Tuarascáil - A9-0255/2021Tuarascáil
A9-0255/2021

    TUARASCÁIL Tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais AE agus leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc

    23.7.2021 - (2020/2045(INI))

    An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
    An Coiste um Fhorbairt
    An Coiste um Buiséid
    Rapóirtéir: György Hölvényi, Janusz Lewandowski, Milan Zver
    (Nós imeachta comhchoiste – Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta)
    Rapóirtéir don tuairim (*):
    Sira Rego, Cathaoirleach, an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
    (*) Coistí comhlachaithe - Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta


    Nós Imeachta : 2020/2045(INI)
    Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
    An doiciméad roghnaithe :  
    A9-0255/2021
    Téacsanna arna gcur síos :
    A9-0255/2021
    Téacsanna arna nglacadh :

    RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN - ACHOIMRE AR FHÍORAIS AGUS AR FHIONNACHTANA

    Leis an tuarascáil seo, féachtar le meastóireacht pholaitiúil a dhéanamh ar Chistí Iontaobhais an Aontais Eorpaigh (EUTFanna) a bunaíodh in 2014 agus ar cuireadh síneadh leo go dtí mí na Nollag 2021, mar aon leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (FRT).

     

    Is sásra comhordúcháin é FRT seachas ionstraim sheachbhuiséadach, a fhágann nach bhfuil Ranníocaíochtaí na mBallstát le FRT deonach ach bunaithe ar a ranníocaíochtaí OIN agus iontráiltear i mbuiséad an Aontais iad mar ioncam sannta seachtrach. Cé go bhfuil siad éagsúil ó thaobh na polaitíochta agus an dlí de, tá dúshláin ag baint le EUTFanna agus FRT araon i ndáil leis an gcuntasacht dhaonlathach, le ról Pharlaimint na hEorpa agus le sláine bhuiséad an Aontais freisin.

     

    Tá aitheantas tugtha arís agus arís eile ag an bParlaimint do bhreisluach na n-uirlisí seachbhuiséadacha (EUTFanna) agus na n-uirlisí urghnácha (FRT) sin ach, arís agus arís eile, rinne sí cáineadh faoin gcaoi ar bunaíodh iad agus ar cuireadh fad leo, gan a rannpháirtíocht chuí a dhaingniú. Tá ról rialaithe na Parlaiminte ar na huirlisí sin teoranta freisin.

     

    Creideann na rapóirtéirí gur cheart cúnamh seachtrach a mhaoiniú ina iomláine ó bhuiséad an Aontais agus gur cheart é a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach de réir sraith chuíchóirithe rialacha, bunaithe ar ionstraimí comhreachtaithe agus lánurraim á tabhairt do shainchumais reachtacha, bhuiséadacha agus rialaithe na Parlaiminte. Creideann siad freisin nach mór leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí go léir a thugann an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

     

    Go háirithe i gcás na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, creideann siad go méadófar solúbthacht agus freagrúlacht mar thoradh ar an bpríomhionstraim sheachtrach nua, rud a chuirfidh ar a cumas leanúint de ghníomhaíochtaí na gcistí iontaobhais atá ann cheana agus, ar an gcaoi sin, aontacht bhuiséad an Aontais a chosaint.

     

    Chun déileáil le riachtanais níos mó a d’fhéadfadh a bheith ann, tugtar tosaíocht shoiléir d’úsáid na n-ionstraimí reatha, go háirithe an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, nuair is gá sin le clúdach méadaithe trí athbhreithniú a dhéanamh ar CAI reatha agus ar an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta, nó arna threisiú ag ranníocaíochtaí na mBallstát agus tríú tíortha i bhfoirm ioncaim shannta sheachtraigh.

     

    Sa chás ina mbeadh gá le Ciste Iontaobhais nua fós, creideann na rapóirtéirí gur cheart údar cuí a bheith leis amhail géarchéim mhór, athrú tobann ar chaidreamh idirnáisiúnta lena n-éilítear mórfhreagairt airgeadais ón Aontas, nó an gá le hacmhainní a chomhthiomsú le tríú tíortha, nach mbeadh indéanta faoi na hionstraimí comhreachtaithe. Sa chás sin, murab ionann agus an CAI roimhe seo don tréimhse 2014-2020, bheadh ar an bParlaimint a bheith lánpháirteach ón tús.

     

    BÊKOU

     

    Bhunaigh an tAontas agus 3 Bhallstát (an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír) Ciste Iontaobhais Bêkou do Phoblacht na hAfraice Láir i mí Iúil 2014 mar an chéad Chiste Iontaobhais de chuid an Aontais riamh chun tacaíocht do Phoblacht na hAfraice Láir (PAL) a chomhthiomsú agus a bhainistiú i ndiaidh na géarchéime a chuir isteach ar an tír in 2012-2013 agus ina dhiaidh sin. Is é is cuspóir dó athléimneacht an daonra agus an Stáit a neartú i gcomhthéacs an-leochaileach, go háirithe trí thacú le cláir sláinte, uisce agus sláintíochta, forbartha tuaithe agus téarnaimh eacnamaíoch, chomh maith le hathmhuintearas agus comhtháthú sóisialta.

     

    Chomh maith leis na leithdháiltí ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) agus ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh (EUR 218.9 milliún), ranníoc an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ísiltír, an Iodáil agus an Eilvéis leis an gCiste, rud a d’fhág go raibh EUR 296.8 milliún ann ar an iomlán in 2019. Tá sé mar aidhm ag Bêkou (‘dóchas’ sa tSangóis, teanga áitiúil) fóirithint, athshlánú, atógáil agus idirghabhálacha forbartha níos fadtéarmaí a nascadh ar bhealach solúbtha, dinimiciúil.

     

    B’é an tAontas Eorpach an chéad chomhpháirtí a bhí ag PAL go mór fada agus, ó 2014 i leith, thug AE, a Bhallstáit agus ranníocóirí eile níos mó ná EUR 910 milliún san iomlán do sheirbhísí bunúsacha na tíre (go háirithe an t-oideachas agus an tsláinte, lena n-áirítear, ó thosaigh an eipidéim, an comhrac i gcoinne COVID-19), don chobhsaíocht agus don phróiseas síochána.

     

    MADAD

     

    Bunaíodh Ciste Réigiúnach Iontaobhais an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria (Madad) i mí na Nollag 2014 chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais athléimneachta níos fadtéarmaí dídeanaithe Siriacha agus daoine easáitithe ina dtír féin i dtíortha comharsanachta, agus chun tacú le pobail óstacha agus a gcuid riarachán. Bunaíodh i dtús báire é le haghaidh tréimhse 5 bliana, agus maoiniú tosaigh de 1 bhilliún ann. Cuireadh síneadh dhá bhliain eile leis ina dhiaidh sin in 2019 agus in 2020 go dtí an 14 Nollaig 2021, chun aistriú gan bhriseadh chuig freagairt AE ar an ngéarchéim faoi CAI reatha 2021-2027 a áirithiú.

     

    Tá os cionn EUR 2.2 billiún curtha ar fáil ag an gCiste ó bhuiséad an Aontais, ó 21 Ballstát, ón Tuirc agus ón Ríocht Aontaithe, agus EUR 2 bhilliún tugtha ar conradh (ó mhí na Nollag 2020 amach) i mbreis agus 94 thionscadal. Idir an dá linn, tá an Ciste Iontaobhais ag tacú le níos mó ná 7.29 milliún tairbhí. In 2015, leasaíodh an Ciste chun géarchéim na hIaráice a chumhdach freisin. Ó thaobh na tíreolaíochta de, tá formhór mór an mhaoinithe leithdháilte ar ghníomhaíochtaí iltíortha lena ndírítear ar na tíortha sin a bhfuil an líon is mó dídeanaithe ón tSiria á n-óstáil acu: an Liobáin, an Tuirc agus an Iordáin. Is mar a leanas a leithdháiltear an buiséad: 43% chun na Liobáine, 23% chun na Tuirce agus 24% chun na hIordáine. Faigheann gníomhaíochtaí atá bunaithe san Iaráic 7 %, agus leithdháileadh 2.1 % ar na Balcáin Thiar (an tSeirbia, an Mhacadóin Thuaidh). D’fhéadfaí a iarraidh ar an gCiste Iontaobhais freisin aghaidh a thabhairt ar riachtanais agus tacaíocht a chur ar fáil don tSiria i ndiaidh na coinbhleachta, faoi réir aistriú polaitiúil inchreidte atá faoi lán seoil, i gcomhréir le Rún 2254/2015 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe. Is léir, áfach, nár comhlíonadh na coinníollacha sin mar gheall ar an gcoinbhleacht leanúnach.

     

    AN AFRAIC

     

    Bunaíodh Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don chobhsaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce mírialta agus le daoine a bheith á n-easáitiú san Afraic (Ciste Iontaobhais don Afraic) an 12 Samhain 2015 chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin ilghnéitheacha lena gcothaítear éagobhsaíocht sa tSaiheil agus i Loch Shead, i gCorn na hAfraice agus i réigiúin na hAfraice Thuaidh. Cumhdaítear leis an gCiste Iontaobhais don Afraic 26 tír incháilithe i dtrí réigiún: an tSaiheil agus Loch Shead (Buircíne Fasó, Camarún, Sead, an Ghaimbia, Mailí, an Mháratáin, an Nígir, an Nigéir, an tSeineagáil, an Ghána, an Ghuine agus an Cósta Eabhair); Corn na hAfraice (Djibouti, an Eiritré, an Aetóip, an Chéinia, an tSomáil, an tSúdáin Theas, an tSúdáin, an Tansáin agus Uganda); agus Tuaisceart na hAfraice (an Ailgéir, an Éigipt, an Libia, Maracó agus an Túinéis).

     

    Oibríonn an Ciste Iontaobhais don Afraic feadh ceithre ais straitéiseacha: 1) Deiseanna eacnamaíocha agus fostaíochta níos fearr trí chláir eacnamaíocha atá dírithe ar dheiseanna fostaíochta a chruthú; 2) Athléimneacht pobal a neartú lena n-áirítear seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil do phobail áitiúla, do dhídeanaithe agus do dhaoine easáitithe i réimse an bhia agus an chothaithe, na slándála, na sláinte, an oideachais agus na cosanta sóisialta; 3) Bainistiú imirce feabhsaithe lena n-áirítear straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha imirce a fhorbairt, imirce neamhrialta a chosc, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach a chomhrac, filleadh deonach éifeachtach, athimeascadh inbhuanaithe, cosaint agus tearmann idirnáisiúnta agus imirce agus soghluaisteacht dhleathach a chur chun cinn; agus 4) Rialachas agus cosc coinbhleachtaí feabhasaithe, aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine agus an smacht reachta a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear trí fhorbairt acmhainní chun tacú leis an tslándáil agus leis an bhforbairt. Tá thart ar EUR 5 bhilliún curtha ar fáil ag an gCiste, agus is ó Bhallstáit an Aontais agus ó dheontóirí eile a tháinig isteach is amach le EUR 0.6 billiún.

     

    AN CHOLÓIM

     

    Tá an Cholóim ciaptha le breis agus 50 bliain de dheasca coinbhleacht armtha inmheánach, a mharaigh níos mó ná 220,000 duine, sibhialtaigh den chuid is mó, agus a d’fhág gur easáitíodh breis agus 5 milliún Colómach go hinmheánach, ceann de na líonta is airde de dhaoine easáitithe ina dtír féin ar domhan. Chothaigh stair fhada an fhoréigin pholaitiúil, an éagothroime shóisialta agus eacnamaíoch ard, gáinneáil drugaí agus gníomhaíochtaí mídhleathacha eile agus easpa stáit láidir a d’fhéadfadh seirbhísí a chur ar fáil dá saoránaigh, i measc nithe eile, an choinbhleacht seo, a bhfuil tionchar aici ar cheantair thuaithe agus iargúlta go háirithe, agus a raibh tionchar an-diúltach aici ar fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta na Colóime ina hiomláine.

     

    An 24 Lúnasa 2016, thángthas ar chomhaontú síochána idir rialtas na Colóime agus príomhghrúpa reibiliúnach na tíre, an ‘Fuerzas Armadas Revolucionarias de Colombia’ (FARC). Cé go bhfuil go leor dul chun cinn déanta ó shin, tá cúrsaí sa Cholóim ag éirí níos leochailí arís le déanaí, agus an tír ag déileáil le géarchéimeanna iomadúla ag an am céanna: drochiarmhairtí ghéarchéim na ndídeanaithe i Veiniséala (agus breis agus 1.8 milliún dídeanaí ó Veiniséala ina gcónaí sa Cholóim anois); an próiseas síochána ag dul ar gcúl agus tionchar phaindéim COVID-19.

     

    Bunaíodh an Ciste Iontaobhais Eorpach um Shíocháin sa Cholóim i mí na Nollag 2016 chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe síochána idir rialtas na Colóime agus FARC. Tá os cionn EUR 128 milliún curtha ar fáil ag an gCiste ó bhuiséad an Aontais, ó 20 Ballstát, ón tSile agus ón Ríocht Aontaithe.

     

    Saoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc

     

    I mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2015, gheall an tAontas go gcuirfeadh sé EUR 3 billiún d’acmhainní breise ar fáil chun tacú le muintir na Siria atá faoi chosaint shealadach agus le pobail óstacha sa Tuirc. Ina dhiaidh sin, ghlac an Coimisiún, ag deireadh mhí na Samhna 2015, cinneadh lena mbunaítear an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc mar fhreagairt ón Aontas ar thacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe sa Tuirc atá ag teitheadh ó choinbhleachtaí sa tSiria, san Iaráic nó san Afganastáin nó ar de thionscnamh tíortha eile iad. Bunaíodh an tSaoráid an 1 Eanáir 2016 agus bhí buiséad EUR 3 billiún aici ar dtús. As an méid sin, tugadh maoiniú EUR 1 bhilliún ó bhuiséad an Aontais agus EUR 2 bhilliún ó Bhallstáit an Aontais chun brú breise ar bhuiséad an Aontais a sheachaint. Déantar ranníocaíochtaí na mBallstát a ríomh trí fhoirmle leithdháilte atá bunaithe ar a n-ollioncam náisiúnta. Comhordaíonn an tSaoráid maoiniú ó ionstraimí airgeadais seachtracha AE atá ann cheana (IPA, ENI, DCI). Cumhdaíonn an maoiniú gníomhaíochtaí daonnúla agus neamhdhaonnúla, le leithdháileadh airgeadais EUR 1.4 billiún agus EUR 1.6 billiún faoi seach.

     

    Sa Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 18 Márta 2016, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach agus an Tuirc go bhfuil siad tiomanta don phlean gníomhaíochta comhpháirteach idir an tAontas agus an Tuirc (JAP) a chur chun feidhme chun cabhrú leis an Tuirc agus í ag bainistiú ghéarchéim na himirce. An tráth sin, comhaontaíodh freisin go gcuirfear EUR 3 bhilliún breise le buiséad na Saoráide roimh dheireadh 2018. Leithdháileadh EUR 2 billiún ó bhuiséad an Aontais agus EUR 1 bhilliún ó na Ballstáit an uair sin. Tá na tionscadail a mhaoinítear faoin dá thráinse ar siúl go dtí lár 2021 agus lár 2025 ar a dhéanaí, faoi seach, agus is iad AE agus a Bhallstáit na deontóirí is mó go mór fada a thugann aghaidh ar iarmhairtí na géarchéime sa tSiria. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil Ciste Iontaobhais Madad agus an FRT ag forluí ar a chéile go pointe áirithe.


     

    TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

    Tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais AE agus leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc

    (2020/2045(INI))

    Tá Parlaimint na hEorpa,

     ag féachaint d’Airteagail 208, 210, 214 agus 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

     ag féachaint d’Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

     ag féachaint don Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

     ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020[1],

     ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012[2],

     ag féachaint do Rialachán Uimh. 1257/96 ón gComhairle (CE) an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil[3],

     ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh na mblianta airgeadais 2015, 2016, 2017, 2018, 2019, 2020 agus 2021,

     ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Samhain 2011 maidir leis an gCur Chuige Domhanda maidir le hImirce agus Soghluaisteacht (GAMM) (COM(2020)0743),

     ag féachaint don Chomhshocrú Domhanda maidir le hImirce Sábháilte, Ordúil agus Rialta agus don Chomhshocrú Domhanda maidir le Dídeanaithe, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 2018,

     ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2016 maidir le Creat Comhpháirtíochta nua a bhunú le tríú tíortha faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce (COM(2016)0385),

     ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Chruinniú Mullaigh Vaileite i mí na Samhna 2015,

     ag féachaint do ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 18 Márta 2016,

     ag féachaint do Chomhdhearcadh Nua Eorpach maidir le Forbairt, dar teideal ‘Ár nDomhan, Ár nDínit, Ár dTodhchaí’, arna fhoilsiú an 30 Meitheamh 2017,

     ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin an 30 Aibreán 2014 dar teideal ‘Bosca uirlisí – Cur chuige cearta-bhunaithe, lena gcuimsítear cearta uile an duine do chomhar um fhorbairt AE’ (SWD(2014)0152),

     ag féachaint don Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil an 30 Eanáir 2008,

     ag féachaint do na comhaontuithe bunaithe bunaidh ó Chiste Iontaobhais AE (EUTF) Bêkou, ó EUTF Madad, ó EUTF don Afraic agus ó EUTF don Cholóim, agus dá gcomhaontuithe bunaidh athbhreithnithe i mí na Nollag 2020,

     ag féachaint do Chinneadh C(2015)9500 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 maidir le gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chomhordú trí shásra comhordúcháin – an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc[4], arna leasú le Cinneadh C(2016)855 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2016[5], C(2017)2293 an 18 Aibreán 2017[6], C(2018)1500 an 14 Márta 2018[7], agus C(2018)4959 an 24 Iúil 2018[8],

     ag féachaint don Cheathrú Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisiún maidir le Saoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc an 30 Aibreán 2020 (COM(2020)0162), agus dá thuarascálacha roimhe sin freisin,

     ag féachaint don 7ú Tuarascáil ar Thorthaí maidir le EUTF Madad[9],

     ag féachaint do thuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Ciste Iontaobhais AE Bêkou do Phoblacht na hAfraice Láir: tús dóchasach in ainneoin roinnt easnamh’ (Uimh. 11/2017); ‘An tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc: tacaíocht chabhrach, ach gá le feabhsuithe chun luach ar airgead a sholáthar’ (Uimh. 27/2018); agus ‘Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic: Solúbtha ach easpa fócais’ (Uimh. 32/2018),

     ag féachaint do chinntí an Choimisiúin Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh a leathnú go dtí mí na Nollag 2021 i gcomhréir le hAirteagal 234 den Rialachán Airgeadais, agus do sheasamh na Parlaiminte maidir leis na dréachtchinntí maidir le síneadh,

     ag féachaint dá rún an 18 Aibreán 2018 maidir le cur chun feidhme ionstraimí maoinithe sheachtraigh AE: athbhreithniú meántéarma 2017 agus an struchtúr a bheidh leo tar éis 2020[10],

     ag féachaint dá rún an 17 Aibreán 2018 ar chur chun feidhme na hIonstraime le haghaidh Comhar um Fhorbairt, na hIonstraime um Chabhair Dhaonnúil agus an Chiste Eorpaigh Forbraíochta[11],

     ag féachaint do rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le Ciste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic: na himpleachtaí don fhorbairt agus don chabhair dhaonnúil[12],

     ag féachaint dá rún an 25 Márta 2021 maidir le Straitéis nua idir AE agus an Afraic – comhpháirtíocht don fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach,

     ag féachaint dá rúin an 20 Eanáir 2021 maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála a chur chun feidhme – tuarascáil bhliantúil 2020[13], an 18 Bealtaine 2017 maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh don tSiria[14], an 6 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis an tSiria[15], an 24 Samhain 2016 maidir leis an staid sa tSiria[16], an 6 Iúil 2016 maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le dréacht-bhuiséad leasaitheach Uimh. 2/2016 ón Aontas Eorpach don bhliain airgeadais 2016: Barrachas ón mbliain airgeadais 2019 a iontráil[17],

     ag féachaint do rún uaithi an 13 Márta 2019 ar Thuarascáil 2018 ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc[18], an 12 Nollaig 2018 ar sheasamh na Comhairle maidir le dara dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2019[19], an 4 Iúil 2018 ar an seasamh ón gComhairle i ndáil le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 3/2018 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2018, Roinn III – An Coimisiún: Síneadh ar an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc[20],

     ag féachaint do Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2020[21] agus don chinneadh a ghabhann leis maidir leis an gCorrlach Teagmhasach a Shlógadh in 2020: Leanúint de thacaíocht dhaonnúil a thabhairt do dhídeanaithe sa Tuirc[22],

     ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir le Tuarascálacha 2019-2020 ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc[23],

     ag féachaint do na cinntí ón gCoimisiún in 2019 agus in 2020 i dtaca le síneadh a chur le Ciste Iontaobhais Madad go dtí an 14 Nollaig 2021 i gcomhréir le hAirteagal 234 den Rialachán Airgeadais,

     ag féachaint do na gealltanais a thug AE agus a Bhallstáit ag comhdhálacha Londain agus na Bruiséile a reáchtáladh idir 2016 agus 2021, maidir le dul i ngleic le géarchéim na Siria agus tacú le muintir na Siria,

     ag féachaint don mheastóireacht mheántéarma ón gCoimisiún in 2018 agus do na torthaí rialta lena dtugtar tuairisc ar EUTF Madad,

     ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cabhair dhaonnúil[24], do thogra an 14 Meitheamh 2018 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI-an Eoraip Dhomhanda) 2021-2027 (COM(2018)0460), agus do thogra an 14 Meitheamh 2018 le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) 2021–2027 (COM(2018)0465),

     ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) de chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gCinneadh sin,

     ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, an Choiste um Fhorbairt agus an Choiste um Buiséid faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

     ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Rialú Buiséadach,

     ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid (A9-0255/2021),

    A. de bhrí gur bunaíodh ceithre EUTF ó 2014 i leith chun freagairt don ghá atá le hionstraimí solúbtha agus tapa chun freagairt chomhleanúnach agus threisithe cabhrach a thabhairt i gcás géarchéimeanna: EUTF Bêkou, a bunaíodh an 15 Iúil 2014, agus é mar chuspóir aige tacú le gach gné d’éalú Phoblacht na hAfraice Láir ó ghéarchéim agus lena hiarrachtaí atógála; EUTF Madad, Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria lena bhféadfaí acmhainní agus freagairt a chomhthiomsú agus a chur in oiriúint ar an leibhéal réigiúnach, a bunaíodh an 15 Nollaig 2014; EUTF don Afraic, Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don chobhsaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce mhírialta agus le daoine a bheith á n-easáitiú san Afraic, a bunaíodh an 12 Samhain 2015; agus EUTF don Cholóim, a bunaíodh an 12 Nollaig 2016 chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe síochána le linn an téarnaimh agus na cobhsaíochta iar-choinbhleachta;

    B. de bhrí, leis an athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais in 2018, gur tugadh isteach forálacha lenar neartaíodh cumhachtaí grinnscrúdaithe na Parlaiminte nuair a bhunaítear EUTFanna nua nó nuair a chuirtear síneadh leis na cinn atá ann faoi láthair; de bhrí go bhfuil na forálacha rótheoranta chun grinnscrúdú daonlathach iomlán ag an bParlaimint, chomh maith le grinnscrúdú parlaiminteach iomlán mar údarás buiséadach, a áirithiú, mar atá cumhdaithe sna conarthaí;

    C. de bhrí gur eisigh an Pharlaimint tuairimí dearfacha den chuid is mó in 2020 maidir leis na hiarrataí ar EUTFanna a shíneadh go dtí deireadh 2021, agus gur chuir sí in iúl ag an am céanna gur údar imní di easpa trédhearcachta maidir le cur chun feidhme tionscadal, go háirithe maidir leis na cinn a bhaineann le bainistiú teorainneacha agus imirce, agus ar choinníoll, i gcás EUTF don Afraic, ráthaíochtaí éigeantacha a chur ar fáil maidir le cearta bunúsacha an duine a urramú i ngach tionscadal maoinithe;

    D. de bhrí go raibh bonn cirt le bunú EUTFanna agus na Saoráide do dhídeanaithe sa Tuirc (FRT) mar gheall ar an ngá atá le freagairt sholúbtha, ad hoc agus ghasta nach féidir a dhéanamh faoin gcreat institiúideach clasaiceach ná leis na hacmhainní agus an tsolúbthacht theoranta atá ar fáil i mbuiséad AE; de bhrí gur cheart do chreat airgeadais seachtrach nua AE (an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – An Eoraip Dhomhanda) dul i ngleic leis na srianta is cúis leis an ngá cistí iontaobhais a sheoladh chun freagairt do ghéarchéimeanna sonracha ar bhealach níos solúbtha agus níos tapa; de bhrí, leis na hionstraimí seachbhuiséadacha amhail EUTFanna, chomh maith le huirlisí urghnácha amhail FRT, go ndéantar prionsabail na cuntasachta daonlathaí, na trédhearcachta agus na bainistíochta fónta airgeadais a chur i mbaol, rud a bhaineann an bonn de ról Pharlaimint na hEorpa agus de shláine agus d’aontacht bhuiséad AE; de bhrí nach ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le hionstraimí seachbhuiséadacha a bhunú; de bhrí gur rannchuidigh an Ciste Eorpach Forbraíochta le EUTF don Afraic agus le EUTF Bêkou, agus, dá bhrí sin, nach raibh baint ag an bParlaimint le bunú an dá EUTF sin; de bhrí go raibh rannpháirtíocht fhéideartha na Parlaiminte teoranta d’agóid a dhéanamh i gcoinne na ndréachtchinntí cur chun feidhme maidir leis na comhaontuithe bunaitheacha ar EUTF Madad agus EUTF don Cholóim;

    E. de bhrí go gcaithfidh an Coimisiún, agus EUTF á chur ar bun aige, údar a thabhairt lena bhreisluach, lena infheictheacht, lena chomhlántacht le hionstraim maoinithe eile de chuid AE agus lena ailíniú le cuspóirí beartais, agus de bhrí go bhfuil sé riachtanach faireachán agus meastóireacht leanúnach ar úsáid cistí a ráthú chun a áirithiú go mbeidh a n-éifeachtaí i gcomhréir le dlí AE, le luachanna bunúsacha agus le cuspóirí bunúsacha i gcónaí;

    F. de bhrí gur cheart, de réir an Rialacháin Airgeadais, go mbeadh EUTF faoi réir iniúchadh seachtrach agus neamhspleách bliantúil agus go bhfuil sé de chumhacht ag an gCoimisiún an comhaontú maoiniúcháin a chur ar fionraí má sháraíonn an tír chomhpháirtíochta oibleagáid a bhaineann le hurraim do chearta an duine, do phrionsabail dhaonlathacha nó don smacht reachta agus i gcásanna tromchúiseacha éillithe; de bhrí gur mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina tuarascálacha speisialta ar EUTFanna go ndéanfadh an Coimisiún comhordú deontóirí a fheabhsú (Bêkou), laigí sa chur chun feidhme a bhaint, éifeachtúlacht agus gníomhaíochtaí dírithe a mhéadú (an Afraic) agus luach níos fearr ar airgead a sholáthar (FRT);

    G. de bhrí, de réir mheastacháin an Choimisiúin, go bhfuil riachtanais dhaonnúla shuntasacha a bhaineann le dídeanaithe thar na riachtanais a chumhdaítear leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc;

    H. de bhrí, cé go n-aithníonn sí go bhfuil breisluach ag baint leo, gur léirigh an Pharlaimint arís agus arís eile go bhfuil gá le grinnscrúdú parlaiminteach feabhsaithe ar EUTFanna agus ar FRT agus go bhfuil gá le rannpháirtíocht níos láidre in ullmhú agus i gcaibidliú EUTFanna a bheidh ann amach anseo agus i ndáil le síneadh a chur le EUTFanna agus le hionstraimí airgeadais eile i réimse ghníomhaíocht sheachtrach AE; de bhrí gur iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún a theachtaireacht maidir le EUTFanna a fheabhsú agus gur thug sí dá haire go bhfuil faisnéis rialta figiúrbhunaithe maidir le cur chun feidhme EUTFanna ríthábhachtach chun ligean don Pharlaimint a ról maoirseachta daonlathaí agus grinnscrúdaithe a fheidhmiú;

    I. de bhrí gur as buiséad an Aontais féin a thagann an sciar is mó de na ranníocaíochtaí do Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh anois agus nach bhfuil ach sciar an-teoranta dá mbuiséid iomlána ag teacht ó na Ballstáit; de bhrí nach ranníocaíochtaí deonacha iad ranníocaíochtaí na mBallstát le FRT, ach go bhfuil siad bunaithe ar an scála ranníocaíochta OIN agus go n-áirítear iad go díreach i mbuiséad an Aontais mar ioncam sannta seachtrach de bhun Airteagal 21(2)(b) den Rialachán Airgeadais; de bhrí, i gcás EUTFanna, nach ndéantar ranníocaíochtaí na mBallstát a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais de bhun Airteagal 187(6) den Rialachán Airgeadais;

    J. de bhrí go dtugtar aird speisialta, sa ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc ó mhí an Mhárta 2016 agus sa Chomhaontú um Athligean Isteach idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc, ar bhealaí nua farraige nó talún don imirce neamhdhleathach a chosc, ar na líonraí smuigleála a dhíchóimeáil, ar theorainneacha na Tuirce a rialú agus ar an gcaoi a nglactar leis an bhfilleadh, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;

    K. de bhrí gurb é is príomhchuspóir do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad, mar a chumhdaítear in Airteagal 208 CFAE; de bhrí gurb é an Comhdhearcadh Eorpach nua maidir le Forbairt an creat teagaisc i gcónaí do bheartas forbartha AE, agus go n-athdhearbhaíonn an Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil bunphrionsabail na cabhrach daonnúla; de bhrí nach mór do AE agus a chomhpháirtithe sa réimse daonnúil a bheith in ann cúnamh agus cosaint a áirithiú bunaithe ar riachtanais agus ar phrionsabail na neodrachta, na neamhchlaontachta, na daonnachta agus neamhspleáchas na gníomhaíochta daonnúla a urramú; de bhrí nach mór cistí ó fhoinsí oifigiúla cúnaimh forbartha (COF) a chaitheamh ar fhorbairt eacnamaíoch, dhaonna agus shóisialta, go háirithe chun rochtain ar oideachas ar ardchaighdeán a áirithiú, chun athléimneacht áitiúil a fhorbairt, lena n-áirítear forbairt a bhaineann le hathrú aeráide, agus chun oibríochtaí síochánaíochta chun forbairt agus/nó cúnamh daonnúil a sholáthar, agus béim ar leith á leagan ar na dúshláin forbartha a shainaithnítear i gcinneadh an Chiste Iontaobhais;

    L. de bhrí, leis an gcomhaontú bunaithe ar Chiste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh don Afraic, gur cuireadh go soiléir tionscadail um bainistiú teorainneacha sa Libia faoi raon feidhme shainordú EUTF, chomh maith le rialáil na hIonstraime Eorpaí um Chomharsanacht (ENI); de bhrí gur leithdháileadh beagnach EUR 90 milliún ó mhí Iúil 2017 trí Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic chun oiliúint a chur ar gharda cósta na Libia, iad a fheistiú agus tacú lena gcumas agus gur leithdháileadh EUR 49 mhilliún chun aghaidh a thabhairt ar na dálaí ina gcoinnítear fillithe; de bhrí go sonraítear go soiléir sa chomhaontú bunaitheach ar Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh go maoineofar leis an gCiste Iontaobhais gníomhaíochtaí lena rannchuideofar le gach gné den bhainistiú imirce a fheabhsú i gcomhréir leis an gCur Chuige Domhanda i leith na hImirce agus na Soghluaisteachta, lena n-áirítear srian a choinneáil agus cosc a chur ar an imirce mhírialta, agus an gháinneáil ar dhaoine a chomhrac; de bhrí, mar sin féin, go ndearnadh líomhaintí maidir le cásanna ina ndearnadh sárú ar chearta an duine i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí gharda cósta na Libia;

    M. de bhrí gur mheas an Pharlaimint in 2020, d’fhonn dul ar aghaidh le síneadh EUTF don Afraic, gur cheart ráthaíochtaí éigeantacha maidir le hurraim do chearta an duine a sholáthar sna tionscadail uile a fuair cistiú, agus aird ar leith á tabhairt ar bhainistiú imirce agus a áirithiú freisin go mbunófaí na ráthaíochtaí sin i gcás ina mbeadh gá le ciste iontaobhais nua sa todhchaí a mbeidh bonn cirt cuí leis;

    N. de bhrí go ndearna Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais Eorpaigh mar Fhreagairt ar an nGéarchéim sa tSiria (Ciste Iontaobhais Madad) EUR 2.3 billiún a shlógadh, lena n-áirítear ranníocaíochtaí deonacha ó 21 Bhallstát de chuid an Aontais, ón Tuirc agus ón Ríocht Aontaithe; de bhrí go ndírítear ar oideachas, slí bheatha, an tsláinte, cosaint agus uisce ina chláir, a théann chun tairbhe do dhídeanaithe, do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus do phobail áitiúla, lena dtugtar tacaíocht do bhreis is 7 milliún tairbhí; de réir mar a chuaigh cogadh cathartha na Siria i bhfad, tháinig tuilleadh forbartha ar fhreagairt Chiste Iontaobhais Madad tríd an nasc idir an chabhair dhaonnúil agus an fhorbairt, agus béim níos mó á leagan ar chórais a neartú chun tacú le hiarrachtaí agus le cumais na dtíortha óstacha freagairt don ghéarchéim fhada sin, go háirithe trí sheirbhísí poiblí a sholáthar san Iaráic, san Iordáin agus sa Liobáin;

    O. de réir a mheasúnaithe, tá seoladh na dtionscadal níos tapúla faoi Chiste Iontaobhais Madad ná mar atá na nósanna imeachta caighdeánacha faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais; de bhrí gur éirigh le Ciste Iontaobhais Madad barainneacht scála a bhaint amach freisin, le tionscadail mhórscála de EUR 20 milliún ar an meán agus meántréimhse cur chun feidhme de thart ar 30 mhí;

    P. de bhrí nach ionann an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (FRT) agus EUTFanna, go príomha toisc go bhfuil sí leabaithe fós laistigh de bhuiséad AE;

    Q. de bhrí, dar leis an gCoimisiún, go bhfuil FRT ceaptha chun ionstraimí airgeadais AE atá ann cheana a chomhordú ionas go slógfar iad ar bhealach comhleanúnach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dídeanaithe;

    I. Breithnithe ginearálta

    Gnéithe buiséadacha

    1. á thabhairt dá haire gurbh ionann agus EUR 7 691 mhilliún na gealltanais iomlána a tugadh do EUTFanna go léir faoin 31 Nollaig 2020, agus gurbh ionann agus EUR 3 170 milliún ranníocaíocht bhuiséad an Aontais, gur tháinig EUR 3 534 mhilliún ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF), agus gur tháinig EUR 988 milliún ó na Ballstáit agus gealltanais deontóirí eile; á thabhairt dá haire thairis sin, go raibh EUR 7 141 mhilliún conraithe faoin dáta céanna agus go raibh EUR 4 869 milliún íoctha ag EUTFanna; á thabhairt dá haire freisin gurbh ionann ráta cur chun feidhme na leithreasuithe faoi chomhair gealltanais le haghaidh gach EUTF agus 98 % faoin 31 Nollaig 2020, (bhí breis is 95 % de na leithreasuithe faoi chomhair gealltanais a bhí ar fáil geallta ag EUTF Madad, 99 % ag EUTF Bêkou, 99% ag EUTF don Afraic agus 94 % ag EUTF don Cholóim), agus b’ionann ráta foriomlán cur chun feidhme na leithreasuithe íocaíochta agus 63 % (le EUTF don Afraic ag 62 %, EUTF Bêkou ag 66 %, EUTF don Cholóim ag 52 % agus EUTF Madad ag 64 %);

    2. á mheabhrú go bhfuil an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc comhdhéanta de dhá thráinse de EUR 3 bhilliún an ceann; á chur in iúl gur oth léi, murab ionann agus sa chéad tráinse in 2016-2017, inar ranníoc buiséad AE EUR 1 billiún agus gur ranníoc na Ballstáit EUR 2 billiún, go ndearnadh cóimheas na ranníocaíochtaí a aisiompú sa dara tráinse in 2018-2019, rud a chuaigh chun dochair do thionscadail de chuid an Aontais atá ann cheana;

    3. á mheabhrú, i gcás an chéad tráinse de FRT, gurbh ionann ranníocaíochtaí IPA II agus 52.4 %, an chabhair dhaonnúil agus 46.6 %, an Ionstraim lena gcuirtear le Slándáil agus le Síocháin agus 0.7 % agus an Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt agus 0.3 %, ach, i gcás an dara tráinse, gurbh ionann ranníocaíochtaí IPA II agus 64.5 %, agus an chabhair dhaonnúil agus 35.5 %;

    4. á thabhairt dá haire gur cuireadh 36.6 % de chéad leithdháileadh tráinse FRT chun feidhme faoi dheireadh 2020 trí bhainistíocht dhíreach agus 63.4 % trí bhainistíocht indíreach (ar eagraíochtaí idirnáisiúnta a rinne níos mó ná ceithre chúigiú de); á thabhairt dá haire freisin gurbh ionann an bhainistíocht dhíreach agus 32.1 % (100 % ón gCoimisiún Eorpach) agus an bhainistíocht indíreach agus 67.9 % (le trí cheathrú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta) i gcás an dara tráinse;

    5. á thabhairt dá haire ina theannta sin gurbh iad na heagraíochtaí idirnáisiúnta na gníomhaithe cur chun feidhme is mó de Chistí Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh (36.8 %), roimh an gCoimisiún Eorpach (35.7 %), gníomhaireachtaí na mBallstát (24.2 %) agus comhlachtaí seirbhíse poiblí (3.4 %);

    Rannpháirtíocht na Parlaiminte sna creataí cinnteoireachta agus faireacháin ar thorthaí agus i dtuairisciú agus/nó meastóireacht

    6. á thabhairt dá haire gur tugadh stádas breathnóra do Chathaoirligh na gCoistí agus d’Fheisirí ábhartha i gcruinnithe de Bhoird Straitéiseacha na gCistí Iontaobhais agus i gCoiste Stiúrtha FRT; á thabhairt dá haire thairis sin nár léiríodh an stádas sin go foirmiúil i gComhaontuithe Bunaitheacha na gCistí Iontaobhais; ag moladh go láidir go gcuirfear san áireamh féilire oifigiúil na Parlaiminte sna cuirí chun cruinnithe boird agus go ndéanfar an fhaisnéis agus na doiciméid ábhartha uile a bheidh le plé ag cruinnithe boird a chur ar fáil i bhfad roimh na cruinnithe chun rannpháirtíocht ghníomhach Fheisirí agus fhoireann na Rúnaíochta a chumasú;

    7. á chur in iúl gurb oth léi an ról teoranta atá ag an bParlaimint i gcinnteoireacht, i maoirseacht agus i ngrinnscrúdú ranníocaíochtaí an Aontais le EUTFanna agus á athdhearbhú gur cheart na réitigh dhlíthiúla, rialála agus bhuiséadacha atá ann cheana a úsáid go hiomlán sula gcruthófar agus/nó sula leathnófaí EUTFanna, ar cheart di a bheith ina rogha dheiridh i gcónaí; ag meabhrú na n-iarrataí uaithi roimhe seo nár freagraíodh agus á athdhearbhú gur cheart go mbeadh ionadaíocht ag an bParlaimint ag cruinnithe na gCoistí Oibríochtúla agus go mbeadh sí in ann faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na gCoistí sin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil in am trátha maidir leis na cinntí a rinneadh sna Coistí sin; á chreidiúint nach mór don Pharlaimint leas iomlán a bhaint as a cuid cumhachtaí grinnscrúdaithe ar chur chun feidhme agus rialú buiséadach agus a áirithiú go gcomhlíonann cinntí cistiúcháin AE agus leithdháiltí gaolmhara prionsabail dlíthiúlachta agus bainistíochta fónta airgeadais an Aontais, agus ar an gcaoi sin, dlisteanacht agus cuntasacht dhaonlathach a sholáthar do ghníomhaíocht AE;

    8. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin dlúthfhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar idirghabhálacha, agus eolas a ghiniúint faoi ghníomhaíochtaí EUTFanna agus FRT, trí thacar tiomnaithe tuarascálacha; á iarraidh go ndéanfaí níos láidre na hiarrachtaí sin chun trédhearcacht níos fearr a bhaint amach trí shonraí ábhartha a fhoilsiú, lena n-áirítear sonraí sonracha faoi thionscadail arna gcistiú agus torthaí a baineadh amach i leith na gcuspóirí sonraithe, ar leathanaigh ghréasáin EUTFanna agus FRT; á chur i bhfáth go bhfuil infhaighteacht, leibhéal sonraí, iomláine agus comhsheasmhacht fhíorasach tuarascálacha den sórt sin ríthábhachtach chun tacú leis an bParlaimint mar údarás buiséadach ionas gur féidir measúnú leormhaith a dhéanamh ar an gcur chun feidhme;

    9. á thabhairt dá haire gur cuireadh faisnéis maidir le rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) ar fáil i dTuarascálacha Bliantúla EUTF don Afraic le haghaidh na mblianta 2019 agus 2020; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil go hoscailte mar gheall ar thrédhearcacht íseal na fochonraitheoireachta; á thabhairt dá haire gur cheart, i gcás inar féidir, an fhaisnéis sin a mhiondealú ar leibhéal na dtionscadal agus meas á léiriú ar cheanglais rúndachta agus slándála a bhfuil údar cuí leo;

    10. á chur in iúl gur oth léi an fógra déanach ón gCoimisiún maidir leis an rún atá aige fad a chur le ré EUTFanna agus maidir leis na meastóireachtaí déanacha ar roinnt de na Cistí Iontaobhais, rud nár cheadaigh don Pharlaimint teacht ar chonclúidí iomlána beachta ar bhealach tráthúil i gcás an Chiste Iontaobhais don Afraic, agus, mar sin, a chuir srian ar mhaoirseacht dhaonlathach agus ar chuntasacht dhaonlathach;

    11. ag athdhearbhú an éilimh uaithi nach mór na síntí ar Choiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh go dtí mí na Nollag 2021 ar chomhaontaigh sí leo a bheith teicniúil den chuid is mó chun go mbeifear in ann aistriú go réidh chuig CAI nua agus chun go bhféadfar na cistí a gealladh cheana a chonrú agus a úsáid ar bhealach éifeachtúil; ag tabhairt chun suntais na ndearbhuithe ón gCoimisiún go ndéanfar síntí a iarraidh chun a áirithiú go leanfar de bhunús dlí a thabhairt d’íocaíochtaí na ngealltanas a rinneadh faoi CAI 2014-2020 a bhí ann roimhe sin, agus nach ndéanfar aon ghealltanais nua faoi ICFCI ná ICR III;

    12. á chur i bhfios go láidir gur cheart don Choimisiún léiriú a thabhairt ina thuarascálacha ar chomhlántacht na n-ionstraimí airgeadais éagsúla atá tiomnaithe do na réimsí a chumhdaítear le EUTFanna agus le FRT, lena n-áirítear Plean Infheistíochta Seachtraí an Aontais, chomh maith leis an mbreisluach a ghintear;

    II. Measúnú de réir Chiste Iontaobhais AE / FRT

    Bêkou

    13. á mheas go bhfuil rannchuidiú páirteach tugtha ag Ciste Iontaobhais Bêkou mar cheann de na huirlisí chun aghaidh a thabhairt ar an staid i bPoblacht na hAfraice Láir (PAL), agus ar chur chuige an naisc idir riachtanais forbartha agus dhaonnúla i bPoblacht na hAfraice Láir;

    14. ag tabhairt chun suntais na gconclúidí ó thoscaireacht an Choiste um Fhorbairt chuig Poblacht na hAfraice Láir i mí Feabhra 2018, ina dtugtar faoi deara go bhfuil Ciste Iontaobhais Bȇkou infheicthe agus go gcuirtear fáilte roimhe sa tír, ina bhfuil tionscadail lena dtugtar aghaidh ar bhealach leormhaith ar riachtanais ar idirthuras idir athshlánú, soláthar slí bheatha agus forbairt fhadtéarmach, ar an leibhéal áitiúil agus ar scálaí níos lú ar a laghad;

    15. ag tabhairt chun suntais na gconclúidí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, a foilsíodh i dtuarascáil speisialta 2017 na Cúirte, inar tugadh le fios gur dearfach a bhfuil bainte amach ag Ciste Iontaobhais Bêkou ar an iomlán agus gur mheall sé cabhair, ach líon beag deontóirí breise, agus go ndearna an chuid is mó dá thionscadail aschur a raibh dréim leis a bhaint amach agus gur chuir sé feabhas ar infheictheacht an Aontais; á chur in iúl, áfach, gur moladh sa tuarascáil sainmhíniú níos fearr a thabhairt ar raon feidhme na hidirghabhála, comhordú feabhsaithe deontóirí, nósanna imeachta roghnúcháin tionscadal, faireachán agus tomhas feidhmíochta, chomh maith le barrfheabhsú costas agus trédhearcacht mhéadaithe i roghnú na n-eagraíochtaí cur chun feidhme; á thabhairt dá haire go ndéanann a ngníomhaireachtaí forbartha náisiúnta féin ionadaíocht ar na Ballstáit sa Choiste Oibríochtúil, a roghnaítear freisin mar fheidhmeoirí tionscadal, agus á chur in iúl gur cúis imní di go bhféadfadh coinbhleacht leasa teacht as sin i nós imeachta roghnúcháin an Choiste Oibríochtúil;

    16. á thabhairt dá haire, i ngeall ar an ngéarchéim dhaonnúil, ar an mbochtaineacht agus ar na dúshláin nua slándála atá ann i bPoblacht na hAfraice Láir, go mbeidh gá le cláir atá spriocdhírithe go cuí agus, i gcás inarb ábhartha, le maoiniú solúbtha ón Aontas faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar an bhfreagairt dhaonnúil, ar an tsíocháin agus ar an tslándáil, ar an daonlathú agus ar neartú na n-institiúidí daonlathacha agus ar an urraim do chearta an duine i bPoblacht na hAfraice Láir;

    17. á mheas, in ainneoin idirghabháil an Aontais agus deontóirí eile, go bhfuil cúrsaí sa tír éagobhsaí i gcónaí mar gheall ar choinbhleachtaí nua agus neamhdheimhneacht an tsoláthair bia atá ag teacht chun cinn;

    Madad

    18. á mheas gur léirigh EUTF Madad an breisluach atá leis mar fhreagairt ar an ngéarchéim agus do AE ó thaobh infheictheacht sheachtrach agus tionchar seachtrach níos láidre, rialú méadaithe, comhordú agus giaráil mhéadaithe cistí ó fhoinsí éagsúla, i gcomparáid le cainéil náisiúnta nó idirnáisiúnta eile; á thabhairt dá haire go ndearnadh a chaiteachas a ailíniú leis na bunúis dlí nó leis na hionstraimí de chuid an Aontais a úsáideadh agus lena gcuspóirí; á mheabhrú, dá bhrí sin, nach mór do thionscadail arna maoiniú faoi Chiste Iontaobhais Madad dínit, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint, agus cuimsiú sóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn, go háirithe maidir le mionlaigh agus grúpaí leochaileacha; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an choinbhleacht sa tSiria fós ag dul ar aghaidh, agus á chur i bhfáth, maidir le riachtanais na ndídeanaithe ón tSiria, nach mbeidh ar a gcumas filleadh ar a dtír dhúchais go ceann i bhfad, agus, i gcás riachtanais a bpobal óstach maidir le lánpháirtiú agus fostaíocht níos fadtéarmaí, go bhfuil cúnamh fadtéarmach AE agus idirnáisiúnta fós de dhíth orthu chun cumas a áirithiú don lánpháirtiú agus don fhostaíocht níos fadtéarmaí ar bhealach comhtháite leis na pobail óstacha; á chur i bhfios nach féidir atógáil fhadtéarmach a dhéanamh faoi láthair sna limistéir atá i mbaol na coinbhleachta sa tSiria;

    19. á thabhairt dá haire gur baineadh de thátal as an Tuarascáil maidir leis an Meastóireacht Straitéiseach Meántéarmach ó mhí Dheireadh Fómhair 2018 go raibh Ciste Iontaobhais Madad ‘mór agus éifeachtach ó thaobh costais de’, gur ‘shroich sé líon mór tairbhithe ar chostas réasúnta íseal, agus ‘gur lig sé don Aontas oibriú go solúbtha’;

    20. á chur in iúl gur geal léi freagairt thapa agus sholúbtha an Chiste Iontaobhais chun tacú le tíortha agus pobail chomhpháirtíochta le linn ráig an choróinvíris, ina léirítear rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí a ath-ailíniú agus a athdhíriú, ní hamháin i réimse na sláinte, ach i réimsí eile freisin, amhail slite beatha, cosaint, oideachas nó comhtháthú sóisialta sa Liobáin, san Iaráic, sa Tuirc agus san Iordáin;

    21. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht leanúnach a thabhairt do dhídeanaithe, do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus do phobail óstacha leochaileacha, lena n-áirítear sa réigiún i gcoitinne, atá thíos leis an gcoinbhleacht leanúnach, trí mheascán de chistiú fadtéarmach, intuartha, iomlán trédhearcach agus in-imscartha go mear faoi ionstraimí arna mbunú do chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 agus ranníocaíochtaí féideartha ó na Ballstáit mar ioncam sannta seachtrach, agus na hionstraimí airgeadais ar fad dá bhforáiltear faoin Rialachán Airgeadais á gcur san áireamh;

    22. ag meabhrú leochaileacht na bpobal dídeanaithe Palaistíneach sa tSiria agus sa réigiún, agus á iarraidh go leanfaí de thacaíocht a léiriú dóibh agus go gcuirfí san áireamh iad i bpleananna daonnúla agus i bhfreagairtí daonnúla an Aontais maidir leis an ngéarchéim sa tSiria;

    An Afraic

    23. á thabhairt dá haire gur cruthaíodh an Ciste Iontaobhais don Afraic mar chiste iontaobhais éigeandála chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna i dtrí réigiún san Afraic, agus é mar aidhm leis spriocanna fadtéarmacha cobhsaíochta agus forbartha a bhaint amach; á mheas gur uirlis mhear sholúbtha é EUTF don Afraic chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna dhomhanda, amhail an imirce agus an t-easáitiú éigeantach, tionchar an athraithe aeráide agus géarchéimeanna eacnamaíocha; á thabhairt chun suntais gur ghá ardleibhéal solúbthachta agus luais a chleachtadh chun tabhairt faoin staid gan fasach a thit amach mar thoradh ar phaindéim COVID-19 atá ag dul ar aghaidh i gcónaí; á chur i bhfáth, áfach, nach mór an tsolúbthacht a chomhcheangal le trédhearcacht agus cuntasacht iomlán i gcónaí; á chreidiúint go bhféadfaí fós feabhas a chur ar chúrsaí, le gníomhaíocht níos treoraithe ar fud na dtrí fhuinneog agus tacaíocht a sholáthar chun torthaí a thomhas agus a thuairisciú;

    24. á thabhairt dá haire gur chuir 78 tionscadal le mórdheiseanna eacnamaíocha agus fostaíochta, gur tugadh faoi 97 thionscadal chun athléimneacht a neartú, go raibh 75 dtionscadal tiomnaithe do bhainistiú imirce, agus gur chuidigh 75 thionscadal le feabhas a chur ar rialachas agus ar chosc coinbhleachtaí; á thabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go bhfuil freagairt an Aontais ag leagan béim ar leith ar an mbainistiú imirce i roinnt tionscadal, i ngeall ar imthosca sonracha; á athdhearbhú, áfach, gur cheart na bunchuspóirí maidir le feabhas a chur ar athléimneacht agus dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce a choinneáil;

    25. á chur in iúl gur geal léi gur rannchuidigh EUTF don Afraic le cur chuige an chumarphointe thríthaobhaigh idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin, ar cur chuige é nach rabhthas in ann a dhéanamh le hionstraimí airgeadais an Aontais faoin CAI roimhe seo; á mheabhrú nach mór maoiniú EUTF a chur chun feidhme agus a mheas ar bhonn chritéir ODA agus gur gá na costais uile a thiteann lasmuigh den cheanglas sin a mhaoiniú ó fhoinsí éagsúla a chomhthiomsaítear sa Chiste Iontaobhais, agus ag cáineadh aon úsáid a bhaintear as cistí ODA a thagann salach ar chuspóirí forbartha; á mheabhrú, mar bhunphrionsabal, nach mór don chúnamh daonnúil a bheith neamhspleách;

    26. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil 37 % de EUTF don Afraic leithdháilte ar bhearta a mbeidh sé i gceist leo an imirce a shrianadh agus a laghdú, agus go leithdháiltear níos lú ná 9 % de chun aghaidh a thabhairt ar nithe atá ina spreagadh don imirce agus don easáitiú éigeantach; á thabhairt dá haire gur leithdháileadh níos lú ná 1.5 % de EUTF don Afraic ar bhealaí imirce rialta; á aithint go bhfuil an tslándáil ríthábhachtach do chobhsaíocht thíortha comhpháirtíochta na hAfraice agus nach mór don Aontas tacú le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic le bunchúiseanna na sreabh neamhrialta imirce, na smuigleála agus na gáinneála ar dhaoine;

    27. ag tabhairt dá haire na dtuarascálacha maidir le sáruithe leanúnacha ar chearta an duine sa Libia i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí gharda cósta na Libia; á chur i bhfáth go ndéantar cuid mhaith de na daoine ar tharrtháil nó ar idircheap an garda cósta iad a chur ar ais chuig an gcoinneáil threallach i ndálaí uafásacha sa Libia; á chur i bhfios go láidir, le filleadh dídeanaithe chuig tíortha nach bhfuil siad sábháilte iontu, go sáraítear Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe; á thabhairt dá haire go bhfuil imní ann, i gcomhthéacs an tSásra Idirthurais Éigeandála, maidir le cearta an duine a urramú agus tionscadail á gcur chun feidhme; á thabhairt dá haire nár urramaíodh prionsabal an non-refoulement sa Libia; á mheabhrú, áfach, gur cheart go n-áiritheofaí le haon idirghabháil cosaint iomlán do shaol an duine, do dhínit an duine agus do chearta an duine; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú riosca sonrach a athbhreithniú agus a dhéanamh, i gcomhairle le ESSanna, ar na gníomhaíochtaí comhair leis na húdaráis inniúla san fhaireachas agus sa bhainistiú muirí agus teorann, arna mhaoiniú faoi EUTF don Afraic, chun measúnú oibiachtúil ar urramú chearta an duine a áirithiú;

    28. ag cur béim ar a thábhachtaí atá an comhar agus an t-idirphlé leis na comhpháirtithe áitiúla; á chur in iúl gur chuir sí fáilte roimh na comhairliúcháin agus na staidéir a rinneadh chun riachtanais tosaíochta a shainaithint; á iarraidh go láidir ar an gCoimisiún páirt cheart a thabhairt do na húdaráis áitiúla agus do ESSanna i dtionscadail a fhaigheann tacaíocht ó EUTF don Afraic;

    29. á thabhairt dá haire go bhfuil aghaidh á tabhairt ar bhunchúiseanna na himirce ar cheann de phríomhchuspóirí EUTF don Afraic, mar a chinntear ina Chomhaontú Bunaidh, go háirithe trí athléimneacht, deiseanna eacnamaíocha agus comhdheiseanna, slándáil agus forbairt a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine; á iarraidh go leagfaí níos mó béime ar spriocanna forbartha fadtéarmacha amhail fostaíocht, oideachas, slándáil bia agus dálaí maireachtála an daonra áitiúil a fheabhsú;

    30. á thabhairt dá haire gur cuireadh in iúl i dtuarascáil Speisialta Uimh. 32/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa go raibh easnaimh éagsúla ann, lena n-áirítear an mhainneachtain dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí agus bainistiú teimhneach a chur i bhfeidhm, gur moladh sa tuarascáil nós imeachta feabhsaithe maidir le roghnú tionscadal, luas cur chun feidhme níos fearr agus próiseas faireacháin feidhmíochta níos córasaí, lena gcumhdaítear raon iomlán na dtionscadal, agus á thabhairt dá haire gur minic nach raibh éifeachtúlacht ann toisc nach raibh cainníochtú leormhaith ann maidir leis na riachtanais agus na modhanna trína bhféadfaí tionchar tomhaiste a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfaí simpliú agus cumarsáid níos fearr maidir le hiarratais ar nósanna imeachta soláthair chun rochtain ar mhaoiniú AE a éascú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha beaga agus áitiúla;

    31. á thabhairt dá haire gur chuir EUTF don Afraic go mór leis an athléimneacht a neartú agus leis an gcumarphointe idir an daonnúlacht agus an fhorbairt a chur chun feidhme i gcomhthéacsanna leochaileacha; á thabhairt dá haire freisin gur chothaigh sé comhar idir na geallsealbhóirí éagsúla, agus gur cheadaigh sé ranníocaíochtaí ó dheontóirí nach ón Aontas iad, a bhfuil tábhacht ar leith ag gabháil leo i gcomhthéacs iar-Brexit, agus a chuir le hinfheictheacht shaincheist na himirce agus an easáitithe éigeantaigh agus fhreagairt an Aontais ina leith; á chur in iúl gur oth léi ag an am céanna nach raibh an faireachán ar chur chun feidhme an chiste sin leormhaith agus á iarraidh go ndéanfaí cuspóirí sonracha, intomhaiste, indéanta, réalaíocha agus tráthúla a chur san áireamh i logfhrámaí an tionscadail, agus go mbunófar spriocanna inchainníochtaithe chun meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail;

    32. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún cistí a eascraíonn ó EUTF don Afraic a shaoradh, ar cistí iad a leithdháileadh ar dtús ar an Eiritré, go háirithe don soláthar d’athchóiriú bóithre a d’úsáid saothar éigeantais;

    An Cholóim

    33. á mheas gur léirigh an Ciste Iontaobhais don Cholóim an luach atá leis agus gurbh ionann é, faoi na cúinsí reatha, agus uirlis thábhachtach chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe síochána idir Rialtas na Colóime agus Fórsaí Armtha Réabhlóideacha na Colóime (FARC); á chur i bhfios gur athdhearbhaigh an síneadh a cuireadh le EUTF don Cholóim tiomantas AE tuilleadh agus gur thug sé tacaíocht a bhfuil géarghá léi do phróiseas síochána na Colóime; á mheabhrú go mbunaítear EUTF don Cholóim faoin Ionstraim le haghaidh Comhar um Fhorbairt, agus nach mór é a ailíniú le príomhchuspóir bheartas forbartha an Aontais Eorpaigh:
    á mheabhrú go mbunaítear EUTF don Cholóim faoin Ionstraim le haghaidh Comhar um Fhorbairt, agus nach mór é a ailíniú le príomhchuspóir bheartas forbartha an Aontais Eorpaigh: ‘beidh sé mar phríomhchuspóir ag beartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad’ agus ‘cuirfidh an tAontas san áireamh cuspóirí an chomhair um fhorbairt sna beartais a chuirfidh sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha i mbéal forbartha’;

    34. á chur i bhfios go bhfuil ról tábhachtach aici chun tacú leis an gColóim i réimse na forbartha tuaithe agus an fháis eacnamaíoch chuimsithigh; á iarraidh go gcuirfear próiseas síochána na Colóime chun feidhme chun leanúint de thús áite a thabhairt do chláir chistiúcháin agus d’fhaireachán fadtéarmach agus meántéarmach atá trédhearcach go hiomlán, agus go mbainfeadh na cláir sin tairbhe as an ngrinnscrúdú daonlathach iomchuí agus as rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa agus as comhairliúcháin iomchuí, thrédhearcacha agus chuimsitheacha na bpáirtithe leasmhara, go háirithe leis an tsochaí shibhialta áitiúil;

    35. ag tréaslú a hiarrachtaí leis an gColóim, d’ainneoin na ndúshlán a bhí aici féin le cur chun feidhme an chomhaontaithe síochána, i dtaca le tacaíocht a thabhairt do os cionn 1.7 milliún imirceach ó Veiniséala a theith go dtí an Cholóim, go háirithe trí stádas cosanta sealadaí 10 mbliana a thabhairt dóibh;

    36. á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Phoblacht na Sile mar dheontóir sa Chiste Iontaobhais; á thabhairt dá haire go bhfuil breisluach ard ag baint le rannpháirtíocht comhpháirtithe réigiúnacha, agus gur tháinig méadú ar an aitheantas áitiúil agus ar dhlisteanú rannpháirtíocht agus chomhar an Aontais mar thoradh uirthi;

    An tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc

    37. á chur i bhfios go bhfuil an daonra dídeanaithe is mó ar domhan á óstáil ag an Tuirc, agus beagnach 4 mhilliún dídeanaí cláraithe ón tSiria, ón Iaráic agus ón Afganastáin; ag meabhrú an róil thábhachtaigh atá ag FRT maidir le fáilte a chur roimh dhídeanaithe ón tSiria; á iarraidh go ndéanfaí measúnú tionchair críochnúil chearta an duine ar an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfaidh an dá pháirtí cearta bunúsacha mar chuid dá chur chun feidhme; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do AE leanúint den tacaíocht is gá a thabhairt do dhídeanaithe agus do phobail óstacha eile sa Tuirc, lena n-áirithítear nach bhfuil páirt dhíreach ag Rialtas na Tuirce i mbainistiú agus i leithdháileadh cistí, ar cheart iad a thabhairt go díreach do na dídeanaithe agus do na pobail óstacha agus ar cheart iad a bheith á mbainistiú ag eagraíochtaí a ráthaíonn cuntasacht agus trédhearcacht;

    38. á mheas go bhfuil a luach cruthaithe ag FRT AE mar uirlis chomhthiomsaithe nuálach agus mar shásra tábhachtach comhordaithe chun cabhrú leis an Tuirc freagairt go pras do riachtanais dhaonnúla agus forbartha láithreacha na ndídeanaithe agus a bpobal aíochta, agus á chur i bhfios go láidir gur gá inbhuanaitheacht na ngníomhaíochtaí sin a áirithiú; á thabhairt dá haire, dá bhrí sin, gur ghá formhór na dtionscadal a leathnú chun an toradh a bhfuiltear ag dréim leis a bhaint amach; ag cur a thacaíocht do shochaí shibhialta na Tuirce in iúl agus ag meabhrú di na n-iarrachtaí inmholta atá á ndéanamh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta chun na tionscadail sin a chur chun feidhme; ag cur i bhfios go láidir an bhreisluacha a chruthaítear trí pháirt a thabhairt d’eagraíochtaí áitiúla, do shaineolaithe agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, agus d’eagraíochtaí ar fud na mBallstát freisin, i gcur chun feidhme FRT;

    39. á chur in iúl gur geal leis an chéad tráinse de FRT, go háirithe an Líontáin Éigeandála Shábhála Shóisialta (ESSN) – an tionscadal daonnúil is mó atá á bhainistiú ag an gCoimisiún; á chur in iúl gur geal leis dul chun cinn an dara tráinse, lena n-éascaítear aistriú de réir a chéile ó chúnamh daonnúil go cúnamh forbartha;

    40. ag aithint an róil atá ag FRT maidir le tacaíocht riachtanas bunúsach a chur ar fáil do 1.8 milliún dídeanaí, tacaíocht oideachais do 668 900 leanbh dídeanaí, agus seirbhísí cúraim sláinte agus cosanta do na milliúin dídeanaí; á chur i bhfáth, áfach, sa Tuarascáil Speisialta Uimh. 27/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, go raibh neamhréireacht i maoiniú gníomhaíochtaí sláinte agus oideachais, ina mbaintear úsáid chomh maith as struchtúir éagsúla bainistíochta chun tionscadail chomhchosúla a mhaoiniú; ina theannta sin, tugadh chun suntais sa tuarascáil go bhféadfaí luach níos mó a bhaint amach i dtionscadail cúnaimh airgid agus iarradh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar an gclárúchán le haghaidh bonneagair bhardasaigh agus tacaíochta socheacnamaíche, an timpeallacht oibriúcháin d’eagraíochtaí neamhrialtasacha a chumasú agus an tuairisciú ar an tSaoráid a fheabhsú; ag tabhairt dá haire go háirithe tionchar COVID-19 ar na dídeanaithe agus á chur i bhfios gur bunaíodh FRT in ainneoin go bhfuil imní mhór ann faoi staid chearta daonna na ndídeanaithe sa Tuirc ó thaobh an dlí idirnáisiúnta tearmainn de; á mheabhrú, in 2020, gur iarr an Coimisiún EUR 481.6 milliún breise a chur ar fáil faoin gCorrlach Teagmhasach Buiséad AE, a théann níos faide ná an leithdháileadh a bhí beartaithe ar dtús do FRT, chun na gníomhaíochtaí faoin gClár um Líontán Sábháilteachta Sóisialta Éigeandála agus faoin gclár um Aistriú Airgid Coinníollach don Oideachas a mhaoiniú;

    41. á athdhearbhú gur oth léi go mór nár chuathas i gcomhairle go foirmiúil leis an bParlaimint nó nár iarradh uirthi a formheas a thabhairt maidir le cruthú na Saoráide sin ná maidir le síneadh a chur léi agus nach raibh baint aici ach mar bhrainse amháin den údarás buiséadach, rud a bhaineann an bonn ó chuntasacht dhaonlathach FRT; á áitiú nár cheart go gcuirfí sa staid sin arís é;

    42. á chur i bhfios go láidir go n-ardaítear i dTuarascáil Speisialta Uimh. 27/2018[25] ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa ceisteanna maidir le héifeachtúlacht na dtionscadal daonnúil a mhaoinítear leis an tSaoráid, ós rud é nach ndearnadh measúnú comhsheasmhach cuimsitheach leo ar réasúntacht na gcostas buiséadaithe; ag tabhairt dá haire go n-ardaítear ábhair imní sa tuarascáil freisin nach féidir faireachán a dhéanamh ar na tionscadail dhaonnúla uile le linn na hiniúchóireachta; i ndáil leis sin, á chur i bhfáth go bhféadfaí ceisteanna a tharraingt anuas maidir le fóntacht an bhainistithe airgeadais faoin tSaoráid má dhiúltaíonn údaráis na Tuirce rochtain a thabhairt ar shonraí tairbhithe don dá thionscadal cúnaimh airgid, á chur san áireamh go háirithe go bhfuil an Tuirc ag dul siar go tapa ar a chuid focal maidir leis an smacht reachta agus cearta bunúsacha; á mheabhrú go bhfuil gá le grinnscrúdú ar na cistí arna gcur chun feidhme ag Rialtas na Tuirce agus ag na húdaráis áitiúla; á athdhearbhú nach mór na cistí a úsáid go heisiach chun freastal ar riachtanais fhisiceacha agus shíceolaíocha uile dídeanaithe, lena n-áirítear tithíocht, bia, oideachas agus caighdeán cuibhiúil maireachtála a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar fhaireachán agus sonraí a fháil maidir le tairbhithe chláir agus thionscadail uile FRT; á chur i bhfáth, chun cuntasacht iomlán a bhaint amach agus chun cistiú dúbailte a sheachaint, gur cheart don Choimisiún na hacmhainní a chur ar fáil ar bhonn na spriocanna arna mbaint amach ag na comhpháirtithe cur chun feidhme ar an láthair agus tar éis an measúnú cur chun feidhme a bheith déanta i gcomhréir le rialacha an Rialacháin Airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil cuspóirí agus chur chun feidhme FRT comhsheasmhach le prionsabail, beartais agus cuspóirí ginearálta AE, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di meath na bprionsabal sin sa Tuirc;

    43. a chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-aistriú ón bhfóirithint dhaonnúil go dtí an comhar um fhorbairt, agus á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis aistrithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena ndíreofar ar chuidiú le deiseanna slí beatha a chruthú do dhídeanaithe chun feabhas a chur ar a bhféintuilleamaí agus ar a gcuimsiú sóisialta ina bpobail óstacha; á mheabhrú chuspóir fadtéarmach an Aontais gníomhaíochtaí a fhaigheann cistiú ón Aontas a bheith á ngabháil de láimh de réir a chéile ag údaráis na Tuirce, agus lánurraim á tabhairt don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha; á iarraidh ar na páirtithe uile a bheidh rannpháirteach sa Chomhdháil Iltaobhach maidir le Oirthear na Meánmhara atá ar na bacáin aghaidh a thabhairt air sin ar bhealach cuimsitheach, agus ar shaincheisteanna daonnúla agus forbartha;

    44. ag athdhearbhú a hiarrata ar an Tuirc prionsabal an non-refoulement a urramú, go háirithe ar theorainn na Siria, á áirithiú go dtabharfar lánurraim do chearta daonna na ndídeanaithe agus dá stádas mar a ráthaítear le Coinbhinsiún 1951 maidir le Dídeanaithe, agus gan na sreabha imirce a ionstraimiú agus iad a úsáid mar fhoinse dúmháil i gcoinne an Aontais chun críocha polaitiúla; ag dréim leis go ndéanfaidh an Tuirc an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc ó mhí an Mhárta 2016 agus an Comhaontú um Athligean Isteach idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc a chur chun feidhme ina n-iomláine agus ar bhealach neamh-idirdhealaitheach; á áitiú ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme an Ráitis ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc, lena n-áirítear i ndáil le staid chearta an duine na n-iarrthóirí tearmainn agus na n-imirceach a chuirtear ar ais chuig an Tuirc mar chuid den Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc, agus tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint ina leith sin; á iarraidh ar údaráis na Tuirce rochtain iomlán a thabhairt do UNHCR ar na hionaid aistrithe ag an teorainn idir an Tuirc agus an tSiria chun go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar an urraim a thugtar do phrionsabal an non-refoulement; á chur i bhfáth nach mór trédhearcacht bhuiséadach iomlán a urramú leis an tacaíocht airgeadais don Tuirc maidir le sreabha dídeanaithe a bhainistiú, agus nach mór d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach gan srianta; á iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh ar údaráis na Tuirce feabhas a chur ar an timpeallacht oibre do ENRanna idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an taithí atá aige i gcórais fíorúcháin speisialta tríú páirtí chun maoirseacht ar chaiteachas a neartú;

    45. á iarraidh ar an Tuirc staonadh ó dhídeanaithe a choinneáil in ionaid choinneála chun iallach a chur orthu foirmeacha um fhilleadh deonach a shíniú, agus a ráthú go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí cúraim sláinte gan beann ar a n-áit chláraithe laistigh den tír;

    46. ag tabhairt dá haire nach dtacaíonn FRT ach le dídeanaithe cláraithe amháin; á chur in iúl gur cúis imní di gur fágadh a lán dídeanaithe gan chúnamh ó rinneadh sé deacair iad a chlárú i roinnt cúigí agus cathracha;

    47. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún togra a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le leanúint de mhaoiniú a thabhairt do dhídeanaithe ón tSiria sa Tuirc, agus san Iordáin, sa Liobáin agus i gcodanna eile den réigiún;

    III. An t-ionchas don todhchaí agus moltaí

    48. á chur i bhfios go láidir gur gá aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na riachtanais chistiúcháin i gcásanna ina mbíonn géarchéim fhada i gceist agus d’fhonn comhordú agus aistriú a dhéanamh idir fóirithint dhaonnúil, atógáil agus forbairt ar bhealach solúbtha agus idirnasctha ar bhealach atá i gcomhréir le spriocanna beartais forbartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus prionsabail bheartas forbartha an Aontais, amhail tacú leis an mbochtaineacht a dhíothú agus le héagothromaíochtaí a laghdú, agus i gcás idirghabháil dhaonnúil, lánurraim a thabhairt do phrionsabail na cabhrach daonnúla maidir leis an daonnacht, an neodracht, an neamhchlaontacht agus an neamhspleáchas, agus beatha daoine, dínit agus cearta an duine á gcosaint go hiomlán; ag tathant go bhfuil gá le héifeachtúlacht agus éifeachtacht chúnamh AE, ionas go mbeidh fíor-éifeachtaí ag gabháil leis ar an láthair;

    49. á chur i bhfáth gur gá aird a thabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh i mbunú, i mbainistiú agus i gcur chun feidhme na gCistí Iontaobhais agus FRT chun iad a chur i bhfeidhm ar an nglúin nua d’ionstraimí seachtracha airgeadais, chomh maith le sineirgí agus comhleanúnachas chúnamh seachtrach an Aontais agus grinnscrúdú parlaiminteach a fheabhsú; á áitiú ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú cuimsitheach deiridh ar chur chun feidhme Chiste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh a thíolacadh, agus meastóireacht á déanamh ar a ailíniú le cuspóirí forbartha, cearta an duine agus cuspóirí daonnúla an Aontais; á áitiú freisin, i gcás ina mbeidh gá le haon ionstraim nua EUTF nó ad hoc amach anseo, nach mór an sásra ranníocaíochta ó bhuiséad an Aontais a shainiú go soiléir agus a chaibidliú ón tús le rannpháirtíocht iomlán na Parlaiminte; á chreidiúint freisin gur cheart tionchar agus infheictheacht chúnamh seachtrach an Aontais a mhéadú tuilleadh, agus béim á leagan ar ról an Aontais agus na mBallstát mar na deontóirí is mó de mhaoiniú don fhorbairt dhomhanda;

    50. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí agus saineolaithe neamhspleácha de chuid an Aontais measúnú riosca trédhearcach ar an tionchar atá ag tionscadail arna gcistiú ag an Aontas ar chearta daonna na n-imirceach agus na ndídeánaithe, agus ar an bpobal i gcoitinne sa tír lena mbaineann; á iarraidh go mbunófaí sásra faireacháin éifeachtach agus neamhspleách chun faireachán agus meastóireacht iomlán a dhéanamh ar cheann scríbe deiridh na gcistí sin agus ar phrótacail le haghaidh gníomhaíochta i gcás sáruithe ar chearta bunúsacha; á mheas gur gá páirt iomlán a thabhairt do na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta ina gceapadh agus ina gcur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit forléargas iomlán agus soiléir a bhunú ar na cistí a úsáidtear chun comhar le tríú tíortha a mhaoiniú i réimse an bhainistithe imirce maidir le gach ionstraim airgeadais, agus maidir lena gcur chun feidhme; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé na sonraí iniúchóireachta a chomhroinnt le creat grinnscrúdaithe airgeadais an Aontais, lena n-áirítear CIE, OLAF agus OIPE;

    51. á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar na dúshláin a bhaineann leis an imirce laistigh den Afraic, arb ionann í agus beagnach 90 % de na sreabha imirce san Afraic, i ndlúthchomhar leis an Aontas Afracach agus i gcomhréir le Creat Beartais Imirce don Afraic agus le Plean Gníomhaíochta 2018-2030 atá aige; san fhadtéarma, ag áitiú, mar sin féin, go bhfuil gá le cur chuige lena seachnófaí spleáchais a chruthú ar idirghabháil sheachtrach; i ndáil leis sin, ag leagan béim ar chumhachtú tríd an oideachas agus ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas ar ardchaighdeán maidir le tacaíocht níos láidre a chruthú don chomhar um fhorbairt;

    52. ag tabhairt dá haire go bhfuil an comhionannas inscne agus an cuimsiú sóisialta ar dhá cheann de na príomhspriocanna caiteachais atá i gclársceidealú NDICI-an Eoraip Dhomhanda; á athdhearbhú go bhfuil an tAontas tiomanta do mhná agus cailíní a chumhachtú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún comhionannas inscne, mar aon le forbairt athléimneachta agus oiriúnú don athrú aeráide, a chomhtháthú i bpleanáil agus i gcur chun feidhme na gCistí Iontaobhais agus FRT; á mholadh gur cheart anailís atá íogair ó thaobh inscne de agus measúnú ar rannpháirtíocht na mban a dhéanamh go rialta, agus tionscadail a fhaigheann tacaíocht á ndearadh, maidir le cur chun feidhme tionscadal faoi Chistí Iontaobhais an Aontais agus faoin tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc araon;

    53. á iarraidh ar an gCoimisiún an comhar le tríú tíortha nach n-urramaíonn cearta bunúsacha ina n-iomláine a choinneáil siar nó a athbhreithniú, lena n-áirítear cistiú sonrach agus tionscadail a chuireann cearta an duine i mbaol nó a bhaineann an bonn díobh a chur ar fionraí;

    54. ag tabhairt dá haire ag an am céanna go gceadaítear leis an Rialachán Airgeadais cistí iontaobhais a chruthú le haghaidh gníomhaíochta seachtraí,

    á athdhearbhú tuilleadh go bhfuil an Pharlaimint ag áitiú le fada go maoineofaí cúnamh seachtrach ina iomláine as buiséad an Aontais agus go gcuirfí chun feidhme é ar bhealach comhleanúnach, agus sraith rialacha cuíchóirithe á leanúint, bunaithe ar ionstraimí comhreachtaithe agus lánurraim á tabhairt do shainchumais reachtacha, bhuiséadacha agus faireacháin na Parlaiminte, agus do phrionsabail aontacht bhuiséadach an Aontais, na cuntasachta, na trédhearcachta, na héifeachtachta agus na bainistíochta fónta buiséid; á thabhairt chun suntais, má ghlactar uirlisí urghnácha, go gcuirtear le castacht an rialachais maoiniúcháin agus go gcuirtear brú airgeadais ar na hionstraimí beartais eachtraigh atá ann cheana, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá n-éifeachtúlacht; á chreidiúint nár cheart Cistí Iontaobhais an Aontais Eorpaigh a úsáid ach amháin chun freagairt ar mhór-ghéarchéim thobann agus ar chásanna inar gá freagairtí ó roinnt deontóirí a chomhordú agus i gcás nach féidir cuspóir an bheartais sheachtraigh a bhaint amach ina iomláine leis na hionstraimí maoinithe sheachtraigh atá ann cheana, agus, ar an gcoinníoll go gcloíonn siad le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, agus nach ndéanann ciste iontaobhais an Aontais dúbailt ar bhealaí cistiúcháin eile ná ar ionstraimí comhchosúla eile gan aon bhreisíocht a chur ar fáil, agus go ndéantar cuspóirí an chiste iontaobhais a ailíniú le cuspóirí na hionstraime nó na míre buiséadaí de chuid an Aontais óna ndéantar é a mhaoiniú; á iarraidh ar an gCoimisiún cumarsáid níos éifeachtúla ar an láthair a ráthú, agus béim á leagan ar ról an Aontais mar an deontóir is mó de mhaoiniú don fhorbairt dhomhanda;

    55. á chur in iúl nár cheart go n-athródh comhthiomsú acmhainní ó CEF, ó bhuiséad an Aontais agus ó dheontóirí eile i gcistí iontaobhais cumas na mbeartas agus na gclár AE atá ann cheana a gcuspóirí bunaidh a shaothrú, amhail an bhochtaineacht a dhíothú agus cearta bunúsacha a chur chun cinn;

    56. á mheabhrú gur cheart féachaint ar EUFTanna agus ar FRT mar ionstraimí eisceachtúla nó ionstraimí ar fíor go bhfuil siad faoi stiúir éigeandála agus ar cheart údar an-mhaith a bheith lena mbreisluach agus lena n-éifeachtaí ar an talamh agus gur cheart faireachán a dhéanamh orthu go cúramach; ag dréim leis go mbainfidh an Coimisiún lánúsáid as na féidearthachtaí a thugtar leis an gcur chuige clárbhunaithe faoin gcolún geografach in NDICI-an Eoraip Dhomhanda agus IPA III – nach féidir a úsáid a thuilleadh chun cúnamh réamhaontachais don Tuirc a mhaoiniú seachas chun tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Tuirc tríd an ionstraim mhaoinithe le haghaidh an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn –, agus iad á gcomhlánú le clársceidealú téamach domhanda, cistiú mearfhreagartha agus an cúlchiste mór neamhchláraithe faoi NDICI-an Eoraip Dhomhanda;

    57. á mheabhrú go meastar go gcuirfear leis an gcistiú ó na cláir gheografacha agus théamacha agus ó ghníomhaíochtaí mearfhreagartha leis na cistí ón gcúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn faoi NDICI-an Eoraip Dhomhanda; ag cur i bhfios go láidir go bhfuil sé geallta ag an gCoimisiún plé a dhéanamh ar úsáid na gcistí sin mar chuid den idirphlé geopholaitiúil leis an bParlaimint, agus faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil sula gcuirfear chun úsáide iad, agus aird iomlán á tabhairt ar bharúlacha na Parlaiminte maidir leis an gcineál, na cuspóirí agus na méideanna airgeadais atá beartaithe;

    58. á chur in iúl gur díol sásaimh di ionstraim maoinithe sheachtraigh an Aontais, NDICI-an Eoraip Dhomhanda, mar go mbeartaítear léi na deiseanna méadaitheacha laistigh de bhuiséad an Aontais chun freagairt ar éigeandálaí nua; á chur in iúl go bhfuil muinín aici go bhfágfaidh NDICI-an Eoraip Dhomhanda go mbeifear in ann acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla, chomh maith le solúbthacht agus freagrúlacht leordhóthanach a bhaint amach, ag foghlaim ag an am céanna ó thaithí a fuarthas agus ó mheasúnuithe a rinneadh roimhe seo ar na Cistí Iontaobhais atá ann cheana leis an Ionstraim NDICI-an Eoraip Dhomhanda;

    59. á chur i bhfios go láidir gur cheart leas iomlán a bhaint as NDICI-an Eoraip Dhomhanda, agus, i gcás inar gá, feabhas a chur air, agus gur cheart dul i muinín uirlisí maoinithe urghnácha a theorannú d’éigeandálaí gan choinne, agus, ar an gcaoi sin, aontacht agus cuntasacht dhaonlathach bhuiséad an Aontais a choimirciú; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, go dtugann gnáthchreat rialachais cinnteoireachta níos mó dlisteanachta do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, laistigh de AE agus sna tíortha cinn scríbe araon;

    60. á iarraidh nach ndéanfaí cistiú aon chomharba ar FRT atá ann faoi láthair ar chostas na n-ionstraimí maoinithe nua-ghlactha, go háirithe IPA III agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda, lena n-áirítear an cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ós rud é nach bhfreagraíonn comharba FRT ar dhúshlán ná ar ghéarchéim fíornua; ag tacú go láidir le maoiniú aon tionscnaimh den sórt sin trí leithreasaí úra, arna dtreisiú, más gá, le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit; á athdhearbhú nach mór don Pharlaimint a bheith rannpháirteach go hiomlán agus ón tús sa phlé maidir le comharba FRT, lena n-áirítear a struchtúir mhaoinithe agus rialachais, ar struchtúir iad nach mór tionscnamh an mhaoinithe agus ról an údaráis bhuiséadaigh a léiriú leo;

    61. I gcás ina mbeidh riachtanais níos mó in CAI 2021-2027, á mholadh gurb é an chead réiteach agus an príomhréiteach ar cheart féachaint air ná réiteach trí na hionstraimí comhreachtaithe, eadhon trí imchlúdach NDICI-an Eoraip Dhomhanda a mhéadú trí athbhreithniú a dhéanamh ar an CAI agus ar rialacháin NDICI-an Eoraip, nó, mar rogha thánaisteach, agus ar an gcoinníoll go mbeidh an Pharlaimint rannpháirteach go hiomlán sa phróiseas cinnteoireachta agus go dtabharfar an chumhacht chuí grinnscrúdaithe di, go ndéanfar línte buiséid ábhartha NDICI-an Eoraip a neartú le ranníocaíochtaí ioncaim i bhfoirm ioncaim shannta sheachtraigh; ag dréim leis, i ndáil leis sin, go n-áiritheofar leis an athbhreithniú a dhéanfar ar an Rialachán Airgeadais go luath, go mbeidh an t-údarás buiséadach rannpháirteach go hiomchuí i rialachas ioncaim shannta sheachtraigh; á chur i bhfáth, i gcás ina mbeadh gá le Ciste Iontaobhais nua a bhfuil údar cuí leis, tar éis géarchéim mhór a thosú, athrú tobann ar chaidreamh idirnáisiúnta lena n-éilítear freagairt mhór airgeadais ón Aontas, nó i gcás inar gá acmhainní a chomhthiomsú le tríú tíortha, rud nach mbeadh indéanta faoi na hionstraimí comhreachtaithe, nach mór don Pharlaimint a bheith lánpháirteach go díreach ón tús; á mheas, i ndáil leis sin, gur cheart an Rialachán Airgeadais a athbhreithniú chun ról iomchuí na Parlaiminte a ráthú maidir le haon chiste iontaobhais nua a bhunú agus a ghrinnscrúdú, lena n-áirítear maidir leis an gcomhaontú bunaidh a tharraingt suas agus ranníocaíocht an Aontais a úsáid, an cur chun feidhme, maidir le leanúint leis agus maidir le leachtú féideartha;

    62. á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt do chur chuige an chumarphointe agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda á chur chun feidhme, agus á iarraidh go méadófaí an comhar idir gníomhaithe daonnúla agus forbartha AE, go háirithe i suíomhanna iar-ghéarchéime agus i ngéarchéimeanna fada, chun oiriúnú níos fearr do riachtanais áitiúla agus chun torthaí níos éifeachtúla a bhaint amach;

    63. ag tabhairt dá haire go ndéantar na féidearthachtaí a bhaineann le beartas imirce a phríomhshruthú i mbeartas seachtrach AE a leathnú go suntasach tríd an imirce a chuimsiú sa chomhpháirt théamach, gheografach agus mhearfhreagartha de NDICI; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, gur féidir, tríd an gcomhpháirt ‘mhearfhreagartha’, an comhar le tríú tíortha maidir le bainistiú imirce a mhaoiniú gan gá a bheith ag an gCoimisiún aon doiciméid chlársceidealaithe a fhoilsiú nó dul i gcomhairle le gníomhaithe na sochaí sibhialta, agus gan rannpháirtíocht na Parlaiminte, lena n-áirítear faoi chuimsiú an ‘Treoirphlean Ullmhachta Imirce agus Géarchéime’, nach bhfuil sásraí ag gabháil leis chun measúnú a dhéanamh ar an drochthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag idirghabhálacha den sórt sin; á áitiú, i ndáil leis sin, gur gá a áirithiú go mbeidh creat láidir um chearta an duine ag gabháil le CAI 2021-2027 chun go ndéanfar cláir a bheidh ann amach anseo maidir le comhar imirce a shainaithint, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu;

