TUARASCÁIL maidir leis an trédhearcacht agus an t-ionracas in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách AE a chur ar bun
28.7.2021 - (2020/2133(INI))
An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla
Rapóirtéir: Daniel Freund
Rapóirtéir don tuairim (*):
Stéphane Séjourné, An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
- TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
- IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM RIALÚ BUISÉADACH
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA
- FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA
PR_INI
CLÁR
Leathanach
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM RIALÚ BUISÉADACH
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an trédhearcacht agus an t-ionracas in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách AE a chur ar bun
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024, arna dtíolacadh an 10 Meán Fómhair 2019,
– ag féachaint do litir mhisin an 1 Nollaig 2019 ó Uachtarán an Choimisiúin chuig Věra Jourová, an Leas-Uachtarán ainmnithe um Luachanna agus um Thrédhearcacht;
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 ar thrédhearcacht, cuntasacht agus ionracas in institiúidí AE[1],
– ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 ar athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha[2],
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 9 agus 10, 13, 14, 15, 16 agus 17 de,
– ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 223(2), 245 agus 295 de,
– ag féachaint don Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal le cinneadh ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 arna leasú,
– ag féachaint don dréacht-chomhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach ar Chlár Trédhearcachta éigeantach,
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le creataí eiticiúla institiúidí iniúchta an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa,
– ag féachaint do chinneadh uaithi an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa (2005/684/CE, Euratom)[3],
– ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, go háirithe Rialacha 2, 10 agus 11, 176(1), Iarscríbhinn I, Airteagail 1 go 3, 4(6), 5 agus 6 agus Iarscríbhinn II,
– ag féachaint do na tuarascálacha bliantúla ón gCoiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí,
– ag féachaint do na tuarascálacha bliantúla maidir le cur i bhfeidhm an Chóid Iompair do Chomhaltaí den Choimisiún Eorpach, lena n-áirítear tuairimí an Choiste Eitice Neamhspleách,
– ag féachaint do na moltaí ón Ombudsman Eorpach san fhiosrúchán comhpháirteach ar ghearáin 194/2017/EA, 334/2017/EA agus 543/2017/EA maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an Coimisiún Eorpach le fostaíocht iar-Choimisinéirí agus iar-Uachtarán de chuid an Choimisiúin tar éis a sainorduithe agus maidir le ról a ‘Choiste Eitice’,
– ag féachaint do na moltaí ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), ó Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE) Chomhairle na hEorpa, agus ó ENRanna éagsúla,
– ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach, go háirithe Airteagail 11, 11(a), 12, 12(a), 12(b), 13, 15, 16, 17, 19, 21(a), 22(a), 22(c), 24, 27 agus 40 díobh,
– ag féachaint do chumhachtaí agus freagrachtaí an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla i bParlaimint na hEorpa, faoi mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn VI a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Achainíocha,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0260/2021),
A. de bhrí go sonraítear in CAE go ‘[n-urramóidh] an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach agus gheobhaidh na saoránaigh cóir chomhionann óna chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí’; de bhrí go dtugann sé sin le tuiscint go ndéantar cinntí poiblí ar mhaithe leis an leas coiteann;
B. de bhrí go bhfuil córas bunaithe leis na Conarthaí ina roinntear cumhachtaí i measc institiúidí an Aontais agus lena sanntar a ról féin do gach institiúid laistigh de struchtúr institiúideach an Aontais agus i bhfeidhmiú na gcúraimí a leagtar ar an institiúid sin;
C. de bhrí, cé go bhfuil an ceart chun ceannasachta eagraíochtúla ag gach institiúid den Aontas Eorpach, ní mór do gach institiúid den Aontas Eorpach na caighdeáin is airde neamhspleáchais agus neamhchlaontachta a chomhlíonadh;
D. de bhrí go leagtar amach creat rialachais Eorpaigh le CAE agus CFAE, ar creat é atá bunaithe ar dheighilt na gcumhachtaí, lena leagtar sios cearta agus oibleagáidí éagsúla do gach institiúid;
E. de bhrí go bhfuil ríthábhacht ag baint le neamhspleáchas, trédhearcacht agus cuntasacht institiúidí poiblí agus a n-ionadaithe tofa, a gCoimisinéirí agus a n-oifigeach, chun muinín na saoránach a chur chun cinn, a bhfuil gá léi ar mhaithe le feidhmiú dlisteanach institiúidí daonlathacha;
F. de bhrí go bhfuil na caighdeáin eiticiúla is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais chun cinn ar na caighdeáin is infheidhme maidir lena n-institiúidí coibhéiseacha náisiúnta ar go leor bealaí, ach nár forfheidhmíodh iad ar bhealach sásúil;
G. de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an chreata eiticiúil;
H. de bhrí gur colún de chuid aon rialtais dhaonlathaigh í muinín na saoránach as institiúidí poiblí agus as próisis chinnteoireachta agus go n-éilítear leis sin gur eiseamláirí iad, go mbeidh ionracas, trédhearcacht agus cuntasacht ag baint leo agus go mbeidh na caighdeáin is airde iompraíochta eitice acu;
I. de bhrí, mar gheall ar easpa tionchar míchuí ó ionadaithe sainleasa, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí íoctha a sholáthar d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, bronntanais nó cuirí taistil, go bhfuil ríthábhacht ag baint le cruthú ionchas i dtaca le fostaíocht thodhchaíoch nuair a thiocfaidh deireadh le sainordú Feisire nó nuair tar éis foirceannadh seirbhíse oifigigh, mar aon le húsáid mhíchuí faisnéise nó teagmhálaithe, ionas go n-áiritheofar nach ngabhfaidh leasanna príobháideacha próisis dhaonlathacha agus go n-urramófar cearta na saoránach go hiomlán;
J. de bhrí gurb é is cúis leis na heasnaimh i gcreat eitice reatha AE den chuid is mó ná go bhfuil sé ag brath ar chur chuige féinrialála, go bhfuil easpa dhlí coiriúil AE ann agus gur neamhleor na hacmhainní agus na hinniúlachtaí chun faisnéis a fhíorú; de bhrí gur gá go mbeadh bunús dlí soiléir ag aon fhorbairt ar chreat eitice AE agus deighilt na gcumhachtaí, faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí í, á hurramú; de bhrí go bhféadfaí rannchuidiú le neartú muiníne as institiúidí AE agus as a ndlisteanacht dhaonlathach trí chomhlacht eitice neamhspleách a chruthú;
K. de bhrí, mar thoradh air sin, go raibh cásanna iompraíochta ann a chruthaigh fadhbanna; de bhrí go gcuireann gach teagmhas d’iompraíocht neamh-eiticiúil agus míláimhseáil na gcásanna ag institiúidí AE an mhuinín atá ag saoránaigh na hEorpa as institiúidí AE i mbaol agus gur rannchuidigh siad go mór le damáiste a dhéanamh do chlú an Aontais Eorpaigh;
L. de bhrí go bhfuil feiniméan an ‘dorais imrothlaigh’ go háirithe ag dul i méid go mór; de bhrí gur bhfuil roinnt mhaith Coimisinéirí agus aon trian díobh siúd a bhí ina bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa ó 2014 go 2019 earcaithe ag eagraíochtaí agus curtha isteach i gClár Trédhearcachta na hEorpa; de bhrí go bhfuil baol ann leis sin go mbeadh ann do choinbhleacht leasa le réimsí dlisteanacha inniúlachta na mBallstát agus institiúidí AE agus go nochtfaí nó go mí-úsáidfí faisnéis rúnda, mar aon le baol go n-úsáidfeadh iar-bhaill foirne a ndlúth-theagmhálaithe pearsanta agus a gcairdeas le hiar-chomhghleacaithe chun críoch stocaireachta;
M. de bhrí go bhfuil creataí um chaighdeáin eitice atá ann faoi láthair ar leibhéal AE saincheaptha do shainiúlachtaí gach institiúide de chuid AE, a mbíonn próisis agus leibhéil éagsúla forfheidhmithe mar thoradh orthu, fiú ar Rialacháin Foirne chéanna an Aontais in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí éagsúla de chuid an Aontais, rud a fhágann go bhfuil córas casta ann atá deacair a thuiscint do shaoránaigh AE agus do na daoine sin a bhfuil orthu na rialacha a urramú araon;
N. de bhrí gur mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 uaithi, go bhfuil cúiseanna maithe ann le cineálacha cur chuige comhchuibhithe i roinnt mhaith réimsí maidir le saincheisteanna eiticiúla a láimhseáil taobh istigh d’institiúidí AE; de bhrí gur thug an tOmbudsman Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa foláireamh arís agus arís eile maidir le mórtheipeanna i mbeartais institiúidí AE maidir le coinbhleacht leasa a chosc; de bhrí gur chuir an tOmbudsman agus an Chúirt Iniúchóirí cúiseanna sonracha imní in iúl maidir le heaspa chreat eiticiúil comhchoiteann AE le nósanna imeachta agus cainéil tuairiscithe shoiléire; de bhrí go bhfuil baint ag an bhfadhb sin go háirithe le hobair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle, nach mór di aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa ardleibhéil, doirse imrothlacha agus rialacha trédhearcachta; de bhrí nach bhfuil rialacha eitice AE i gcomhréir le Treoirlínte ECFE maidir le Coinbhleacht Leasa a Bhainistiú sa tSeirbhís Phoiblí;
O. de bhrí go bhfuil sampla ‘Haute Autorité pour la Transparence de la Vie Publique’ sa Fhrainc tar éis a léiriú gur uirlis éifeachtach agus chumhachtach é comhlacht aonair neamhspleách atá freagrach as faireachán, forfheidhmiú agus ceadú rialacha eitice is infheidhme maidir le comhlachtaí poiblí chun laghdú marthanach ar iompraíocht mhí-eiticiúil a bhaint amach;
P. de bhrí gur ráthaíocht bhunúsach a thugann na Conarthaí do shaoránaigh AE í cothromaíocht na gcumhachtaí arna sannadh do na hinstitiúidí;
Q. de bhrí, le dúnghaois Meroni a d’fhorbair Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), go gceadaítear inniúlachtaí institiúidí AE a tharmligean do chomhlachtaí seachtracha, lena n-áirítear inniúlachtaí nach bhfeidhmítear go fóill; de bhrí, de réir CBAE, gur gá aon tarmligean inniúlachtaí a bheith teoranta agus nach féidir leis baint a bheith aige ach amháin le cumhachtaí dea-shainithe, ar gá dá n-úsáid a bheith go hiomlán faoi réir mhaoirseacht na n-institiúidí a tharmligeann na cumhachtaí agus nach féidir le cumhachtaí lánroghnacha a bheith i gceist a bhfuil baint acu le breithiúnas polaitiúil ionas nach gcuirfear cothromaíocht na gcumhachtaí idir na hinstitiúidí i mbaol;
R. de bhrí, de réir phrionsabal na tabhartha, nach féidir le hinstitiúidí cumhachtaí nach bhfuil acu féin a tharmligean trí bhíthin comhaontú idirinstitiúideach, mar shampla, i gcás ina ndéantar na cumhachtaí sin a thabhairt don Chúirt Iniúchóirí faoi na Conarthaí nó i gcás ina bhfuil na cumhachtaí sin fós ag na Ballstáit;
S. de bhrí, le linn dóibh a bheith ag scrúdú coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag na Coimisinéirí ainmnithe in 2019, gur chuir comhaltaí an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla béim ar theorainneacha suntasacha an nós imeachta reatha; de bhrí go n-áirítear leis na teorainneacha sin rochtain ar raon teoranta faisnéise, easpa ama chun scrúdú a dhéanamh, easpa cumhachtaí imscrúdaitheacha agus easpa tacaíochta ó shaineolaithe; de bhrí go bhforáiltear la hAirteagal 17(3) CAE go roghnófar comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh ‘as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras’;
T. de bhrí gur gá tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat eiticiúil dian reatha le haghaidh Coimisinéirí ionas go ndúnfar bearnaí reachtacha atá ann, amhail gan reacht Coimisinéirí a bheith ann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlúthnasc idir an próiseas sin agus grinnscrúdú agus formhaoirseacht pharlaiminteach agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá reacht Coimisinéirí a tharraingt suas i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh;
U. de bhrí gur thacaigh na príomh-iarrthóirí uile i dtoghcháin Eorpacha 2019 le cruthú comhlachta eitice neamhspleách a bheadh coiteann d’institiúidí uile AE; de bhrí gur thacaigh Uachtarán an Choimisiúin leis sin ina treoirlínte polaitiúla;
V. de bhrí go dtéann saoirse an tsainordaithe atá ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun leasa na saoránach ar a ndéanann siad ionadaíocht;
W. de bhrí gurb é ceann de phríomhfheidhmeanna na Parlaiminte arna leagan síos in CAE rialú polaitiúil a fheidhmiú;
X. de bhrí go gcumhdaítear baill foirne sna hinstitiúidí le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh;
1. á chreidiúint go bhféadfadh comhlacht eitice aonair neamhspleách AE cur chun feidhme comhsheasmhach agus iomlán caighdeán eitice a áirithiú ar bhealach níos fearr ar fud institiúidí AE chun go ráthófaí go ndéanfaí cinntí poiblí ar mhaithe leis an leas comhchoiteann agus le muinín na saoránach as institiúidí AE; á mholadh go dtabharfaí comhaontú idirinstitiúideach i gcrích bunaithe ar Airteagal 295 CFAE chun comhlacht eitice neamhspleách AE a chur ar bun a bheadh ann don Pharlaimint agus don Chomhairle agus a bheadh oscailte do rannpháirtíocht institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí uile AE, agus go gcuirfeadh an comhlacht sin oiliúint agus treoraíocht ghníomhach ar fáil do na hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí rannpháirteacha;
Prionsabail
2. á mheas gur gá go n-urramófaí na forálacha agus na prionsabail seo a leanas le forálacha an chomhaontaithe idirinstitiúidigh sin:
(a) prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirithítear bainistiú éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní an Aontais,
(b) prionsabal na tabhartha agus na deighilte cumhachtaí,
(c) an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh mar a leagtar síos le hAirteagal 15 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
(d) an smacht reachta agus prionsabail bhunúsacha Eorpacha amhail toimhde na neamhchiontachta, an ceart éisteacht a fháil agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta,
(e) Reacht na bhFeisirí agus, go sonrach saoirse an tsainordaithe atá cumhdaithe in Airteagal 2 de,
(f) gan dúbláil nó trasnaíocht a dhéanamh ar obair na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), an Ombudsman Eorpaigh, Chúirt Iniúchóirí na hEorpa nó CBAE,
(g) ceart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa arna chumhdach in Airteagal 226 CFAE;
3. á chreidiúint gur cheart don chomhlacht, faoi raon feidhme a chuid dualgas, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le faireachán agus iniúchadh, brath ar na cumhachtaí atá ag na hinstitiúidí cheana chun faisnéis a iarraidh ar a gcomhaltaí nó ar chomhaontú na n-údarás náisiúnta faisnéis a roinnt; á chur i bhfios go láidir go mbeidh Uachtarán na Parlaiminte, Choláiste an Choimisiúin nó údarás faoi seach institiúide rannpháirtí fós i seilbh na cumhachta cinnteoireachta deiridh go dtí go ndéanfar athbhreithniú féideartha ar na rialacha;
4. á mheas gur cheart go n-áiritheofaí leibhéal iomchuí trédhearcachta leis an nós imeachta a leanfaidh an comhlacht eitice neamhspleách AE agus na ráthaíochtaí nós imeachta arna sonrú i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á gcosaint agus gur cheart go n-áireofaí rialacha nós imeachta agus prótacal cosanta sonraí leormhaith sa chomhaontú idirinstitiúideach, lena dtagrófar don acquis atá ann cheana de phrionsabail chomhlachtaí eitice AE atá ann cheana, agus do chomhluachanna AE (Airteagal 2 CAE), do chearta an duine lena mbaineann éisteacht a fháil agus achomharc a dhéanamh, don oibleagáid comhoibriú agus do cheanglais foilseacháin;
Raon feidhme agus sainordú
5. á mheas gur cheart liosta cúraimí arna gcomhaontú a tharmligean do chomhlacht nua eitice AE i dtaca le rialacha eitice a mholadh agus comhairle a thabhairt ina leith do Choimisinéirí, d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus d’fhoirne na n-institiúidí rannpháirteacha roimh, le linn agus i gcásanna áirithe, tar éis a dtéarmaí oifige nó a seirbhíse i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear:
(a) Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (Airteagail 2 agus 3),
(b) Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (Rialacha 2, 10 (5, 6 agus 7) agus 11, 176(1), Iarscríbhinn I (Airteagail 1 go 8), agus Iarscríbhinn II),
(c) Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin (Airteagal 9), a Chód Iompair (Airteagail 2 go 13 agus Iarscríbhinn II), agus Cinneadh uaidh an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi chruinnithe arna dtionól idir comhaltaí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe, agus an cinneadh céanna i leith a Ard-Stiúrthóra,
(d) Airteagail 11, 11(a), 12, 12(a), 12(b), 13, 15, 16, 17, 19, 21(a), 22, 22(a), 22(c), 24, 26, 27, 40, 43, 86, 90, 91a agus Iarscríbhinn IX de na Rialacháin Foirne, le feidhm mutatis mutandis maidir leis na baill foirne uile arna bhfostú ag na gníomhaireachtaí más sínitheoirí den chomhaontú idirinstitiúideach iad,
(e) an comhaontú idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta éigeantach;
6. á chreidiúint gur cheart comhaltaí agus foirne na n-institiúidí rannpháirteacha a chumhdach leis an gcomhaontú roimh an téarma oifige nó seirbhíse, lena linn agus ina dhiaidh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; á mheas gur cheart go mbeadh feidhm ag an méid sin maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, le Coimisinéirí agus le foireann uile AE a thagann faoi raon feidhme na Rialachán Foirne;
7. á mheabhrú, a mhéid a bhaineann le daoine aonair arna gcumhdach leis na Rialacháin Foirne, go bhféadfaí an inniúlacht a tharmligean do chomhlacht eitice neamhspleách AE trí úsáid a bhaint as na clásail chumasúcháin in Airteagail 2(2) nó 9(1), nó iad araon, agus go mbeadh baint aige sin le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí eiticiúla, fad a bheadh na húdaráis cheapacháin fós ag déanamh forfheidhmiú ar oibleagáidí gairmiúla eile;
8. á áitiú gur cheart don chomhaontú idirinstitiúideach a bheith oscailte do rannpháirtíocht institiúidí agus chomhlachtaí uile AE; agus á thabhairt le fios go bhféadfadh na comhreachtóirí a chinneadh gníomhaireachtaí a cheangal trína rialacháin bhunaidh; á chreidiúint gur cheart go gceadódh an comhaontú idirinstitiúideach don chomhlacht eitice faisnéis a mhalartú le húdaráis náisiúnta i gcás inar gá chun a chúraimí a fheidhmiú, agus an fhaisnéis sin á láimhseáil ar bhealach chomh rúnda céanna leis an údarás tionscnaimh, ar faisnéis í amhail faisnéis chánach, cláir thalún agus sonraí atá i seilbh comhlachtaí eitice náisiúnta agus dea-chleachtais agus athbhreithnithe piaraí a fhiosrú; á mheas, gan dochar do na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i mír 2, agus i gcás inarb ábhartha le haghaidh fheidhmiú a chumhachtaí, gur cheart don chomhlacht eitice an fhéidearthacht a bheith aige dul i mbun comhar agus malartú faisnéise le comhlachtaí ábhartha AE amhail OLAF, OIPE, an tOmbudsman agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, faoi chuimsiú a sainorduithe ábhartha;
Inniúlachtaí agus cumhachtaí
9. á mheas, gan dochar don chothromaíocht idir na hinstitiúidí arna leagan síos ag na Conarthaí, gur cheart do na hinstitiúidí rannpháirteacha uile, faoi chuimsiú a neamhspleáchais faoi seach, ar thaobh amháin ról coisctheach a chur de chúram ar chomhlacht eitice AE, trí mhúscailt feasachta agus treoraíocht eiticiúil, agus, ar an taobh eile, ról comhlíontachta agus comhairleach a chur de chúram air, leis an gcumas moltaí maidir le cúrsaí eitice a eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa; á mheas gur cheart do na cumhachtaí cinnteoireachta a bheith fós ag an institiúid faoi seach go dtí go gcuirfear cumhachtaí cinnteoireachta de chúram ar chomhlacht eitice AE ar bhonn dlí cuí; á mheabhrú go dteorannófaí cúraimí chomhlacht eitice AE chun nach gcuimseofaí ach an liosta comhaontaithe de chúraimí arna dtarmligean ag na hinstitiúidí rannpháirteacha, agus go mbeidís, dá bhrí sin, gan dochar d’inniúlachtaí OLAF, OIPE agus na ndlínsí ábhartha agus go n-urramóidís iad go hiomlán, maidir le haon sárú ar dhlíthe a thiocfadh faoina n-inniúlachtaí; á chur i bhfáth, chun faireachán a dhéanamh ar ionracas, gur cheart don Pharlaimint staidéir a choimisiúnú go tráthrialta lena sainítear ionracas le tacar cuspóirí dea-shainithe agus táscairí feidhmíochta agus gur cheart di tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta;
10. á mheas gur cheart go n-áireofaí leis an acmhainneacht faireacháin sin, i measc gnéithe eile, an fhéidearthacht seiceáil a dhéanamh ar fhírinneacht an dearbhaithe maidir le leasanna airgeadais, ar cheart do dhaoine aonair cumhdaithe é a thíolacadh go díreach do chomhlacht eitice AE, agus don Pharlaimint freisin a mhéid a bhaineann le Coimisinéirí ainmnithe, chun a áirithiú go sroichfidh siad na daoine uile atá freagrach as grinnscrúdú daonlathach agus/nó poiblí a luaithe agus is féidir, faoi mar a shonraítear sna rialacha is infheidhme, agus go n-áireofaí láimhseáil coinbhleachtaí leasa, rialacha a bhaineann le gníomhaíochtaí stocaireachta, seiceálacha ar oibleagáidí trédhearcachta, lena n-áirítear sa nós imeachta reachtach, agus fíorú comhlíontachta i dtaca le forálacha uile na gcód iompair agus na rialacha is infheidhme maidir le trédhearcacht, eitic agus ionracas;
11. á thabhairt dá haire, laistigh d’institiúidí AE, go bhfuil sainmhínithe éagsúla ar an téarma ‘coinbhleacht leasa’ i bhforálacha éagsúla reachtacha agus forálacha eile arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa a chosc; á thabhairt dá haire go mbíonn nádúr comhthéacsúil agus athraitheach ag sainmhíniú agus nach ráthaítear le trédhearcacht iomlán nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann, ná nach ráthaítear go ndéanfar muinín an phobail a ghnóthú ná a mhéadú; á thabhairt dá haire gur réamhchoinníoll iad forfheidhmiú rialacha eiticiúla agus cuntasacht phoiblí maidir le coinbhleachtaí leasa le haghaidh mhuinín na saoránach as institiúidí poiblí;
12. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir coinbhleacht leasa a thagann chun solais le linn feidhmiú feidhme agus ceann a thagann chun solais níos déanaí, agus idir gníomhaíochtaí atá údaraithe má dhearbhaítear iad agus gníomhaíochtaí nach bhfuil údaraithe in aon chor;
13. á thabhairt le fios gur bhunaigh Parlaimint na hEorpa an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí mar an comhlacht atá freagrach as treoir a thabhairt do na Feisirí maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chóid Iompair; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Coiste Comhairleach measúnú freisin ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair agus go gcuireann sé comhairle ar an Uachtarán maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh; á mheas gur cheart do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla a thabhairt maidir le rialacha i ndáil le heitic agus forfheidhmiú na rialacha sin;
14. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí údarás a thabhairt do chomhlacht eitice AE freisin ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gClár Trédhearcachta, agus gur cheart dó féachaint le cosaint níos fearr a thabhairt do sceithirí agus bainistiú níos fearr a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa i gcás cásanna éillithe agus calaoise;
15. á mheas gur cheart an cúram a thabhairt do chomhlacht eitice AE tairseach phoiblí AE a fhorbairt le faisnéis ábhartha air maidir le rialacha eiticiúla, tuarascálacha maidir le dea-chleachtais, staidéir, agus staidreamh, mar aon le bunachar sonraí ina bhfuil dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais na n-institiúidí rannpháirteacha uile;
16. á áitiú gur cheart go mbeadh an ceart ag comhlacht eitice neamhspleách AE tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin agus imscrúduithe ar an láthair agus taifead-bhunaithe a sheoladh bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh bailithe aige nó a bheidh faighte aige ó thríú páirtithe, amhail iriseoirí, na meáin, ENRanna, sceithirí, an tsochaí shibhialta, nó an tOmbudsman Eorpach; á áitiú gur gá aon tríú páirtí a chuireann ábhar chuig an gcomhlacht eitice neamhspleách de mheon macánta a chosaint agus gur gá a gcéannacht a choinneáil anaithnid; á mheas, nuair a chuireann sé tús le himscrúdú ar a thionscnamh féin, gur gá don chomhlacht an duine lena mbaineann agus an t-údarás atá freagrach as smachtbhannaí a chur i bhfeidhm sna hinstitiúidí faoi seach a chur ar an eolas, trí theachtaireacht rúnda; á chreidiúint, i gcás mar sin, gur féidir le húdarás faoi seach na hinstitiúide, na gníomhaireachta nó an chomhlachta sin a éileamh go gcuirfeadh an comhlacht míniú ar fáil;
17. á chur i bhfáth gur idirghabhálacha sa dlí príobháideach é doiciméid chánach agus taifid bhainc a iarraidh, ar gá líomhaintí tromchúiseacha a bheith ann lena n-aghaidh, ar líomhaintí iad a thagann faoi inniúlacht OLAF;
18. á chur i bhfáth gur gá don chomhlacht sceithirí a chosaint, go háirithe oifigigh phoiblí Eorpacha, ionas gur féidir leo a n-ábhair imní a chur in iúl maidir le sáruithe féideartha ar na rialacha gan eagla roimh dhíoltas; á mholadh, i ndáil leis sin, gur cheart don chomhlacht maoirseacht a dhéanamh ar na sásraí gearáin inmheánacha agus rúnda faoi Rialacháin Foirne Oifigigh eile an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile; á chur i bhfáth nach mbeidh oifigigh phoiblí in ann a n-ábhair imní a chur in iúl agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le hobair an chomhlachta eitice neamhspleách a dhéanamh éifeachtach, ach amháin le timpeallacht oibre atá sábháilte agus cosantach;
19. á chreidiúint, ionas go mbeadh sé lán-éifeachtach, go ndéanfadh an comhlacht feidhmeanna na gcomhlachtaí atá ann cheana atá freagrach as eitic a chumasc; á mheas gur cheart don chomhlacht comhairle a chur ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa nó ar Choimisinéirí nuair a lorgaíonn siad treoir maidir le saincheisteanna eitice; á mheas gur cheart don chomhlacht moltaí maidir le smachtbhannaí a eisiúint chuig an Údarás Ceapacháin agus é ag plé le hoibleagáidí eiticiúla do bhaill foirne, agus, a mhéid a bhaineann le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le Coimisinéirí, gur cheart don chomhlacht moltaí a eisiúint chuig údaráis fhreagracha na n-institiúidí rannpháirteacha faoi seach; á mholadh go n-eiseodh an comhlacht eitice moltaí a d’fhéadfadh fónamh mar fhasaigh i gcásanna atá díreach mar an gcéanna nó atá comhchosúil; á mheas go n-áiritheofaí éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus intuarthacht leis sin agus go laghdófaí an t-ualach oibre go suntasach, go háirithe do chúrsaí foirne i gcás an iliomad cásanna comhchosúla a bheith ann;
20. á mheas gur cheart do chomhlacht eitice AE ionracas a chur chun cinn agus gur cheart cúraimí comhairleacha a chur de chúram air chun comhairle iontaofa ar féidir brath uirthi a chur ar fáil d’aon duine aonair nó institiúid atá cumhdaithe ag a raon feidhme ar mian leo léirmhíniú ar chaighdeán eitice a iarraidh i ndáil le hiompar iomchuí i gcás sonrach; á mheas, ionas go n-áiritheofar cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcaighdeán eitice agus intuarthacht, gur cheart go mbeadh comhairle ceangailteach ar chomhlacht eitice neamhspleách AE ina sheasamh ar an ábhar céanna;
21. á mheabhrú gur réamhchoinníoll riachtanach chun Coimisinéirí ainmnithe a cheapadh é deimhniú ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach ann d’aon choinbhleacht leasa agus go bhfuil cumhachtaí soiléire ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla diúltú do na Coimisinéirí ainmnithe má suíodh coinbhleacht leasa;
22. á mheabhrú go bhféadfaidh an Pharlaimint muinín as Comhalta aonair den Choimisiún a tharraingt siar, agus ina dhiaidh sin nach mór d’Uachtarán an Choimisiúin a éileamh go n-éireoidh an Comhalta sin as oifig nó nach mór dó nó di míniú a thabhairt ar dhiúltú déanamh amhlaidh os comhair na Parlaiminte sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, i gcomhréir le pointe 5 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2010;
23. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil buntábhacht institiúideach agus dhaonlathach ag baint le scrúdú a dhéanamh ar na dearbhuithe arna gcur isteach ag na Coimisinéirí ainmnithe d’fhonn coinbhleacht leasa a ghlacadh mar thátal agus gur cheart é a dhéanamh go han-chúramach, le tiomantas agus le freagracht, trí bhíthin léirmhíniú atá go hiomlán oibiachtúil, daonlathach agus neamhspleách; á chreidiúint gur cheart go mbeadh feidhm freisin ag na rialacha maidir le scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa féideartha maidir le dearbhú Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh;
24. á chur i bhfios go láidir gur inniúlacht institiúideach de chuid Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla na Parlaiminte fós é cinneadh a dhéanamh maidir le coinbhleachtaí leasa Coimisinéirí ainmnithe roimh éisteachtaí; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha iomchuí a thabhairt do chomhlacht eitice neamhspleách AE amach anseo, chomh maith leis an gcumhacht doiciméid riaracháin a iarraidh agus rochtain a fháil orthu, chun deis a thabhairt dó measúnuithe dea-réasúnaithe dea-dhoiciméadaithe a dhéanamh; á chur i bhfáth go bhfuil gá ann na rialacha maidir le rúndacht, príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh go hiomlán chun na himpleachtaí a bhaineann le coinbhleacht leasa a fhíorú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart tuilleadh ama a thabhairt don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus gur cheart go ndéanfadh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, agus a inniúlacht maidir leis an ábhar á coinneáil go hiomlán aige, cinneadh maidir le coinbhleacht leasa na gCoimisinéirí ainmnithe a bheith ann tar éis moltaí neamhcheangailteacha, beachta agus réasúnaithe a fháil ó chomhlacht neamhspleách eitice AE, arbh é an toradh a bheadh air a ghníomhaíocht a neartú; á mheas gur cheart don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla díospóireacht a thionól ar deireadh maidir leis na moltaí arna n-eisiúint ag comhlacht eitice neamhspleách AE; á mheas gur cheart na moltaí a fhoilsiú in éineacht le dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais na gCoimisinéirí ainmnithe; á mheas, sa bhreis ar an ngrinnscrúdú a dhéanann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar na dearbhuithe ó na Coimisinéirí ainmnithe, gur cheart scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa, go ginearálta sula rachfar i mbun oifig phoiblí nó fostaíochta, lena linn agus tar éis sin, do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart acmhainní, uirlisí agus scileanna leordhóthanacha a sholáthar dó ionas go mbeidh sé in ann cros-seiceáil a dhéanamh ar fhaisnéis riachtanach agus an fhaisnéis sin a aimsiú chomh maith le faisnéis chomhlántach a iarraidh i gcás inar gá;
Comhdhéanamh
25. á chreidiúint gur cheart don chomhlacht eitice a bheith comhdhéanta de naonúr comhaltaí, triúr arna roghnú ag an gCoimisiún, triúr arna dtoghadh ag an bParlaimint, agus triúr arna sannadh de jure as measc iar-bhreithiúna CBAE, na Cúirte Iniúchóirí agus iar-Ombudsmain AE; á chreidiúint, a mhéid a bhaineann le cúrsaí foirne, gur cheart ionadaithe foirne ó institiúid an duine lena mbaineann a áireamh; á thabhairt le fios gur cheart Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a leasú dá réir sin;
26. á mheas nach mór dá chomhaltaí a bheith neamhspleách, a bheith roghnaithe ar bhonn a n-inniúlachta, a dtaithí agus a gcáilíochtaí gairmiúla, mar aon lena n-ionracas pearsanta, taifead gan locht d’iompraíocht eiticiúil a bheith acu agus dearbhú maidir le heaspa coinbhleachtaí leasa a sholáthar; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart comhdhéanamh an chomhlachta a bheith cothrom ó thaobh inscne de; á chur i bhfios go láidir gur gá do na comhaltaí uile a bheith neamhspleách i bhfeidhmiú a ndualgas dóibh; á mheas gur cheart na comhaltaí a roghnú go ceann tréimhse sé bliana agus go ndéanfadh trian athnuachan uirthi gach dhá bhliain;
27. á iarraidh go nglacfadh oifigeach eitice ceannas ar fhíorú dhearbhuithe na n-iarrthóirí; á mheas gur cheart do chomhaltaí oibriú le chéile le meon comhoibrithe agus comhsheasmhachta ina gcuid anailísí agus moltaí; á iarraidh go ráthófaí cothromaíocht inscne i gcomhdhéanamh an chomhlachta;
28. á mheas gur cheart go mbeadh creat um fheidhmiú an tsainordaithe, mar aon le nós imeachta chun deireadh a chur leis an sainordú, ag gabháil le comhdhéanamh an chomhlachta eitice;
29. á mholadh, ionas go n-áiritheofar tacaíocht leathan, go dtoghfadh an Pharlaimint comhaltaí an chomhlachta le tacaíocht ó thromlach mór, b’fhéidir ar nós an nós imeachta chun comhaltaí den Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a cheapadh nó cinntí a dhéanamh maidir le Duais Sakharov;
30. á mholadh go roghnódh gach institiúid na comhaltaí sin go háirithe as measc iar-bhreithiúna CBAE, iar-uachtaráin OLAF agus na Cúirte Iniúchóirí, iarchomhaltaí nó comhaltaí reatha na gcúirteanna is airde sna Ballstáit, iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, iarbhaill foirne de na hinstitiúidí agus na comhlachtaí rannpháirteacha, iar-Ombudsmain AE, agus comhaltaí na n-údarás eitice sna Ballstáit; á mholadh, sa bhreis air sin, go dtoghfadh an comhlacht Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán as measc a chomhaltaí; á chur i bhfáth go bhfuil an méid sin gan dochar do cheart na bhfoirne a n-ionadaithe a eagrú iad féin a mhéid a bhaineann le cúrsaí foirne;
31. á chur i bhfáth gur gá éagsúlacht a áirithiú i gcúlraí agus i saineolas neamhspleách na gcomhaltaí; á mholadh go gcuirfí teorainn le rannpháirtíocht iar-FPEanna agus iar-Choimisinéirí ionas nach mbeidh iontu ach aon trian de chomhdhéanamh an chomhlachta;
32. á mholadh go dtacódh rúnaíocht leis an gcoláiste, ar rúnaíocht í a mbeadh acmhainní daonna, ábharacha agus airgeadais aici a bheadh ag teacht lena sainordú agus a cúraimí, lena n-áirítear oifigeach eitice, a bheadh freagrach as oiliúint eitice agus comhairle a thabhairt taobh istigh de chomhlacht eitice neamhspleách AE; á mheas go bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht in úsáid acmhainní agus go bhféadfadh sé go laghdófaí costais dá ndéanfaí buiséid agus pearsanra atá sannta do chomhlachtaí eitice éagsúla AE faoi láthair a chomhthiomsú agus na comhlachtaí sin á gcumasc;
Nósanna imeachta
33. á chreidiúint gur cheart go rannchuideodh cruthú chomhlacht eitice AE le cultúr institiúideach a fhothú a bheadh bunaithe ar bhonn bunúsach ar chosc, tacaíocht agus trédhearcacht; á mholadh, chuige sin, go mbeadh cur chuige dhá chéim ann, ina ndéanfadh comhlacht eitice AE, i gcás ina bhfaigheadh sé amach go raibh sárú nó sárú féideartha ann ar rialacha eitice, gníomhaíochtaí a mholadh, faoi spriocdháta, lena gcuirfí deireadh leis an sárú; á mheas gur cheart go n-áiritheofaí rúndacht agus ceart an duine éisteacht a fháil agus na líomhaintí a bhréagnú leis an gcéad chéim choisctheach sin; á mholadh, i gcás ina ndiúltaíonn an duine lena mbaineann gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh agus ina leanann an sárú ar aghaidh, go ndéanfadh comhlacht eitice AE moladh réasúnaithe maidir le bearta pionóis agus go dtarchuirfeadh sé an fhaisnéis ábhartha uile faoin gcás chuig an údarás inniúil, a chinnfeadh conas freagairt a thabhairt ar an moladh laistigh de 20 lá oibre;
34. á chreidiúint gur cheart an moladh réasúnaithe ón gcomhlacht neamhspleách eitice a phoibliú ag deireadh na tréimhse sin, gan dochar don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus cearta pearsanta, in éineacht le cinneadh an údaráis inniúil, ar cheart dó míniú a thabhairt mura leantar na moltaí go hiomlán; á mheas, mar chéad bheart, go bhféadfadh foilsiú nó cur ar aghaidh moltaí agus cinntí a bheith ina smachtbhanna ann féin; á chur i bhfáth nach féidir le comhlacht den sórt sin teacht in ionad CBAE; á mholadh, i gcásanna eisceachtúla, ina dtugann an t-údarás inniúil údar cuí le tuilleadh ama a bheith ag teastáil chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcás, go bhféadfaidh sé iarraidh ar an gcomhlacht eitice síneadh suas le 20 lá oibre a chur lena spriocdháta chun cinneadh a dhéanamh; á mheas gur cheart an cur chuige dhá chéim sin a chur i bhfeidhm aon uair nach bhfuil aon fhorais réasúnacha ann a chreidiúint gur ghníomhaigh an duine aonair de mheon mímhacánta agus á mholadh gur cheart go measfaí sárú d’aon ghnó, mórfhaillí, ceilt fianaise, neamhchomhlíonadh nó easpa comhair mar imthosca géaraitheacha, a mhéid a bhaineann le moltaí le haghaidh smachtbhannaí, fiú nuair a bheidh deireadh leis an sárú féin;
35. á iarraidh go mbeadh forálacha soiléire ann lena dtabharfaí ceart achomhairc don duine lena mbaineann i gcoinne cinneadh ar bith a dhéanfaidh an tUachtarán agus lánurraim á tabhairt do bhunphrionsabail an smachta reachta;
36. á chreidiúint, mar riail ghinearálta, gur cheart do chomhlacht eitice AE cinneadh a dhéanamh trí thromlach simplí dá chomhaltaí;
37. á áitiú gur gá na nósanna imeachta a leagtar síos sna Conarthaí a chur i bhfeidhm, amhail aistriú imscrúduithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chuig OLAF agus chuig CBAE;
Forálacha ginearálta
38. á chreidiúint gur cheart do chomhlacht eitice AE staidéir a sheoladh agus staidreamh bliantúil a thiomsú ar dhearbhuithe maidir le leasanna airgeadais, cásanna de dhoirse imrothlacha agus faisnéis ábhartha eile, agus gur cheart dó tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina mbeidh faisnéis maidir le comhlíonadh a chúraimí agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí chun caighdeáin eiticiúla a fheabhsú, a bheidh le cur faoi bhráid na Parlaiminte; á mholadh go n-áireofaí líon na gcásanna arna n-imscrúdú sa tuarascáil bhliantúil, mar aon leis na hinstitiúidí as ar tháinig na daoine aonair, na cineálacha sáruithe a bhí i gceist, fad na nósanna imeachta, an t-achar ama inar cuireadh deireadh leis an sárú, méid na smachtbhannaí a cinneadh agus na moltaí;
39. á chreidiúint gur cheart clásal athbhreithniúcháin a chur san áireamh sa chomhaontú idirinstitiúideach lena n-áiritheofaí go mbeadh institiúidí rannpháirteacha in ann, dhá bhliain tar éis a bhunaithe ar a dhéanaí, measúnú ar a ghníomhaíochtaí a ghlacadh, lena n-áirítear anailís ar fheidhmiú na rialacha agus na nósanna imeachta agus an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm; á chur i bhfáth, go háirithe, gur cheart don chlásal athbhreithniúcháin sin díriú ar mheasúnú ar éifeachtacht chur chun feidhme shainordú chomhlacht eitice AE, agus gur cheart do mheasúnú na Parlaiminte ionchur ón gcomhlacht eitice féin a chur san áireamh;
40. á mheas gur cheart go mbeadh sé d’inniúlacht ag comhlacht eitice nua an Aontais rannchuidiú, trí bhíthin tograí, le forbairt a dhéanamh ar chomhchreat eiticiúil d’institiúidí an Aontais agus lena thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, lena n-áirítear rialacha comhchoiteanna agus múnla coiteann le haghaidh dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais i bhformáid mheaisín-inléite agus togra chun a inniúlachtaí a leasú agus é a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa; á mheas gur cheart caighdeáin eiticiúla na n-institiúidí, na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí go léir a chomhchuibhiú a luaithe is féidir; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá reacht na gCoimisinéirí a tharraingt suas i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach;
41. ag moladh gur cheart don chomhlacht eitice neamhspleách oibriú chun sainmhíniú comhchoiteann a thabhairt ar choinbhleacht leasa d’institiúidí AE ar bhonn na gcaighdeán is airde; á chur i bhfáth go bhfuil rialacha diana ag a lán Ballstát; ag tabhairt dá haire sainmhíniú ECFE ar choinbhleacht leasa; ‘nuair atá duine aonair nó corparáid (bíodh sí ina corparáid phríobháideach nó ina corparáid rialtasach) in ann a ghairm nó a ngairm féin nó a cháil oifigiúil nó a gcáil oifigiúil féin a shaothrú ar bhealach éigin ar mhaithe le sochar pearsanta nó corparáideach’;
42. á iarraidh go mbeidh trédhearcacht iomlán ann maidir leis na cruinnithe uile a eagróidh an comhlacht eitice le gníomhaithe príobháideacha agus lena n-ionadaithe, agus a mbeidh baint acu leo, lena n-áirítear eagraíochtaí brabúis agus eagraíochtaí neamhbhrabúis araon;
43. á áitiú, gan dochar d’inniúlachtaí na Parlaiminte dá dtagraítear i mír 24, gur cheart go mbeadh bonn cirt cuí leis na moltaí ó chomhlacht eitice AE, go ndéanfaí iad a dhoiciméadú go maith agus go mbeidís ar fáil don chomhalta nó don chomhalta foirne agus don institiúid lena mbaineann; á chreidiúint gur cheart go dtabharfadh na hinstitiúidí rannpháirteacha gealltanas go gcomhoibreoidh siad go hiomlán sna nósanna imeachta uile a thagann faoi raon feidhme IIA arna chomhaontú, agus go háirithe gur cheart go ndéanfaidís an fhaisnéis agus na doiciméid uile is gá chun grinnscrúdú cuí a dhéanamh ar rialacha eiticiúla a chur in iúl do chomhlacht eitice neamhspleách AE; á chur i bhfios go mbeadh gníomhaíochtaí an chomhlachta eitice faoi réir gearáin a d’fhéadfaí a dhéanamh le Ombudsman AE, agus go leanfadh cinntí na n-institiúidí rannpháirteacha bunaithe ar na moltaí de bheith in-athbhreithnithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
44. á chreidiúint gur cheart feabhas a chur ar an tsláine, ar an trédhearcacht agus ar an gcuntasacht mar aon leis na caighdeáin is airde iompair eiticiúil in institiúidí an Aontais agus próisis chinnteoireachta an Aontais a bheith mar chuid de na hábhair a phléitear faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa; á chur i bhfáth gur deis é sin do shaoránaigh AE athbhreithniú ar an gConradh a chaibidil agus go n-áiritheodh sé sin go mbeadh bunús dlí soiléir ann chun comhlacht eitice neamhspleách sin AE do na hinstitiúidí uile a thabhairt isteach tríd an ngnáthnós imeachta reachtach;
45. á iarraidh go dtabharfaidh an comhlacht eitice neamhspleách dea-shampla ó thaobh na trédhearcachta de trí gach moladh, tuarascáil bhliantúil, cinneadh agus caiteachas a fhoilsiú i bhformáid sonraí oscailte meaisín-inléite a bheidh ar fáil do gach saoránach, agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme; ag moladh go láidir gur cheart aon bhogearraí a fhorbraítear chun cloí le caighdeáin eiticiúla i riarachán poiblí AE a chur ar fáil faoi cheadúnas bogearraí foinse oscailte saor in aisce agus go gcomhroinnfí iad le haon institiúid san Eoraip ar mian léi iad a úsáid; á iarraidh go mbeidh dlúthchomhar ann leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ina leith sin;
46. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéileálfar le cásanna coiriúla a bhaineann le sáruithe ar rialacha sláine, go háirithe na cásanna sin lena mbaineann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus polaiteoirí náisiúnta a bhfuil ról acu i gceapadh beartas AE, ar bhealach éifeachtúil agus gan moill mhíchuí;
°
° °
47. á chur in iúl gurb oth léi, agus é ina chúis imní di, go raibh easpa breithnithe agus bearta coisctheacha agus forfheidhmithe ann chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint i nós imeachta an Choimisiúin maidir le tairiscintí poiblí;
48. ag tabhairt dá haire gur léiríodh an iomarca laigí le cur i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair maidir le Coimisinéirí, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus oifigigh AE; á mheabhrú, i gcomhréir le tuarascáil ó Transparency International EU, go luath in 2017, go raibh níos mó ná 50 % d’iar-Choimisinéirí agus 30 % d’iar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a d’fhág an pholaitíocht ag obair d’eagraíochtaí atá cláraithe i gClár Trédhearcachta AE; á chur i bhfáth, go háirithe i gcás Feisirí tofa, go bhfuil gá le trédhearcacht agus cuntasacht maidir le gealltanais phearsanta agus airgeadais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil saincheisteanna trédhearcachta agus sláine ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta fite fuaite ina chéile; ag tacú, dá bhrí sin, leis an obair a dhéanann Grúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta (GSE), agus á iarraidh ar na Ballstáit a mholtaí a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd maidir le cód iompair docht a chruthú do pholaiteoirí náisiúnta agus rialacha a thabhairt isteach maidir le fostaíocht iarphoiblí;
49. á iarraidh go neartófar an creat rialála agus forfheidhmithe atá ann cheana le haghaidh coinbhleachtaí leasa fostaíochta réamhphoiblí agus iarphoiblí, chun teorainneacha iomchuí, soiléire agus comhréireacha a bhunú idir an earnáil phoiblí agus na hearnálacha príobháideacha agus neamhbhrabúis agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar chreidiúnacht chinnteoireacht AE i súile an phobail i gcoitinne;
50. á thabhairt chun suntais gur údair imní athfhillteacha de chineál córasach iad cásanna fostaíochta iarphoiblí agus coinbhleachtaí leasa an ‘dorais imrothlaigh’agus gur fadhb é is coiteann do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí ar fud AE; á mholadh go nglacfaidh institiúidí uile AE tréimhsí comhchuibhithe agus leormhaithe fuaraithe agus go neartófaí forfheidhmiú na dtréimhsí sin; á mheas go bhféadfadh cásanna coinbhleachta leasa sláine institiúidí agus ghníomhaireachtaí AE a chur i gcontúirt, agus ar an gcaoi sin dochar a dhéanamh do mhuinín na saoránach iontu; ag cur béim ar an ngá atá ann reachtaíocht ábhartha AE agus cóid iompair ábhartha an Aontais a ailíniú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear d’fhonn trédhearcacht iomlán a éileamh i ndáil leis an bhfostaíocht nó leis na tionscadail a ghlacann oifigigh ardleibhéil de chuid an Aontais tar éis dóibh an oifig phoiblí a fhágáil agus maidir le haon ghníomhaíochtaí imeallacha a dhéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc tar éis oifige poiblí nó fostaíochta poiblí a bheith infheidhme laistigh de thréimhse ama réasúnta agus na rialacha maidir le cúiteamh iomchuí á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá foghlaim ó na dea-chleachtais sna Ballstáit ina bhfuil údaráis eitice náisiúnta cheana féin a bhfuil saineolas ábhartha acu; á chur i bhfios go láidir gur ann do chleachtais náisiúnta éagsúla maidir le caighdeáin eiticiúla a fhorfheidhmiú; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear ar ionadaithe tofa i roinnt Ballstát staonadh ó vótáil ar shaincheisteanna a bhfuil leas pearsanta acu iontu agus dá réir sin á iarraidh ar na Feisirí staonadh ó bheith ina Rapóirtéirí i gcásanna comhchosúla; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 sa Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa;
51. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gearáin maidir le coinbhleachtaí leasa á láimhseáil ag an Ombudsman Eorpach in éagmais sásraí atá tiomanta don chúram sin sa bhreis ar a misin eile, agus gan an acmhainn ná an chumhacht chuí a bheith aige a cuid cinntí a fhorfheidhmiú;
52. á chur i bhfáth nach leor comhlacht eitice neamhspleách AE ann féin chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar chásanna coinbhleachta leasa laistigh d’institiúidí agus gníomhaireachtaí AE; á mheas go bhféadfadh a bheith ar áireamh san athbhreithniú ar rialacha AE bearta amhail tréimhsí fógra agus aistarraingthe oifigeach sinsearach a shíneadh ar bhonn comhréireach cás ar chás, agus fós cóir chomhionann a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, neartú Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí, dífheistiú éigeantach leasanna i ngnóthais atá faoi réir údarás na hinstitiúide ar ceapadh oifigeach nua di nó a bhfuil plé acu leis an institiúid sin, scaoileadh éigeantach leasanna i ngnóthais atá faoi réir údarás na hinstitiúide ar ceapadh oifigeach ina leith nó a bhfuil déileáil acu leis an institiúid sin, scaoileadh éigeantach agus iad ag déileáil le hábhair a dhéanann difear d’iarfhostóir san earnáil phríobháideach, nó a chuireann cosc ar úinéireacht stoic aonair a bheith ag Coimisinéirí agus oifigigh shinsearacha institiúidí agus gníomhaireachtaí AE agus iad in oifig; á iarraidh athuair ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil ábhartha a mholadh;
53. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim , má bhunaítear é ar nós imeachta oibiachtúil lena ngabhann critéir shoiléire, gur bearta dlíthiúla a bhfuil bonn cirt leo chun leas an phobail agus sláine comhlachtaí poiblí a chosaint iad tréimhsí ‘aistarraingthe’ níos faide d’oifigigh shinsearacha a fhágann gníomhaireacht nó institiúid;
54. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na nósanna imeachta chun oifigigh shinsearacha AE a cheapadh, láimhseáil coinbhleachtaí leasa na gCoimisinéirí agus sáruithe ar Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa , agus seiceálacha ar oibleagáidí trédhearcachta agus comhlíonadh rialacha maidir le doirse imrothlacha a fhíorú;
55. á mheas gur cheart d’institiúidí AE na caighdeáin eitice is airde a chur i bhfeidhm chun cásanna de dhoirse imrothlacha nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint, lena n-áirítear i ndáil le ceapacháin chun poist shinsearacha in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE;
56. á mheas gur cheart na nósanna imeachta chun iarrthóirí do phoist shinsearacha a roghnú a chur i gcrích ar bhonn critéar atá go hiomlán oibiachtúil agus gur cheart dóibh a bheith go hiomlán trédhearcach don phobal i gcoitinne; á thabhairt chun suntais gur cheart creat a bheith ann do cheisteanna agus d’agóidí, mar aon le nósanna imeachta leantacha oscailte agus an chumhacht cinntí a chur ar ceal a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil siad neamhdhóthanach ó thaobh trédhearcachta agus sláine de; á chur i bhfáth gur cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar na nósanna imeachta d’fhonn faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus feabhsuithe a chur i bhfeidhm nuair is gá;
57. á chur i bhfáth nach mór ról lárnach a bheith ag an bParlaimint sa phróiseas chun córas formhaoirseachta eitice reatha AE is infheidhme in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí uile AE a fheabhsú, chun muinín an phobail as próisis chinnteoireachta AE a mhéadú;
58. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
An gá atá le Comhlacht Eitice AE
Is príomhghnéithe d’aon chóras daonlathach atá ag feidhmiú go cuí iad na nithe seo a leanas: cearta comhionanna na saoránach, muinín na saoránach in institiúidí poiblí agus i bpróisis dhaonlathacha, ráthaíochtaí láidre go ndéantar cinntí poiblí ar mhaithe leis an leas ginearálta, agus iad bunaithe ar thorthaí agus ar thromlaigh pholaitiúla na dtoghchán, mar aon le sláine na n-oifigeach poiblí.
Tá gá le rialacha eitice gan cháim a fhorfheidhmítear go hiomlán agus a bhfuil feidhm acu maidir le hinstitiúidí poiblí agus oifigigh agus maidir le próisis chinnteoireachta.
In AE, tá caighdeáin eitice againn atá chun cinn ar rialacha náisiúnta agus réigiúnacha ar go leor bealaí. Ar an drochuair, braitheann córas formhaoirseachta eitice AE ar chur chuige féinrialála, agus air amháin. Ceapann gach institiúid a rialacha féin agus eagraíonn gach ceann acu forfheidhmiú na rialacha sin go hinmheánach, rud a fhágann forfheidhmiú rialacha eiticiúla gan a bheith scartha go docht ó phróisis pholaitiúla.
Ar deireadh, cuireann acmhainní daonna agus airgeadais agus inniúlachtaí an chórais reatha teorainn lena cumas faisnéis a fhíorú agus imscrúdú a dhéanamh ar chásanna sáruithe féideartha.
Sin é an chúis gur céim riachtanach é comhlacht eitice aonair neamhspleách de chuid AE chun a áirithiú go gcuirfear caighdeáin eitice chun feidhme go comhsheasmhach agus go hiomlán ar fud institiúidí AE. Trí inniúlachtaí agus acmhainní leordhóthanacha a bheith aige, atá ceaptha chun anailís neamhspleách a sholáthar, ráthódh comhlacht eitice AE gur próisis dhaonlathacha, agus iad siúd amháin a bheadh ina mbonn le cinntí poiblí, a dhéanfaí i bhfianaise an leasa choitinn agus chuideodh sé le muinín na saoránach sna hinstitiúidí Eorpacha a fháil ar ais agus a chaomhnú.
I dtoghcháin Eorpacha 2019, thacaigh na hiarrthóirí tosaigh go léir le Comhlacht Eitice Neamhspleách a chruthú a bheadh coiteann d’institiúidí uile AE; Gheall Uachtarán an Choimisiúin go mbeadh údarás eitice neamhspleách den sórt sin ann sular toghadh í agus chuir sí a bhunú de chúram ar an Leas-Uachtarán Věra Jourová ina dhiaidh sin. Thacaigh Parlaimint na hEorpa leis an dearcadh sin freisin le déanaí sa rún uaithi ar athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha 2019.
Is é is aidhm don tuarascáil seo tús a chur leis an obair a bhaineann le samhail a dhearadh a d’fhéadfadh a bheith inghlactha d’institiúidí uile an Aontais agus ag an am céanna na coinníollacha is gá a chur ar fáil chun a cúraimí a chomhlíonadh.
An tsamhail atá molta ag an Rapóirtéir:
• Bunús Dlí
Chun an Comhlacht Eitice Neamhspleách seo de chuid AE a chruthú, molann an Rapóirtéir go dtabharfaí comhaontú idirinstitiúideach i gcrích idir na hinstitiúidí rannpháirteacha, bunaithe ar Airteagal 295 CFAE, ar comhaontú é a thosóidh ar a laghad leis an bParlaimint agus leis an gCoimisiún agus a bheidh oscailte do rannpháirtíocht na n-institiúidí, na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí uile atá toilteanach a bheith páirteach ann tráth ar bith.
Roghnaítear an bunús dlí sin mar thoradh ar mheasúnú críochnúil ar na roghanna éagsúla a d’fhéadfaí a bheartú, amhail cumhachtú na struchtúr atá ann cheana amhail OLAF, Ombudsman AE nó an Chúirt Iniúchóirí nó úsáid a bhaint as bunús dlí difriúil (amhail 298 CFAE nó 352 CFAE).
Ó thaobh nós imeachta de, agus ó thaobh raon feidhme agus inniúlachtaí de, dealraíonn sé nach bhfuil aon cheann de na roghanna malartacha sásúil.
Dá bhrí sin, creideann an Rapóirtéir, ó thaobh dlíthiúil ach freisin ó thaobh praiticiúil de, gurb é úsáid a bhaint as IIA, bunaithe ar Airteagal 295 CFAE an bealach is fearr chun Comhlacht Eitice Neamhspleách AE a bhunú a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar chuid d’easnaimh an lae inniu agus a áirithiú go n-oibríonn córas formhaoirseachta eitice AE.
• Inniúlachtaí:
I gcomhréir le dúnghaois Meroni, molann an Rapóirtéir go mbeadh sé d’inniúlacht ag Comhlacht Eitice Neamhspleách AE faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcaighdeán eitice is infheidhme maidir leis na hinstitiúidí rannpháirteacha agus freisin go mbeadh cumhachtaí comhairleacha agus imscrúdaitheacha aige.
Ní bheadh an tsamhail sin ag brath ar chumhachtaí breise toisc go mbeadh na hinniúlachtaí uile a bheadh ag an gcomhlacht sin ann cheana agus faoi chúram na n-institiúidí lena mbaineann.
A mhéid a bhaineann le cúraimí comhairleacha , molann an Rapóirtéir go gcuirfí de chúram ar Chomhlacht Eitice Neamhspleách AE comhairle a chur ar aon duine aonair arna chumhdach ag a raon feidhme a iarrfadh léirmhíniú ar chaighdeán eiticiúil i ndáil le hiompraíocht ar leith.
Tugann an Rapóirtéir le fios freisin go bhféadfaí údarás a thabhairt do Chomhlacht Eitice Neamhspleách AE ar Chlár Trédhearcachta AE.
Ar deireadh, ba cheart go mbeadh cinntí Chomhlacht Eitice Neamhspleách AE faoi réir gearáin a d’fhéadfaí a dhéanamh le Ombudsman AE, agus freisin faoi réir athbhreithniú dlíthiúil ag Cúirt Bhreithiúnais AE;
• Comhdhéanamh:
Chun éifeachtúlacht agus sláine an chomhlachta nuachruthaithe a áirithiú, molann an Rapóirtéir go mbeadh Comhlacht Eitice Neamhspleách AE comhdhéanta de 9 gcomhalta neamhspleácha, a roghnóidh an Coimisiún triúr díobh, a dtoghfaidh an Pharlaimint triúr díobh agus ar comhaltaí de jure triúr díobh as measc iar-uachtaráin na Cúirte Breithiúnais, na Cúirte Iniúchóirí agus an Ombudsman.
Roghnódh gach institiúid na comhaltaí ar bhonn a n-inniúlachta, a dtaithí agus a gcáilíochtaí gairmiúla agus ar bhonn a n-ionracais phearsanta. Ba cheart taifead gan locht d’iompraíocht eiticiúil a bheith acu agus ba cheart dóibh a bheith saor ó aon choinbhleacht leasa. D’fhéadfaí na comhaltaí neamhspleácha sin a roghnú go sonrach as measc iarbhreithiúna CBAE, iarchomhaltaí nó comhaltaí reatha na gcúirteanna is airde sna Ballstáit, iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, iarbhaill foirne d’institiúidí agus comhlachtaí rannpháirteacha, iar-Ombudsmain AE, agus comhaltaí na n-údarás eitice sna Ballstáit. D’fhéadfadh an comhlacht Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán a thoghadh as measc a chomhaltaí.
Áitíonn an Rapóirtéir freisin gur cheart comhdhéanamh Chomhlacht Eitice Neamhspleách AE a bheith cothrom ó thaobh inscne de.
Thabharfadh rúnaíocht tacaíocht do Chomhlacht Eitice Neamhspleách AE, a mbeadh acmhainní daonna agus airgeadais aici a bheadh i gcomhréir lena cúraimí. Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhféadfadh comhthiomsú na n-acmhainní reatha atá i gceannas ar fhormhaoirseacht eitice ó na hinstitiúidí rannpháirteacha cur le héifeachtúlacht úsáid a n-acmhainní faoi seach.
• Nósanna imeachta éifeachtúla agus an chothromaíocht cheart idir rialacha rúndachta agus ceanglais trédhearcachta
Chun iarracht a dhéanamh ar an gcothromaíocht cheart a aimsiú idir rúndacht faisnéise áirithe agus trédhearcacht, molann an Rapóirtéir go bhféadfadh Comhlacht Eitice Neamhspleách AE cur chuige dhá chéim a chur i bhfeidhm, i gcás sárú nó sárú a d’fhéadfadh a bheith ann.
Sa chur chuige sin, i gcás ina bhfaigheadh an comhlacht amach go raibh sárú nó sárú féideartha ann ar rialacha eitice, dhéanfadh sé gníomhaíochtaí a mholadh lena gcuirfí deireadh leis an sárú; Ba cheart go n-áiritheofaí rúndacht agus ceart an duine éisteacht a fháil leis an gcéim choisctheach sin. Réiteofaí cásanna ina mbeadh daoine aonair, de mheon macánta agus de dhearmad, ag sárú na rialacha eitice is infheidhme agus ina gcuirfidís chun feidhme moltaí chomhlacht eitice an Aontais deireadh a chur leis an sárú.
I gcás ina ndiúltódh daoine aonair gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh, ba cheart go ndéanfadh Comhlacht Eitice Neamhspleách AE faisnéis ábhartha maidir leis an gcás a chur ar fáil go poiblí agus ba cheart go ndéanfadh sé moladh, más iomchuí, maidir le smachtbhannaí.
Conclúid:
Creideann an Rapóirtéir go bhfuil an chothromaíocht cheart bainte amach ag an tsamhail idir éifeachtúlacht an chomhlachta, a dtabharfar inniúlachtaí iomchuí dó, agus indéantacht an tionscadail, a bheidh fónta ó thaobh an dlí de agus nach féidir leis brath ach amháin ar dhea-thoil institiúidí AE.
Nuair a chomhaontaítear é, cuirfidh an comhaontú idirinstitiúideach sin ar chumas an Aontais sásra lánfheidhme a bheith aige chun a áirithiú go gcloífear go hiomlán le caighdeáin eiticiúla agus go n-urramófar na luachanna agus na prionsabail a chuireann siad in iúl i saol laethúil ár nAontais.
IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Rinneadh an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an dréacht-tuarascáil á hullmhú:
Eintiteas agus/nó duine |
Transparency International (TI EU) 1.12.2020 |
Corporate Europe Observatory 1.12.2020 |
Access Info Europe 1.12.2020 |
The Good Lobby 1.12.2020 |
Europe’s Media Lab 19.11.2020 |
Transparency International Beirlín-Brandenburg 17.11.2020 |
Markus Frischhut, MCI Management Center Innsbruck |
Transparency International Ireland 5.03.2020 |
Transparency International Ireland 12.05.2020 |
Haute Autorité pour la Transparence de la Vie Publique |
Coimisinéir Eitice Cheanada |
Society of European Affairs Professionals (SEAP) 20.05.2020 |
Bundesverband der Deutschen Industrie e.V. (BDI) 7.02.2020 |
Alberto Alemanno, HEC Pháras |
Aonad um Eitic an Choimisiúin Eorpaigh, Dea-Riarachán & Caidreamh leis an Ombudsman Eorpach (SG.DSG1.C.2) |
Coiste Comhairleach Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gCód Iompair do na Feisrí |
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA (25.2.2021)
chuig an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla
maidir leis an trédhearcacht agus an tsláine in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid AE a chur ar bun
Rapóirtéir don tuairim (*): Stéphane Séjourné
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
MOLTÁÍ
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á thabhairt dá haire, laistigh d’institiúidí AE, go bhfuil sainmhínithe éagsúla ar an téarma ‘coinbhleacht leasa’ i bhforálacha éagsúla reachtacha agus forálacha eile arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa a chosc; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart an téarma sin a thuiscint go haonfhoirmeach mar choinbhleacht idir dualgas poiblí príobháideacha – lena dtugtar le tuiscint cuntasacht ghairmiúil agus oifigiúil – agus leasanna oifigigh phoiblí, ina bhfuil leasanna ag an oifigeach poiblí nó an cinnteoir poiblí i gcáil phríobháideach a d’fhéadfadh tionchar míchuí a imirt ar fheidhmiú na ndualgas agus na bhfreagrachtaí oifigiúla a thagann faoina bhfreagracht; á thabhairt dá haire, áfach, gur de chineál comhthéacsúil agus athraitheach é sainmhíniú den chineál sin agus nach ráthaítear le trédhearcacht iomlán nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann, ná nach ráthaítear go ndéanfar muinín an phobail a ghnóthú ná a mhéadú; á thabhairt dá haire gur réamhchoinníoll iad forfheidhmiú rialacha eiticiúla agus cuntasacht phoiblí le haghaidh coinbhleachtaí leasa le haghaidh muinín na saoránach in institiúidí poiblí;
2. á thabhairt dá haire go bhfuil iliomad cur chuige dlíthiúil ann cheana maidir le brí agus infheidhmeacht choincheap na coinbhleachta leasa; ag tarraingt aird ar an imní mhór atá ar institiúidí AE feabhas a chur ar éifeachtacht na gcaighdeán agus na rialacha lena rialaítear eitic agus trédhearcacht; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil cur chuige ilroinnte ag na hinstitiúidí Eorpacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus go gcuireann gach institiúid a rialacha féin i bhfeidhm; á mheas go bhféadfadh bunú comhlachta eitice neamhspleách de chuid an Aontais rannchuidiú le léirmhíniú comhchuibhithe ar na rialacha atá ann cheana agus le cur chun feidhme na rialacha sin a neartú; ag tabhairt le fios go bhfuil an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí bunaithe ag Parlaimint na hEorpa mar an comhlacht atá freagrach as treoir a thabhairt do na Feisirí maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chóid Iompair; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Coiste Comhairleach measúnú freisin ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair agus go gcuireann sé comhairle ar an Uachtarán maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh; á mheas gur cheart do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla a thabhairt maidir le rialacha i ndáil le heitic agus forfheidhmiú na rialacha sin;
3. á mheabhrú gurb é an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla an coiste atá freagrach as coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag na Coimisinéirí ainmnithe a scrúdú, as Reacht na bhFeisirí agus Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh agus as pribhléidí agus díolúintí agus as fíorú dhintiúir na bhFeisirí, mar a shonraítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa; á mheabhrú gur réamhchoinníoll riachtanach chun Coimisinéirí ainmnithe a cheapadh é deimhniú ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach ann d’aon choinbhleacht leasa agus go bhfuil cumhachtaí soiléire ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla diúltú do na Coimisinéirí ainmnithe má suíodh coinbhleacht leasa; á chur i bhfios gur cheart an fhoráil sin a léamh in éineacht leis na caighdeáin eiticiúla a leagtar amach in Airteagal 17(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina bhforáiltear nach mór Comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh a roghnú ‘ó dhaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras’;
4. á mheabhrú go bhféadfaidh an Pharlaimint muinín as Comhalta aonair den Choimisiún a tharraingt siar, agus ina dhiaidh sin nach mór d’Uachtarán an Choimisiúin a éileamh go n-éireoidh an Feisire sin as oifig nó nach mór dó nó di míniú a thabhairt ar dhiúltú déanamh amhlaidh os comhair na Parlaiminte sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, i gcomhréir le pointe 5 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 20 2010[4];
5. á thabhairt dá haire, maidir le comhaltaí an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla béim, le linn dóibh a bheith ag scrúdú coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag na Coimisinéirí ainmnithe in 2019, gur chuir siad béim ar theorainneacha móra an nós imeachta reatha; á thabhairt dá haire, thairis sin, go n-áirítear leis na teorainneacha sin rochtain ar raon teoranta faisnéise, easpa ama le haghaidh scrúdaithe, easpa cumhachtaí imscrúdaitheacha agus easpa tacaíochta ó shaineolaithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil buntábhacht institiúideach agus dhaonlathach ag baint le scrúdú a dhéanamh ar na dearbhuithe arna gcur isteach ag na Coimisinéirí ainmnithe d’fhonn coinbhleacht leasa a ghlacadh mar thátal agus gur cheart é a dhéanamh go han-chúramach, le tiomantas agus le freagracht, trí bhíthin léirmhíniú atá go hiomlán oibiachtúil, daonlathach agus neamhspleách; á chreidiúint gur cheart go mbeadh feidhm freisin ag na rialacha maidir le scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa féideartha maidir le dearbhú Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh;
6. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim freisin, chun go mbeidh an scrúdú sin iomlán agus cruinn agus chun go bhféadfaí coinbhleacht leasa a eisiamh, gur minic faisnéis agus doiciméid, a théann thar dhearbhú Coimisinéirí ainmnithe maidir le leasanna airgeadais ina fhoirm reatha a bheith bunriachtanach agus gur cheart go mbeifí in ann a fhíorú go córasach an bhfuil an fhaisnéis iomlán, cruinn agus cothrom le dáta; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha iomchuí a thabhairt do chomhlacht eitice neamhspleách AE amach anseo, chomh maith leis an gcumhacht doiciméid riaracháin a iarraidh agus rochtain a fháil orthu, chun deis a thabhairt dó measúnuithe dea-réasúnaithe dea-dhoiciméadaithe a dhéanamh; á chur i bhfáth gur cheart comhlacht eitice AE neamhspleách a bheith in ann smachtbhannaí a fhorchur i gcás moilleanna nach bhfuil údar cuí leo nó i gcás diúltú faisnéis a chur ar fáil; á chur i bhfáth gur gá na rialacha maidir le rúndacht, príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh go hiomlán chun na himpleachtaí a bhaineann le coinbhleacht leasa a fhíorú;
7. á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart go dtabharfaí a dhóthain ama don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, i gcomhar le comhlacht eitice neamhspleách AE, chun meastóireacht a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart acmhainní, uirlisí agus scileanna leordhóthanacha a sholáthar dó ionas go mbeidh sé in ann cros-seiceáil a dhéanamh ar fhaisnéis riachtanach agus an fhaisnéis sin a aimsiú chomh maith le faisnéis chomhlántach a iarraidh i gcás inar gá;
8. á mheas, i bhfianaise a shofaisticiúla agus a chasta atá an fhreagracht sin, gur cheart go mbeadh scrúdú agus suí coinbhleachta leasa féideartha na gCoimisinéirí ainmnithe arna ndéanamh ag Parlaimint na hEorpa a bheith daonlathach agus go ndéanfaí é ar bhealach neamhspléach agus córasach, le cabhair ó chomhlacht eitice AE ag a bhfuil an saineolas agus an taithí ábhartha; á mheas gur cheart do chomhlacht eitice neamhspleách AE amach anseo a chúraimí a dhéanamh leis an leibhéal is airde neamhspleáchas maidir lena chomhdhéanamh, lena bhuiséad agus leis na cumhachtaí imscrúdaitheacha iomchuí atá aige; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na hinstitiúidí rannpháirteacha go léir dóthain foirne agus acmhainní a leithdháileadh ar chomhlacht neamhspleách eitice AE a bheidh ann amach anseo le haghaidh measúnú gairmiúil cás ar chás arna dhéanamh ag saineolaithe ar choinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ag Coimisinéirí, agus b’fhéidir ag Feisirí na Parlaiminte agus ag oifigigh ardchéime AE;
9. á thabhairt chun suntais gur údair imní athfhillteacha de chineál córasach iad cásanna fostaíochta iarphoiblí agus coinbhleachtaí leasa an ‘dorais imrothlaigh’agus gur fadhb é is coiteann do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí ar fud AE; á mholadh go nglacfaidh institiúidí uile AE tréimhsí comhchuibhithe agus leormhaithe fuaraithe agus go neartófaí forfheidhmiú na dtréimhsí sin; á mheas go bhféadfadh cásanna coinbhleachta leasa sláine institiúidí agus ghníomhaireachtaí AE a chur i gcontúirt, agus ar an gcaoi sin dochar a dhéanamh do mhuinín na saoránach iontu; ag cur béim ar an ngá atá ann reachtaíocht ábhartha AE agus cóid iompair ábhartha an Aontais a ailíniú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear d’fhonn trédhearcacht iomlán a éileamh i ndáil leis an bhfostaíocht nó leis na tionscadail a ghlacann oifigigh ardleibhéil de chuid an Aontais tar éis dóibh an oifig phoiblí a fhágáil agus maidir le haon ghníomhaíochtaí imeallacha a dhéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc tar éis oifige poiblí nó fostaíochta poiblí a bheith infheidhme laistigh de thréimhse ama réasúnta agus na rialacha maidir le cúiteamh iomchuí á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá foghlaim ó na dea-chleachtais sna Ballstáit ina bhfuil údaráis eitice náisiúnta cheana féin a bhfuil saineolas ábhartha acu; á chur i bhfios go láidir gur ann do chleachtais náisiúnta éagsúla maidir le caighdeáin eiticiúla a fhorfheidhmiú; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear ar ionadaithe tofa i roinnt Ballstát staonadh ó vótáil ar shaincheisteanna a bhfuil leas pearsanta acu iontu agus dá réir sin á iarraidh ar na Feisirí staonadh ó bheith ina Rapóirtéirí i gcásanna comhchosúla; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 sa Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa;
10. ag ceistiú gur fhormheas an Coimisiún le déanaí an t-iar-Choimisinéara Oettinger a bheith á fhostú ag an ngnólacht comhairliúcháin idirnáisiúnta Kekst CNC, gnólacht comhairleachta arb é Philip Morris International a chliant bolscaireachta is mó de chuid AE, arb é atá ann ná10ú post iar-Choimisinéara an Uasail Oettinger a formheasadh le níos lú ná bliain amháin;
11. á mheas, ionas go mbeadh saineolas cuí le fáil aige, gur cheart struchtúr buan, neamhspleách agus coláisteach a bheith ag comhlacht eitice neamhspleách AE, agus go bhféadfadh sé go n-áireofaí ar chomhaltaí an chomhlachta sin daoine a bhfuil poist shonracha acu lena ráthaítear gairmiúlacht agus neamhspleáchas, amhail post iar-Uachtarán nó iarbhreithiúna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), nó a bheith bunaithe ar ainmniú nó toghadh saineolaithe ag institiúidí uile AE agus comhlachtaí ábhartha amhail an tOmbudsman Eorpach, OLAF nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa; á mheas, thairis sin, nach mór do chomhdhéanamh chomhlacht eitice neamhspleách AE comhionannas inscne a áirithiú agus ráthaíochtaí a thabhairt maidir le neamhspleáchas, neamhchlaontacht, macántacht, ionracas agus taithí;
12. á chur i bhfios go láidir, áfach, gur inniúlacht dhaonlathach agus institiúideach i bParlaimint na hEorpa fós é an measúnú ar neamhspleáchas na gCoimisinéirí ainmnithe; á mholadh, dá bhrí sin, agus a inniúlacht maidir leis an ábhar á coinneáil go hiomlán, go ndéanfadh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla cinneadh maidir le coinbhleacht leasa na gCoimisinéirí ainmnithe a bheith ann tar éis moltaí neamhcheangailteacha, poiblí, beachta agus spreagtha a fháil ó shainchomhlacht comhairleach neamhspleách den sórt sin, arbh é an toradh a bheadh air a ghníomhaíocht a neartú; á mheas gur cheart don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla díospóireacht a thionól ar deireadh maidir leis na moltaí arna n-eisiúint ag comhlacht eitice neamhspleách AE; á mheas, sa bhreis ar an ngrinnscrúdú a dhéanann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar na dearbhuithe ó na Coimisinéirí ainmnithe, gur cheart scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa, go ginearálta roimh oifig phoiblí nó fostaíochta, lena linn agus ina dhiaidh, do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais;
13. á chreidiúint gur cheart i gcomhthráth lena fheidhmeanna comhairleacha i ndáil le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag na Coimisinéirí ainmnithe, ról tacaíochta níos leithne a thabhairt do chomhlacht eitice neamhspleách AE maidir le scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa sna hinstitiúidí Eorpacha agus sna gníomhaireachtaí Eorpacha i gcoitinne, agus ról coisctheach á imirt ar bhealach comhlántach agus cothrom, ar lámh amháin, trí chumhachtaí múscailte feasachta agus treoracha eiticiúla, agus, ar an lámh eile, ról comhlíontachta agus forfheidhmithe maidir le coinbhleachtaí leasa; á mholadh gur cheart do chomhlacht eitice neamhspleách an Aontais tacú le cur chun feidhme comhleanúnach na rialacha faoi seach agus a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme go comhleanúnach agus go mbeadh sé mar aidhm aige na caighdeáin eiticiúla is airde a bhaint amach, agus ar an gcaoi sin muinín an phobail a mhéadú agus leibhéal na trédhearcachta agus na sláine a ardú i measc Chomhaltaí agus fhoireann institiúidí an Aontais; á mholadh go n-oibreodh comhlacht neamhspleách eitice amach anseo chun caighdeáin eiticiúla a chomhchuibhiú agus cineál sonrach agus dúshláin shonracha gach institiúide á gcur san áireamh ag an am céanna;
14. á mheas go n-éilíonn cultúr institiúideach atá bunaithe go bunúsach ar chosc, ar thacaíocht agus ar thrédhearcacht dlúthchomhar leis na comhlachtaí agus na hinstitiúidí éagsúla atá faoi réir maoirseachta; á mheas go bhféadfaí, in am trátha, na seirbhísí inmheánacha riaracháin atá freagrach as saincheisteanna eiticiúla a chlaochlú ina bpointí teagmhála atá freagrach as an gcaidreamh leis an gcomhlacht eitice Eorpach; á chur i bhfáth gur cheart deis a thabhairt do chomhlacht eitice neamhspleách AE tús a chur le himscrúduithe ar a thionscnamh féin; á mheas go bhféadfadh na príomhchúraimí comhairliúcháin, coiscthe agus tacaíochta ón gcomhlacht Eorpach neamhspleách amach anseo atá freagrach as ceisteanna eiticiúla a bheith ag gabháil leis an bhféidearthacht a thabhairt dó bearta forfheidhmiúcháín a mholadh mar rogha dheiridh, chun a áirithiú go ndéanfar obair leantach ar a mholtaí agus ar a chinntí; á mheas go bhféadfadh foilsiú nó cur ar aghaidh moltaí agus cinntí a bheith ina smachtbhanna ann féin; á chur i bhfáth nár cheart comhlacht den sórt sin a chur in ionad CBAE;
15. á dheimhniú gur cheart go mbeadh an comhlacht eitice in ann ábhair imní ó gheallsealbhóirí, lena n-áirítear ó sceithirí, a ghlacadh air féin;
16. ag moladh go gcruthófar sásra gearán inmheánach agus rúnda d’oifigigh phoiblí Eorpacha chun ábhair imní a tharraingt anuas maidir le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar na rialacha atá ann cheana gan eagla go ndéanfaí frithbheartaíocht;
17. á chur i bhfáth go bhfuil an comhrac i gcoinne na calaoise, na héillitheachta, an drochriaracháin nó mí-úsáid cistí poiblí éagsúil le faireachán a dhéanamh ar shaincheisteanna eiticiúla in institiúidí AE, cé go mbaineann siad uaireanta leis an bhfaireachán sin; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nár cheart gurbh é a leanfadh as comhlacht eitice neamhspleách a chruthú go ndíothófar comhlachtaí eile atá ann cheana a dhéanann maoirseacht ar dhea-riarachán an Aontais Eorpaigh ná go gcuirfear srianta míchuí orthu.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
22.2.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
19 2 3 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Manon Aubry, Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Pascal Durand, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Jean-Paul Garraud, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Jiří Pospíšil, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Ernő Schaller-Baross, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, Marie Toussaint, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Andrzej Halicki, Javier Nart, Emil Radev |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
19 |
+ |
PPE |
Geoffroy Didier, Esteban González Pons, Jiří Pospíšil, Axel Voss, Javier Zarzalejos |
S&D |
Ibán García Del Blanco, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Tiemo Wölken, Lara Wolters |
Renew |
Pascal Durand, Karen Melchior, Stéphane Séjourné, Adrián Vázquez Lázara |
ID |
Jean-Paul Garraud, Gilles Lebreton |
Verts/ALE |
Marie Toussaint |
The Left |
Manon Aubry |
NI |
Mislav Kolakušić |
2 |
- |
ECR |
Angel Dzhambazki, Raffaele Stancanelli |
3 |
0 |
ID |
Gunnar Beck |
PPE |
Ernő Schaller-Baross, Marion Walsmann |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM RIALÚ BUISÉADACH (1.6.2021)
chuig an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla
maidir leis an trédhearcacht agus an tsláine in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid AE a chur ar bun
Rapóirtéir don tuairim: Mikuláš Peksa
MOLTÁÍ
Iarrann an Coiste um Rialú Buiséadach ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á chur i bhfáth gur gnéithe lárnacha iad an trédhearcacht, an chuntasacht, an ghairmiúlacht agus an tsláine i ndáil le prionsabail na heitice a chur chun cinn laistigh de Aontas, agus go bhfuil siad bunriachtanach chun buiséad AE a chosaint ar chalaois agus ar éilliú, agus freisin chun dlisteanacht dhaonlathach AE agus an iontaoibh atá ag an bpobal as a choimeád; á chur i bhfios gurb é an sainmhíniú atá ag an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta ar an tsláine phoiblí ná go mbeadh na luachanna, na prionsabail agus na noirm choiteanna eitice i gcomhréir le chéile agus go gcloífí leo ar mhaithe le seasamh le leas an phobail agus tús áite a thabhairt dó ar leasanna príobháideacha san earnáil phoiblí; á mheabhrú gur féidir iompraíocht mhí-eiticiúil dochar mór a dhéanamh do leasanna airgeadais agus próiseas cinnteoireachta AE, go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do chlú institiúidí AE dá deasca, agus go bhféadfadh sí a bheith ina bagairt thromchúiseach ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar leas an phobail, agus gurb in é an fáth ar cheart iompraíocht den sórt sin a chosc agus a cháineadh;
2. á mheabhrú, i dtuarascáil speisialta 13/2019 uaithi maidir le creataí eitice institiúidí an Aontais in 2019, gur tháinig Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) ar an gconclúid go raibh creataí eitice leormhaithe bunaithe ag na hinstitiúidí don fhoireann agus do na Feisirí araon, ach gur aithin sí go raibh roinnt laigí ann ina leith sin; ag moladh feabhsuithe a dhéanamh trí rialacha eitice AE a chomhchuibhiú, a neartú agus feasacht a ardú ina leith; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, agus do CIE, an easpa creat comhchoiteann eitice de chuid AE lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle, an easpa straitéisí eitice foriomlána i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle, na nósanna imeachta neamhiontaofa chun dearbhuithe leasa a fhíorú, an grinnscrúdú teoranta ar na dearbhuithe sin agus na beartais neamhiomlána i réimsí eile a bhaineann leis na creataí eitice atá ann faoi láthair;
3. á thabhairt chun suntais go luann CIE gur cheart creataí institiúideacha éifeachtacha a bheith ann agus nósanna imeachta agus bealaí soiléire a bheith i bhfeidhm chun an tuairisciú ar éagóir agus ar éilliú a éascú, agus gur cheart sceithirí atá ag gníomhú de mheon macánta a chosaint ar fhrithbheart;
4. ag cur béim ar an bhfíoras gur chuir na creataí eitice atá ann faoi láthair, atá curtha in oiriúint ar leibhéal AE do shonraíochtaí gach institiúide de chuid AE, agus an easpa maoirseachta orthu cosc ar chóid iompair a chur chun feidhme go cuí in institiúidí AE; á thabhairt chun suntais gur shainaithin CIE mórán réimsí inarb inmholta cur chuige níos comhchuibhithe a chur chun feidhme maidir le saincheisteanna eiticiúla a láimhseáil; á chreidiúint nach bhfuil an cur chuige féinrialála atá ann faoi láthair oiriúnach don fheidhm atá leis agus nach féidir leis sláine a ráthú, agus gur cheart, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh air ar mhaithe le héifeachtacht níos fearr; á chreidiúint go bhfuil gá le cur chuige níos comhchuibhithe i réimsí tábhachtacha, amhail cosaint do sceithirí, lena n-áirítear chun bearnaí atá ann sa reachtaíocht faoi láthair a líonadh, amhail an chaoi nach ann do reacht Coimisinéara; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé nach mbeadh oifigigh phoiblí in ann féinmheasúnú a dhéanamh ar chásanna eiticiúla nó ar choinbhleachtaí leasa, agus gur cheart don mheasúnú sin a bheith faoi shainchúram tríú páirtí neamhspleách speisialaithe; á mheabhrú go luann CIE nach féidir leis na creataí eitice a bheith éifeachtach gan córais iomchuí mhaoirseachta, córais ar cheart dóibh na leibhéil riosca a léiriú agus cúraimí riaracháin na n-oifigeach a chur san áireamh; ag aithint na ndifríochtaí a bhaineann le cineál na n-institiúidí, agus, go sonrach, an neamhspleáchais atá ag breithiúna Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), comhaltaí CIE, Feisirí Pharlaimint na hEorpa, feisirí na bparlaimintí náisiúnta nó comhaltaí na rialtas náisiúnta, ar neamhspleáchas é atá ráthaithe go dlíthiúil; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar shláine institiúidí AE agus iontaoibh an phobail a neartú;
5. ag moladh go mbunófaí comhlacht eitice neamhspleách chun na rialacha a ailíniú ar fud institiúidí, ghníomhaireachtaí, oifigí agus chomhlachtaí AE; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé sin mar thosaíocht ag an gCoimisiún, agus go bhfuil sé tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí an chomhlachta eitice neamhspleách creat comhchoiteann eitice a bhunú ar leibhéal AE; á iarraidh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile AE oibriú i gcomhar le chéile ó thaobh réimsí a shainaithint inar féidir a gcreataí eitice faoi seach a ailíniú agus a chomhchuibhiú ar bhealach níos dlúithe; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh an reachtas grinnscrúdú ar an bhfeidhmeannas, ós rud é go gcuirfí neamhspleáchas shaor-shainordú na bhFeisirí tofa de Pharlaimint na hEorpa i mbaol seachas sin dá n-aisiompófaí róil agus cumhachtaí reachtacha an reachtais agus an fheidhmeannais; á chur i bhfios nár cheart go mbeadh feabhsú agus comhchuibhiú na gcreataí eitice atá ann faoi láthair agus a gcur chun feidhme éifeachtach ag brath ar chruthú an chomhlachta eitice neamhspleách amháin, agus nach mór aird a thabhairt ar shainiúlachtaí gach institiúide, ar phrionsabal scaradh na gcumhachtaí mar aon leis an gcothromaíocht institiúideach agus na róil dhaonlathacha arna mbunú leis na Conarthaí; á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach, sula ndréachtófar togra reachtach chun comhlacht eitice neamhspleách a chruthú, go ndéanfaí measúnú cuimsitheach costais is tairbhe agus measúnú tionchair; á thabhairt chun suntais gurb é an cuspóir atá ann ná buiséad AE a chosaint ar iompraíocht mhí-eiticiúil agus, san am céanna, na caighdeáin is airde eitice agus sláine a choinneáil i measc líon mór agus éagsúil d’institiúidí agus comhlachtaí AE;
6. á mheas go bhfuil deis mhór ann maoirseacht a dhéanamh ar inniúlachtaí cinnteoireachta riaracháin bunaithe ar chreat nua comhchuibhithe eitice, ar cheart go n-áireofaí ann, mar sin féin, rialacha comhchoiteanna maidir le hinneachar agus foilsiú dearbhuithe leasanna i gcomhréir le prionsabail na comhréireachta agus lánaird á tabhairt ar na rialacha cosanta sonraí, maidir le coinbhleachtaí leasa agus doirse imrothlacha a sheachaint, maidir le bronntanais agus siamsaíocht a ghlacadh, maidir le sceithirí agus íospartaigh ciaptha a chosaint, maidir le trédhearcacht cruinnithe stocaireachta, soláthar poiblí agus féilirí cruinnithe na foirne sinsearaí, agus maidir le cuntais bhainc thrédhearcacha a úsáid le haghaidh cistí poiblí, agus aird á tabhairt ar an obair éagsúil a dhéanann na hinstitiúidí, mar aon leis na rioscaí agus na dúshláin a bhaineann go dlúth le dualgais shonracha a gcomhaltaí;
7. á mheas gurb é an toradh ba cheart a bheith ar bhunú an chomhlachta nua eitice go nglacfadh institiúidí aonair AE cur chuige cothrománach i leith daoine atá faoi mhíbhuntáiste, rud a d’fhágfadh gur féidir leis na hinstitiúidí go léir a ráthú go gcomhlíonfar prionsabail an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne; á chur i bhfáth nach mór é a bheith i measc phríomhthosaíochtaí an chomhlachta eitice neamhspleách go ndéanfaí cearta comhionanna a áirithiú do dhaoine atá faoi mhíchumas agus daoine eile atá faoi mhíbhuntáiste i bhfeidhmiú agus obair institiúidí AE;
8. á chreidiúint, trí inniúlacht a thabhairt don chomhlacht eitice neamhspleách i ndáil leis na feidhmeanna inmheánacha eitice atá ag institiúidí AE faoi láthair, go bhféadfaí saineolas a chomhroinnt, sineirgí a chruthú agus, ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar chur chun feidhme na rialacha eitice, lena gceanglaítear ar oifigigh phoiblí gníomhú chun leas na sochaí i gcónaí trí bhainistiú fónta a dhéanamh ar chistí poiblí agus trí chinntí dleathacha, cothroma agus trédhearcacha a dhéanamh; á chur in iúl go bhfuil sí muiníneach go bhféadfadh coigilteas suntasach le haghaidh bhuiséad AE a theacht as an aistriú inniúlachta sin; á mheabhrú, de réir na gConarthaí, gurb í Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ardchomhlacht breithiúnach AE (Airteagal 19 den Chonradh ar an Aontas Eorpach), agus nach féidir aon údarás cinnteoireachta breithiúnach níos airde ná í a bheith ann;
9. ag cur béim ar an ngá atá ann an smacht reachta a urramú agus cloí leis agus a áirithiú go mbeidh an creat comhchoiteann eitice bunaithe go fónta ar bhunús dlí bunúsach na gConarthaí agus ar an urraim don smacht reachta ina chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir gurb é an t-údarás a bhfuil cúram an choisc, an fhaireacháin, an imscrúdaithe agus na tacaíochta air faoi láthair an té ba cheart a shainordú a thabhairt don chomhlacht eitice neamhspleách creat eitice níos comhchoitinne a fhorfheidhmiú, mar aon le heolas agus treoir a chur ar fáil, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an comhlacht eitice neamhspleách in ann bearta araíonachta agus smachtbhannaí airgeadais a mholadh chun mí-úsáid bhuiséad an Aontais a bhaineann le hiompraíocht mhí-eiticiúil a sheachaint; á iarraidh go ndéanfadh an comhlacht eitice neamhspleách, i gcás inarb infheidhme, measúnú ar na rialacha eitice a bheith á gcur feidhme agus á gcomhlíonadh ag insititiúidí AE, agus tuarascáil bhliantúil maidir lena thorthaí a fhoilsiú ina mbeidh moltaí a bheidh le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, an Choimisiúin agus na n-institiúidí rannpháirteacha eile ar fad; á chur i bhfáth nach mór don chomhlacht eitice neamhspleách feasacht na foirne ar fhorálacha an chreata eitice agus ar an gcultúr eiticiúil in institiúidí AE a ardú;
10. ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh aistriú cúraimí chuig an gcomhlacht eitice neamhspleách atá thar na cúraimí atá á bhfeidhmiú ag na hinstitiúidí faoi láthair a bheith ina shárú tromchúiseach ar na Conarthaí;
11. á iarraidh go dtabharfadh an comhlacht eitice neamhspleách dea-shampla ó thaobh na trédhearcachta de trí gach moladh, tuarascáil bhliantúil, cinneadh agus caiteachas a fhoilsiú i bhformáid sonraí oscailte meaisín-inléite a bheidh ar fáil do gach saoránach, agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme; ag moladh go láidir gur cheart aon bhogearraí a fhorbraítear chun cloí le caighdeáin eiticiúla i riarachán poiblí AE a chur ar fáil faoi cheadúnas bogearraí foinse oscailte saor in aisce agus go gcomhroinnfí iad le haon institiúid san Eoraip ar mian léi iad a úsáid; á iarraidh go mbeadh dlúthchomhar ann leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndáil leis sin;
12. ag moladh go síneofaí comhaontú idirinstitiúideach idir institiúidí AE chun an comhlacht eitice neamhspleách a chur ar bun; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go rachadh an Chomhairle, lena n-áirítear ionadaithe na mBallstát atá ag obair sa Chomhairle, isteach sa chomhaontú idirinstitiúideach i bhfianaise na n-iarrataí leantacha ó CIE agus ón Ombudsman Eorpach feabhas a chur ar eitic agus trédhearcacht oibre na hinstitiúide chun leas shaoránaigh an Aontais; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar an gComhairle déileáil le coinbhleachtaí leasa ardleibhéil, doirse imrothlacha agus rialacha trédhearcachta brústocaireachta; á iarraidh go mbeadh forálacha soiléire ann lena dtabharfaí ceart achomhairc don duine lena mbaineann i gcoinne aon mholtaí a bhaineann leis agus lánurraim á tabhairt do bhunphrionsabail an smachta reachta; á chur i bhfios go láidir gur cheart, i gcás ina gcruthófar comhlacht nua eitice comhairleach de chuid Pharlaimint na hEorpa, dúbailt oibre agus inniúlachtaí forluiteacha a sheachaint;
13. ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le deighilt shoiléir na gcúraimí agus comhar feabhsaithe, más infheidhme, idir an comhlacht eitice neamhspleách agus na comhlachtaí ábhartha de chuid AE amhail an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), an tOmbudsman Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus comhlachtaí eile laistigh dá sainorduithe faoi seach, agus leis an gcomhar sin a bheith ag cothú malartú seasta faisnéise; ag tabhairt dá haire, chun ardleibhéal muiníne agus glactha i leith comhlacht nua de chuid AE a choinneáil i measc na saoránach, gur cheart údar cuí a bheith le bunú an chomhlachta eitice neamhspleách ó thaobh na fóinte agus na héifeachtúlachta de.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
26.5.2021 |
|
|
|
Toradh an vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
24 4 2 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Matteo Adinolfi, Olivier Chastel, Caterina Chinnici, Lefteris Christoforou, Corina Crețu, Ryszard Czarnecki, José Manuel Fernandes, Luke Ming Flanagan, Daniel Freund, Isabel García Muñoz, Monika Hohlmeier, Pierre Karleskind, Joachim Kuhs, Claudiu Manda, Younous Omarjee, Tsvetelina Penkova, Markus Pieper, Sabrina Pignedoli, Michèle Rivasi, Petri Sarvamaa, Vincenzo Sofo, Michal Wiezik, Angelika Winzig, Lara Wolters, Tomáš Zdechovský |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Joachim Stanisław Brudziński, Katalin Cseh, Mikuláš Peksa, Ramona Strugariu, Lucia Vuolo |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
24 |
+ |
NI |
Sabrina Pignedoli |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Monika Hohlmeier, Markus Pieper, Petri Sarvamaa, Michal Wiezik, Angelika Winzig, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Olivier Chastel, Katalin Cseh, Pierre Karleskind, Ramona Strugariu |
S&D |
Caterina Chinnici, Corina Crețu, Isabel García Muñoz, Claudiu Manda, Tsvetelina Penkova, Lara Wolters |
The Left |
Luke Ming Flanagan, Younous Omarjee |
Verts/ALE |
Daniel Freund, Mikuláš Peksa, Michèle Rivasi |
4 |
- |
ECR |
Joachim Stanisław Brudziński, Ryszard Czarnecki, Vincenzo Sofo |
ID |
Joachim Kuhs |
2 |
0 |
ID |
Matteo Adinolfi, Lucia Vuolo |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA (20.11.2020)
chuig an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla
maidir leis an trédhearcacht agus an tsláine in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid AE a chur ar bun
Rapóirtéir don tuairim: Derk Jan Eppink
MOLTÁÍ
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. ag meabhrú rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc[5], go háirithe a tacaíocht don togra ó Uachtarán an Choimisiúin go gcruthófaí comhlacht eitice AE neamhspleách atá coiteann d’institiúidí uile AE, ar comhlacht é a dhéanfadh cinntí a bhaineann le coinbhleachtaí leasa;
2. á thabhairt chun suntais gur údair imní athfhillteacha iad cásanna fostaíochta iarphoiblí agus coinbhleachtaí leasa an ‘dorais imrothlaigh’agus gur fadhb é is coiteann do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí ar fud AE; á mheas go ndéanann cásanna coinbhleachtaí leasa forfheidhmiú ardchaighdeán eitice in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE a chur i mbaol, agus ar an gcaoi sin cur as dá sláine agus dochar a dhéanamh do mhuinín na saoránach iontu;
3. á chur i bhfios go bhfágann na castachtaí bunúsacha i mbeartais rialála airgeadais agus na neamhshiméadrachtaí faisnéise idir gníomhaithe margaidh airgeadais agus oifigigh phoiblí, agus an easpa creata chomhchuibhithe rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa laistigh d’institiúidí agus de ghníomhaireachtaí AE go mbíonn maoirseoirí agus rialtóirí an-soghabhálach do ghabháil rialála ó thaobh na hearnála airgeadais de;
4. á chur i bhfáth agus é ina ábhar imní go gceapfaí iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar eagraíocht brústocaireachta airgeadais, más rud é, gur chinn an tOmbudsman Eorpach tar éis fiosrúcháin, nár cheart go gceadódh ÚBE athrú poist agus go raibh cosaintí inmheánacha neamhleora curtha i bhfeidhm chun faisnéis rúnda a chosaint láithreach a luaithe a bhí sé soiléir go dtarlódh an t-athrú beartaithe; ag tabhairt dá haire go sáraíonn an fhostaíocht iarphoiblí sin gan aon tréimhse aistarraingthe Rialacháin Foirne an Aontais agus gur riosca é ní hamháin do cháil agus neamhspleáchas ÚBE ach d’institiúidí uile an Aontais; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, na bearta a chuir ÚBE chun feidhme mar thoradh ar na moltaí ón Ombudsman;
5. á chur in iúl gurb oth léi, thairis sin, agus é ina chúis imní di, go raibh easpa breithnithe agus bearta coisctheacha agus forfheidhmithe ann chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint i nós imeachta an Choimisiúin maidir le tairiscintí poiblí;
6. ag tabhairt dá haire gur léiríodh an iomarca laigí le cur i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair maidir le Coimisinéirí, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus oifigigh AE; á mheabhrú, i gcomhréir le tuarascáil ó Transparency International EU, go luath in 2017, go raibh níos mó ná 50 % d’iar-Choimisinéirí agus 30 % d’iar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a d’fhág an pholaitíocht ag obair d’eagraíochtaí atá cláraithe i gClár Trédhearcachta AE; á chur i bhfáth, go háirithe do na Feisirí tofa, go bhfuil gá le trédhearcacht agus cuntasacht maidir le gealltanais phearsanta agus airgeadais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil saincheisteanna trédhearcachta agus sláine ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta fite fuaite ina chéile; ag tacú, dá bhrí sin, leis an obair a dhéanann Grúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta (GSE), agus á iarraidh ar na Ballstáit a mholtaí a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd maidir le cód iompair docht a chruthú do pholaiteoirí náisiúnta agus rialacha a thabhairt isteach maidir le fostaíocht iarphoiblí;
7. ag meabhrú na bhfoláireamh leantach ón Ombudsman Eorpach agus ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le mórtheipeanna i mbeartais Institiúidí AE maidir le coinbhleacht leasa a chosc; á chur i bhfios gur ann d’easpa ailínithe i gcás rialacha eitice AE le Treoirlínte na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Coinbhleacht Leasa a Bhainistiú sa tSeirbhís Phoiblí, ina moltar feidhm lárnach a shainaithint atá freagrach as beartais agus nósanna imeachta coinbhleachta leasa a fhorbairt agus a chothabháil; á mheas go bhfuil an creat dlíthiúil atá ann faoi láthair maidir le heitic agus sláine in institiúidí agus i ngníomhaireachtaí AE an-ilroinnte, nach bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm, agus go bhfuil gá le hathbhreithniú críochnúil d’fhonn neamhspleáchas agus cumhachtaí imscrúdaitheacha a neartú;
8. á iarraidh go neartófar an creat rialála agus forfheidhmithe atá ann cheana le haghaidh coinbhleachtaí leasa fostaíochta réamhphoiblí agus iarphoiblí, chun teorainneacha iomchuí, soiléire, ceangailteacha agus comhréireacha a bhunú idir an earnáil phoiblí agus na hearnálacha príobháideacha agus neamhbhrabúis agus ar an gcaoi sin creidiúnacht chinnteoireacht AE a fheabhsú i súile an phobail i gcoitinne; á chur in iúl gur geal léi ina leith sin an obair a dhéanann an ECFE, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, GSE agus an tOmbudsman Eorpach;
9. á chur in iúl gur geal léi na bearta trédhearcachta breise atá fógartha ag Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) ag Christine Lagarde maidir le foilsiú thuairimí Choiste Eitice BCE do chásanna ina bhfuil coinbhleacht leasa agus fostaíocht shochrach iar-théarma ag comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin, na Comhairle Rialaithe agus Bhord Maoirseachta BCE; á iarraidh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) cur chuige comhchosúil a ghlacadh agus na doiciméid ábhartha arna dtáirgeadh ag a gcomhlachtaí inmheánacha atá i gceannas ar choinbhleachtaí leasa agus ar fhostaíocht shochrach iar-théarma a fhoilsiú;
10. á iarraidh comhlacht neamhspleách eitice AE a chruthú a mbeidh sé de fhreagracht air cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rialacha eitice a áirithiú in institiúidí uile AE trí mhaoirseacht a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa, ‘doirse imrothlacha’ agus trédhearcacht brústocaireachta d’institiúidí agus do ghníomhaireachtaí uile AE;
11. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gearáin maidir le coinbhleachtaí leasa á láimhseáil ag an Ombudsman Eorpach in éagmais sásraí atá tiomanta don chúram sin sa bhreis ar a misin eile, agus gan an acmhainn ná an chumhacht chuí a bheith aige a cuid cinntí a fhorfheidhmiú;
12. á chur i bhfios gur cheart comhlacht nua eitice AE a bheith neamhspleách ó thaobh struchtúir, rialachais agus buiséid de; á chur i bhfios go láidir gur cheart aird chuí a thabhairt ar thuairim eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa phlé maidir le comhdhéanamh beacht agus sainordú beacht an chomhlachta eitice;
13. á mholadh go gcuirfí comhlacht eitice AE ar bun go tráthúil, ionas go seachnófar cásanna ‘doirse imrothlacha’ agus coinbhleachtaí leasa a atarlú go luath amach anseo;
14. á chur i bhfios go láidir gur cheart don chomhlacht sin oibriú i ndlúthchomhar leis na coistí eitice inmheánacha in institiúidí AE, le rúnaíocht an Chláir Trédhearcachta, leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus leis an Ombudsman Eorpach;
15. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim chun maoirseacht agus forfheidhmiú rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le heitic agus sláine laistigh d’institiúidí agus gníomhaireachtaí AE, lena n-áirítear na rialacha maidir le brústocaireacht agus trédhearcacht, a chur i gcrích go leormhaith, gur cheart acmhainní iomchuí daonna agus airgeadais a bheith ag comhlacht eitice ainmnithe neamhspleách an Aontais, gur cheart comhdhéanamh a bheith aige a roghnaíodh go cúramach chun a neamhspleáchas ó bhreithnithe polaitiúla agus leasanna eile a áirithiú, agus sainordú leathan a thabharfaidh de chumhacht dó inniúlachtaí, cumhachtaí, cúraimí agus dualgais choisctheacha, faireacháin, imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí a thabhairt dó, lena n-áirítear:
– faireachán a dhéanamh ar sháruithe ar rialacha eitice agus sláine laistigh d’institiúidí agus gníomhaireachtaí AE agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;
– rialacha dochta a fhorfheidhmiú maidir le fostaíocht réamhphoiblí agus iarphoiblí, ‘doras imrothlach’ agus coinbhleacht leasa d’fhoireann uile institiúidí agus ghníomhaireachtaí AE, do Chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus do Choimisinéirí na hEorpa, lena n-áirítear maoirseacht a dhéanamh ar thréimhsí aistarraingthe agus údaruithe ar athrú poist a athbhreithniú má chinneann sé gur coinbhleacht leasa atá i gceist le hathrú sonrach, agus moltaí ceangailteacha a dhéanamh ina leith sin;
– athbhreithniú teicniúil agus neamhchlaonta a dhéanamh ar sheasaimh thánaisteacha atá ag polaiteoirí AE agus ar dhearbhuithe leasanna airgeadais, lena n-áirítear a fhíorú an bhfuil toirmisc bhrústocaireachta forchurtha agus coinníollacha rialaithe á gcoimeád;
– ról gníomhach a ghlacadh maidir le gearáin ó eintitis ainmnithe, lena n-áirítear sceithirí;
– smachtbhannaí riaracháin a eisiúint faoi réir féidearthachtaí achomhairc agus athbhreithnithe bhreithiúnaigh gan cur isteach ar na Conarthaí;
– maoirseacht a dhéanamh ar dhea-fheidhmiú agus ar neamhspleáchas phróiseas cinnteoireachta an Choimisiúin, lena n-áirítear bunú agus oibríochtaí ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus eintiteas comhchosúil;
– comhairle a thabhairt arna hiarraidh sin agus tuarascálacha bliantúla a eisiúint faoina chuid oibre, lena n-áirítear moltaí ar a thionscnamh féin maidir le conas córas eitice AE a fhorbairt tuilleadh;
– faireachán a dhéanamh ar dhálaí agus toirmisc bhrústocaireachta arna bhforchur ar fhoireann AE;
– taifead eitice ar líne a choinneáil ar an leibhéal Eorpach, agus ar an gcaoi sin rochtain a thabhairt ar dhoiciméid trédhearcachta ríthábhachtacha;
16. á chur i bhfáth nach leor comhlacht eitice neamhspleách AE ann féin chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar chásanna coinbhleachta leasa laistigh d’institiúidí agus gníomhaireachtaí AE; á mheas go bhféadfaí a bheith san áireamh san athbhreithniú ar rialacha AE bearta amhail tréimhsí fógra agus aistarraingthe oifigeach sinsearach a shíneadh ar bhonn comhréireach cás ar chás, agus cóir chomhionann á háirithiú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, neartú Threoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí[6], dífheistiú éigeantach leasanna i ngnóthais atá faoi réir údarás na hinstitiúide ar ceapadh oifigeach nua di nó a bhfuil plé acu leis an institiúid sin, scaoileadh éigeantach leasanna i ngnóthais atá faoi réir údarás na hinstitiúide ar ceapadh oifigeach ina leith nó a bhfuil déileáil acu leis an institiúid sin, scaoileadh éigeantach agus iad ag déileáil le hábhair a dhéanann difear d’iarfhostóir san earnáil phríobháideach, nó a chuireann cosc ar úinéireacht stoic aonair a bheith ag Coimisinéirí agus oifigigh shinsearacha institiúidí agus gníomhaireachtaí AE agus iad in oifig; á iarraidh athuair ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar athbhreithniú a mholadh ar an gcreat dlíthiúil ábhartha;
17. á aithint gur gá cothromaíocht íogair a bhaint amach, ar bhonn cás ar chás idir coinbhleachtaí leasa a rialáil, bearta láidre a thabhairt isteach lena maolaítear teorainneacha ar an gceart aonair chun saoirse eacnamaíche, amhail faisnéis a chur chuig iarratasóirí poist faoin gcóras coinbhleachta leasa agus aon srianta fostaíochta amach anseo, feidhmiú dualgas parlaiminteach agus dualgas institiúideach eile gan bhac a áirithiú, agus margadh saothair dinimiciúil a choimeád le soghluaisteacht idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach agus an earnáil neamhbhrabúis;
18. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, má bhunaítear é ar nós imeachta oibiachtúil lena ngabhann critéir shoiléire, gur bearta dlíthiúla a bhfuil bonn cirt leo chun leas an phobail agus sláine comhlachtaí poiblí a chosaint iad tréimhsí ‘aistarraingthe’ níos faide d’oifigigh shinsearacha a fhágann gníomhaireacht nó institiúid; á mheas, maidir le haon chosc ar athrú gairmiúil, go bhféadfadh sé go n-éileofaí, i gcás inarb iomchuí, liúntas sealadach a dheonú chun an idirthréimhse a dhúnadh sula bhfaighfear post iomchuí.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
19.11.2020 |
|
|
|
Toradh an vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
26 13 20 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Manon Aubry, Patryk Jaki, Eugen Jurzyca, Maximilian Krah, Ville Niinistö, Mick Wallace |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
26 |
+ |
GUE/NGL |
Manon Aubry, José Gusmão, Mick Wallace |
NI |
Piernicola Pedicini |
PPE |
Frances Fitzgerald, Sirpa Pietikäinen |
RENEW |
Billy Kelleher |
S&D |
Marek Belka, Jonás Fernández, Eero Heinäluoma, Aurore Lalucq, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli |
VERTS/ALE |
Sven Giegold, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Philippe Lamberts, Ville Niinistö, Ernest Urtasun |
13 |
- |
PPE |
Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Markus Ferber, José Manuel García-Margallo y Marfil, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Siegfried Mureşan, Lídia Pereira, Ralf Seekatz, Inese Vaidere |
RENEW |
Dragoș Pîslaru |
20 |
0 |
ECR |
Derk Jan Eppink, Patryk Jaki, Eugen Jurzyca, Johan Van Overtveldt, Roberts Zīle |
ID |
Gunnar Beck, Francesca Donato, Valentino Grant, Maximilian Krah, Jörg Meuthen, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni |
PPE |
Othmar Karas, Luděk Niedermayer |
RENEW |
Filles Boyer, Engin Eroglu, Luis Garicano, Ondřej Kovařík, Caroline Nagtegaal, Stéphanie Yon-Courtin |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA (13.4.2021)
chuig an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla
maidir leis an trédhearcacht agus an tsláine in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid AE a chur ar bun
Rapóirtéir don tuairim: Radan Kanev
MOLTÁÍ
Iarrann an Coiste um Achainíocha ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á chur in iúl gur geal léi an gealltanas a thug an Coimisiún Eorpach os comhair na Parlaiminte chun comhlacht eitice AE neamhspleách a bhunú;
2. á thabhairt chun suntais gur cheart d’institiúidí uile AE cloí le hardchaighdeáin eitice agus trédhearcachta, agus á iarraidh ar institiúidí uile AE comhaontú a thabhairt i gcrích maidir le comhchreat eiticiúil a bhunú chun na caighdeáin sin a léiriú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ardchaighdeán trédhearcachta agus sláine in institiúidí uile AE riachtanach i dtaobh saoránaigh a chumasú a gceart daonlathach chun páirt a ghlacadh i bpróiseas cinnteoireachta AE a fheidhmiú go hiomlán agus mar sin i dtaobh dlisteanacht dhaonlathach agus chreidiúnacht an Aontais a feabhsú agus muinín a neartú i bpróiseas lánpháirtíochta na hEorpa; á chur i bhfios, ina leith sin, gur gné bhunúsach bhunaidh de dhaonlathais ionadaíocha í muinín na saoránach as na hinstitiúidí polaitiúla; á mheabhrú gur thug Uachtarán an Choimisiúin gealltanas, i dTreoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin do théarma 2019–2024, go n-oibreodh sí chun comhlacht eitice neamhspleách a chruthú d’institiúidí uile AE, agus chuir sí i bhfáth gur cheart d’institiúidí AE a bheith oscailte agus gan locht maidir le heitic, trédhearcacht agus sláine, chun go mbeadh muinín ag saoránaigh as an Aontas; á mheabhrú gur gá an ceart chun achainí a fheabhsú, a thugann tacaíocht do shaoránaigh le dul agus fanacht i mbun idirphlé díreach le hionadaithe ó institiúidí AE d’fhonn na fadhbanna a imríonn tionchar orthu a réiteach, agus ar an gcaoi sin a rannchuideoidh le hoscailteacht, cuimsitheacht, freagrúlacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus an bearna a dhúnadh idir saoránaigh agus institiúidí AE; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur cheart go mbeadh rochtain iomlán ag daoine faoi mhíchumas ar na leathanaigh baile ina ndéileáiltear le hachainíocha agus le héilimh;
3. á chur i bhfios go láidir an tsuim ar leith atá ag saoránaigh sa trédhearcacht agus sláine i bhfeidhmiú institiúidí AE, mar a léiríonn roinnt achainíocha atá faighte ag an gCoiste um Achainíocha ag iarraidh trédhearcacht iomlán[7], inter alia, i gcinnteoireacht na Comhairle agus ina teagmhálacha le brústocairí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na nósanna imeachta chun oifigigh shinsearacha AE a cheapadh[8], láimhseáil coinbhleachtaí leasa na gCoimisinéirí agus sáruithe ar chód iompair na bhFeisirí[9], agus seiceálacha ar oibleagáidí trédhearcachta agus comhlíonadh rialacha maidir le doirse imrothlacha a fhíorú; á chur i bhfios go láidir freisin, mar a tharla i mblianta eile, gur bhain formhór na bhfiosrúchán a dhún an tOmbudsman Eorpach in 2019 le trédhearcacht agus cuntasacht, lena n-áirítear rochtain phoiblí ar fhaisnéis agus ar dhoiciméid;
4. á mheas, mar an coiste is mó a bhíonn dírithe ar thuairimí an phobail agus ar fhreagairt phoiblí ar thrédhearcacht agus sláine na n-institiúidí, gurb iad an cur chuige daonlathach agus an fhreagracht pholaitiúil, chomh maith leis na caighdeáin eitice, trédhearcachta agus cuntasachta is airde, na príomheilimintí de shásra rialaithe in aon daonlathas bunreachtúil, agus, dá bhrí sin, san Aontas freisin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le sásraí cuntasachta daonlathacha a neartú tuilleadh ar leibhéal AE; ag spreagadh, ina leith sin, creat comhchoiteann eiticiúil a bhunú d’institiúidí uile AE agus comhlacht eitice AE ar cheart dó feidhmiú ar bhealach dípholaitithe neamhspleách, i gcomhthreo leis na sásraí rialaithe polaitiúla a chumhdaítear sna Conarthaí, d’fhonn na caighdeáin is airde maidir le cuntasacht, trédhearcacht agus sláine ar leibhéal AE a neartú tuilleadh agus a ráthú, chun a áirithiú go ndéanfar cinntí poiblí ar mhaithe leis an leas ginearálta, agus ar an mbealach sin cur le muinín na saoránach in institiúidí AE;
5. á mheabhrú gur cheart don Pharlaimint, mar an t-aon institiúid ionadaíoch de chuid shaoránaigh AE a thoghtar go díreach, leanúint dá cúram tábhachtach formhaoirseacht a dhéanamh ar mheastóireacht pholaitiúil an Choimisiúin agus institiúidí eile, chomh maith le hoiriúnacht iarrthóirí áirithe do phoist shinsearacha a áirithiú; á chur i bhfáth nach mór don Pharlaimint ról lárnach a bheith aici sa phróiseas chun feabhas a chur ar an gcóras formhaoirseachta eitice AE atá ann faoi láthair, ar córas é atá infheidhme ar fud institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí uile AE, d’fhonn muinín an phobail as próisis chinnteoireachta AE a mhéadú; ag moladh go n-ainmneoidh an Pharlaimint iarrthóirí do chomhlacht eitice neamhspleách AE amach anseo;
6. á chur i bhfáth go bhfuil leibhéal ard trédhearcachta sa phróiseas reachtach riachtanach chun saoránaigh a chumasú a n-ionadaithe tofa agus a rialtais a thabhairt chun cuntais; á athdhearbhú, mar sin, go bhfuil sí ag iarraidh ar an gComhairle a modhanna oibre a ailíniú le caighdeáin daonlathais pharlaimintigh agus rannpháirtíochta mar a cheanglaítear faoi na Conarthaí, a rialacha agus a cleachtais maidir le trédhearcacht a próisis reachtaigh a fheabhsú i gcomhréir le moltaí Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Ombudsman Eorpaigh, ar thug an Pharlaimint tacaíocht an-mhór dóibh sa rún uaithi an 17 Eanáir 2019 maidir le hiniúchadh straitéiseach OI/2/2017 an Ombudsman ar thrédhearcacht na bpléití reachtacha i gcomhlachtaí ullmhúcháin Chomhairle AE[10], a bhí bunaithe ar an tuarascáil chomhpháirteach ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus ón gCoiste um Achainíocha; á mheabhrú nach mór go mbeadh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar chumarsáidí laistigh d’institiúidí AE;
7. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach an clár trédhearcachta a dhéanamh éigeantach d’institiúidí agus do ghníomhaireachtaí uile AE d’fhonn grinnscrúdú poiblí a éascú agus é a chur ar chumas saoránach aonair agus grúpaí leasmhara eile faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí brústocairí agus ar a dtionchar ar chinntí agus ar reachtaíocht;
8. á chur i bhfáth go bhfuil sé tagtha chun suntais nach leor an creat eiticiúil féinrialála atá ann faoi láthair, agus, mar thoradh ar an gcreat sin, go bhfuil cur chuige ilroinnte agus caighdeáin eiticiúla éagsúla ann idir institiúidí AE; á thabhairt chun suntais nár gearradh pionós go fóill ar chásanna iomadúla d’iompar mí-eiticiúil agus ar sháruithe ar na rialacha le blianta beaga anuas, rud a dheimhníonn go bhfuil córas formhaoirseachta eitice AE atá ann faoi láthair thíos go fóill le heasnaimh thromchúiseacha agus le neamhréireachtaí; á chreidiúint go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach na laigí sna nósanna imeachta reatha a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfar na nósanna imeachta ilroinnte atá ann faoi láthair, bunaithe ar chur chuige féinrialála, a uasghrádú trí chóras formhaoirseachta eitice AE níos éifeachtaí a thabhairt isteach le comhlacht eitice neamhspleách aonair AE a chruthú chun a áirithiú go gcuirfear caighdeáin eiticiúla chun feidhme go comhsheasmhach agus go hiomlán, agus go gcuirfear chun feidhme prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne ar fud institiúidí AE; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart go nglacfadh an comhlacht eitice sin ról na gcoistí eitice atá ag feidhmiú faoi láthair in institiúidí agus gníomhaireachtaí éagsúla AE, agus gur cheart dó oibriú i dtreo comhchuibhiú a dhéanamh ar léirmhínithe éagsúla na norm agus na dtéarmaí, amhail ‘coinbhleacht leasa’, chun éagsúlachtaí a sheachaint, soiléireacht a áirithiú agus ar an mbealach sin muinín na saoránach i bhfeidhmiú institiúidí AE a mhéadú;
9. á chur i bhfios go láidir an gá atá ann reachtaíocht agus cóid iompair ábhartha AE a athbhreithniú agus a ailíniú, rud a éilíonn trédhearcacht iomlán maidir le poist nó tionscadail a bhfuil ardoifigigh agus oifigigh shinsearacha institiúidí agus gníomhaireachtaí AE nó FPEnna páirteach iontu, lena n-áirítear tar éis dóibh oifig phoiblí a fhágáil; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go dtugann oifigigh phoiblí áirithe féindearbú nach bhfuil siad bainteach le coinbhleachtaí leasa, agus go gcuireann siad féinmheasúnuithe ar fáil maidir le caighdeáin eiticiúla a urramú; á thabhairt chun suntais, áfach, nach leor féindearbhú ná féinmheasúnú, agus go bhfuil gá le grinnscrúdú breise dá bhrí sin; á chur i bhfios go láidir, gur cheart go dtiocfadh an cúram sin faoi inniúlacht tríú páirtí speisialaithe neamhspleách, i bhfoirm comhlachta eitice neamhspleách d’institiúidí, gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus oifigí uile an Aontais.
10. á mheas gur cheart d’institiúidí AE na caighdeáin eitice is airde a chur i bhfeidhm chun cásanna de dhoirse imrothlacha agus coinbhleachtaí leasa a chosc, lena n-áirítear i ndáil le ceapacháin chuig poist shinsearacha in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil aon chásanna den sórt sin, fiú má cheadaítear é sin de réir an dlí, ag baint an bhonn de chreidiúnacht fhoriomlán institiúidí AE go suntasach, agus go n-úsáidtear na cásanna sin go minic don bholscaireacht fhrith-Eorpach mar mhodh leis an Eoraisceipteachas a ghiniúint i measc an phobail; á iarraidh go mbunófaí comhlacht eitice neamhspleách d’institiúidí uile AE lena ndéanfaí formhaoirseacht ar chur chun feidhme creata chomhchoitinn eiticiúil amach anseo, agus a mbeadh inniúlacht aige ar rialacha comhchoiteanna maidir le hábhar agus foilsiú dearbhuithe leasanna, coinbhleachtaí leasa agus doirse imrothlacha a sheachaint, bronntanais agus fáilteachas a fháil, sceithirí agus íospartaigh ciaptha a chosaint, trédhearcacht cruinnithe stocaireachta, soláthar poiblí agus féilirí cruinnithe foirne sinsearaí, agus úsáid cuntas bainc trédhearcach do chistí poiblí;
11. á mheas gur cheart na nósanna imeachta chun iarrthóirí do phoist shinsearacha a roghnú a chur i gcrích ar bhonn critéar atá go hiomlán oibiachtúil agus gur cheart dóibh a bheith go hiomlán trédhearcach don phobal i gcoitinne; á thabhairt chun suntais gur cheart creat a bheith ann do cheisteanna agus d’agóidí, mar aon le nósanna imeachta leantacha oscailte agus an chumhacht cinntí a chur ar ceal a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil siad neamhdhóthanach ó thaobh trédhearcachta agus sláine de; á chur i bhfáth gur cheart meastóireacht a dhéanamh go rialta ar na nósanna imeachta d’fhonn faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus feabhsuithe a chur i bhfeidhm nuair is gá.
12. ag tabhairt dá haire go bhfuil ardleibhéal ceanglas trédhearcachta ag roinnt Ballstát AE cheana féin dá gcuid oifigeach tofa agus ceaptha maidir le coinbhleachtaí leasa, foinsí ioncaim agus sócmhainní teaghlaigh; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh institiúidí AE caighdeánú ar a nósanna imeachta, agus go gcuirfidh siad na hardchaighdeáin eitice agus sláine chéanna i bhfeidhm.
13. á chur i bhfios go láidir an ról tábhachtach atá ag an Ombudsman Eorpach maidir leis na caighdeáin is airde a áirithiú ó thaobh na trédhearcachta agus na sláine de in institiúidí AE; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an Ombudsman maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí Eorpaigh, rud ar cheart leanúint ar aghaidh tar éis comhlacht eitice neamhspleách a bhunú; á mheas gur gá, ina leith sin, ról an Ombudsman a chosaint agus a neartú, más gá, mar an chéad chomhlacht ar féidir le saoránaigh dul chuige agus ábhair imní faoi na hinstitiúidí á gcur in iúl acu; á iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla na heasnaimh agus na bearnaí i gcreat eitice reatha AE a mheas agus a chur san áireamh go hiomlán, mar a dheimhnítear freisin sna fiosrúcháin a rinne an tOmbudsman Eorpach, agus é ag obair ar rialacha eiticiúla agus a bhforfheidhmiú a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách aonair a bhunú; ag moladh go ndéanfaí comhaontú idirinstitiúideach AE a thabhairt i gcrích chun comhlacht eitice neamhspleách a chur ar bun don Pharlaimint agus don Choimisiún, a bheidh oscailte do rannpháirtíocht institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí uile AE d’fhonn feabhas a chur ar gach gné a bhaineann leis; ag moladh go bhfaigheadh an comhlacht sin sainordú soiléir agus go bhfeidhmeoidh sé ar leibhéal teicniúil le struchtúr buan, neamhspleách, neamhchlaonta, comhghleacúil agus cothrom ó thaobh inscne de;
14. ag moladh go mbeadh an comhlacht eitice neamhspleách aonair comhdhéanta de chomhaltaí arna roghnú ag an gCoimisiún agus arna dtoghadh ag an bParlaimint, agus go bhféadfar iarrthóirí a roghnú as na comhaltaí seo a leanas, i measc comhaltaí eile: iar-Uachtaráin Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), an Chúirt Iniúchóirí, iar-Ombudsmain AE, Iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa; ag moladh go roghnófar iarrthóirí ar bhonn a sláine, a n-inniúlachta, a dtaithí agus a n-easpa coinbhleachtaí leasa; ag moladh gur cheart grinnanailís a dhéanamh ar róil pholaitiúla reatha na n-iarrthóirí nó na róil a bhí acu le linn an phróisis roghnúcháin, i bhfianaise ról an chomhlachta sin agus an ardleibhéil neamhchlaontachta atá ag teastáil; á chur i bhfios go láidir gur cheart tromlach na gcomhaltaí a bhfuil cúlra polaitiúil acu a sheachaint go hiomlán; á éileamh go mbeadh an comhlacht eitice neamhspleách comhdhéanta ar bhealach atá cothrom ó thaobh inscne de; á chur in iúl go bhfuil sé den tuairim nach mór cumhachtaí faireacháin agus comhairleacha a thabhairt don chomhlacht eitice neamhspleách ar chaighdeáin eiticiúla; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tuilleadh díospóireachta faoi chumhachtaí an chomhlachta eitice neamhspleách chun ról na gcomhlachtaí atá ann cheana agus cearta agus oibleagáidí institiúidí an Aontais mar a leagtar síos sna Conarthaí a urramú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla an struchtúr, an nós imeachta toghcháin agus inniúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an gcomhlacht eitice neamhspleách a mheas;
15. á chreidiúint nach mór acmhainní leormhaithe daonna agus airgeadais a chur ar fáil don chomhlacht eitice neamhspleách ionas go bhféadfaidh sé a chuid cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach; á thabhairt chun suntais an gá atá ann go ndéanfaidh an faireachán agus seiceálacha córasacha chun a áirithiú go gcloíonn institiúidí AE agus aon tríú páirtithe atá ag obair le hinstitiúidí AE, lena n-áirítear iad siúd atá liostaithe sa Chlár Trédhearcachta, go leanúnach le critéir trédhearcachta le himeacht ama; ag moladh gur cheart don chomhlacht eitice neamhspleách sásraí a áireamh chun gearáin a bhainistiú go hinmheánach laistigh d’institiúidí AE, ionas go bhféadfar fógra a thabhairt faoi rún faoi ábhair imní maidir le sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann agus go ndéanfaí iad a fhiosrú ar bhealach discréideach.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
13.4.2021 |
|
|
|
Toradh an vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
19 6 9 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Margrete Auken, Alexander Bernhuber, Markus Buchheit, Ryszard Czarnecki, Eleonora Evi, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Emmanouil Fragkos, Mario Furore, Gianna Gancia, Ibán García Del Blanco, Alexis Georgoulis, Peter Jahr, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Cristina Maestre Martín De Almagro, Dolors Montserrat, Ulrike Müller, Emil Radev, Sira Rego, Frédérique Ries, Alfred Sant, Monica Semedo, Massimiliano Smeriglio, Yana Toom, Thomas Waitz, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Kosma Złotowski |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Anne-Sophie Pelletier, Ramona Strugariu, Rainer Wieland |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
19 |
+ |
PPE |
Radan Kanev |
Renew |
Ulrike Müller, Frédérique Ries, Monica Semedo, Ramona Strugariu, Yana Toom |
S&D |
Alex Agius Saliba, Andris Ameriks, Marc Angel, Ibán García Del Blanco, Cristina Maestre Martín De Almagro, Alfred Sant, Massimiliano Smeriglio |
The Left |
Anne-Sophie Pelletier, Sira Rego |
Verts/ALE |
Margrete Auken, Eleonora Evi, Thomas Waitz, Tatjana Ždanoka |
6 |
- |
PPE |
Alexander Bernhuber, Agnès Evren, Gheorghe Falcă, Peter Jahr, Dolors Montserrat, Rainer Wieland |
9 |
0 |
ECR |
Ryszard Czarnecki, Emmanouil Fragkos, Kosma Złotowski |
ID |
Markus Buchheit, Gianna Gancia, Stefania Zambelli |
NI |
Mario Furore |
PPE |
Stelios Kympouropoulos, Emil Radev |
Eochair:
+: i bhfabhar
-: i gcoinne
0: staonadh
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
14.7.2021 |
|
|
|
Toradh an vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
18 8 1 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Gerolf Annemans, Gabriele Bischoff, Damian Boeselager, Fabio Massimo Castaldo, Leila Chaibi, Włodzimierz Cimoszewicz, Gwendoline Delbos-Corfield, Daniel Freund, Charles Goerens, Esteban González Pons, Sandro Gozi, Brice Hortefeux, Laura Huhtasaari, Giuliano Pisapia, Paulo Rangel, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Jacek Saryusz-Wolski, Helmut Scholz, Pedro Silva Pereira, Sven Simon, Antonio Tajani, Mihai Tudose, Guy Verhofstadt, Loránt Vincze, Rainer Wieland |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Gilles Boyer |
|||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA
18 |
+ |
ID |
Gerolf Annemans, Laura Huhtasaari |
NI |
Fabio Massimo Castaldo |
Renew |
Gilles Boyer, Charles Goerens, Sandro Gozi, Guy Verhofstadt |
S&D |
Gabriele Bischoff, Włodzimierz Cimoszewicz, Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira, Mihai Tudose |
The Left |
Leila Chaibi, Helmut Scholz |
Verts/ALE |
Damian Boeselager, Gwendoline Delbos Corfield, Daniel Freund |
8 |
- |
ECR |
Jacek Saryusz Wolski |
PPE |
Esteban González Pons, Brice Hortefeux, Paulo Rangel, Sven Simon, Antonio Tajani, Loránt Vincze, Rainer Wieland |
1 |
0 |
ID |
Antonio Maria Rinaldi |
- [1] IO C 337, 20.9.2018, lch. 120.
- [2] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0327.
- [3] IO L 262, 7.10.2005, lch. 1.
- [4] IO L 304, 20.10.2010, lch. 47.
- [5] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017).
- [6] IO L 94, 28.3.2014, lch. 65.
- [7] Achainíocha Uimh. 0134/2019, 0939/2018, 0161/2017, 1367/2015, 0696/2015, 0698/2013.
- [8] Achainíocha Uimh. 0224/2018 agus 0799/2018, 0799/2018.
- [9] Achainíocha Uimh. 0742/2017, 1004/2016, 2485/2014, 1984/2014.
- [10] IO C 411, 27.11.2020, lch. 149.