Tuarascáil - A9-0235/2021Tuarascáil
A9-0235/2021

TUARASCÁIL ina bhfuil tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Chomhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

15.7.2021 - (06566/2021 – C9‑0154/2021 – 2021/0037M(NLE))

An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Pierre Karleskind

Nós Imeachta : 2021/0037M(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0235/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0235/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN NEAMHREACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Chomhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis

(06566/2021 – C9‑0154/2021 – 2021/0037M(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06566/2021),

 ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPA) idir an tAontas Eorpach de pháirt amháin, agus Rialtas na Graonlainne agus Rialtas na Danmhairge, den pháirt eile, agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (06380/2021),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), mar aon le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0073/2020),

 ag féachaint do Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (CBI)[1],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha[2],

 ag féachaint do rún reachtach uaithi an ...[3] ar an dréachtchinneadh,

 ag féachaint d’Airteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

 ag féachaint do Choinbhinsiún Choimisiún um Iascach an Atlantaigh Thoir Thuaidh (NEAFC),

 ag féachaint do Choinbhinsiún Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO),

 ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht an Atlantaigh Thoir Thuaidh (OSPAR),

 ag féachaint do Chomhaontú chun Iascach Mórmhara Neamhrialáilte a Chosc san Aigéan Artach Láir,

 ag féachaint don Phrótacal (Uimh. 34) ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn,

 ag féachaint do Dhearbhú Ottawa maidir le Bunú na Comhairle Artaí,

 ag féachaint dá seasamh an 31 Eanáir 2019 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt amháin, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (‘an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear’)[4],

 ag féachaint do thuarascáil an 9 Lúnasa 2019 dar teideal ‘Staidéar meastóireachta ex ante agus ex post ar an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh idir an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn’,

 ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0235/2021),

A. de bhrí go bhfuil cuspóirí inbhuanaitheachta leagtha síos ag AE mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus a Straitéis Bhithéagsúlachta 2030 agus a Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’, chomh maith le gealltanais idirnáisiúnta an Aontais, lena n-áirítear na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a bhaint amach, go háirithe SDG 14 maidir le caomhnú acmhainní agus an chomhshaoil mhuirí;

B. de bhrí go bhfuil tionchar ag an athrú aeráide ar éiceachórais agus ar acmhainní muirí;

C. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, gur cheart do stát cósta, trí chomhaontuithe nó trí shocruithe eile, rochtain a thabhairt do stáit eile ar an mbarrachas gabhála incheadaithe;

D. de bhrí go ndéanann an Comhaontú chun Iascach Mórmhara Neamhrialáilte a Chosc san Aigéan Artach Láir, iascaireacht tráchtála sa limistéar sin a thoirmeasc ar feadh 16 bliana;

E. de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach agus an Ghraonlainn, tríd an Danmhairg, ina gcuid d’eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBInna) (NEAFC) agus NAFO;

F. de bhrí go bhfuil dlúthchaidreamh ag AE leis an nGraonlainn; de bhrí go bhfuil an Ghraonlainn ar cheann de na tíortha agus de na críocha thar lear atá comhlachaithe le AE agus go bhfuil comhpháirtíocht iascaigh idir AE agus an Ghraonlainn ann ó 1984 i leith;

G. de bhrí go ndéanann Prótacal (Uimh. 34) maidir le socruithe speisialta don Ghraonlainn, taraifí fabhracha ar an margadh Eorpach le haghaidh táirgí iascaigh ón nGraonlainn a nascadh le rochtain na soithí Eorpach ar limistéir iascaireachta na Graonlainne;

H. de bhrí go bhfágann cineál speisialta an Chomhaontaithe Chomhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPA) go ndéantar deiseanna iascaireachta a chaibidliú go bliantúil agus go gceadaítear aistrithe cuóta leis an Iorua agus le hOileáin Fharó;

I. de bhrí gurb é an toradh ar an meastóireacht ex post ar an bprótacal roimhe sin agus ar an meastóireacht ex ante go ndearnadh caibidlíocht ar chomhaontú nua agus ar phrótacal nua atá níos mó i gcomhréir le deiseanna iascaireachta agus le comhairle eolaíoch, lena gcuirtear níos mó solúbthachta ar fáil ó thaobh gabhálacha de agus lena mbaineann cuóta foghabhála níos ísle, agus go ndearnadh caibidlíocht ar thréimhse bailíochta sé bliana don phrótacal;

J. de bhrí go bhfuil SFPA leis an nGraonlainn tábhachtach do shoithí AE a iascann in uiscí na Graonlainne agus do chabhlaigh na mBallstát a bhaineann tairbhe go díreach nó go hindíreach as an gcomhaontú agus as na haistrithe cuóta a ndéantar foráil dóibh ann;

K. de bhrí go gceadaítear leis an gcomhaontú agus an prótacal nua do 12 shoitheach AE leas a bhaint as deiseanna iascaireachta in uiscí na Graonlainne le haghaidh ocht speiceas (trosc, péirse mhara pheiligeach, péirse mhara ghrinnill, haileabó Graonlannach, séacla Artach, gránádóir, caibeallán agus ronnach Atlantach) ar feadh tréimhse 4 bliana, ar féidir í a athnuachan ar feadh 2 bhliain, faoi réir cúiteamh airgeadais bliantúil EUR 16 521 754 ón Aontas, a bhfuil EUR 2 931 000 de curtha i leataobh do thacaíocht agus d’fhorbairt earnáil iascaigh na Graonlainne;

An comhaontú agus an prótacal roimhe seo

1. ag taabhairt dá haire gur bhain earnáil iascaigh an dá pháirtí tairbhe as an gcomhaontú roimhe sin ó thaobh na socheacnamaíochta de, i dtaca le fostaíocht dhíreach agus indíreach araon agus leis an oll-bhreisluach arna nginiúint ag iascaireacht an chabhlaigh Eorpaigh in uiscí na Graonlainne;

2. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur sháraigh na gabhálacha iomlána incheadaithe arna leagan amach ag an nGraonlainn le haghaidh roinnt stoic a liostaítear sa phrótacal roimhe seo, na leibhéil a mholtar sa chomhairle eolaíochta; á chur i bhfáth nach bhfuil i sciar AE de na deiseanna iascaireachta sin ach sciar measartha beag;

3. á chur in iúl gur geal léi go n-úsáideann údaráis na Graonlainne an ranníocaíocht airgeadais a íoctar le hearnáil iascaigh na Graonlainne ar mhaithe le riarachán, maoirseacht agus taighde eolaíoch;

4. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, an easpa sonraí eolaíocha is gá chun meastacháin bheachta ar leibhéil stoic, a tharraingt suas;

An comhaontú agus an prótacal nua

5. ag tabhairt dá haire a chasta atá an chaibidlíocht agus na himthosca inar reáchtáladh iad, agus caibidlíocht á tionóil i gcomhthráth maidir leis an gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, rud ba chúis le héiginnteacht, agus go raibh roinnt dúshlán polaitiúil inmheánach os comhair na Graonlainne; ag meabhrú gurb é seasamh tosaigh na Graonlainne sa chaibidlíocht sin ná cuóta shoithí AE a laghdú 30 %; ag tabhairt dá haire gurb é mian na Graonlainne a hearnáil iascaigh a fhorbairt tuilleadh a bhí mar spreagadh leis an togra sin maidir le deiseanna iascaireachta a laghdú;

6. ag tabhairt dá haire go bhfuil cuótaí laghdaithe 5 % ar an meán i gcomparáid leis an bprótacal a bhí ann roimhe sin;

7. á chur in iúl gur saoth léi nach raibh oibreoirí AE in ann iascaireacht a dhéanamh in uiscí na Graonlainne ar feadh beagnach ceithre mhí sular cuireadh an comhaontú i bhfeidhm go sealadach, comhaontú nár síníodh go dtí an 22 Aibreán 2021 mar gheall go raibh toghcháin á reáchtáil ag an nGraonlainn agus go raibh gá ann le rialtas a bhunú;

8. ag tabhairt dá haire go mbíonn deiseanna iascaireachta ronnach Atlantach ag brath ar rannpháirtíocht na stát cósta mar shínitheoirí le comhaontú na stát cósta maidir le bainistiú ronnach Atlantach agus nach mór deiseanna iascaireachta phéirse mhara a bheith i gcomhréir leis an gcomhaontú bainistithe agus leis na cinntí arna ndéanamh ar leibhéal NEAFC;

9. ag tabhairt dá haire go léirítear 600 tona d’fhoghabháil sa phrótacal, ar laghdú suntasach é i gcomparáid leis an bprótacal roimhe seo; á thabhairt chun suntais nach mór na gabhálacha go léir, lena n-áirítear foghabhálacha agus ábhar muirí aischurtha, a thaifeadadh agus a thuairisciú de réir speicis i gcomhréir leis an reachtaíocht Ghraonlannach is infheidhme;

10. á chur in iúl gur díol molta di cuspóirí inbhuanaitheachta an chomhaontaithe agus comhar na bpáirtithe in iarrachtaí chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac;

11. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an socrú ‘4 + 2 bhliain’ maidir le fad an chomhaontaithe agus maidir leis an éiginnteacht i ndáil le hathnuachan an phrótacail tar éis na chéad cheithre bliana, rud a d’fhéadfadh gan an oiread céanna soiléireachta do shoithí AE a thabhairt;

12. ag tabhairt dá haire go bhfuil cúiteamh airgeadais an Aontais níos airde ná mar a bhí sé sa phrótacal roimhe seo, agus go bhfuil an ranníocaíocht le tacaíocht earnála mar an gcéanna agus go bhfuil na praghsanna tagartha d’údaruithe iascaireachta úinéirí soithí níos airde;

An Ghraonlainn mar ghníomhaí straitéiseach san Atlantach Thuaidh agus san Artach

13. á chur in iúl go ndearna Brexit an caidreamh idir tíortha an Atlantaigh Thuaidh a dhíchobhsú;

14. á chur in iúl nár cheart go mbainfí mí-úsáid as imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus na hiarmhairtí a bhí ann d’iascach sa Mhuir Thuaidh agus san Atlantach Thoir Thuaidh mar thoradh air, chun dáileadh na gcuótaí a ionramháil sna Comhaontuithe Tuaisceartacha, ach gur cheart, ina ionad sin go n-urramófaí leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta, rud a forbraíodh le himeacht ama, bunaithe i gcónaí ar an gcomhairle agus ar na sonraí eolaíocha is fearr atá ar fáil;

15. á mheabhrú staid gheostraitéiseach na Graonlainne sa réigiún Artach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá caidreamh leis an nGraonlainn mar chuid de straitéis AE maidir leis an Artach agus d’fhonn iascaireacht mhórmhara neamhrialáilte a chosc san Aigéan Artach Láir;

Moltaí agus iarrataí ar an gCoimisiún Eorpach

16. á mholadh don Choimisiún Eorpach agus á iarraidh air:

(a) Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas maidir le cur chun feidhme an chomhaontaithe agus an phrótacail;

(b) a áirithiú go ndéanfadh cur chun feidhme an Chomhaontaithe agus an Phrótacail a ghabhann leis, cuidiú leis an téamh domhanda a mhaolú, agus go gcuirfí ar an gcumas dul in oiriúint dá éifeachtaí atá i dul i méid, le caomhnú agus le hathbhunú na bithéagsúlachta agus leis na spriocanna inbhuanaitheachta arna leagan amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, agus go mbeadh sé ag teacht le cuspóirí CBI;

(c) a áirithiú go gcuirfí cur chuige an réamhchúraim i bhfeidhm maidir leis na stoic spriocdhírithe atá á dhúshaothrú faoi láthair amhail trosc, péirse mhara agus haileabó Graonlannach;

(d) socruithe maidir le bailiú agus anailísiú sonraí a fheabhsú agus chun maoirseacht ar úsáid ranníocaíocht airgeadais AE do thacaíocht earnála a nuashonrú, d’fhonn a áirithiú go mbainistítear ar bhealach inbhuanaithe na stoic a ndéanann an tAontas iascaireacht orthu, agus gur do stoic bharrachais iad na cuótaí a leithdháiltear ar shoithí AE;

(e) a áirithiú go ndéanfaí feabhsuithe ar na sonraí atá ar fáil maidir le méid an chabhlaigh agus leis an iarracht iascaireachta atá ar bun ag cabhlaigh iascaireachta leorchothaitheacha agus mionscála na Graonlainne;

(f) a áirithiú go ndéanfar an prótacal a athnuachan ar feadh dhá bhliain eile, i gceann ceithre bliana agus go ndéanfar gach iarracht  chun a áirithiú gur féidir le soithí Eorpacha leanúint de bheith ag oibriú in uiscí na Graonlainne, go buan;

(g) gach iarracht a dhéanamh chun ciorruithe ar na deiseanna iascaireachta a chuirtear ar fáil faoin bprótacal gach bliain, a chosc, mura léir ó chomhairle eolaíoch go bhfuil gá leo;

(h) na cuótaí go léir nó cuid díobh nár úsáideadh de dheasca moill ar chur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe, a thabhairt anonn go dtí 2022, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr;

(i) an Ghraonlainn a spreagadh chun comhaontú na stát cósta maidir le bainistiú ronnach Atlantach, a shíniú;

(j) a áirithiú go dtabharfaí aird ar leith ar líonta iascaireachta caillte, ar bhruscar muirí a bhailiú, ar éiceachórais mhuirí agus ar speicis leochaileacha, ar shainaithint gnáthóg agus ar fhoghabháil éan, go háirithe i gcomhthéacs tacaíocht a thabhairt don earnáil;

(k) an nasc idir Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe (SFPA) AE-na Graonlainne agus an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, a fheabhsú;

(l) feabhas a chur ar shoiléireacht agus ar thrédhearcacht maidir leis na hionstraimí idirnáisiúnta chun stoic éisc a bhainistiú sa réigiún, amhail ERBInna agus comhaontuithe stát cósta chun stoic áirithe a bhainistiú; ag leagan béim, sa chomhthéacs sin, ar a thábhachtaí atá sé moltaí eolaíocha a leanúint, lena n-áirítear éifeachtaí an athraithe aeráide, chomh maith le próisis chinnteoireachta sna ERBInna a fheabhsú, lena n-áirítear rialacha rialaithe gabhála;

(m) dul i mbun próiseas machnaimh fhadtéarmach maidir le conas an caidreamh lenár gcomhpháirtithe sa réigiún a chur ar bhonn foirmiúil agus conas an éagobhsaíocht a tháinig as imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, a laghdú, go háirithe in earnáil an iascaigh;

(n) chun plé fadtéarmach a bhunú maidir leis an nasc idir SFPA leis an nGraonlainn agus le comhaontuithe iascaigh leis an Iorua, lena n-áirítear a n-idirspleáchas;

(o) aird iomlán a thabhairt ar SFPA i mbunú sheasamh geostraitéiseach an Aontais Eorpaigh san Aigéan Artach;

 

°

° °

17. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtais agus parlaimintí na Graonlainne agus na Danmhairge.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

12.7.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

0

4

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Maria da Graça Carvalho, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, Ladislav Ilčić, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Grace O’Sullivan, João Pimenta Lopes, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Emma Wiesner, Theodoros Zagorakis

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Valentino Grant, Ska Keller, Gabriel Mato, Cláudia Monteiro de Aguiar, Elżbieta Rafalska

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

24

+

ECR

Ladislav Ilčić, Bert-Jan Ruissen

ID

France Jamet

PPE

François-Xavier Bellamy, Maria da Graça Carvalho, Peter van Dalen, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Annie Schreijer-Pierik, Theodoros Zagorakis

Renew

Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Pierre Karleskind, Emma Wiesner

S&D

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro

‘The Left’

João Pimenta Lopes

Verts/ALE

Rosa D'Amato, Grace O'Sullivan, Caroline Roose

 

0

-

 

 

 

4

0

ID

Rosanna Conte, Valentino Grant

‘The Left’

Anja Hazekamp

Verts/ALE

Francisco Guerreiro

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 6 Meán Fómhair 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais