TUARASCÁIL ar an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2020
26.7.2021 - (2020/2122(INI))
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Danuta Maria Hübner
PR_INI
ÁBHAR
Leathanach
TOGRA LE hAGHAIDH RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
ar an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2020
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2019[1],
– ag féachaint don aiseolas ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Meitheamh 2020 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2019,
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil BCE an 23 Márta 2021 maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta 2020[2],
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil BCE an 19 Márta 2020 maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta 2019[3],
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE[4],
– ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le: ‘Airgeadas Digiteach: rioscaí atá ag teacht chun cinn ó thaobh criptea-shócmhainní de – dúshláin rialála agus mhaoirseachta i réimse na seirbhísí airgeadais, na n-institiúidí agus na margaí’[5],
– ag féachaint do rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Aontas na Margaí Caipitil (CMU) a fhorbairt tuilleadh: feabhas a chur ar an rochtain ar mhaoiniú an mhargaidh caipitil, go háirithe ag FBManna, agus rannpháirtíocht infheisteoirí miondíola a éascú tuilleadh’[6],
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 ar ról idirnáisiúnta an euro a neartú[7],
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le tuarascáil bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh, 2020[8],
– ag féachaint do thuarascáil Thascfhórsa Ardleibhéil an Eurochórais maidir le hAirgeadra Digiteach an Bhainc Ceannais ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 ar euro digiteach[9],
– ag féachaint do thuarascáil an 9 Deireadh Fómhair 2020 ón mBord um Chobhsaíocht Airgeadais (FSB) dar teideal The Use of Supervisory and Regulatory Technology by Authorities and Regulated Institutions – Market developments and financial stability implications [Úsáid na Teicneolaíochta Maoirseachta agus Rialála ag Údaráis agus ag Institiúidí Rialáilte – Forbairtí margaidh agus impleachtaí do chobhsaíocht airgeadais][10],
– ag féachaint don litir ó Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta chuig Uachtarán an Ghrúpa Euro an 22 Iúil 2020,
– ag féachaint d’fhreagairt an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC)/maoirseachta baincéireachta Eorpaí ó mhí Lúnasa 2020 ar chomhairliúchán poiblí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le straitéis airgeadais dhigitigh nua don Eoraip/plean gníomhaíochta FinTech[11],
– ag féachaint do Thuarascáil an 22 Meitheamh 2015 ón gCúigear Uachtarán dar teideal ‘Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú’,
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2015 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú (COM(2015)0586),
– ag féachaint do Chreat-Chomhaontú 2010 maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach,
– ag féachaint do mholadh ó BCE an 15 Nollaig 2020 maidir le híocaíocht amach díbhinní le linn phaindéim COVID-19[12],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha i ndiaidh phaindéim COVID-19 (COM(2020)0822),
– ag féachaint don tuarascáil ón mBord Eorpach um Riosca Sistéamach ó mhí Iúil 2020 dar teideal EU Non-bank Financial Intermediation Risk Monitor 2020 [Faireachán Riosca Idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc AE 2020][13],
– ag féachaint don tuarascáil ó ÚBE ó mhí na Samhna 2018 dar teideal Risk Assessment of the European Banking System [Measúnú Riosca an Chórais Baincéireachta Eorpaigh][14],
– ag féachaint don staidéar dar teideal Regulatory Sandboxes and Innovation Hubs for FinTech [Boscaí Gainimh Rialála agus Moil Nuálaíochta don Teicneolaíocht Airgeadais], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha[15] i mí Mheán Fómhair 2020,
– ag féachaint don ráiteas ar chomhaontaigh an Grúpa Euro ag a chruinniú an 30 Samhain 2020,
– ag féachaint do na ráitis arna gcomhaontú ag an gCruinniú Mullaigh Euro ag cruinnithe an 30 Samhain agus an 11 Nollaig 2020,
– ag féachaint do ráiteas an 11 Nollaig 2020 ón gCruinniú Mullaigh Euro i bhformáid chuimsitheach faoin athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus faoin gcúlstop don Chiste Réitigh Aonair a thabhairt isteach go luath,
– ag féachaint don Deais Rioscaí ráithiúil lena gcumhdaítear R4 2020 arna foilsiú ag ÚBE[16],
– ag féachaint d’athbhreithniú ar chobhsaíocht airgeadais BCE ó mhí na Samhna 2020,
– ag féachaint don tuarascáil faireacháin ó mhí na Samhna 2020 maidir le táscairí laghdaithe riosca, arna hullmhú go comhpháirteach ag seirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh, BCE agus an Bhoird Réitigh Aonair (BRA) [17],
– ag féachaint do thuarascáil ó chomhchoiste ÚME ó mhí an Mhárta 2021 maidir le rioscaí agus leochaileachtaí i gcóras airgeadais AE[18],
– ag féachaint do Thuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil 2020 an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta,
– ag féachaint don dréachtmheabhrán tuisceana idir AE agus an Ríocht Aontaithe lena mbunaítear creat le haghaidh comhar rialála i dtaca le seirbhísí airgeadais,
– ag féachaint do na faisnéisithe ó mhí Eanáir 2021 dar teideal Review of the bank crisis management and deposit insurance frameworks [Athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéimeanna baincéireachta agus árachais taiscí] agus Banking Union: Postponed Basel III reforms [An tAontas Baincéireachta: Athchóirithe ar Basel III atá curtha ar athló], agus ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 dar teideal European Parliament’s Banking Union reports in 2015-2019 [Tuarascálacha Pharlaimint na hEorpa ar an Aontas Baincéireachta in 2015-2019], arna bhfoilsiú ag an Aonad Tacaíochta um Rialachas Eacnamaíoch ina hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha,
– ag féachaint do chomhairliúchán an Choimisiúin maidir leis an athbhreithniú ar an gcreat bainistithe géarchéimeanna agus árachais taiscí[19],
– ag féachaint don tuarascáil ó BRA ó mhí an Mhárta 2020 dar teideal Expectations for banks [Ionchais do bhainc][20],
– ag féachaint do pháipéar Uimh. 251 ó BCE dá Shraith Páipéar Ócáideach dar teideal Liquidity in resolution:
comparing frameworks for liquidity provision across jurisdictions [Leachtacht sa réiteach: creata don soláthar leachtachta i ndlínsí éagsúla a chur i gcomparáid le chéile][21],
– ag féachaint do thuarascáil ar dhul chun cinn an 23 Samhain 2020 ó Uachtaránacht na Gearmáine maidir le Neartú an Aontais Baincéireachta[22],
– ag féachaint do thuarascáil ar dhul chun cinn an 29 Bealtaine 2020 ó Uachtaránacht na Cróite maidir le Neartú an Aontais Baincéireachta[23],
– ag féachaint don óráid a thug Cathaoirleach BRA, Elke König, i mí Eanáir 2021 dar teideal The crisis management framework for banks in the EU: what can be done with small and medium-sized banks? [An creat bainistithe géarchéimeanna do bhainc in AE: cad is féidir a dhéanamh le bainc bheaga agus mheánmhéide?][24],
– ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach FSB an 1 Aibreán 2021 maidir le meastóireacht ar éifeachtaí athchóirithe maidir le ‘rómhór le cliseadh’[25],
– ag féachaint don bhlagphostáil a scríobh Cathaoirleach BRA, Elke König, maidir le cur chuige BRA i dtaca le híoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) agus tionchar COVID-19 á chur san áireamh[26], agus dá teacht i láthair os comhair an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta an 27 Deireadh Fómhair 2020[27],
– ag féachaint don phostáil ar an mblag maoirseachta a scríobh Andrea Enria an 9 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Fostering the cross-border integration of banking groups in the banking union [Comhtháthú trasteorann grúpaí baincéireachta san aontas baincéireachta a chothú][28],
– ag féachaint do thuarascáil ÚBE maidir le cineálacha cur chuige na n-údarás inniúil i ndáil le maoirseacht ar bhainc i dtaca le frithsciúradh airgid agus cur i gcoinne mhaoiniú na sceimhlitheoireachta[29],
– ag féachaint don phlean gníomhaíochta ón gCoimisiún le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, a foilsíodh an 7 Bealtaine 2020,
– ag féachaint do thuarascáil ÚBE maidir le creat AML/CFT a bheidh ann amach anseo in AE[30],
– ag féachaint do bhlagphostáil Bruegel an 7 Nollaig 2020 dar teideal Can the gap in the Europe’s internal market for banking services be bridged? [An féidir an bhearna i margadh inmheánach na hEorpa do sheirbhísí baincéireachta a dhúnadh?][31],
– ag féachaint don Tuarascáil Speisialta ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) dar teideal ‘Pleanáil réitigh sa Sásra Réitigh Aonair’, a foilsíodh an 14 Eanáir 2021,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0256/2021),
A. de bhrí, ar an iomlán, gur fhreagair earnáil na baincéireachta géarchéim COVID-19 le hathléimneacht, a bhí bunaithe ar an athchóiriú rialála a achtaíodh ó aimsir na géarchéime domhanda airgeadais, a d’éascaigh an Leabhar Rialacha Aonair agus an mhaoirseacht aonair san Aontas Baincéireachta, agus ar thacaigh bearta faoisimh urghnácha don bheartas poiblí agus cleachtais caomhnaithe caipitil léi;
B. de bhrí gur léirigh géarchéim COVID-19 go bhfuil earnáil láidir baincéireachta, i dteannta margaí caipitil comhtháite, ríthábhachtach do théarnamh gheilleagar na hEorpa;
C. de bhrí go n-áirithíonn an tAontas Baincéireachta, ina bhfuil an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA), go bhfuil ailíniú iomlán idir maoirseacht agus bainistiú géarchéimeanna baincéireachta;
D. de bhrí go n-éilítear le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta atá níos cobhsaí, níos iomaíche agus níos cóineasaithe, Aontas Baincéireachta láidir ag a bhfuil Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) agus Aontas na Margaí Caipitil (CMU) atá níos forbartha agus níos sábháilte, a chuirfeadh freisin leis an dearcadh idirnáisiúnta ar an euro agus ar an ról méadaithe atá aige sna margaí domhanda;
E. de bhrí go bhfuil an tAontas Baincéireachta oscailte do gach Ballstát de AE; de bhrí go ndeachaigh an Bhulgáir agus an Chróit isteach i sásra ráta malairte na hEorpa (ERM) II agus go ndeachaigh siad isteach san Aontas Baincéireachta;
F. de bhrí gur tosaíocht i gcónaí é an tAontas Baincéireachta a chomhlánú thar an dá cholún atá ann faoi láthair, go háirithe SEÁT a bhunú; de bhrí gur cheart, le hathchóirithe spriocdhírithe i réimsí an réitigh agus an árachais taiscí, go gcuirfí tuilleadh feabhais ar stóinseacht earnáil na baincéireachta agus go gcoimirceofaí an chobhsaíocht airgeadais ar an bhforiomlán;
G. de bhrí gur iarr BCE agus BRA araon go ndéanfaí an tAontas Baincéireachta a chomhlánú go pras, eadhon trí SEÁT a bhunú;
H. de bhrí go mbeidh an cúlstop don Chiste Réitigh Aonair (CRA) tugtha isteach faoi 2022, dhá bhliain níos luaithe ná mar a bhí beartaithe roimhe seo, lena gcuirfear líontán coiteann sábhála ar fáil ar fud an chórais do na bainc atá faoi réiteach;
I. de bhrí, roimh ghéarchéim COVID-19, gur saintréith d’earnáil baincéireachta AE na neamhéifeachtúlachtaí struchtúracha, a léiríodh i mbrabúsacht íseal, costéifeachtúlacht laghdaithe, rátaí úis ísle, ró-acmhainn agus neamhchinnteacht maidir le hinbhuanaitheacht samhlacha gnó; de bhrí go bhfuil roinnt fadhbanna ann go fóill nár tugadh aghaidh orthu ar bhealach leordhóthanach;
J. de bhrí, cé gur tháinig laghdú ar an bhforiomlán ar iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas, go bhfuil gá le hiarrachtaí treisithe chun leibhéil iasachtaí neamhthuillmheacha atá fós ard i roinnt institiúidí airgeadais a laghdú;
K. de bhrí gur cheart na heasnaimh a sainaithníodh le linn ghéarchéim COVID-19 a chur san áireamh nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an gcreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí (CMDI) agus nuair a bheidh earnáil na baincéireachta á comhtháthú tuilleadh; de bhrí go bhféadfadh glacadh na gceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime an bealach a réiteach do chostéifeachtúlacht níos fearr agus samhlacha gnó níos inbhuanaithe;
L. toisc go bhfuil nasc idir na bainc agus na stáit cheannasacha ann i gcónaí agus gur cheart creat rialála AE maidir le láimhseáil stuamachta ar fhiachas ceannasach a bheith comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar leibhéal na neamhchosaintí ceannasacha i roinnt banc; de bhrí go bhfuil roinnt roghanna agus discréidí náisiúnta fós laistigh den chreat reachtach stuamachta, rud a bhaineann an bonn ón ngné Eorpach den Aontas Baincéireachta;
M. de bhrí gur tosca iad an t-athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin atá le cur san áireamh agus inbhuanaitheacht chláir chomhardaithe na mbanc á measúnú, mar fhoinse riosca a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar infheistíochtaí i réigiúin agus in earnálacha éagsúla; de bhrí sna samhlacha riosca sofaisticiúla gur cheart go mbeadh go leor de na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide curtha san áireamh cheana féin;
N. de bhrí gur chinn BCE, i gcomhthéacs a thionscadail um Athbhreithniú Spriocdhírithe ar Shamhlacha Inmheánacha (TRIM), go bhféadfaidh institiúidí faoi mhaoirseacht leanúint d’úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha, faoi réir bearta maoirseachta;
O. de bhrí go bhfuil dlús curtha leis an iarracht chun claochlú teicneolaíoch a bhaint amach, rud a chuireann le héifeachtúlacht na mbanc agus lena n-uaillmhian i dtaca leis an nuálaíocht, agus ag an am céanna a fhágann iad ar neamhchosaint ar rioscaí agus dúshláin nua a bhaineann le domhan an airgeadais dhigitigh, leis an gcibearshlándáil, le rioscaí do chlú, le príobháideachas sonraí, le rioscaí sciúrtha airgid agus le cosaint tomhaltóirí;
P. de bhrí go bhfuil cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí ríthábhachtach chun Aontas na Margaí Caipitil a dhoimhniú, agus go bhfuil gá le rialacha láidre AE maidir le cosaint tomhaltóirí lena gcuirfear bonnlíne íosta láidir ar fáil; de bhrí ar fud an Aontais Baincéireachta gur éagsúil na rialacha náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme ceanglais Eorpacha maidir le cosaint tomhaltóirí, rud a léiríonn an gá atá le comhchuibhiú; de bhrí nach bhfuil uirlisí éifeachtacha ag an Aontas Baincéireachta go fóill chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhíonn ag tomhaltóirí, amhail castacht shaorga, cleachtais tráchtála éagóracha, grúpaí leochaileacha a bheith á n-eisiamh ó úsáid a bhaint as seirbhísí bunúsacha agus rannpháirtíocht theoranta na n-údarás poiblí;
Q. de bhrí gur ábhar tosaíochta maoirseacht agus forfheidhmiú stuamachta agus frithsciúrtha airgid AE a neartú agus a chomhchuibhiú tuilleadh, a bhfuil gá leo chun sláine chóras airgeadais AE a chosaint;
R. de bhrí go bhfuil caighdeáin agus prionsabail dhomhanda fhónta tábhachtach chun rialáil stuamachta a dhéanamh ar bhainc; de bhrí gur cheart caighdeáin Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) a achtú i ndlí na hEorpa go tráthúil agus aird chuí á tabhairt ar a spriocanna, agus saintréithe sonracha chóras baincéireachta na hEorpa agus prionsabal na comhréireachta á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí;
S. de bhrí gur athlonnaíodh roinnt seirbhísí baincéireachta chuig AE mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE; de bhrí go raibh ról stiúrtha agus faireacháin ríthábhachtach ag SMA inar thug sé threoir chórasach ‘ullmhachta’ agus ina ndearna sé samhlacha oibriúcháin a chomhordú leis na bainc is mó tábhacht san aontas baincéireachta; de bhrí go bhfaighfear measúnú iomlán sa mheántéarma agus san fhadtéarma ar ullmhacht earnáil na baincéireachta agus í ag dul i dtaithí ar an gcóras nua;
T. de bhrí go bhfuil AE agus an Ríocht Aontaithe tiomanta faoi láthair do chomhar rialála agus maoirseachta a chothabháil i réimse na seirbhísí airgeadais; de bhrí gur cheart an cur chuige comhoibritheach sin a bheith ina bhonn taca don chaidreamh fadtéarmach idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe;
U. de bhrí nach n-áirithítear leis an gcreat bainistithe géarchéime atá ann faoi láthair cur chuige comhsheasmhach chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a bhaineann leis na bainc anásta i mBallstáit éagsúla, a eascraíonn as, inter alia, an léirmhíniú éagsúil a dhéanann BRA agus na húdaráis náisiúnta réitigh ar an Measúnú ar Leas an Phobail (PIA), in imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta fáil ar uirlisí atá cosúil leis na huirlisí réitigh faoin Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD)[32] agus faoin Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair[33], agus mí-ailíniú dreasachtaí nuair a bhíonn réiteach á roghnú chun aghaidh a thabhairt ar chliseadh bainc toisc go bhfuil coinníollacha éagsúla ann chun rochtain a fháil ar na foinsí cistiúcháin atá ar fáil i gcás réitigh agus dócmhainneachta;
V. de bhrí gur cheart do CMDI cur chuige comhsheasmhach agus éifeachtúil a áirithiú do na bainc uile, beag beann ar mhéid ná ar shamhail ghnó, agus rannchuidiú le cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, úsáid airgead na gcáiníocóirí a íoslaghdú agus cothrom na Féinne a áirithiú ar fud AE, agus prionsabal na coimhdeachta á chur san áireamh mar is cuí;
W. de bhrí go ndearnadh na rialacha maoirseachta agus réitigh, chomh maith leis an gciste réitigh, a lárú, ach gur scéimeanna náisiúnta i gcónaí na scéimeanna ráthaithe taiscí agus go bhfuil siad éagsúil ó Bhallstát go chéile; de bhrí go bhforáiltear leis na forálacha a leagtar amach sa Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí[34] (DGSD) do bhonnlíne íosta cosanta do thaisceoirí; de bhrí, áfach, gur cheart go mbeadh an leibhéal céanna cosanta á theachtadh ag taisceoirí ar fud an Aontais Baincéireachta le bunú SEÁT;
Breithnithe ginearálta
1. á chur in iúl gur geal léi go ndeachaigh an Bhulgáir agus an Chróite isteach san Aontas Baincéireachta agus go gcuimsítear lev na Bulgáire agus kuna na Cróite in ERM II; ag tabhairt dá haire na cinntí a rinne BCE chun dlúthchomhar a bhunú le Banc Náisiúnta na Bulgáire agus le Banc Náisiúnta na Cróite; á thabhairt chun suntais go bhfuil ionadaíocht chuí ag Banc Náisiúnta na Bulgáire agus Banc Náisiúnta na Cróite ar Bhord Maoirseachta BCE agus ag Seisiúin Iomlánacha agus Seisiúin Feidhmiúcháin leathnaithe BRA, agus go bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu agus atá ag gach comhalta eile, lena n-áirítear cearta vótála;
2. á chur in iúl gur fite fuaite ina chéile an rannpháirtíocht in ERM agus san Aontas Baincéireachta agus caighdeáin agus reachtaíocht faoi seach an Aontais; á mholadh don Bhulgáir agus don Chróit dul chun cinn suntasach a dhéanamh freisin chun sciúradh airgid agus coireacht airgeadais a chomhrac; á mheabhrú gur cheart measúnú cuimsitheach ar earnáil na baincéireachta a dhéanamh, lena n-áirítear institiúidí ar lú a dtionchar san aontas baincéireachta, roimh an aontachas leis an airgeadra comhchoiteann;
3. á chur in iúl gur díol sásaimh di an plé sa Danmhairg agus sa tSualainn faoin bhféidearthacht dul isteach san Aontas Baincéireachta agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar i measc maoirseoirí náisiúnta fíorthábhachtach, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí trasteorann; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé samhlacha gnó atá ann cheana agus a fheidhmíonn go maith a chaomhnú i ndáil le cobhsaíocht airgeadais;
4. á mheabhrú go bhfuil an leagan amach institiúideach le haghaidh comhtháthú margaidh níos fearr curtha ar fáil ag an Aontas Baincéireachta, trí SAM agus SRA, cé go bhfuil SEÁT, an tríú colún den Aontas Baincéireachta, fós ar feitheamh; á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcreat réitigh agus go dtacaíonn sí leis an machnamh atá á dhéanamh faoi láthair maidir le tuilleadh comhchuibhiú spriocdhírithe ar dhlíthe dócmhainneachta, ionas gur féidir éifeachtúlacht agus comhleanúnachas bhainistiú géarchéime na mbanc san Aontas Eorpach a mhéadú, mar aon le tríú colún an Aontais Baincéireachta a chomhlánú trí scéim árachais taiscí a mbeidh sé mar aidhm léi leibhéal na cosanta taiscí a fheabhsú, agus an baol morálta a íoslaghdú, an nasc idir na bainc agus na stáit a laghdú, agus cosaint chomhionann do gach taisceoir san Aontas Baincéireachta a ráthú;
5. ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCruinniú Mullaigh Euro an 11 Nollaig 2020 ina n-iarrtar ar an nGrúpa Euro ‘i bhformáid chuimsitheach, plean oibre céim ar chéim faoi cheangal ama a ullmhú, ar bhonn comhthola, maidir leis na heilimintí uile atá fós gan réiteach chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú’; á chur cur in iúl gur oth léi go leanann na Ballstáit de bheith ag gníomhú lasmuigh de chreat an Chomhphobail, rud a bhaineann an bonn de ról na Parlaiminte mar chomhreachtóir; á iarraidh go gcoinneofar ar an eolas í faoin bplé atá ar siúl ar leibhéal an Ghrúpa Euro agus ar leibhéal na Meithle Ardleibhéil maidir le SEÁT; á iarraidh athuair go mbeadh comhar feabhsaithe le hUachtarán an Ghrúpa Euro ann, go háirithe trí Idirphlé Eacnamaíoch le hUachtarán an Ghrúpa Euro a bheith ann níos minice i gcomhréir le samhail agus rialtacht an Idirphlé Airgeadaíochta;
6. á mheas go raibh na bainc in ann freagairt don ghéarchéim atá ann faoi láthair le tuilleadh athléimneachta ós rud é go raibh siad caipitlithe ar bhonn níos fearr agus nach raibh siad chomh giaráilte céanna agus a bhí 10 mbliana ó shin, lena léirítear na héifeachtaí dearfacha a bhí ag an leagan amach institiúideach a cuireadh ar bun agus ag na hathchóirithe rialála a rinneadh tar éis ghéarchéim airgeadais 2008; á mheas, thairis sin, go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí struchtúracha áirithe mar shaintréithe ag an earnáil baincéireachta, ar féidir leis an ngéarchéim reatha géarú a dhéanamh ina leith; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe na leibhéil arda de neamhchosaintí neamhthuillmheacha oidhreachta a bhí ag a lán institiúidí roimh an bpaindéim; á chur i bhfios go bhfuil laghdú mór tagtha ar stoc NPLanna ó bunaíodh an tAontas Baincéireachta agus gur leanadh de threocht an laghdaithe sin in NPLanna in 2020, in ainneoin ghéarchéim COVID-19; á chreidiúint go bhféadfadh tionchar a bheith ag an meathlú ar cháilíocht sócmhainní na mbanc ar an mbrabúsacht atá lagaithe cheana féin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina shiocair le cásanna dócmhainneachta i gcás na mbanc atá neamhchosanta go mór ar na hearnálacha eacnamaíocha is mó atá buailte;
7. ag tabhairt dá haire, le tabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta agus le doimhniú AMC, go mbeidh dálaí níos fearr ann do mhaoiniú an gheilleagair Eorpaigh, do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon atá fós ag brath den chuid is mó ar chreidmheas bainc chun infheistíochtaí agus cruthú post a chothú, mar aon le feabhas breise a chur ar iomaíochas na margaí Eorpacha agus infheistíochtaí príobháideacha inbhuanaithe a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais an éifeacht chobhsaíochta a bhíonn ag bainc bheaga agus mheánmhéide ar gheilleagar AE i dtráthanna géarchéime; á mheas go bhfuil gá le cur chuige comhréireach a shaothrú sna forbairtí rialála chun an tAontas Baincéireachta agus AMC a chur i gcrích;
8. á thabhairt faoi deara go rannchuideofaí le hathléimneacht an gheilleagair Eorpaigh le hAontas Baincéireachta lánfheidhme, i gcomhar le AMC a bheadh lánchomhtháithe agus láidir, go dtacófaí le feidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, agus go neartófaí ról idirnáisiúnta an euro; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh a bheith ann lena seachnófar míbhuntáistí d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) ó thaobh rochtain ar mhaoiniú de, agus an gá atá le faireachán cúramach a dhéanamh ar eisiúint táirgí urrúsaithe; á mheas nár cheart gur ar na bainc a bheadh ualach iomlán an téarnaimh ón ngéarchéim, ach gur cheart, ina ionad sin, AMC láidir a chur chun cinn lena rannchuideofar le hathghníomhachtú agus le téarnamh athléimneach an gheilleagair Eorpaigh; á shuí go bhféadfadh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta spreagadh a thabhairt chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche, i bhfianaise ról ríthábhachtach na hearnála baincéireachta maidir le rochtain ar chreidmheas a sholáthar agus maidir leis an maoiniú atá ar fáil a dhíriú ar an bhfíorgheilleagar, go háirithe ar infheistíochtaí atá inbhuanaithe agus freagrach ar bhonn sóisialta; á chur i bhfios go láidir an ról atá ag maoiniú príobháideach agus ag infheistíochtaí príobháideacha, in éineacht le hinfheistíochtaí poiblí, chun tacú leis an aistriú aeráide, mar a leagtar amach sa Phlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí breise a dhéanamh chun gníomhaíocht sa mhargadh airgeadais a ailíniú ar bhonn níos fearr le cuspóirí inbhuanaitheachta agus le critéir chomhshaoil, shóisialta agus rialachais (ESG), lena n-áirítear togra reachtach maidir leis an bhforbairt ar rátálacha inbhuanaitheachta a bheidh bunaithe ar na critéir sin; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí i réimse an mhaoinithe inbhuanaithe trí na gníomhartha tarmligthe atá fágtha faoi Rialachán[35] AE maidir le Tacsanomaíocht agus faoin Rialachán[36] maidir le Nochtadh a ghlacadh agus lena gcuirfear i bhfeidhm, inter alia, modheolaíocht stóinsithe ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;
9. á mheas, cé go raibh an dea-chaidreamh atá ann idir SAM agus BRA ina dhlúth agus inneach ó bunaíodh an córas, go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cur chuige neartaithe maidir le comhar idir an dá cholún sa chomhthéacs reatha chun beart iomchuí agus tráthúil a áirithiú;
10. á chur i bhfios go láidir an rannchuidiú ríthábhachtach a rinneadh i leith aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim na mbeart sealadach amhail scéimeanna ráthaíochta poiblí, moratóirí ar aisíocaíochtaí iasachta d’iasachtaithe a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu, cláir leachtachta na mbanc ceannais agus oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha (TLTRO) BCE, clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP); á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh bearta chun saobhadh sna margaí agus sa gheilleagar a mhaolú ag gabháil leis na bearta sealadacha urghnácha sin; á thabhairt chun suntais, thairis sin, a shuntasaí atá an tsolúbthacht arna síneadh ag rialtóirí chuig na bainc ionas go mbeidh siad in ann oibriú faoi Threoir Cholún 2 (P2G) agus le ceanglais caipitil laghdaithe;
11. ag cur béim ar nádúr eisceachtúil na paindéime agus ar chineál sealadach na mbeart faoisimh a cuireadh i bhfeidhm mar bheart srianta tosaigh chun damáiste eacnamaíoch a theorannú; ag tabhairt dá haire nach foláir do na bearta tacaíochta eacnamaíche a bheith saincheaptha do na cúinsí eacnamaíocha atá ann faoi láthair agus do na cúinsí a bhfuiltear ag dréim leo; á iarraidh go ndéanfar aistriú dea-bheartaithe, de réir a chéile agus spriocdhírithe ó uirlisí fóirithinte paindéime go huirlisí tacaíochta téarnaimh, lena n-áirítear athchóirithe sna Ballstáit trí na pleananna athchóirithe náisiúnta maidir le téarnamh agus athléimneacht, ós rud é go bhféadfadh tarraingt siar luath nó neamh-chomhordaithe na mbeart sealadach a bheith ina siocair le heasnaimh agus leochaileachtaí réamh-ghéarchéime a theacht chun cinn arís san earnáil baincéireachta, lena n-áirítear méadú ar neamhchosaint na mbanc ar riosca creidmheasa, rud a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar staid a gcuntas caipitil, agus lena bhféadfaí fás agus toradh an téarnaimh a chur i mbaol;
12. á chur in iúl gur geal léi na hathruithe spriocdhírithe ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR) a tugadh isteach leis an ‘réiteach tapa CRR’ chun tacú le hacmhainneacht iasachtaithe na mbanc do theaghlaigh agus do ghnólachtaí[37], lena maolófar, dá bhrí sin, tionchar eacnamaíoch phaindéim COVID-19 agus lena n-áiritheofar go n-idirghníomhóidh an creat rialála go rianúil le bearta eile chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim;
13. ag tabhairt dá haire gur eisigh SAM ráiteas i mí na Nollag 2020, lenar athraíodh an moladh a rinne sé roimhe sin maidir le híocaíochtaí díbhinne agus le haischeannach scaireanna, inar moladh nach foláir do na bainc a bhfuil sé ar intinn acu díbhinní a íoc nó scaireanna a aischeannach a bheith brabúsach agus conairí láidre caipitil a bheith acu; á iarraidh ar SAM meastachán a sholáthar ar na dáileacháin (díbhinní agus aischeannach scaireanna) agus ar an luach saothair inathraithe a ghabh institiúidí baincéireachta de láimh sa chéad agus sa dara seimeastar de 2021 laistigh dá shainchúram agus measúnú a dhéanamh ar a dtionchar ar staid chuntas caipitil na mbanc tar éis an mheasúnaithe sin; á iarraidh ar SAM meastóireacht a dhéanamh i dtaobh an féidir leis na srianta ar dháileacháin tar éis mhí Mheán Fómhair 2021 a bheith ina n-uirlis úsáideach a fhad is a bheidh éiginnteachtaí bunúsacha ann maidir leis an téarnamh eacnamaíoch agus maidir le cáilíocht na sócmhainní bainc; á iarraidh ar an gCoimisiún díbhinn atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus uirlis aischeannaigh scaireanna a scrúdú mar uirlis mhaoirseachta le linn géarchéime;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún, agus ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus Eorpacha (ÚMEanna), ullmhú i gcomhair meathlú ionchasach ar cháilíocht sócmhainní na mbanc; á chur in iúl gur geal léi an chéad tuarascáil maidir le measúnú comhpháirteach riosca ó na ÚMEanna ó mhí an Mhárta 2021 ina dtugtar comhairle do bhainc ullmhú a dhéanamh trí shamhlacha soláthair a choigeartú chun a áirithiú go dtabharfar aitheantas tráthúil do leibhéil leormhaithe forálacha, trí chleachtais fhónta iasachtaithe agus trí phraghsáil leormhaith ar rioscaí a dhéanamh, agus é á chur san áireamh go rachaidh bearta tacaíochta poiblí amhail moratóirí ar iasachtaí agus scéimeanna ráthaíochta poiblí in éag, agus trí leanúint de bheartais choimeádacha maidir le díbhinní agus le haischeannach scaireanna; ag tabhairt dá haire an rabhadh ó ÚMEnna d’institiúidí airgeadais go leanann siad de ghníomhaíochtaí breise a fhorbairt ar mhaithe le freastal a dhéanamh ar thimpeallacht rátaí úis ‘íseal go fadtéarmach’;
15. ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di cur i bhfeidhm ilchineálach an Chaighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais (IFRS 9) maidir leis an soláthar do chaillteanais ag institiúidí, rud a tháinig chun solais le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh ar SAM bearta a dhéanamh chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach ar chaighdeáin tuairiscithe ar fud na n-institiúidí san Aontas Baincéireachta a áirithiú;
16. á mheas, i gcás Aontas Baincéireachta comhtháite, nach foláir go mbeidh ann do mhargadh aonair dea-fheidhmiúil do sheirbhísí airgeadais miondíola; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na constaicí agus ar na bacainní a thagann chun cinn do thomhaltóirí agus leas á bhaint acu as táirgí miondíola baincéireachta amhail iasachtaí morgáiste ar bhonn trasteorann agus réitigh a mholadh chun a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí tairbhe a bhaint as seirbhísí miondíola trasteorann; ag tabhairt dá haire, thairis sin, an neamhréireacht ard i rátaí úis morgáiste ar fud an Aontais;
17. á chur in iúl gur geal léi an dlús atá le luas an digitithe san earnáil baincéireachta, lena lamháiltear do na bainc freastal níos fearr a dhéanamh ar chliaint go cianda agus táirgí nua a thairiscint agus deiseanna a chur ar fáil ar mhaithe le costéifeachtúlacht a mhéadú; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart an digitiú san earnáil baincéireachta a shaothrú agus lánurraim á tabhairt do chearta na dtomhaltóirí agus gur cheart cuimsiú airgeadais a chaomhnú, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha a bhfuil leibhéil ísle litearthachta digití nó airgeadais acu; á chur i bhfios go láidir go n-éilítear leis an digitiú infheistíochtaí suntasacha i gcórais TF, in T&D agus i samhlacha nua oibriúcháin, rud a d’fhéadfadh a bheith ina shiocair le brabúsacht níos ísle sa ghearrthéarma; ag tacú go láidir le Straitéis nua an Choimisiúin maidir le Maoiniú Digiteach agus á chur in iúl gur geal léi an Pacáiste Airgeadais Dhigitigh a sheol an Coimisiún in 2020, ar pacáiste é lena n-éascófar an t-uas-scálú ar theicneolaíochtaí nuálacha thar theorainneacha agus athléimneacht na hearnála airgeadais á háirithiú ag an am céanna; á chur in iúl go bhfuil sí ag dréim leis an bhforbairt bhreise ar na tograí le haghaidh rialachán agus le haghaidh treoir maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach don earnáil airgeadais (DORA), lena n-áiritheofar go gcuirfidh eintitis airgeadais cosaintí leormhaithe i bhfeidhm chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag teagmhais a bhaineann le TFC; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbainfidh a cur chun feidhme rathúil tairbhe as infheistíochtaí suntasacha poiblí agus príobháideacha agus as an gcomhar sa nuálaíocht ionsar chórais slándála agus athléimneachta níos fearr a bheith ann; á mheas go dtugtar deis don Aontas caipiteal eachtrach a mhealladh agus dul san iomaíocht sa mhargadh domhanda leis an digitiú ar earnáil baincéireachta na hEorpa; á chur i bhfios, ina leith sin, an méadú atá ag teacht ar an idirnascacht atá idir bainc, criptea-sócmhainní agus maoiniú digiteach;
18. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé neodracht theicneolaíoch a áirithiú i gcuir chuige rialála agus mhaoirseachta; á thabhairt chun suntais an gá atá le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus ar na deiseanna a bhaineann le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí nuálacha nua a bhaineann le maoirseacht baincéireachta agus le maoirseacht a dhéanamh ar chórais íocaíochta;
19. á chur in iúl gur geal léi an obair atá ar bun ag BCE maidir leis an euro digiteach, lena n-áirítear a thuarascáil ar an ábhar agus ar thoradh a chomhairliúcháin phoiblí; á chur i bhfios, ag brath ar ghnéithe deartha beachta an euro dhigitigh, go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige ar an earnáil baincéireachta, lena ndéanfar difear do réimsí amhail íocaíochtaí, cumas na mbanc claochlú aibíochta a chomhlíonadh, agus acmhainneacht fhoriomlán iasachtaithe agus brabúsacht, agus á iarraidh ar BCE, dá bhrí sin, tuilleadh anailíse a dhéanamh ar impleachtaí an airgeadra dhigitigh don earnáil baincéireachta, agus ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an gcobhsaíocht airgeadais; á chur in iúl gur geal léi cuspóir an euro dhigitigh ag feidhmiú in éineacht le hairgead tirim mar mhodh íocaíochta digití atá slán agus iomaíoch, agus ag aithint na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann do na saoránaigh; ag tacú le hiarrachtaí BCE leibhéal ard príobháideachais, cosanta sonraí, rúndachta maidir le sonraí íocaíochta, cibear-athléimneachta agus slándála a áirithiú; ag tabhairt dá haire an plé faoi airgeadra digiteach agus ag aithint an bhreisluacha a d’fhéadfadh a bheith ag airgeadra digiteach chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú;
20. ag tabhairt dá haire, i mí an Mhárta 2020, go ndearna Grúpa na nGobharnóirí Banc Ceannais agus na gCeann Maoirseachta (GHOS) athbhreithniú ar an amlíne cur chun feidhme le haghaidh na ngnéithe críochnaitheacha de chreat Basel III ar mhaithe le hacmhainneacht oibríochtúil na mbanc agus na maoirseoirí a mhéadú chun freagairt do na hiarmhairtí láithreacha a bhaineann le paindéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá caighdeáin dhomhanda fhónta ó thaobh rialáil baincéireachta de agus ó thaobh iad a chur chun feidhme ar bhealach comhsheasmhach tráthúil de; ag dréim leis an togra atá beartaithe ón gCoimisiún maidir le caighdeáin chríochnaithe Basel III a chur chun feidhme; á mheabhrú gur cheart go gcuirfí prionsabal na comhréireachta san áireamh leis an gcur chun feidhme, agus go n-urramófaí, i gcás inarb iomchuí, sainiúlachtaí agus éagsúlacht earnáil baincéireachta AE, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil AE comhlíontach le Comhaontú Basel; á chur i bhfáth gur cheart go n-urramófaí leis an athbhreithniú atá ann faoi láthair an prionsabal maidir le gan méadú suntasach a dhéanamh ar na ceanglais chaipitil fhoriomlána, agus neartú á dhéanamh ag an am céanna ar an seasamh airgeadais foriomlán atá ag bainc na hEorpa; ag meabhrú rún uaithi an 23 Samhain 2016 maidir le Comhaontú Basel III[38] a thabhairt chun críche, agus á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú de réir na moltaí atá ann, agus tograí reachtacha nua á ndréachtú aige; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a thabhairt isteach a bheidh dírithe ar iasachtú na mbanc san fhíorgheilleagar a mhéadú, go háirithe do FBManna, agus ar an téarnamh a mhaoiniú, mar aon leis an aistriú digiteach agus comhshaoil san Eoraip; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá ag AE le bainc Eorpacha a bheith ann a bheidh láidir agus iomaíoch chun seirbhísí baincéireachta mórdhíola a thairiscint do chorparáidí idir bheag agus mhór, chun a cheannasacht eacnamaíoch agus a neamhspleáchas straitéiseach a chaomhnú;
21. á thabhairt chun suntais go bhfuil idirnascthacht shuntasach idir an earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc agus an earnáil baincéireachta ‘traidisiúnta’, ar cúis bhuartha é ó thaobh riosca córasach de i bhfianaise easpa rialála agus maoirseachta iomchuí a dhéantar ar an gcéad earnáil atá luaite; á chur i bhfáth gur léiríodh le suaitheadh na paindéime le déanaí gur féidir leis an earnáil neamhbhainc luaineacht an mhargaidh agus dí-leithdháileadh praghsanna a mhéadú, go háirithe nuair a bhíonn leachtacht an mhargaidh faoi bhrú; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil gá le huirlisí macrastuamachta breise, eadhon uirlisí bainistithe leachtachta ex ante a fhorbairt agus anailís chúramach a dhéanamh ar na bearta giarála atá cheana ann;
22. ag tabhairt dá haire go bhfuil idirspleáchas ann idir bainc agus contrapháirtithe lárnacha (CPLanna); á chur i bhfios an t-amhras atá ag teacht chun cinn i dtaca leis na freagrachtaí atá ar bhainc agus ar CPLanna as caillteanais ionchasacha nuair nach leor a thuilleadh na coimircí uile a bhí i bhfeidhm, agus éifeachtaí na bhfreagrachtaí sin ar cheanglais stuamachta na mbanc; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, na rioscaí a bhaineann le spleáchas iomarcach ar CPLanna na Ríochta Aontaithe agus á chur in iúl gur geal léi na bearta atá glactha ag an gCoimisiún le bliain anuas lena leagtar síos na critéir chun CPLanna tríú tír a aicmiú;
23. á chur in iúl gur oth léi an mhainneachtain i dtaobh cothromaíocht iomlán inscne a áirithiú in institiúidí agus i gcomhlachtaí airgeadais AE, agus go háirithe go bhfuil na mná fós faoi ghannionadaíocht i bpoist feidhmiúcháin i réimse na seirbhísí baincéireachta agus airgeadais; á chur i bhfáth go dtagann torthaí sochaíocha agus eacnamaíocha araon as an gcothromaíocht inscne ar bhoird agus sa lucht saothair; á mheas gur cheart roghnú na n-iarratasóirí chuig institiúidí agus comhlachtaí airgeadais AE a bheith bunaithe ar chritéir a bhaineann le fiúntas agus le cumas, ionas go bhfeidhmeoidh an institiúid nó an comhlacht atá i gceist chomh héifeachtach agus is féidir; á iarraidh ar rialtais agus ar institiúidí agus ar chomhlachtaí uile tús áite a thabhairt, a luaithe is féidir, do bhaint amach na cothromaíochta iomláine inscne, lena n-áirítear trí ghearrliostaí d’iarrthóirí atá cothrom ó thaobh inscne de a chur ar fáil do na ceapacháin uile a bheidh ann sa todhchaí ina n-éilítear toiliú na Parlaiminte ina leith, lena n-áirítear ag príomhinstitiúidí airgeadais BCE agus AE, agus iarracht á déanamh iarrthóir baineann amháin agus iarrthóir fireann amháin ar a laghad a chur san áireamh de réir an nós imeachta ainmniúcháin; ag meabhrú rún uaithi an 14 Márta 2019[39] lena ndírítear ar chothromaíocht inscne a áirithiú sa liosta iarrthóirí d’ainmniúcháin AE i ngnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta agus ag athdhearbhú a tiomantais gan liostaí d’iarrthóirí nár urramaíodh prionsabal na cothromaíochta inscne iontu a chur san áireamh;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir incháilitheachta ar mhaithe le líon níos airde iarratas a mhealladh ó na mná;
Maoirseacht
25. ag aithint an róil atá ag maoirseacht baincéireachta na hEorpa chun a áirithiú go gcuirfear caipiteal sealadach agus faoiseamh oibríochtúil ar fáil do na bainc mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, ionas gur féidir leo leanúint de thacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghnólachtaí agus do theaghlaigh agus caillteanais a iompar, agus ardcháilíocht na maoirseachta á coimeád acu ag an am céanna; ag tabhairt dá haire cúiseanna imní SAM maidir le costais arda, brabúsacht íseal, luachálacha margaidh laghdaithe agus infheistíocht neamhleor i dteicneolaíochtaí nua in earnáil na baincéireachta; á iarraidh go dtabharfar treoir maidir leis an amscála a bhfuiltear ag dréim leis chun na maoláin a atógáil agus maidir leis an gcur chuige a bheidh ann ina leith sin;
26. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé trédhearcacht agus intuarthacht mhaoirseacht baincéireachta AE a fheabhsú agus ag moladh, ina leith sin, an cleachtas is déanaí maidir le ceanglais Cholún 2 a fhoilsiú, ar ceanglais iad a bhaineann go sonrach le bainc; á chreidiúint go bhfuil ionchais SAM níos iontaofa trí cheanglais aonair a bheith ann agus go n-éascaítear leo cinntí níos eolasaí ó infheisteoirí;
27. ag dréim leis go n-éascófar tuilleadh maoirseachta rioscabhunaithe agus comhar institiúideach inmheánach leis na hathruithe a rinneadh le déanaí ar struchtúr eagraíochtúil SAM, agus simpliú á dhéanamh ar an gcóras agus nuálaíocht theicneolaíoch á hionchorprú ag an am céanna;
28. á chur in iúl go bhfuil fiúntas le hanailís SAM ó mhí na Samhna 2020 a rinneadh ar leochaileachtaí ionchasacha na hearnála baincéireachta i gcásanna éagsúla, a mhéid a bhaineann le héifeachtaí an tsuaite ar cháilíocht sócmhainní agus ar chaipiteal;
29. ag tabhairt dá haire gur cheart bainistiú fónta riosca creidmheasa a bheith ar cheann de phríomhthosaíochtaí SAM i gcónaí; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn le SAM ó thaobh na n-údar imní de atá ann go bhféadfadh bainc a samhlacha riosca creidmheasa a athrú agus ag tabhairt dá haire, ina leith sin, ionchais mhaoirseachta SMA maidir le hullmhúcháin oibríochtúla iomchuí in oirchill an mhéadaithe ar NPLanna agus i gcomhair bainistiú riosca creidmheasa stóinsithe, mar a leagtar amach ina litreacha chuig POFanna ar institiúidí suntasacha agus ina straitéis riosca creidmheasa COVID-19; ag tacú le maoirseacht threisithe SAM ar mhargaí ardghiaráilte; ag tabhairt dá haire nach raibh na bainc go léir in ann ionchais SMA maidir le bainistiú riosca creidmheasa a chomhlíonadh, lena gciallaítear go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh;
30. á aithint, leis an ngéarchéim arna spreagadh ag COVID-19, go méadaítear ar an riosca go mbeidh ann do charnadh breise NPLanna; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di an tuar ó BCE go bhféadfadh NPLanna, i gcás atá dian ach sochreidte, leibhéil chomh hard le EUR 1.4 trilliún a shroicheadh faoi dheireadh 2022; á chur i bhfáth go mbeidh sé ríthábhachtach a áirithiú go ndéanfar meathlú na cáilíochta sócmhainní ar chláir chomhardaithe na mbanc a bhainistiú go cuí agus go tráthúil chun carnadh NPLanna sa ghearrthéarma a chosc; ag moladh do na Ballstáit iarrachtaí sa bhreis a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 maidir le dul i ngleic le hiasachtaí neamhthuillmheacha i ndiaidh phaindéim COVID-19 (COM(2020)0822) chun a chur ar chumas na mbanc tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnólachtaí AE; ag dréim leis go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí leis an athbhreithniú ar an Treoir[40] maidir le Chreidmheas do Thomhaltóirí, eadhon trí fhorálacha níos uaillmhianaí a leagan síos maidir le hiasachtaithe a chosaint ar chleachtais éagóracha agus lena n-áiritheofar go mbeidh feidhm chomhionann ag na cearta sin i leith iasachtaí atá cheana ann agus a bheidh ann sa todhchaí; á iarraidh go ndéanfar faireachán ar aon éifeachtaí aille a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe nuair a dhéanfar bearta sealadacha faoisimh a tharraingt siar; á iarraidh ar mhaoirseoirí leanúint de bhreithniú leormhaith a dhéanamh ar na fo-éifeachtaí is féidir a bheith ag diúscairtí ollmhóra NPLanna ar chláir chomhardaithe stuamachta na mbanc a bhaineann úsáid as samhlacha inmheánacha;
31. á chur i bhfios go láidir gur cheart do na bainc na rialacha stuamachta agus an treoir mhaoirseachta is infheidhme maidir le NPLanna a chomhlíonadh agus acmhainneacht oibríochtúil a choimeád chun bainistiú réamhghníomhach a dhéanamh ar fhéichiúnaithe anásta agus rialú a dhéanamh ar a gcláir chomhardaithe, lena gcuirfear dlús leis an tsainaithint luath ar dhrochiasachtaí ar mhaithe le laghdú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfar acmhainneacht iasachtaithe a lagú ag tráth ina mbíonn móréileamh ar infheistíocht a bhaineann le téarnamh; á thabhairt chun suntais an tsolúbthacht atá cheana ann i gcur chun feidhme threoir BCE maidir le NPLanna, lena n-áirítear níos mó ama a thabhairt do na bainc chun a straitéisí laghdaithe maidir le NPLanna a thíolacadh, ar bainc iad a bhfuil leibhéil NPLanna acu atá go háirithe ard;
32. á mheabhrú go rannchuideodh laghdú riosca san earnáil baincéireachta le hAontas Baincéireachta níos cobhsaí, níos láidre agus níos dírithe ar an bhfás eacnamaíoch a bheith ann; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, an comhaontú polaitiúil ar thángthas air maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gCoimisiún maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa, lena spreagfar an fhorbairt ar mhargaí tánaisteacha do NPLanna in AE agus a bhfuil mar aidhm leis cabhair a thabhairt do na bainc stoic NPLanna ar a gcláir chomhardaithe a laghdú;
33. ag aithint an róil a bhí ag na bainc i dtacú le gnólachtaí agus leis an bhfíorgheilleagar le linn na paindéime i roinnt Ballstát; á chur i bhfáth gur cheart do na bainc measúnú díograiseach a dhéanamh ar fhóntacht agus ar inmharthanacht airgeadais gnólachtaí, dul i dteagmháil go réamhghníomhach le féichiúnaithe anásta chun a neamhchosaintí a bhainistiú, agus maoiniú agus roghanna inmharthana athstruchtúraithe nó roghanna malartacha oiriúnacha a thairiscint d’earnálacha agus do chuideachtaí inmharthana, go háirithe FBManna, chun a áirithiú go ndéanfar mainneachtainí a chosc i gcás inar féidir agus nach mbeidh gnólachtaí agus tomhaltóirí i mbaol rófhéichiúnais; á chur i bhfáth gur cheart an creat stuamachta a leasú go comhsheasmhach chun cur i bhfeidhm beart staonta a lamháil agus a spreagadh do ghnólachtaí agus do theaghlaigh i gcás ina measann na bainc go bhfuil ionchas ard téarnaimh ann i gcónaí, agus á iarraidh go gcuirfear deireadh leis na bacainní rialála uile ar a gcur i bhfeidhm; ag tathant ar na bainc machnamh a dhéanamh, mar rogha dheireanach, ar imeacht na gcuideachtaí neamh-inmharthana ón margadh ar bhealach struchtúrtha; á mheas gur cheart do na bainc tarchuir chreidmheasa leormhaithe ón Eurochóras chuig an bhfíorgheilleagar a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi na bearta a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Capital Markets Union for people and businesses – new action plan (COM(2020)0590) [Aontas na Margaí Caipitil do dhaoine agus do ghnólachtaí – plean gníomhaíochta nua] agus san iarscríbhinn a ghabhann leis maidir le FBManna ar diúltaíodh dá n-iarratais chreidmheasa a threorú chuig soláthraithe malartacha cistiúcháin;
34. á iarraidh ar ÚMEnna leas iomlán a bhaint as a gcumhachtaí chun ardleibhéil cosanta tomhaltóirí a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cumhachtaí idirghabhála táirgí i gcás ina raibh táirgí airgeadais agus creidmheasa ina gcúis le díobháil do thomhaltóirí nó ar dóchúil go mbeidís ina gcúis le díobháil do thomh35. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cearta tomhaltóirí a chosaint, go háirithe maidir le téarmaí agus cleachtais éagóracha agus ionsaitheacha, táillí baincéireachta, trédhearcacht na gcostas táirgí, brabúsacht agus rioscaí; á thabhairt dá haire nach bhfuil uirlisí éifeachtacha ag an Aontas Baincéireachta fós chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá os comhair tomhaltóirí, amhail cleachtais tráchtála éagóracha agus castacht shaorga; á iarraidh ar ÚBE, i ndáil leis sin, béim níos mó a leagan ar a shainordú a chomhlíonadh maidir le bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh go cuí ar threochtaí tomhaltóirí, agus freisin ar athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh ag na húdaráis inniúla maidir le litearthacht agus oideachas airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún grinnscrúdú a dhéanamh ar na clásail agus cleachtais éagóracha a úsáideann an earnáil baincéireachta i gconarthaí tomhaltóirí agus a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit go léir an Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha[41] a chur chun feidhme go héifeachtach agus go pras trí úsáid a bhaint as na modhanna ar fad atá ar fáil;
36. á thabhairt dá haire go bhféadfadh tionchar diúltach breise a bheith ag na caillteanais chreidmheasa ionchasacha, mar aon leis an timpeallacht leasa íseal atá ann faoi láthair, ar bhrabúsacht na mbanc; á chur i bhfios gur gá do bhainc a samhlacha gnó a athchoigeartú i dtreo straitéisí atá níos inbhuanaithe, níos coigilte ó thaobh costais de agus níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta, agus gur gá dóibh stiúradh straitéiseach agus maoirseacht stuama a dhéanamh ar fheidhmeanna gnó, agus cearta tomhaltóirí á n-urramú go hiomlán; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach gcuirfear siar go míchuí cinntí soláthair na mbanc chun tacú lena n-acmhainn iasachtaithe, go háirithe nuair a thagann méadú ar an éileamh ar chreidmheas;
37. á chur in iúl gur ábhar mór imní di gur nocht géarchéimeanna baincéireachta a bhí ann le déanaí go ndearna institiúidí creidmheasa bannaí agus táirgí airgeadais eile a mhídhíol go rialta le custaiméirí miondíola; á chur in iúl gur oth léi go raibh forfheidhmiú na bhforálacha TTRB maidir le cosaint tomhaltóirí i ndáil leis na híoscheanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (ICDI) ilroinnte; ag áitiú ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar mhídhíol táirgí airgeadais ag institiúidí baincéireachta agus, bunaithe ar na torthaí, tograí iomchuí a chur le chéile, lena n-áirítear san athbhreithniú a dhéanfar ar TTRB go luath;
38. á mheas gur cheart na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le comhdhlúthú baincéireachta, laistigh de AE agus trasteorann araon, agus aghaidh á tabhairt ar bhrabúsacht íseal, ró-acmhainneacht agus ilroinnt san earnáil baincéireachta, a dhoiciméadú tuilleadh; á aithint go bhfuil treocht ann san earnáil baincéireachta maidir le rannpháirtíocht sa chomhdhlúthú agus á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gurb ann do threoir BCE maidir leis an gcur chuige maoirseachta i leith comhdhlúthaithe, lena dtacaítear le comhcheangail ghnó atá dea-cheaptha agus dea-fheidhmithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil tairbhí ann a bhaineann le héagsúlacht/trédhearcacht na n-earnálacha airgeadais a chosaint ó thaobh muinín shistéamach a chothú agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil; á iarraidh ar an gCoimisiún na conclúidí ón meastóireacht a rinne an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais in 2021 ar éifeachtaí na n-athchóirithe atá rómhór le teip ar an gcóras airgeadais a chur san áireamh agus obair leantach a dhéanamh ina leith;
39. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an tsaincheist baile-óstach fós ina dúshlán maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche agus á mheas gur cuid den réiteach é SEÁT a thabhairt isteach, i gcomhthráth le bearta laghdaithe riosca breise; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fíoras go bhféadfadh tíortha baile agus óstacha bearta a chur i bhfeidhm, má thiocfaidh méadú ar leibhéal na n-iasachtaí neamhthuillmheacha de réir mar a laghdóidh bearta tacaíochta poiblí, chun sócmhainní a chosaint agus chun dul ar aghaidh le himfhálú athnuaite; á chur i bhfáth gur gá do na bainc a bheith in ann feidhmiú thar theorainneacha agus a gcaipiteal agus a leachtacht á mbainistiú ar leibhéal comhdhlúite ag an am céanna, agus coimircí inchreidte agus in-fhorfheidhmithe a bheith ann do na tíortha aíochta maidir le hinfhaighteacht acmhainní agus an tionchar ar chobhsaíocht airgeadais, chun a gcuid rioscaí a éagsúlú agus aghaidh a thabhairt ar aon easpa brabúis; á mheas o bhfuil gá le comhchuibhiú de réir a chéile i réimsí ina bhfuil feidhm ag roghanna agus discréidí náisiúnta, lena n-áirítear i réimse an dlí dócmhainneachta chun pleanáil réitigh a éascú do ghrúpaí baincéireachta trasteorann laistigh den Aontas Baincéireachta;
40. á chur in iúl gur cúis imní di, de réir mar a dhíolann na Ballstáit méideanna méadaitheacha bannaí ceannasacha, go bhfuil méadú freisin ar an sciar den fhiachas ceannasach ar chláir chomhardaithe na mbanc, rud a d’fhéadfadh géarú ar an nasc idir na bainc cheannasacha; á mheas go ndéanfar sócmhainní Eorpacha ardcháilíochta, lena mbaineann riosca íseal, a sholáthar le cruthú NextGenerationEU, lena bhféadfar bannaí ceannasacha ar chláir chomhardaithe na mbanc a athchothromú agus cabhrú leis an bhfáinne fí a laghdú idir na bainc agus na stáit; á chur i bhfios go mbeidh ról tábhachtach ag NextGenerationEU maidir le tacú leis an téarnamh agus go gcaithfidh sé a bheith ina dheis chun infheistíochtaí a fheabhsú agus chun na hathchóirithe is gá i ngach Ballstát aonair a chur chun feidhme bunaithe ar na critéir chomhaontaithe, agus chun rannchuidiú tuilleadh a dhéanamh chun an córas baincéireachta Eorpach a neartú;
41. á chreidiúint go mbeadh gá, chun réiteach a fháil ar na saincheisteanna baile-óstach, chun an fáinne fí idir na bainc agus fiachas ceannasach a bhriseadh agus chun tacú leis na hiarrachtaí chun bainc a chomhdhlúthú, go mbeadh gá le líontán sábháilteachta uile-Eorpach a thabhairt isteach, go ndéanfaí forbairt agus cur chun feidhme comhaontuithe tacaíochta airgeadais laistigh de ghrúpa mar chuid de phleananna téarnaimh na mbanc, agus go ndéanfaí na réimsí ina bhfuil feidhm ag roghanna agus discréidí náisiúnta a chomhchuibhiú de réir a chéile, lena n-áirítear i réimse na dócmhainneachta, agus leanúint leis na hiarrachtaí maidir le rioscaí a laghdú ag an am céanna;
42. ag athdhearbhú nach mór an creat rialála maidir le láimhseáil stuamachta fiachais cheannasaigh a bheith comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta;
43. á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag struchtúir láidre rialachais inmheánaigh laistigh de na bainc, agus á chur i bhfios gurb ann don laige a sainaithníodh i bPróiseas Maoirseachta agus Meastóireachta (SREP) SAM 2020, inar díríodh ar an gcaoi a raibh na bainc ag déileáil le riosca a bhí nasctha le géarchéimeanna do chaipiteal agus do leachtacht, agus aird á tabhairt ar imthosca eisceachtúla a dhéanann difear do bhainc aonair; ag moladh an chur chuige spriocdhírithe chun faisnéis a bhailiú le haghaidh measúnú caipitil agus leachtachta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na caighdeáin is airde agus machaire comhréidh a achtú i measúnuithe ‘oiriúnacha agus cearta’ ar chomhaltaí boird na mbanc, atá á bhforléiriú ar bhealach éagsúil faoi láthair ar fud na mBallstát mar gheall ar thrasuí an-éagsúil na Treorach maidir le Ceanglais Chaipitil; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí tuilleadh comhchuibhithe sa réimse sin; ag áitiú nach mór measúnuithe cuí oiriúnacha ó na húdaráis inniúla a dhéanamh ex ante agus ní ex post i gcónaí; ag formhuiniú phlean BCE chun athbhreithniú a dhéanamh ar a threoir reatha maidir le measúnú cuí a dhéanamh in 2021 chun a ionchais mhaoirseachta maidir le cáilíocht chomhaltaí an bhoird a leagan amach; ag súil leis na tograí ó BCE maidir le pacáiste beart atá dírithe ar mhaoirseacht oiriúnach agus chuí a fheabhsú; ag spreagadh, ina leith sin, go ndéanfaí na ceanglais ‘oiriúnacha agus chearta’ a chomhtháthú sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil;
44. á thabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm leis an tástáil struis ar fud AE a seoladh an 29 Eanáir 2021 conairí caipitil na mbanc a thástáil i gcás ina mbeadh an cháilíocht sócmhainní ag dul in olcas i gcás timpeallacht ráta úis íseal; á iarraidh ar ÚBE raon feidhme na gcleachtaí tástála struis ina dhiaidh sin a mhéadú, toisc go meastar go bhfuil an sampla de 51 bhanc a roghnaíodh sa chleachtadh róchúng; á chur i bhfáth gur cleachtaí tábhachtacha iad tástálacha struis a reáchtáil agus, ag pointe ama iomchuí, athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní ar shampla rollach de LSInna chun muinín a chothú;
45. á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí SMA chun treoir agus soiléireacht a chur ar fáil do na bainc le haghaidh féinmheasúnaithe agus le tuairisciú iomchuí ar rioscaí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide; á chur i bhfáth go bhfuil gá le brú breise maoirseachta ar institiúidí airgeadais rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil a nochtadh mar is iomchuí; á mheas gur céim thábhachtach í tástáil struis SAM i ndáil le rioscaí aeráide chun meastóireacht a dhéanamh ar chleachtais na mbanc agus chun réimsí nithiúla feabhais a shainaithint; ag moladh, sa chomhthéacs sin, gur moladh treoir BCE maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil, lena bhfeabhsaítear cur chuige straitéiseach cuimsitheach chun dul i ngleic le rioscaí a bhaineann leis an aeráid; ag tacú leis an smaoineamh go n-ullmhóidh na bainc pleananna féinmheasúnaithe agus gníomhaíochta in 2021 agus go ndéanfar athbhreithniú maoirseachta ar ghníomhaíochtaí na mbanc in 2022; á mheas go gcaithfidh na féinmheasúnuithe agus na tuarascálacha sin a bheith comhsheasmhach le prionsabal na comhréireachta agus nár cheart go mbainfí an bonn ó chumas ná ó iomaíochas na mbanc; á thabhairt dá haire gur bhunaigh ÚBE tionscnamh chun cleachtadh píolótach uile-Aontais i ndáil le riosca aeráide a reáchtáil, agus á thabhairt dá haire go bhfuarthas amach sna torthaí gur gá tuilleadh nochta a dhéanamh maidir le straitéisí aistrithe agus astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) chun go mbeidh bainc agus maoirseoirí in ann an riosca aeráide a mheas ar bhealach níos cruinne; á mheabhrú go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar infheistíochtaí agus iasachtú i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-inbhuanaithe go mbeadh sócmhainní tréigthe nó infheistíochtaí báite ann;
46. ag tabhairt aird ar an ról tábhachtach atá ag ÚBE maidir le comhrac earnáil airgeadais AE i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a stiúradh agus a chomhordú agus maidir le faireachán a dhéanamh air; á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí BCE le dhá bhliain anuas feabhas a chur ar an malartú faisnéise idir an SAM agus maoirseoirí frithsciúrtha airgid/maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT) chun gnéithe AML a chur san áireamh ar bhealach níos fearr i mbearta maoirseachta stuamachta; á iarraidh go ndéanfaí an fhreagracht sin a mheaitseáil le cistiú agus acmhainní iomchuí; á chur in iúl gur díol sásaimh di tacaíocht ÚBE maidir le feidhmiú aonair chumhachtaí maoirseachta AML ar fud na mBallstát agus á iarraidh go ndéanfar gníomhaíochtaí breise chun a áirithiú go mbeidh maoirseacht AML/CFT riosca-bhunaithe, comhréireach agus éifeachtach; á chur i bhfios go bhfuil éagsúlachtaí ann i ndáil leis an gcur chuige maidir le maoirseacht AML/CFT ag údaráis náisiúnta agus le cur i bhfeidhm reachtaíocht AE, a bhféadfadh arbatráiste rialála teacht astu; ag moladh go ndéanfaí forálacha na Treorach maidir leis an Sciúradh Airgid a aistriú go páirteach ina rialachán; á chur in iúl gur oth léi nár thrasuigh roinnt Ballstát go hiomlán Treoracha IV agus V maidir leis an Sciúradh Airgid go fóill agus gur léirigh níos mó Ballstát easnaimh thromchúiseacha maidir lena gcur chun feidhme éifeachtach; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún le nósanna imeachta um shárú agus á iarraidh ar an gCoimisiún nósanna imeachta um shárú a sheoladh le haghaidh na gcásanna eile ina bhfuil easpa trasuímh agus cur chun feidhme AMLDanna; á thabhairt dá haire gur eisigh ÚBE an dara sainordú atá chun bunachar sonraí a fhorbairt maidir le AML, a mheastar a fhorbrófar in 2021, agus chun feabhas a chur ar chomhar agus ar mhalartú faisnéise i measc na n-údarás Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach ag coláistí AML do ghrúpaí trasteorann, ina bhfuil údaráis AML uile na ndlínsí ina n-oibríonn an grúpa, ó thaobh measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an grúpa ag feidhmiú i réimse AML;
47. á chur in iúl gur díol sásaimh di plean gníomhaíochta an Choimisiúin chun beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc, a foilsíodh an 7 Bealtaine 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún a phacáiste reachtach AML a ghlacadh go pras; ag áitiú ar an gCoimisiún togra a thíolacadh chun maoirseoir Eorpach AML a bhunú; á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdófaí le raon feidhme chreat AML eisitheoirí agus soláthraithe criptea-shócmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar Aonad Eorpach um Fhaisnéis Airgeadais (AFA) a chruthú;
48. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag an earnáil baincéireachta sa chomhrac i gcoinne na seachanta cánach; ag athdhearbhú sheasamh na Parlaiminte nach mór breis iniúchtaí agus breis riachtanas maidir leis an mbeartas ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí’a dhéanamh chun go mbeidh idirbhearta lena mbaineann tíortha in Iarscríbhinn I nó II de liosta na ndlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach;
49. á chur in iúl gur díol sásaimh di Pacáiste Airgeadais Dhigitigh an Choimisiúin; á mheas go bhfuil na tograí ón gCoimisiún maidir le margaí i gcriptea-shócmhainní agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach tráthúil, úsáideach agus riachtanach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart, in ainneoin go méadaítear na roghanna maoiniúcháin do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, gur cheart go gcaomhnófaí cosaint tomhaltóirí agus cobhsaíocht airgeadais leis an maoiniú digiteach;
50. á thabhairt dá haire gur tharraing an Ríocht Aontaithe as AE; ag aithint go bhfuil dul chun cinn déanta ag a lán bainc shuntasacha ina sprioc-mhúnlaí oibriúcháin tar éis Brexit mar a comhaontaíodh le SAM, agus ag tacú le hiarrachtaí SAM faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na samhlacha sin i réimsí na sócmhainní, na foirne agus na gcleachtas áirithinte; ag athdhearbhú, i gcomhthéacs athshuí gnó san Aontas, nach bhfuil institiúidí caocha folmha inghlactha sa limistéar euro; á mheas gur cheart aghaidh a thabhairt ar na lúba ar lár rialála atá ann cheana i gcreat dlíthiúil an Aontais chun an mhaoirseacht a neartú agus á mheabhrú gur ghlac SAM (BCE) freagracht dhíreach air féin as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar ghnólachtaí infheistíochta atá ábhartha go sistéamach ó tháinig an Rialachán athbhreithnithe maidir le Gnólachtaí Infheistíochta i bhfeidhm[42] i mí an Mheithimh 2021;
51. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé machaire comhréidh a choinneáil sa spás rialála agus sodar rialála go grinneall a chosc; á thabhairt dá haire sa chomhthéacs sin, maidir leis an Meabhrán Tuisceana idir BCE agus údaráis na Ríochta Aontaithe, bunaithe ar an teimpléad a chaibidligh ÚBE agus lena gcumhdaítear maoirseacht stuamachta lasmuigh de scéimeanna árachais agus pinsean, a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021, go soláthraítear bonn daingean leis don chomhar maoirseachta idir an Sásra Maoirseachta Aonair agus Údarás Rialála Stuamachta na Ríochta Aontaithe, lena ndírítear ar mhalartú faisnéise agus ar láimhseáil chómhalartach grúpaí baincéireachta trasteorann agus d’fhonn freagrachtaí a bhaineann le maoirseacht ar bhrainse a roinnt;
52. á thabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach cloí le prionsabal na comhréireachta má táthar chun maoirseacht a dhéanamh ar bhaincéireacht, go háirithe i gcás institiúidí níos lú;
Réiteach
53. ag glacadh leis go ndéanfar le tabhairt isteach cúlstad do CRA in 2022, dhá bhliain níos luaithe ná mar a beartaíodh ar dtús, i bhfoirm líne chreidmheasa imrothlach ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach, lena soláthrófar líontán sábhála le haghaidh réitigh bainc san Aontas Baincéireachta, go ndéanfar leis an creat bainistithe géarchéime a neartú agus ag glacadh leis gur céim thábhachtach é chun an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche; á thabhairt dá haire, le méadú suntasach CRA, mar aon leis an gcúlstad coiteann, go mbeidh rochtain ag BRA ar chistí comhcheangailte i bhfad os cionn leibhéal EUR |100 billiún; á thabhairt dá haire gur gá leanúint de na rioscaí sna córais bhaincéireachta a laghdú i gcomhthráth le bunú SEÁT;
54. Ag áitiú gur ar bhainc amháin atá an fhreagracht as a bhfeidhmíocht in ionad ligean do cháiníocóirí an t-ualach a bhaineann le creat bainistithe géarchéime a choinneáil;
55. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur oibrigh BRA i gcomhar le SMA go mionchúiseach maidir le cásanna gar don ghéarchéim, cé nach raibh sé de cheangal air gníomhaíocht réitigh a dhéanamh in 2020; á thabhairt dá haire go ndearna BRA bearta faoisimh agus solúbthacht a dheonú chun spriocanna eatramhacha ICDI a bhaint amach gan inréititheacht a chur i mbaol; á chur i bhfáth go bhfuil faisnéis maidir leis na bearta sin an-teoranta ar shuíomh gréasáin BRA; ag áitiú ar BRA an trédhearcacht a mhéadú agus, go háirithe, an treoir a bheidh á leanúint ag foirne réitigh inmheánacha (FRInna) a chur ar fáil don phobal agus bearta faoisimh a bhaineann le COVID-19 á gcur i bhfeidhm; á thabhairt dá haire gur eisíodh beartas ICDI 2020 arna fhorbairt ag BRA agus gurb ann do thuairisciú tiomnaithe do ICDI faoi chreataí BRRD; á chur in iúl gur mór aici an dul chun cinn atá déanta ar an timthriall reatha pleanála réitigh , agus á athdhearbhú go bhfuil socrú comhréireach ICDI ar cheann de na príomhghnéithe chun inréititheacht na mbanc a fheabhsú, agus cobhsaíocht airgeadais níos leithne á háirithiú ag an am céanna;
56. á chur i bhfios gur féidir leis an bhforluí atá ann cheana idir na ceanglais maidir le bearta luath-idirghabhála a úsáid agus cumhachtaí maoirseachta caighdeánacha BCE cur chun feidhme beart luath-idirghabhála a chosc; ag áitiú, sa chomhthéacs sin, gur cheart an forluí sin a bhaint agus ag glacadh leis go ndéanfar an bunús dlí do gach ionstraim a shoiléiriú chun a áirithiú go gcuirfear na bearta i bhfeidhm go cuí agus de réir a chéile; ag tacú, sa chomhthéacs sin, leis an moladh ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le tairseacha cainníochtaithe chun bearta luath-idirghabhála a spreagadh, trí leas a bhaint as gníomhaíochtaí meara maoirseachta, agus uathoibríocht á seachaint ag an am céanna;
57. á mheas go bhfuil sé riachtanach leachtú na mbanc sin a ndéanann BRA nó an t-údarás náisiúnta réitigh measúnú ina réiteach nach bhfuil aon leas poiblí ann a éascú; á thabhairt dá haire go bhféadfadh an straitéis ‘díol gnó’ a bheith ina huirlis thábhachtach a úsáidfidh BRA mar bhealach chun caillteanais i réiteach a íoslaghdú; ag aithint gur gá creat níos comhchuibhithe maidir le himeacht an mhargaidh i gcás dócmhainneachta chun nach bhfágfaí tada idir cheann na meá agus chun ailíniú a áirithiú maidir le ceadúnas bainc a tharraingt siar; ag aithint go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag bearta malartacha faoi scéimeanna ráthaithe taiscí (SRTanna) chun aistrithe leabhar taiscí a chistiú sna cásanna sin, go háirithe do bhainc bheaga agus mheánmhéide, fad is nach bhfuil siad díobhálach do chosaint taisceoirí agus go bhfuil cistiú leordhóthanach á dhéanamh acu ar an SRT, mar bhealach chun ranníocaíochtaí cáiníocóirí agus scriosadh luacha a íoslaghdú agus chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, agus d’fhéadfadh sé freisin, i gcásanna eile, an bhearna a líonadh idir an tarrtháil isteach 8 % ar rochtain ar an gciste réitigh agus ar an acmhainn iarbhír atá i gceist leis an mbanc gan caillteanas a aistriú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh idirghabhálacha den sórt sin faoi réir tástáil ar an gcostas is lú a chur i bhfeidhm go dian; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, tuilleadh soiléireachta a thabhairt don phrionsabal maidir leis an gcostas is lú agus do na coinníollacha maidir le cistí SRT a úsáid;
58. á thabhairt dá haire go bhfuil éagsúlacht reatha na gcóras dócmhainneachta ina cúis le héiginnteacht maidir le toradh na nósanna imeachta leachtaithe; den tuairim gur gá dlíthe dócmhainneachta banc a chomhchuibhiú tuilleadh chun go bhfeidhmeoidh an tAontas Baincéireachta go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó staidéar mionsonraithe a dhéanamh agus dul i gcomhairle leis na húdaráis náisiúnta agus leis na parlaimintí, machnamh a dhéanamh ar chomhchuibhiú breise a dhéanamh ar ghnéithe sonracha de na dlíthe náisiúnta dócmhainneachta atá ann cheana, chomh maith leis na coinníollacha maidir le cistiú seachtrach a úsáid, chun ailíniú dreasachtaí agus machaire comhréidh a áirithiú;
59. á mheas gurb inmholta, go háirithe, cur chuige spriocdhírithe a ghlacadh maidir le comhchuibhiú ordlathas na gcreidiúnaithe in imeachtaí dócmhainneachta bainc, chun raon feidhme an chistithe ó SRTanna i réiteach a mhéadú agus i mbearta seachas íocaíochtaí amach, fad a bheidh SRTanna maoinithe go leordhóthanach;
60. á mheas gur gá obair réitigh a dhéanamh do níos mó banc, lena gceanglaítear athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú ar leas an phobail chun trédhearcacht agus intuarthacht ex ante a mhéadú maidir leis an toradh a bhfuiltear ag súil leis, agus ar an gcaoi sin uirlisí réitigh a chur i bhfeidhm maidir le grúpa níos leithne banc, go háirithe bainc mheánmhéide, agus chun an tsoiléireacht is gá a chur ar fáil chun leibhéil níos comhleanúnaí agus níos comhréirí ICDI a áirithiú; á thabhairt dá haire go bhfuil obair leanúnach á déanamh ag BRA ina leith sin; á iarraidh go dtabharfaí aghaidh ar na neamhréireachtaí idir measúnuithe na bhfoirne réitigh inmheánacha ar fheidhmeanna criticiúla, mar a luaitear i dtuarascáil CIE 2021 maidir le pleanáil réitigh in SAM; á chur i bhfios go láidir, ina theannta sin, a riachtanaí atá sé féachaint an athuair go comhleanúnach ar na rialacha maidir le státchabhair agus ar Theachtaireacht 2013 ón gCoimisiún maidir le baincéireacht chun an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme agus feabhsú an chreata bainistithe géarchéime a léiriú agus chun comhsheasmhacht a bhaint amach maidir le ceanglais TTRB, agus aird chuí á tabhairt ar rialuithe a rinne Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le déanaí; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, gur mhol CIE in 2021 go gcomhlíonfadh BRA an Leabhar Rialacha Aonair trí bhacainní substainteacha ar inréititheacht a chinneadh i ngach plean réitigh agus trí phróiseas cuí a leanúint chun iad a bhaint;
61. ag tacú leis an smaoineamh machnamh a dhéanamh ar ról na bpleananna téarnaimh agus réitigh grúpa, chomh maith lena gcur chun feidhme praiticiúil, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an gcreat bainistithe géarchéime, d’fhonn cur chuige níos éifeachtúla a áirithiú maidir le deacrachtaí baincéireachta trasteorann a bhainistiú; á thabhairt dá haire gur eisíodh tograí chun an rogha a thairiscint do ghrúpaí baincéireachta go ndéanfadh fochuideachtaí agus máthairchuideachtaí comhaontú foirmiúil chun tacaíocht leachtachta a thabhairt dá chéile, agus chun an tacaíocht sin a nascadh lena bpleananna téarnaimh grúpa, chun úsáid na bhforálacha atá ann cheana a éascú ar bhealach cothrom óstach baile; den tuairim gur cheart d’údaráis inniúla a bheith rannpháirteach i bhforfheidhmiú na gcomhaontuithe foirmiúla sin nuair is gá; á thabhairt dá haire go bhféadfaí ICDI a chalabrú leis na pleananna téarnaimh agus réitigh grúpa sin agus go mbeadh fíor-riosca ag baint le rannchuidiú na mbanc leis na líontáin sábhála éagsúla, rud a léireodh an dóchúlacht go n-úsáidfear na líontáin sábhála sin faoin rogha straitéis bainistithe géarchéime;
Árachas taiscí
62. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh an leibhéal céanna cosanta ag taisceoirí ar fud an Aontais Baincéireachta dá gcoigilteas, is cuma cén áit a bhfuil a mbanc lonnaithe; á chur i bhfios go bhfuil sé mar aidhm le cur chun feidhme TSRT, lena ráthaítear suas le EUR 100 000 i dtaiscí baincéireachta, cur le leibhéal níos airde cosanta taiscí; ag aithint go ndearna an Coimisiún iarracht muinín na saoránach i gcosaint taiscí a neartú tuilleadh trí SEÁT a thabhairt isteach; ag aithint ag an am céanna a thábhachtaí atá SEÁT maidir le rannchuidiú leis an nasc idir stáit agus bainc a laghdú;
63. á chur i bhfáth a thábhachtaí a bhaineann le comhréireacht riosca na ranníocaíochtaí le SRTanna; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh rioscaí a bheith ann maidir le baol morálta agus saorthairbhiú mura mbeadh cur chuige rioscabhunaithe ann, agus go dtabharfadh na cinn choimeádacha fóirdheontas ar shamhlacha gnó amhantracha dá bharr; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór rannchuidiú le SEÁT amach anseo a bheith comhréireach le riosca; á chur i bhfios go bhfuil éagsúlachtaí fós idir rioscaí neamhghnácha in institiúidí éagsúla laistigh den Aontas Baincéireachta; ag athdhearbhú gur gá do gach ball den Aontas Baincéireachta TTRB agus an TSRT a thrasuí chun laghdú aonchineálach riosca a áirithiú ar fud an Aontais Baincéireachta;
64. á thabhairt dá haire go ndearnadh athbhreithniú ar chreat CMDI agus go bhfuil rogha idirmheánach ann le haghaidh SEÁT hibrideach mar chéad chéim i dtreo SEÁT a thabhairt chun lánchríche de réir thogra 2015 ón gCoimisiún, bunaithe ar an smaoineamh go mbeadh ciste lárnach nua ann agus cistí á gcoinneáil ar an leibhéal náisiúnta SRTanna mar aon le méadú comhréireach ar ról BRA; ag tarraingt aird ar na hidirnaisc láidre idir bainistiú géarchéime agus SEÁT agus ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt orthu le chéile chun athnáisiúnú an Aontais Baincéireachta a sheachaint agus machaire comhréidh a choinneáil; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, gur cheart féachaint leis an athbhreithniú ar CMDI feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar chomhsheasmhacht an chreata;
65. á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh céimeanna a ghlacadh chun an chaibidlíocht maidir le SEÁT a athsheoladh trí phlean oibre treochlár-bhunaithe; á iarraidh ar na Ballstáit gealltanas daingean a thabhairt chun comhaontú a bheidh i gcomhréir le leasanna an Aontais ina iomláine a bhaint amach; á dhearbhú a thiomanta atá sí oibriú i dtreo comhaontú maidir le SEÁT, agus é mar aidhm aici leanúint dá cuid oibre maidir le bearta laghdaithe riosca;
66. á iarraidh ar an gCoimisiún ról na scéimeanna cosanta institiúideacha a chur san áireamh mar is cuí i gcosaint agus i gcobhsú na n-institiúidí is comhaltaí;
°
° °
67. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta arna glacadh |
13.7.2021 |
|
|
|
Toradh an vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
40 6 12 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Lars Patrick Berg, Stefan Berger, Francesca Donato, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Eero Heinäluoma, Michiel Hoogeveen, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, France Jamet, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoş Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Manon Aubry, Herbert Dorfmann, Eugen Jurzyca, Eva Kaili, Margarida Marques, Jessica Polfjärd, Stéphane Séjourné |
40 |
+ |
PPE |
Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Herbert Dorfmann, Markus Ferber, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Sirpa Pietikäinen, Jessica Polfjärd, Ralf Seekatz, Inese Vaidere |
Renew |
Luis Garicano, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Caroline Nagtegaal, Dragoş Pîslaru |
S&D |
Marek Belka, Jonás Fernández, Eero Heinäluoma, Eva Kaili, Aurore Lalucq, Margarida Marques, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Joachim Schuster, Paul Tang, Irene Tinagli |
|
Sven Giegold, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Piernicola Pedicini, Kira Marie Peter-Hansen, Ernest Urtasun |
6 |
- |
ECR |
Michiel Hoogeveen |
ID |
Gunnar Beck, France Jamet, Jörg Meuthen |
NI |
Lefteris Nikolaou-Alavanos |
Renew |
Engin Eroglu |
12 |
0 |
ECR |
Lars Patrick Berg, Eugen Jurzyca, Johan Van Overtveldt, Roberts Zīle |
ID |
Francesca Donato, Valentino Grant, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni |
Renew |
Stéphane Séjourné, Stéphanie Yon-Courtin |
Grúpa ‘The Left’ |
Manon Aubry, José Gusmão |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0165.
- [2]https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/publications/annual-report/pdf/ssm.ar2020~1a59f5757c.en.pdf.
- [3]https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/publications/annual-report/pdf/ssm.ar2019~4851adc406.en.pdf.
- [4] IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.
- [5] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0265.
- [6] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0266.
- [7] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0110.
- [8] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0039.
- [9] https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/other/Report_on_a_digital_euro~4d7268b458.en.pdf
- [10] https://www.fsb.org/wp-content/uploads/P091020.pdf
- [11] https://www.bankingsupervision.europa.eu/ecb/pub/pdf/ssm.esbceuropeanbankingsupervisionresponsetoeuropeancommissionpublicconsultationdigitalfinancestrategyeuropefintechactionplan2020~b2e6cd0dc4.en.pdf
- [12] https://www.bankingsupervision.europa.eu/ecb/pub/pdf/en_ecb_2020_62_f_sign~6a404d7d9c..pdf
- [13] https://www.esrb.europa.eu/pub/pdf/reports/nbfi_monitor/esrb.202010_eunon-bankfinancialintermediationriskmonitor2020~89c25e1973.en.pdf
- [14] https://www.eba.europa.eu/sites/default/documents/files/document_library/Risk%20Analysis%20and%20Data/Risk%20Assessment%20Reports/2020/December%202020/961060/Risk%20Assessment_Report_December_2020.pdf.
- [15] Staidéar – Regulatory Sandboxes and Innovation Hubs for FinTech: Impact on innovation, financial stability and supervisory convergence [Boscaí Gainimh Rialála agus Moil Nuálaíochta don Teicneolaíocht Airgeadais: An tionchar ar an nuálaíocht, ar chobhsaíocht airgeadais agus ar chóineasú maoirseachta], Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha, An Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Meán Fómhair 2020.
- [16] https://www.eba.europa.eu/sites/default/documents/files/document_library/Risk%20Analysis%20and%20Data/Risk%20dashboard/Q4%202020/972092/EBA%20Dashboard%20-%20Q4%202020.pdf.
- [17] https://www.consilium.europa.eu/media/46978/joint-risk-reduction-monitoring-report-to-eg_november-2020_for-publication.pdf.
- [18] https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/library/jc_2021_27_jc_spring_2021_report_on_risks_and_vulnerabilities.pdf.
- [19] https://ec.europa.eu/info/consultations/finance-2021-crisis-management-deposit-insurance-review-targeted_ga.
- [20] https://srb.europa.eu/sites/default/files/efb_main_doc_final_web_0.pdf.
- [21] https://www.ecb.europa.eu/pub/pdf/scpops/ecb.op251~65a080c5b3.en.pdf
- [22] https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-13091-2020-INIT/ga/pdf
- [23] https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-8335-2020-ADD-1/en/pdf
- [24] https://srb.europa.eu/ga/node/1118.
- [25] https://www.fsb.org/wp-content/uploads/P010421-1.pdf
- [26] https://srb.europa.eu/ga/node/967
- [27] https://www.europarl.europa.eu/committees/ga/product/product-details/20201021CAN58122
- [28] https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/blog/2020/html/ssm.blog201009~bc7ef4e6f8.en.html
- [29] https://www.eba.europa.eu/sites/default/documents/files/document_library/News%20and%20Press/Press%20Room/Press%20Releases/2020/EBA%20acts%20to%20improve%20AML/CFT%20supervision%20in%20Europe/Report%20on%20CA%20approaches%20to%20AML%20CFT.pdf.
- [30] https://www.eba.europa.eu/sites/default/documents/files/document_library/Publications/Reports/2020/931093/EBA%20Report%20on%20the%20future%20of%20AML%20CFT%20framework%20in%20the%20EU.pdf.
- [31] https://www.bruegel.org/2020/12/can-the-gap-in-the-europes-internal-market-for-banking-services-be-bridged/
- [32] Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
- [33] Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
- [34] Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
- [35] Rialachán (AE) Uimh. 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
- [36] Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais IO L 317, 9.12.2019, lch. 1.
- [37] Rialachán (AE) 2020/873 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2019/876 a mhéid a bhaineann le coigeartuithe áirithe mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 (IO L 204, 26.6.2020, lch. 4).
- [38] IO C 224, 27.6.2018, lch. 45.
- [39] IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.
- [40] Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí, (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
- [41] Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO L 95, 21.4.1993, lch. 29).
- [42] Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).