MOLADH DON DARA LÉAMH maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí
30.6.2021 - (06488/1/2021 – C9‑0227/2021 – 2018/0250(COD)) - ***II
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Monika Hohlmeier
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí
(06488/1/2021 – C9‑0227/2021 – 2018/0250(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (06488/1/2021 – C9‑0227/2021),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Deireadh Fómhair 2018[1],
– ag féachaint don seasamh uaithi ar an gcéad léamh[2] maidir leis an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0472),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0221/2021),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÉASÚNÚ GEARR
An 13 Meitheamh 2018, chuir an Coimisiún an togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (ISF) faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa. An 13 Márta 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh ar an gcéad léamh.
Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idirinstitiúideach leis an bParlaimint nuathofa i mí Dheireadh Fómhair 2019 d’fhonn teacht ar chomhaontú luath ar an dara léamh. Tugadh an chaibidlíocht chun críche go rathúil an 10 Nollaig 2020. Rinne COREPER an téacs a comhaontaíodh go sealadach a dhaingniú an 24 Feabhra 2021 agus d’fhormhuinigh Coiste LIBE é an 1 Márta 2021.
Ós rud é gur léiriú iomlán é an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh a glacadh an 14 Meitheamh 2021 ar an gcomhaontú ar thángthas air sna caibidlíochtaí luatha idirinstitiúideacha ar an dara léamh, molann an rapóirtéir go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa é a fhormhuiniú gan leasuithe, ionas gur féidir an Rialachán a ghlacadh go gasta agus go dtiocfaidh sé i bhfeidhm a luaithe is féidir.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Bunú an Chiste Slándála Inmheánaí |
|||
Tagairtí |
06488/1/2021 – C9-0227/2021 – 2018/0250(COD) |
|||
Dáta don chéad léamh ag an bParlaimint – P-uimhir |
13.3.2019 T8-0177/2019 |
|||
Togra ón gCoimisiún |
COM(2018)0472 - C8-0267/2018 |
|||
Fógra sa suí iomlánach go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh |
24.6.2021 |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 24.6.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Monika Hohlmeier 4.9.2019 |
|
|
|
Rapóirtéirí roimhe seo |
Monika Hohlmeier |
|||
Pléite sa choiste |
6.2.2020 |
7.12.2020 |
|
|
Dáta an ghlactha |
29.6.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
52 14 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Konstantinos Arvanitis, Malik Azmani, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Tanja Fajon, Miguel Urbán Crespo |
|||
Dáta don chur síos |
30.6.2021 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
52 |
+ |
||
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska |
||
ID |
Nicolas Bay, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche |
||
NI |
Laura Ferrara |
||
PPE |
Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Sara Skyttedal, Tomas Tobé, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Javier Zarzalejos |
||
Renew |
Malik Azmani, Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache |
||
S&D |
Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Tanja Fajon, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Birgit Sippel, Bettina Vollath, Elena Yoncheva |
||
14 |
- |
||
ID |
Marcel de Graaff |
||
NI |
Martin Sonneborn, Milan Uhrík |
||
The Left |
Konstantinos Arvanitis, Pernando Barrena Arza, Cornelia Ernst, Miguel Urbán Crespo |
||
Verts/ALE |
Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik |
||
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh