Tuarascáil - A9-0251/2021Tuarascáil
A9-0251/2021

MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

26.7.2021 - (05210/2021 – C9‑0120/2021 – 2019/0044(NLE)) - ***

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Dominique Riquet

Nós Imeachta : 2019/0044(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0251/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0251/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

(05210/2021 – C9‑0120/2021 – 2019/0044(NLE))

 

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05210/2021),

 ag féachaint don dréacht-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí (15082/2019),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0120/2021),

 ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0251/2021),

1. ag tabhairt a toilithe an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Cóiré.

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

An Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Chóiré:

Is éard atá i gceist leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí ná Comhaontú Eitlíochta Cothrománach arna chaibidliú ag an gCoimisiún Eorpach thar ceann na mBallstát agus Phoblacht na Cóiré, tar éis bhreithiúnais na Cúirte Breithiúnais sna cásanna ‘Aerspás Oscailte’, mar a thugtar orthu. Fágann an comhaontú sin go bhféadfaidh aon aerlíne AE eitilt go Poblacht na Cóiré ó cheann ar bith den dá cheann is fiche de Bhallstáit AE, a bhfuil comhaontú déthaobhach aersheirbhísí acu faoi láthair le Poblacht na Cóiré. Chomh maith leis na deiseanna d’iompróirí AE maidir le bealaí nua, tá an comhaontú sin tairbhiúil don dá thaobh trí dheimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do na hoibríochtaí tráchtála agus trí chur chuige neamh-idirdhealaitheach a áirithiú maidir leis na haerlínte a bheith ag eitilt idir an dá chríoch faoi seach.

Nós Imeachta:

An 5 Meitheamh 2003 thug an Chomhairle údarú don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht le tríú tíortha maidir le comhaontú ar leibhéal an Aontais a chur in ionad forálacha áirithe i gcomhaontuithe déthaobhacha aersheirbhísí atá ann cheana.  Rinneadh an comhaontú leis an gCóiré a shíniú an 25 Meitheamh 2020 agus, chun an Comhaontú a thabhairt chun críche, caithfidh an Chomhairle toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 218 CFAE.

 

I gcomhréir le Rialacha 105 agus 114(5), (7) agus (8) de rialacha nós imeachta Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh an coiste freagrach (TRAN) moladh a thíolacadh chun an gníomh atá beartaithe a fhormheas nó diúltú dó. Ansin glacfaidh Parlaimint na hEorpa cinneadh trí vótáil aonair, agus ní fhéadfar aon leasú ar an gComhaontú a chur síos. Ní bheidh leasuithe i gcoiste inghlactha ach amháin má tá sé mar aidhm acu an moladh atá molta ag an Rapóirtéir a fhreaschur.

Seasamh an Rapóirtéara:

Is mórearnáil straitéiseach san Aontas í an eitlíocht shibhialta, lena soláthraítear réitigh shoghluaisteachta agus poist do shaoránaigh Eorpacha agus is lámh tharrthála í freisin d’earnáil turasóireachta na hEorpa. Leis an gcomhaontú sin, déantar na comhaontuithe déthaobhacha aersheirbhísí atá ann cheana idir na Ballstáit agus Poblacht na Cóiré a ionadú nó a chomhlánú, ar comhaontú é ar cheart dó feabhas breise a chur ar an nascacht idir an tAontas Eorpach agus an Áise, méadú a chur ar an iomaíocht agus foráil a dhéanamh do dheimhneacht dhlíthiúil do na haerlínte. Ar bhonn an mhéid sin thuas, molann an Rapóirtéir don Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht a fhormheas a thabhairt do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe.


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré maidir le gnéithe áirithe d’aersheirbhísí

Tagairtí

05210/2021 – C9-0120/2021 – 2019/0044(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

24.3.2021

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

26.4.2021

 

 

 

Rapóirtéirí:

 Dáta an cheapacháin

Dominique Riquet

12.9.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

12.7.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

48

1

0

Na Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, Izaskun Bilbao Barandica, Paolo Borchia, Marco Campomenosi, Massimo Casanova, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Julie Lechanteux, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, João Pimenta Lopes, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clare Daly, Nicola Danti, Angel Dzhambazki, Tomasz Frankowski, Michael Gahler, Maria Grapini, Alessandra Moretti, Marianne Vind

Dáta don chur síos

26.7.2021

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

48

+

ECR

Angel Dzhambazki, Peter Lundgren, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

ID

Paolo Borchia, Marco Campomenosi, Massimo Casanova, Julie Lechanteux, Philippe

Olivier

NI

Mario Furore, Dorien Rookmaker

PPE

Magdalena Adamowicz, Gheorghe Falcă, Tomasz Frankowski, Michael Gahler, Elżbieta

Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de

Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Elissavet

Vozemberg-Vrionidi

Renew

Izaskun Bilbao Barandica, Nicola Danti, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Alessandra Moretti, Rovana Plumb, Vera Tax, Marianne Vind, Petar Vitanov

The Left

Clare Daly, Kateřina Konečná

Verts/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz

 

1

-

The Left

João Pimenta Lopes

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 2 Meán Fómhair 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais