Tuarascáil - A9-0287/2021Tuarascáil
A9-0287/2021

TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le hiontráil foláireamh ag Europol

15.10.2021 - (COM(2020)0791 – C9-0394/2020 –2020/0350(COD)) - ***I

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir don tuairim: Javier Zarzalejos


Nós Imeachta : 2020/0350(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0287/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0287/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le hiontráil foláireamh ag Europol

(COM(2020)0791 – C9‑0394/2020 – 2020/0350(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0791),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 88(2)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra faoi bhráid na Parlaiminte (C9-0394/2020),

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0287/2021),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Is éard atá i gCóras Faisnéise Schengen (‘SIS’) uirlis fhíor-riachtanach le haghaidh ardleibhéal slándála a choimeád ar bun laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais trí thacú le comhar oibríochtúil idir na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe gardaí teorann, na póilíní, údaráis chustaim, údaráis inimirce agus údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó atá freagrach as pionóis choiriúla a fhorghníomhú. Is é Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28 an bunús dlí le haghaidh SIS i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V, Caibidlí 4 agus 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(1) Is éard atá i gCóras Faisnéise Schengen (SIS) uirlis fhíor-riachtanach le haghaidh ardleibhéal slándála a choimeád ar bun laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais an Aontais trí thacú le comhar oibríochtúil idir na húdaráis inniúla náisiúnta, go háirithe gardaí teorann, na póilíní, údaráis chustaim, údaráis inimirce agus údaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó atá freagrach as pionóis choiriúla a fhorghníomhú. Is é Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28 an bunús dlí le haghaidh SIS i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V, Caibidlí 4 agus 5 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

_________________

_________________

28 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

28 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Cuirtear foláirimh maidir le daoine agus ábhair arna n-iontráil in SIS ar fáil i bhfíor-am agus go díreach d’úsáideoirí deiridh uile údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát a úsáideann SIS de bhun Rialachán (AE) 2018/1862. I bhfoláirimh SIS, is féidir faisnéis a fháil maidir le duine áirithe nó maidir le hábhar áirithe chomh maith le treoracha do na húdaráis inniúla maidir lena bhfuil le déanamh nuair a aimsítear an duine nó an t-ábhar.

(2) Cuirtear foláirimh maidir le daoine agus ábhair arna n-iontráil in SIS ar fáil i bhfíor-am d’úsáideoirí deiridh uile údaráis inniúla na mBallstát atá údaraithe chun SIS a chuardach go díreach de bhun Rialachán (AE) 2018/1862. Tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, baill náisiúnta Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), arna bunú le Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b, agus foirne an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh (EBCG), a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1c údaraithe rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus cuardach a dhéanamh in SIS de bhun a sainorduithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1862. I bhfoláirimh SIS, is féidir faisnéis a fháil lenar féidir leis na húdaráis inniúla náisiúnta agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais duine nó ábhar áirithe a shainaithint chomh maith le treoracha do na húdaráis inniúla maidir lena bhfuil le déanamh nuair a aimsítear an duine nó an t-ábhar.

 

_________________

 

1a Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53-114).

 

1b Rialachán (AE) 2018/1727 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), agus a ghabhann ionad Chinnidh 2002/187/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear an Cinneadh sin (IO L 295, 21.11.2018, lch. 138).

 

1c Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Tá ról tábhachtach ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), arna bunú le Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 maidir le húsáid SIS agus maidir le malartú faisnéise forlíontaí leis na Ballstáit i dtaca le foláirimh SIS. Mar sin féin, de réir na rialacha atá ann cheana, is iad údaráis inniúla na mBallstát amháin ar féidir leo foláirimh a eisiúint in SIS.

(3) Tá ról tábhachtach ag Europol sa chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta trí anailísí agus measúnuithe ar bhagairtí a sholáthar chun tacú le himscrúduithe na n-údarás náisiúnta inniúil. Mar sin féin, de réir na rialacha atá ann cheana, níl Europol in ann ach SIS a úsáid agus faisnéis fhorlíontach faoi fholáirimh SIS a mhalartú leis na Ballstáit, agus ní féidir ach le húdaráis inniúla na mBallstát foláirimh in SIS a eisiúint.

_________________

 

29 Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53-114).

 

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Ós rud é go bhfuil an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht ag éirí níos domhandaithe de réir a chéile de bharr an tsoghluaisteacht a bheith ag dul i méid, is ag dul i méid, dá réir sin, ó thaobh shlándáil an Aontais, atá ábharthacht na faisnéise a fhaigheann tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, eagraíochtaí amhail Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Ba cheart go gcuirfeadh an fhaisnéis sin leis na hiarrachtaí cuimsitheacha chun slándáil inmheánach a áirithiú san Aontas Eorpach. Is le Europol amháin a chomhroinntear cuid den fhaisnéis sin. Cé go bhfuil faisnéis luachmhar ag Europol a fhaightear ó chomhpháirtithe seachtracha maidir le mórchoirpigh agus sceimhlitheoirí, ní féidir leis foláirimh a eisiúint in SIS. Ní i gcónaí a bhíonn na Ballstáit in ann foláirimh a eisiúint in SIS ar bhonn na faisnéise sin.

(4) I bhfianaise chineál domhanda na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta, tá an fhaisnéis a fhaigheann tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi dhéantóirí coireachta tromchúisí agus faoi sceimhlitheoireacht agus daoine a bhfuil amhras fúthu go bhfuil coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht á ndéanamh acu ag éirí níos ábhartha do shlándáil inmheánach an Aontais. Ní roinntear cuid den fhaisnéis sin, go háirithe i gcás gur náisiúnach tríú tír é an duine lena mbaineann, ach le Europol, a phróiseálann an fhaisnéis agus a chomhroinneann toradh na n-anailísí a rinne sé leis na Ballstáit uile trí chóras faisnéise Europol agus liosta faire ETIAS.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Tá sé aitheanta go forleathan ag na Ballstáit go bhfuil gá oibríochtúil faisnéis fíoraithe arna soláthar ag tríú tír a chur ar fáil d’oifigigh thúslíne, go háirithe do ghardaí teorann agus do phóilíní. Mar sin féin, ní bhíonn rochtain i gcónaí ag na húsáideoirí deiridh ábhartha sna Ballstáit ar an bhfaisnéis luachmhar sin toisc, inter alia, nach bhfuil sé de chumas ag na Ballstáit an fhaisnéis a fhíorú nó nach bhfuil siad in ann foláirimh in SIS a eisiúint ar bhonn na faisnéise sin i ngeall ar shrianta sa dlí náisiúnta.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Chun an bhearna a líonadh i dtaca le comhroinnt faisnéise maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht, go háirithe maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta – trodaithe a bhfuil faireachán ar a ngluaiseachtaí ríthábhachtach – is gá a áirithiú go mbeidh Europol in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’oifigigh thosaigh sna Ballstáit.

(5) Tá iarracht déanta ag na Ballstáit an bhearna a dhúnadh i dtaca le comhroinnt faisnéise maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta laistigh den Aontas trí phróiseas a shainiú chun meastóireacht a dhéanamh ar fhaisnéis ó thríú tíortha maidir le trodaithe eachtracha sceimhlitheoireachta a bhfuil amhras fúthu agus, b’fhéidir, chun an fhaisnéis sin a iontráil in SIS. Mar sin féin, is de chineál sealadach é an próiseas sin agus braitheann sé ar ghníomhaíocht dheonach na mBallstát. Soláthraítear leis an Rialachán seo réiteach buan a bheidh éifeachtach agus inbhuanaithe san fhadtéarma, agus ag an am céanna an úsáid is fearr is féidir á baint as acmhainní Europol agus as a ról mar mhol faisnéise. Faoi réir dianchoinníollacha, ba cheart do Europol a bheith in ann SIS a ghiaráil chun coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chomhrac trí fhaisnéis fhíoraithe a fhaightear ó thríú tíortha a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’oifigigh thúslíne sna Ballstáit.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Ba cheart, dá bhrí sin, Europol a údarú chun foláirimh a iontráil in SIS de bhun Rialachán (AE) 2018/1862, agus, san am céanna, lánurraim á tabhairt do chearta bunúsacha agus do rialacha cosanta sonraí.

(6) Ba cheart, dá bhrí sin, Europol a údarú chun foláirimh a iontráil in SIS de bhun Rialachán (AE) 2018/1862, ar mhaithe le leas ginearálta an Aontais agus cearta bunúsacha agus acquis AE maidir le cosaint sonraí agus inniúlacht na mBallstát slándáil inmheánach a áirithiú á n-urramú go hiomlán.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Chuige sin, ba cheart catagóir shonrach foláirimh a chruthú in SIS a bheadh le heisiúint ag Europol go heisiach, chun a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh atá i mbun cuardaigh in SIS go bhfuil drochamhras ann go bhfuil an duine lena mbaineann bainteach le cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith, agus chun gur féidir le Europol deimhniú a fháil gur aimsíodh an duine atá faoi réir an fholáirimh.

(7) Chuige sin, ba cheart catagóir shonrach foláirimh a chruthú in SIS, atá le heisiúint go heisiach ag Europol, chun a chur in iúl d’úsáideoirí deiridh atá údaraithe sna Ballstáit cuardach a dhéanamh in SIS go bhfuil faisnéis ag Europol a léiríonn go bhfuil amhras ar an duine lena mbaineann nó gur ciontaíodh é nó í i gcion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith. I gcás amas ar fholáireamh, ba cheart don oifigeach túslíne an t-amas a thuairisciú láithreach do Bhiúró náisiúnta SIRENE, agus ba cheart don Bhiúró sin a dhearbhú do Europol go bhfuil an duine atá faoi réir an fholáirimh aimsithe. Ní mór d’údaráis náisiúnta ábhartha an Bhallstáit lena mbaineann cinneadh a dhéanamh, ar bhonn cás ar chás, lena n-áirítear bunaithe ar an bhfaisnéis chúlra arna soláthar ag Europol, an gá tuilleadh beart a dhéanamh maidir leis an duine lena mbaineann. Dhéanfaí na bearta breise sin faoi lánrogha iomlán an Bhallstáit inar tharla an t-amas i gcomhréir lena dhlí náisiúnta.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Chun a mheasúnú an bhfuil cás nithiúil leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh a iontráil in SIS, agus chun iontaofacht fhoinse na faisnéise agus cruinneas na faisnéise maidir leis an duine lena mbaineann a dheimhniú, ba cheart do Europol measúnú aonair mionsonraithe a dhéanamh ar gach cás lena n-áirítear comhairliúcháin bhreise leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta a chomhroinn na sonraí faoin duine lena mbaineann, chomh maith le hanailís bhreise a dhéanamh ar an gcás, go háirithe trí chros-seiceáil a dhéanamh leis an bhfaisnéis atá aige cheana ina chuid bunachar sonraí, chun cruinneas na faisnéise a dheimhniú agus chun í a chomhlánú le sonraí eile ar bhonn a chuid bunachar sonraí féin. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú mionsonraithe aonair an anailís i dtaobh an bhfuil forais leordhóthanacha ann lena mheas go ndearna an duine cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith nó go raibh sé páirteach ann, nó go ndéanfaidh sé cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith.

(8) Chun a mheas, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta, an bhfuil cás nithiúil leordhóthanach, ábhartha agus tábhachtach go leor le gur gá foláireamh a iontráil in SIS, agus chun iontaofacht fhoinse na faisnéise agus cruinneas na faisnéise maidir leis an duine lena mbaineann a dheimhniú, nach bhfuarthas an fhaisnéis de shárú ar chearta bunúsacha an duine agus nach ndearnadh í a chur in iúl do Europol chun críocha neamhdhleathacha de shárú ar chearta an duine, ba cheart do Europol measúnú aonair mionsonraithe a dhéanamh ar gach cás lena n-áirítear, i gcás inar gá, comhairliúcháin bhreise leis an tríú tír nó leis an eagraíocht idirnáisiúnta a chomhroinn na sonraí faoin duine lena mbaineann, chomh maith le hanailís bhreise a dhéanamh ar an gcás, comhairliúcháin leis na Ballstáit chomh maith le hanailís bhreise a dhéanamh ar an gcás, go háirithe trí chros-seiceáil a dhéanamh leis an bhfaisnéis atá aige cheana ina chuid bunachar sonraí, chun cruinneas na faisnéise a dheimhniú agus chun í a chomhlánú le sonraí eile ar bhonn a chuid bunachar sonraí féin. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú mionsonraithe aonair an anailís i dtaobh an bhfuil forais leordhóthanacha ann lena mheas go ndearna an duine cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith nó go raibh sé páirteach ann, nó an bhfuil forais réasúnacha ann lena chreidiúint go ndéanfaidh sé cion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Níor cheart do Europol a bheith in ann foláireamh a iontráil in SIS ach amháin le haghaidh daoine nach ábhar d’fholáireamh SIS atá eisithe ag Ballstát cheana. Ba cheart réamhchoinníoll eile a bheith ann maidir le foláireamh den sórt sin a chruthú, eadhon nach ndéanann na Ballstáit agóid i gcoinne eisiúint an fholáirimh in SIS. Dá bhrí sin, is gá rialacha a bhunú maidir le hoibleagáidí Europol roimh sonraí a iontráil in SIS, go háirithe an oibleagáid i dtaca leis na Ballstáit a cheadú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh go scriosfadh Europol foláireamh, go háirithe má fhaigheann siad faisnéis nua maidir leis an duine is ábhar don fholáireamh, más rud é go n-éilíonn a slándáil náisiúnta amhlaidh nó nuair is móide go mbeadh an foláireamh ina bhaol d’fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla.

(9) Níor cheart do Europol a bheith in ann foláireamh a iontráil in SIS ach amháin le haghaidh daoine nach ábhar d’fholáireamh SIS atá eisithe ag Ballstát cheana. Ba cheart réamhchoinníoll eile a bheith ann maidir leis an bhfoláireamh sin a chruthú, eadhon nach ndearna aon Bhallstát agóid réasúnaithe in aghaidh eisiúint an fholáirimh in SIS ag Europol nó nár thug sé fógra go raibh rún aige foláireamh a iontráil thar a cheann féin. Dá bhrí sin, is gá rialacha a bhunú maidir le hoibleagáidí Europol roimh sonraí a iontráil in SIS, go háirithe an oibleagáid dul i gcomhairle leis na Ballstáit agus formheas a fháil ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794. Ba cheart do Europol cúiseanna le gach togra a dhéantar a chur faoi bhráid na mBallstát maidir le foláireamh a iontráil in SIS agus an tOifigeach um Chearta Bunúsacha agus an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur ar an eolas aon uair a iontrálfaidh sé foláireamh in SIS. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh go scriosfadh Europol foláireamh,  i gcás ina bhfuil sé beartaithe acu foláireamh a eisiúint iad féin, i gcás ina bhfaighidh siad faisnéis nua faoin duine is ábhar don fholáireamh nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun a chreidiúint nach bhfuil na sonraí atá san fholáireamh cruinn, más rud é go n-éilíonn a slándáil náisiúnta amhlaidh nó nuair is móide go mbeadh an foláireamh ina bhaol d’fhiosrúcháin, imscrúduithe nó nósanna imeachta oifigiúla nó dlíthiúla nó i gcás ina gcuirfeadh an foláireamh isteach díréireach ar chearta bunúsacha an duine lena mbaineann.

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ba cheart do Europol taifid a choimeád ar an measúnú aonair ar gach cás, agus ba cheart na forais atá ann chun an foláireamh a iontráil a bheith san áireamh sna taifid sin chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart do Europol comhoibriú leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus na taifid sin a chur ar fáil arna iarraidh sin, ionas gur féidir iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála.

(10) Ba cheart do Europol taifid mhionsonraithe a choimeád ar gach foláireamh, agus ba cheart na forais atá ann chun an foláireamh a iontráil a bheith san áireamh sna taifid sin chun dlíthiúlacht na próiseála sonraí a fhíorú, chun féinfhaireachán a dhéanamh agus chun sláine agus slándáil cheart sonraí a áirithiú, agus lánurraim á háirithiú do chearta bunúsacha atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt) agus i rialacha cosanta sonraí is infheidhme. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/794, ba cheart do Europol na taifid sin a chur ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) arna iarraidh sin, ionas gur féidir iad a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar oibríochtaí próiseála.

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Is gá rialacha a sholáthar maidir le scriosadh na bhfoláireamh a dhéanann Europol a iontráil in SIS. Níor cheart foláireamh a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun an chríoch ar chuici a iontráladh an foláireamh a bhaint amach. Is iomchuí, dá bhrí sin, critéir mhionsonraithe a leagan amach chun a chinneadh cén uair ba cheart an foláireamh a scriosadh. Ba cheart foláireamh arna iontráil ag Europol in SIS a scriosadh go háirithe má dhéanann Ballstát agóid, má dhéanann Ballstát foláireamh eile a iontráil in SIS, nó má thagann Europol ar an eolas go raibh an fhaisnéis a fuarthas ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta mícheart nó go ndearnadh í a chur in iúl do Europol chun críoch neamhdhleathach, mar shampla más rud é gur ar chúiseanna polaitiúla a spreagadh an fhaisnéis maidir leis an duine a chomhroinnt.

(11) Is gá rialacha a sholáthar maidir le scriosadh na bhfoláireamh a dhéanann Europol a iontráil in SIS. Níor cheart foláireamh a choimeád ach amháin ar feadh an ama is gá chun an chríoch ar chuici a iontráladh an foláireamh a bhaint amach. Is iomchuí, dá bhrí sin, critéir mhionsonraithe a leagan amach chun a chinneadh cén uair ba cheart an foláireamh a scriosadh. Ba cheart foláireamh arna iontráil ag Europol in SIS a scriosadh tar éis don fholáireamh dul in éag, nó i gcás ina dtugann Ballstát fógra maidir lena agóid réasúnaithe ina leith, nó i gcás ina bhfuil foláireamh eile iontráilte nó le hiontráil ag Ballstát in SIS maidir leis an duine céanna, i gcás nach bhfuil amhras ann a thuilleadh go bhfuil an duine atá faoi réir an fholáirimh bainteach le coir nó páirteach i gcoir nó i gcás ina dtagann Europol nó Ballstát ar an eolas go raibh an fhaisnéis a fuarthas ón tríú tír nó ón eagraíocht idirnáisiúnta mícheart nó go ndearnadh í a chur in iúl do Europol chun críoch neamhdhleathach.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Na ceanglais agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir leis na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1862 nuair a dhéanann siad foláirimh a iontráil in SIS, ba cheart na ceanglais agus na hoibleagáidí céanna a bheith ina gceangal ar Europol maidir le foláirimh a iontráil in SIS. Go háirithe, ba cheart do Europol comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla a chomhlíonadh, ar nithe iad a bunaíodh chun comhoiriúnacht a chomhéadain theicniúil le SIS Láir a áirithiú ar mhaithe le tarchur pras éifeachtach sonraí. Maidir le ceanglais i ndáil le rialacha ginearálta próiseála sonraí, le comhréireacht, le cáilíocht sonraí, le slándáil sonraí, le tuairisciú agus oibleagáidí a bhaineann le bailiú staidreamh is infheidhme maidir le foláirimh a iontráil in SIS ag na Ballstáit, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin ar Europol chomh maith.

(12) Na ceanglais agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir leis na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2018/1862 nuair a dhéanann siad foláirimh a iontráil in SIS, ba cheart ceanglais agus oibleagáidí atá coibhéiseach leo a bheith ina gceangal ar Europol maidir le foláirimh a iontráil in SIS. Go háirithe, ba cheart do Europol comhchaighdeáin, prótacail agus nósanna imeachta teicniúla a chomhlíonadh, ar nithe iad a bunaíodh chun comhoiriúnacht a chomhéadain theicniúil le SIS Láir a áirithiú ar mhaithe le tarchur pras éifeachtach sonraí. Maidir le ceanglais i ndáil le comhréireacht, le cáilíocht sonraí, le slándáil sonraí, le tuairisciú agus oibleagáidí a bhaineann le bailiú staidreamh is infheidhme maidir le foláirimh a iontráil in SIS ag na Ballstáit, ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais sin ar Europol chomh maith. Thairis sin, ba cheart sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag Europol a bheith faoi réir leibhéal coibhéiseach cosanta mar an leibhéal is infheidhme maidir le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag na Ballstáit.

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) Faoi réir teorainneacha ama sonracha, tá sé beartaithe nach mbeidh tionchar ag na hullmhúcháin maidir le foláirimh a bheith á n-iontráil, á nuashonrú agus á scriosadh ag Europol in SIS de bhun an Rialacháin seo, ar úsáid SIS i gcás foláirimh arna n-eisiúint ag na Ballstáit a shainítear i Rialachán 2018/1862.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon bunú agus rialáil catagóire sonraí foláirimh arna eisiúint ag Europol in SIS chun faisnéis a mhalartú maidir le daoine ar bagairt iad ar shlándáil inmheánach an Aontais, ach ina ionad sin, i ngeall ar chineál na gcuspóirí sin gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(14) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit féin cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon bunú agus rialáil catagóire sonraí foláirimh arna eisiúint ag Europol in SIS chun faisnéis a mhalartú maidir le daoine ar bagairt iad ar shlándáil inmheánach an Aontais, ach ina ionad sin, i ngeall ar chineál na gcuspóirí sin gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Urramaíonn an Rialachán seo cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Go háirithe, urramaíonn an Rialachán seo, cosaint sonraí pearsanta go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus, ag an am céanna, leis an Rialachán, féachtar le timpeallacht shábháilte a áirithiú do gach duine a chónaíonn ar chríoch an Aontais.

(15) Leis an Rialachán seo, urramaítear go hiomlán na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sa Chairt. Go háirithe, urramaítear go hiomlán leis an Rialachán seo cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 16 CAE, Airteagal 8 den Chairt agus na rialacha cosanta sonraí is infheidhme a leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 agus i Rialachán (AE) 2016/794 arna leasú le Rialachán (AE) [XXX]. Féachtar leis an Rialachán seo freisin le timpeallacht shábháilte a áirithiú do gach duine a chónaíonn ar chríoch an Aontais.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le hailtireacht theicniúil SIS, maidir le freagrachtaí na mBallstát, freagrachtaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus freagrachtaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), maidir le próiseáil sonraí, maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann agus maidir le dliteanas.’

2. Ina theannta sin, leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha maidir le hailtireacht theicniúil SIS, maidir le freagrachtaí na mBallstát, freagrachtaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí agus freagrachtaí Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), maidir le próiseáil sonraí, maidir le cearta na ndaoine lena mbaineann agus maidir le dliteanas.’

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 3 – pointe 21 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, seachas daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas acu i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE nó le comhaontú idir an tAontas, nó idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus tríú tír, den pháirt eile;’

(22) ciallaíonn ‘náisiúnach tríú tír’ aon duine nach saoránach den Aontas é de réir bhrí Airteagal 20(1) CFAE, nó ar duine gan stát é nó duine nach eol a náisiúntacht, seachas daoine a bhfuil an ceart chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas acu i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE nó le comhaontú idir an tAontas, nó idir an tAontas agus a Bhallstáit, de pháirt, agus tríú tír, den pháirt eile;

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 – pointe a

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 24 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. I gcás ina measfaidh Ballstát, maidir le héifeacht a thabhairt d’fholáireamh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 36 nó 37a, go bhfuil an foláireamh sin ar neamhréir lena dhlí náisiúnta, lena oibleagáidí idirnáisiúnta nó le leasanna riachtanacha náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go gcuirfear bratach leis an bhfoláireamh á chur in iúl nach ndéanfar an ghníomhaíocht, atá le cur i gcrích ar bhonn an fholáirimh, ar a chríoch. Déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna bratacha a chur le foláirimh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 26, 32 nó le 36, agus déanfaidh Europol bratacha a chur le foláirimh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 37a.’

1. I gcás ina measfaidh Ballstát, maidir le héifeacht a thabhairt d’fholáireamh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagail 26, 32, 36 nó 37a, go bhfuil an foláireamh sin ar neamhréir lena dhlí náisiúnta, lena oibleagáidí idirnáisiúnta nó le leasanna riachtanacha náisiúnta, féadfaidh sé a cheangal go gcuirfear bratach leis an bhfoláireamh á chur in iúl nach ndéanfar an ghníomhaíocht, atá le cur i gcrích ar bhonn an fholáirimh, ar a chríoch. Déanfaidh Biúró SIRENE an Bhallstáit eisiúna bratacha a chur le foláirimh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 26, 32 nó le 36, agus déanfaidh Europol bratacha a chur le foláirimh a iontráiltear i gcomhréir le hAirteagal 37a.’

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37 a – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Féadfaidh Europol foláirimh maidir le daoine a iontráil in SIS chun úsáideoirí deiridh atá i mbun cuardaigh in SIS a chur ar an eolas faoi rannpháirtíocht amhrasta na ndaoine sin i gcion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794, agus chun faisnéis a fháil i gcomhréir le hAirteagal 37b den Rialachán seo lena gcuirtear in iúl gur aimsíodh an duine lena mbaineann.

1. Féadfaidh Europol foláirimh maidir le náisiúnaigh tríú tír a iontráil in SIS chun úsáideoirí deiridh atá i mbun cuardaigh in SIS a chur ar an eolas faoi rannpháirtíocht amhrasta na ndaoine sin i gcion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794, agus chun faisnéis a fháil i gcomhréir le hAirteagal 37b den Rialachán seo lena gcuirtear in iúl gur aimsíodh an duine lena mbaineann. Cuirfear an tOifigeach um Chearta Bunúsacha agus an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas aon uair a iontrálfaidh Europol foláireamh in SIS.

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37a – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ní fhéadfaidh Europol foláireamh a iontráil in SIS maidir le daoine ar náisiúnaigh tríú tír iad ar bhonn faisnéise a fhaightear ó thríú tír nó ó eagraíocht idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 17(1)(b) de Rialachán (AE) 2016/794 ach amháin i gcás ina mbaineann an fhaisnéis le ceann amháin díobh seo a leanas:

2. dhéanfaidh Europol foláireamh a iontráil in SIS i gcomhréir le mír 1ach amháin ar bhonn faisnéise a fhaightear ó thríú tír nó ó eagraíocht idirnáisiúnta a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/794, i gcás ina gcinneann sé, tar éis measúnú mionsonraithe aonair a dhéanamh, go mbaineann an fhaisnéis le náisiúnach tríú tír:

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37a – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) daoine a bhfuil drochamhras ann go ndearna siad cion coiriúil nó gur ghlac siad páirt i gcion coiriúil, ar cion coiriúil é a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794, nó daoine a ciontaíodh i gcion den sórt sin;

(a) a bhfuil drochamhras ann go ndearna sé nó sí cion coiriúil nó gur ghlac sé nó sí páirt ann;

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37a – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) daoine a bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann ina leith chun a chreidiúint go ndéanfaidh siad cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794.

(b) a bhfuil táscairí fíriciúla nó forais réasúnacha ann ina leith chun a chreidiúint go ndéanfaidh sé nó sí cion coiriúil , nó

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37ú – mír 2 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) a ciontaíodh i gcion coiriúil.

 

Gan dochar don chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh Europol foláireamh a iontráil in SIS i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo ar bhonn faisnéise a fhaightear ó thríú tír nach gcomhlíonann ceann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 25(1) de Rialachán (AE) 2016/794, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis deimhnithe ag tríú tír a chomhlíonann ceann de na coinníollacha sin nó ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis le cion sceimhlitheoireachta nó le coireacht eagraithe.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37a – mír 3 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ní fhéadfaidh Europol foláireamh a iontráil in SIS ach amháin tar éis dó a áirithiú go ndearnadh an méid seo uile a leanas:

3. Ní fhéadfaidh Europol foláireamh a iontráil in SIS ach amháin tar éis dó a shuíomh go bhfuil gá leis sin agus go bhfuil bonn cirt leis, trí gach ceann díobh seo a leanas a áirithiú:

Leasú  26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37a – mír 3 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) deimhníodh in anailís ar na sonraí arna gcur ar fáil i gcomhréir le mír 2 iontaofacht fhoinse na faisnéise agus cruinneas na faisnéise maidir leis an duine lena mbaineann, rud a chumasódh do Europol a chinneadh go dtiocfadh an duine sin faoi raon feidhme mhír 2, i gcás inar gá, tar éis tuilleadh malartuithe faisnéise a dhéanamh leis an soláthraí sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794;

(a) deimhníodh in anailís ar na sonraí arna gcur ar fáil i gcomhréir le mír 2 iontaofacht fhoinse na faisnéise agus cruinneas na faisnéise maidir leis an duine lena mbaineann, rud a chumasódh do Europol a chinneadh go dtiocfadh an duine sin faoi raon feidhme mhír 2, i gcás inar gá, tar éis tuilleadh malartuithe faisnéise a dhéanamh leis an eagraíocht idirnáisiúnta a sholáthraigh na  sonraí i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2016/794;

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37a – mír 3 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) deimhníodh le fíorú gur gá an foláireamh a iontráil chun cuspóirí Europol a bhaint amach mar a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794 iad;

(b) deimhníodh le fíorú gur gá go docht an foláireamh a iontráil chun cuspóirí Europol a bhaint amach mar a leagtar síos in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2016/794 iad;

Leasú  28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37 a – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Coinneoidh Europol taifid mhionsonraithe a bhaineann le hiontráil an fholáirimh in SIS agus leis na forais atá ann leis an iontráil sin chun a cheadú go bhfíorófar comhlíonadh na gceanglas substainteach agus na gceanglas nós imeachta a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3. Beidh na taifid sin ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin.

4. Coinneoidh Europol taifid mhionsonraithe a bhaineann le hiontráil an fholáirimh in SIS agus na forais atá ann leis an iontráil sin chun a cheadú go bhfíorófar comhlíonadh na gceanglas substainteach agus na gceanglas nós imeachta a leagtar síos i míreanna 1, 2 agus 3. Cuirfear taifid den sórt sin ar fáil don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí arna iarraidh sin dó.

Leasú  29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37 a – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Na ceanglais agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir leis an mBallstát eisiúna in Airteagail 20, 21, 22, 42, 56, 59, 61, 62 agus 63, beidh feidhm acu maidir le Europol agus sonraí á bpróiseáil in SIS aige.

6. Na ceanglais agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir leis an mBallstát eisiúna in Airteagail 20, 21, 22, 42, 56, 59, 61, 62 agus 63, beidh feidhm acu mutatis mutandis maidir le Europol agus sonraí á bpróiseáil in SIS aige.

Leasú  30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37b – mír 1 – pointe (a) – pointe (i)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) gur aimsíodh an duine is ábhar d’fholáireamh;

(i) gur aimsíodh an duine is ábhar d’fholáireamh;

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 37b – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a) a chur in iúl do Europol trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.’

2. Déanfaidh an Ballstát forghníomhaitheach an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1(a) a chur in iúl do Europol trí fhaisnéis fhorlíontach a mhalartú.’ Féadfaidh an Ballstát forghníomhaitheach, in imthosca eisceachtúla, a chinneadh gan an fhaisnéis a chur in iúl do Europol dá ndéanfaí imscrúduithe leanúnacha nó sábháilteacht duine aonair a chur i mbaol dá ndéanfaí amhlaidh, nó go mbeadh sé contrártha do leasanna bunúsacha an Bhallstáit fhorghníomhaithe.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 48 – mír 1 – fomhír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh an ceart ag Europol, i gcás inar gá sin chun a shainordú a chomhlíonadh, chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus cuardach a dhéanamh sna sonraí sin, agus chun foláirimh a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta agus a scriosadh de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo. Déanfaidh Europol sonraí SIS a iontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach trí bhíthin comhéadan teicniúil tiomnaithe. Déanfaidh Europol an comhéadan teicniúil a chur ar bun agus a chothabháil i gcomhréir leis na comhchaighdeáin, na prótacail agus na nósanna imeachta teicniúla a shainítear in Airteagal 9 den Rialachán seo agus ceadófar leis an gcomhéadan nasc díreach le SIS Láir.

Beidh an ceart ag Europol, i gcás inar gá sin chun a shainordú a chomhlíonadh, chun rochtain a fháil ar shonraí in SIS agus cuardach a dhéanamh sna sonraí sin, agus chun foláirimh a iontráil, a thabhairt cothrom le dáta agus a scriosadh de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo. Déanfaidh Europol sonraí SIS a rochtain, aiontráil, a nuashonrú, a scriosadh agus a chuardach trí bhíthin comhéadan teicniúil tiomnaithe. Déanfaidh Europol an comhéadan teicniúil a chur ar bun agus a chothabháil i gcomhréir leis na comhchaighdeáin, na prótacail agus na nósanna imeachta teicniúla a shainítear in Airteagal 9 den Rialachán seo agus ceadófar leis an gcomhéadan nasc díreach le SIS Láir.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 48 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh Europol faisnéis fhorlíontach a mhalartú i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE. Chuige sin, áiritheoidh Europol go mbeidh fáil ar fhaisnéis fhorlíontach a bhaineann lena chuid foláirimh féin 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.’

Déanfaidh Europol aon fhaisnéis fhorlíontach bhreise a mhalartú agus a iarraidh i gcomhréir le forálacha Lámhleabhar SIRENE. Chuige sin, áiritheoidh Europol infhaighteacht agus malartú na faisnéise forlíontaí sin a bhaineann lena chuid foláireamh féin 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe d

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 48 – mír 7a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7a. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí Europol faoin Rialachán seo gach ceithre bliana ar a laghad i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta.’

7a. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh ar ghníomhaíochtaí próiseála sonraí Europol faoin Rialachán seo gach trí bliana ar a laghad i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta.’

Leasú  35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 – pointe a

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 53 – mír 5a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5a. Féadfaidh Europol foláireamh a iontráil maidir le duine chun críocha Airteagal 37a (1) ar feadh tréimhse aon bhliain amháin. Déanfaidh Europol athbhreithniú ar an ngá atá leis an bhfoláireamh a choinneáil laistigh den tréimhse sin. Déanfaidh Europol, i gcás inarb iomchuí, tréimhsí athbhreithnithe níos giorra a shocrú.’

5a. Féadfaidh Europol foláireamh a iontráil maidir le náisiúnach tríú tír chun críocha Airteagal 37ú(1) ar feadh tréimhse trí bliana. Déanfaidh Europol athbhreithniú ar an ngá atá leis an bhfoláireamh a choinneáil laistigh den tréimhse sin. Déanfaidh Europol, i gcás inarb iomchuí, tréimhsí athbhreithnithe níos giorra a shocrú. 

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 53 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Laistigh den tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 5a, féadfaidh an Ballstát eisiúna agus, i gcás sonraí pearsanta arna n-iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol, tar éis measúnú cuimsitheach aonair a dhéanfar a thaifeadadh, féadfaidh sé a chinneadh an foláireamh maidir le duine a choinneáil go ceann tréimhse níos faide ná an tréimhse athbhreithnithe, más gá sin agus má tá sin comhréireach chun na gcríoch ar chucu a iontráladh an foláireamh. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag míreanna 2, 3, 4, 5 5a den Airteagal seo maidir leis an síneadh freisin. Déanfar aon síneadh den sórt sin a chur in iúl do CS-SIS.’

6. Laistigh den tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 5a, féadfaidh an Ballstát eisiúna Europol, de réir mar is iomchuí, tar éis measúnú cuimsitheach aonair, a dhéanfar a thaifeadadh, a chinneadh an foláireamh maidir le duine a choimeád go ceann tréimhse níos faide más gá sin agus má tá sin comhréireach chun na gcríoch ar chucu a eisíodh an foláireamh. Sna cásanna sin, beidh feidhm ag míreanna 2, 3, 4, 5 agus 5a den Airteagal seo maidir leis an síneadh freisin. Déanfar aon síneadh den sórt sin a chur in iúl do CS-SIS.’

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 53 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Déanfar foláirimh maidir le daoine a scriosadh go huathoibríoch tar éis don tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 5a a dhul in éag, ach amháin i gcás ina gcuirfidh an Ballstát eisiúna CS-SIS ar an eolas maidir le síneadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo nó i gcás, maidir le foláirimh arna n-iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, inarb é Europol a dhéanfaidh amhlaidh. Cuirfidh CS-CIS an Ballstát eisiúna agus Europol ar an eolas maidir le scriosadh sceidealta sonraí as an gcóras ceithre mhí roimh ré.’

7. Déanfar foláirimh maidir le daoine a scriosadh go huathoibríoch tar éis don tréimhse athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2, 3, 4, 5 agus 5a a dhul in éag, ach amháin i gcás ina mbeidh an Ballstát eisiúna nó Europol, de réir mar is iomchuí, tar éis fógra a chur chuig CS-SIS faoin gcinneadh leis na foláirimh a choimeád de bhun mhír 6 den Airteagal seo. Cuirfidh CS-CIS an Ballstát eisiúna agus Europol ar an eolas maidir le scriosadh sceidealta sonraí as an gcóras ceithre mhí roimh ré.’

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 – pointe b

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 53 – mír 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Coimeádfaidh na Ballstáit agus Europol staidreamh faoin líon foláireamh maidir le daoine a gcuirtear síneadh leis an tréimhse choinneála ina leith i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo agus déanfaidh siad an staidreamh a tharchur chuig na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 69, arna iarraidh sin dóibh.’

8. Coimeádfaidh na Ballstáit agus Europol staidreamh faoin líon foláireamh maidir le daoine a gcuirtear síneadh leis an tréimhse choinneála ina leith i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo. Arna iarraidh sin, cuirfidh na Ballstáit an staidreamh sin ar aghaidh chuig na húdaráis mhaoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 69 agus cuirfidh Europol ar aghaidh chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iad.

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 67 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Beidh daoine is ábhar do na sonraí in ann a gcuid ceart a fheidhmiú, cearta a leagtar síos in Airteagail 15, 16 agus 17 de Rialacháin (AE) 2016/679, sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 14 agus Airteagal 16(1) agus (2) de Threoir (AE) 2016/680 agus i gCaibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725.

(1) Beidh daoine is ábhar do na sonraí in ann a gcuid ceart a fheidhmiú, cearta a leagtar síos in Airteagail 15, 16 agus 17 de Rialacháin (AE) 2016/679, sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 14 agus Airteagal 16(1) agus (2) de Threoir (AE) 2016/680 agus in Airteagail 80 agus 82 de Rialachán (AE) 2018/1725.

Leasú  40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 67 – mír 3 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Is Ballstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, lena n-áirítear dlí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 agus, i gcás sonraí pearsanta arna n-iontráil in SIS faoi Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol a dhéanfaidh cinneadh gan faisnéis a chur ar fáil don duine is ábhar do na sonraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725, a mhéid atá, agus ar feadh cibé tréimhse a bhfuil, srian iomlán nó páirteach den sórt sin ina bheart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

(3) Is Ballstát, i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, lena n-áirítear dlí lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 agus, i gcás sonraí pearsanta arna n-iontráil in SIS faoi Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol a dhéanfaidh cinneadh gan faisnéis a chur ar fáil don duine is ábhar do na sonraí, go hiomlán nó go páirteach, i gcomhréir le hAirteagal 82(4) de Rialachán (AE) 2018/1725, a mhéid atá, agus ar feadh cibé tréimhse a bhfuil, srian iomlán nó páirteach den sórt sin ina bheart riachtanach comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus aird chuí á tabhairt ar chearta bunúsacha agus leasanna dlisteanacha an duine is ábhar do na sonraí lena mbaineann, chun an méid seo a leanas a bhaint amach:

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 67 – mír 3 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I gcásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n-iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi dhiúltú nó srianadh rochtana agus faoi na fáthanna a bhí leis an gcinneadh sin. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn d’aon cheann de na forais a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír seo. Is é an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n-iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol a dhéanfaidh an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg.

I gcásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an Ballstát nó, i gcás sonraí pearsanta arna n-iontráil in SIS de bhun Airteagal 37a den Rialachán seo, Europol an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas i scríbhinn, gan moill mhíchuí, faoi dhiúltú nó srianadh rochtana agus faoi na fáthanna a bhí leis an gcinneadh sin. Féadfar an fhaisnéis sin a fhágáil ar lár i gcás ina mbainfeadh soláthar na faisnéise sin an bonn d’aon cheann de na forais a leagtar amach i bpointí (a) go (e) den chéad fhomhír seo. Cuirfidh an Ballstát an té is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh le húdarás maoirseachta nó leigheas breithiúnach a lorg. I gcás ina n-iontráiltear sonraí pearsanta in SIS de bhun Airteagal 37ú den Rialachán seo, cuirfidh Europol an duine is ábhar do na sonraí ar an eolas faoin bhféidearthacht gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leigheas breithiúnach a lorg ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 68 – mír 4 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Déanfaidh na Ballstáit agus Europol tuairisciú bliantúil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí ar an méid seo a leanas:

(4) Tuairisceoidh na Ballstáit go bliantúil don Bhord Eorpach um Chosaint Sonraí agus do Pharlaimint na hEorpa agus do Europol tuairisceoidh siad gach bliain do MECS, do Pharlaimint na hEorpa agus do GGPC maidir leis na nithe seo a leanas:

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 68 – mír 4 – fomhír 1 – pointe g a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(g a) an líon foláireamh maidir le daoine a ndearnadh na tréimhsí coinneála i ndáil leo a fhadú i gcomhréir le hAirteagal 53(8).

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 68 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Déanfar na tuarascálacha ó na Ballstáit agus ó Europol a chur isteach sa tuarascáil chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 71(4).’

(5) Déanfar na tuarascálacha ó na Ballstáit agus ó Europol a chur san áireamh ina n-iomláine sa tuarascáil chomhpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 71(4).’

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 74 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Táirgfidh eu-LISA staidrimh ar bhonn laethúil, míosúil, agus bliantúil a léireoidh líon na dtaifead de réir chatagóir an fholáirimh, is é sin an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith agus Europol. Cuirfidh eu-LISA ar fail tuarascálacha bliantúla maidir leis an líon taifead in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon bliantúil amas in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta a fuarthas rochtain ar SIS chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, is é sin, an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith agus Europol. Ní bheidh aon sonraí pearsanta d’aon chineál sa staidreamh a ullmhófar. Foilseofar an tuarascáil bhliantúil staidrimh.’

3. Táirgfidh eu-LISA staidrimh ar bhonn laethúil, míosúil, agus bliantúil a léireoidh líon na dtaifead de réir chatagóir an fholáirimh, is é sin an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith agus Europol. Cuirfidh eu-LISA ar fail tuarascálacha bliantúla maidir leis an líon taifead in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon bliantúil amas in aghaidh na catagóire foláirimh, an líon uaireanta a cuardaíodh SIS agus an líon uaireanta a fuarthas rochtain ar SIS chun foláireamh a iontráil, a nuashonrú nó a scriosadh, is é sin, an líon iomlán agus an líon i ndáil le gach Ballstát ar leith agus Europol. Cuirfidh eu-LISA staidreamh laethúil, míosúil agus bliantúil ar fáil freisin ina dtaispeánfar an líon iontrálacha foláireamh a mhol Europol ar chuir Ballstát agóid réasúnaithe ina gcoinne in iúl, agus é rangaithe de réir Ballstáit agus de réir agóide arna gcur ar fáil. Ní bheidh aon sonraí pearsanta d’aon chineál sa staidreamh a ullmhófar. Foilseofar an tuarascáil bhliantúil staidrimh.’

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 a (nua)

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 79 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) In Airteagal 79, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

 

“3.  Déanfaidh an Coimisiún faireachán géar ar an bpróiseas go ndéanfar na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 7 a chomhlíonadh de réir a chéile, agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas maidir le toradh an fhíoraithe dá dtagraítear sna míreanna sin.

Leasú  47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 79 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Cuirtear isteach an mhír 7 seo a leanas in Airteagal 79:

(14) In Airteagal 79, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:

Leasú  48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 79 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena socrófar an dáta a thosóidh Europol ag iontráil, ag nuashonrú agus ag scriosadh sonraí atá in SIS de bhun an Rialacháin seo arna leasú le Rialachán [XXX], tar éis a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:

7. Tráth nach déanaí ná... [bliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], glacfaidh an Coimisiún cinneadh lena socrófar an dáta óna bhféadfaidh Europol tús a chur le foláirimh a iontráil, a nuashonrú agus a scriosadh in SIS, de bhun an Rialacháin seo, arna leasú le Rialachán [XXX], tar éis fíorú a dhéanamh go bhfuil na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14////

Rialachán (AE) 2018/1862.

Airteagal 79 – mír 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7a. Déanfaidh Europol, faoin ... [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], fógra a thabhairt don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus na socruithe nós imeachta is gá déanta aige chun sonraí SIS a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun an Rialacháin seo [XXX].


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1862 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla a mhéid a bhaineann le iontráil foláireamh ag Europol

Tagairtí

COM(2020)0791 – C9-0394/2020 – 2020/0350(COD)

Dáta tíolactha chun PE

9.12.2020

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

21.1.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Javier Zarzalejos

3.2.2021

 

 

 

Pléite sa choiste

24.2.2021

26.5.2021

11.10.2021

 

Dáta an ghlactha

12.10.2021

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

48

15

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Maria Grapini, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Bartosz Arłukowicz, Mara Bizzotto, Malin Björk, Damian Boeselager, Delara Burkhardt, Olivier Chastel, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Gwendoline Delbos-Corfield, Klára Dobrev, Cyrus Engerer, Tanja Fajon, Loucas Fourlas, Romeo Franz, Søren Gade, Raphaël Glucksmann, Monika Hohlmeier, Brice Hortefeux, Laura Huhtasaari, Rasa Juknevičienė, Beata Kempa, Mislav Kolakušić, Dietmar Köster, Ondřej Kovařík, Sergey Lagodinsky, Nathalie Loiseau, Leopoldo López Gil, Jaak Madison, Erik Marquardt, Fulvio Martusciello, Giuseppe Milazzo, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Kostas Papadakis, Anne-Sophie Pelletier, Morten Petersen, Sabrina Pignedoli, Giuliano Pisapia, Peter Pollák, Sira Rego, Karlo Ressler, Thijs Reuten, Franco Roberti, Rob Rooken, Domènec Ruiz Devesa, Isabel Santos, Silvia Sardone, Sylwia Spurek, Paul Tang, Cristian Terheş, Romana Tomc, Yana Toom, Miguel Urbán Crespo, Tom Vandenkendelaere, Hilde Vautmans, Harald Vilimsky, Loránt Vincze, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Axel Voss, Maria Walsh, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Tatjana Ždanoka, Tomáš Zdechovský, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov

Dáta don chur síos

15.10.2021

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

48

+

ECR

Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Assita Kanko, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska

ID

Nicolaus Fest, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

NI

Laura Ferrara, Milan Uhrík

EPP

Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Sara Skyttedal, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Maria Walsh, Javier Zarzalejos

Renew

Olivier Chastel, Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Jan-Christoph Oetjen, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Tanja Fajon, Maria Grapini, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Thijs Reuten, Birgit Sippel, Bettina Vollath

 

15

-

ECR

Rob Rooken

ID

Nicolas Bay, Marcel de Graaff, Philippe Olivier

NI

Martin Sonneborn

The Left

Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Cornelia Ernst, Anne-Sophie Pelletier

GREENS

Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 29 Deireadh Fómhair 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais