Tuarascáil - A9-0244/2021Tuarascáil
A9-0244/2021

TUARASCÁIL ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachú na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, ar an taobh eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn)

20.7.2021 - (08656/2021 – C9‑0189/2021 – 2018/0244(CNS)) - *

An Coiste um Fhorbairt
Rapóirtéir: Tomas Tobé
(Nós imeachta simplithe - Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)

Nós Imeachta : 2018/0244(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0244/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0244/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachú na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, ar an taobh eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn)

(08656/2021 – C9‑0189/2021 – 2018/0244(CNS))

(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréacht ón gComhairle (08656/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 203 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0189/2021),

 ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0244/2021),

1. ag formheas an dréachta ón gComhairle;

2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

An 14 Meitheamh 2018, rinne an Coimisiún togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachú na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, ar an taobh eile (COM (2018) 461 final) a chur faoi bhráid na Comhairle. Leis an gCinneadh ón gComhairle, bunófar na rialacha agus na nósanna imeachta lena rialófar comhlachas an Aontais leis na OCTanna, lena n-áirítear an Ghraonlainn, don tréimhse 2021-2027.

 

I gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin, an 31 Eanáir 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa rún ar thogra tosaigh an Choimisiúin. Cuireadh an comhad ar an méar fhada sa Chomhairle tráth ba shia anonn go dtí gur cuireadh bailchríoch ar an gcaibidlíocht ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil, 2021-2027, agus an rialachán lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - an Eoraip Dhomhanda.

 

Agus í ag cromadh athuair ar a cuid oibre ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, rinne an Chomhairle roinnt athruithe agus chinn sí, an 21 Bealtaine 2021, go rachadh sí i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa den dara huair.

 

I ndiaidh anailís chúramach, creideann an Rapóirtéir go bhfreagraíonn an leagan athbhreithnithe seo do na príomh-mholtaí arna bhfoirmliú ag Parlaimint na hEorpa sa rún uaithi a glacadh i mí Eanáir 2019:

 déantar tagairt níos cuimsithí ann do Chlár Oibre 2030 agus do bhaint amach na SDGanna; aithnítear ann go bhfuil an comhionannas inscne agus cumhachtú na mban ríthábhachtach chun na SDGanna a bhaint amach;

 aithnítear ann go bhféadfar rannchuidiú na sochaí sibhialta leis na OCTanna a fheabhsú trí eagraíochtaí den tsochaí shibhialta a neartú sna réimsí uile comhair;

 áirítear ann forálacha breise agus foclaíocht neartaithe ar chosaint chearta an duine, lena n-áirítear cearta na mban agus na leanaí;

 moltar ann go mbeadh na OCTanna rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais, agus tacaítear ann le rannpháirtíocht na OCTanna i gcláir de chuid an Aontais;

 méadaítear ann an sprioc aeráide ó 20% go 25% agus áirítear ann foclaíocht neartaithe ar chosaint an dúlra agus an chomhshaoil;

 tugtar tuairisc níos soiléire ann ar na réimsí éagsúla comhair arna moladh;

 méadaítear ann an líon comhairliúchán tríthaobhach idir an Coimisiún, na Ballstáit a bhfuil nasc acu leo agus na OCTanna;

 i gcás inarb ábhartha, moltar ann go gcuirfeadh na OCTanna a dtuairimí in iúl i gcomhthéacs dhearadh chomhaontuithe saorthrádála AE le tríú tíortha, agus i gcomhthéacs an mheasúnaithe tionchair orthu;

 soiléirítear ann cinniúint na n-athshreabha ó Shaoráid Infheistíochta an OCT arna bainistiú ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.

 

Freagraíonn athruithe eile don ghá atá le raon feidhme airteagal áirithe a shoiléiriú, le haird a thabhairt ar sheasaimh AE sa chlár oibre idirnáisiúnta agus le hailíniú a dhéanamh le hionstraimí seachtracha éagsúla ar mhaithe le comhleanúnachas.

 

Freagraíonn Iarscríbhinn II a ghabhann leis an dréacht-Chinneadh (maidir leis an sainmhíniú ar choincheap na ‘dtáirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin), go hiomlán nach mór, do théacs Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an gCinneadh reatha maidir leis na OCTanna (an Cinneadh ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachú na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach), ar ina leith a chuathas i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa in 2019 (2019/0162 (CNS), agus ba é an t-aon athrú a rinneadh ná mír (2) a chur le hAirteagal 45.

 

Ós rud é go bhfreagraíonn an leagan leasaithe den dréachtchinneadh ón gComhairle do phríomh-mholtaí Pharlaimint na hEorpa arna bhfoirmliú in 2019 agus i bhfianaise gur gá moilleanna breise ar chlársceidealú an chúnaimh maoinithe arna sholáthar do na OCTanna a sheachaint, molann an Cathaoirleach go nglacfaí an togra seo gan é a leasú, i gcomhréir le Riail 52 de na Rialacha Nós Imeachta.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Comhlachú na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, ar an taobh eile (‘an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear’)

Tagairtí

08656/2021 – C9-0189/2021 – COM(2018)0461 – C8-0379/2018 – 2018/0244(CNS)

An dáta a ndearnadh comhairliúchán leis an bParlaimint

16.7.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

7.6.2021

 

 

 

Rapóirtéirí:

 Dáta an cheapacháin

Tomas Tobé

14.6.2021

 

 

 

Nós Imeachta simplithe – dáta an chinnidh

14.6.2021

Pléite sa choiste

13.7.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

13.7.2021

 

 

 

Dáta don chur síos

21.7.2021

 

 

An nuashonrú is déanaí: 1 Meán Fómhair 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais