MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, Comhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis
15.7.2021 - (06566/2021 – C9‑0154/2021 – 2021/0037(NLE)) - ***
An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Pierre Karleskind
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, Comhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis
(06566/2021 – C9‑0154/2021 – 2021/0037(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06566/2021),
– ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPA) idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (06380/2021),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0073/2020),
– ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an ...[1] ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0233/2021),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe agus an phrótacail;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtais agus parlaimintí na Graonlainne agus na Danmhairge.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Cúlra
Tá dlúthcheangal ag an Aontas Eorpach agus an Ghraonlainn maidir le cúrsaí iascaigh agus forbartha araon. Mar gheall ar na naisc atá ag an nGraonlainn leis an Danmhairg, tá sí ar cheann de na comhpháirtithe is seanbhunaithe dá bhfuil ag an Aontas Eorpach. Chuaigh an Ghraonlainn isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) in 1973 leis an Danmhairg. Tar éis reifrinn in 1982 ar a ballraíocht CEE, d’fhág an Ghraonlainn an Comhphobal Eorpach in 1985. Ó shin i leith, tá comhpháirtíocht iascaigh idir AE agus an Ghraonlainn agus tá an Ghraonlainn ar cheann de na críocha thar lear atá comhlachaithe le AE. Thairis sin, is comhpháirtí lárnach í an Ghraonlainn i bhfianaise a suímh gheografaigh straitéisigh san Aigéan Artach.
An caidreamh iascaigh idir AE agus an Ghraonlainn
Rinneadh comhaontú iascaigh a ionchorprú sa chaibidlíocht maidir le himeacht na Graonlainne ó CEE, agus comhaontaíodh sraith prótacal a ghabhann leis, a chumhdaigh an tréimhse go dtí 2007. Ag an bpointe sin, thug an dá pháirtí comhaontú comhpháirtíochta sé bliana maidir le hiascaigh i gcrích, a ndearnadh athnuachan air go hintuigthe in 2012 go ceann sé bliana eile. Tugadh SFPA i gcrích an 11 Eanáir 2021 agus tá sé á dhaingniú faoi láthair. Gné thábhachtach den chaidreamh iascaigh idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn is ea Prótacal 34 a ghabhann le CFAE, lena bhforáiltear d’allmhairí táirgí iascaigh na Graonlainne saor ó tharaif chuig AE chomh fada agus atá deiseanna rochtana ar limistéir iascaireachta na Graonlainne, sásúil do AE.
Tuairim an rapóirtéara
Ar an gcéad dul síos, ba mhaith leis an rapóirtéir, cineál speisialta na gcomhaontuithe iascaigh leis an nGraonlainn, a thabhairt chun suntais. Murab ionann agus comhaontuithe comhpháirtíochta eile maidir le hiascaigh nó SFPAnna, ní bhaineann na prótacail idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn ach le deiseanna sealadacha iascaireachta. Déanann an Comhchoiste na deiseanna cinntitheacha a chaibidliú gach bliain. Sa chomhaontú leis an nGraolainn déantar foráil freisin do mhalartuithe cuóta leis an Iorua agus le hOileáin Fharó. Dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach aige i gcaidreamh iascaigh sa limistéar geografach sin. Mar thoradh air sin, déanann na comhaontuithe agus na prótacail leis an nGraonlainn caidrimh iascaigh leis an Iorua agus le hOileáin Fharó a mhúnlú, go héifeachtach. Go teoiriciúil is féidir cuótaí a mhalartú leis an Íoslainn freisin ach ní dhéantar é sin i gcleachtas.
An comhaontú agus an prótacal roimhe seo
Rinne an rapóirtéir an staidéar meastóireachta ex ante agus ex post ar an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn, a mheas go cúramach[2]. Leis an meastóireacht ex-post, tugadh forléargas ar an staid agus tarraingíodh aird ar roinnt easnamh a bhí sa chomhaontú roimhe sin, agus sa phrótacal a ghabhann leis. Bhain earnáil iascaigh na Graonlainne agus earnáil iascaigh an Aontais Eorpaigh tairbhe as an gcomhaontú ó thaobh na socheacnamaíochta de, i dtaca le fostaíocht dhíreach agus indíreach araon agus leis an oll-bhreisluach arna nginiúint ag oibríochtaí an chabhlaigh Eorpaigh in uiscí na Graonlainne. Chuidigh ranníocaíocht airgeadais an Aontais Eorpaigh le hearnáil iascaigh na Graonlainne a fhorbairt tuilleadh. Tugann an rapóirtéir dá aire, mar sin féin, an easpa sonraí eolaíocha agus an easpa uirlisí chun anailís a dhéanamh ar na sonraí is gá chun stoic a bhainistiú i gceart agus chun meastachán a dhéanamh ar bharrachais, go beacht. Tá tábhacht ar leith ag baint le meastacháin bheachta ar bharrachais, toisc nach gceadaítear do shoithí Eorpacha ach iascaireacht a dhéanamh ar stoic nach mbaineann an earnáil áitiúil, úsáid astu. Dá bhrí sin; tá sé ríthábhachtach a bheith in ann na barrachais sin a ríomh i gceart, má tá na stoic le bheith inbhuanaithe.
An comhaontú agus an prótacal nua
Molann an rapóirtéir go dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú do thabhairt i gcrích SFPA nua idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn agus an phrótacail a ghabhann leis. Tugann sé dá aire an mheastóireacht ex-ante. Is léir sa mheastóireacht sin gur ghá comhaontú agus prótacal nua a chaibidliú chun iad a chur i gcomhréir níos dlúithe le deiseanna iascaireachta agus le comhairle eolaíoch, go ndéanfaí an tsolúbthacht maidir le gabhálacha a mhéadú, go ndéanfaí cuóta foghabhálach níos ísle a thabhairt isteach agus go mbunaítear tréimhse bhailíochta sé bliana don phrótacal. Dá réir sin, leis an gcomhaontú agus an prótacal nua, beidh sé de chumas ag 12 shoitheach AE leas a bhaint as deiseanna iascaireachta in uiscí na Graonlainne le haghaidh ocht speiceas: trosc, péirse mhara pheiligeach, péirse mhara ghrinnill, haileabó Graonlannach, séacla Artach, gránádóir, caibeallán agus ronnach Atlantach. Beidh an comhaontú bailí go ceann ceithre bliana ar féidir é a athnuachan ar feadh 2 bhliain sa bhreis. Déantar foráil sa chomhaontú do chúiteamh airgeadais EUR 16 521 754 ó AE, a bhfuil EUR 2 931 000 curtha i leataobh do thacaíocht agus d’fhorbairt earnáil iascaigh na Graonlainne. Tá deiseanna iascaireachta do chabhlach AE laghdaithe 5 % ar an meán i gcomparáid leis an bprótacal a bhí ann roimhe sin. Tugann an rapóirtéir dá aire freisin go mairfidh an comhaontú ceithre bliana, ar féidir é a athnuachan ar feadh dhá bhliain sa bhreis ina dhiaidh sin, agus dá bhrí sin nach gcuireann sé an méid soiléireachta céanna ar fáil leis an bprótacal sé bliana a bhí molta sa mheastóireacht ex-ante. Thairis sin, tá cúiteamh airgeadais AE níos airde ná mar a bhí sé faoin bprótacal roimhe sin, ó EUR 16 099 978 go EUR 16 521 754, lena bhfanann an sciar a leithdháiltear ar thacaíocht earnála mar an gcéanna agus lena bhfuil praghsanna tagartha d’údaruithe iascaireachta úinéirí soithí AE níos airde.
Cuireann an rapóirtéir in iúl gur cúis díomá dó nárbh fhéidir an comhaontú agus an prótacal a chur i bhfeidhm ach go sealadach nuair a síníodh an comhaontú an 22 Aibreán 2021, toisc, i bpáirt, gur reáchtáladh toghcháin sa Ghraonlainn an 6 Aibreán 2021 agus gur ghá rialtas a chur ar bun. Mar thoradh air sin, ní raibh oibreoirí AE in ann iascaireacht a dhéanamh in uiscí na críche go ceann beagnach ceithre mhí.
Ina theannta sin, reáchtáladh caibidlíocht ar an gcomhaontú agus ar an bprótacal a ghabhann leis, i gcomhthráth leis an gcaibidlíocht ar an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, rud a chuir moill ar thabhairt i gcrích comhaontaithe. Ba é seasamh tosaigh na Graonlainne sa chaibidlíocht sin ná cuóta chabhlach AE a laghdú 30 %; Ar bhealach ginearálta, ba mhaith leis an rapóirtéir a thabhairt chun suntais go ndearna Brexit an caidreamh idir tíortha uile an Atlantaigh Thuaidh a dhíchobhsú agus dá bhrí sin nach mór aird ar leith a thabhairt ar an staid sin. Tá sé tábhachtach freisin, i bhfianaise dhlúthcheangal seanbhunaithe na críche sin le AE agus a suímh straitéisigh san Artach, go ndéanfaí ár gcaidreamh leis an nGraonlainn a choinneáil, lena n-áirítear mar chuid de straitéis maidir leis an Artach amach anseo.
Moltaí agus iarrataí ar an gCoimisiún Eorpach
Molann an rapóirtéir roinnt moltaí agus iarrataí ar an gCoimisiún maidir le cur chun feidhme SFPA agus an phrótacail a ghabhann leis, ó fheabhsuithe ar bhailiú agus anailísiú sonraí go dtí an gá chun ionchais níos soiléire a thabhairt d’earnáil iascaigh AE agus lena áirithiú go ndéanfaí an prótacal a athnuachan. Ní mór an comhaontú agus an prótacal a ghabhann leis a ionchorprú sa straitéis uileghabhálach maidir le spriocanna inbhuanaithe agus cosaint na bithéagsúlachta a shaothrú agus an t-athrú aeráide a chomhrac. Dá bhrí sin, ní mór go mbeadh a gcur chun feidhme i gcomhréir leis na spriocanna atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus le cuspóirí agus prionsabail an chomhbheartais iascaigh. Ní mór an comhaontú a chur san áireamh go hiomlán i mbunú sheasamh geostraitéiseach an Aontais Eorpaigh san Aigéan Artach. Go háirithe, tá gá le cobhsú agus le soiléiriú a dhéanamh ar an gcaidreamh iascaigh le comhpháirtithe tar éis imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.
Thairis sin, i bhfianaise na moille a bhí ann ar chur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe agus an phrótacail a ghabhann leis, iarann an rapóirtéir go n-aistreofaí ina n-iomláine nó i bpáirt, cuótaí nár úsáideadh go 2022 chun cúiteamh a thabhairt do chabhlach AE as na ceithre mhí a cailleadh. Iarann an rapóirtéir go dtabharfaí aird ar leith ar líonta iascaireachta caillte, ar bhailiú bruscair mhuirí, ar éiceachórais mhuirí agus ar speicis leochaileacha, ar shainaithint gnáthóg agus ar fhoghabháil éan, go háirithe i gcomhthéacs tacaíocht a thabhairt don earnáil. Ba cheart an sciar de ranníocaíocht airgeadais AE atá curtha i leataobh do thacaíocht earnála a úsáid chun feabhas a chur ar bhailiú agus anailís sonraí, ós rud é go bhfuil feabhsuithe sa réimse sin bunriachtanach chun a áirithiú go mbeadh meastacháin ar bharrachais beacht. Ar deireadh, cuireann an rapóirtéir i bhfáth, an gá atá ann don Choimisiún, an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas ag gach céim i gcur chun feidhme SFPA agus an phrótacail a ghabhann leis.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (25.5.2021)
chuig an gCoiste um Iascach
ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis
(COM(2021)0072 – C9 – 2021/0037(NLE))
Rapóirtéir don tuairim: Elisabetta Gualmini
RÉASÚNÚ GEARR
Síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh reatha idir an tAontas Eorpach agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge (dá ngairtear ‘an Comhaontú Comhpháirtíochta’ anseo feasta) an 28 Meitheamh 2007 agus tháinig sé i bhfeidhm an 2 Samhain 2007 ar feadh tréimhse sé bliana, rinneadh athnuachan air go hintuigthe gach sé bliana, agus tá an fadú deireanach tar éis tarlú an 1 Eanáir 2019 agus, dá bhrí sin tá sé fós i bhfeidhm.
Maidir leis an bPrótacal[3] cúig bliana is déanaí ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2016 agus chuaigh sé in éag an 31 Nollaig 2020.
Chuir na hidirbheartaithe a n‑inisealacha le Comhaontú nua idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus le Prótacal lena leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus ranníocaíocht airgeadais an 11 Eanáir 2021.
Leis an gComhaontú nua, déantar an Comhaontú a bhí ann cheana agus a tháinig i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2007, a aisghairm agus a ionadú; cumhdaítear tréimhse sé bliana (2021-2026) ann ó dháta a chur i bhfeidhm shealadaigh, ar féidir é a athnuachan trí chomhaontú intuigthe. Cumhdaítear leis an bPrótacal nua tréimhse ceithre bliana (2021-2024) ó dháta an chur i bhfeidhm shealadaigh a leagtar síos in Airteagal 15, arb é sin an dáta ar a síníonn na páirtithe é, agus féadfar an tréimhse a fhadú dhá bhliain má chomhaontaíonn na páirtithe amhlaidh.
Tá sé mar aidhm leis an bPrótacal deiseanna iascaireachta a dheonú do shoithí an Aontais Eorpaigh in uiscí na Graonlainne i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil agus moltaí ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), ó Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) agus ó Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC). Tá sé mar aidhm leis freisin comhar idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn a neartú, agus ar an gcaoi sin creat comhpháirtíochta a chruthú trínar féidir beartas earnálach iascaigh maidir le hiascach na Graonlainne a fhorbairt agus saothrú fónta acmhainní iascaigh in uiscí na Graonlainne a chur chun cinn, chun leasa an dá pháirtí.
Is iad na speicis a chumhdaítear leis an bPrótacal nua ná Trosc, Péirsí Mara Peiligeacha, Péirsí Mara Grinnill, Haileabó Graonlannach, séacla Artach, Gránádóir, Caibeallán agus Ronnach. Leis an bPrótacal nua, cuirtear deiseanna iascaireachta ar fáil do 12 shoitheach. Tá leas díreach iascaireachta ag sé Bhallstát AE sa Phrótacal nua, eadhon an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Pholainn, an Liotuáin agus an tSualainn agus, ar leibhéal níos ísle, an Spáinn agus an Phortaingéil.
Is é EUR 16 521 754 an ranníocaíocht airgeadais bhliantúil ón Aontas Eorpach, bunaithe ar an méid seo a leanas:
(a) méid bliantúil le haghaidh rochtain ar acmhainní iascaigh do na catagóirí dá bhforáiltear sa Phrótacal, arna shocrú ag EUR 13 590 754 ar feadh ré an Phrótacail;
(b) tacaíocht d’fhorbairt bheartas earnála iascaigh na Graonlainne arb ionann é agus EUR 2 931 000 ar feadh ré an Phrótacail. Comhlíontar leis an tacaíocht sin cuspóirí bheartas náisiúnta na Graonlainne maidir le bainistiú inbhuanaithe a gcuid acmhainní muirí iascaigh ar feadh ré an Phrótacail.
Déantar an méid bliantúil leithreasaí faoi chomhair gealltanais agus leithreasaí íocaíochta a bhunú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, lena n-áirítear an líne chúltaca do phrótacail nár tháinig i bhfeidhm go fóill ag tús na bliana.
******
Iarann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Iascach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go dtabharfaí formheas don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích Comhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis.
NÓS IMEACHTA - AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Prótacal cur chun feidhme a ghabhann leis |
|||
Tagairtí |
06566/2021 – C9-0154/2021 – 2021/0037(NLE) |
|||
An coiste freagrach
|
PECH
|
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 26.4.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Elisabetta Gualmini 22.3.2021 |
|||
Pléite sa choiste |
10.5.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
31.5.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
36 1 4 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mario Furore, Jens Geier, Henrike Hahn |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
36 |
+ |
ECR |
Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt |
ID |
Hélène Laporte |
NI |
Mario Furore |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
Renew |
Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds |
S&D |
Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Jens Geier, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Victor Negrescu, Nils Ušakovs |
The Left |
Dimitrios Papadimoulis |
Verts/ALE |
Rasmus Andresen, David Cormand, Francisco Guerreiro, Henrike Hahn |
1 |
- |
NI |
Ioannis Lagos |
4 |
0 |
ID |
Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Joachim Kuhs |
The Left |
Silvia Modig |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Prótacal cur chun feidhme a ghabhann leis |
|||
Tagairtí |
06566/2021 – C9-0154/2021 – 2021/0037(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
23.4.2021 |
|
|
|
An coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
PECH 26.4.2021 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 26.4.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Pierre Karleskind 4.3.2021 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
17.6.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
12.7.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
24 1 3 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Maria da Graça Carvalho, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, Ladislav Ilčić, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Grace O’Sullivan, João Pimenta Lopes, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Emma Wiesner, Theodoros Zagorakis |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Valentino Grant, Ska Keller, Gabriel Mato, Cláudia Monteiro de Aguiar, Elżbieta Rafalska |
|||
Dáta don chur síos |
15.7.2021 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
24 |
+ |
ECR |
Ladislav Ilčić, Bert-Jan Ruissen |
ID |
France Jamet |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Maria da Graça Carvalho, Peter van Dalen, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Annie Schreijer-Pierik, Theodoros Zagorakis |
Renew |
Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Pierre Karleskind, Emma Wiesner |
S&D |
Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro |
The Left |
João Pimenta Lopes |
Verts/ALE |
Rosa D'Amato, Grace O'Sullivan, Caroline Roose |
1 |
- |
ECR |
Anja Hazekamp |
3 |
0 |
ID |
Rosanna Conte, Valentino Grant |
Verts/ALE |
Francisco Guerreiro |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh