TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil
15.10.2021 - (COM(2020)0829 – C9-0421/2020 – 2020/0365(COD)) - ***I
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Michal Šimečka
Rapóirtéirí don tuairim (*):
Nils Torvalds, An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Alex Agius Saliba, An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
- DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA
- TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
- NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
- VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil
(COM(2020)0829 – C9-0421/2020 – 2020/0365(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0829),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0421/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0289/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Foráiltear le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle17 do nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, bonneagair a n-imreofaí mórthionchar trasteorann ar dhá Bhallstát ar a laghad dá ndéanfaí iad a shuaitheadh nó a scriosadh. Is ar chosaint na mbonneagar sin amháin a raibh an Treoir sin dírithe. Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 201918 nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar go bhfuil oibríochtaí ina n-úsáidtear bonneagar criticiúil ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, is gá an cur chuige a athrú i dtreo athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, is é sin, an cumas atá acu teagmhais a mhaolú, a sheasamh, freastal orthu agus teacht aniar uathu, ar teagmhais iad a shuaitheann oibríochtaí an eintitis chriticiúil nó a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh. |
(1) Foráiltear le Treoir 2008/114/CE ón gComhairle17 do nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, bonneagair a n-imreofaí mórthionchar trasteorann ar dhá Bhallstát ar a laghad dá ndéanfaí iad a shuaitheadh nó a scriosadh. Is ar chosaint na mbonneagar sin amháin a raibh an Treoir sin dírithe. Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 201918 nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar go bhfuil oibríochtaí ina n-úsáidtear bonneagar criticiúil ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, is gá an cur chuige a athrú i dtreo athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, is é sin, an cumas atá acu teagmhais a mhaolú, a sheasamh, freastal orthu, freagairt dóibh agus teacht aniar uathu, ar teagmhais iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha ag an eintiteas criticiúil, saorghluaiseacht seirbhísí fíor-riachtanacha agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a shuaitheadh. |
_________________ |
_________________ |
17 Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75). |

18 SWD(2019) 308. |
18 SWD(2019) 308. |
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) D’ainneoin na mbeart atá ann cheana ar leibhéal an Aontais19 agus ar an leibhéal náisiúnta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chosaint bonneagar criticiúil san Aontas, níl na heintitis a fheidhmíonn na bonneagair sin feistithe go leormhaith chun dul i ngleic leis na rioscaí atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo maidir lena n-oibríochtaí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí a shuaitheadh atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Timpeallacht bagairtí dhinimiciúil is é is cúis leis sin, timpeallacht ina bhfuil bagairt shíorathraitheach na sceimhlitheoireachta agus idirspleáchais mhéadaitheacha idir bonneagair agus earnálacha, chomh maith le riosca fisiceach méadaithe i ngeall ar thubaistí nádúrtha agus ar an athrú aeráide, rud a mhéadaíonn minicíocht agus méid na n-eachtraí adhaimsire agus a chruthaíonn athruithe fadtéarmacha ar an meán-aeráid a d’fhéadfadh acmhainn agus éifeachtúlacht cineálacha áirithe bonneagair a laghdú mura bhfuil bearta athléimneachta nó oiriúnaithe aeráide i bhfeidhm. Thairis sin, ní dhéantar earnálacha agus cineálacha eintiteas ábhartha a aithint ina nithe criticiúla go comhsheasmhach i ngach Ballstát. |
(2) D’ainneoin na mbeart atá ann cheana ar leibhéal an Aontais19 agus ar an leibhéal náisiúnta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chosaint bonneagar criticiúil san Aontas, ní bhíonn na heintitis a fheidhmíonn na bonneagair sin feistithe go leormhaith i gcónaí chun dul i ngleic leis na rioscaí atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo maidir lena n-oibríochtaí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí a shuaitheadh atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Timpeallacht bagairtí dhinimiciúil is é is cúis leis sin, timpeallacht ina bhfuil bagairtí síorathraitheacha éagsúla agus sceimhlitheoireachta agus idirspleáchais mhéadaitheacha idir bonneagair agus earnálacha, chomh maith le riosca fisiceach méadaithe i ngeall ar thubaistí nádúrtha agus ar an athrú aeráide, rud a mhéadaíonn minicíocht agus méid na n-eachtraí adhaimsire agus a chruthaíonn athruithe fadtéarmacha ar an meán-aeráid a d’fhéadfadh acmhainn, éifeachtúlacht agus saolré cineálacha áirithe bonneagair a laghdú mura bhfuil bearta athléimneachta nó oiriúnaithe aeráide i bhfeidhm. Thairis sin, ní dhéantar earnálacha agus cineálacha eintiteas ábhartha a aithint ina nithe criticiúla go comhsheasmhach i ngach Ballstát. Ar leibhéal an Aontais, níl aon liosta aitheanta ar leith ann de na hearnálacha bonneagair chriticiúil. Ina ionad sin, cumhdaítear earnálacha éagsúla le gníomhartha éagsúla dlí. |
_________________ |
_________________ |
19 An Clár Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint (EPCIP). |
19 An Clár Eorpach um Bonneagar Criticiúil a Chosaint (EPCIP). |
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2a) Tá gné uile-Eorpach ag bonneagair chriticiúla áirithe, amhail an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht Aerloingseoireachta, Eurocontrol, agus Córas Loingseoireachta Satailíte Domhanda an Aontais Eorpaigh, Galileo. |
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Tagann na hidirspleáchais mhéadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, bhonneagar an mhargaidh airgeadais, an bhonneagair dhigitigh, an uisce óil, an fhuíolluisce, agus na sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, agus in earnáil an spáis a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha agus atá á mbainistiú acu agus á n-oibriú acu. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis nó atá faoi úinéireacht duine nó grúpa eile thar ceann an Aontais, nó bonneagair atá á mbainistiú agus á n-oibriú ag an Aontas nó thar ceann an Aontais. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan marthanach a imirt ar sheachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile. |
(3) Tagann na hidirspleáchais mhéadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, bhonneagar an mhargaidh airgeadais, an bhonneagair dhigitigh, an uisce óil, an fhuíolluisce, an táirgthe, na próiseála agus an tseachadta bia, agus na sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, agus in earnáil an spáis a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha agus atá á mbainistiú acu agus á n-oibriú acu. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis nó atá faoi úinéireacht duine nó grúpa eile thar ceann an Aontais, nó bonneagair atá á mbainistiú agus á n-oibriú ag an Aontas nó thar ceann an Aontais. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan marthanach a imirt ar sheachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile. |
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoi dhlíthe na mBallstát agus a bhfuil difríochtaí eatarthu, agus is ag dul in olcas de réir a chéile atá an fhadhb sin. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go bhfuil baol ann go n-imreofaí tionchar diúltach ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, ach cuirtear bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu. |
(4) Tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoi dhlíthe na mBallstát agus a bhfuil difríochtaí eatarthu. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go dtagann leibhéil éagsúla athléimneachta as sin ach go n-imríonn sé tionchar diúltach freisin ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, agus eascraíonn iomaíocht éagórach mar aon le bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh as. Is féidir le hinfheisteoirí agus le cuideachtaí brath ar eintitis chriticiúla atá athléimneach, agus muinín a bheith acu astu, agus tá an iontaofacht agus an mhuinín ina gclocha coirnéil de mhargadh inmheánach dea-fheidhmiúil. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu. Dá bhrí sin, beidh sé mar thoradh ar chreat de chuid an Aontais go mbainfear cothrom na Féinne amach d’eintitis chriticiúla ar fud an Aontais. |
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Is gá, dá bhrí sin, rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú. |
(5) Is gá, dá bhrí sin, rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar agus saorghluaiseacht seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar an gcomhar trasteorann idir údaráis inniúla. Tá sé ríthábhachtach go seasfadh na rialacha sin an aimsir. Chun na críche sin, tá sé mar aidhm leis an Treoir seo eintitis chriticiúla a dhéanamh athléimneach, agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar an gcumas atá iontu a áirithiú go soláthrófar seirbhísí fíor-riachtanacha ar bhonn leanúnach i bhfianaise sraith éagsúil rioscaí. Trí íosrialacha a leagan síos, cuireann an Treoir seo ar chumas na mBallstát rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil chun soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú. |
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint ar cheart dóibh a bheith faoi réir ceanglais shonracha agus formhaoirseacht shonrach, ach ar cheart dóibh freisin tacaíocht agus treoir shonrach a fháil atá dírithe ar ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach i bhfianaise na rioscaí ábhartha uile. |
(6) Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha sna hearnálacha agus na fo-earnálacha a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo. Ba cheart do na heintitis chriticiúla sin a bheith faoi réir ceanglais shonracha agus formhaoirseacht shonrach, ach ba cheart dóibh freisin tacaíocht agus treoir shonrach a fháil atá dírithe ar ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach i bhfianaise na rioscaí ábhartha uile. |
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Tá earnálacha áirithe den gheilleagar, amhail an fuinneamh agus an t-iompar, á rialáil cheana féin nó féadfar iad a rialáil amach anseo le gníomhartha earnáilsonracha de chuid dhlí an Aontais ina bhfuil rialacha a bhaineann le gnéithe áirithe d’athléimneacht eintiteas atá ag feidhmiú sna hearnálacha sin. Chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach, ar athléimneacht na n-eintiteas sin atá criticiúil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart na bearta earnáilsonracha sin a chomhlánú leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, rud a chruthaíonn creat uileghabhálach lena dtugtar aghaidh ar athléimneacht eintiteas criticiúil i ndáil le gach cineál guaise, is é sin le rá, guaiseacha nádúrtha agus de dhéantús an duine, guaiseacha taismeacha agus d’aon ghnó. |
(7) Tá earnálacha áirithe den gheilleagar, amhail an fuinneamh agus an t-iompar, á rialáil cheana féin nó féadfar iad a rialáil amach anseo le gníomhartha earnáilsonracha de chuid dhlí an Aontais ina bhfuil rialacha a bhaineann le gnéithe áirithe d’athléimneacht eintiteas atá ag feidhmiú sna hearnálacha sin. Chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cuimsitheach, ar athléimneacht na n-eintiteas sin atá criticiúil d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart a mheas gur lex specialis iad na bearta earnáilsonracha sin agus ba cheart iad a chomhlánú leis na bearta dá bhforáiltear sa Treoir seo, rud a chruthaíonn creat uileghabhálach lena dtugtar aghaidh ar athléimneacht eintiteas criticiúil i ndáil le gach cineál guaise, is é sin le rá, guaiseacha nádúrtha agus de dhéantús an duine, guaiseacha taismeacha agus d’aon ghnó. |
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach idir an Treoir seo agus Treoir (AE) XX/YY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20 [Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (dá ngairtear “Treoir NIS 2” anseo feasta)], nuair is féidir. I bhfianaise a mhinice is atá cibear-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir NIS 2 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir NIS 2, ba cheart na hábhair a chumhdaítear léi a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh. |
(8) I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach idir an Treoir seo agus Treoir (AE) XX/YY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20 [Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (dá ngairtear “Treoir NIS 2” anseo feasta)], nuair is féidir. I bhfianaise a mhinice is atá cibear-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir NIS 2 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir NIS 2, ba cheart na hábhair a chumhdaítear léi a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh. Dá thoradh sin, beidh na húdaráis inniúla arna n-ainmiú faoi Threoir NIS 2 freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar eintitis arna sainaithint mar eintitis chriticiúla nó eintitis is comhionann le heintitis chriticiúla faoin Treoir sin a mhéid a bhaineann le nithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin. |
_________________ |
_________________ |
20 [Tagairt do Threoir NIS 2, nuair a ghlacfar í.] |
20 [Tagairt do Threoir NIS 2, nuair a ghlacfar í.] |
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) D’fhonn cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith athléimneacht eintiteas criticiúil, ba cheart straitéis a bheith ag gach Ballstát ina leagtar amach cuspóirí agus bearta beartais atá le cur chun feidhme. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an t-údarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir NIS 2 i gcomhthéacs comhroinnt faisnéise maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus maidir le cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. |
(10) D’fhonn cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith athléimneacht eintiteas criticiúil, ba cheart straitéis a bheith ag gach Ballstát ina leagtar amach cuspóirí agus bearta beartais atá le cur chun feidhme. Chun an méid sin a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar chineál hibrideach an iliomad bagairtí agus ar straitéis an Aontais maidir le hathléimneacht a d’ullmhaigh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, arna bhunú leis an Treoir seo, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil lena straitéisí maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir údaráis inniúla na mBallstát faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir NIS 2, lena n-áirítear comhroinnt faisnéise maidir le teagmhais agus bagairtí agus maidir le cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. |
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha uile, idir rioscaí nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta. Agus na measúnuithe riosca sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnaithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais, agus ba cheart dóibh na spleáchais idir earnálacha a mheas, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe riosca a úsáid i bpróiseas sainaitheantais na n-eintiteas criticiúil agus ba cheart na torthaí a úsáid chun cabhrú leis na heintitis sin ceanglais athléimneachta na Treorach seo a chomhlíonadh. |
(11) Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha uile, lena n-áirítear rioscaí trasearnála agus trasteorann, idir rioscaí nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, bagairtí hibrideacha, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta, insíothlú coiriúil agus sabaitéireacht. Agus na measúnuithe riosca sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnaithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais, agus ba cheart dóibh na spleáchais idir earnálacha a mheas, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha. Níor cheart do na Ballstáit aon ghnáthriosca gnó d’oibríochtaí a eascraíonn as dálaí an mhargaidh, ná aon riosca a eascraíonn as an gcinnteoireacht dhaonlathach, a mheas mar riosca. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe riosca a úsáid i bpróiseas sainaitheantais na n-eintiteas criticiúil agus ba cheart na torthaí a úsáid chun cabhrú leis na heintitis sin ceanglais athléimneachta na Treorach seo a chomhlíonadh. Arna iarraidh sin dó, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann saineolas comhairleach a chur ar fáil d’eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha freisin. |
Leasú 12
Togra le haghaidh treorach
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir na gceanglas sin agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart critéir a leagan síos chun eintitis chriticiúla a shainaithint. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhar a bhaineann leis an sainaithint sin, chomh maith leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir, agus, in aon chás, liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha, an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i ngach earnáil agus fo-earnáil dá dtagraítear san Iarscríbhinn, agus an tseirbhís nó na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas, chomh maith le haon tairseach a chuirtear i bhfeidhm. |
(12) Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir na gceanglas sin agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach íosrialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart critéir agus modheolaíochtaí coiteanna a leagan síos ar bhealach trédhearcach chun eintitis chriticiúla a shainaithint. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhar a bhaineann leis an sainaithint sin, chomh maith leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir, agus, in aon chás, liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha, an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i ngach earnáil agus fo-earnáil dá dtagraítear san Iarscríbhinn, agus an tseirbhís nó na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas, chomh maith le haon tairseach a chuirtear i bhfeidhm. |
Leasú 13
Togra le haghaidh treorach
Aithris 13 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(13a) I gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, a bhunaíonn creat chun infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh, tá an bhagairt a d’fhéadfadh a bheith ag úinéireacht eachtrach ar bhonneagar criticiúil laistigh den Aontas le haithint toisc go mbraitheann seirbhísí, an geilleagar agus saorghluaiseacht agus sábháilteacht shaoránaigh an Aontais ar fheidhmiú ceart an bhonneagair chriticiúil. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh na Ballstáit agus an Coimisiún ar an airdeall maidir le hinfheistíochtaí airgeadais a dhéanann tíortha iasachta in oibriú eintiteas criticiúil laistigh den Aontas agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag infheistíochtaí den sórt sin ar an gcumas suaití suntasacha a chosc. |
|
_________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1). |
Leasú 14
Togra le haghaidh treorach
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais, bunaítear ceanglais chuimsitheacha ar eintitis airgeadais chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí go léir a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear rioscaí oibríochtúla, agus chun leanúnachas gnó a áirithiú. Áirítear leis sin gnéithe de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22, Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24, chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26. Mhol an Coimisiún le déanaí an creat sin a chomhlánú Rialachán XX/YYYY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán atá beartaithe maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach san earnáil airgeadais (dá ngairtear ‘Rialachán DORA’ anseo feasta)27], lena leagtar síos ceanglais ar ghnólachtaí airgeadais chun rioscaí TFC a bhainistiú, lena n-áirítear bonneagair fhisiceacha TFC a chosaint. Ós rud é go gcumhdaítear go cuimsitheach le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais athléimneacht na n-eintiteas a liostaítear i bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn, ba cheart go measfaí na heintitis sin a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla freisin chun críocha Chaibidil II den Treoir seo agus chun na gcríoch sin amháin. Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le rioscaí oibríochtúla agus maidir le hathléimneacht dhigiteach a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach san earnáil airgeadais, ba cheart do na húdaráis a n-ainmneofar de bhun Airteagal 41 de [Rialachán DORA] tacaíocht ó na Ballstáit a áirithiú, ar tacaíocht í chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas airgeadais atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a fheabhsú, ar bhealach lán-chomhchuibhithe agus faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa reachtaíocht sin. |
(15) Le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais, bunaítear ceanglais chuimsitheacha ar eintitis airgeadais chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí go léir a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear rioscaí oibríochtúla, agus chun leanúnachas gnó a áirithiú. Áirítear leis sin gnéithe de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22, Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24, chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26. Mhol an Coimisiún le déanaí an creat sin a chomhlánú Rialachán XX/YYYY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán atá beartaithe maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach san earnáil airgeadais (dá ngairtear ‘Rialachán DORA’ anseo feasta)27], lena leagtar síos ceanglais ar ghnólachtaí airgeadais chun rioscaí TFC a bhainistiú, lena n-áirítear bonneagair fhisiceacha TFC a chosaint. Ós rud é go gcumhdaítear go cuimsitheach le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais athléimneacht na n-eintiteas a liostaítear i bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn, ba cheart go measfaí na heintitis sin a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla freisin chun críocha Chaibidil II den Treoir seo agus chun na gcríoch sin amháin agus, dá bhrí sin, níor cheart na heintitis sin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos i gCaibidlí III go VI den Treoir seo. Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le rioscaí oibríochtúla agus maidir le hathléimneacht dhigiteach a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach san earnáil airgeadais, ba cheart do na húdaráis a n-ainmneofar de bhun Airteagal 41 de [Rialachán DORA] tacaíocht ó na Ballstáit a áirithiú, ar tacaíocht í chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas airgeadais atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a fheabhsú, ar bhealach lán-chomhchuibhithe agus faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa reachtaíocht sin. |
_________________ |
_________________ |
22 Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1). |

23 Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349). |

24 Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84). |

25 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1). |

26 Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338). |

27 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014, COM(2020)595. |

Leasú 15
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus, i gcás inar gá, na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, agus chun socruithe earnála atá ann cheana nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú. Sa chás sin, áfach, ba cheart dóibh cúraimí sonracha na n-údarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. |
(16) Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, agus chun socruithe earnála atá ann cheana nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú. Sa chás sin, áfach, ba cheart dóibh cúraimí sonracha na n-údarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach, lena n-áirítear le húdaráis inniúla Ballstát eile. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon, lena n-áirítear le húdaráis inniúla Ballstát eile. |
Leasú 16
Togra le haghaidh treorach
Aithris 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) Chun comhar agus cumarsáid trasteorann a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointe teagmhála aonair a ainmniú laistigh de cheann amháin de na húdaráis a ainmneoidh sé mar údarás inniúil faoin Treoir seo, gan dochar do cheanglais dhlíthiúla earnáilsonracha an Aontais, ar pointe teagmhála aonair é a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais ina leith sin. |
(17) Chun comhar agus cumarsáid trasteorann a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointe teagmhála aonair a ainmniú laistigh de cheann amháin de na húdaráis a ainmneoidh sé mar údarás inniúil faoin Treoir seo, gan dochar do cheanglais dhlíthiúla earnáilsonracha an Aontais, ar pointe teagmhála aonair é a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais ina leith sin. Ba cheart do gach pointe teagmhála aonair idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis inniúla a Bhallstáit, le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile agus leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus gach cumarsáid leo sin a chomhordú. Ba cheart do na pointí teagmhála aonair bealaí tuairiscithe éifeachtúla, slána agus caighdeánaithe a úsáid. |
Leasú 17
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Eintitis a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi Threoir NIS 2, mar aon le heintitis a sainaithníodh in earnáil an bhonneagair dhigitigh nár mhór a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla faoin Treoir seo, de bharr go bhfuil go bhfuil na heintitis sin faoi réir cheanglais chibearshlándála Threoir NIS 2, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin dá Threoir oibriú i gcomhar le chéile, go háirithe i dtaca le rioscaí agus teagmhais chibearshlándála a dhéanann difear do na heintitis sin. |
(18) Eintitis a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoin Treoir seo, mar aon le heintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh nach mór a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla, tá na heintitis sin faoi réir cheanglais chibearshlándála Threoir NIS 2. Ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin dá Threoir oibriú i gcomhar le chéile dá bhrí sin ar bhealach éifeachtach agus comhsheasmhach, go háirithe i dtaca le rioscaí agus teagmhais a dhéanann difear do na heintitis sin. Tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit bearta chun tuairisciú agus seiceálacha dúbailte a sheachaint, chun a áirithiú go bhfuil na straitéisí agus ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i dTreoir NIS 2 comhlántach agus nach bhfuil eintitis chriticiúla faoi réir ualach riaracháin a théann thar a bhfuil gá leis chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. |
Leasú 18
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(19) Ba cheart do na Ballstáit tacú le heintitis chriticiúla chun a n-athléimneacht á neartú, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin Treoir seo, gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na n-eintiteas féin maidir leis an gcomhlíontacht sin a áirithiú. Go háirithe, d’fhéadfadh na Ballstáit ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. Ina theannta sin, i bhfianaise na n-idirspleáchas idir eintitis agus earnálacha, ba cheart do na Ballstáit uirlisí comhroinnte faisnéise a chur ar bun chun tacú le comhroinnt faisnéise dheonach idir eintitis chriticiúla, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
(19) Ba cheart do na Ballstáit tacú le heintitis chriticiúla chun a n-athléimneacht á neartú, go háirithe iad siúd a cháilíonn mar fhiontair bheaga nó mheánmhéide (FBManna), i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin Treoir seo, gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na n-eintiteas féin maidir leis an gcomhlíontacht sin a áirithiú. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. I gcás inar gá agus ina bhfuil údar cuí leis de bharr cuspóirí a bhaineann le leas an phobail, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann acmhainní airgeadais a sholáthar d’eintitis chriticiúla, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair. Ina theannta sin, i bhfianaise na n-idirspleáchas idir eintitis agus earnálacha, ba cheart do na Ballstáit uirlisí comhroinnte faisnéise a chur ar bun chun tacú le comhroinnt faisnéise agus dea-chleachtais idir eintitis chriticiúla, gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 19
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(19a) Agus an Treoir seo á cur chun feidhme acu, tá sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit gach beart is gá chun aon ualaí iomarcacha riaracháin a chosc, go háirithe ar FBManna, agus dúbailtí nó oibleagáidí neamhriachtanacha a sheachaint. Tá sé ríthábhachtach go gcuideodh na Ballstáit le tacaíocht leormhaith a sholáthar do FBManna agus éascaíocht a dhéanamh air sin, nuair a iarrtar é, trí na bearta teicniúla agus eagrúcháin a éilítear faoin Treoir seo a dhéanamh. |
Leasú 20
Togra le haghaidh treorach
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) Chun a bheith in ann a n-athléimneacht a áirithiú, ba cheart tuiscint chuimsitheach a bheith ag eintitis chriticiúla ar na rioscaí ábhartha uile ar a bhfuil siad neamhchosanta agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh ar na rioscaí sin. Chun na críche sin, ba cheart dóibh measúnuithe riosca a dhéanamh, nuair is gá sin i bhfianaise a gcuid dálaí sonracha féin agus i bhfianaise fhorbairt na rioscaí sin, ach in aon chás ba cheart dóibh measúnú riosca a dhéanamh gach ceithre bliana. Ba cheart na measúnuithe riosca a dhéanann eintitis chriticiúla a bheith bunaithe ar an measúnú riosca a dhéanann na Ballstáit. |
(20) Chun bheith in ann a n-athléimneacht a áirithiú, ba cheart tuiscint chuimsitheach a bheith ag eintitis chriticiúla ar na rioscaí ábhartha uile ar a bhfuil siad neamhchosanta agus ba cheart dóibh anailís a dhéanamh ar na rioscaí sin. Chun na críche sin, ba cheart dóibh measúnuithe riosca a dhéanamh, nuair is gá sin i bhfianaise a gcuid dálaí sonracha féin agus i bhfianaise fhorbairt na rioscaí sin, ach in aon chás ba cheart dóibh measúnú riosca a dhéanamh gach ceithre bliana. Ba cheart na measúnuithe riosca a dhéanann eintitis chriticiúla a bheith bunaithe ar an measúnú riosca a dhéanann na Ballstáit agus ba cheart dóibh a bheith i gcomhréir leis na critéir agus modheolaíochtaí coiteanna. |
Leasú 21
Togra le haghaidh treorach
Aithris 23
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(23) Le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 agus Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30, bunaítear ceanglais is infheidhme maidir le heintitis in earnálacha na heitlíochta agus an iompair mhuirí chun teagmhais de bharr gníomhartha neamhdhleathacha a chosc agus chun iarmhairtí teagmhas den sórt sin a chomhrac agus a mhaolú. Cé go bhfuil na bearta a cheanglaítear leis an Treoir seo níos leithne ó thaobh na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu agus ó thaobh cineálacha beart atá le déanamh, ba cheart d’eintitis chriticiúla sna hearnálacha sin na bearta a rinneadh de bhun na ngníomhartha eile sin de chuid an Aontais a léiriú ina bplean athléimneachta nó ina ndoiciméid choibhéiseacha. Thairis sin, agus bearta athléimneachta á gcur chun feidhme faoin Treoir seo, féadfaidh eintitis chriticiúla breithniú ar thagairt a dhéanamh do threoirlínte neamhcheangailteacha agus do dhoiciméid maidir le dea-chleachtais a forbraíodh faoi shruthanna oibre earnálacha, amhail Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid31. |
(23) Le Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28, Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 agus Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30, bunaítear ceanglais is infheidhme maidir le heintitis in earnálacha na heitlíochta agus an iompair mhuirí chun teagmhais de bharr gníomhartha neamhdhleathacha a chosc agus chun iarmhairtí teagmhas den sórt sin a chomhrac agus a mhaolú. Cé go bhfuil na bearta a cheanglaítear leis an Treoir seo níos leithne ó thaobh na rioscaí a dtugtar aghaidh orthu agus ó thaobh cineálacha beart atá le déanamh, ba cheart d’eintitis chriticiúla sna hearnálacha sin na bearta a rinneadh de bhun na ngníomhartha eile sin de chuid an Aontais a léiriú ina bplean athléimneachta nó ina ndoiciméid choibhéiseacha. Thairis sin, tabharfaidh na heintitis chriticiúla aird freisin ar Threoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle30a, lena dtugtar isteach measúnú bóthair ar fud an líonra chun rioscaí tionóiscí agus iniúchadh spriocdhírithe ar shábháilteacht ar bhóithre a mhapáil chun dálaí guaiseacha, lochtanna agus fadhbanna a shainaithint a mhéadaíonn an riosca tionóiscí agus gortuithe, bunaithe ar chuairt ar an láthair ar bhóthar atá ann cheana nó ar chuid den bhóthar. Tá sé thar a bheith tábhachtach don earnáil iarnróid go ndéanfaí cosaint agus athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus, nuair a bheidh bearta athléimneachta á gcur chun feidhme acu faoin Treoir seo, moltar d’eintitis chriticiúla tagairt a dhéanamh do threoirlínte neamhcheangailteacha agus do dhoiciméid maidir le dea-chleachtais a forbraíodh faoi shruthanna oibre earnálacha, amhail Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid31. |
_________________ |
_________________ |
28 Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72). |

29 Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6). |
29 Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 maidir le slándáil long agus saoráidí calafoirt a fheabhsú (IO L 129, 29.4.2004, lch. 6). |
30 Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28). |
30 Treoir 2005/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le slándáil chalafoirt a fheabhsú (IO L 310, 25.11.2005, lch. 28). |
|
30a Treoir 2008/96/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (IO L 319, 29.11.2008, lch. 59). |
31 Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2018 lena mbunaítear Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid C/2018/4014. |
31 Cinneadh ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2018 lena mbunaítear Ardán an Aontais Eorpaigh maidir le Slándáil Paisinéirí Iarnróid C/2018/4014. |
Leasú 22
Togra le haghaidh treorach
Aithris 24
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(24) An baol go mbainfidh fostaithe eintiteas criticiúil mí-úsáid as, cuir i gcás, a gcearta rochtana laistigh d’eagraíocht an eintitis chun díobháil agus damáiste a dhéanamh, is ábhar imní é atá ag géarú i rith an ama. Is measa an baol sin mar gheall ar an radacú, feiniméan atá ag dul i méid agus a bhfuil an t-antoisceachas foréigneach agus an sceimhlitheoireacht mar thoradh air. Is gá, dá bhrí sin, é a chur ar chumas eintiteas criticiúil seiceálacha cúlra a iarraidh ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha dá mbaill foirne agus a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis ábhartha measúnú gasta ar na hiarrataí sin, i gcomhréir le rialacha infheidhme dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta. |
(24) An baol go mbainfidh fostaithe eintiteas criticiúil mí-úsáid as, cuir i gcás, a gcearta rochtana laistigh d’eagraíocht an eintitis chun díobháil agus damáiste a dhéanamh, is ábhar imní é atá ag géarú i rith an ama. Is measa an baol sin mar gheall ar an radacú, feiniméan atá ag dul i méid agus a bhfuil an t-antoisceachas foréigneach agus an sceimhlitheoireacht mar thoradh air. Is gá, dá bhrí sin, é a chur ar chumas eintiteas criticiúil seiceálacha cúlra a iarraidh ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha dá mbaill foirne agus a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis ábhartha measúnú gasta ar na hiarrataí sin, i gcomhréir le rialacha infheidhme dhlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679. |
Leasú 23
Togra le haghaidh treorach
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Ba cheart d’eintitis chriticiúla fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le teagmhais a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh go mór, a luaithe is féidir le réasún faoi na himthosca atá ann. Ba cheart go gcuirfeadh an fógra ar chumas na n-údarás inniúil freagairt thapa leormhaith a thabhairt ar na teagmhais agus forléargas cuimsitheach a bheith acu ar na rioscaí foriomlána a mbíonn ar eintitis chriticiúla aghaidh a thabhairt orthu. Chun na críche sin, ba cheart nós imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi theagmhais áirithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le paraiméadair chun a dhéanamh amach cathain a bhíonn an suaitheadh atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann mór agus ar cheart, dá bhrí sin, fógra a thabhairt faoi na teagmhais. I bhfianaise an tionchair trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh den sórt sin, ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfadh na Ballstáit, trí phointí teagmhála aonair, na Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh a chur ar an eolas faoi. |
(25) Ba cheart d’eintitis chriticiúla fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le haon teagmhas a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh go mór, a luaithe is féidir le réasún faoi na himthosca atá ann agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 24 uair an chloig tar éis dóibh a fháil amach faoin teagmhas i dtrácht. Ba cheart don údarás inniúil an pobal a chur ar an eolas faoin teagmhas sin i gcás ina gcinneann sé go mbeadh sé chun leasa an phobail déanamh amhlaidh. Ba cheart don údarás inniúil a áirithiú go gcuirfidh an t-eintiteas criticiúil lena mbaineann úsáideoirí ar an eolas faoina sheirbhísí a bhféadfadh sé go ndéanfadh an teagmhas sin difear dóibh agus, i gcás inarb ábhartha, faoi aon bhearta sábháilteachta nó leigheasanna a d’fhéadfadh a bheith ann. Ba cheart go gcuirfeadh an fógra ar chumas na n-údarás inniúil freagairt thapa leormhaith a thabhairt ar na teagmhais agus forléargas cuimsitheach a bheith acu ar na rioscaí foriomlána a mbíonn ar eintitis chriticiúla aghaidh a thabhairt orthu. Chun na críche sin, ba cheart nós imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi theagmhais áirithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le paraiméadair chun a dhéanamh amach cathain a bhíonn an suaitheadh atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann ina suaitheadh suntasach agus cathain ba cheart, dá bhrí sin, fógra a thabhairt faoi na teagmhais. I bhfianaise an tionchair trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh den sórt sin, ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfadh na Ballstáit, trí phointí teagmhála aonair, na Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh a chur ar an eolas faoi gan moill mhíchuí. Ba cheart déileáil leis an bhfaisnéis faoi theagmhais ar bhealach a urramaíonn an rúndacht agus slándáil agus leas tráchtála an eintitis chriticiúil lena mbaineann. |
Leasú 24
Togra le haghaidh treorach
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Cé go bhfeidhmíonn eintitis chriticiúla i gcoitinne mar chuid de líonra bonneagar agus soláthair seirbhísí atá ag éirí níos idirnasctha agus gur minic a sholáthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha i níos mó ná Ballstát amháin, tá tábhacht ar leith ag baint le cuid de na heintitis sin don Aontas toisc go soláthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha do líon mór Ballstát, agus dá bhrí sin, is gá maoirseacht shonrach a dhéanamh orthu ar leibhéal an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a bhunú maidir leis an maoirseacht shonrach i ndáil le heintitis chriticiúla den sórt sin a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo. Tá na rialacha sin gan dochar do na rialacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar amach sa Treoir seo. |
(26) Cé go bhfeidhmíonn eintitis chriticiúla i gcoitinne mar chuid de líonra bonneagar agus soláthair seirbhísí atá ag éirí níos idirnasctha agus gur minic a sholáthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha i níos mó ná Ballstát amháin, tá tábhacht ar leith ag baint le cuid de na heintitis sin don Aontas agus don mhargadh inmheánach toisc go soláthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha do roinnt Ballstát, agus dá bhrí sin, is gá maoirseacht shonrach a dhéanamh orthu ar leibhéal an Aontais. Ba cheart, dá bhrí sin, rialacha a bhunú maidir leis an maoirseacht shonrach i ndáil le heintitis chriticiúla den sórt sin a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo. Tá na rialacha sin gan dochar do na rialacha maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú a leagtar amach sa Treoir seo. |
Leasú 25
Togra le haghaidh treorach
Aithris 27 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(27a) Ba cheart an caighdeánú fanacht go príomha ina phróiseas atá faoi thionchar an mhargaidh. D’fhéadfadh cásanna a bheith ann go fóill, áfach, inar iomchuí a cheangal go gcomhlíonfaí caighdeáin shonraithe ar leibhéal an Aontais. Maidir le caighdeáin agus sonraíochtaí atá ábhartha d’athléimneacht eintiteas criticiúil agus a leag na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú síos chun tabhairt faoi bhearta teicniúla agus eagraíochtúla atá dírithe ar athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tacú lena bhforbairt agus lena gcur chun feidhme agus a bhforbairt agus a gcur chun feidhme a chur chun cinn. Ba cheart do na Ballstáit úsáid caighdeán agus sonraíochtaí atá inghlactha go hidirnáisiúnta agus a bhaineann leis na bearta athléimneachta is infheidhme maidir le heintitis chriticiúla a spreagadh freisin. |
Leasú 26
Togra le haghaidh treorach
Aithris 30
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(30) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumhachtaí sonracha áirithe ag a n-údaráis inniúla chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go cuí i ndáil le heintitis chriticiúla, i gcás ina dtiocfaidh na heintitis sin faoina ndlínse mar a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin, go háirithe, an chumhacht chun cigireachtaí, maoirseacht agus iniúchtaí a dhéanamh, chun a cheangal ar eintitis chriticiúla faisnéis agus fianaise a sholáthar maidir leis na bearta atá déanta acu chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, chun orduithe a eisiúint le sáruithe a sainaithníodh a leigheas. Agus orduithe den sórt sin á n-eisiúint acu, níor cheart do na Ballstáit bearta a éileamh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht an eintitis chriticiúil lena mbaineann a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar a thromchúisí is atá an sárú agus ar acmhainn eacnamaíoch an eintitis chriticiúil. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart coimircí iomchuí éifeachtacha a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí sin, ar coimircí iad atá le sonrú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir leis na ceanglais a eascraíonn as Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht eintitis chriticiúil lena chuid oibleagáidí faoin Treoir seo, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin Treoir seo a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla a ainmneofar faoi Threoir NIS 2 measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil na n-eintiteas sin. Ba cheart do na údaráis inniúla oibriú i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin. |
(30) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumhachtaí sonracha áirithe ag a n-údaráis inniúla chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go cuí i ndáil le heintitis chriticiúla, i gcás ina dtiocfaidh na heintitis sin faoina ndlínse mar a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin, go háirithe, an chumhacht chun cigireachtaí, maoirseacht agus iniúchtaí a dhéanamh, chun a cheangal ar eintitis chriticiúla faisnéis agus fianaise a sholáthar maidir leis na bearta atá déanta acu chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, chun orduithe a eisiúint le sáruithe a sainaithníodh a leigheas. Agus orduithe den sórt sin á n-eisiúint acu, níor cheart do na Ballstáit bearta a éileamh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht an eintitis chriticiúil lena mbaineann a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar a thromchúisí is atá an sárú agus ar acmhainn eacnamaíoch an eintitis chriticiúil. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart coimircí iomchuí éifeachtacha a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí sin, ar coimircí iad atá le sonrú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir leis na ceanglais a eascraíonn as Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is iad na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Threoir NIS 2 atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme Threoir NIS 2 amhail an chibearshlándáil fhisiciúil agus neamhfhisiciúil. Thairis sin, agus measúnú á dhéanamh an gcomhlíonann eintiteas criticiúil na hoibleagáidí atá air faoin Treoir seo, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin Treoir seo a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla a ainmneofar faoi Threoir NIS 2 measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil na n-eintiteas sin. Ba cheart do na húdaráis inniúla oibriú i gcomhar le chéile agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin. |
Leasú 27
Togra le haghaidh treorach
Aithris 31
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(31) Chun rioscaí nua, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun forlíonadh a dhéanamh ar na bearta athléimneachta atá le déanamh ag eintitis chriticiúla trí roinnt de na bearta sin nó na bearta uile a shonrú tuilleadh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr32. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(31) Chun rioscaí nua, forbairtí teicneolaíocha nó sainiúlachtaí i gceann amháin nó níos mó de na hearnálacha a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun forlíonadh a dhéanamh ar na bearta athléimneachta atá le déanamh ag eintitis chriticiúla trí roinnt de na bearta sin nó na bearta uile a shonrú tuilleadh. Chun cur i bhfeidhm éagsúil na Treorach seo a sheachaint agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí liosta coiteann de sheirbhísí fíor-riachtanacha a tharraingt suas. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr32. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
_________________ |
_________________ |
32IO L 123, 12.5.2016, lch. 1. |
32IO L 123, 12.5.2016, lch. 1. |
Leasú 28
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Leis an Treoir seo déantar an méid seo a leanas: |
1. Leis an Treoir seo, leagtar síos bearta d’fhonn ardleibhéal athléimneachta eintiteas criticiúil a bhaint amach chun a áirithiú go soláthrófar seirbhísí fíor-riachtanacha laistigh den Aontas agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chun na críche sin, déantar an méid seo a leanas leis an Treoir seo: |
Leasú 29
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cuid d’oibleagáidí na mBallstáit a leagan síos maidir le bearta áirithe a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, go háirithe chun eintitis chriticiúla a shainaithint chomh maith le heintitis ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla i dtaobh gnéithe áirithe, agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh; |
(a) cuid d’oibleagáidí na mBallstáit a leagan síos maidir le bearta áirithe a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh soláthar leanúnach seirbhísí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, go háirithe chun eintitis chriticiúla a shainaithint chomh maith le heintitis ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla i dtaobh gnéithe áirithe, agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh; |
Leasú 30
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 1 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair a chumhdaítear le Treoir (AE) XX/YY [an Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (‘Treoir NIS 2’)], gan dochar d’Airteagal 7. |
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair a chumhdaítear le Treoir (AE) XX/YY [an Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (‘Treoir NIS 2’)], gan dochar d’Airteagal 7. I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an Treoir seo agus Treoir NIS 2 a chur chun feidhme go comhleanúnach. |
Leasú 31
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) ciallaíonn ‘teagmhas’ aon teagmhas a shuaitheann oibríochtaí eintitis chriticiúil nó a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh; |
(3) ciallaíonn ‘teagmhas’ aon teagmhas a shuaitheann soláthar seirbhíse fíor-riachtanaí ag eintiteas criticiúil nó a d’fhéadfadh an soláthar sin a shuaitheadh; |
Leasú 32
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) ciallaíonn ‘bonneagar’ sócmhainn, córas nó cuid de shócmhainn nó de chóras atá riachtanach chun seirbhís fhíor-riachtanach a sholáthar; |
(4) ciallaíonn ‘bonneagar’ sócmhainní, lena n-áirítear saoráidí, córais agus trealamh, nó codanna díobh atá riachtanach chun seirbhís fhíor-riachtanach a sholáthar; |
Leasú 33
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) ciallaíonn ‘seirbhís fhíor-riachtanach’ seirbhís atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun; |
(5) ciallaíonn ‘seirbhís fhíor-riachtanach’ seirbhís atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha, an tsláinte agus an tsábháilteacht phoiblí, an comhshaol nó an smacht reachta a choinneáil ar bun; |
Leasú 34
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) ciallaíonn ‘riosca’ aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar athléimneacht eintiteas criticiúil; |
(6) ciallaíonn ‘riosca’ aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar chumas eintitis chriticiúil seirbhís fhíor-riachtanach a sholáthar; |
Leasú 35
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) ciallaíonn ‘measúnú riosca’ modheolaíocht chun cineál agus méid an riosca a dhéanamh amach trí anailís a dhéanamh ar bhagairtí agus ar ghuaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus measúnú a dhéanamh ar imthosca leochaileachta atá ann cheana a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh. |
(7) ciallaíonn ‘measúnú riosca’ modheolaíocht chun cineál agus méid an riosca a dhéanamh amach trí mheasúnú a dhéanamh ar bhagairtí agus ar ghuaiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann cheana d’athléimneacht eintitis chriticiúil, anailís a dhéanamh ar imthosca leochaileachta atá ann cheana a bhféadfaí a bheith mar thoradh orthu go ndéanfaí oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh agus meastóireacht a dhéanamh ar an éifeacht dhíobhálach a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh oibríochtaí ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha; |
Leasú 36
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(7a) ciallaíonn ‘caighdeán’ caighdeán mar a shainmhínítear é i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a; |
|
____________ |
|
1a Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12). |
Leasú 37
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(7b) ciallaíonn ‘sonraíocht theicniúil’ sonraíocht theicniúil mar a shainmhínítear í i bpointe (4) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1025/2012; |
Leasú 38
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Glacfaidh gach Ballstát straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil a threisiú faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Sa straitéis sin leagfar amach cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais lena gcumhdófar ar a laghad na hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, d’fhonn ardleibhéal athléimneachta ó thaobh na n-eintiteas criticiúil sin a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. |
1. Tar éis comhairliúchán a bheidh ar oscailt do na geallsealbhóirí ar fad dá ndéantar difear, glacfaidh gach Ballstát straitéis chun athléimneacht eintiteas criticiúil a threisiú faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Sa straitéis sin, cuirfear straitéis na hEorpa maidir leis an athléimneacht, arna hullmhú ag an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, san áireamh agus leagfar amach cuspóirí straitéiseacha agus bearta beartais lena gcumhdófar ar a laghad na hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, d’fhonn ardleibhéal athléimneachta ó thaobh na n-eintiteas criticiúil sin a bhaint amach agus a choinneáil ar bun. |
Leasú 39
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) tuairisc ar na bearta riachtanacha chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú, lena n-áirítear measúnú riosca náisiúnta, eintitis chriticiúla agus eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a shainaithint, agus na bearta chun tacú le heintitis chriticiúla a dhéanfar i gcomhréir leis an gCaibidil seo; |
(c) tuairisc ar na bearta riachtanacha chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas criticiúil a fheabhsú, lena n-áirítear measúnú riosca náisiúnta amhail dá dtagraítear in Airteagal 4, eintitis chriticiúla agus eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a shainaithint, agus na bearta chun tacú le heintitis chriticiúla a dhéanfar i gcomhréir leis an gCaibidil seo, lena n-áirítear bearta chun an comhar idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach agus eintitis phoiblí agus phríobháideacha a fheabhsú; |
Leasú 40
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) liosta de na húdaráis agus na ngeallsealbhóirí uile atá páirteach i gcur chun feidhme na straitéise; |
Leasú 41
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) creat beartais lena dtugtar aghaidh ar riachtanais agus saintréithe sonracha na bhfiontar beag agus meánmhéide arna sainaithint mar eintitis chriticiúla chun feabhas a chur ar a n-athléimneacht; |
Leasú 42
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – pointe d b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(db) na gnéithe ábhartha den straitéis náisiúnta chibearshlándála dá bhforáiltear i dTreoir NIS 2 agus aon straitéis náisiúnta earnálach eile d’fhonn comhordú, comhlántacht agus sineirgí a bhaint amach. |
Leasú 43
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tabharfar an straitéis cothrom le dáta i gcás inar gá agus gach ceithre bliana ar a laghad. |
Tar éis comhairliúchán a bheidh ar oscailt do na geallsealbhóirí ar fad dá ndéantar difear, tabharfar an straitéis cothrom le dáta gach ceithre bliana ar a laghad. |
Leasú 44
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Bunóidh údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 8 liosta seirbhísí fíor-riachtanacha sna hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn. Déanfaidh siad measúnú ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar na seirbhísí fíor-riachtanacha sin faoin [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus i gcás inar gá ina dhiaidh sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad, d’fhonn eintitis chriticiúla a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus d’fhonn cúnamh a thabhairt do na heintitis chriticiúla sin bearta a dhéanamh de bhun Airteagal 11. |
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 21 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí liosta seirbhísí fíor-riachtanacha sna hearnálacha agus sna fo-earnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn a bhunú. Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a ghlacadh tráth nach déanaí ná... [sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 8 measúnú ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar na seirbhísí fíor-riachtanacha a liostaítear sa ghníomh tarmligthe faoin [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus i gcás inar gá ina dhiaidh sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad, d’fhonn eintitis chriticiúla a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus d’fhonn cúnamh a thabhairt do na heintitis chriticiúla sin bearta a dhéanamh de bhun Airteagal 11. |
Leasú 45
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áireofar sa mheasúnú riosca na rioscaí nádúrtha agus na rioscaí de dhéantús an duine, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta de bhun Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34 . |
Áireofar sa mheasúnú riosca na rioscaí nádúrtha agus na rioscaí de dhéantús an duine, lena n-áirítear rioscaí de chineál trasearnála nó trasteorann, timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta de bhun Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34. |
_________________ |
_________________ |
34 Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6). |

Leasú 46
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) aon riosca a eascraíonn ó na spleáchais idir na hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha, agus an tionchar a d’fhéadfadh suaitheadh in earnáil amháin a imirt ar earnálacha eile; |
(c) aon riosca a eascraíonn ó na spleáchais idir na hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha, agus an tionchar a d’fhéadfadh suaitheadh in earnáil amháin a imirt ar earnálacha eile, lena n-áirítear aon rioscaí do shaoránaigh agus don mhargadh inmheánach; |
Leasú 47
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh na Ballstáit gnéithe ábhartha an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na heintitis chriticiúla a shainaithin siad i gcomhréir le hAirteagal 5 chun cúnamh a thabhairt do na heintitis chriticiúla sin a measúnú riosca a dhéanamh, de bhun Airteagal 10, agus chun cúnamh a thabhairt dóibh bearta a dhéanamh lena n-athléimneacht a áirithiú de bhun Airteagal 11. |
3. Cuirfidh na Ballstáit gnéithe ábhartha an mheasúnaithe riosca dá dtagraítear i mír 1 ar fáil, trína bpointe teagmhála aonair dá dtagraítear in Airteagal 8(2), do na heintitis chriticiúla a shainaithin siad i gcomhréir le hAirteagal 5 chun cúnamh a thabhairt do na heintitis chriticiúla sin a measúnú riosca a dhéanamh, de bhun Airteagal 10, agus chun cúnamh a thabhairt dóibh bearta a dhéanamh lena n-athléimneacht a áirithiú de bhun Airteagal 11. |
Leasú 48
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 4 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, teimpléad tuairiscithe coiteann deonach a fhorbairt chun mír 4 a chomhlíonadh. |
5. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, teimpléad tuairiscithe coiteann deonach a fhorbairt chun mír 4 a chomhlíonadh. |
Leasú 49
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Agus eintitis chriticiúla á sainaithint ag na Ballstáit de bhun mhír 1, cuirfidh siad torthaí an mheasúnaithe riosca san áireamh de bhun Airteagal 4 agus cuirfidh siad na critéir seo a leanas i bhfeidhm: |
2. Agus eintitis chriticiúla á sainaithint ag na Ballstáit de bhun mhír 1, cuirfidh siad torthaí an mheasúnaithe riosca san áireamh de bhun Airteagal 4 mar aon leis an straitéis maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 3 agus cuirfidh siad na critéir seo a leanas i bhfeidhm: |
Leasú 50
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 2 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) (braitheann soláthar na seirbhíse sin ar an mbonneagar atá suite sa Bhallstát; and |
(b) braitheann soláthar na seirbhíse fíor-riachtanaí sin ar an mbonneagar atá suite sa Bhallstát; agus |
Leasú 51
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) bheadh éifeachtaí suaiteacha móra ag teagmhas ar sholáthar na seirbhíse nó ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha eile sna hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, earnálacha a bhíonn ag brath ar an tseirbhís sin. |
(c) bheadh éifeachtaí suaiteacha móra ag teagmhas ar sholáthar na seirbhíse fíor-riachtanaí nó ar sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha eile sna hearnálacha dá dtagraítear san Iarscríbhinn, earnálacha a bhíonn ag brath ar an tseirbhís sin. |
Leasú 52
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla faisnéis ar fáil dá n-údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo, faisnéis i dtaobh ar sainaithníodh gur eintitis chriticiúla iad i mBallstáit amháin eile nó níos mó. I gcás ina sainaithneoidh dhá Bhallstát nó níos mó gur eintiteas criticiúil é eintiteas, rachaidh na Ballstáit sin i mbun comhairliúcháin le chéile d’fhonn an t-ualach ar an eintiteas criticiúil a laghdú i ndáil leis na hoibleagáidí de bhun Chaibidil III. |
5. Tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla faisnéis ar fáil dá n-údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo, faisnéis i dtaobh ar sainaithníodh gur eintitis chriticiúla iad i mBallstáit amháin eile nó níos mó. I gcás ina sainaithneoidh dhá Bhallstát nó níos mó gur eintiteas criticiúil é eintiteas, rachaidh na Ballstáit sin i mbun comhairliúcháin le chéile d’fhonn an méid is mó comhleanúnachas a bhaint amach agus an t-ualach ar an eintiteas criticiúil a laghdú i ndáil leis na hoibleagáidí de bhun Chaibidil III. |
Leasú 53
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Chun críocha Chaibidil IV, tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla faisnéis ar fáil dá n-údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo, faisnéis i dtaobh an soláthraíonn siad seirbhísí fíor-riachtanacha do níos mó ná trian amháin de na Ballstáit nó i níos mó ná trian amháin de na Ballstáit. I gcás inarb amhlaidh, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi cé hiad na eintitis chriticiúla sin gan moill mhíchuí. |
6. Chun críocha Chaibidil IV, tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 3, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh eintitis chriticiúla faisnéis ar fáil dá n-údaráis inniúla arna n-ainmniú de bhun Airteagal 8 den Treoir seo, faisnéis i dtaobh an soláthraíonn siad na seirbhísí fíor-riachtanacha céanna nó seirbhísí fíor-riachtanacha comhchosúla do níos mó ná aon trian amháin de na Ballstáit nó i níos mó ná trí cinn de na Ballstáit. I gcás inarb amhlaidh, tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra don Choimisiún faoi cé hiad na eintitis chriticiúla sin gan moill mhíchuí. |
Leasú 54
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 7 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina sainaithneofar eintitis chriticiúla bhreise de bharr na nuashonruithe sin, beidh feidhm ag míreanna 3, 4, 5 agus 6. Ina theannta sin, aon eintiteas nach bhfuil sé sainaitheanta gur eintiteas criticiúil é a thuilleadh de bhun aon nuashonrú den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra dó faoin méid sin agus go gcuirfear ar an eolas é nach bhfuil sé faoi réir na n-oibleagáidí de bhun Chaibidil III a thuilleadh ón uair a gheobhaidh sé an fhaisnéis sin. |
I gcás ina sainaithneofar eintitis chriticiúla bhreise de bharr na nuashonruithe sin, beidh feidhm ag míreanna 3, 4, 5 agus 6. Ina theannta sin, aon eintiteas nach bhfuil sé sainaitheanta gur eintiteas criticiúil é a thuilleadh de bhun aon nuashonrú den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra dó in am trátha faoin méid sin agus go gcuirfear ar an eolas é nach bhfuil sé faoi réir na n-oibleagáidí de bhun Chaibidil III a thuilleadh ón uair a gheobhaidh sé an fhaisnéis sin. |
Leasú 55
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 5 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Forbróidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, moltaí agus treoirlínte chun tacú leis na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint. |
Leasú 56
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) an líon úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an tseirbhís a sholáthraíonn an t-eintiteas; |
(a) an líon úsáideoirí a bhíonn ag brath ar an tseirbhís fhíor-riachtanach a sholáthraíonn an t-eintiteas; |
Leasú 57
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) spleáchas earnálacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn ar an tseirbhís sin; |
(b) spleáchas earnálacha agus fo-earnálacha eile dá dtagraítear san Iarscríbhinn nó sa slabhra soláthair ar an tseirbhís fhíor-riachtanach sin; |
Leasú 58
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann; |
(e) an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann, agus an leochaileacht a bhaineann leis an leibhéal iargúltachta i gcineálacha áirithe ceantar geografach, amhail réigiúin oileánacha, réigiúin fhorimeallacha nó ceantair shléibhe, á cur san áireamh; |
Leasú 59
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) an tábhacht a bhaineann leis an eintiteas maidir le leibhéal leordhóthanach seirbhíse a choinneáil ar bun, agus an fháil a bheith ar mhodhanna malartacha chun an tseirbhís sin a sholáthar á cur san áireamh. |
(f) an tábhacht a bhaineann leis an eintiteas maidir le leibhéal leordhóthanach na seirbhíse fíor-riachtanaí a choinneáil ar bun, agus an fháil a bheith ar mhodhanna malartacha chun an tseirbhís fhíor-riachtanach sin a sholáthar á cur san áireamh. |
Leasú 60
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 6 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, treoirlínte a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 a éascú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 á cur san áireamh. |
3. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, treoirlínte a ghlacadh chun cur i bhfeidhm na gcritéar dá dtagraítear i mír 1 a éascú, agus an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 á cur san áireamh. |
Leasú 61
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 7 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Maidir leis na hearnálacha dá dtagraítear i bpointí 3, 4 agus 8 den Iarscríbhinn, déanfaidh na Ballstáit na heintitis a shainaithint a mheasfar a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla chun críocha na Caibidle seo faoin [trí bliana agus trí mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad forálacha Airteagal 3, Airteagal 4, Airteagal 5(1) go (4) agus (7) agus Airteagal 9 i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin. |
1. Maidir leis na hearnálacha dá dtagraítear i bpointí 3, 4 agus 8 den Iarscríbhinn, déanfaidh na Ballstáit na heintitis a shainaithint a mheasfar a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla chun críocha na Caibidle seo faoin [aon bhliain amháin agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh siad forálacha Airteagal 3, Airteagal 4, Airteagal 5(1) go (4) agus (7) agus Airteagal 9 i bhfeidhm maidir leis na heintitis sin. |
Leasú 62
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ainmneoidh gach Ballstát, pointe teagmhála aonair laistigh den údarás inniúil chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a áirithiú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 16 (‘pointe teagmhála aonair’). |
2. Ainmneoidh gach Ballstát, pointe teagmhála aonair laistigh den údarás inniúil chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a áirithiú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an gCoimisiún agus leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dá dtagraítear in Airteagal 16 (‘pointe teagmhála aonair’) agus, i gcás inarb ábhartha, chun comhar le tríú tíortha a áirithiú. |
Leasú 63
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 8 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Faoin [trí bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach bliain dá éis sin, cuirfidh na pointí teagmhála aonair tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis na fógraí a fuarthas, lena n-áirítear an líon fógraí, cineál na dteagmhas ar tugadh fógra ina leith agus na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13(3). |
3. Faoin ... [ceithre bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus sa chéad ráithe de gach bliain dá éis sin, cuirfidh na pointí teagmhála aonair tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis na fógraí a fuarthas, lena n-áirítear an líon fógraí, cineál na dteagmhas ar tugadh fógra ina leith agus na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13(3). |
Leasú 64
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 9 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tacóidh na Ballstáit le heintitis chriticiúla agus iad ag feabhsú a n-athléimneachta. D’fhéadfadh a bheith san áireamh sa tacaíocht sin ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. |
1. Tacóidh na Ballstáit le heintitis chriticiúla agus iad ag feabhsú a n-athléimneachta. Cuimseoidh an tacaíocht sin ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. Féadfaidh na Ballstáit acmhainní airgeadais a sholáthar d’eintitis chriticiúla, gan dochar do na rialacha is infheidhme maidir le Státchabhair, i gcás inar gá sin agus ina bhfuil údar cuí leo de bharr cuspóirí a bhaineann le leas an phobail. |
Leasú 65
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 10 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis chriticiúla measúnú ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh, agus go ndéanfaidh siad é sin laistigh de shé mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 5(3), agus i gcás inar gá dá éis sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad, ar bhonn measúnú riosca na mBallstát agus foinsí faisnéise ábhartha eile. |
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh eintitis chriticiúla measúnú ar na rioscaí ábhartha uile a d’fhéadfadh soláthar a gcuid seirbhísí fíor-riachtanacha lena mbaineann a shuaitheadh, agus go ndéanfaidh siad é sin laistigh de shé mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 5(3), agus i gcás inar gá dá éis sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad, ar bhonn measúnú riosca na mBallstát agus foinsí faisnéise ábhartha eile. |
Leasú 66
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) téarnamh ó theagmhais, lena n-áirítear bearta leanúnachais gnó agus slabhraí soláthair malartacha a shainaithint; |
(d) téarnamh ó theagmhais, lena n-áirítear bearta leanúnachais gnó agus slabhraí soláthair malartacha a shainaithint, chun soláthar leanúnach na seirbhíse fíor-riachtanaí a áirithiú; |
Leasú 67
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) bainistíocht cosanta fostaithe leormhaith a áirithiú, lena n-áirítear trí chatagóirí de bhaill foirne a leagan amach maidir le baill foirne a fheidhmíonn feidhmeanna criticiúla, trí chearta rochtana a bhunú ar limistéir, saoráidí agus bonneagair íogaire eile, agus ar fhaisnéis íogair, chomh maith le catagóirí sonracha de bhaill foirne a shainaithint i bhfianaise Airteagal 12; |
(e) bainistíocht slándála fostaithe leormhaith a áirithiú, lena n-áirítear trí chatagóirí de bhaill foirne atá ag feidhmiú feidhmeanna criticiúla a leagan amach, trí cheanglais oiliúna agus cáilíochtaí iomchuí a leagan síos, trí chearta rochtana ar limistéir, saoráidí agus bonneagair íogaire eile, agus ar fhaisnéis íogair, a bhun, chomh maith le catagóirí sonracha de bhaill foirne a shainaithint i bhfianaise Airteagal 12; i gcás ina bhfuil soláthraithe seachtracha rannpháirteach sa bhainistiú ar shlándáil na bhfostaithe, déanfaidh na heintitis chriticiúla a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na caighdeáin agus sonraíochtaí a bhfuil glacadh coitianta leo; |
Leasú 68
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) feasacht a ardú faoi na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) i measc na mball foirne ábhartha. |
(f) feasacht a ardú faoi na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) i measc na mball foirne ábhartha, lena n-áirítear trí oiliúint thréimhsiúil. |
Leasú 69
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 11 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Arna iarraidh sin ó Bhallstát a shainaithin an t-eintiteas criticiúil agus le comhaontú an eintitis chriticiúil lena mbaineann, eagróidh an Coimisiún misin chomhairleacha, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 15(4), (5), (7) agus (8), chun comhairle a chur ar fáil don eintiteas criticiúil lena mbaineann maidir lena gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Chaibidil III. Déanfaidh an misean comhairleach na torthaí a thuairisciú don Choimisiún, don Bhallstát sin agus don eintiteas criticiúil lena mbaineann. |
3. Arna iarraidh sin ag Ballstát a shainaithin an t-eintiteas criticiúil agus i gcomhairle leis an eintiteas criticiúil lena mbaineann, eagróidh an Coimisiún misin chomhairleacha, i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach in Airteagal 15(4), (5), (7) agus (8), chun comhairle a thabhairt don eintiteas criticiúil lena mbaineann maidir lena gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Chaibidil III. Déanfaidh an misean comhairleach na torthaí a thuairisciú don Choimisiún, don Bhallstát sin agus don eintiteas criticiúil lena mbaineann. Arna iarraidh sin dó, féadfaidh an Coimisiún misin chomhairleacha a thairiscint d’eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha freisin. |
Leasú 70
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis chriticiúla iarrataí a chur isteach ar sheiceálacha cúlra ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha áirithe dá mbaill foirne, lena n-áirítear daoine atá á meas i leith earcú le haghaidh post a thagann faoi na gcatagóirí sin, agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh na húdaráis atá inniúil na seiceálacha cúlra sin a dhéanamh na hiarrataí sin a mheasúnú go gasta. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis chriticiúla iarrataí a chur isteach ar sheiceálacha cúlra ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha áirithe dá mbaill foirne, lena n-áirítear daoine atá á meas i leith earcú le haghaidh post a thagann faoi na gcatagóirí sin, agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh na húdaráis atá inniúil na seiceálacha cúlra sin a dhéanamh na hiarrataí sin a mheasúnú go gasta. Beidh na seiceálacha cúlra sin comhréireach agus teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus ábhartha do chomhlíonadh dhualgais na ndaoine lena mbaineann. |
Leasú 71
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 12 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38, déanfar an méid seo a leanas le seiceáil chúlra dá dtagraítear i mír 1: |
2. I gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar seiceáil chúlra dá dtagraítear i mír 1 chun riosca a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an eintitis chriticiúil lena mbaineann a mheas, agus chuige sin amháin. Le seiceáil cúlra, déanfar an méid seo a leanas: |
_________________ |
|
38 IO L 119, 4.5.2016, lch. 1. |
|
Leasú 72
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis chriticiúla fógra gan moill mhíchuí don údarás inniúil faoi theagmhais a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh go mór. Áireofar sna fógraí aon fhaisnéis atá ar fáil a bhfuil gá léi chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil tuiscint a bheith aige ar an gcineál teagmhais atá ann, ar an gcúis a bhí leis agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leis, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a dhéanamh amach. Leis an bhfógra sin, ní bheidh an t-eintiteas criticiúil faoi réir dliteanas méadaithe. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis chriticiúla fógra gan moill mhíchuí don údarás inniúil faoi theagmhais a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh go mór. Tabharfar fógra tosaigh laistigh de 24 uair an chloig ón uair a fhaigheann eintiteas criticiúil amach faoi theagmhas, mar aon le tuairisc mhionsonraithe dá éis sin tráth nach déanaí ná aon mhí amháin ina dhiaidh sin. Áireofar sna fógraí aon fhaisnéis atá ar fáil a bhfuil gá léi chun a chur ar a chumas an údaráis inniúil tuiscint a bheith aige ar an gcineál teagmhais atá ann, ar an gcúis a bhí leis agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leis, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a dhéanamh amach. Leis an bhfógra sin, ní bheidh na heintitis chriticiúla faoi réir dliteanas méadaithe. |
|
I gcás tionchar suntasach a bheith ag teagmhas, nó ina bhféadfadh tionchar suntasach a bheith aige, ar eintitis chriticiúla nó ar leanúnachas sholáthar na seirbhísí fíor-riachtanacha i níos mó ná trí Bhallstát, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis chriticiúla lena mbaineann fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na teagmhais sin. Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil ar an eolas faoi aon cheann de na fógraí sin gan moill mhíchuí. Caithfidh an Coimisiún agus an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil, i gcomhréir le dlí an Aontais, le faisnéis arna soláthar mar chuid de na fógraí sin ar shlí lena n-urramófar a rúndacht agus lena gcosnófar slándáil agus leasanna tráchtála an eintitis chriticiúil nó na n-eintiteas criticiúil lena mbaineann. |
Leasú 73
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) an limistéar geografach a ndéanann an suaitheadh difear dó nó a ndéanfadh suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann difear dó. |
(c) an limistéar geografach a ndéanann an suaitheadh difear dó nó a ndéanfadh suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann difear dó, agus á chur san áireamh an bhfuil an ceantar sin iargúlta go geografach. |
Leasú 74
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Uair sa bhliain, cuirfidh an t-údarás inniúil lena mbaineann tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis na fógraí a fuarthas agus an ghníomhaíocht a rinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo. |
Leasú 75
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. A luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh an t-eintiteas inniúil faisnéis ábhartha don eintiteas criticiúil a thug an fógra dó, faisnéis faoi na bearta leantacha a rinneadh ar a fhógra, lena n-áirítear faisnéis a d’fhéadfadh tacú le freagairt éifeachtach an eintitis chriticiúil ar an teagmhas. |
4. A luaithe is féidir tar éis dó fógra a fháil i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh an t-eintiteas inniúil faisnéis ábhartha don eintiteas criticiúil a thug an fógra dó, faisnéis faoi na bearta leantacha a rinneadh ar a fhógra, lena n-áirítear faisnéis a d’fhéadfadh tacú le freagairt éifeachtach an eintitis chriticiúil ar an teagmhas. Cuirfidh an t-údarás inniúil an pobal ar an eolas faoi theagmhas i gcás ina gcinnfidh sé go mbeadh sé chun leasa an phobail déanamh amhlaidh. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfidh na heintitis chriticiúla úsáideoirí ar an eolas faoina seirbhísí a bhféadfadh sé go ndéanfadh teagmhas difear dóibh agus, i gcás inarb ábhartha, faoi aon bhearta sábháilteachta nó leigheasanna a d’fhéadfadh a bheith ann. |
Leasú 76
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 13 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Airteagal 13a |
|
Caighdeáin |
|
Chun cur chun feidhme comhsheasmhach na Treorach seo a chur chun cinn, déanfaidh na Ballstáit, gan úsáid cineál ar leith teicneolaíochta a fhorchur, ná idirdhealú a dhéanamh ina bhfabhar, úsáid caighdeán agus sonraíochtaí atá ábhartha do shlándáil agus athléimneacht eintiteas criticiúil a spreagadh. |
Leasú 77
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 14 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Measfar eintiteas a bheith ina eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis nuair a bheidh sé sainaitheanta gur eintiteas criticiúil é agus go soláthraíonn sé seirbhísí fíor-riachtanacha do níos mó ná trian amháin de na Ballstáit nó i níos mó ná trian de na Ballstáit, agus nuair a bheidh fógra tugtha ina leith sin don Choimisiún de bhun Airteagal 5(1) agus (6), faoi seach. |
2. Measfar eintiteas a bheith ina eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis nuair a bheidh sé sainaitheanta gur eintiteas criticiúil é agus go soláthraíonn sé na seirbhísí fíor-riachtanacha céanna nó seirbhísí fíor-riachtanacha comhchosúla do níos mó ná trí cinn de na Ballstáit nó i níos mó ná trí cinn de na Ballstáit, agus nuair a bheidh fógra tugtha ina leith sin don Choimisiún de bhun Airteagal 5(1) agus (6), faoi seach. |
Leasú 78
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 1 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó nó ón gCoimisiún, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis suite, in éineacht leis an eintiteas sin, déanfaidh sé an Coimisiún agus an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun Airteagal 10 agus faoi na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11. |
Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó nó ón gCoimisiún, déanfaidh eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun Airteagal 10 agus faoi na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 11. |
Leasú 79
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, nó ar a thionscnamh féin, agus i gcomhréir leis an mBallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis suite, eagróidh an Coimisiún misean comhairleach chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a chuir an t-eintiteas sin ar bun chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Chaibidil III. I gcás inar gá, féadfaidh na misin chomhairleacha saineolas sonrach a iarraidh i réimse na bainistíochta rioscaí tubaiste tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha. |
2. Arna iarraidh sin ag Ballstát amháin nó níos mó, nó ar a thionscnamh féin, agus i gcomhairle leis an mBallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leis suite, eagróidh an Coimisiún misean comhairleach chun measúnú a dhéanamh ar na bearta a chuir an t-eintiteas sin ar bun chun a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun Chaibidil III. I gcás inar gá, féadfaidh na misin chomhairleacha saineolas sonrach a iarraidh i réimse na bainistíochta rioscaí tubaiste tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha. |
Leasú 80
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 15 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Eagróidh an Coimisiún an clár a bheidh ag misean comhairleach, i gcomhairle le comhaltaí an mhisin chomhairligh shonraigh agus i gcomhaontú leis an mBallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil suite nó ina bhfuil an t-eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leis lonnaithe. |
Eagróidh an Coimisiún an clár a bheidh ag misean comhairleach, i gcomhairle le comhaltaí an mhisin chomhairligh shonraigh agus leis an mBallstát ina bhfuil bonneagar an eintitis chriticiúil suite nó ina bhfuil an t-eintiteas criticiúil a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leis lonnaithe. |
Leasú 81
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bheidh sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. I gcás inarb ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh ina chuid oibre. |
Is ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bheidh sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. I gcás inarb ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, iarrfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil ar ionadaithe na ngeallsealbhóirí ábhartha páirt a ghlacadh ina chuid oibre agus ar Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach mar bhreathnóir. |
Leasú 82
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 3 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) éascú a dhéanamh ar mhalartú dea-chleachtas maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5, lena n-áirítear maidir le spleáchais trasteorann agus maidir le rioscaí agus teagmhais; |
(c) éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú dea-chleachtas maidir le heintitis chriticiúla a shainaithint ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5, lena n-áirítear maidir le spleáchais trasteorann agus trasearnála agus maidir le rioscaí agus teagmhais; |
Leasú 83
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 3 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) straitéis de chuid an Aontais maidir le hathléimneacht a ullmhú i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Treoir seo; |
Leasú 84
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 3 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le taighde agus forbairt a bhaineann le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil i gcomhréir leis an Treoir seo; |
(h) faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le nuálaíocht, taighde agus forbairt a bhaineann le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil i gcomhréir leis an Treoir seo; |
Leasú 85
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 3 – pointe h a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ha) measúnuithe riosca comhordaithe agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun cinn i measc eintitis chriticiúla agus tacú leo; |
Leasú 86
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tiocfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad leis an nGrúpa Comhair arna bhunú faoi [Threoir NIS 2] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a chur chun cinn. |
5. Tiocfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad leis an nGrúpa Comhair arna bhunú faoi [Threoir NIS 2] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a éascú. |
Leasú 87
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 16 – mír 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
7. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil de bhun Airteagal 3(3) agus Airteagal 4(4) a chur ar fáil don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil faoin [trí bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus i gcás inar gá ina dhiaidh sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad. |
7. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil achomair maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit ar fáil de bhun Airteagal 3(3) agus Airteagal 4(4) a chur ar fáil don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil faoin [trí bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus i gcás inar gá ina dhiaidh sin, agus gach ceithre bliana ar a laghad. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil achomair go rialta maidir le gníomhaíochtaí an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. |
|
Cuirfidh an Coimisiún comhrúnaíocht ar bun don Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus don Ghrúpa Comhair arna bhunú faoi Threoir NIS 2 chun freastal ar bhealach níos fearr ar an gcumarsáid idir an dá ghrúpa agus, dá bhrí sin, chun athbhrí a íoslaghdú idir na húdaráis éagsúla arna n-ainmniú faoin Treoir seo agus faoi Threoir NIS 2. |
Leasú 88
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 17 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Chun an fhaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 8(3) a fháil agus a úsáid go cuí, coimeádfaidh an Coimisiún clárlann teagmhas de chuid an Aontais agus é mar aidhm leis dea-chleachtais agus modheolaíochtaí a fhorbairt agus a chomhroinnt. |
Leasú 89
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 11(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí. |
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(1) agus 11(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí. |
Leasú 90
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 21 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 11(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(1) agus 11(4) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
Leasú 91
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh an Coimisiún, faoin [54 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. |
Déanfaidh an Coimisiún, faoin [54 mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina ndéanfar measúnú ar a mhéid a rinne na Ballstáit na bearta is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh. Beidh caibidlí tíre ar leithligh sa tuarascáil faoin dul chun cinn nithiúil i dtaca le cur chun feidhme atá déanta i ngach Ballstát. |
Leasú 92
Togra le haghaidh treorach
Airteagal 22 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin méid sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil, go háirithe, ar thionchar agus ar bhreisluach na Treorach seo maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus déanfar measúnú i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnálacha nó fo-earnálacha eile a chumhdach. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin [sé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus déanfar measúnú inti, go háirithe, i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnáil an táirgthe, na próiseála agus an dáilte bia a áireamh. |
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin méid sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil, go háirithe, ar thionchar agus ar bhreisluach na Treorach seo maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus déanfar measúnú i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnálacha nó fo-earnálacha eile a chumhdach. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin [sé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus déanfar measúnú inti, go háirithe, i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún doiciméid ábhartha an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil a chur san áireamh. |
Leasú 93
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn – tábla – pointe 2 – Iompar – pointe e (nua)
|
||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
||||
2.Iompar |
a) Aer |
— Aeriompróirí dá dtagraítear i bpointe (4) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 300/200856 |
||
— Comhlachtaí bainistíochta aerfoirt dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Threoir 2009/12/CE57, aerfoirt dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 den Treoir sin, lena n-áirítear na croí-aerfoirt a liostaítear in Roinn 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1315/201358, agus eintitis a oibríonn suiteálacha coimhdeacha laistigh d’aerfoirt |
||||
— Oibreoirí rialaithe bainistíochta tráchta a sholáthraíonn rialú aerthráchta dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 549/200459 |
||||
|
(b) Iarnród |
— Bainisteoirí bonneagair dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE60 |
||
— Gnóthais iarnróid dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir (AE) 34/944 lena n-áirítear oibreoirí saoráidí seirbhíse dá dtagraítear i bpointe (12) d’Airteagal 3 de Threoir 2012/34/AE |
||||
|
(c) Uisce |
— Cuideachtaí iompair paisinéirí agus lasta d’uiscebhealaí intíre, ar muir agus cois cósta, dá dtagraítear i dtaca le hiompar muirí in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 725/200461, nach bhfuil na soithí aonair arna n-oibriú ag na cuideachtaí sin san áireamh ann |
||
|
— Comhlachtaí bainistithe calafoirt dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 3 de Threoir 2005/65/CE62, lena n-áirítear a saoráidí calafoirt dá dtagraítear i bpointe (11) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 725/2004 agus eintitis a oibríonn oibreacha agus trealamh atá laistigh de chalafoirt |
|||
|
— Oibreoirí seirbhísí um thrácht árthaí dá dtagraítear i bpointe (o) d’Airteagal 3 de Threoir 2002/59/CE63 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle |
|||
|
(d) Bóthar |
Údaráis bhóthair dá dtagraítear i bpointe (12) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/96264 ón gCoimisiún atá freagrach as rialú bainistíochta tráchta |
||
|
— Oibreoirí Córas Cliste Iompair dá dtagraítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 de Threoir 2010/40/AE65 |

(e) iompar poiblí |
— Údaráis iompair phoiblí agus oibreoirí seirbhíse dá dtagraítear i bpointí (b) agus (d) d’Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle65a. |
||
|
|
_____________________ |
||
|
|
65A Rialachán (AE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 (IO L 315, 3.12.2007, lch. 1). |
||
Leasú 94
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn – roinn 5 – foroinn 6 (nua)
|
Leasú 95
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn – Earnáil 9 – Teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
9. Riarachán poiblí |
9. Riarachán poiblí agus institiúidí daonlathacha |
Leasú 96
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn – Earnáil 9 – Cineál eintitis – 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
— Rialtais agus tionóil lárnacha, réigiúnacha agus áitiúla |
Leasú 97
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – pointe 10 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
10 a. Táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia |
|
— gnólachtaí bia dá dtagraítear i bpointe (2) d’Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a |
|
________________ |
|
1a Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1). |
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THIONSCLAÍOCHT, UM THAIGHDE AGUS UM FHUINNEAMH (2.7.2021)
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil
(COM(2020)0829 – C9-0421/2020 – (2020)0365(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Nils Torvalds
(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh treorach
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Foráiltear le Treoir 2008/114/CE17 ón gComhairle do nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, bonneagair a n-imreofaí mórthionchar trasteorann ar dhá Bhallstát ar a laghad dá ndéanfaí iad a shuaitheadh nó a scriosadh. Is ar chosaint na mbonneagar sin amháin a bhí an Treoir sin dírithe. Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 201918 nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar go bhfuil oibríochtaí ina n-úsáidtear bonneagar criticiúil ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, is gá an cur chuige a athrú i dtreo athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, is é sin, an cumas atá acu teagmhais a mhaolú, a sheasamh, freastal orthu agus teacht aniar uathu, ar teagmhais iad a shuaitheann oibríochtaí an eintitis chriticiúil nó a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh. |
(1) Foráiltear le Treoir 2008/114/CE17 ón gComhairle do nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, arb amhlaidh, dá ndéanfaí na bonneagair sin a shuaitheadh nó a scriosadh, a d’imreofaí mórthionchar trasteorann ar dhá Bhallstát ar a laghad. Is ar chosaint na mbonneagar sin, agus air sin amháin, a bhí an Treoir sin dírithe. Fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 201918, áfach, nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar go bhfuil oibríochtaí ina n-úsáidtear bonneagar criticiúil ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, is gá an cur chuige a athrú i dtreo athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, is é sin, an cumas atá acu teagmhais a mhaolú, a sheasamh, freagairt dóibh, freastal orthu agus teacht aniar uathu, ar teagmhais iad a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh agus leas eacnamaíoch agus sóisialta foriomlán na saoránach a chur i mbaol. |
__________________ |
__________________ |
17 Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75). |
17 Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75). |
18 SWD(2019) 308. |
18 SWD(2019) 308. |
Leasú 2
Togra le haghaidh treorach
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Tagann na hidirspleáchais mhéadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, bhonneagar an mhargaidh airgeadais, an bhonneagair dhigitigh, an uisce óil, an fhuíolluisce, agus na sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, agus in earnáil an spáis a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha agus atá á mbainistiú acu agus á n-oibriú acu. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis nó atá faoi úinéireacht duine nó grúpa eile thar ceann an Aontais, nó bonneagair atá á mbainistiú agus á n-oibriú ag an Aontas nó thar ceann an Aontais. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan marthanach a imirt ar sheachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile. |
(3) Tagann na hidirspleáchais mhéadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, bhonneagar an mhargaidh airgeadais, an bhonneagair dhigitigh, an uisce óil, an fhuíolluisce, na sláinte, agus an bhia, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, agus in earnáil an spáis a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha agus atá á mbainistiú acu agus á n-oibriú acu. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis nó atá faoi úinéireacht duine nó grúpa eile thar ceann an Aontais, nó bonneagair atá á mbainistiú agus á n-oibriú ag an Aontas nó thar ceann an Aontais. Rannchuidíonn dul chun cinn nuálaíochta agus teicneolaíochta le foirmeacha agus cineálacha nua córais bonneagair a chruthú a úsáideann nuálaíochtaí atá dírithe ar chostais a laghdú agus éifeachtúlacht a mhéadú agus a bhféadfadh impleachtaí a bheith acu ar riosca agus athléimneacht. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan marthanach a imirt ar sheachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Tá ról tábhachtach ag athléimneacht bonneagair fuinnimh san fhás eacnamaíoch ar fud an Aontais agus rannchuidíonn sí le caighdeán cuibhiúil maireachtála a áirithiú do thomhaltóirí leochaileacha fuinnimh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile. |
Leasú 3
Togra le haghaidh treorach
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoi dhlíthe na mBallstát agus a bhfuil difríochtaí eatarthu, agus is ag dul in olcas de réir a chéile atá an fhadhb sin. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go bhfuil baol ann go n-imreofaí tionchar diúltach ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, ach cuirtear bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu. |
(4) Mó sa mhó, tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoi dhlíthe na mBallstát agus a bhfuil difríochtaí eatarthu. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go bhfuil baol ann go n-imreofaí tionchar diúltach ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, ach cuirtear bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh freisin. Tá athléimneacht eintiteas criticiúil an-tábhachtach d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do shlándáil an Aontais agus a shaoránach. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu. |
Leasú 4
Togra le haghaidh treorach
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Is gá, dá bhrí sin, rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú. |
(5) Is gá, dá bhrí sin, rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú. Ós rud é go ndéantar foráil Treoir seo d’íosrialacha, tá saoirse ag na Ballstáit rialacha níos déine a ghlacadh nó a choinneáil chun soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha a áirithiú sa mhargadh inmheánach agus athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú i gcás ina measann siad go bhfuil gá leo chun an tslándáil náisiúnta a chosaint. |
Leasú 5
Togra le haghaidh treorach
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach idir an Treoir seo agus Treoir (AE) XX/YY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20 [Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (dá ngairtear “Treoir NIS 2” anseo feasta)], nuair is féidir. I bhfianaise a mhinice is atá cibear-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir NIS 2 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir NIS 2, ba cheart na hábhair a chumhdaítear léi a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh. |
(8) I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach idir an Treoir seo agus Treoir (AE) XX/YY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20 [Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (dá ngairtear ‘Treoir NIS 2’ anseo feasta)], lena gcuirtear cosc ar aon fhorluí a d’fhéadfadh bac a chur ar éifeachtacht an dá threoir sin. I bhfianaise a mhinice is atá cibear-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir NIS 2 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir NIS 2, ba cheart na hábhair a chumhdaítear léi a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh. |
__________________ |
__________________ |
20 [Tagairt do Threoir NIS 2, nuair a ghlacfar í.] |
20 [Tagairt do Threoir NIS 2, nuair a ghlacfar í.] |
Leasú 6
Togra le haghaidh treorach
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha uile, idir rioscaí nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta. Agus na measúnuithe riosca sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnaithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais, agus ba cheart dóibh na spleáchais idir earnálacha a mheas, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe riosca a úsáid i bpróiseas sainaitheantais na n-eintiteas criticiúil agus ba cheart na torthaí a úsáid chun cabhrú leis na heintitis sin ceanglais athléimneachta na Treorach seo a chomhlíonadh. |
(11) Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha uile, idir rioscaí nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta agus insíothlú coiriúil. Agus na measúnuithe riosca sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnaithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais, agus ba cheart dóibh na spleáchais idir earnálacha a mheas, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe riosca a úsáid i bpróiseas sainaitheantais na n-eintiteas criticiúil agus ba cheart na torthaí a úsáid chun cabhrú leis na heintitis sin ceanglais athléimneachta na Treorach seo a chomhlíonadh. |
Leasú 7
Togra le haghaidh treorach
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir na gceanglas sin agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart critéir a leagan síos chun eintitis chriticiúla a shainaithint. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhar a bhaineann leis an sainaithint sin, chomh maith leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir, agus, in aon chás, liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha, an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i ngach earnáil agus fo-earnáil dá dtagraítear san Iarscríbhinn, agus an tseirbhís nó na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas, chomh maith le haon tairseach a chuirtear i bhfeidhm. |
(12) Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir na gceanglas sin agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú freisin. Tugtar aghaidh sa Treoir seo ar an ngá go n-áiritheofaí leanúnachas na seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a chothabháil, gan dochar d’inniúlachtaí náisiúnta maidir le seirbhísí poiblí a eagrú agus a sholáthar. Dá bhrí sin, ba cheart critéir a leagan síos chun eintitis chriticiúla a shainaithint. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhar a bhaineann leis an sainaithint sin, chomh maith leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir, agus, in aon chás, liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha, an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i ngach earnáil agus fo-earnáil dá dtagraítear san Iarscríbhinn, agus an tseirbhís nó na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas, chomh maith le haon tairseach a chuirtear i bhfeidhm. |
Leasú 8
Togra le haghaidh treorach
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus, i gcás inar gá, na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, agus chun socruithe earnála atá ann cheana nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú. Sa chás sin, áfach, ba cheart dóibh cúraimí sonracha na n-údarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. |
(16) Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus, i gcás inar gá, na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, agus chun socruithe earnáilsonracha atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála náisiúnta agus de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú. Sa chás sin, áfach, ba cheart dóibh cúraimí sonracha na n-údarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. |
Leasú 9
Togra le haghaidh treorach
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Eintitis a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi Threoir NIS 2, mar aon le heintitis a sainaithníodh in earnáil an bhonneagair dhigitigh nár mhór a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla faoin Treoir seo, de bharr go bhfuil go bhfuil na heintitis sin faoi réir cheanglais chibearshlándála Threoir NIS 2, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin dá Threoir oibriú i gcomhar le chéile, go háirithe i dtaca le rioscaí agus teagmhais chibearshlándála a dhéanann difear do na heintitis sin. |
(18) Eintitis a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoin Treoir seo, mar aon le heintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh nár mhór a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla faoin Treoir seo, de bharr go bhfuil go bhfuil na heintitis sin faoi réir cheanglais chibearshlándála Threoir NIS 2. Dá réir sin, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin dá Threoir oibriú i gcomhar le chéile, go háirithe i dtaca le rioscaí agus teagmhais chibearshlándála a dhéanann difear do na heintitis sin. Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun tuairisciú agus rialú dúbailte a sheachaint, chun a áirithiú go bhfuil straitéisí agus ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo agus i dTreoir NIS 2 comhlántach agus nach bhfuil eintitis chriticiúla faoi réir ualach riaracháin breise. |
Leasú 10
Togra le haghaidh treorach
Aithris 19
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(19) Ba cheart do na Ballstáit tacú le heintitis chriticiúla chun a n-athléimneacht á neartú, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin Treoir seo, gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na n-eintiteas féin maidir leis an gcomhlíontacht sin a áirithiú. Go háirithe, d’fhéadfadh na Ballstáit ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. Ina theannta sin, i bhfianaise na n-idirspleáchas idir eintitis agus earnálacha, ba cheart do na Ballstáit uirlisí comhroinnte faisnéise a chur ar bun chun tacú le comhroinnt faisnéise dheonach idir eintitis chriticiúla, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
(19) Ba cheart do na Ballstáit tacú le heintitis chriticiúla chun a n-athléimneacht á neartú, i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoin Treoir seo, gan dochar d’fhreagracht dhlíthiúil na n-eintiteas féin maidir leis an gcomhlíontacht sin a áirithiú. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. Ina theannta sin, i bhfianaise na n-idirspleáchas idir eintitis agus earnálacha, ba cheart do na Ballstáit uirlisí comhroinnte faisnéise a chur ar bun chun tacú le comhroinnt faisnéise dheonach idir eintitis chriticiúla, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha iomaíochta a leagtar síos sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. |
Leasú 11
Togra le haghaidh treorach
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Ba cheart d’eintitis chriticiúla fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le teagmhais a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh go mór, a luaithe is féidir le réasún faoi na himthosca atá ann. Ba cheart go gcuirfeadh an fógra ar chumas na n-údarás inniúil freagairt thapa leormhaith a thabhairt ar na teagmhais agus forléargas cuimsitheach a bheith acu ar na rioscaí foriomlána a mbíonn ar eintitis chriticiúla aghaidh a thabhairt orthu. Chun na críche sin, ba cheart nós imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi theagmhais áirithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le paraiméadair chun a dhéanamh amach cathain a bhíonn an suaitheadh atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann mór agus ar cheart, dá bhrí sin, fógra a thabhairt faoi na teagmhais. I bhfianaise an tionchair trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh den sórt sin, ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfadh na Ballstáit, trí phointí teagmhála aonair, na Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh a chur ar an eolas faoi. |
(25) Ba cheart d’eintitis chriticiúla fógra a thabhairt d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le teagmhais a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh go mór, a luaithe is féidir le réasún faoi na himthosca atá ann. Ba cheart go gcuirfeadh an fógra ar chumas na n-údarás inniúil freagairt thapa leormhaith a thabhairt ar na teagmhais chun iarmhairtí níos measa fós a chosc agus forléargas cuimsitheach a bheith acu ar na rioscaí foriomlána a mbíonn ar eintitis chriticiúla aghaidh a thabhairt orthu. Chun na críche sin, ba cheart nós imeachta a bhunú i ndáil le fógra a thabhairt faoi theagmhais áirithe agus ba cheart foráil a dhéanamh maidir le paraiméadair chun a dhéanamh amach cathain a bhíonn an suaitheadh atá ann nó a d’fhéadfadh a bheith ann mór agus ar cheart, dá bhrí sin, fógra a thabhairt faoi na teagmhais. I bhfianaise an tionchair trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ag suaitheadh den sórt sin, ba cheart nós imeachta a bhunú lena bhféadfadh na Ballstáit, trí phointí teagmhála aonair, na Ballstáit eile a ndéantar difear dóibh a chur ar an eolas faoi. I bhfianaise íogaireacht roinnt imeachtaí, ba cheart cineálacha iomchuí rúndachta a bhunú, mar aon le sásraí chun scaipeadh sonraí a chosc a d’fhéadfadh an tslándáil náisiúnta a chur i mbaol. |
Leasú 12
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 30
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(30) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumhachtaí sonracha áirithe ag a n-údaráis inniúla chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go cuí i ndáil le heintitis chriticiúla, i gcás ina dtiocfaidh na heintitis sin faoina ndlínse mar a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin, go háirithe, an chumhacht chun cigireachtaí, maoirseacht agus iniúchtaí a dhéanamh, chun a cheangal ar eintitis chriticiúla faisnéis agus fianaise a sholáthar maidir leis na bearta atá déanta acu chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, chun orduithe a eisiúint le sáruithe a sainaithníodh a leigheas. Agus orduithe den sórt sin á n-eisiúint acu, níor cheart do na Ballstáit bearta a éileamh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht an eintitis chriticiúil lena mbaineann a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar a thromchúisí is atá an sárú agus ar acmhainn eacnamaíoch an eintitis chriticiúil. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart coimircí iomchuí éifeachtacha a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí sin, ar coimircí iad atá le sonrú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir leis na ceanglais a eascraíonn as Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht eintitis chriticiúil lena chuid oibleagáidí faoin Treoir seo, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin Treoir seo a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla a ainmneofar faoi Threoir NIS 2 measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil na n-eintiteas sin. Ba cheart do na údaráis inniúla oibriú i gcomhar agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin. |
(30) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumhachtaí sonracha áirithe ag a n-údaráis inniúla chun an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go cuí i ndáil le heintitis chriticiúla, i gcás ina dtiocfaidh na heintitis sin faoina ndlínse mar a shonraítear sa Treoir seo. Ba cheart a áireamh ar na cumhachtaí sin, go háirithe, an chumhacht chun cigireachtaí, maoirseacht agus iniúchtaí a dhéanamh, chun a cheangal ar eintitis chriticiúla faisnéis agus fianaise a sholáthar maidir leis na bearta atá déanta acu chun a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus, i gcás inar gá, chun orduithe a eisiúint le sáruithe a sainaithníodh a leigheas. Agus orduithe den sórt sin á n-eisiúint acu, níor cheart do na Ballstáit bearta a éileamh a théann thar a bhfuil riachtanach agus comhréireach chun comhlíontacht an eintitis chriticiúil lena mbaineann a áirithiú, agus aird ar leith á tabhairt ar a thromchúisí is atá an sárú agus ar acmhainn eacnamaíoch an eintitis chriticiúil. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart coimircí iomchuí éifeachtacha a bheith ag gabháil leis na cumhachtaí sin, ar coimircí iad atá le sonrú sa dlí náisiúnta, i gcomhréir leis na ceanglais a eascraíonn as Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Is iad na húdaráis inniúla a ainmnítear faoi Threoir NIS 2 atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo i dtaca le hábhair a thagann faoi raon feidhme Threoir NIS 2 amhail cibearshlándáil fhisiciúil agus neamhfhisiciúil. Ina theannta sin, agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht eintitis chriticiúil lena chuid oibleagáidí faoin Treoir seo, ba cheart do na húdaráis inniúla a ainmneofar faoin Treoir seo a bheith in ann a iarraidh ar na húdaráis inniúla a ainmneofar faoi Threoir NIS 2 measúnú a dhéanamh ar chibearshlándáil na n-eintiteas sin. Ba cheart do na údaráis inniúla comhoibriú agus faisnéis a mhalartú chun na críche sin. |
Leasú 13
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) cuid d’oibleagáidí na mBallstáit a leagan síos maidir le bearta áirithe a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh soláthar seirbhísí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, go háirithe chun eintitis chriticiúla a shainaithint chomh maith le heintitis ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla i dtaobh gnéithe áirithe, agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh; |
(a) cuid d’oibleagáidí na mBallstáit a leagan síos maidir le bearta áirithe a dhéanamh, arb é is aidhm dóibh soláthar leanúnach seirbhísí sa mhargadh inmheánach a áirithiú, seirbhísí atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a choinneáil ar bun, go háirithe chun eintitis chriticiúla a shainaithint chomh maith le heintitis ba cheart a mheas go bhfuil siad coibhéiseach le heintitis chriticiúla i dtaobh gnéithe áirithe, agus chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh; |
Leasú 14
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair a chumhdaítear le Treoir (AE) XX/YY [an Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (‘Treoir NIS 2’)], gan dochar d’Airteagal 7. |
2. Ní bheidh feidhm ag an Treoir seo maidir le hábhair a chumhdaítear le Treoir (AE) XX/YY [an Treoir atá beartaithe maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal coiteann cibearshlándála ar fud an Aontais; (‘Treoir NIS 2’)], gan dochar d’Airteagal 7. I bhfianaise na n-idirnasc idir cibearshlándáil agus slándáil fhisiciúil eintiteas, áiritheoidh na Ballstáit cur chun feidhme comhleanúnach an dá threoir. |
Leasú 15
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 1 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil lena straitéisí slándála, lena n-áirítear straitéisí slándála a bhaineann go sonrach le hearnáil ar leith, maidir le creat beartais comhordaithe le haghaidh comhordú feabhsaithe i gcomhthéacs comhroinnt faisnéise faoi theagmhais agus bagairtí agus feidhmiú cúraimí maoirseachta, lena seachnófar dúbailt ceanglas agus gníomhaíochtaí tuairiscithe agus faireacháin. |
Leasú 16
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) ciallaíonn ‘riosca’ aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar athléimneacht eintiteas criticiúil; |
(6) ciallaíonn ‘riosca’ aon chúinse nó teagmhas a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar oibríochtaí eintiteas criticiúil; |
Leasú 17
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 2 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) na gnéithe ábhartha den straitéis náisiúnta chibearshlándála dá bhforáiltear i dTreoir NIS2 agus aon straitéis náisiúnta earnálach eile d’fhonn comhordú, comhlántacht agus sinéirgí a bhaint amach. |
Leasú 18
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 3 – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Agus a straitéisí á ndréachtú, féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhairle le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus acmhainn áitiúil a chur san áireamh. |
Leasú 19
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áireofar sa mheasúnú riosca na rioscaí nádúrtha agus na rioscaí de dhéantús an duine, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta de bhun Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34. |
Áireofar sa mheasúnú riosca na rioscaí nádúrtha agus na rioscaí de dhéantús an duine, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta de bhun Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle34. I gcás inarb ábhartha, breithneofar sa mheasúnú riosca ar acmhainn na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. |
__________________ |
__________________ |
34 Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6). |
34 Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6). |
Leasú 20
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 4 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, teimpléad tuairiscithe coiteann deonach a fhorbairt chun mír 4 a chomhlíonadh. |
5. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, teimpléad tuairiscithe coiteann deonach a fhorbairt chun mír 4 a chomhlíonadh. |
Leasú 21
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 5 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4a. Féadfaidh na Ballstáit na heintitis sin atá sainaitheanta acu mar eintitis fhíor-riachtanacha faoi Threoir NIS 2 a shainaithint mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo. I gcás ina gcinneann Ballstát gan na heintitis fhíor-riachtanacha faoi Threoir NIS 2 a shainaithint mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo, déanfaidh sé na fáthanna leis an gcinneadh sin a thabhairt. |
Leasú 22
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 6 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann; |
(e) an limistéar geografach a bhféadfadh teagmhas difear a dhéanamh dó, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann, agus an leochaileacht a bhaineann leis an leibhéal leithlisithe de chineálacha áirithe ceantar geografach, amhail réigiúin oileánacha, réigiúin fhorimeallacha nó ceantair shléibhe, á cur san áireamh; |
Leasú 23
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair laistigh den údarás inniúil chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a áirithiú le húdaráis inniúla na mBallstát eile agus leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dtagraítear in Airteagal 16 (‘pointe teagmhála aonair’). |
2. Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair laistigh den údarás inniúil chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú chun comhar trasteorann idir na Ballstáit a áirithiú le húdaráis inniúla na mBallstát eile, leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil dtagraítear in Airteagal 16 (‘pointe teagmhála aonair’) agus leis na heintitis chriticiúla. Áiritheoidh gach Ballstát gurb ionann an pointe teagmhála aonair a ainmnítear faoi Threoir NIS 2 agus an pointe teagmhála aonair faoin Treoir seo. |
Leasú 24
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Faoin [trí bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus gach bliain dá éis sin, cuirfidh na pointí teagmhála aonair tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis na fógraí a fuarthas, lena n-áirítear an líon fógraí, cineál na dteagmhas ar tugadh fógra ina leith agus na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13(3). |
3. Faoin [trí bliana agus sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus sa chéad ráithe de gach bliain dá éis sin, cuirfidh na pointí teagmhála aonair tuarascáil achomair faoi bhráid an Choimisiúin agus an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis na fógraí a fuarthas, lena n-áirítear an líon fógraí, cineál na dteagmhas ar tugadh fógra ina leith agus na bearta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 13(3). |
Leasú 25
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 8 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh a n-údaráis inniúla i gcomhairle le húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus go n-oibreoidh siad i gcomhar leo, nuair is iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go háirithe na húdaráis sin a bhfuil an chosaint shibhialta, forfheidhmiú an dlí agus cosaint sonraí pearsanta ina gcúraimí orthu, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear eintitis chriticiúla. |
5. Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh a n-údaráis inniúla i gcomhairle le húdaráis náisiúnta ábhartha eile agus go n-oibreoidh siad i gcomhar leo, nuair is iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, údaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe na húdaráis sin a bhfuil an chosaint shibhialta, forfheidhmiú an dlí agus cosaint sonraí pearsanta ina gcúraimí orthu, chomh maith le páirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear eintitis chriticiúla. |
Leasú 26
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Tacóidh na Ballstáit le heintitis chriticiúla agus iad ag feabhsú a n-athléimneachta. D’fhéadfadh a bheith san áireamh sa tacaíocht sin ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun an athléimneacht a thástáil, agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. |
1. Tacóidh na Ballstáit le heintitis chriticiúla a n-athléimneacht a fheabhsú, prótacail, comhaontuithe agus comhar a fhorbairt, agus faisnéis agus saineolas a mhalartú idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Cuirfear san áireamh sa tacaíocht sin, i measc nithe eile, ábhair threoracha agus modheolaíochtaí treoracha a fhorbairt, tacú le cleachtaí a eagrú chun a n-athléimneacht a thástáil, agus oiliúint thréimhsiúil a chur ar fáil do bhaill foirne eintiteas criticiúil. |
Leasú 27
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. I gcás inar gá, déanfaidh na Ballstáit dóthain acmhainní a leithdháileadh chun tacú le heintitis chriticiúla ceanglais chomhlíontachta a chomhlíonadh, go háirithe chun costais bhreise a bhaineann le gníomhaíochtaí foghlama agus oiliúna a chumhdach nó chun foireann bhreise a fhostú chun tuairisciú, faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh. |
Leasú 28
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 9 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Bunóidh na Ballstáit uirlisí malartaithe faisnéise chun tacú le malartú faisnéise deonach idir eintitis chriticiúla i ndáil le ábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le hiomaíochas agus cosaint sonraí pearsanta go háirithe. |
3. Bunóidh na Ballstáit uirlisí malartaithe faisnéise chun tacú le malartú faisnéise deonach idir eintitis chriticiúla, chun comhroinnt eolais agus trédhearcacht a mhéadú laistigh d’earnálacha agus eatarthu, i ndáil le hábhair a chumhdaítear leis an Treoir seo, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta maidir le hiomaíochas agus cosaint sonraí pearsanta go háirithe. |
Leasú 29
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ca) teagmhais a sheachaint a d'fhéadfadh slándáil agus leanúint an tsoláthair earraí agus seirbhísí a chur i mbaol; |
Leasú 30
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 1 – pointe d a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(da) úsáid a bhaint as caighdeáin agus sonraíochtaí Eorpacha a bhfuil glacadh leo atá ábhartha d’athléimneacht eintiteas criticiúil, gan úsáid cineál ar leith seirbhíse nó teicneolaíochta a fhorchur; |
Leasú 31
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) bainistíocht cosanta fostaithe leormhaith a áirithiú, lena n-áirítear trí chatagóirí de bhaill foirne a leagan amach maidir le baill foirne a fheidhmíonn feidhmeanna criticiúla, trí chearta rochtana a bhunú ar limistéir, saoráidí agus bonneagair íogaire eile, agus ar fhaisnéis íogair, chomh maith le catagóirí sonracha de bhaill foirne a shainaithint i bhfianaise Airteagal 12; |
(e) bainistíocht slándála fostaithe agus oiliúna leormhaith a áirithiú, lena n-áirítear trí chatagóirí de bhaill foirne a leagan amach maidir le baill foirne a fheidhmíonn feidhmeanna criticiúla, trí chearta rochtana a bhunú ar limistéir, saoráidí agus bonneagair íogaire eile, agus ar fhaisnéis íogair, chomh maith le catagóirí sonracha de bhaill foirne a shainaithint i bhfianaise Airteagal 12; |
Leasú 32
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 11 – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) feasacht a ardú faoi na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) i measc na mball foirne ábhartha. |
(f) feasacht a ardú faoi na bearta dá dtagraítear i bpointí (a) go (e) i measc na n-oibreoirí ábhartha, agus a mbaill foirne trí oiliúint thréimhsiúil. |
Leasú 33
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 12 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis chriticiúla iarrataí a chur isteach ar sheiceálacha cúlra ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha áirithe dá mbaill foirne, lena n-áirítear daoine atá á meas i leith earcú le haghaidh post a thagann faoi na gcatagóirí sin, agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh na húdaráis atá inniúil na seiceálacha cúlra sin a dhéanamh na hiarrataí sin a mheasúnú go gasta. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh eintitis chriticiúla iarrataí cuí-réasúnaithe a chur isteach ar sheiceálacha cúlra ar dhaoine a thagann faoi réim catagóirí sonracha áirithe dá mbaill foirne, a shainaithnítear bunaithe ar chritéir náisiúnta choitianta lena n-áirítear daoine atá á meas i leith earcú le haghaidh feidhmeanna criticiúla a thagann faoi na catagóirí sin, agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh na húdaráis atá inniúil na seiceálacha cúlra sin a dhéanamh na hiarrataí sin a mheasúnú go gasta. |
Leasú 34
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 12 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38, déanfar an méid seo a leanas le seiceáil chúlra dá dtagraítear i mír 1: |
2. I gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2016/679/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle38, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar seiceáil chúlra dá dtagraítear i mír 1 chun riosca slándála féideartha don eintiteas criticiúil a mheas, agus chuige sin amháin, agus i leith chearta bunúsacha an duine lena mbaineann. Le seiceáil cúlra, déanfar |
__________________ |
__________________ |
38 IO L 119, 4.5.2016, lch. 1. |
38 IO L 119, 4.5.2016, lch. 1. |
Leasú 35
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 12 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) fostaíocht roimhe sin, oideachas agus aon bhearna in oideachas nó fostaíocht in curriculum vitae an duine a chumhdach, le linn na gcúig bliana roimhe sin ar a laghad agus le linn deich mbliana ar a mhéad. |
(c) i gcásanna eisceachtúla agus bunaithe ar chritéir náisiúnta, fostaíocht roimhe sin, oideachas agus aon bhearna in oideachas nó fostaíocht in curriculum vitae an duine a chumhdach, le linn na gcúig bliana roimhe sin ar a laghad agus le linn deich mbliana ar a mhéad. |
Leasú 36
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis chriticiúla fógra gan moill mhíchuí don údarás inniúil faoi theagmhais a shuaitheann go mór a n-oibríochtaí nó a d’fhéadfadh a n-oibríochtaí a shuaitheadh go mór. Áireofar sna fógraí aon fhaisnéis atá ar fáil a bhfuil gá léi chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil tuiscint a bheith aige ar an gcineál teagmhais atá ann, ar an gcúis a bhí leis agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leis, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a dhéanamh amach. Leis an bhfógra sin, ní bheidh an t-eintiteas criticiúil faoi réir dliteanas méadaithe. |
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh eintitis chriticiúla fógra gan moill mhíchuí do na heintitis chriticiúla, agus dóibh sin amháin, faoi na teagmhais a dhéanann a n-oibríochtaí a shuaitheadh, chun ró-fhaisnéis agus sreabhadh sonraí gan ghá a sheachaint, agus chun feidhmiú éifeachtach údarás náisiúnta agus eintiteas príobháideach a ráthú. Áireofar sna fógraí aon fhaisnéis atá ar fáil a bhfuil gá léi chun é a chur ar a chumas don údarás inniúil tuiscint a bheith aige ar an gcineál teagmhais atá ann, ar an gcúis a bhí leis agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith leis, lena n-áirítear aon tionchar trasteorann atá ag an teagmhas a dhéanamh amach. Leis an bhfógra sin, ní bheidh an t-eintiteas criticiúil faoi réir dliteanas méadaithe. |
Leasú 37
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 2 – pointe -a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(-a) an tionchar ar shaol an duine agus na hiarmhairtí comhshaoil; |
Leasú 38
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 13 – mír 2 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) an limistéar geografach a ndéanann an suaitheadh difear dó nó a ndéanfadh suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann difear dó. |
(c) an limistéar geografach a ndéanann an suaitheadh difear dó nó a ndéanfadh suaitheadh a d’fhéadfadh a bheith ann difear dó, agus á chur san áireamh cibé an bhfuil an ceantar sin iargúlta go geografach. |
Leasú 39
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Is ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bheidh sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. I gcás inarb ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh ina chuid oibre. |
2. Is ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a bheidh sa Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. I gcás inarb ábhartha chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, féadfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil cuireadh a thabhairt d’ionadaithe ó pháirtithe ábhartha páirt a ghlacadh ina chuid oibre, agus spreagadh a thabhairt do rannpháirtíocht FBManna, na sochaí sibhialta agus na gceardchumann go príomha i ngnéithe a bhaineann le hoiliúint. |
Leasú 40
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tiocfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad leis an nGrúpa Comhair arna bhunú faoi [Threoir NIS 2] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a chur chun cinn. |
5. Tiocfaidh an Grúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le chéile go tráthrialta agus uair sa bhliain ar a laghad leis an nGrúpa Comhair arna bhunú faoi [Threoir NIS 2] chun comhar straitéiseach agus malartú faisnéise a éascú. |
Leasú 41
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7a. Féadfaidh an Grúpa Athléimneachta um Eintitis Chriticiúla, de mheon an chomhair slándála agus na rochtana oscailte, rochtain a thabhairt, ar iarratas, ar a thorthaí agus ar fhoinsí sonraí le húsáid sa saol acadúil, i dtaighde slándála agus le haghaidh úsáidí tairbhiúla eile. Ba cheart na hiarrataí ar rochtain a bheith réasúnaithe agus bonn cirt leo agus go n-urramófar leis na sonraí a sholáthraítear cearta bunúsacha daoine agus iad a bheith comhréireach leis an tionchar ar na heintitis atá i gceist. |
Leasú 42
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 16 – mír 7 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
7b. Cuirfidh an Coimisiún comhrúnaíocht ar bun le haghaidh an Ghrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil agus an Grúpa Comhair arna mbunú faoi [Threoir NIS 2] chun freastal ar bhealach níos fearr ar chumarsáid idir an dá ghrúpa agus, dá bhrí sin, chun athbhrí a íoslaghdú idir na húdaráis ainmnithe éagsúla faoin Treoir seo agus faoi [Threoir NIS 2]. |
Leasú 43
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 17 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Chun an fhaisnéis a fuarthas faoi Airteagal 8(3) a fháil agus a úsáid go cuí, coimeádfaidh an Coimisiún clárlann Eorpach teagmhas agus é mar aidhm leis dea-chleachtais agus modheolaíochtaí a fhorbairt agus a chomhroinnt. |
Leasú 44
Togra le haghaidh Treorach
Airteagal 22 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin méid sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil, go háirithe, ar thionchar agus ar bhreisluach na Treorach seo maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus déanfar measúnú i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnálacha nó fo-earnálacha eile a chumhdach. Cuirfear an chéad tuarascáil isteach faoin [sé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus déanfar measúnú inti, go háirithe, i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnáil an táirgthe, na próiseála agus an dáilte bia a áireamh. |
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú tréimhsiúil ar fheidhmiú na Treorach seo, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin méid sin. Déanfar measúnú sa tuarascáil, go háirithe, ar thionchar agus ar bhreisluach na Treorach seo maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú agus déanfar measúnú i dtaobh ar cheart raon feidhme na Treorach a leathnú amach chun earnálacha nó fo-earnálacha eile a chumhdach. Déanfar an chéad tuarascáil a thíolacadh [sé bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Chun na críche sin agus d’fhonn comhar straitéiseach a chur chun cinn tuilleadh, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon treoirdhoiciméid neamhcheangailteacha ón nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil maidir leis an taithí a fuarthas ar leibhéal straitéiseach. |
Leasú 45
Togra le haghaidh Treorach
Iarscríbhinn – Pointe 5. Sláinte (nua)
|
||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
||
Earnáil |
Fo-earnáil |
Cineál eintitis |
|
||
Leasú |
||
|
|
Eintitis a bhfuil údarú dáileacháin acu dá dtagraítear in Airteagal 79 de Threoir 2001/83/CE |
Leasú 46
Togra le haghaidh treorach
Iarscríbhinn I – pointe 8 a (nua)
|
||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
||
Earnáil |
Fo-earnáil |
Cineál eintitis |
|
||
Leasú |
||
Bia |
Margaí mórdhíola |
— Gnólachtaí bia dá dtagraítear in Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 (1a) |
1a Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 ag leagan síos rialacha sonracha sláinteachais maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.04.2004, lch.39). |
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Athléimneacht eintiteas criticiúil |
|||
References |
COM(2020)0829 – C9-0421/2020 – 2020/0365(COD) |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 11.2.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 11.2.2021 |
|||
Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
29.4.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim: Dáta an cheapacháin |
Nils Torvalds 15.2.2021 |
|||
Pléite sa choiste |
26.5.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
1.7.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
58 0 14 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Nicola Beer, François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Martin Buschmann, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Carlo Calenda, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Valter Flego, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Bart Groothuis, Christophe Grudler, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Marisa Matias, Eva Maydell, Joëlle Mélin, Iskra Mihaylova, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Mauri Pekkarinen, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Manuela Ripa, Jérôme Rivière, Robert Roos, Massimiliano Salini, Sara Skyttedal, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Viktor Uspaskich, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Klemen Grošelj, Alicia Homs Ginel, Elena Lizzi, Jutta Paulus, Susana Solís Pérez, Nils Torvalds |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
58 |
+ |
NI |
Martin Buschmann, Clara Ponsatí Obiols, Viktor Uspaskich |
PPE |
François-Xavier Bellamy, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria da Graça Carvalho, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Markus Pieper, Massimiliano Salini, Sara Skyttedal, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss |
Renew |
Nicola Beer, Nicola Danti, Valter Flego, Bart Groothuis, Klemen Grošelj, Christophe Grudler, Iskra Mihaylova, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen, Susana Solís Pérez, Nils Torvalds |
S&D |
Carlo Calenda, Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Robert Hajšel, Alicia Homs Ginel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho |
The Left |
Marisa Matias |
Verts/ALE |
Michael Bloss, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Jutta Paulus, Manuela Ripa, Marie Toussaint |
14 |
0 |
ECR |
Izabela-Helena Kloc, Robert Roos, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski, Evžen Tošenovský |
ID |
Paolo Borchia, Markus Buchheit, Elena Lizzi, Thierry Mariani, Joëlle Mélin, Jérôme Rivière, Isabella Tovaglieri |
The Left |
Marc Botenga |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (23.7.2021)
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil
(COM(2020)0829 – C9-0421/2020 – 2020/0365(COD))
Rapóirtéir don tuairim ‘(*)’: Alex Agius Saliba
‘(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta'
RÉASÚNÚ GEARR
An 16 Nollaig 2020, thíolaic an Coimisiún togra le haghaidh treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (Treoir RCE) mar aon le measúnú tionchair a ghabhann leis, bunaithe ar mheasúnú 2019 ar chur chun feidhme Threoir 2008/114/CE maidir le bonneagar criticiúil Eorpach (ECI). I bhfianaise thábhacht na cibearshlándála le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil, thíolaic an Coimisiún go comhuaineach freisin togra le haghaidh Treoir athbhreithnithe maidir le slándáil gréasán agus faisnéise (‘Treoir NIS 2’). Chun comhleanúnachas iomlán a áirithiú, bheadh feidhm ag oibleagáidí cibear-athléimneachta faoi NIS 2 freisin maidir le heintitis chriticiúla arna sainaithint faoin togra nua.
Léiríonn togra RCE athrú ón gcur chuige reatha lena ndéantar sócmhainní aonair a chosaint i dtreo athléimneacht na n-eintiteas criticiúil a oibríonn iad a neartú. Chuirfeadh sé de cheangal ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a ghlacadh agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh agus, chomh maith leis sin, bunaítear leis oibleagáidí ar eintitis chriticiúla feabhas a chur ar a n-athléimneacht agus ar a gcumas seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthar. Bheadh an nós imeachta chun eintitis chriticiúla a shainaithint éagsúil leis an nós imeachta a leagtar amach sa Treoir maidir le Bonneagair Chriticiúla Eorpacha (ECI). Bheadh maoirseacht shonrach ag an gCoimisiún freisin ar eintitis chriticiúla a bhfuil tábhacht Eorpach ar leith ag baint leo.
Tacaíonn an rapóirtéir, tríd is tríd, le togra RCE agus creideann sé go bhfuil sé tábhachtach go n-aithneodh IMCO gur gá na bearta atá ann cheana ar leibhéal AE, arb é is aidhm dóibh príomhsheirbhísí agus príomhbhonneagair a chosaint ar rioscaí fisiceacha, a thabhairt cothrom le dáta. Tá sé thar a bheith tábhachtach athléimneacht eintiteas criticiúil sna Ballstáit a neartú agus cothrom na Féinne a thabhairt d’eintitis chriticiúla ar fud an Aontais i bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar na hidirnaisc idir earnálacha, eintitis agus seirbhísí sa mhargadh inmheánach.
Tá baint ag Coiste IMCO, de bhun Riail 57, le hinniúlachtaí roinnte maidir le saincheisteanna lena n-ardaítear ceisteanna faoi shainchúram IMCO arb é is aidhm dóibh feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.
Raon feidhme agus sainmhínithe
Is geal leis an Rapóirtéir leathnú raon feidhme na treorach mar go dtugtar an deis leis sin earnálacha nua nach raibh tairbhe á baint acu as bearta cosanta sonracha a chuimsiú inti. Creideann an rapóirtéir, áfach, go gcaithfear a mhíniú go soiléir an cuspóir ginearálta maidir le hardleibhéal athléimneachta eintiteas criticiúil agus bonneagar fíor-riachtanach a áirithiú agus seachadadh seirbhísí fíor-riachtanacha a dhaingniú chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.
Ina theannta sin, déanann sé iarracht ailíniú agus comhchuibhiú níos dlúithe Threoracha RCE agus NIS 2 araon a áirithiú, go háirithe i ndáil le raon feidhme agus sainmhínithe nuair is féidir. Chuige sin, éilíonn an rapóirtéir go ndéanfar neamh-chibearchosaint fhisiciúil, faoi Threoir RCE atá beartaithe, a dheighilt go soiléir ó na ceanglais in NIS 2 le hidirdhealú soiléir sa sainmhíniú ar ‘athléimneacht’ atá in Airteagal 2(2). Thairis sin, molann sé sraith sainmhínithe soiléire lena gcumhdaítear ‘eintitis chriticiúla’, ‘athléimneacht’, ‘teagmhas’, ‘bonneagar fíor-riachtanach’ i measc sainmhínithe eile.
Straitéis agus measúnú riosca ag na Ballstáit
Is geal leis an rapóirtéir an straitéis lena neartaítear athléimneacht eintiteas criticiúil agus an measúnú riosca nach mór do gach Ballstát a ghlacadh. Déanann sé moltaí, áfach, chun feabhas a chur ar rannpháirtíocht agus ar chomhairliúchán leis na heintitis chriticiúla agus leis na geallsealbhóirí, ós rud é go gcuireann na cuideachtaí sin seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil chun dea-fheidhmiú an tsaoil laethúil a áirithiú agus go bhfuil comhar feabhsaithe leo ríthábhachtach má táimid chun cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach. Aithníonn sé freisin a thábhachtaí atá bainistiú rioscaí a bhaineann leis an slabhra soláthair agus leis an soláthraí agus iad á n-úsáid ag eintitis chriticiúla chun a áirithiú go rannchuideoidh na slabhraí soláthair le hathléimneacht na n-eintiteas dá soláthraíonn siad.
Eintitis chriticiúla a shainaithint
Tacaíonn an Rapóirtéir leis an bhfíoras go mbeidh ar na Ballstáit eintitis chriticiúla i bpríomhearnálacha ábhartha dá dtagraítear san Iarscríbhinn a shainaithint. Míníonn sé, áfach, go mbeidh sé d’oibleagáid ar na Ballstáit eintitis a shainaithint do na hearnálacha agus na fo-earnálacha sin ón Iarscríbhinn arb ann dóibh sna Ballstáit agus a bhfuil na heintitis mar phríomhsholáthraithe seirbhísí fíor-riachtanacha dóibh chun feidhmeanna sochaíocha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a chothabháil. Dá bhrí sin, tá moltaí déanta ag an Rapóirtéir maidir leis an réimse sin.
Údaráis inniúla agus pointe teagmhála aonair
Aithníonn an Rapóirtéir a thábhachtaí atá maoirseacht chuí agus comhar feabhsaithe idir údaráis inniúla na mBallstát. Tugann sé dá aire, áfach, gur cheart pointí teagmhála aonair a bhunú chun feidhm idirchaidrimh agus comhordú a fheidhmiú idir na heintitis chriticiúla, na húdaráis inniúla agus pointí teagmhála aonair eile mar aon leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil. Ba cheart go ndéanfadh an pointe teagmhála aonair na bealaí tuairiscithe a shimpliú agus a chomhchuibhiú (prionsabal an ionaid ilfhreastail).
Fógra maidir le teagmhais
Creideann an Rapóirtéir, maidir le teagmhais a chuireann isteach go mór ar oibríochtaí eintiteas criticiúil agus ar chun leas an phobail iad, go ndéanfar iad a thuairisciú ní hamháin do na húdaráis inniúla, tríd an bpointe teagmhála aonair, ach don phobal chomh maith nó nuair is gá do na húsáideoirí lena mbaineann. Molann an Rapóirtéir freisin soiléiriú a dhéanamh ar chuid de na ceanglais maidir le fógra a thabhairt faoi theagmhais nach bhfuil tarlaithe go fóill agus cuireann sé treoir bhreise ar fáil maidir leis na tairseacha tuairiscithe.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Foráiltear le Treoir 2008/114/CE17 ón gComhairle do nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, bonneagair a n-imreofaí mórthionchar trasteorann ar dhá Bhallstát ar a laghad dá ndéanfaí iad a shuaitheadh nó a scriosadh. Is ar chosaint na mbonneagar sin amháin a bhí an Treoir sin dírithe. Mar sin féin, fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 201918 nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar go bhfuil oibríochtaí ina n-úsáidtear bonneagar criticiúil ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, is gá an cur chuige a athrú i dtreo athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, is é sin, an cumas atá acu teagmhais a mhaolú, a sheasamh, freastal orthu agus teacht aniar uathu, ar teagmhais iad a shuaitheann oibríochtaí an eintitis chriticiúil nó a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil a shuaitheadh. |
(1) Foráiltear le Treoir 2008/114/CE17 ón gComhairle do nós imeachta chun bonneagair chriticiúla Eorpacha a ainmniú in earnálacha an fhuinnimh agus an iompair, arb amhlaidh, dá ndéanfaí na bonneagair sin a shuaitheadh nó a scriosadh, a d’imreofaí mórthionchar trasteorann ar dhá Bhallstát ar a laghad. Is ar chosaint na mbonneagar sin, agus air sin amháin, a bhí an Treoir sin dírithe. Fuarthas amach sa mheastóireacht a rinneadh ar Threoir 2008/114/CE in 201918, áfach, nach leor bearta cosanta a bhaineann le sócmhainní aonair amháin chun gach suaitheadh a chosc, mar go bhfuil oibríochtaí ina n-úsáidtear bonneagar criticiúil ag éirí níos idirnasctha agus níos trasteorainní. Dá bhrí sin, is gá an cur chuige a athrú i dtreo athléimneacht eintiteas criticiúil a áirithiú, is é sin, an cumas atá acu teagmhais nó bagairtí a mhaolú, a sheasamh, freastal orthu, agus teacht aniar agus cosaint uathu, ar teagmhais nó bagairtí iad a d’fhéadfadh oibríochtaí an eintitis chriticiúil, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh nó saorghluaiseacht seirbhísí fíor-riachtanacha a shuaitheadh. |
__________________ |
__________________ |
17 Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75). |
17 Treoir 2008/114/CE ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 maidir le bonneagair chriticiúla Eorpacha a shainaithint agus a ainmniú agus maidir le measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le cosaint na mbonneagar sin a fheabhsú (IO L 345, 23.12.2008, lch. 75). |
18 SWD(2019) 308. |
18 SWD(2019) 308. |
Leasú 2
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) D’ainneoin na mbeart atá ann cheana ar leibhéal an Aontais[1] agus ar an leibhéal náisiúnta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chosaint bonneagar criticiúil san Aontas, níl na heintitis a fheidhmíonn na bonneagair sin feistithe go leormhaith chun dul i ngleic leis na rioscaí atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo maidir lena n-oibríochtaí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí a shuaitheadh atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Timpeallacht bagairtí dhinimiciúil is é is cúis leis sin, timpeallacht ina bhfuil bagairt shíorathraitheach na sceimhlitheoireachta agus idirspleáchais mhéadaitheacha idir bonneagair agus earnálacha, chomh maith le riosca fisiceach méadaithe i ngeall ar thubaistí nádúrtha agus ar an athrú aeráide, rud a mhéadaíonn minicíocht agus méid na n-eachtraí adhaimsire agus a chruthaíonn athruithe fadtéarmacha ar an meán-aeráid a d’fhéadfadh acmhainn agus éifeachtúlacht cineálacha áirithe bonneagair a laghdú mura bhfuil bearta athléimneachta nó oiriúnaithe aeráide i bhfeidhm. Thairis sin, ní dhéantar earnálacha agus cineálacha eintiteas ábhartha a aithint ina nithe criticiúla go comhsheasmhach i ngach Ballstát. |
(2) D’ainneoin na mbeart atá ann cheana ar leibhéal an Aontais19 agus ar an leibhéal náisiúnta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do chosaint bonneagar criticiúil san Aontas, níl na heintitis a fheidhmíonn na bonneagair sin feistithe go leormhaith chun dul i ngleic leis na rioscaí atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo maidir lena n-oibríochtaí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh soláthar seirbhísí a shuaitheadh atá fíor-riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Timpeallacht bagairtí dhinimiciúil is é is cúis leis sin, timpeallacht ina bhfuil bagairt shíorathraitheach na sceimhlitheoireachta agus idirspleáchais mhéadaitheacha idir bonneagair agus earnálacha, chomh maith le riosca fisiceach méadaithe i ngeall ar thubaistí nádúrtha agus ar an athrú aeráide, rud a mhéadaíonn minicíocht agus méid na n-eachtraí adhaimsire agus a chruthaíonn athruithe fadtéarmacha ar an meán-aeráid a d’fhéadfadh acmhainn agus éifeachtúlacht cineálacha áirithe bonneagair a laghdú mura bhfuil bearta athléimneachta nó oiriúnaithe aeráide i bhfeidhm. Thairis sin, ní dhéantar earnálacha agus cineálacha eintiteas ábhartha a aithint ina nithe criticiúla go comhsheasmhach i ngach Ballstát. Mar gheall ar an méadú atá tagtha ar idirspleáchais thrasearnálacha agus trasteorann idir bonneagair chriticiúla, is féidir le teagmhas i mBallstát amháin difear tromchúiseach a dhéanamh do ghníomhaíochtaí i mBallstát eile. Chun ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach sna bonneagair chriticiúla ar fud an Aontais, ba cheart seirbhísí fíor-riachtanacha agus bonneagar fíor-riachtanach a chosaint agus iad a bheith athléimneach i ngach Ballstát. |
Leasú 3
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Tagann na hidirspleáchais mhéadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, bhonneagar an mhargaidh airgeadais, an bhonneagair dhigitigh, an uisce óil, an fhuíolluisce, agus na sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, agus in earnáil an spáis a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha agus atá á mbainistiú acu agus á n-oibriú acu. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis nó atá faoi úinéireacht duine nó grúpa eile thar ceann an Aontais, nó bonneagair atá á mbainistiú agus á n-oibriú ag an Aontas nó thar ceann an Aontais. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan marthanach a imirt ar sheachadadh seirbhísí ar fud an mhargaidh inmheánaigh. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile. |
(3) Tagann na hidirspleáchais mhéadaitheacha sin as líonra soláthair seirbhíse fíor-riachtanaí atá ag éirí níos trasteorainní agus níos idirspleáiche agus a úsáideann príomhbhonneagair ar fud an Aontais in earnálacha an fhuinnimh, an iompair, na baincéireachta, bhonneagar an mhargaidh airgeadais, an bhonneagair dhigitigh, an uisce óil, an fhuíolluisce, agus na sláinte, i ngnéithe áirithe den riarachán poiblí, agus in earnáil an spáis a mhéid a bhaineann le soláthar seirbhísí áirithe atá ag brath ar bhonneagair ar talamh atá faoi úinéireacht na mBallstát nó páirtithe príobháideacha agus atá á mbainistiú acu agus á n-oibriú acu. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear bonneagair atá faoi úinéireacht an Aontais mar chuid dá chláir spáis nó atá faoi úinéireacht duine nó grúpa eile thar ceann an Aontais, nó bonneagair atá á mbainistiú agus á n-oibriú ag an Aontas nó thar ceann an Aontais. Ciallaíonn na hidirspleáchais sin go bhféadfadh éifeachtaí cascáideacha a bheith ag aon suaitheadh a bhainfí as seirbhísí fíor-riachtanacha, go fiú suaitheadh a bhaineann le heintiteas nó earnáil amháin, éifeachtaí a d’fhéadfadh drochthionchar forleathan marthanach a imirt ar sheachadadh seirbhísí sin ar fud an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear ar dhaoine aonair, ar thomhaltóirí agus ar ghnólachtaí. Léirigh paindéim COVID-19 a leochailí atá ár sochaithe i leith rioscaí a bhfuil dóchúlacht íseal ag baint leo, sochaithe atá ag éirí níos idirspleáiche de réir a chéile. |
Leasú 4
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoi dhlíthe na mBallstát agus a bhfuil difríochtaí eatarthu, agus is ag dul in olcas de réir a chéile atá an fhadhb sin. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go bhfuil baol ann go n-imreofaí tionchar diúltach ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, ach cuirtear bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu. |
(4) Tá na heintitis a bhfuil baint acu le soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha agus bonneagair fhíor-riachtanaigh faoi réir ceanglais a fhorchuirtear faoi dhlíthe na mBallstát agus a bhfuil difríochtaí eatarthu, agus is ag dul in olcas de réir a chéile atá an fhadhb sin. De bharr go bhfuil ceanglais slándála níos solúbtha ag roinnt Ballstát ar na heintitis sin, ní hamháin go gcruthaítear leibhéil ilchineálacha athléimneachta agus difríochtaí idir na Ballstáit i ndáil le hainmniú agus maoirseacht eintiteas criticiúil ach imrítear tionchar diúltach freisin ar choinneáil ar bun feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha ar fud an Aontais, agus eascraíonn iomaíocht éagórach agus bacainní ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh as freisin. Meastar gur eintitis chriticiúla iad cineálacha comhchosúla eintiteas i roinnt Ballstát ach ní amhlaidh atá i mBallstáit eile, agus tá na heintitis sin a shainaithnítear gur eintitis chriticiúla iad faoi réir ceanglais éagsúla i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, cuirtear ualach breise riaracháin ar chuideachtaí a fheidhmíonn thar theorainneacha, go háirithe ar chuideachtaí atá gníomhach i mBallstáit a bhfuil ceanglais níos déine acu. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé d’éifeacht ag creat Eorpach cothrom na Féinne a thabhairt i gcrích d’eintitis chriticiúla ar fud an Aontais. |
Leasú 5
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Is gá, dá bhrí sin, rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus chun athléimneacht eintiteas criticiúil a fheabhsú. |
(5) Is gá, dá bhrí sin, rialacha íosta comhchuibhithe a leagan síos chun soláthar agus saorghluaiseacht seirbhísí fíor-riachtanacha sa mhargadh inmheánach a áirithiú agus chun feabhas a chur ar athléimneacht eintiteas criticiúil agus bonneagair fhíor-riachtanaigh is gá le haghaidh gníomhaíochtaí ríthábhachtacha sochaíocha nó eacnamaíocha laistigh den Aontas. Chuige sin, ba cheart é a bheith mar aidhm leis an Treoir seo bonneagair chriticiúla agus eintitis chriticiúla a dhéanamh athléimneach agus ar an gcaoi sin cur lena n-acmhainneacht soláthar leanúnach seirbhísí fíor-riachtanacha nó bonneagair fhíor-riachtanaigh a áirithiú nó ar a laghad feidhmíocht a athbhunú go tapa tar éis teagmhais. Ba cheart d’oibreoirí bonneagar criticiúil a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh in earnálacha éagsúla atá riachtanach le haghaidh feidhmeanna sochaíocha agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha, a bheith athléimneach i leith rioscaí reatha agus rioscaí ionchais amach anseo. |
Leasú 6
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint ar cheart dóibh a bheith faoi réir ceanglais shonracha agus formhaoirseacht shonrach, ach ar cheart dóibh freisin tacaíocht agus treoir shonrach a fháil atá dírithe ar ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach i bhfianaise na rioscaí ábhartha uile. |
(6) Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit eintitis chriticiúla a shainaithint ar eintitis iad a sholáthraíonn seirbhísí fíor-riachtanacha nó bonneagar fíor-riachtanach a thagann faoi réim earnálacha agus fo-earnálacha atá ann cheana ar an leibhéal náisiúnta dá dtagraítear san Iarscríbhinn agus ar cheart dóibh a bheith faoi réir ceanglais shonracha agus formhaoirseacht shonrach, ach ar cheart dóibh freisin tacaíocht agus treoir shonrach a fháil atá dírithe ar ardleibhéal athléimneachta a bhaint amach i bhfianaise na rioscaí ábhartha agus na ngéarchéimeanna féideartha uile. |
Leasú 7
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach idir an Treoir seo agus Treoir (AE) XX/YY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20 (‘Treoir NIS 2’ anseo feasta). I bhfianaise a mhinice is atá cibear-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir NIS 2 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir NIS 2, ba cheart na hábhair a chumhdaítear léi a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh. |
(8) I bhfianaise a thábhachtaí is atá an chibearshlándáil le haghaidh athléimneacht eintiteas criticiúil agus ar mhaithe le comhsheasmhacht, is gá, i gcás inar féidir, cur chuige comhleanúnach idir an Treoir seo agus Treoir (AE) XX/YY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20 (‘Treoir NIS 2’). I bhfianaise a mhinice is atá cibear-rioscaí agus i bhfianaise na saintréithe ar leith a bhaineann leo, forchuirtear le Treoir NIS 2 ceanglais chuimsitheacha ar thacar mór eintiteas chun a gcibearshlándáil a áirithiú. Ós rud é go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an gcibearshlándáil i dTreoir NIS 2, ba cheart na hábhair a chumhdaítear léi a eisiamh ó raon feidhme na Treorach seo, gan dochar don chóras sainiúil le haghaidh eintitis in earnáil an bhonneagair dhigitigh. Ba cheart cur chuige comhleanúnach a áirithiú idir na gníomhartha sin, amhail trína áirithiú go mbainfidh eintitis faoi NIS 2 a d’fhéadfadh a bheith faoi réir oibleagáidí faoin Treoir seo, i gcás inar féidir, tairbhe as pointe teagmhála aonair agus sraith choiteann rialacha. Mar thoradh air sin, is ar na húdaráis inniúla arna n-ainmniú faoi Threoir NIS2 a bheidh an fhreagracht maoirseacht a dhéanamh ar eintitis a shainaithnítear mar eintitis chriticiúla nó mar eintitis atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla faoin Treoir seo, in ábhair a thagann faoi raon feidhme Threoir NIS2. Thairis sin, eintitis a shainaithnítear mar eintitis fhíor-riachtanacha faoi Threoir NIS 2, ach nach sainaithnítear mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo, ba cheart dóibh feabhas a chur ar athléimneacht a mbonneagair fhisiciúil, i gcás inarb iomchuí. |
__________________ |
__________________ |
20 [Tagairt do Threoir NIS 2, nuair a ghlacfar í.] |
20 Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal cibearshlándála coiteann ar fud an Aontais, lena n‑aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (IO L ..., ..., lch. ..). |
Leasú 8
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) D’fhonn cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith athléimneacht eintiteas criticiúil, ba cheart straitéis a bheith ag gach Ballstát ina leagtar amach cuspóirí agus bearta beartais atá le cur chun feidhme. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an t-údarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir NIS 2 i gcomhthéacs comhroinnt faisnéise maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus maidir le cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. |
D’fhonn cur chuige cuimsitheach a áirithiú i leith athléimneacht eintiteas criticiúil, agus cuspóirí straitéis an Aontais maidir leis an athléimneacht arna hullmhú ag an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil á gcur san áireamh, ba cheart do gach Ballstát straitéis a ghlacadh ina leagtar amach cuspóirí agus bearta beartais atá le cur chun feidhme. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar foráil lena straitéisí cibearshlándála maidir le creat beartais le haghaidh comhordú feabhsaithe idir an t-údarás inniúil faoin Treoir seo agus an ceann faoi Threoir NIS 2 i gcomhthéacs comhroinnt faisnéise maidir le teagmhais agus cibearbhagairtí agus maidir le cúraimí maoirseachta a fheidhmiú. |
Leasú 9
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha ríthábhachtacha a fheidhmiú. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha uile, idir rioscaí nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta. Agus na measúnuithe riosca sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnaithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais, agus ba cheart dóibh na spleáchais idir earnálacha a mheas, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe riosca a úsáid i bpróiseas sainaitheantais na n-eintiteas criticiúil agus ba cheart na torthaí a úsáid chun cabhrú leis na heintitis sin ceanglais athléimneachta na Treorach seo a chomhlíonadh. |
(11) Ba cheart cur chuige rioscabhunaithe a leanúint i ndáil le gníomhaíochtaí na mBallstát chun eintitis chriticiúla a shainaithint agus chun an athléimneacht atá acu áirithiú, cur chuige lena ndírítear ar na heintitis is ábhartha maidir le feidhmiú seirbhísí fíor-riachtanacha atá ríthábhachtach le haghaidh feidhmeanna sochaíocha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Chun cur chuige spriocdhírithe den sórt sin a áirithiú, ba cheart do gach Ballstát measúnú a dhéanamh, laistigh de chreat comhchuibhithe, ar na rioscaí ábhartha uile, lena n-áirítear rioscaí trasearnála, trasteorann, nádúrtha agus de dhéantús an duine, a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do sholáthar seirbhísí fíor-riachtanacha, lena n-áirítear timpistí, tubaistí nádúrtha, éigeandálaí sláinte poiblí amhail paindéimí, agus bagairtí eascairdiúla, lena n-áirítear cionta sceimhlitheoireachta. Agus na measúnuithe riosca sin á ndéanamh acu, ba cheart do na Ballstáit measúnaithe riosca ginearálta nó earnáilsonracha eile a chur san áireamh, ar measúnaithe riosca iad a dhéantar de bhun gníomhartha eile de chuid dhlí an Aontais, agus ba cheart dóibh na spleáchais idir earnálacha a mheas, lena n-áirítear ó Bhallstáit eile agus ó thríú tíortha, agus rioscaí a thagann chun cinn don phobal i gcoitinne nó don mhargadh inmheánach. Níor cheart do na Ballstáit aon ghnáthriosca gnó d’oibríochtaí a dhíorthaítear ó dhálaí an mhargaidh, ná aon riosca a eascraíonn as cinnteoireacht dhaonlathach, a mheas mar riosca. Ba cheart torthaí an mheasúnaithe riosca a úsáid i bpróiseas sainaitheantais na n-eintiteas criticiúil agus ba cheart na torthaí a úsáid chun cabhrú leis na heintitis sin ceanglais athléimneachta na Treorach seo a chomhlíonadh. |
Leasú 10
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir na gceanglas sin agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit sainiúlachtaí náisiúnta a léiriú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart critéir a leagan síos chun eintitis chriticiúla a shainaithint. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhar a bhaineann leis an sainaithint sin, chomh maith leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir, agus, in aon chás, liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha, an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i ngach earnáil agus fo-earnáil dá dtagraítear san Iarscríbhinn, agus an tseirbhís nó na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas, chomh maith le haon tairseach a chuirtear i bhfeidhm. |
(12) Chun a áirithiú go mbeidh na heintitis ábhartha uile faoi réir na gceanglas sin agus chun difríochtaí ina leith sin a laghdú, tá sé tábhachtach rialacha comhchuibhithe a leagan síos lenar féidir eintitis chriticiúla a shainaithint go comhsheasmhach ar fud an Aontais, ach lena ligtear do na Ballstáit sainiúlachtaí náisiúnta na n-earnálacha agus na bhfo-earnálacha ar a gcríoch a liostaítear san Iarscríbhinn a léiriú freisin. Dá bhrí sin, ba cheart critéir agus sonraíochtaí coiteanna atá bunaithe ar tháscairí agus modheolaíochtaí íosta do gach earnáil agus do gach fo-earnáil a leagan síos i ndlúthchomhar leis na húdaráis ábhartha chun eintitis chriticiúla a shainaithint. Ar mhaithe le héifeachtacht, éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart rialacha iomchuí a leagan síos maidir le fógra a thabhairt agus maidir le comhar a bhaineann leis an sainaithint sin, chomh maith leis na hiarmhairtí dlíthiúla a bhaineann leis. Chun é a chur ar a chumas don Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na Treorach seo, ba cheart do na Ballstáit faisnéis ábhartha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhealach atá chomh mionsonraithe agus chomh sonrach agus is féidir, agus, in aon chás, liosta na seirbhísí fíor-riachtanacha, an líon eintiteas criticiúil a sainaithníodh i ngach earnáil agus fo-earnáil dá dtagraítear san Iarscríbhinn, agus an tseirbhís nó na seirbhísí fíor-riachtanacha a sholáthraíonn gach eintiteas, chomh maith le haon tairseach a chuirtear i bhfeidhm. Chun cur i bhfeidhm na Treorach seo ar bhealaí éagsúla a sheachaint agus chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, treoirlínte mionsonraithe a sholáthar agus moltaí a dhéanamh chun tacú leis na Ballstáit an liosta de sheirbhísí fíor-riachtanacha, bonneagar fíor-riachtanach agus eintitis chriticiúla a shainaithint i gcás gach earnála agus fo-earnála náisiúnta dá dtagraítear san Iarscríbhinn. |
Leasú 11
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais, bunaítear ceanglais chuimsitheacha ar eintitis airgeadais chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí go léir a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear rioscaí oibríochtúla, agus chun leanúnachas gnó a áirithiú. Áirítear leis sin gnéithe de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22, Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24, chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26. Mhol an Coimisiún le déanaí an creat sin a chomhlánú Rialachán XX/YYYY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán atá beartaithe maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach san earnáil airgeadais (dá ngairtear ‘Rialachán DORA’ anseo feasta)27 ], lena leagtar síos ceanglais ar ghnólachtaí airgeadais chun rioscaí TFC a bhainistiú, lena n-áirítear bonneagair fhisiceacha TFC a chosaint. Ós rud é go gcumhdaítear go cuimsitheach le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais athléimneacht na n-eintiteas a liostaítear i bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn, ba cheart go measfaí na heintitis sin a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla freisin chun críocha Chaibidil II den Treoir seo agus chun na gcríoch sin amháin. Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le rioscaí oibríochtúla agus maidir le hathléimneacht dhigiteach a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach san earnáil airgeadais, ba cheart do na húdaráis a n-ainmneofar de bhun Airteagal 41 de [Rialachán DORA] tacaíocht ó na Ballstáit a áirithiú, ar tacaíocht í chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas airgeadais atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a fheabhsú, ar bhealach lán-chomhchuibhithe agus faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa reachtaíocht sin. |
(15) Le acquis sheirbhísí airgeadais an Aontais, bunaítear ceanglais chuimsitheacha ar eintitis airgeadais chun bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí go léir a mbíonn ar na heintitis aghaidh a thabhairt orthu, lena n-áirítear rioscaí oibríochtúla, agus chun leanúnachas gnó a áirithiú. Áirítear leis sin gnéithe de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle22, Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24, chomh maith le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25 agus Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle26. Mhol an Coimisiún le déanaí an creat sin a chomhlánú Rialachán XX/YYYY ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an Rialachán atá beartaithe maidir le hathléimneacht oibríochtúil dhigiteach san earnáil airgeadais (dá ngairtear ‘Rialachán DORA’ anseo feasta)27], lena leagtar síos ceanglais ar ghnólachtaí airgeadais chun rioscaí TFC a bhainistiú, lena n-áirítear bonneagair fhisiceacha TFC a chosaint. Ós rud é go gcumhdaítear go cuimsitheach le acquis seirbhísí airgeadais an Aontais athléimneacht na n-eintiteas a liostaítear i bpointí 3 agus 4 den Iarscríbhinn, ba cheart go measfaí na heintitis sin a bheith coibhéiseach le heintitis chriticiúla freisin chun críocha Chaibidil II den Treoir seo agus chun na gcríoch sin amháin agus, dá bhrí sin, níor cheart na heintitis sin a bheith faoi réir na n-oibleagáidí a leagtar síos i gCaibidil III go Caibidil VI. Chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha maidir le rioscaí oibríochtúla agus maidir le hathléimneacht dhigiteach a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach san earnáil airgeadais, ba cheart do na húdaráis a n-ainmneofar de bhun Airteagal 41 de [Rialachán DORA] tacaíocht ó na Ballstáit a áirithiú, ar tacaíocht í chun athléimneacht fhoriomlán eintiteas airgeadais atá coibhéiseach le heintitis chriticiúla a fheabhsú, ar bhealach lán-chomhchuibhithe agus faoi réir na nósanna imeachta a leagtar amach sa reachtaíocht sin. |
__________________ |
__________________ |
22 Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1). |
22 Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1). |
23 Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349). |
23 Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lch. 349). |
24 Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84). |
24 Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 173, 12.6.2014, lch. 84). |
25 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1). |
25 Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1). |
26 Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338). |
26 Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338). |
27 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014, COM(2020)595. |
27 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 909/2014, COM(2020)595. |
Leasú 12
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus, i gcás inar gá, na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, agus chun socruithe earnála atá ann cheana nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú. Sa chás sin, áfach, ba cheart dóibh cúraimí sonracha na n-údarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. |
(16) Ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú a bheidh inniúil chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm rialacha na Treorach seo agus na rialacha sin a fhorfheidhmiú, agus chun a áirithiú go bhfuil an chumhacht agus na hacmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. I bhfianaise na ndifríochtaí atá ann idir struchtúir rialachais náisiúnta éagsúla, agus chun socruithe earnála atá ann cheana nó comhlachtaí maoirseachta agus rialála de chuid an Aontais a chosaint, agus chun dúbailt a sheachaint, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú. Sa chás sin, áfach, ba cheart dóibh cúraimí sonracha na n-údarás lena mbaineann a shonrú go soiléir agus a áirithiú go n-oibreoidh siad i gcomhar go rianúil agus go héifeachtach. Ba cheart do na húdaráis inniúla uile oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile ar bhonn níos ginearálta, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon. |
Leasú 13
Togra le haghaidh Treorach
Aithris 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) Chun comhar agus cumarsáid trasteorann a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointe teagmhála aonair a ainmniú laistigh de cheann amháin de na húdaráis a ainmneoidh sé mar údarás inniúil faoin Treoir seo, gan dochar do cheanglais dhlíthiúla earnáilsonracha an Aontais, ar pointe teagmhála aonair é a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais ina leith sin. |
(17) Chun comhar agus cumarsáid trasteorann a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach na Treorach seo a éascú, ba cheart do gach Ballstát pointe teagmhála aonair a ainmniú laistigh de cheann amháin de na húdaráis a ainmneoidh sé mar údarás inniúil faoin Treoir seo, gan dochar do cheanglais dhlíthiúla earnáilsonracha an Aontais, ar pointe teagmhála aonair é a bheidh freagrach as comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna a bhaineann le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus comhar trasteorann ar leibhéal an Aontais ina leith sin. Ba cheart do na pointí teagmhála aonair freisin idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis inniúla a Bhallstáit, le pointí teagmhála aonair na mBallstát eile, leis an nGrúpa um Athléimneacht Eintiteas Criticiúil arna bhunú leis an Treoir seo agus le heintitis a shainaithnítear mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo agus gach cumarsáid leo sin a chomhordú. Chun an comhar agus an chumarsáid leis na Ballstáit a éascú, ba cheart d’eintitis a shainaithnítear mar eintitis chriticiúla faoin Treoir seo pointe teagmhála tagartha a ainmniú laistigh den eintiteas freisin. Ba cheart don eintiteas criticiúil a |