 19 Meitheamh 2020, 8 Deireadh Fómhair agus 19 Aibreán 2021.
- [29] Rún an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh in AE (IO C 363, 28.10.2020, lch. 13).
- [30] IO L 303, 28.11.2018, lch. 69.
- [31] IO L 347, 20.12.2013, lch. 320.
- [32] IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
- [33] Breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine an 5 Bealtaine 2020, Kövesi v. an Rómáin, uimh. iarratais 3594/19, ECLI:CE:ECHR:2020:0505JUD000359419.
- [34] Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433I , 22.12.2020, lch. 1).
- [35] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2016)0409.
- [36] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2020 ar Shásra AE um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha a bhunú (téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0251).
- [37] Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa an 10 Márta 2021 dar teideal ‘Dul i gcomhairle le saoránaigh ar son an daonlathais – Eoraip níos athléimní a thógáil’.