    64. ag tabhairt dá haire go mbeartaítear le NDICI-an Eoraip Dhomhanda meastóireachtaí meántéarmacha agus deiridh agus tuairisciú bliantúil mionsonraithe ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle maidir le gníomhaíochtaí leanúnacha, torthaí a bhaintear amach, éifeachtacht agus dul chun cinn i dtreo spriocanna téamacha agus cuspóirí téamacha an Rialacháin; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht bheacht a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun rianú a dhéanamh ar an gcaiteachas 10 % a cuireadh ar leataobh don imirce agus don easáitiú éigeantais chun trédhearcacht agus cuntasacht cheart a áirithiú go héifeachtach i ndáil leis an gcaiteachas sin, mar a cheanglaítear leis an Rialachán;

    65. á chur in iúl gur díol sásaimh di an nós imeachta cinnteoireachta gar don láthair agus an t-oiriúnú do réaltachtaí áitiúla agus an fhéidearthacht tionscadail trasteorann agus ilbhlianta a mhaoinítear in EUTFanna agus in FRT a chur chun feidhme, ós rud é go bhfuil breisluach ard ag baint leo; á iarraidh go ndéanfaí na gnéithe sin a phríomhshruthú sna cleachtaí clársceidealaithe amach anseo a bheidh nasctha le hionstraimí buiséadacha do bheartas seachtrach an Aontais;

    66. á aithint go bhfuil comhar le hionadaithe na bpobal áitiúil agus na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear comhlachtaí rialtais áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus ceannairí reiligiúnacha áitiúla, i suíomhanna a bhfuil tionchar ag an gcoinbhleacht orthu ríthábhachtach chun athmhuintearas, idirphlé agus síocháin a chothú; ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil ról gníomhach ag eaglaisí áitiúla agus ag eagraíochtaí creideamhbhunaithe sa chomhar um fhorbairt agus i gcúnamh daonnúil a sholáthar do na daoine is mó atá i ngátar, agus á iarraidh ar an gCoimisiún dul i rannpháirtíocht leo, go háirithe maidir le tacaíocht dhíreach a thabhairt do phobail ar deacair teacht orthu i dtíortha atá i mbéal forbartha;

    67. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sciar suntasach de mhaoiniú an Aontais amach anseo i réimse na himirce a leithdháileadh ar ghrúpaí na sochaí sibhialta i dtríú tíortha chun cúnamh a chur ar fáil agus chun cearta na n-imirceach a chosaint agus a fhaireachán, agus chun a áirithiú go mbeidh cuid shuntasach de mhaoiniú AE curtha i leataobh chun cearta an duine a fheabhsú, cosaint idirnáisiúnta agus an pheirspictíocht a bheidh ag dídeanaithe amach anseo;

    68. á iarraidh ar an gCoimisiún na modhanna clársceidealaithe a oiriúnú do réaltachtaí áitiúla agus do dhúshláin áitiúla atá ag teacht chun cinn agus tacú le húinéireacht áitiúil i gcur chun feidhme ionstraimí forbartha nua AE; á iarraidh thairis sin ar an gCoimisiún measúnú riachtanas a dhéanamh agus freagairt an Aontais do riachtanais áitiúla a oiriúnú;

    69. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí ról a thabhairt do chomhpháirtithe tríú tíortha i gcomhthionscnaimh agus i maoiniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna amhail an imirce, an t-easáitiú éigeantais, an t-athrú aeráide, cumhachtú na mban agus cosaint grúpaí leochaileacha;

    70. á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí san oideachas agus i gcruthú post chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine i dtíortha comhpháirtíochta dul i mbun gníomhaíochtaí áitiúla ginte ioncaim;

    71. ag dréim leis go dtabharfaidh an Coimisiún aghaidh, ar bhealach níos éifeachtúla agus níos spriocdhírithe, ar na géarchéimeanna atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo agus ar na riachtanais atógála a d’fhéadfadh a bheith ann trí úsáid a bhaint as na bealaí agus modhanna eile atá ann cheana faoin Rialachán Airgeadais reatha i ndlúthchomhar agus i gcomhar comhordaithe leis na Ballstáit agus le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais mar chuid den chur chuige ‘Foireann na hEorpa’, agus le comhpháirtithe agus deontóirí idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis;

    °

    ° °

    72. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig an gComhairle.


    SEASAMH MIONLAIGH

    le Bernhard Zimniok

     

    Aontaím leis an tuairim nach mór cead a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa (PE) rialú iomlán a fheidhmiú ar chistí arna dtobhach ó cháiníocóirí sna Ballstáit, arna riar ag riarthóirí an Choimisiúin (CE); níl sé inghlactha nach ndearna CE é sin a éascú.

     

    Is ionann an téacs, áfach, agus formheas follasach ar an gcoimpléasc tionsclaíoch forbartha mífheidhmiúil, agus é geallta ann go ndéanfar é a chothú tuilleadh, d’ainneoin é a bheith neamhéifeachtach. Úsáidtear formhór na gcistí sin le haghaidh oibríochtaí tionchair pholaitiúil nach n-aontaíonn formhór na saoránach sna Ballstáit leo: rud ar léiriú náireach é ar an nuachoilíneacht nach n-urramaíonn cearta ceannasacha agus cultúir na náisiún a ndéanann sí difear dóibh. Thairis sin, éilítear leis cistiú breise do chabhair um fhorbairt nuair is gá do na Ballstáit caiteachas a laghdú chun a chinntiú go gcuirfear téarnamh Covid19 i gcrích agus ní urramaítear leis an iarraidh ar mhoratóir ar an gcabhair um fhorbairt ar fad atá á riar ag an gCoimisiún. Tá míchruinnis ann lena gcuirtear i gcéill go bhfuil CE ag maoiniú idirghabhálacha forbartha, nuair is amhlaidh a eascraíonn gach ciste ó cháiníocóirí sna Ballstáit. Ní chuirtear aon fhreagairt leormhaith in iúl i gcoinne na Tuirce agus i gcoinne an chogaidh hibridigh atá ar bun acu i gcoinne na mBallstát, ag baint úsáid as airm ollimirce agus as an ngá atá ann deireadh a chur láithreach leis an gcabhair ar fad don Tuirc atá á riar ag an gComhairle.


     

     

    TUAIRIM ÓN gCOISTE UM RIALÚ BUISÉADACH (15.4.2021)

    don Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, don Choiste um Fhorbairt agus don Choiste um Buiséid

    ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais an Aontais agus an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc

    (2020/2045(INI))

    Rapóirtéir don tuairim: Tomáš Zdechovský

     

    MOLTÁÍ

    Iarrann an Coiste um Rialú Buiséadach ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ar an gCoiste um Fhorbairt agus ar an gCoiste um Buiséid, mar na coistí atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina dtairiscint i gcomhair rúin:

    A. de bhrí gur neartaigh Conradh Liospóin ról Pharlaimint na hEorpa chun comhleanúnachas agus cuntasacht dhaonlathach a áirithiú;

    B. de bhrí, trí chistí iontaobhais a bhunú agus trí dhul níos faide ná rialacha buiséadacha AE, go mbaintear an bonn ó phrionsabal an bhuiséid aonair agus go gcruthaítear roinnt saincheisteanna i dtéarmaí bainistíochta fónta airgeadais, trédhearcachta agus cuntasachta; de bhrí go n-úsáidtear na ceithre Chiste AE (EUTFanna)[26] atá ann cheana féin mar shásra maoiniúcháin chun bearta idirnáisiúnta comhair a chur chun feidhme; de bhrí go méadaíonn sé sin castacht na struchtúr airgeadais, rud a d’fhéadfadh neamhéifeachtúlachtaí oibríochtúla a bheith mar thoradh uirthi;

    C. de bhrí nach ionann an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (FRT) agus EUTFanna, go príomha toisc go bhfuil sí leabaithe fós laistigh de bhuiséad AE;

    D. de bhrí, dar leis an gCoimisiún, go bhfuil FRT ceaptha chun ionstraimí airgeadais AE atá ann cheana a chomhordú ionas go slógfar iad ar bhealach comhleanúnach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dídeánaithe;

    E. de bhrí gur chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa gur cheart leath de chaiteachas FRT a íoc as buiséad AE, arb ionann é agus EUR 3 bhilliún don tréimhse 2016-2019;

    1. á thabhairt dá aire go bhfuil na EUTFanna ceaptha chun freagra tapa a thabhairt ar imthosca dúshlánacha agus chun solúbhthacht an chistithe a mhéadú, rud a fhágann go bhfuil sé deacair a fháil amach[27] céard iad na héigeandálaí nithiúla, an chaoi a bhfuil aghaidh á tabhairt leis an gcistiú breise orthu sin, agus chun grinnscrúdú cáilíochtúil ar a dtorthaí ar an láthair a áirithiú; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur cheart a mheas gur ionstraimí eisceachtúla nó ionstraimí faoi stiúir éigeandála iad na hionstraimí sin ar cheart údar maith a bheith lena mbreisluach agus lena n-éifeachtaí ar an láthair agus gur cheart faireachán cuí a dhéanamh orthu;

    2. á chur i bhfáth nach mór do AE a áirithiú i gcónaí go ndéanann tionscadail agus cláir de chuid EUTF cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint; á mheas nach mór córais láidre a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar an tionchair ar chearta an duine, mar aon le córas cuntasachta a chur ar bun a bhfuil táscairí sonracha i gceist leis chun sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu;

    3. á chur i bhfáth gur tháinig an gá le EUTFanna a chruthú chun cinn mar thoradh go páirteach ar an bhfíoras nach bhfuil buiséad AE solúbtha go leor agus go bhfuil easpa deiseanna ann chun riachtanais gan choinne a chistiú i roinnt réimsí;

    4. á mheabhrú di Tuarascáil Speisialta (CIE) Uimh. 27/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘the Facility for Refugees in Turkey: helpful support, but improvements needed to deliver more value for money’ [an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc: tacaíocht chabhrach, ach feabhsuithe de dhíth chun luach níos mó ar airgead a chur ar fáil]; ag tabhairt dá aire thorthaí na tuarascála, cé go ndearnadh na tionscadail a ndearnadh iniúchadh orthu tacaíocht chabhrach a sholáthar do dhídeánaithe agus gur baineadh torthaí a bhformhór amach, nach raibh na torthaí a rabhthas ag súil leo bainte amach ag leath díobh; á thabhairt dá aire, ina theannta sin, go raibh an faireachán ar na tionscadail airgid faoi FRT teoranta toisc nach raibh rochtain ag an gCoimisiún ná ag a chomhpháirtithe cur chun feidhme sna Náisiúin Aontaithe ar phríomhshonraí tairbhí; á chur in iúl gur geal leis gur cuireadh roinnt de na moltaí sa tuarascáil ó CIE san áireamh i gclársceidealú an dara tráinse de FRT; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil bhreise a thabhairt ar chur chun feidhme na moltaí ó CIE i gcomhthéacs an nós imeachta urscaoilte;

    5. á áitiú go láidir gur gá a áirithiú mar ábhar tosaíochta go bhfuil cur chun feidhme FRT agus EUTFanna comhsheasmhach le prionsabail ghinearálta agus gealltanais dhlíthiúla AE arna leagan síos sna Conarthaí, mar aon le beartais agus cuspóirí AE, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin;

    6. ag tabhairt dá aire Thuarascáil Speisialta Uimh. 27/2018 ó EIC ar FRT, inar thángthas ar an gconclúid go bhféadfadh an tsaoráid a bheith ní b’éifeachtaí agus go bhféadfadh sí luach níos mó ar airgead a bhaint amach; á mheas go bhféadfaí tuilleadh feabhais a dhéanamh i dtéarmaí éifeachtúlacht tionscadal daonnúil;

    7. á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh féachaint an bhfuil FRT á chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na dea-bhainistíochta airgeadais, na trédhearcachta, na comhréireachta, agus na córa neamh-idirdhealaithe agus comhionainne agus urraim iomlán á thabhairt do cheart na Parlaiminte chun grinnscrúdú agus rialú a fheidhmiú ar chistiú AE;

    8. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha dó, agus iarracht á dhéanamh aige faireachán a dhéanamh ar thionscadail dhaonnúla, gur chuir údaráis na Tuirce bac ar an gCoimisiún trína dhiúltiú rochtain a dheonú dó ar shonraí maidir le tairbhithe an dá thionscadal cúnaimh airgid; á chur in iúl gur oth leis nach bhféadfaí na tairbhithe sin a rianú mar thoradh air sin;

    9. á chur in iúl gur oth leis nár cumhdaíodh go leordhóthanach riachtanais na ndídeánaithe a bhaineann le bonneagar bardasach agus tacaíocht shocheacnamaíoch faoi FRT[28]; á iarraidh ar an gCoimisiún , dá bhrí sin, aghaidh níos fearr a thabhairt ar na riachtanais sin d’fhonn feabhas a chur ar chuíchóiriú agus ar chomhlántacht an chúnaimh a sholáthraítear; á mheabhrú, ina theannta sin, gur gá rochtain chomhionann ar oideachas agus ar oiliúint, ar shláinte, ar chosaint agus ar bhunriachtanais eile a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar chailíní agus ar mhná óga;

    10. á chur in iúl gur geal leis an chéad tráinse de FRT, go háirithe an Líontáin Éigeandála Shábhála Shóisialta (ESSN) – an tionscadal daonnúil is mó atá á bhainistiú ag an gCoimisiún; á chur in iúl gur geal leis dul chun cinn an dara tráinse, lena n-éascaítear aistriú de réir a chéile ó chúnamh daonnúil go cúnamh forbartha;

    11. á chur i bhfios go láidir tionchar dearfach FRT do na spriocghrúpaí leochaileacha, lena gcuirtear rochtain ar chúram sláinte, ar oideachas agus ar an gclár lánpháirtíochta agus ar chúnamh daonnúil ar fáil do níos mó ná 1.8 milliún duine;

    12. á chur i bhfáth a dhúshlánaí atá an timpeallacht oibre a dtugann eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) aghaidh orthu i gcur chun feidhme FRT; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le feabhas a chur ar an timpeallacht oibriúcháin d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí leanúint lena idirphlé le húdaráis na Tuirce maidir le saincheisteanna a bhaineann le clárú agus ceadanna;

    13. á chur in iúl gur geal léi na tuarascálacha faireacháin a cuireadh ar fáil tríd Chreat FRT le haghaidh Torthaí; á chur i bhfios go láidir gur gá dianfhaireachán a dhéanamh ar chleachtais agus ar iniúchtaí ex ante agus ex post, lena n-áirítear sa Tuirc, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán Airgeadais agus chun rialú agus rochtain ar EIC, ar an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an tuairisciú ar FRT agus an fhaisnéis uile is gá a sholáthar chun go bhféadfaidh Parlaimint na hEorpa a ceart grinnscrúdaithe agus rialaithe a fheidhmiú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go rachaidh cistí FRT a fhad leis na tairbhithe cearta, go ndíreofar go sonrach ar thionscadail dídeánaithe agus nach n-úsáidfear é chun aon chríocha eile; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá inrochtaineacht phríomhshonraí tairbhithe agus inrianaitheacht chistiú AE agus á iarraidh ar an gCoimisiún an mheastóireacht mheántéarma straitéiseach ar FRT atá bearthaithe a thíolacadh; á éileamh, thairis sin, go ndéanfaidh údaráis na Tuirce rochtain iomlán a dheonú do chomhpháirtithe ar shonraí maidir le tairbhithe incháilithe cur chun feidhme chun cuntasacht agus éifeachtúlacht chreat faireacháin na dtionscadal suaitheanta a fheabhsú[29];

    14. á thabhairt dá aire, agus gur cúis bhuartha di, go bhfuil moilliú suntasach ar dhul chun cinn ar ghníomhaíochtaí aonair agus ar FRT ina iomlán mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, rud a fhágann go meastar go mbeidh moill idir 3 agus 12 mhí ar an gcur chun feidhme ó Mheitheamh 2020; á chur i bhfios go láidir, dar leis an tuarascáil faireacháin ó mí na Samhna 2020, gurb iad na dídeánaithe is leochailí atá ag obair san earnáil neamhfhoirmiúil a ndéantar an difear is measa dóibh; á chur in iúl gur oth leis go bhfuil fionraí gníomhaíochtaí i bpearsa, amhail réimsí an chomhtháthaithe shóisialta, an teagaisc teanga agus na tacaíochta síceasóisialta, tar éis difear díréireach a dhéanamh do dhídeanaithe ar mná iad;

    15. á mheabhrú gur ionstraimí solúbtha iad EUTFanna lena gceadaítear cur chun feidhme pras, éifeachtach agus éifeachtúil tionscadal i gcreat an chúnaimh dhaonnúil agus géarchéimeanna, agus bainistiú fónta aigeadais a áirithiú;

    16. ag aithint na ndeacrachtaí a bhaineann leis an gcineál sin gnóthais, mar gheall ar thosca éagsúla amhail éagsúlacht na spriocghrúpaí agus an tsuímh;

    17. á chur i bhfáth go mbeidh na gníomhaíochtaí faoi gach sraith de FRT níos fearr agus níos inbhuanaithí agus go mbainfidh siad luach níos mó ar airgead amach más rud é go mbeidh mar chuid de chur chuige comhtháite;

    18. á iarraidh ar an gCoimisiún treoshuíomh reatha an chúnaimh dhaonnúil a mheas, arb é is aidhm leis an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú ar deireadh agus éifeachtúlacht agus faireachán na dtionscadal cúnaimh airgid a fheabhsú;

    19. á chur i bhfáth an gá atá le faireachán ar ardchaighdeán agus ag aithint na ndeacrachtaí a bhaineann le maoirseacht a dhéanamh ar an dá thionscadal cúnaimh airgid, ós rud é nach raibh rochtain ag an gCoimisiún ná ag a chomhpháirtithe NA ar na sonraí tairbhithe bunaidh;

    20. ag tabhairt dá aire go ndearna AE agus a Bhallstáit iarrachtaí agus bearta chun dídeánaithe agus pobail óstacha a thacú sa Tuirc; á iarraidh ar an gCoimisiún a straitéis cumarsáide a fheabhsú agus a theagmháil leis an bpobal i gcoitinne a threisiú chun feasacht a ardú maidir le hiarrachtaí AE chun eolas ar na gníomhaíochtaí sin agus na cuspóirí a bhaineann leo a fheabhsú;

    21. á chur i bhfáth nach mór iarrachtaí a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar luachanna agus caighdeáin AE i réimse an chúnaimh do dhídeánaithe agus iad a fhorfheidhmiú, rud a chothódh muinín in AE trína léiriú go bhfuil sé in ann a aidhmeanna a chur i gcrích;

    22. á iarraidh ar an gCoimisiún a chur ar a súile do húdaráis na Tuirce nach mór feabhas a chur ar an timpeallacht oibre do ENRanna idirnáisiúnta;

    23. á iarraidh ar an gCoimisiún beart a dhéanamh i gcoinne iarrachtaí uile na Tuirce úsáid a bhaint as FRT mar ghiaráil i gcoinne AE.


    FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

    Dáta an ghlactha

    14.4.2021

     

     

     

    Toradh na vótála críochnaithí

    +:

    –:

    0:

    24

    2

    2

    Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

    Matteo Adinolfi, Olivier Chastel, Caterina Chinnici, Lefteris Christoforou, Corina Crețu, Martina Dlabajová, José Manuel Fernandes, Luke Ming Flanagan, Isabel García Muñoz, Monika Hohlmeier, Jean-François Jalkh, Pierre Karleskind, Alin Mituța, Younous Omarjee, Tsvetelina Penkova, Markus Pieper, Sabrina Pignedoli, Michèle Rivasi, Petri Sarvamaa, Vincenzo Sofo, Michal Wiezik, Angelika Winzig, Tomáš Zdechovský

    Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

    Joachim Stanisław Brudziński, Maria Grapini, Hannes Heide, Mikuláš Peksa, Viola Von Cramon-Taubadel

     

     



     

    TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

    24

    +

    ECR

    Joachim Stanisław Brudziński, Vincenzo Sofo

    NI

    Sabrina Pignedoli

    PPE

    Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Monika Hohlmeier, Markus Pieper, Petri Sarvamaa, Michal Wiezik, Angelika Winzig, Tomáš Zdechovský

    Renew

    Olivier Chastel, Martina Dlabajová, Pierre Karleskind, Alin Mituța

    S&D

    Caterina Chinnici, Corina Crețu, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Hannes Heide, Tsvetelina Penkova

    Verts

    Mikuláš Peksa, Michèle Rivasi, Viola Von Cramon-Taubadel

     

    2

    -

    ID

    Matteo Adinolfi, Jean-François Jalkh

     

    2

    0

    The Left

    Luke Ming Flanagan, Younous Omarjee

     

    Eochair:

    + : i bhfabhar

    - : i gcoinne

    0 : staonadh

     

     


     

     

     

    TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE (11.5.2021)

    don Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, don Choiste um Fhorbairt agus don Choiste um Buiséid

    ar an tuarascáil cur chun feidhme maidir le Cistí Iontaobhais an Aontais agus an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc

    (2020/2045(INI))

    Rapóirtéir don tuairim: Sira Rego

    (*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

     

     

    MOLTÁÍ

    Iarrann an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ar an gCoiste um Fhorbairt agus ar an gCoiste um Buiséid, mar na coistí atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina dtairiscint i gcomhair rúin:

    A. de bhrí gur cruthaíodh an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (FRT) in 2016 faoi chuimsiú Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc agus go bhfuil EUR 6 bhilliún á mbainistiú aici, arna slógadh in dhá thráinse: tionscadal cistiúcháin amháin a bheidh i bhfeidhm go dtí lár 2021 ar a dhéanaí agus na tionscadail chistiúcháin eile a bheidh i bhfeidhm go dtí lár 2025 ar a dhéanaí; de bhrí gur comhshásra comhordaithe é FRT agus nach ionstraim chistiúcháin ann féin é;

    B. de bhrí gur thacaigh FRT le saol breis is 1.8 milliún dídeanaí agus pobal óstach sa Tuirc agus, dá bhrí sin, gur colún lárnach é den chabhair dhaonnúil agus den tacaíocht dhaonnúil; de bhrí go bhfuil FRT faoi bhagairt ag brú polaitiúil a chuir Rialtas na Tuirce ar an Aontas Eorpach i ndíospóidí faoi Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc, agus i ndeireadh na dála, go ndéanann sé sin dochar do na dídeanaithe agus do na pobail óstacha a bhíonn ag brath ar an tacaíocht sin; de bhrí gur tharla cásanna de sháruithe ar chearta an duine faoin ráiteas sin, ar sáruithe iad atá ar neamhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;

    C. de bhrí go ndearna Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais Eorpaigh mar Fhreagairt ar an nGéarchéim sa tSiria (Ciste Iontaobhais Madad) EUR 2.3 billiún a shlógadh, lena n-áirítear ranníocaíochtaí deonacha ó 21 Bhallstát de chuid an Aontais, ón Tuirc agus ón Ríocht Aontaithe; de bhrí go ndírítear ar oideachas, slí bheatha, an tsláinte, cosaint agus uisce ina chláir, a théann chun tairbhe do dhídeanaithe, do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus do phobail áitiúla, lena dtugtar tacaíocht do bhreis is 7 milliún tairbhí; de réir mar a chuaigh cogadh cathartha na Siria i bhfad, tháinig tuilleadh forbartha ar fhreagairt Chiste Iontaobhais Madad tríd an nasc idir an chabhair dhaonnúil agus an fhorbairt, agus béim níos mó á leagan ar chórais a neartú chun tacú le hiarrachtaí agus le cumaisna dtíortha óstacha freagairt don ghéarchéim fhada sin, go háirithe trí sheirbhísí poiblí a sholáthar san Iaráic, san Iordáin agus sa Liobáin;

    D. de réir a mheasúnaithe, tá seoladh na dtionscadal níos tapúla faoi Chiste Iontaobhais Madad ná mar atá na nósanna imeachta caighdeánacha faoin Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais; de bhrí gur éirigh le Ciste Iontaobhais Madad barainneacht scála a bhaint amach freisin, le tionscadail mhórscála de EUR 20 milliún ar an meán agus meántréimhse cur chun feidhme de thart ar 30 mhí;

    E. de bhrí go ndearnadh Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don chobhsaíocht agus chun aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce mírialta agus le daoine a bheith á n-easáitiú san Afraic (EUTF don Afraic) a bhunú in 2015 agus gur tíolacadh é mar phríomhionstraim chun plean gníomhaíochta Vaileite a chur chun feidhme; de bhrí gur tháinig sé chun bheith ar an bpríomhionstraim airgeadais le haghaidh rannpháirtíocht pholaitiúil AE le comhpháirtithe na hAfraice i réimse na himirce; de bhrí gur chistigh EUTF don Afraic breis agus 500 tionscadal i 26 thír san Afraic i dtrí réigiún gheografacha – an tSaiheil agus Loch Shead, Corn na hAfraice agus an Afraic Thuaidh – gealltanais iomlána dar luach breis is EUR 5 bhilliún ó 2016, ar tháinig 4.4 billiún de ó bhuiséad an Aontais; de bhrí go bhfuil dúshláin atá ag dul i méid roimh na tíortha sin, idir bhrúnna déimeagrafacha, fíorbhochtaineacht agus bonneagar lag sóisialta agus eacnamaíoch, teannas inmheánach agus laigí institiúideacha, agus athléimneacht neamhleor i gcás géarchéimeanna bia agus strus comhshaoil;

    F. de bhrí san athbhreithniú meántéarma ar EUTF don Afraic gur cuireadh béim ar bhreisluach an chiste atá ina ionstraim sholúbtha lena dtugtar aghaidh ar chásanna atá ag athrú go pras agus lena ndírítear ar shaincheisteanna áitiúla sonracha; de bhrí, i dtuarascáil ó 2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa[30], áfach, gur léiríodh easnaimh éagsúla, lena n-áirítear dúshláin dhlíthiúla amhail mainneachtain dlí an Aontais maidir le soláthar poiblí a chur i bhfeidhm, chomh maith le bainistíocht dhoiléir; de bhrí go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún go bhfuil na hábhair imní sin curtha san áireamh aige agus go bhfuil foráil déanta aige maidir le feabhsuithe; de bhrí go bhfuil ábhair imní[31] curtha in iúl ag an tsochaí shibhialta faoi cháilíocht na dtionscadal a formheasadh agus – cúis níos mó imní fós – faoi na líomhaintí go bhfuiltear ag cur le híde mhídhaonna agus tháireach agus/nó go bhfuiltear ag maoiniú gníomhaithe a bhfuil sáruithe ar chearta an duine déanta acu, amhail sa Libia, san Eiritré agus sa tSúdáin;

    G. ós rud é go sonraítear go soiléir in Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go ndéanfar an comhar um fhorbairt faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus gurb é is príomhhcuspóir do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur leis an mbochtaineacht; de bhrí gurb é EUTF don Afraic is mó a bhaineann úsáid as Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt (ODA), a thagann as an gCiste Eorpach Forbraíochta den chuid is mó agus, dá réir sin, gur cheart a chur chun feidhme a bheith bunaithe ar phríomhphrionsabail éifeachtacht na forbartha;

    H. de bhrí go raibh ról tábhachtach ag soghluaisteacht idir-réigiúnach san Afraic ó thús deireadh a staire; ós rud é, agus iad ag dul i ngleic le triomaigh, gur dual do phobail áitiúla a bheith in ann athruithe a dhéanamh ar a straitéisí slí beatha, agus go bhfuil acmhainneacht oiriúnaitheach léirithe acu, go minic téann siad ar imirce chun a slí bheatha a éagsúlú; de bhrí, ó thús na 2000idí, agus go háirithe ó 2016 i leith, go bhfuil an córas sin chun slí bheatha a éagsúlú faoi bhrú, go príomha mar gheall ar na srianta a bhaineann le saoirse gluaiseachta idir‑réigiúnaí mar thoradh ar an tacaíocht a thugann Ballstáit den Aontas Eorpach do roinnt tíortha san Afraic chun imirce neamhrialta chun na hEorpa a chomhrac;

    I. de bhrí go bhfuil EUR 57.2 milliún curtha ar fáil ag an Aontas ó 2017 i leith chun tacú leis an tionscadal maidir le bainistiú comhtháite teorainneacha agus imirce faoi sciar EUTF don Afraic chun acmhainn oibríochtúil Gharda Cósta agus Slándála Calafoirt na Libia (LCGPS), an Chabhlaigh agus an Riarachán Ginearálta don tSlándáil Chósta (GACS) a mhéadú chun cabhrú leo daoine a thascradh ar muir, agus tacaíocht á tabhairt san am céanna don Eagraíocht Idirnáisiúnta um Imirce (IOM) chun a chur ar a cumas cabhrú leis na himircigh is leochailí sa Libia agus sna tíortha óstacha; de bhrí, de réir shonraí na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Imirce, go ndearna Garda Cósta na Libia breis agus 20 000 duine a thascradh in 2019 agus 2020; de bhrí gur dearbhaíodh in go leor tuarascálacha nach áit shábháilte fós é an Libia le haghaidh díbhordála mar gheall ar na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a dhéantar ar dhídeanaithe agus imircigh agus an choinbhleacht a leanann sa tír; de bhrí gur iarr Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 8 Bealtaine 2020 moratóir ar gach tascradh agus filleadh ar an Libia; de bhrí, i dtuarascáil a foilsíodh i mí an Mhárta 2021, gur athdhearbhaigh Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine an méid a dúirt sí in 2019 an tacaíocht do Gharda Cósta na Libia a chur ar fionraí, bheadh tionchar aige sin ar thascradh agus ar fhilleadh;

    J. de bhrí go bhfuil roinnt cásanna dlí, imeachtaí dlí agus gearáin curtha faoi bhráid eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát mar gheall ar sháruithe ar chearta an duine[32], sáruithe ar mhaoiniú AE agus rialacháin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, refoulement, agus gníomhartha mídhaonna eile in aghaidh imirceach[33] atá nasctha go díreach nó go hindíreach le tionscadail EUTF don Afraic; de bhrí gur tuairiscíodh, sa tSúdáin in 2019, gur chuir an tAontas Lárionad Oibríochtúil Réigiúnach chun tacú le Próiseas Chartúm de chuid EUTF don Afraic agus Tionscnamh Aontas na hAfraice-Corn na hAfraice (ROCK) agus na cláir um bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce (BMM) ar fionraí;

    K. de bhrí go dtiocfaidh deireadh le EUTF don Afraic agus le EUTFanna eile ag deireadh 2021; de bhrí go meastar sa chéad ionstraim chistiúcháin ilbhliantúil eile le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach, an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), go gcuirfear 10 % di ar fáil do ghníomhaíochtaí a bhaineann leis an imirce i dteannta bunú tosaíochtaí táscacha náisiúnta a chomhaontaítear go frithpháirteach agus cur chuige solúbtha atá bunaithe ar dhreasachtaí;

    L. de bhrí gurbh fhiú don Choimisiún agus do na Ballstáit forléargas soiléir agus iomlán a bhunú ar na cistí a úsáidtear chun comhar le tríú tíortha a mhaoiniú i réimse an bhainistithe imirce i gcás gach ionstraime airgeadais agus an cur chun feidhme ina leith, lena n-áirítear faisnéis maidir le méideanna, cuspóirí, sprioc, gníomhaíochtaí incháilithe agus foinse an chistithe;

    1. á chur in iúl gur oth léi gur ionstraimí ad hoc iad EUTFanna a imíonn ón ngnáthnós imeachta cinnteoireachta agus a sheachnaíonn grinnscrúdú parlaiminteach agus maoirseacht dhaonlathach, agus dá bhrí sin nach bhfuil trédhearcacht agus cuntasacht dhaonlathach i gceist leo; á chur i bhfáth nach bhfuil sonraí mionsonraithe maidir le leithdháiltí cistiúcháin ar fáil nó gur ar éigean atáthar in ann rochtain a fháil orthu; ag tathant ar an gCoimisiún céimeanna a thabhairt láithreach chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chomhroinnt rialta faisnéise le Parlaimint na hEorpa agus chun grinnscrúdú agus formhaoirseacht pharlaiminteach níos fearr a áirithiú maidir le sainmhíniú, cur chun feidhme agus obair leantach EUTF don Afraic agus FRT, lena n-áirítear aon bhearta a dhéanfar amach anseo a ghlacfar faoi Airteagal 8(10) de Rialachán NDICI; á áitiú go ndéanfaí freagracht na n-údarás a uas-scálú ar cuireadh de chúram orthu go díreach na cistí a bhainistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún stádas breathnóra na Parlaiminte a chur ar bhonn foirmiúil láithreach ag cruinnithe boird EUTFanna agus tuarascáil bhliantúil ar chúrsaí airgeadais agus ar chearta an duine a bhaineann le cur chun feidhme tionscadal reatha agus tionscadail a bheidh ann amach anseo a chur faoina bráid;

    2. ag tabhairt dá haire gur úsáideadh cistí an Aontais chun brú a chur ar rialtais chomhpháirtíochta cuspóirí an Aontais maidir leis an imirce inmheánach a chomhlíonadh agus ag tabhairt chun suntais gur níos mó agus níos mó atá úsáid á baint as an gcoinníollacht fheabhsaithe idir an comhar um fhorbairt agus bainistiú imirce ó 2016 i leith; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil cúnamh um fhorbairt á úsáid chun comhaontuithe neamhfhoirmiúla nach ndéantar grinnscrúdú parlaiminteach ná maoirseacht dhaonlathach orthu a chur chun feidhme, lena n-áirítear ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc an 18 Márta 2016, Meabhrán Tuisceana idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach maidir leis an tSíocháin, an tSlándáil agus an Rialachas an 23 Bealtaine 2018 agus Meabhrán Tuisceana idir an tAontas Eorpach agus an Nigéir an 29 Lúnasa 2019;

    3. á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na heasnaimh i gcur i bhfeidhm dhlí soláthair phoiblí an Aontais maidir le beartas seachtrach imirce AE[34]; den tuairim go bhfuil forálacha Airteagal 3 den chinneadh ón gCoimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2015 (C(2015)7293) lena mbunaítear EUTF don Afraic agus tionscadail cabhrach daonnúla a chistítear le Ciste Madad agus le FRT ar neamhréir le dlí soláthair phoiblí an Aontais nó díolmhaithe uaidh; á chur i bhfáth an easpa trédhearcachta maidir le cur i bhfeidhm agus raon feidhme na nósanna imeachta um an dlí soláthair phoiblí maidir le roghnú na gcomhpháirtithe cur chun feidhme[35]; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na nósanna imeachta agus na critéir chun tionscadail a roghnú sách soiléir nó doiciméadaithe go leordhóthanach[36];

    4. á chur i bhfios go bhféadfaí tionscadail atá cumhdaithe ag EUTFanna faoi láthair a chistiú faoi aon cheann de chomhpháirteanna NDICI – freagairt gheografach, théamach nó mhear – laistigh den sprioc chaiteachais 10 % arna sainiú leis an rialachán; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an plé leanúnach atá ar siúl ag an gComhairle lena ndírítear ar thionscnaimh chistiúcháin Fhoireann na hEorpa maidir leis an imirce a fhorbairt chun críche gníomhaíochtaí a mholadh a bhaineann le bainistiú imirce san Afraic, a d’fhéadfadh grinnscrúdú na Parlaiminte a sheachaint;

    5. á chur i bhfios nach ionann FRT agus EUTFanna, go príomha toisc go bhfuil sé leabaithe fós laistigh de bhuiséad an Aontais; ag aithint an tacaíocht a thug FRT chun tacú le dídeanaithe agus le pobail óstacha sa Tuirc maidir leis an tsláinte, cúnamh daonnúil, oideachas agus tacaíocht shocheacnamaíoch; ag tabhairt dá haire, áfach, nach mbaineann an tacaíocht sin ach le dídeanaithe cláraithe, rud a fhágann go leor daoine gan chúnamh; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil sé deacair rochtain ar chlárú a fháil i roinnt cúigí agus cathracha Turcacha ó 2016 i leith, mar a thuairiscigh eagraíochtaí neamhrialtasacha amhail Amnesty International;

    6. á chur in iúl gur oth léi gur faoin Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc a leithdháileadh an tacaíocht ríthábhachtach sin; ag cur in iúl gur cúis imní di an dá thionscadal tacaíochta don bhainistiú imirce dar luach EUR 80 milliún san iomlán i bhfianaise easpa rochtana agus faireacháin a bheith ag breathnóirí náisiúnta agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear ar láithreáin choinneála[37]; ag cur béim ar an ngá atá lena áirithiú go ndéanfar dianchleachtaí faireacháin agus dian-iniúchtaí chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán Airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an tuairisciú ar FRT agus á iarraidh air a áirithiú go ndíreofar go sonrach ar thionscadail dídeanaithe leis na cistí sin agus nach n-úsáidfear iad chun aon chríocha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil cuspóirí FRT comhsheasmhach le prionsabail, beartais agus cuspóirí ginearálta AE, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine;

    7. á thabhairt chun suntais an rannchuidiú tábhachtach ó Chiste Iontaobhais Madad chun tacú le rochtain ar sheirbhísí bunúsacha amhail an tsláinte agus oideachas do dhídeanaithe ón tSiria, do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus do phobail óstacha i dtíortha comharsanacha; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh pacáiste cúnaimh EUR 130 milliún le déanaí chun tacú le dídeanaithe ón tSiria agus le pobail áitiúla san Iordáin agus sa Liobáin i bhfianaise na géarchéime daonnúla a leanann mar thoradh ar an gcoinbhleacht leanúnach sa tSiria; á iarraidh go ndéanfaí Ciste Iontaobhais Madad a chomhtháthú go rianúil sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua, lena n-áiritheofar go ndéanfar na cistí a gealladh cheana a chonrú agus a úsáid ar bhealach éifeachtúil;

    8. ag aithint go bhfuil tacaíocht ríthábhachtach curtha ar fáil ag roinnt tionscadal de chuid EUTF don Afraic, go háirithe trí infheistíocht a dhéanamh sa tsláinte agus san oideachas, i bhforbairt eacnamaíoch, i gcruthú post agus i lánpháirtiú sna margaí saothair do phobail áitiúla agus do dhídeanaithe araon, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha amhail mná agus daoine óga; ag cur in iúl gur oth léi gur beag an tionchar a bhí ag EUTF don Afraic ar dheiseanna eacnamaíocha agus ar fhostaíocht a mhéadú, rud a cuireadh in iúl san athbhreithniú meántéarma, d’ainneoin é sin a bheith ar cheann de na ceithre phríomhchuspóir a bhí ag an gciste;

    9. ag tabhairt dá haire torthaí an athbhreithnithe mheántéarma go raibh struchtúr rialachais agus bainistithe EUTF don Afraic solúbtha agus éifeachtúil, agus faoin struchtúr sin go ndearnadh cinntí tapa bunaithe ar fhorléargas straitéiseach ar na saincheisteanna agus a bhuí le baill foirne a bhí eolach agus tiomanta; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa grinnscrúdaithe ar EUTF don Afraic agus easpa cuntasachta ina leith agus gur ábhar imní di i gcónaí rialachas an chiste, comhthiomsú acmhainní an Aontais le cuspóirí éagsúla, comhdhéanamh bhord an chiste agus coistí réigiúnacha oibríochtúla, a chur ar chumas roinnt Ballstát cinntí díreacha a dhéanamh maidir le hairgead an Aontais a chaitheamh bunaithe ar ranníocaíocht EUR 3 mhilliún, doiléire an phróisis chun tionscadail a shainiú agus a fhormheas, agus an easpa idirphlé le heagraíochtaí na sochaí sibhialta áitiúla agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta um chearta an duine; á thabhairt chun suntais easpa measúnuithe tionchair ex ante agus leanúnacha ar spriocphobail agus spriocthíortha, go háirithe maidir le cearta bunúsacha, agus nach ann d’aon choinníollacht maidir le cearta bunúsacha i dtaca le cistiú a úsáid;

    10. á thabhairt chun suntais gur dhírigh EUTFanna den chuid is mó ar thacaíocht a thabhairt do thíortha chun straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha a fhorbairt maidir le bainistiú imirce, cumais a fheabhsú chun imirce neamhrialta a chosc agus gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach a chomhrac, agus filleadh agus athimeascadh inbhuanaithe agus díniteach a éascú; á thabhairt chun suntais gur aistriú ó chur chuige iomlánaíoch i leith na himirce an bhéim mhór a chuirtear ar chuspóirí 3 agus 4 de EUTF don Afraic; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil 37 % de EUTF don Afraic leithdháilte ar bhearta a mbeidh sé i gceist leo an imirce a shrianadh agus a laghdú, agus go leithdháiltear níos lú ná 9 % de chun aghaidh a thabhairt ar nithe atá ina spreagadh don imirce agus don easáitiú éigeantais; ag tabhairt dá haire gur leithdháileadh níos lú ná 1.5 % de EUTF don Afraic ar bhealaí imirce rialta; á chur in iúl go bhfuil soghluaisteacht a laghdú chun an imirce a dhíspreagadh ag teacht salach ar na cuspóirí maidir le forbairt ós rud é go ndéanann sé an bhochtaineacht a mhéadú agus go bhfuil baol ann go gcuirfí cearta bunúsacha i mbaol;

    11. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí an Aontais an comhar atá ar bun acu le tríú tíortha a fhionraí nó a athbhreithniú, lena n-áirítear cistiú sonrach agus tionscadail shonracha a chur ar fionraí, ina gcuirtear i mbaol cearta na ndaoine a ndéantar difear dóibh, lena n-áirítear i gcás nach n-urramaíonn na tríú tíortha na cearta bunúsacha go hiomlán; á iarraidh athuair ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i ndáil leis sin, i bhfianaise na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine a dhéantar ar dhídeanaithe, iarrthóirí tearmainn agus imircigh sa Libia, lena n-áirítear iad siúd a ndéantar tascradh orthu ar muir, athbhreithniú práinneach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí comhair uile le húdaráis inniúla na Libia i ndáil le faireachas agus bainistiú muirí agus teorainneacha arna gcistiú faoi EUTF don Afraic, agus an dara céim de thionscadal EUTF, Tacaíocht do bhainistiú comhtháite teorainneacha agus imirce, a chur ar fionraí go dtí go mbeidh ráthaíochtaí soiléire ann maidir le cearta an duine a urramú, lena n-áirítear deireadh a chur leis an dlí lena ndéantar imircigh neamhrialta a choiriúlú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh comhlachtaí agus saineolaithe neamhspleácha de chuid an Aontais measúnú riosca trédhearcach ar an tionchar atá ag tionscadail arna gcistiú ag an Aontas ar chearta daonna na n-imirceach agus na ndídeánaithe, agus ar an bpobal i gcoitinne sa tír a ndéantar difear di; á iarraidh go gcruthófaí sásra neamhspleách faireacháin ar chearta an duine agus prótacail shoiléire le haghaidh gníomhaíochta i gcás sáruithe ar chearta bunúsacha;

    12. á chur i bhfáth gur gá creat EUTF don Afraic agus FRT a shainiú go soiléir, mar aon lena gcomharbaí féideartha, lena n-áirítear sainmhíniú ar an tionscadal, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht, chun a áirithiú go rannchuideoidh gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi EUTF don Afraic agus FRT le cuspóirí sonracha na gcistí sin a bhaint amach agus nach n-úsáidfear iad chun aon chríocha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht ex post a dhéanamh bliain amháin ar a laghad tar éis gach gníomhaíocht de EUTF don Afraic a bheith curtha i gcrích agus an Pharlaimint a chur ar an eolas dá réir; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirt a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa mheastóireacht sin agus aird ar leith a thabhairt ar thionchar an chiste ar fhorbairt agus ar chearta bunúsacha, agus béim ar leith á leagan ar na tionscadail faoi chuspóirí 3 agus 4;

    13. ag tabhairt dá haire, trí bhíthinna comhpháirte mearfhreagartha de NDICI, gur féidir an comhar le tríú tíortha maidir le bainistiú imirce a chistiú gan é a bheith riachtanach don Choimisiún aon doiciméid chlársceidealaithe a fhoilsiú nó dul i gcomhairle le gníomhaithe na sochaí sibhialta, agus gan rannpháirtíocht na Parlaiminte; á áitiú, i ndáil leis an méid sin, gur gá a áirithiú go mbeidh creat láidir um chearta an duine ag gabháil le CAI 2021-2027 chun go ndéanfar cláir a bheidh ann amach anseo maidir le comhar imirce a shainaithint, a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid a bhaint as NDICI agus a gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta chun cláir a chur chun cinn chun dídeanaithe agus imircigh a chosaint, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus chun a áirithiú go n-úsáidtear cúnamh oifigiúil um fhorbairt chun tacú le forbairt inbhuanaithe an duine, an daonlathas inbhuanaithe agus cearta an duine, sa tslí go leanfaidh siad ar aghaidh, ar mhaithe le gach duine a chosaint;

    14. á iarraidh ar an Aontas Eorpach an Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc a athbhreithniú chun comhlíonadh na gcaighdeán maidir le cearta an duine a ráthú, agus chun a áirithiú nach mbeidh an chabhair dhaonnúil agus an tacaíocht a thugann FRT faoi bhagairt ag luaineacht pholaitiúil.


    FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

    Dáta an ghlactha

    11.5.2021

     

     

     

    Toradh na vótála críochnaithí

    +:

    –:

    0:

    52

    15

    0

    Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

    Magdalena Adamowicz, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Clare Daly, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Łukasz Kohut, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Diana Riba i Giner, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

    Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

    Abir Al-Sahlani, Damian Boeselager, Sira Rego, Rob Rooken, Domènec Ruiz Devesa, Isabel Santos

     


     

    TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

    52

    +

    NI

    Laura Ferrara, Martin Sonneborn

    PPE

    Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Emil Radev, Paulo Rangel, Sara Skyttedal, Tomas Tobé, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Javier Zarzalejos

    Renew

    Abir Al-Sahlani, Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache

    S&D

    Katarina Barley, Pietro Bartolo, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Łukasz Kohut, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Domènec Ruiz Devesa, Isabel Santos, Birgit Sippel, Bettina Vollath, Elena Yoncheva

    The Left

    Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Cornelia Ernst, Sira Rego

    Verts/ALE

    Damian Boeselager, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik

     

    15

    -

    ECR

    Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Assita Kanko, Nicola Procaccini, Rob Rooken

    ID

    Nicolas Bay, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Marcel de Graaff, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

    NI

    Milan Uhrík

    PPE

    Nadine Morano

     

     

    Eochair:

    + : i bhfabhar

    - : i gcoinne

    0 : staonadh

     

     

     

     


    FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

    Dáta an ghlactha

    13.7.2021

     

     

     

    Toradh na vótála críochnaithí

    +:

    –:

    0:

    100

    14

    16

    Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

    Alviina Alametsä, Alexander Alexandrov Yordanov, Rasmus Andresen, Anna-Michelle Asimakopoulou, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Hildegard Bentele, Robert Biedroń, Dominique Bilde, Anna Bonfrisco, Udo Bullmann, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, Włodzimierz Cimoszewicz, Antoni Comín i Oliveres, David Cormand, Katalin Cseh, Ryszard Czarnecki, Paolo De Castro, Tanja Fajon, José Manuel Fernandes, Anna Fotyga, Michael Gahler, Gianna Gancia, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Vlad Gheorghe, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Charles Goerens, Mónica Silvana González, Valentino Grant, Klemen Grošelj, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Andrzej Halicki, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Pierrette Herzberger-Fofana, Monika Hohlmeier, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Sandra Kalniete, Beata Kempa, Moritz Körner, Dietmar Köster, Andrius Kubilius, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ilhan Kyuchyuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, David Lega, Janusz Lewandowski, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Antonio López-Istúriz White, Jaak Madison, Pierfrancesco Majorino, Claudiu Manda, Thierry Mariani, Erik Marquardt, Margarida Marques, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Javier Nart, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Janina Ochojska, Jan-Christoph Oetjen, Jan Olbrycht, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Kostas Papadakis, Manu Pineda, Giuliano Pisapia, Karlo Ressler, Thijs Reuten, Michèle Rivasi, Jérôme Rivière, María Soraya Rodríguez Ramos, Bogdan Rzońca, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Jacek Saryusz-Wolski, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Jordi Solé, Sergei Stanishev, Nicolae Ştefănuță, Tineke Strik, Marc Tarabella, Hermann Tertsch, Nils Torvalds, Miguel Urbán Crespo, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Hilde Vautmans, Idoia Villanueva Ruiz, Viola Von Cramon-Taubadel, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Angelika Winzig, Isabel Wiseler-Lima, Chrysoula Zacharopoulou, Bernhard Zimniok, Željana Zovko

    Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

    Ioan-Rareş Bogdan, Andrea Cozzolino, Özlem Demirel, Herbert Dorfmann, Markéta Gregorová, Ewa Kopacz, Katrin Langensiepen, Gabriel Mato, Iskra Mihaylova, Marlene Mortler, Patrizia Toia, Mick Wallace, Milan Zver

     


    VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH SA CHOISTE FREAGRACH

    100

    +

    NI

    Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi

    PPE

    Alexander Alexandrov Yordanov, Anna-Michelle Asimakopoulou, Traian Băsescu, Hildegard Bentele, Ioan-Rareş Bogdan, Lefteris Christoforou, Herbert Dorfmann, José Manuel Fernandes, Michael Gahler, Sunčana Glavak, Andrzej Halicki, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Sandra Kalniete, Ewa Kopacz, Andrius Kubilius, David Lega, Janusz Lewandowski, Miriam Lexmann, Antonio López-Istúriz White, David McAllister, Gabriel Mato, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Marlene Mortler, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Janina Ochojska, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Radosław Sikorski, Angelika Winzig, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko, Milan Zver

    Renew

    Petras Auštrevičius, Olivier Chastel, Katalin Cseh, Vlad Gheorghe, Charles Goerens, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Valérie Hayer, Moritz Körner, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Iskra Mihaylova, Javier Nart, Jan-Christoph Oetjen, Urmas Paet, María Soraya Rodríguez Ramos, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Hilde Vautmans, Chrysoula Zacharopoulou

    S&D

    Robert Biedroń, Udo Bullmann, Włodzimierz Cimoszewicz, Andrea Cozzolino, Paolo De Castro, Tanja Fajon, Eider Gardiazabal Rubial, Raphaël Glucksmann, Mónica Silvana González, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Dietmar Köster, Pierre Larrouturou, Pierfrancesco Majorino, Claudiu Manda, Margarida Marques, Sven Mikser, Victor Negrescu, Demetris Papadakis, Giuliano Pisapia, Thijs Reuten, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev, Marc Tarabella, Patrizia Toia, Nils Ušakovs

    Verts/ALE

    Alviina Alametsä, Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Markéta Gregorová, Francisco Guerreiro, Pierrette Herzberger-Fofana, Katrin Langensiepen, Erik Marquardt, Michèle Rivasi, Jordi Solé, Tineke Strik, Viola Von Cramon-Taubadel

     

    14

    -

    ECR

    Charlie Weimers

    ID

    Dominique Bilde, Joachim Kuhs, Hélène Laporte, Jaak Madison, Thierry Mariani, Jérôme Rivière, Bernhard Zimniok

    NI

    Ioannis Lagos

    The Left

    Özlem Demirel, Manu Pineda, Miguel Urbán Crespo, Idoia Villanueva Ruiz, Mick Wallace

     

    16

    0

    ECR

    Ryszard Czarnecki, Anna Fotyga, Beata Kempa, Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Jacek Saryusz-Wolski, Hermann Tertsch, Johan Van Overtveldt, Witold Jan Waszczykowski

    ID

    Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi, Gianna Gancia, Valentino Grant

    NI

    Antoni Comín i Oliveres, Kostas Papadakis

    The Left

    Silvia Modig

     

    Eochair:

    + : i bhfabhar

    - : i gcoinne

    0 : staonadh

     

    An nuashonrú is déanaí: 7 Meán Fómhair 2021
    Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais