MOLADH ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
1.7.2021 - (COM(2020)0225 – C9‑0243/2021 – 2020/0112(APP)) - ***
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Lukas Mandl
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha
(COM(2020)0225 – C9‑0243/2021 – 2020/0112(APP))
(An nós imeachta reachtach speisialta – toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2020/0225),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0243/2021),
– ag féachaint do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha[1],
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 52(1) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0227/2021),
1. ag tabhairt a toilithe don togra le haghaidh rialachán ón gComhairle;
2. a threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN ÓN RAPÓIRTÉIR
Sa Tuarascáil Eatramhach uaithi arna glacadh an 20 Bealtaine 2021, mheabhraigh an Pharlaimint a mhéid measa atá aici don ról sármhaith a d’imir an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA) maidir le faisnéis, cúnamh agus saineolas ar shaincheisteanna chearta an duine a sholáthar agus maidir le cearta an duine a chosaint agus a chaomhnú san Aontas Eorpach. Is díol mór sásaimh, dá bhrí sin, an cur i gcrích atá molta maidir le hathbhreithniú ar shainordú agus ar rialacha oibríochta na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hathruithe institiúideacha an Aontais ó ghlacadh Conradh Liospóin.
An téacs ar ar iarradh ar an bParlaimint a toiliú a thabhairt, níl sé chomh huaillmhianach leis an téacs a mbeadh dréim ag ár n-institiúid leis. Cé go moltar go gcumhdófar gníomhartha agus gníomhaíochtaí na bpóilíní agus na n-údarás breithiúnach i réimsí Saoirse, Slándála agus Ceartais faoi shainordú athbhreithnithe na nGníomhaireachta, is trua nach n-áirítear i leathadh den sórt sin deiseanna comhair le tríú tíortha, amhail tíortha LEE-CSTE, an Ríocht Aontaithe i ndiaidh Brexit nó tíortha a chuimsítear i mBeartas Comharsanachta na hEorpa. Ba cheart léiriú a thabhairt ar uaillmhianta an Aontais maidir le gné sheachtrach níos láidre a fhorbairt i rannpháirtíocht níos mó FRA san fhaireachán agus sa ghrinnscrúdú ar ghníomhartha agus gníomhaíochtaí an Aontais agus a chuid Ballstát sa Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála.
Cé gur céim dearfach chun tosaigh é don Ghníomhaireacht an Rialachán athbhreithnithe atá molta mar atá comhaontaithe ag an gComhairle, trí réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a chur san áireamh i sainordú na Gníomhaireachta agus trí níos mó de chlársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil a sholáthar agus, dá bhrí sin, gur cheart don Pharlaimint tacú leis, ba cheart leanúint den ghluaiseacht ionsar ailíniú iomlán le forbairtí institiúideacha an Aontais. Ba cheart go dtuigfí go bhfuil toiliú na Parlaiminte nasctha le hiarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar athbhreithniú níos cuimsithí agus níos uaillmhianaí ar Rialachán FRA tar éis measúnú tionchair críochnúil agus comhairliúcháin a dhéanamh leis na geallsealbhóirí ábhartha chun neamhspleáchas, éifeachtúlacht agus éifeachtacht na Gníomhaireacht um Chearta Bunúsacha a neartú. Ba cheart go mbeadh athbhreithniú den sórt sin i gcomhréir le Tuarascáil Eatramhach na Parlaiminte.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 168/2007 lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha |
|||
Tagairtí |
09827/2021 – C9-0243/2021 – 2020/0112(APP) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
28.6.2021 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim uathu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AFET
|
FEMM
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
AFET 7.7.2020 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Lukas Mandl 10.9.2020 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
22.6.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
1.7.2021 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
53 7 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Konstantinos Arvanitis, Katarina Barley, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nuno Melo, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Anne-Sophie Pelletier, Morten Petersen, Domènec Ruiz Devesa, Hilde Vautmans, Loránt Vincze, Petar Vitanov, Tomáš Zdechovský |
|||
Dáta don chur síos |
2.7.2021 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
53 |
+ |
ECR |
Assita Kanko |
NI |
Laura Ferrara, Martin Sonneborn |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Nuno Melo, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Sara Skyttedal, Loránt Vincze, Javier Zarzalejos, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Morten Petersen, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Hilde Vautmans |
S&D |
Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Maria Grapini, Evin Incir, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Domènec Ruiz Devesa, Birgit Sippel, Petar Vitanov, Bettina Vollath, Elena Yoncheva |
The Left |
Konstantinos Arvanitis, Clare Daly, Anne-Sophie Pelletier |
Verts/ALE |
Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik |
7 |
- |
ECR |
Jorge Buxadé Villalba |
ID |
Nicolas Bay, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Marcel de Graaff, Peter Kofod, Tom Vandendriessche |
2 |
0 |
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński |
ID |
Annalisa Tardino |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh