Tuarascáil - A9-0205/2021Tuarascáil
A9-0205/2021

MOLADH DON DARA LÉAMH ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh

18.6.2021 - (05488/1/2021 – C9‑0192/2021 – 2018/0199(COD)) - ***II

An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéir: Pascal Arimont
PR_COD_2app

Nós Imeachta : 2018/0199(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0205/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0205/2021
Díospóireachtaí :
Vótaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh

(05488/1/2021 – C9 ‑ 0192/2021 – 2018/0199(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

 

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (05488/1/2021 – C9 ‑ 0192/2021),

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018[1],

 ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018[2],

 ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh[3] ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2021)0289),

 ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0205/2021),

1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2. á thabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4. á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


RÉASÚNÚ GEARR

 

1. Sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh

 

Príomhthosaíocht de chuid bheartas comhtháthaithe an Aontais is ea sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a chur chun cinn. Baineann Interreg leis an gcomhar idir pobail, réigiúin agus tíortha san Aontas agus a chomharsana is gaire dó.

 

Leagtar amach i Rialachán na bhForálacha Coiteanna (RFC) rialacha coiteanna agus rialacha a bhaineann go sonrach le cistí.  Mar sin féin, tá roinnt Ballstát agus tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach páirteach i gcláir Interreg agus tá gnéithe speisialta ag baint leo. Dá bhrí sin, tá gá le forálacha sonracha maidir le Interreg ina gcomhoibríonn Ballstát amháin nó níos mó agus a réigiúin agus, i gcás inarb ábhartha, tíortha comhpháirtíochta agus tríú tíortha, thar theorainneacha.

 

 

2. An togra ón gCoimisiún

 

An 29 Bealtaine 2018, mhol an Coimisiún Rialachán lena leagtar síos forálacha sonracha do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh, lena ndírítear ar chomhar a shimpliú thar theorainneacha an Aontais. Chuir an Coimisiún san áireamh go gcumhdaítear cuid mhór de sheachadadh agus de chur chun feidhme CFRE i Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Rinneadh comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais a éascú agus an creat beartais a shimpliú a shainaithint mar phríomhchuspóirí sa pháipéar machnaimh maidir le staid airgeadais an Aontais Eorpaigh, sa mheastóireacht ex post ar an gcreat atá ann faoi láthair agus sa chomhairliúchán poiblí faoin gcreat le haghaidh 2021-2027.

 

 

3. Caibidlíocht idirinstitiúideach

 

Tar éis don Pharlaimint seasamh na Parlaiminte ar an gcéad léamh a ghlacadh an 26 Márta 2019, bhí caibidlíocht idirinstitiúideach ann le haghaidh comhaontú ar an dara léamh go luath ó mhí Dheireadh Fómhair 2019 go dtí mí na Nollag 2020, faoi Uachtaránacht na Fionlainne, Uachtaránacht na Cróite agus Uachtaránacht na Gearmáine ar an gComhairle. Tar éis ceithre bhabhta de chruinnithe tríthaobhacha, tháinig foireann caibidlíochta na Parlaiminte ar chomhaontú sealadach le hUachtaránacht na Comhairle le linn an chruinnithe thrípháirtigh dheireanaigh an 2 Nollaig 2020.

 

D’fhormheas COREPER téacs an chomhaontaithe shealadaigh an 16 Nollaig 2020 agus d’fhormheas REGI é an 18 Nollaig 2020.  Tar éis fíorú dlítheangeolaíoch a dhéanamh, ghlac an Chomhairle an comhaontú go foirmiúil mar a seasamh ar an gcéad léamh an 27 Bealtaine 2021.

 

 

4. Príomhghnéithe an chomhaontaithe

 

Leis an gcomhaontú foriomlán ar ar tháinig an Pharlaimint leis an gComhairle, rinneadh an togra a neartú tuilleadh chun  an comhar a shimpliú, aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh sa Rialachán don chlárthréimhse 2014-2020, ollstruchtúr na gclár Interreg a oiriúnú, díriú ar phríomh-shaincheisteanna cur chun feidhme agus comhair, agus feabhas a chur ar an gcreat torthaí agus feidhmíochta.

 

Baineann príomhphointí an chomhaontaithe leis an méid seo a leanas:

 

Ábhar, raon feidhme agus snáitheanna Interreg

 

Sa chomhaontú déantar cur síos ar na ceithre shraith Interreg a dtugtar tacaíocht dóibh: comhar trasteorann, comhar trasnáisiúnta, comhar idir-réigiúnach agus comhar na réigiún is forimeallaí. Maidir le comhar trasteorann, ba cheart i bprionsabal go mbeadh na réigiúin le taobh teorainneacha talún nó teorainneacha muirí atá scartha ag 150 km ar a mhéad de mhuir.

 

Cuireadh prionsabail na comhpháirtíochta agus an rialachais il-leibhéil san áireamh. Den chéad uair, comhaontaíodh leithdháileadh sonrach chun comhar na réigiún is forimeallaí lena dtimpeallacht chomharsanachta a neartú. Le comhar idir-réigiúnach leanfar de mhalartú saineolais, dea-chleachtas agus fothú acmhainní a chur chun cinn trí shraith thiomnaithe clár. Leanfaidh clár PEACE PLUS le hobair chlár PEACE arna chistiú ag CFRE chun tacú leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas idir contaetha teorann na hÉireann agus Thuaisceart Éireann.

 

 

Cumhdach geografach

 

Sainítear an cumhdach geografach go mion do gach sraith. Leis an gcomhaontú tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ina leagtar amach an liosta de limistéir chláir Interreg a gheobhaidh tacaíocht.

 

Acmhainní agus rátaí cómhaoinithe

 

Comhaontaíodh acmhainní CFRE do chláir Interreg ag EUR 8,05 billiún i bpraghsanna 2018. Téann an sciar is mó de na hacmhainní sin chuig comhar trasteorann (72,2 %), ach is ionann an leithdháileadh do chomhar trasnáisiúnta, idir-réigiúnach agus do chomhar na réigiún is forimeallaí agus 18,2 % 6,1 % agus 3,5 % faoi seach. Cuirtear san áireamh sa chomhaontú na cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ó ionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais araon agus leagtar amach ann rialacha soiléire maidir le hacmhainní a thabhairt ar ais agus le scor.

 

Tá ráta cómhaoinithe do gach clár Interreg suas le 80 %, ach is féidir leis suas le 85 % a shroicheadh do chomhar na réigiún is forimeallaí.

 

Cuspóirí Interreg-shonracha agus díriú téamach

 

I dteannta na gcuspóirí sonracha le haghaidh CFRE, faoi chláir Interreg, le CFRE agus, i gcás inarb infheidhme, le hionstraimí maoinithe sheachtraigh an Aontais, féadfaidh siad tacú freisin leis na cuspóirí Interreg-shonracha maidir le ‘rialachas maidir le comhar níos fearr’ agus ‘Eoraip níos sábháilte agus níos sláine’. Ba cheart ar a laghad 60 % de na hacmhainní a leithdháiltear ar chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus na réigiún is forimeallaí a bheith i dtrí chuspóir beartais ar a mhéad, agus caithfidh “Eoraip níos glaise, ísealcharbóin” a bheith mar cheann acu.

 

Is fiú a thabhairt faoi deara an oibleagáid tacú le bearta a thagann faoi Rialachán Chiste Sóisialta Plus na hEorpa chomh maith le bearta a rannchuidíonn leis an gComhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach. Go háirithe, cuirtear san áireamh sa téacs a comhaontaíodh sprioc 30 % de chaiteachas buiséadach an Aontais lena dtacaítear le cuspóirí aeráide chomh maith leis an gceanglas tacú le gníomhaíochtaí lena n-urramaítear na caighdeáin aeráide agus comhshaoil agus nach ndéanfar aon dochar suntasach do chuspóirí comhshaoil.  

 

Clársceidealú

 

Déanfar sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a chur chun feidhme trí chláir Interreg faoi bhainistíocht chomhroinnte cé is moite de chláir Interreg D, a fhéadfar a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.

 

Leagtar amach sa chomhaontú forálacha mionsonraithe maidir le cláir Interreg a ullmhú, a mheasúnú, a fhormheas agus a leasú agus maidir le forbairt chríochach, roghnú oibríochtaí, faireachán agus meastóireacht, údaráis clár, iniúchadh ar oibríochtaí, trédhearcacht agus cumarsáid.

 

Áirítear sa téacs a comhaontaíodh forálacha solúbthachta lena n-éascaítear tacaíocht do thionscadail bheaga, lena n-áirítear gníomhaíochtaí duine le duine. Áirítear leis freisin sraith sholúbtha tacaíochta don chúnamh teicniúil, atá curtha in oiriúint do riachtanais gach cineáil cláir.

 

Faireachán, meastóireacht agus cumarsáid

 

Chun faireachán comhsheasmhach ar fheidhmíocht a áirithiú, leis an gcomhaontú, cuirtear na rialacha maidir le RFC in oiriúint do chláir Interreg agus déantar an tsraith choiteann de tháscairí aschuir a bheachtú, agus tacar comhchoiteann táscairí torthaí á cur leis. Foráiltear sa chomhaontú freisin go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh chun scrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gclár Interreg agus leagtar amach ann oibleagáidí sonracha an údaráis bainistíochta maidir le sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún chomh maith le tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht agus meastóireacht chláir a chur isteach.

 

Incháilitheacht

 

Tugadh aird ar leith ar ordlathas soiléir AE, rialacha a bhaineann go sonrach le Interreg agus rialacha náisiúnta a leagan amach maidir le hincháilitheacht caiteachais agus incháilitheacht catagóirí costais, agus maidir le costais foirne, costais oifige agus riaracháin, costais taistil agus cóiríochta, costais a bhaineann le saineolas seachtrach agus seirbhísí seachtracha, costais trealaimh agus costais bonneagair agus oibreacha.

 

Údaráis chlár Interreg, bainistíocht agus rialú

 

Rinneadh na rialacha maidir le RFC ó thaobh údaráis na gclár, bainistiú agus rialú de a oiriúnú do chláir Interreg. Déanann sé sin difear go háirithe d’fheidhmiú an údaráis bainistíochta agus an údaráis iniúchóireachta aonair, agus do shimpliú an iniúchta ar oibríochtaí.

 

Bainistíocht airgeadais, cuntais agus ceartuithe airgeadais

 

Leagtar amach sa chomhaontú na rialacha maidir le gealltanais bhuiséadacha, íocaíochtaí agus réamh-mhaoiniú chomh maith le haisghabhálacha. Socraítear rátaí réamh-mhaoinithe go háirithe ag 1 % do 2021 agus 2022, cé go n-ardaítear an ráta go 3 % do gach bliain ó 2023 go 2026, agus é mar aidhm leis réamh-mhaoiniú leordhóthanach a sholáthar do thairbhithe clár Interreg ós rud é gur minic nach mbíonn acmhainní dílse leordhóthanacha acu chun tús a chur lena gcuid oibríochtaí.

 

Rannpháirtíocht tríú tíortha agus tíortha agus críocha thar lear i gcláir Interreg faoi bhainistíocht chomhroinnte

 

Maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha nó tíortha comhpháirtíochta, tíortha agus críocha thar lear, nó eagraíochtaí réigiúnacha um chomhtháthú agus um chomhar i gcláir Interreg, cuirtear san áireamh sa chomhaontú nach bhfuil tíortha neamh-AE, tíortha comhpháirtíochta agus tíortha agus críocha thar lear faoi cheangal ag dlí an Aontais. Dá bhrí sin, oiriúnaíonn sé na forálacha gaolmhara is infheidhme maidir le húdaráis na gclár, modhanna bainistíochta, incháilitheacht, mórthionscadail bhonneagair, soláthar, bainistíocht airgeadais agus tabhairt i gcrích comhaontuithe maoiniúcháin dá réir sin.

 

Rialacha sonracha maidir le bainistíocht indíreach

 

I bhfianaise go bhféadfaí comhar na réigiún is forimeallaí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, leagtar amach sa chomhaontú forálacha agus ceanglais shonracha.

 

Gníomhartha tarmligthe

 

Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Iarscríbhinn a leasú.

 

5. Moladh

 

Le breis is tríocha bliain anuas, tá tacaíocht tugtha ag Interreg do líon mór clár comhair. Tá muinín ag an Rapóirtéir go bhfuil comhréiteach cóir cothrom bainte amach ag an bParlaimint, lena n-áirithítear leanúnachas na tacaíochta sin a bhfuil géarghá léi sa chlárthréimhse 2021-2027. Ós rud é go bhfuil seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach ar thángthas air le linn na caibidlíochta idirinstitiúidí, molann an Rapóirtéir é a fhormhuiniú gan aon leasú a dhéanamh air.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh

Tagairtí

05488/1/2021 – C9-0192/2021 – 2018/0199(COD)

Dáta don chéad léamh ag an bParlaimint– P uimhir

26.3.2019 T8-0238/2019

Togra ón gCoimisiún

COM(2018)0374 - C8-0229/2018

Fógra sa suí iomlánach go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh

7.6.2021

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

7.6.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Pascal Arimont

3.9.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

15.10.2020

3.12.2020

18.12.2020

 

Dáta an ghlactha

15.6.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

40

2

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mathilde Androuët, Pascal Arimont, Adrian-Dragoş Benea, Isabel Benjumea Benjumea, Tom Berendsen, Erik Bergkvist, Stéphane Bijoux, Franc Bogovič, Vlad-Marius Botoş, Rosanna Conte, Andrea Cozzolino, Corina Crețu, Rosa D’Amato, Christian Doleschal, Francesca Donato, Raffaele Fitto, Chiara Gemma, Mircea-Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Peter Jahr, Manolis Kefalogiannis, Ondřej Knotek, Elżbieta Kruk, Cristina Maestre Martín De Almagro, Pedro Marques, Martina Michels, Dan-Ştefan Motreanu, Andżelika Anna Możdżanowska, Niklas Nienaß, Andrey Novakov, Younous Omarjee, Alessandro Panza, Tsvetelina Penkova, Caroline Roose, André Rougé, Susana Solís Pérez, Valdemar Tomaševski, Yana Toom, Monika Vana

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Ciarán Cuffe, Isabel García Muñoz, Alin Mituța

Dáta don chur síos

18.6.2021

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

40

+

ECR

Raffaele Fitto, Elżbieta Kruk, Andżelika Anna Możdżanowska, Valdemar Tomaševski

ID

Rosanna Conte, Francesca Donato, Alessandro Panza

NI

Chiara Gemma

PPE

Pascal Arimont, Isabel Benjumea Benjumea, Tom Berendsen, Franc Bogovič, Christian Doleschal, Mircea‑Gheorghe Hava, Krzysztof Hetman, Peter Jahr, Manolis Kefalogiannis, Dan‑Ştefan Motreanu, Andrey Novakov

Renew

Stéphane Bijoux, Vlad‑Marius Botoş, Ondřej Knotek, Alin Mituța, Susana Solís Pérez, Yana Toom

S&D

Adrian‑Dragoş Benea, Erik Bergkvist, Andrea Cozzolino, Corina Crețu, Isabel García Muñoz, Cristina Maestre Martín De Almagro, Pedro Marques, Tsvetelina Penkova

An Chlé

Martina Michels, Younous Omarjee

Verts/ALE

Ciarán Cuffe, Rosa D'Amato, Niklas Nienaß, Caroline Roose, Monika Vana

 

2

-

ID

Mathilde Androuët, André Rougé

 

-

0

-

-

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 22 Meitheamh 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais