Tuarascáil - A9-0218/2021Tuarascáil
A9-0218/2021

TUARASCÁIL ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2021 an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2021 - barrachas ón mbliain airgeadais 2020 a iontráil

28.6.2021 - (09904/2021 – C9‑0232/2021 – 2021/0102(BUD))

An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Pierre Larrouturou

Nós Imeachta : 2021/0102(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0218/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0218/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an seasamh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2021 an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2021 - barrachas ón mbliain airgeadais 2020 a iontráil

(09904/2021 – C9‑0232/2021 – 2021/0102(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012[1], agus go háirithe Airteagal 44 de,

 ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na bliana airgeadais 2021, mar a glacadh go cinntitheach é an 18 Nollaig 2020[2],

 ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[3] (Rialachán CAI),

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach i ndáil le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[4],

 ag féachaint do Chinneadh 2020/2053/AE, Euratom ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh[5],

 ag féachaint do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2021, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 15 Aibreán 2021 (COM(2021)0270),

 ag féachaint don seasamh maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2021, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 21 Meitheamh 2021 agus é a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa an lá céanna, (09904/2021 – C9‑0232/2021),

 ag féachaint do Rialacha 94 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0218/2021),

A. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2021 an barrachas ón mbliain airgeadais 2020 a iontráil i mbuiséad 2020, arb ionann a mhéid agus EUR 1 768 617 610;

B. de bhrí gurb iad na príomh-chomhpháirteanna den bharrachais sin ná toradh dearfach ar ioncaim EUR 1 647,3 milliún agus ar tearc-chaitheamh i gcaiteachas EUR 121,3 milliún;

C. de bhrí, ar thaobh an ioncaim, go bhfuil an barrachas spreagtha den chuid is mó ag bailiú dhleachtanna custaim níos airde ná a rabhthas ag súil leis;

D. de bhrí, ar thaobh an chaiteachais, go sroicheann tearcúsáid íocaíochtaí ag an gCoimisiún EUR 100,98 milliún do 2020 (bhí EUR 61,7 milliún de sin, faoi Cheannteideal 5 - Riarachán, inchurtha i leith thionchar phaindéim COVID-19 ar mhisin, cruinnithe, sealanna oiliúna agus próisis earcaíochta), agus EUR 120,38 milliún inchurtha faoin tearcúsáid ag na hinstitiúidí eile;

1. ag tabhairt dá haire gur ann do Dhréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2021 mar ar thíolaic an Coimisiún é, atá dírithe ina iomláine ar bhuiséadú an bharrachais ó 2020, ar mhéid EUR 1 768 617 610, i gcomhréir le hAirteagal 18(3) den Rialachán Airgeadais, agus an seasamh ón gComhairle maidir leis;

2. á athdhearbhú gur cheart úsáid a bhaint as gach modh atá ar fáil agus as an airgead uile i mbuiséad an Aontais nár úsáideadh fós, lena n-áirítear an barrachas, chun cúnamh airgeadais a thabhairt go gasta dóibh siúd is mó atá buailte ag paindéim COVID-19; á iarraidh sa chomhthéacs sin, ar Bhallstáit na laghduithe atá tuartha maidir lena ranníocaíochtaí náisiúnta OIN-bhunaithe a eascraíonn as barrachas 2020 a dhíriú go hiomlán ar bhuiséadú gníomhaíochtaí a bhaineann le dul i ngleic le tionchar phaindéim COVID 19 agus ar théarnamh agus athléimneacht an Aontais, chun leithdháileadh barrmhaith na gcistí a áirithiú.

3. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle maidir le Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 3/2021;

4. á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil Buiséad Leasaitheach Uimh. 3/2021 glactha go cinntitheach agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5. á threorú dá hUachtarán an rún sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

22.6.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

2

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Mislav Kolakušić, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Feisirí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Petros Kokkalis

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

37

+

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt

ID

Anna Bonfrisco, Valentino Grant

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Renew

Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Stefanuta, Nils Torvalds

S&D

Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Victor Negrescu, Nils Ušakovs

The Left

Petros Kokkalis, Dimitrios Papadimoulis

Verts/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro

 

2

-

ID

Joachim Kuhs, Hélène Laporte

 

1

0

 

 

NI

Mislav Kolakušić

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

An nuashonrú is déanaí: 1 Iúil 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais