TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht
15.10.2021 - (COM(2020)0796 – C9-0401/2020 – 2020/0349(COD)) - ***I
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Javier Zarzalejos
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht
(COM(2020)0796 – C9-0401/2020 – 2020/0349(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0796),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 88 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0401/2020),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0290/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) An tírdhreach slándála atá os comhair na hEorpa amach, is tírdhreach í a bhíonn ag síorathrú , tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh agus sceimhlitheoirí leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach agus le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach. Chuir géarchéim COVID-19 leis sin, toisc gur thapaigh coirpigh deiseanna chun úsáid a bhaint as an ngéarchéim trí mhodhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí nua coiriúla a fhorbairt. Tá an sceimhlitheoireacht fós ina bagairt shuntasach ar shaoirse agus ar shlí mhaireachtála an Aontais agus na saoránach. |
(2) An tírdhreach slándála atá os comhair na hEorpa amach, is tírdhreach í a bhíonn ag síorathrú, tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh agus sceimhlitheoirí leas as cumais a bhaineann leis an gclaochlú digiteach agus le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach, agus as an bhféidearthacht a gcoireanna agus a gcéannachtaí a cheilt trí theicnící níos sofaisticiúla a úsáid. Tá sé cruthaithe ag coirpigh go bhfuil siad in ann a modhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí coiriúla nua a fhorbairt le linn géarchéime, lena n-áirítear trí ghiaráil a dhéanamh ar uirlisí arna gcumasú ag an teicneolaíocht chun raon agus scála na ngníomhaíochtaí coiriúla a dhéanann siad a iolrú agus a mhéadú. Tá an sceimhlitheoireacht fós ina bagairt shuntasach ar shaoirse agus ar shlí mhaireachtála an Aontais agus na saoránach. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Scaipeann na bagairtí sin thar theorainneacha, baineann siad le héagsúlacht coireanna a éascaíonn siad, agus tagann siad chun cinn i ngrúpaí coireachta eagraithe ilchoireachta a théann i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí coiriúla. Toisc nach leor gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta amháin chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasnáisiúnta slándála sin, tá údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát tar éis úsáid níos mó a bhaint as an tacaíocht agus as an saineolas a thairgeann Europol, chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Ó tháinig Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm, tá athrú substaintiúil tar éis teacht ar thábhacht oibríochtúil chúraimí Europol. Athraítear leis an timpeallacht bagartha nuaí an tacaíocht ó Europol a theastaíonn ó na Ballstáit agus a bhfuil súil acu léi chun saoránaigh a choimeád slán. |
(3) Scaipeann na bagairtí sin thar theorainneacha, baineann siad le héagsúlacht coireanna a éascaíonn siad, agus tagann siad chun cinn i ngrúpaí coireachta eagraithe ilchoireachta a théann i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí coiriúla. Toisc nach leor gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus comhar trasteorann chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thrasnáisiúnta slándála sin, tá údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát tar éis úsáid níos mó a bhaint as an tacaíocht agus as an saineolas a thairgeann Europol, chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Ó tháinig Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm, tá méadú substaintiúil tar éis teacht ar thábhacht oibríochtúil chúraimí Europol. Athraítear leis an timpeallacht bagartha nua raon feidhme agus cineál na tacaíochta ó Europol a theastaíonn ó na Ballstáit agus a bhfuil súil acu léi chun saoránaigh a choimeád slán. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) Ba cheart do na cúraimí breise a thugtar do Europol leis an Rialachán seo a chur ar chumas Europol tacaíocht níos fearr a thabhairt d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí agus freagrachtaí na mBallstát i réimse na slándála náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 4(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach á gcaomhnú go hiomlán ag an am céanna. Ba cheart sainordú treisithe Europol a chothromú le coimircí neartaithe maidir le cearta bunúsacha agus le cuntasacht, dliteanas agus maoirseacht mhéadaithe, lena n-áirítear formhaoirseacht pharlaiminteach. Ionas go mbeidh Europol in ann a shainordú a chomhlíonadh, ba cheart acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a bheith ag teacht lena inniúlachtaí agus lena chúraimí breise. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) De réir mar a thugann an Eoraip aghaidh ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghrúpaí coireachta eagraithe agus ó ionsaithe sceimhlitheoireachta, ní mór don fhreagairt éifeachtach forfheidhmithe dlí a áireamh go mbeidh fáil ar aonaid idirghabhála speisialta dea-oilte idir-inoibritheacha atá speisialaithe i gcásanna géarchéime a rialú. San Aontas, téann na haonaid forfheidhmithe dlí i gcomhar ar bhonn Chinneadh 2008/617 ón gComhairle.53 Ba cheart do Europol a bheith in ann tacaíocht a sholáthar do na haonaid speisialta idirghabhála sin, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar. |
(4) De réir mar a thugann an Eoraip aghaidh ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghrúpaí coireachta eagraithe agus ó ionsaithe sceimhlitheoireachta, ní mór don fhreagairt éifeachtach forfheidhmithe dlí a áireamh go mbeidh fáil ar aonaid idirghabhála speisialta dea-oilte idir-inoibritheacha atá speisialaithe i rialú géarchéimeanna de dhéantús an duine ina bhfuil bagairt thromchúiseach fhisiciúil dhíreach ar dhaoine, ar mhaoin, ar bhonneagar nó ar institiúidí, go háirithe gabháil giall, fuadach agus gníomhaíochtaí comhchosúla. San Aontas, téann na haonaid forfheidhmithe dlí sin i gcomhar ar bhonn Chinneadh 2008/617 ón gComhairle53. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacaíocht a sholáthar do na haonaid speisialta idirghabhála sin, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar. Beidh an tacaíocht sin comhlántach i gcónaí le hiarrachtaí na mBallstát chun slándáil a saoránach a áirithiú. |
__________________ |
__________________ |
53 Cinneadh 2008/617/JHA ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir aonaid idirghabhála speisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcásanna géarchéime (IO L 210, 6.8.2008). |
53 Cinneadh 2008/617/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir aonaid idirghabhála speisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcásanna géarchéime (IO L 210, 6.8.2008, lch. 73). |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Le blianta beaga anuas, dhírigh cibirionsaithe ar mhórscála ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon thar go leor dlínsí san Aontas agus níos faide i gcéin, agus rinneadh difear d’earnálacha éagsúla lena n-áirítear seirbhísí iompair, sláinte agus airgeadais. Ní féidir an chibearchoireacht agus an chibearshlándáil a dheighilt óna chéile i dtimpeallacht idirnasctha. Tacaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí chomhordú agus comhoibriú idir gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’), údaráis inniúla maidir le slándáil na líonra agus córas faisnéise (‘údaráis NIS’) mar a shainítear le Treoir (AE) 2016/1148, údaráis forfheidhmithe dlí agus páirtithe príobháideacha. D’fhonn an comhar éifeachtach idir na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar chibirionsaithe agus bagairtí slándála a áirithiú, ba cheart do Europol dul i gcomhar le ENISA ach faisnéis a mhalartú agus tacaíocht anailíseach a sholáthar. |
(5) Le blianta beaga anuas, dhírigh cibirionsaithe ar mhórscála, lena n-áirítear ionsaithe de thionscnamh tríú tíortha, ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon thar go leor dlínsí san Aontas agus níos faide i gcéin, agus rinneadh difear d’earnálacha éagsúla lena n-áirítear seirbhísí iompair, sláinte agus airgeadais. Tacaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí chomhordú agus comhoibriú idir gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), údaráis inniúla maidir le slándáil na líonra agus córas faisnéise (údaráis NIS) mar a shainítear le Treoir (AE) 2016/114854, údaráis forfheidhmithe dlí agus páirtithe príobháideacha. Chun an comhar éifeachtach a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta maidir le cibirionsaithe agus bagairtí cibearshlándála, ba cheart do Europol dul i gcomhar le ENISA laistigh dá sainorduithe faoi seach ach faisnéis a mhalartú agus tacaíocht anailíseach a sholáthar. |
__________________ |
__________________ |
54 Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard coiteann slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1-30). |
54 Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard coiteann slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1). |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Tá ról ceannasach ag coirpigh ardriosca i líonraí coiriúla agus tá ardriosca coireachta tromchúisí do shlándáil inmheánach an Aontais ag baint leo. Chun grúpaí coireachta eagraithe ardriosca agus a bpríomhbhaill a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit chun a bhfreagairt imscrúdaithe a dhíriú ar na daoine sin, a ngníomhaíochtaí coiriúla agus baill na líonraí coiriúla a shainaithint. |
(6) Tá ról ceannasach ag coirpigh ardriosca i líonraí coiriúla agus tá ardriosca coireachta tromchúisí do shlándáil inmheánach an Aontais ag baint leo. Chun grúpaí coireachta eagraithe ardriosca agus a bpríomhbhaill a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit chun a bhfreagairt imscrúdaithe a dhíriú ar na daoine sin, a ngníomhaíochtaí coiriúla agus sócmhainní airgeadais, agus baill na líonraí coiriúla a shainaithint, chomh maith le daoine a bhaineann leis na hinstitiúidí polaitiúla agus airgeadais náisiúnta atá rannpháirteach i gcoireanna trí scéimeanna éillithe. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, is bagairtí iad a éilíonn freagairt chomhordaithe, chomhleanúnach, ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta. Ba cheart do Europol a bheith in ann a leithéid de thionscnaimh slándála faoi stiúir faisnéise a bhfuil na Ballstáit i gceannas orthu a éascú agus tacú leo chun bagairtí tromchúiseacha coireachta a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus aghaidh a thabhairt orthu, mar shampla, an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacaíocht riaracháin, lóistíochta, airgeadais agus oibríochta a sholáthar do ghníomhaíochtaí den sórt sin, agus tacaíocht a thabhairt do thosaíochtaí leathana a shainaithint agus spriocanna straitéiseacha cothrománacha a chur chun feidhme chun an choireacht thromchúiseach a chomhrac. |
(7) Na bagairtí a bhaineann leis an gcoireacht thromchúiseach, is bagairtí iad a éilíonn freagairt chomhordaithe, chomhleanúnach, ildisciplíneach agus ilghníomhaireachta. Ba cheart do Europol a bheith in ann a leithéid de ghníomhaíochtaí oibríochtúla agus straitéiseacha a bhfuil na Ballstáit i gceannas orthu a éascú agus tacú leo chun bagairtí tromchúiseacha coireachta a shainaithint, a chur in ord tosaíochta agus aghaidh a thabhairt orthu, mar shampla, an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacaíocht riaracháin, lóistíochta, airgeadais agus oibríochta a sholáthar do ghníomhaíochtaí den sórt sin, agus tacaíocht a thabhairt do thosaíochtaí leathana a shainaithint agus spriocanna straitéiseacha cothrománacha a chur chun feidhme chun an choireacht thromchúiseach a chomhrac. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Is uirlis riachtanach é Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55 56 i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla chun leibhéal ard slándála a choinneáil ar bun laistigh de réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Is mol é Europol le haghaidh malartú faisnéise, mol a fhaigheann faisnéis luachmhar agus a choinníonn ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta í faoi dhaoine a bhfuil amhras ann ina leith go bhfuil siad ag gabháil do choireanna a thagann faoi raon feidhme shainordú Europol. Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí faoi na daoine sin a iontráil in CFS chun iad a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’úsáideoirí deiridh CFS. |
(8) Is uirlis riachtanach é Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle55 i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla chun leibhéal ard slándála a choinneáil ar bun laistigh de réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Is mol é Europol le haghaidh malartú faisnéise, mol a fhaigheann faisnéis luachmhar agus a choinníonn ó thríú tíortha agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta í faoi dhaoine a bhfuil amhras ann ina leith go bhfuil siad ag gabháil do choireanna nó gur ciontaíodh iad i gcion coiriúil a bhfuil Europol inniúil ina leith. Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, ba cheart do Europol a bheith in ann foláirimh maidir leis na daoine sin a iontráil in CFS de bhun Rialachán (AE) 2018/1862, ar choinníoll gur náisiúnaigh tríú tír iad agus go bhfaightear an fhaisnéis ó thríú tír atá faoi réir cinneadh ón gCoimisiún lena suitear go n-áirithíonn sí leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí (‘cinneadh leordhóthanachta’), ó thríú tír lena bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích ag an Aontas de bhun Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena n-áirítear sonraí pearsanta a mhalartú chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, nó ó thríú tír a bhfuil comhaontú comhair tugtha i gcrích ag Europol léi lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/794. I gcás ina bhfaightear faisnéis ó thríú tír eile, ba cheart cead a thabhairt do Europol foláirimh a iontráil in CFS i gcás inar dheimhnigh tríú tír den sórt sin an fhaisnéis nó i gcás ina mbaineann an fhaisnéis arna soláthar le cion sceimhlitheoireachta nó le coireacht eagraithe. Ba cheart do Europol a bheith in ann foláirimh a iontráil in CFS chun iad a chur ar fáil go díreach agus i bhfíor-am d’úsáideoirí deiridh CFS ag an túslíne, amhail gardaí teorann nó póilíní, nach bhfuil rochtain acu ar chóras faisnéise Europol agus ar liosta faire ETIAS, trína roinntear faisnéis den sórt sin freisin. Ba cheart do Europol foláirimh a iontráil in CFS agus cearta bunúsacha agus rialacha maidir le cosaint sonraí á n-urramú ina n-iomláine. |
__________________ |
__________________ |
55 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56-106). |
55 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (CFS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56). |
56 Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lgh. 56-106). |
|
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(8a) Tá ról tábhachtach ag Europol maidir le tacú leis na Ballstáit coireacht agus sceimhlitheoireacht thromchúiseach a chomhrac trína chuid saineolais agus trína chumas anailíse. Chun comhar níos fearr a áirithiú idir na Ballstáit agus Interpol i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, ba cheart do Europol faireachán gníomhach a dhéanamh, anailís a dhéanamh agus breithmheas a thabhairt ar fholáirimh dhearga arna bhfoilsiú ag Interpol arna iarraidh sin ag tríú tíortha agus fógra a thabhairt do na Ballstáit, don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur eisíodh foláireamh de shárú ar Airteagal 3 de bhunreacht Interpol. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Tá ról tábhachtach ag EUROPOL maidir le tacaíocht a thabhairt don sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle a fhíorú. I bhfianaise an ghá atá le slándáil inmheánach an Aontais a threisiú, ba cheart do Europol saineolas, anailís, tuarascálacha agus faisnéis ábhartha eile atá aige a úsáid chun cuidiú leis an bpróiseas measúnaithe agus faireachán ar fad, idir an ríomhchlárú, cuairteanna ar an láthair agus bearta leantacha. Ba cheart do Europol cabhrú freisin leis na huirlisí meastóireachta agus faireacháin a fhorbairt agus a nuashonrú. |
(9) Tá ról tábhachtach ag EUROPOL maidir le tacaíocht a thabhairt don sásra meastóireachta agus faireacháin chun cur i bhfeidhm acquis Schengen mar a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1053/2013 ón gComhairle a fhíorú. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol, arna iarraidh sin dó, saineolas, anailísí, tuarascálacha agus faisnéis ábhartha eile atá aige a úsáid chun cuidiú le sásra meastóireachta Schengen ar fad, idir an ríomhchlárú, cuairteanna ar an láthair agus bearta leantacha. Ba cheart do Europol cabhrú freisin leis na huirlisí meastóireachta agus faireacháin a fhorbairt agus a nuashonrú. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) Is gné riachtanach den fhadbhreathnaitheacht iad measúnuithe riosca chun treochtaí nua a réamh-mheas agus chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí nua maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe éifeachtacha riosca a dhéanamh, ba cheart do Europol measúnuithe anailíse bagairtí a sholáthar a bhunaítear ar an bhfaisnéis atá aige maidir le feiniméin agus treochtaí coireachta, gan dochar d’fhorálacha dlí an Aontais maidir le bainistíocht riosca custaim. |
(10) Is rannchuidiú na measúnuithe riosca chun treochtaí nua agus bagairtí nua a réamh-mheas maidir leis an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Ba cheart do Europol anailísí ar mheasúnú bagairtí a sholáthar do na Ballstáit a bhunaítear ar an bhfaisnéis atá aige maidir le feiniméin agus treochtaí coireachta, gan dochar d’fhorálacha dhlí an Aontais maidir le bainistíocht riosca custaim. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun cuidiú le cistiú an Aontais le haghaidh taighde faoin tslándáil a acmhainneacht ar fad a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais an fhorfheidhmithe dlí, ba cheart do Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht atá ábhartha do chuspóirí Europol a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Nuair a thugann Europol cúnamh don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus clár réime de chuid an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, níor cheart dó cistiú a fháil ón gclár sin i gcomhréir leis an bprionsabal coinbhleachta leasa. |
(11) Chun cuidiú le cistiú an Aontais le haghaidh taighde faoin tslándáil a acmhainneacht ar fad a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais an fhorfheidhmithe dlí, ba cheart do Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht atá ábhartha do chuspóirí Europol a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Chun aon choinbhleachtaí leasa a sheachaint, níor cheart do Europol cistiú a fháil ó chláir réime de chuid an Aontais a bhfuil ról aige ina ndearadh nó ina gcur chun feidhme. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(12) Is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit bearta sriantacha a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach coigríche a ghlacadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí. Chuige sin, cuirtear creat ar bun le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 an 19 Márta 2019 maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh lena gcuirtear modh ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí. Mar chuid den mheasúnú ar na himpleachtaí a mbeifear ag súil leo don tslándáil nó don ord poiblí, ba cheart do Europol tacú le scagadh ar chásanna sonracha d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí atá in úsáid nó atá á bhforbairt ag Europol nó ag na Ballstáit chun coireanna a chosc agus a imscrúdú. |
(12) Is féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit bearta sriantacha a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach coigríche a ghlacadh ar fhorais na slándála nó an oird phoiblí. Chuige sin, cuirtear creat ar bun le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle57 maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh lena gcuirtear modh ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún chun aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar rioscaí don tslándáil agus don ord poiblí. Ní mór aird ar leith a thabhairt ar infheistíochtaí díreacha coigríche i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn toisc go bhféadfadh impleachtaí forleathana a bheith acu don tslándáil agus don ord poiblí, go háirithe nuair a bhíonn teicneolaíochtaí den sórt sin á gcur in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí. I bhfianaise an róil atá aige maidir le faireachán a dhéanamh ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus i bhfianaise a rannpháirtíochta gníomhaí maidir le bealaí nua a fhorbairt chun na teicneolaíochtaí sin a úsáid chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe trína Mhol Nuálaíochta agus trína Saotharlann Nuálaíochta, tá eolas forleathan ag Europol faoi na deiseanna a bhaineann leis na teicneolaíochtaí sin agus faoi na rioscaí a ghabhann lena n-úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol tacú leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún chun scagadh a dhéanamh ar infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí, lena n-áirítear bogearraí atá in úsáid ag Europol nó ag Ballstáit chun coireanna a chosc agus a imscrúdú a chumhdaítear le cuspóirí Europol nó le teicneolaíochtaí criticiúla a d’fhéadfaí a úsáid chun sceimhlitheoireacht a éascú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do shaineolas Europol tacú leis an scagadh ar na hinfheistíochtaí díreacha coigríche agus ar na rioscaí gaolmhara don tslándáil. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar cé acu a bhí nó nach raibh an t-infheisteoir coigríche rannpháirteach cheana féin i ngníomhaíochtaí lena ndéantar difear do shlándáil i mBallstát, an bhfuil riosca tromchúiseach ann go nglacfaidh an t-infheisteoir coigríche páirt i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha nó coiriúla, nó an bhfuil an t-infheisteoir coigríche faoi rialú díreach nó indíreach ag rialtas tríú tír, lena n-áirítear trí fhóirdheontais. |
__________________ |
__________________ |
57 Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I, 21.3.2019, lgh. 1-14). |
57 Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1). |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Ar cheann de chuspóirí Europol tá tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d’fhonn saghsanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Chun an tacaíocht sin a neartú, ba cheart do Europol a bheith in ann a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, fiú nuair nach de chineál trasteorann an choir lena mbaineann. Ba cheart do Europol Eurojust a chur ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin. |
(14) Ar cheann de chuspóirí Europol tá tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d’fhonn saghsanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Chun an tacaíocht sin a neartú, ba cheart do Europol a bheith in ann a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, fiú nuair nach de chineál trasteorann an choir lena mbaineann. Ba cheart do Europol Eurojust a chur ar an eolas agus, i gcás inarb ábhartha, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) faoi na hiarratais sin. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(15) Ach céannacht agus sonraí pearsanta áirithe daoine atá faoi drochamhras nó daoine ciontaithe, a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach Ballstáit, a fhoilsiú, méadaítear an seans go ndéanfar daoine aonair den sórt sin a aimsiú agus a ghabháil. Chun tacú leis na Ballstáit leis an gcúram sin, ba cheart do Europol a bheith in ann faisnéis a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin maidir leis na héalaithigh is mó a bhfuil tóir orthu san Eoraip mar gheall ar chionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith, agus soláthar faisnéise ón bpobal i dtaca leis na daoine sin a éascú. |
(15) Ach céannacht agus sonraí pearsanta áirithe daoine atá faoi drochamhras nó daoine ciontaithe, a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach Ballstáit, a fhoilsiú, méadaítear an seans go ndéanfar daoine aonair den sórt sin a aimsiú agus a ghabháil. Chun tacú leis na Ballstáit leis an gcúram sin, ba cheart do Europol a bheith in ann faisnéis a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin maidir leis na héalaithigh is mó a bhfuil tóir orthu san Eoraip mar gheall ar chionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina leith, agus soláthar faisnéise ón bpobal i dtaca leis na daoine sin do Europol nó do na húdaráis náisiúnta inniúla a éascú. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(16) Chun a áirithiú go dteorannaítear an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta do na catagóirí ábhar sonraí is féidir a phróiseáil faoin Rialachán seo, ba cheart do Europol a bheith in ann a fhíorú go gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta a fhaightear i gcomhthéacs coireanna a chosc agus a chomhrac a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol do cheann de na catagóirí ábhar sonraí sin. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann réamh-anailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear chun a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann na sonraí sin faoi na catagóirí ábhar sonraí sin agus chun na críche sin amháin. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí a scagadh ach iad a sheiceáil in aghaidh sonraí atá i seilbh Europol cheana féin. Ba cheart réamh-anailís den sórt sin a dhéanamh sula ndéanann Europol sonraí a phróiseáil le haghaidh cros-seiceála, anailís straitéiseach, anailís oibríochtúil nó malartú faisnéise. Má léirítear leis an réamh-anailís nach dtagann sonraí pearsanta faoi na catagóirí ábhar sonraí a bhféadfar a sonraí a phróiseáil faoin Rialachán seo, ba cheart do Europol na sonraí sin a scriosadh. |
(16) Chun a áirithiú go dteorannaítear an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta do na catagóirí ábhar sonraí is féidir a phróiseáil faoin Rialachán seo, ba cheart do Europol a bheith in ann a fhíorú go gcomhfhreagraíonn sonraí pearsanta a fhaightear i gcomhthéacs coireanna a chosc agus a chomhrac a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol do cheann de na catagóirí ábhar sonraí sin. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann réamh-anailís a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fhaightear chun a chinneadh cibé acu a thagann nó nach dtagann na sonraí sin faoi na catagóirí ábhar sonraí sin agus chun na críche sin amháin trí na sonraí atá ina sheilbh aige cheana a sheiceáil, gan tuilleadh anailíse a dhéanamh ar na sonraí le haghaidh torthaí breise ag an gcéim sin. Ba cheart réamh-anailís den sórt sin a dhéanamh sula ndéanann Europol sonraí a phróiseáil le haghaidh cros-seiceála, anailís straitéiseach, anailís oibríochtúil nó malartú faisnéise, agus ar leithligh ón bpróiseáil sin, agus tar éis do Europol a shuíomh go bhfuil na sonraí ábhartha agus riachtanach chun a chúraimí a chur i gcrích. |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(16a) Mar thoradh ar fhaisnéis nua atá ar fáil i gcomhthéacs imscrúduithe, mar shampla faisnéis a bhaineann le níos mó daoine faoi dhrochamhras, d’fhéadfadh sé go n-athródh catagóiriú sonraí pearsanta i dtacar sonraí ar leith le himeacht ama. Ar an gcúis sin, ba cheart cead a bheith ag Europol go heisceachtúil sonraí pearsanta a phróiseáil chun na catagóirí d’ábhair sonraí a chinneadh ar feadh uastréimhse bliana. Ba cheart do Europol a bheith in ann síneadh a chur leis an uastréimhse próiseála suas le 6 mhí i gcásanna cuí-réasúnaithe agus ar choinníoll go bhfuil síneadh den sórt sin riachtanach agus comhréireach. Ba cheart an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a chur ar an eolas faoin síneadh. I gcás nach bhfuil gá a thuilleadh le sonraí pearsanta a phróiseáil chun catagóirí d’ábhair sonraí a chinneadh agus nach bhfuil údar léi a thuilleadh, agus in aon chás tar éis dheireadh na huastréimhse próiseála, ba cheart do Europol na sonraí ábhartha a scriosadh. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(17) Tá na sonraí a bhailítear in imscrúduithe coiriúla ag dul i méid agus tá siad níos casta anois. Cuireann na Ballstáit tacair mhóra chasta sonraí faoi bhráid Europol, agus iarrtar anailís oibríochtúil Europol chun naisc le coireanna agus coirpigh eile i mBallstáit eile agus lasmuigh den Aontas a bhrath. Ní féidir leis na Ballstáit naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath trí anailís a dhéanamh astu féin ar na sonraí. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le himscrúduithe coiriúla na mBallstát ach tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil chun naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath i gcás ina gcomhlíontar na diancheanglais a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás inar gá chun tacú go héifeachtach le himscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát, ba cheart do Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar na tacair sonraí sin a fuair údaráis náisiúnta i gcomhthéacs an imscrúdaithe choiriúil sin i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil agus a chuirtear faoi bhráid Europol ina dhiaidh sin. I gcás ina soláthraíonn Ballstát cáschomhad imscrúdaithe do Europol agus mar a n-iarrtar tacaíocht ar Europol i dtaobh imscrúdú coiriúil ar leith, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí ar fad sa chomhad sin a phróiseáil chomh fada agus a thacaíonn sé leis an imscrúdú coiriúil ar leith sin. Ba cheart do Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta is gá don tacaíocht a thugann sé d’imscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát má thagann na sonraí sin ó thríú tír, ar choinníoll go bhfuil an tríú tír faoi réir cinneadh ón gCoimisiún lena gcinntear go n-áirithíonn an tír leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí (‘cinneadh leordhóthanachta’), nó, in éagmais cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta a thugann an tAontas chun críche de bhun Airteagal 218 CFAE, nó comhaontú comhair, lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta a thugtar chun críche idir Europol agus an tríú tír sin roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/794, agus ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil. |
(17) Tá na sonraí a bhailítear in imscrúduithe coiriúla ag dul i méid agus tá siad níos casta anois. Cuireann na Ballstáit tacair mhóra chasta sonraí faoi bhráid Europol, agus iarrtar anailís oibríochtúil Europol chun naisc le coireanna agus coirpigh eile i mBallstáit eile agus lasmuigh den Aontas a bhrath. Féadfaidh na Ballstáit naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath, ar bhealach nach bhfuil chomh héifeachtach céanna trí anailís a dhéanamh astu féin ar na sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le himscrúduithe coiriúla na mBallstát ach tacair mhóra chasta sonraí a phróiseáil chun naisc thrasteorann den sórt sin a bhrath i gcás ina gcomhlíontar na diancheanglais agus na coimircí a leagtar amach sa Rialachán seo. I gcás inar gá chun tacú go héifeachtach le himscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát nó i gcás ina n-iarrann Ballstát nó comhlacht de chuid an Aontais anailís straitéiseach laistigh de shainordú Europol, ba cheart do Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar na tacair sonraí sin a fuair údaráis náisiúnta i gcomhthéacs an imscrúdaithe choiriúil sin i gcomhréir le ceanglais nós imeachta agus coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil agus a chuirtear faoi bhráid Europol ina dhiaidh sin. I gcás ina soláthraíonn Ballstát, OIPE nó Eurojust cáschomhad imscrúdaithe do Europol agus mar a n-iarrtar ar Europol tacú le himscrúdú coiriúil ar leith laistigh de shainordú Europol trí anailís oibríochtúil a sholáthar, ba cheart do Europol a bheith in ann na sonraí ar fad sa chomhad sin a phróiseáil chomh fada agus a thacaíonn sé leis an imscrúdú coiriúil ar leith sin. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(18) Chun a áirithiú go bhfuil aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí riachtanach agus comhréireach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais nuair a chuireann siad cáschomhad imscrúdaithe faoi bhráid Europol. Ba cheart do Europol a fhíorú, chun tacú le himscrúdú coiriúil ar leith, cibé acu is gá agus is comhréireach nó nach gá agus nach comhréireach sonraí pearsanta a phróiseáil a d’fhéadfadh sé nach dtiocfaidís faoi na catagóirí ábhar sonraí a bhféadtar a sonraí a phróiseáil go ginearálta faoi Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/794. Ba cheart do Europol an measúnú sin a dhoiciméadú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a stóráil deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus níor cheart iad a phróiseáil ach i gcás inar gá don tacaíocht d’imscrúdú coiriúil ar leith, mar shampla i gcás leide nua. |
(18) Chun a áirithiú go bhfuil aon phróiseáil ar shonraí pearsanta atá le déanamh ag Europol riachtanach agus comhréireach, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíontar an dlí náisiúnta agus dlí an Aontais nuair a chuireann siad cáschomhad imscrúdaithe ina bhfuil sonraí pearsanta faoi bhráid Europol, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, údarú breithiúnach roimh ré. Agus é á chur san áireamh go measann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Chúirt Bhreithiúnais’) go ndéanann rochtain ar shonraí pearsanta d’fhonn iad a choinneáil nó a úsáid difear don cheart bunúsach go n-urramófar an saol príobháideach a ráthaítear le hAirteagal 7 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ba cheart do Europol a fhíorú, chun tacú le himscrúdú coiriúil ar leith, cibé acu is gá agus is comhréireach nó nach gá agus nach comhréireach sonraí pearsanta a phróiseáil a d’fhéadfadh sé nach dtiocfaidís faoi na catagóirí ábhar sonraí a bhféadtar a sonraí a phróiseáil faoi Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/794. Ba cheart do Europol an measúnú sin a dhoiciméadú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a stóráil deighilte go feidhmiúil ó shonraí eile agus níor cheart iad a phróiseáil ach i gcás inar gá don tacaíocht d’imscrúdú coiriúil ar leith, mar shampla i gcás leide nua. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(18a) Ba cheart do Europol a bheith in ann próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta is gá don tacaíocht a thugann sé d’imscrúdú coiriúil ar leith i mBallstát amháin nó níos mó má thagann na sonraí sin ó thríú tír, ar choinníoll go bhfuil an tríú tír faoi réir cinneadh leordhóthanachta, comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag an Aontas de bhun Airteagal 218 CFAE ina n-áirítear aistriú sonraí pearsanta chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, nó comhaontú comhair lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta arna thabhairt i gcrích idir Europol agus an tríú tír roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/794, agus ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus na coimircí is infheidhme faoin dlí náisiúnta coiriúil. I gcás ina soláthraíonn triú tír cáschomhad imscrúdaithe do Europol, ba cheart do Europol a dheimhniú nach bhfuil méid na sonraí pearsanta díréireach maidir leis an imscrúdú sainiúil i mBallstát lena dtacaíonn Europol, agus nach bhfuil gnéithe oibiachtúla ar bith ann lena dtugtar le fios go bhfuair an tríú tír an cáschomhad agus cearta bunúsacha á sárú go soiléir aige. I gcás ina gcinneann Europol nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, níor cheart dó na sonraí a phróiseáil. Ba cheart MECS a chur ar an eolas faoin bpróiseáil agus ba cheart an cáschomhad imscrúdaithe a chur ar fáil dó, chomh maith leis an údar atá leis an ngá atá le próiseáil ag Europol, agus cur síos ginearálta ar na catagóirí sonraí. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(19) Chun a áirithiú gur féidir le Ballstát tuarascálacha Europol a úsáid mar chuid d’imeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil, ba cheart do Europol a bheith in ann an cáschomhad imscrúdaithe lena mbaineann a stóráil arna iarraidh sin ag an mBallstát sin chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a stóráil ar leithligh ach amháin fad is a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát. Is gá rochtain údarás inniúil breithiúnach a áirithiú chomh maith leis na cearta chun cosanta, go háirithe ceart daoine atá faoi drochamhras nó daoine cúisithe nó a ndlíodóirí rochtain a fháil ar ábhair an cháis. |
(19) Chun a áirithiú gur féidir le Ballstát tuarascálacha Europol a úsáid mar chuid d’imeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil, ba cheart do Europol a bheith in ann an cáschomhad imscrúdaithe lena mbaineann a stóráil arna iarraidh sin ag an mBallstát sin, ag OIPE nó ag Eurojust go dtí go dtabharfar an t-imeacht breithiúnach chun críche, chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú. Ba cheart do Europol sonraí den sórt sin a stóráil ar leithligh ach amháin fad is a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát. Is gá rochtain údarás inniúil breithiúnach a áirithiú chomh maith leis na cearta chun cosanta, go háirithe ceart daoine atá faoi drochamhras nó daoine cúisithe nó a ndlíodóirí rochtain a fháil ar ábhair an cháis. Chun na críche sin, ba cheart do Europol taifead a choinneáil ar an bhfianaise ar fad agus ar na modhanna trína ndearna Europol an fhianaise a sholáthar nó a fháil chun go mbeidh an chosaint in ann grinnscrúdú éifeachtach a dhéanamh ar an bhfianaise. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(20) Éilítear dlúthchomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát lena mbaineann i gcásanna trasteorann a bhfuil an choireacht thromchúiseach nó an sceimhlitheoireacht i gceist leo. Soláthraíonn Europol uirlisí chun tacú le comhar den sórt sin in imscrúduithe, go háirithe tríd an malartú faisnéise. Chun an comhar sin a fheabhsú tuilleadh in imscrúduithe ar leith trí anailís oibríochtúil chomhpháirteach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ligean do Bhallstáit eile an fhaisnéis a thug siad do Europol a rochtain go díreach, gan dochar d'aon srianta a chuireann siad ar an rochtain ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart aon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta in anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach sa Rialachán seo. |
(20) Éilítear dlúthchomhar idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát lena mbaineann i gcásanna trasteorann a bhfuil an choireacht thromchúiseach nó an sceimhlitheoireacht i gceist leo. Soláthraíonn Europol uirlisí chun tacú le comhar den sórt sin in imscrúduithe, go háirithe tríd an malartú faisnéise. Chun an comhar sin a fheabhsú tuilleadh in imscrúduithe ar leith trí anailís oibríochtúil chomhpháirteach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ligean do Bhallstáit eile an fhaisnéis a thug siad do Europol a rochtain go díreach, gan dochar d'aon srianta ginearálta nó sonracha a chuireann siad ar an rochtain ar an bhfaisnéis sin. Ba cheart aon phróiseáil a dhéanann na Ballstáit ar shonraí pearsanta in anailís oibríochtúil chomhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le rialacha sonraí pearsanta i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1aagus leis na coimircí a leagtar amach sa Rialachán seo. |
|
___________________ |
|
1a Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89). |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(21) Soláthraíonn Europol tacaíocht oibríochtúil d’imscrúduithe coiriúla údaráis inniúla na mBallstát, go háirithe trí anailís oibríochtúil agus fhóiréinseach a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann torthaí na ngníomhaíochtaí sin a chur ar fáil dá n-údaráis ábhartha eile, lena n-áirítear ionchúisitheoirí agus cúirteanna coiriúla, ar feadh shaolré foriomlán imeachtaí coiriúla]. Chuige sin, ba cheart a chur ar a gcumas d’fhoireann Europol fianaise, a cuireadh in iúl dóibh le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a ngníomhaíochtaí, a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha, gan dochar do na srianta úsáide is infheidhme agus an dlí náisiúnta nós imeachta coiriúil. |
(21) Soláthraíonn Europol tacaíocht oibríochtúil d’imscrúduithe coiriúla údaráis inniúla na mBallstát, lena n-áirítear trí anailís oibríochtúil agus fhóiréinseach a sholáthar. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann torthaí na ngníomhaíochtaí sin a chur ar fáil dá n-údaráis ábhartha eile, lena n-áirítear ionchúisitheoirí agus cúirteanna coiriúla, mar aon le dlíodóirí cosanta, ar feadh shaolré foriomlán imeachtaí coiriúla]. Chuige sin, ba cheart a chur ar a gcumas do bhaill foirne Europol atá údaraithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin fianaise a thabhairt, a cuireadh in iúl dóibh le linn dóibh a bheith ag comhlíonadh a ndualgas nó ag feidhmiú a ngníomhaíochtaí, a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha, gan dochar do na srianta úsáide is infheidhme agus an dlí náisiúnta nós imeachta. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(22) Ba cheart do Europol agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle58, socruithe riachtanacha a chur i bhfeidhm chun a gcomhar oibríochtúil a bharrfheabhsú, agus a gcúraimí agus a gcuid sainorduithe féin á gcur san áireamh. Ba cheart do Europol oibriú i ndlúthchomhar le OIPE agus tacú go gníomhach le himscrúduithe agus le hionchúisimh OIPE arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear trí thacaíocht anailíseach a sholáthar agus faisnéis ábhartha a mhalartú, agus ba cheart do Europol dul i gcomhar leis, ón nóiméad a thuairiscítear cion amhrasta do OIPE go dtí an nóiméad a chinneann sé cibé acu ba cheart an cás a ionchúiseamh nó a dhiúscairt ar bhealach eile. Ba cheart do Europol, gan moill mhíchuí, aon iompar coiriúil a chur in iúl do OIPE a mbeadh OIPE in ann a inniúlacht a fheidhmiú ina leith. Chun comhar oibríochtúil idir Europol agus OIPE a fheabhsú, ba cheart do Europol é a chur ar a chumas do OIPE, ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”, rochtain a fháil ar shonraí atá ag Europol, i gcomhréir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí cosanta dlí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le tarchur chuig comhlachtaí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le comhar Europol le OIPE. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le imscrúduithe coiriúla a dhéanann OIPE ach anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí. |
(22) Ba cheart do Europol agus do OIPE, a cuireadh ar bun le Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, socruithe oibre a thabhairt i gcrích lena leagtar amach an próiseas maidir lena gcomhar agus, a gcúraimí agus a gcuid sainorduithe féin á gcur san áireamh. Ba cheart do Europol oibriú i ndlúthchomhar le OIPE agus tacú go gníomhach le himscrúduithe OIPE arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear trí thacaíocht anailíseach a sholáthar agus faisnéis ábhartha a mhalartú, agus ba cheart do Europol dul i gcomhar leis, ón nóiméad a thuairiscítear cion amhrasta do OIPE go dtí an nóiméad a chinneann sé cibé acu ba cheart an cás a ionchúiseamh nó a dhiúscairt ar bhealach eile. Ba cheart do Europol, gan moill mhíchuí, aon iompar coiriúil a chur in iúl do OIPE a mbeadh OIPE in ann a inniúlacht a fheidhmiú ina leith. Chun comhar oibríochtúil idir Europol agus OIPE a fheabhsú, ba cheart do Europol é a chur ar a chumas do OIPE, ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’, rochtain a fháil ar shonraí arna gcur ar fáil do Europol chun anailís straitéiseach nó oibríochtúil a dhéanamh nó chun cros-seiceáil a dhéanamh, i gcomhréir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí cosanta dlí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha maidir le tarchur chuig comhlachtaí an Aontais a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le comhar Europol le OIPE. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacú le himscrúduithe coiriúla a dhéanann OIPE ach anailís a dhéanamh ar thacair mhóra chasta sonraí i gcomhréir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo. |
__________________ |
__________________ |
58 Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lgh. 1-71). |
58 Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1). |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(24) Is minic go mbíonn naisc thar chríoch an Aontais ag an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Is féidir le Europol sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha ach cosaint príobháideachais agus cearta agus saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí a chosaint. Chun treisiú a dhéanamh ar an gcomhar le tríú tíortha maidir le coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, ba cheart ligean do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol catagóirí aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a údarú i gcásanna ar leith agus ar bhonn cás ar chás, i gcás ina mbeadh gá le grúpa aistrithe den sórt sin a bhaineann le cás sonrach agus ina gcomhlíonann siad ceanglais uile an Rialacháin seo. |
(24) Is minic go mbíonn naisc thar chríoch an Aontais ag an gcoireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht. Is féidir le Europol sonraí pearsanta a mhalartú le tríú tíortha ach cosaint príobháideachais agus cearta agus saoirsí bunúsacha na n-ábhar sonraí a chosaint. I gcásanna ina bhfuil sé fíor-riachtanach chun coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a imscrúdú, ba cheart ligean do Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol catagóir aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a údarú i gcásanna ar leith agus ar bhonn cás ar chás, i gcás inar gá agus inar comhréireach catagóir aistrithe den sórt sin a bhaineann le cás sonrach chun an coir sonrach a imscrúdú agus ina gcomhlíonann sé ceanglais uile an Rialacháin seo. |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Chun tacú leis na Ballstáit dul i gcomhar le páirtithe príobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí trasteorann i gcás ina bhfuil faisnéis atá ábhartha chun an choireacht a chosc agus a chomhrac ag na páirtithe príobháideacha sin, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil, agus in imthosca sonracha, sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha. |
(25) Chun tacú leis na Ballstáit dul i gcomhar le páirtithe príobháideacha i gcás ina bhfuil faisnéis atá ábhartha chun an choireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac ag na páirtithe príobháideacha sin, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil, agus in imthosca eisceachtúla, sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha. |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(26) Baineann coirpigh úsáid níos mó agus níos mó as seirbhísí trasteorann páirtithe príobháideacha chun cumarsáid agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanamh. Baineann ciontóirí gnéis mí-úsáid as leanaí agus roinneann siad pictiúir agus físeáin ar fud an domhain ach ardáin ar líne ar an idirlíon a úsáid. Baineann sceimhlitheoirí mí-úsáid as seirbhísí trasteorann a thairgeann soláthraithe seirbhíse ar líne chun saorálaithe a earcú, ionsaithe a phleanáil agus a chomhordú, agus bolscaireacht a scaipeadh. Déanann cibearchoirpigh brabús as digitiú na sochaithe ach úsáid a bhaint as an bhfioscaireacht agus as an innealtóireacht shóisialta chun cineálacha eile cibearchoireachta a dhéanamh, mar shampla camscéimeanna ar líne, ionsaithe bogearraí éirice nó calaois íocaíochta. Mar thoradh ar an úsáid mhéadaithe a bhaineann coirpigh as seirbhísí ar líne, tá líon na sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha a d’fhéadfadh a bheith ábhartha d’imscrúduithe coiriúla ag dul i méid. |
(26) Baineann coirpigh úsáid níos mó agus níos mó as na seirbhísí a thairgeann páirtithe príobháideacha chun cumarsáid agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a dhéanamh. Déanann ciontóirí gnéis dúshaothrú ar leanaí agus roinneann siad pictiúir agus físeáin ar ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí iad ar fud an domhain ar ardáin ar líne nó le piaraí trí sheirbhísí cumarsáide idirphearsanta atá neamhspleách ar uimhir. Baineann sceimhlitheoirí úsáid as na seirbhísí a thairgeann soláthraithe seirbhíse ar líne chun saorálaithe a earcú, ionsaithe a phleanáil agus a chomhordú, agus bolscaireacht a scaipeadh. Déanann cibearchoirpigh brabús as digitiú na sochaithe agus as easpa litearthacht dhigiteach agus scileanna an phobail i gcoitinne ach úsáid a bhaint as an bhfioscaireacht agus as an innealtóireacht shóisialta chun cineálacha eile cibearchoireachta a dhéanamh, mar shampla camscéimeanna ar líne, ionsaithe bogearraí éirice nó calaois íocaíochta. Mar thoradh ar an úsáid mhéadaithe a bhaineann coirpigh as seirbhísí ar líne, tá líon na sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha, lena n-áirítear sonraí síntiúsóirí, sonraí tráchta agus sonraí ábhair, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha d’imscrúduithe coiriúla ag dul i méid. |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(27) I bhfianaise go bhfeidhmíonn an t-idirlíon beag beann ar theorainneacha, is minic is féidir na seirbhísí sin a sholáthar ó áit ar bith ar domhan. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh íospartaigh, déantóirí coire, agus an bonneagar digiteach ina stóráiltear na sonraí pearsanta agus an soláthraí seirbhíse a sholáthraíonn an tseirbhís go léir a bheith faoi réir dlínsí náisiúnta éagsúla, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacair sonraí ag páirtithe príobháideacha atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí agus ina bhfuil sonraí pearsanta a bhfuil naisc acu le roinnt dlínsí chomh maith le sonraí pearsanta nach féidir a chur i leith aon dlínse ar leith go héasca. Bíonn sé deacair ar údaráis náisiúnta anailís éifeachtach a dhéanamh ar thacair ildlínse nó neamh-inchurtha sonraí den sórt sin trí réitigh náisiúnta. Nuair a chinneann páirtithe príobháideacha na sonraí a roinnt go dleathach agus go deonach le húdaráis forfheidhmithe dlí, níl aon phointe teagmhála amháin acu faoi láthair lenar féidir leo tacair sonraí den sórt sin a roinnt ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, bíonn deacrachtaí ag páirtithe príobháideacha nuair a fhaigheann siad iarrataí iolracha ó údaráis forfheidhmithe dlí i dtíortha éagsúla. |
(27) I bhfianaise go bhfeidhmíonn an t-idirlíon gan beann ar theorainneacha, d’fhéadfadh íospartaigh, déantóirí coire, an soláthraí seirbhíse ar líne agus an bonneagar digiteach ina stóráiltear na sonraí pearsanta go léir a bheith faoi réir dlínsí náisiúnta éagsúla, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacair sonraí ag páirtithe príobháideacha atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí agus ina bhfuil sonraí pearsanta a bhfuil naisc acu le roinnt dlínsí chomh maith le sonraí pearsanta nach féidir a chur i leith aon dlínse ar leith go héasca. Bíonn sé deacair ar údaráis náisiúnta anailís éifeachtach a dhéanamh ar thacair ildlínse nó neamh-inchurtha sonraí den sórt sin trí réitigh náisiúnta. Ba cheart bearta a bheith i bhfeidhm ag Europol chun comhar le páirtithe príobháideacha a éascú, lena n-áirítear maidir le comhroinnt faisnéise. Nuair a chinneann páirtithe príobháideacha na sonraí a roinnt go dleathach agus go deonach le húdaráis forfheidhmithe dlí, níl aon phointe teagmhála amháin acu faoi láthair lenar féidir leo tacair sonraí den sórt sin a roinnt ar leibhéal an Aontais. |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(28) Chun a áirithiú go bhfuil pointe teagmhála ag páirtithe príobháideacha ar leibhéal an Aontais chun tacair sonraí ildlínse nó tacair sonraí nach bhféadfaí a chur go héasca i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha a roinnt go dleathach, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil go díreach ó phríobháideach páirtithe. |
(28) Chun a áirithiú go bhfuil pointe teagmhála ag páirtithe príobháideacha ar leibhéal an Aontais chun tacair sonraí nó tacair sonraí ildhlínsiúla a sholáthar go dleathach agus go deonach, ar tacair sonraí nó tacair sonraí ildhlínsiúla iad nach bhféadfaí a chur go héasca i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha a roinnt go dleathach, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha chun dlínse a bhunú, agus chun na críche sin amháin, i gcomhréir leis na coimircí agus na ráthaíochtaí cosanta sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear tuarascálacha a bhaineann le hábhar a ndéantar modhnú air, ar féidir glacadh leis go réasúnach go bhfuil baint aige le gníomhaíochtaí coiriúla laistigh de shainchúram Europol. |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(29) Chun a áirithiú go bhfaigheann na Ballstáit an fhaisnéis ábhartha is gá go tapa chun imscrúduithe a thionscnamh lena ndéantar an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacair sonraí den sórt sin a phróiseáil agus a anailísiú chun na Ballstáit ábhartha a shainaithint agus an fhaisnéis agus an anailís is gá chun na coireanna sin a imscrúdú faoina ndlínsí féin a chur ar aghaidh chuig na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí lena mbaineann. |
(29) Chun a áirithiú go bhfaigheann na Ballstáit an fhaisnéis is gá gan moill mhíchuí chun imscrúduithe a thionscnamh lena ndéantar an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacair sonraí den sórt sin a phróiseáil agus a anailísiú chun aonaid náisiúnta ábhartha de chuid na mBallstát lena mbaineann a shainaithint agus na sonraí pearsanta agus aon torthaí ábhartha a bhaineann le dlínse a bhunú a chur ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta sin. Ba cheart do Europol a bheith in ann freisin na sonraí pearsanta agus na torthaí ábhartha chun dlínse a bhunú a chur ar aghaidh chuig pointí teagmhála agus na tríú tíortha lena mbaineann a bhfuil comhaontú comhair tugtha i gcrích ag Europol leo lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas leo de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí iomchuí, nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta. I gcás nach bhfuil an tríú tír lena mbaineann faoi réir comhaontú nó cinneadh den sórt sin, ba cheart do Europol a bheith in ann toradh a anailís agus a fhíorú ar shonraí den sórt sin a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo. |
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(29a) I gcásanna áirithe agus faoi réir coinníollacha soiléire, a leagtar amach sa Rialachán seo, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach agus comhréireach go n-aistreoidh Europol sonraí pearsanta chuig páirtithe príobháideacha nach bhfuil bunaithe laistigh den Aontas nó i dtír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadaítear malartú sonraí pearsanta, nó lena bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích ag an Aontas de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí iomchuí, nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta ag an gCoimisiún. I gcásanna den sórt sin, ba cheart don aistriú a bheith faoi réir údarú roimh ré ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus ba cheart MECS a chur ar an eolas faoin aistriú. |
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(30) Chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí ábhartha uile a shainaithint, ba cheart do Europol a bheith in ann páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas nuair nach leor an fhaisnéis a fhaightear uathu chun é a chur ar a chumas do Europol na húdaráis forfheidhmithe dlí lena mbaineann a shainaithint. Chuirfeadh sé sin ar a gcumas do pháirtithe príobháideacha a roinn faisnéis le Europol cinneadh a dhéanamh cibé acu atá nó nach bhfuil sé chun a leasa féin faisnéis bhreise a roinnt le Europol agus cibé acu is féidir nó nach féidir leo déanamh amhlaidh go dleathach. Chuige sin, is féidir le Europol páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas faoi fhaisnéis atá in easnamh, a mhéid is gá sin chun na húdaráis forfheidhmithe dlí ábhartha a shainaithint. Ba cheart go mbeadh feidhm ag coimircí speisialta maidir le haistrithe den sórt sin go háirithe mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas ná i dtríú tír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas léi de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí iomchuí, nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, lena gcinntear go n-áirithíonn an tríú tír lena mbaineann leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí. |
(30) Chun a áirithiú gur féidir le Europol na haonaid náisiúnta ábhartha uile a shainaithint, ba cheart dó a bheith in ann páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas nuair nach leor an fhaisnéis a fhaightear uathu chun é a chur ar a chumas do Europol na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint. Chuige sin, ba cheart Europol a bheith in ann páirtithe príobháideacha a chur ar an eolas faoi fhaisnéis atá in easnamh, a mhéid is gá sin chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, agus chun na críche sin amháin. Ba cheart go mbeadh feidhm ag coimircí speisialta maidir le haistrithe den sórt sin i gcás nach bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas ná i dtríú tír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, nó a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas léi de bhun Airteagal 218 CFAE lena bhforáiltear do choimircí iomchuí, nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta ón gCoimisiún, lena gcinntear go n-áirithíonn an tríú tír lena mbaineann leibhéal leordhóthanach cosanta sonraí i gcomparáid leis an leibhéal cosanta dá bhforáiltear faoi Threoir (AE) 2016/680. |
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 31
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(31) Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol), nó páirtithe príobháideacha tacair sonraí ildlínse nó tacair sonraí nach féidir a chur i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha a roinnt le Europol, i gcás ina bhfuil naisc le sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha sna tacair sonraí sin. Nuair is gá faisnéis bhreise a fháil ó pháirtithe príobháideacha den sórt sin chun na Ballstáit ábhartha uile lena mbaineann a shainaithint, ba cheart do Europol a bheith in ann a iarraidh ar na Ballstáit, trína n-aonaid náisiúnta, a iarraidh ar pháirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ar a gcríoch sonraí pearsanta a roinnt le Europol i gcomhréir le dlíthe is infheidhme na mBallstát sin. In a lán cásanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit sin in ann nasc a bhunú lena ndlínse seachas go bhfuil an páirtí príobháideach ag a bhfuil na sonraí ábhartha bunaithe faoina ndlínse. Beag beann ar a ndlínse maidir leis an ngníomhaíocht shonrach choiriúil faoi réir na hiarrata, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha chun críche an fhaisnéis is gá a sholáthar do Europol atá riachtanach chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, i gcomhréir iomlán le ráthaíochtaí nós imeachta faoin dlí náisiúnta. |
(31) Féadfaidh na Ballstáit, tríú tíortha, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó páirtithe príobháideacha tacair sonraí ildlínse nó tacair sonraí nach féidir a chur i leith dlínse sonrach amháin nó roinnt dlínsí sonracha a roinnt le Europol, i gcás ina bhfuil naisc le sonraí pearsanta atá ag páirtithe príobháideacha sna tacair sonraí sin. Nuair is gá faisnéis bhreise a fháil ó pháirtithe príobháideacha den sórt sin chun na Ballstáit ábhartha uile lena mbaineann a shainaithint, ba cheart do Europol a bheith in ann iarraidh réasúnaithe a chur chuig na Ballstáit, trína n-aonaid náisiúnta, na sonraí pearsanta is gá a sholáthar dó ó pháirtithe príobháideacha atá bunaithe nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ar a gcríoch chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart an iarraidh sin a bheith chomh spriocdhírithe agus is féidir agus beidh sí teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach do Europol chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart na sonraí pearsanta ábhartha, a bheith ar na cinn is lú íogair, a sholáthar do Europol i gcomhréir le dlíthe is infheidhme na mBallstát sin. Faoi chásdlí na Cúirte Breithiúnais, tá údarú roimh ré ó chúirt nó ó údarás riaracháin neamhspleách de dhíth go ginearálta ar pháirtithe príobháideacha chun sonraí pearsanta a nochtadh d’údaráis inniúla na mBallstát, ach amháin i gcásanna éigeandála a bhfuil údar cuí leo. In a lán cásanna, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na Ballstáit sin in ann nasc a bhunú lena ndlínse seachas go bhfuil an páirtí príobháideach ag a bhfuil na sonraí ábhartha bunaithe faoina ndlínse nó go bhfuil ionadaí dlíthiúil aige ina dhlínse. Beag beann ar a ndlínse maidir leis an ngníomhaíocht shonrach choiriúil faoi réir na hiarrata, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha chun críche an fhaisnéis is gá a sholáthar do Europol atá riachtanach chun a chuid cuspóirí a chomhlíonadh, i gcomhréir iomlán le ráthaíochtaí nós imeachta faoin dlí náisiúnta. |
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(32) Chun a áirithiú nach gcoimeádann Europol na sonraí níos faide ná mar is gá chun na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint, ba cheart go mbeadh feidhm ag teorainneacha ama maidir leis an stóráil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta. A luaithe a bheidh gach bealach atá ar fáil do Europol chun na Ballstáit uile lena mbaineann a shainaithint úsáidte aige, agus nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go n-aithneofar Ballstáit eile lena mbaineann, ní gá agus ní comhréireach a thuilleadh na sonraí pearsanta sin a stóráil chun na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart do Europol na sonraí pearsanta a scriosadh laistigh de 4 mhí tar éis an tarchur deireanach a dhéanamh, ach amháin má chuireann aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí pearsanta isteach arís mar a sonraí chuig Europol laistigh den tréimhse sin. Má bhí na sonraí pearsanta a chuirtear isteach arís mar chuid de thacar níos mó sonraí pearsanta, níor cheart do Europol na sonraí pearsanta a choimeád ach amháin má chuir, agus a mhéid a chuir, aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann isteach iad. |
(32) Chun a áirithiú nach gcoimeádann Europol na sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá chun na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint, ba cheart go mbeadh feidhm ag teorainneacha ama maidir leis an stóráil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta. A luaithe a bheidh gach bealach atá ar fáil do Europol chun na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann a shainaithint úsáidte aige, agus nach féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go n-aithneofar aonaid náisiúnta eile lena mbaineann, ní gá agus ní comhréireach a thuilleadh na sonraí pearsanta sin a stóráil chun na Ballstáit lena mbaineann a shainaithint. Ba cheart do Europol na sonraí pearsanta a scriosadh laistigh de 4 mhí tar éis an tarchur deireanach nó an t-aistriú deireanach a dhéanamh, ach amháin má chuireann aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann ar fhorais a bhfuil údar cuí leo agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, na sonraí pearsanta isteach arís mar a sonraí chuig Europol laistigh den tréimhse sin. Má bhí na sonraí pearsanta a chuirtear isteach arís mar chuid de thacar níos mó sonraí pearsanta, níor cheart do Europol ach na sonraí pearsanta sin a chuir, aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann isteach a choimeád. |
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(33) Níor cheart go ndéanfadh aon chomhar idir Europol agus páirtithe príobháideacha gníomhaíochtaí na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (‘AFAnna’) a dhúbailt ná cur isteach orthu, agus níor cheart go mbainfeadh sé ach le faisnéis nach bhfuil le soláthar cheana do AFAnna i gcomhréir le Treoir 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59. Ba cheart do Europol leanúint den chomhar le AFAnna go háirithe trí na haonaid náisiúnta. |
(33) Níor cheart go ndéanfadh aon chomhar idir Europol agus páirtithe príobháideacha gníomhaíochtaí na nAonad um Fhaisnéis Airgeadais (AFAnna) a dhúbailt ná cur isteach orthu, agus níor cheart go mbainfeadh sé ach le faisnéis nach bhfuil le soláthar cheana do AFAnna i gcomhréir le Treoir 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle59. Ba cheart do Europol leanúint den chomhar le AFAnna go háirithe trí na haonaid náisiúnta. |
__________________ |
__________________ |
59 Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73). |
59 Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73). |
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 34
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(34) Ba cheart do Europol a bheith in ann an tacaíocht is gá a sholáthar d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí chun idirghníomhú le páirtithe príobháideacha, go háirithe tríd an mbonneagar is gá a sholáthar le haghaidh idirghníomhaíocht den sórt sin, mar shampla, nuair a tharchuireann údaráis náisiúnta ábhar sceimhlitheoireachta ar líne chuig soláthraithe seirbhíse ar líne nó nuair a mhalartaíonn siad faisnéis le páirtithe príobháideacha i gcomhthéacs cibirionsaithe. Mar a n-úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol le malartú a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, níor cheart go mbeadh rochtain ag Europol ar na sonraí sin. |
(34) Ba cheart do Europol a bheith in ann an tacaíocht is gá a sholáthar d’údaráis náisiúnta forfheidhmithe dlí chun idirghníomhú le páirtithe príobháideacha, go háirithe tríd an mbonneagar is gá a sholáthar le haghaidh idirghníomhaíocht den sórt sin, mar shampla, nuair a tharchuireann údaráis náisiúnta ábhar sceimhlitheoireachta ar líne nó nuair a sheolann siad orduithe baint anuas a bhaineann le hábhar den sórt sin ar bhonn Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a chuig soláthraithe seirbhíse ar líne nó nuair a mhalartaíonn siad faisnéis le páirtithe príobháideacha i gcomhthéacs cibirionsaithe. Mar a n-úsáideann na Ballstáit bonneagar Europol le malartú a dhéanamh ar shonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, níor cheart go mbeadh rochtain ag Europol ar na sonraí sin. |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L 172, 17.5.2021, lch. 79). |
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 35
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(35) Tionscnaítear le hionsaithe sceimhlitheoireachta scaipeadh mórscála trí ardáin ar líne d’ábhar sceimhlitheoireachta ina dtaispeántar díobháil á déanamh don bheatha nó do shláine choirp, nó ina n-iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine choirp go luath. Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit cosc a chur le hábhar den sórt sin a scaipeadh i gcomhthéacs cásanna éigeandála den sórt sin a eascraíonn as fíortheagmhais atá fós sa siúl nó a tharla le déanaí, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta a mhalartú le páirtithe príobháideacha, lena n-áirítear haiseanna, seoltaí IP agus URLanna a bhaineann le hábhar den sórt sin, atá riachtanach chun tacú leis na Ballstáit cosc a chur ar an ábhar a scaipeadh, go háirithe nuair is é is aidhm nó is éifeacht don ábhar daonra a imeaglú go tromchúiseach, agus nuair atá féidearthacht réamh-mheasta ann le haghaidh iolrú easpónantúil agus mearscaipeadh ar fud roinnt soláthraithe seirbhíse ar líne. |
(35) Tionscnaítear le hionsaithe sceimhlitheoireachta scaipeadh mórscála trí ardáin ar líne d’ábhar sceimhlitheoireachta ina dtaispeántar díobháil á déanamh don bheatha nó do shláine choirp, nó ina n-iarrtar go ndéanfaí díobháil don bheatha nó do shláine choirp go luath, agus ar an gcaoi sin déanfar sceimhlitheoireacht a adhmholadh agus a oiliúint, agus ar deireadh, daoine eile a radacú agus a earcú. Thairis sin, is minice anois a úsáidtear an t-idirlíon chun ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a thaifeadadh nó a roinnt, rud a bhuanaíonn an díobháil do na híospartaigh toisc gur féidir an t-ábhar a iolrú agus a scaipeadh go héasca. Chun a áirithiú gur féidir leis na Ballstáit cosc éifeachtach a chur le hábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh i gcomhthéacs géarchéimeanna a eascraíonn as fíortheagmhais atá fós ar siúl nó a tharla le déanaí, agus le hábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí, agus chun tacú le gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhíse ar líne i gcomhréir lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus ina ngníomhaíochtaí deonacha, ba cheart do Europol a bheith in ann sonraí pearsanta ábhartha, lena n-áirítear haiseanna, seoltaí IP agus URLanna a bhaineann le hábhar den sórt sin, a mhalartú le páirtithe príobháideacha atá bunaithe san Aontas nó i dtríú tír atá faoi réir comhaontú leordhóthanachta, nó ina éagmais sin, comhaontú leordhóthanachta de bhun Airteagal 218 CFAE, nó cinneadh leordhóthanachta oibríochtúil arna thabhairt i gcrích idir Europol agus an tríú tír sular tháinig Rialachán (AE) 2016/794 i bhfeidhm. Níor cheart na malartuithe sin a dhéanamh ach amháin nuair is gá sin chun tacú leis na Ballstáit scaipeadh ábhair den sórt sin a chosc nó chun go bhféadfar é a bhaint anuas, go háirithe nuair atá poitéinseal réamh-mheasta ann le haghaidh iolrú agus cúrsaíocht víreasach easpónantúil ar fud soláthraithe seirbhíse ar líne iolracha. |
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 36
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(36) Leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60 61 rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais ach ní raibh feidhm aige maidir le Europol. Chun cosaint aonfhoirmeach chomhsheasmhach daoine nádúrtha a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm maidir le Europol i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, agus ba cheart é a chomhlánú le forálacha sonracha maidir leis na hoibríochtaí sonracha próiseála ba cheart do Europol a dhéanamh chun a chúraimí a chur i gcrích. |
(36) Leagtar amach i Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle60 rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Cé go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta riaracháin ag Europol nach mbaineann le himscrúduithe coiriúla, amhail sonraí foirne, níl feidhm ag Airteagal 3(2) agus Caibidil IX den Rialachán sin, lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta oibríochtúla, maidir le Europol go dtí seo. Chun cosaint aonfhoirmeach chomhsheasmhach daoine nádúrtha a áirithiú maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1725 a chur i bhfeidhm maidir le Europol i gcomhréir le hAirteagal 2(2) den Rialachán sin, agus ba cheart é a chomhlánú le forálacha sonracha maidir leis na hoibríochtaí sonracha próiseála ba cheart do Europol a dhéanamh chun a chúraimí a chur i gcrích. |
__________________ |
__________________ |
60 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
60 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
61 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39). |
|
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 37
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(37) I bhfianaise na ndúshlán a eascraíonn as an úsáid a bhaineann coirpigh as teicneolaíochtaí nua do shlándáil an Aontais, éilítear ar údaráis forfheidhmithe dlí a inniúlachtaí teicneolaíochta a neartú. Chuige sin, ba cheart do Europol tacú leis na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a úsáid chun coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac. D’fhonn cineálacha cur chuige nua a fhiosrú agus réitigh theicneolaíochta choiteanna a fhorbairt do na Ballstáit chun coireanna a thagann faoi chuimsiú chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme maidir le gnóthaí atá cumhdaithe ag an Rialachán seo, lena n-áirítear sonraí pearsanta a phróiseáil i gcás inar gá agus meas iomlán ar chearta bunúsacha á áirithiú ag an am céanna. Níor cheart go nglacfaí leis na forálacha le haghaidh uirlisí nua a fhorbairt ag Europol mar bhunús dlí chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. |
(37) I bhfianaise na ndúshlán atá ann do shlándáil an Aontais de dheasca mearfhorbairt theicneolaíoch agus shaothrú teicneolaíochtaí nua ag coirpigh, éilítear ar údaráis forfheidhmithe dlí a inniúlachtaí teicneolaíochta a neartú chun na sonraí is gá chun imscrúdú a dhéanamh ar choireanna a shainaithint, a dhaingniú agus anailísiú. Ba cheart do Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a úsáid agus bealaí cur chuige nua a fhiosrú agus réitigh theicneolaíocha choiteanna a fhorbairt do na Ballstáit chun an sceimhlitheoireacht agus na coireanna a thagann faoi raon feidhme chuspóirí Europol a chosc agus a chomhrac ar bhealach níos fearr, agus a áirithiú ag an am céanna go bhfuil forbairt, úsáid agus imscaradh teicneolaíochtaí nua á dtreorú ag prionsabail na trédhearcachta, na hinmhínitheachta, na cothroime agus na cuntasachta agus nach mbaintear an bonn de chearta agus saoirsí bunúsacha agus go bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais. Chuige sin, ba cheart do Europol a bheith in ann tionscadail taighde agus nuálaíochta a chur chun feidhme maidir le hábhair a chumhdaítear leis an Rialachán seo laistigh de raon feidhme ginearálta ceangailteach na ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta arna sainiú ag an mBord Bainistíochta, ar cheart iad a nuashonrú i gcás inarb iomchuí agus a chur ar fáil do MECS. Ní cheadaítear do na tionscadail sin próiseáil sonraí pearsanta a áireamh ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá le sonraí pearsanta a phróiseáil, i gcás nach féidir cuspóir an tionscadail ábhartha a bhaint amach trí shonraí neamhphearsanta nó sonraí anaithnide a úsáid, agus lánurraim do chearta bunúsacha á háirithiú ag an am céanna, go háirithe neamh-idirdhealú. Níor cheart próiseáil catagóirí speisialta sonraí pearsanta chun críocha taighde a cheadú ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis. I bhfianaise a íogaire atá próiseáil den sórt sin, ba cheart coimircí breise iomchuí, lena n-áirítear bréagainmniú, a chur i bhfeidhm. Chun claonadh sa chinnteoireacht algartamach a chosc, tá sé ríthábhachtach an teicneolaíocht a oiliúint le tacair sonraí ionadaíocha. I gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe agus ina bhfuil dianghá le claontacht a chosc, ba cheart cead a thabhairt do Europol, dá bhrí sin, sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de na catagóirí ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2016/794. Ba cheart do Europol logaí a choinneáil ar an bpróiseáil sonraí pearsanta go léir i gcomhthéacs a chuid tionscadal taighde chun a chur ar chumas MECS iniúchtaí a dhéanamh agus maoirseacht a dhéanamh, d’fhonn a áirithiú nach mbainfidh réitigh theicneolaíocha atá bunaithe ar an intleacht shaorga an bonn de chearta agus saoirsí bunúsacha agus nach bhfuil siad idirdhealaitheach. Thairis sin, ba cheart dó a áirithiú go ndéanfaidh saineolaithe neamhspleácha iniúchtaí sula n-úsáidfear aon réiteach teicneolaíoch a thagann as tionscadail taighde agus nuálaíochta de chuid Europol lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta d’fhonn a áirithiú nach mbainfidh an réiteach teicneolaíoch an bonn de na cearta bunúsacha agus de na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt. Níor cheart go nglacfaí leis na forálacha le haghaidh uirlisí nua a fhorbairt ag Europol mar bhunús dlí chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Chun sineirgí sa taighde agus sa nuálaíocht a threisiú, ba cheart do Europol dlús a chur lena chomhar le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais laistigh dá n-inniúlachtaí faoi seach sa réimse seo. |
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(38) Ba cheart go mbeadh príomhról ag Europol maidir cuidiú leis na Ballstáit chun réitigh theicneolaíochta nua a fhorbairt bunaithe ar intleacht shaorga, rud a bheadh chun leasa na n-údarás forfheidhmithe dlí náisiúnta ar fud an Aontais. Ba cheart go mbeadh príomhról ag Europol maidir le hintleacht shaorga a chur chun cinn atá eiticiúil, iontaofa agus dírithe ar an duine agus atá faoi réir ag cosaintí i dtéarmaí slándála, sábháilteachta agus ceart bunúsach. |
(38) Ba cheart go mbeadh príomhról ag Europol maidir le cuidiú leis na Ballstáit chun réitigh theicneolaíochta nua a fhorbairt bunaithe ar intleacht shaorga atá ábhartha maidir le cuspóirí Europol a bhaint amach, a théann chun tairbhe na n-údarás forfheidhmithe dlí náisiúnta ar fud an Aontais agus lánurraim á tabhairt do chearta agus saoirsí bunúsacha, lena n-áirítear neamh-idirdhealú. Ba cheart go mbeadh príomhról ag Europol maidir le forbairt agus imlonnú intleachta saorga a chur chun cinn atá eiticiúil, iontaofa agus dírithe ar an duine agus atá faoi réir ag cosaintí i dtéarmaí slándála, sábháilteachta, trédhearcachta, inmhíneachta agus ceart bunúsach. |
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(39) Ba cheart do Europol an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur ar an eolas sula seolann sé na tionscadail taighde agus nuálaíochta dá chuid lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta. Maidir le gach tionscadal agus roimh an bpróiseáil, ba cheart do Europol measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-oibríochtaí próiseála atá réamh-mheasta ar chosaint sonraí pearsanta agus ar chearta bunúsacha eile, lena n-áirítear aon chlaonadh sa toradh. Ba cheart go mbeadh measúnú san áireamh leis sin ar oiriúnacht na sonraí pearsanta atá le próiseáil le haghaidh shainchuspóir an tionscadail. Lena leithéid de mheasúnú dhéanfaí ról maoirseachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a éascú, lena n-áirítear cur i bhfeidhm na gcumhachtaí ceartaitheacha dá chuid faoin Rialachán seo a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cosc ar phróiseáil freisin. Ba cheart go mbeadh forbairt uirlisí nua ag Europol gan dochar don bhunús dlí, lena n-áirítear an bonn le haghaidh na sonraí pearsanta atá i gceist a phróiseáil, a bheadh de dhíth ina dhiaidh sin chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. |
(39) Ba cheart do Europol an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur ar an eolas sula seolann sé na tionscadail taighde agus nuálaíochta dá chuid lena mbaineann próiseáil sonraí pearsanta. Maidir le gach tionscadal agus roimh an bpróiseáil, ba cheart do Europol measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar cosaint sonraí agus cearta agus saoirsí bunúsacha uile na n-ábhar sonraí a urramú go hiomlán. Ba cheart measúnú a bheith san áireamh leis sin ar aon chlaonadh sa toradh agus sna sonraí pearsanta atá le próiseáil le haghaidh shainchuspóir an tionscadail mar aon leis na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin. Lena leithéid de mheasúnú dhéanfaí ról maoirseachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí a éascú, a bhféadfadh feidhmiú a chumhachtaí ceartaitheacha a bheith san áireamh ann agus a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le cosc ar phróiseáil nó toirmeasc ar sheoladh tionscadal taighde agus nuálaíochta. Thairis sin, ba cheart do Europol measúnú tosaigh éigeantach an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, na moltaí atá ann, a chur san áireamh sula seolfar an tionscadal. Ba cheart go mbeadh forbairt uirlisí nua ag Europol gan dochar don bhunús dlí, lena n-áirítear an bonn le haghaidh na sonraí pearsanta atá i gceist a phróiseáil, a bheadh de dhíth ina dhiaidh sin chun iad a imscaradh ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. |
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(39a) Chun sainordú Europol agus raon feidhme a ghníomhaíochtaí próiseála sonraí a leathnú, beidh ar MECS acmhainní breise airgeadais agus daonna a chur ar fáil chun a ról maoirseachta a fheidhmiú maidir le Europol. Ba cheart an leithdháileadh airgeadais ar MECS, mar aon lena sholáthar acmhainní daonna ar leibhéil na scileanna atá comhchuimseach le castacht na próiseála sonraí arna déanamh ag Europol, a choigeartú i gcomhréir le freagrachtaí méadaithe MECS i leith Europol ionas gur féidir leis an t-aiseolas le haghaidh comhairliúcháin a sholáthar níos tapa agus gan cur isteach ar fheidhmiú ceart Europol. |
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) D’fhonn uirlisí breise agus cumais bhreise a sholáthar do Europol ní mór maoirseacht dhaonlathach agus cuntasacht Europol a threisiú. Is ionann grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach agus gné thábhachtach den fhaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol. D’fhonn faireachán polaitiúil éifeachtach a chumasú ar an mbealach a gcuireann Europol uirlisí breise agus cumais bhreise i bhfeidhm, ba cheart do Europol faisnéis bhliantúil a sholáthar do Chomh-ghrúpa Grinnscrúdaithe na Parlaiminte maidir le húsáid na n-uirlisí agus na gcumas sin agus na torthaí lena mbaineann. |
(40) D’fhonn uirlisí breise agus cumais bhreise a sholáthar do Europol ní mór maoirseacht dhaonlathach agus cuntasacht Europol a threisiú. Is ionann grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach agus gné thábhachtach den fhaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol. D’fhonn faireachán polaitiúil éifeachtach a chumasú ar an mbealach a gcuireann Europol uirlisí breise agus cumais bhreise dá bhforáiltear leis an Rialachán seo i bhfeidhm, ba cheart do Europol faisnéis bhliantúil mhionsonraithe a sholáthar do Chomh-ghrúpa Grinnscrúdaithe na Parlaiminte (GGPC) maidir le forbairt, cur in úsáid, úsáid agus éifeachtacht na n-uirlisí agus na gcumas sin agus na torthaí lena mbaineann, go háirithe faisnéis faoi thionscadail taighde agus nuálaíochta mar aon le gníomhaíochtaí nua nó bunú ionad speisialaithe nua laistigh de Europol. Thairis sin, ba cheart cuireadh a thabhairt do bheirt ionadaithe ó GGPC, ionadaí amháin thar ceann Pharlaimint na hEorpa agus ionadaí eile thar ceann na bparlaimintí náisiúnta chun cineál déach GGPC a léiriú, teacht chuig cruinnithe an Bhoird Bainistíochta chun labhairt leis an mBord thar ceann GGPC. I gcomhréir leis an ról maoirseachta atá ag GGPC, níor cheart cearta vótála a bheith ag an dá ionadaí de chuid GGPC ar an mBord Bainistíochta. Ba cheart gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta pleanáilte a leagan amach sa doiciméad cláraithe aonair ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol agus ba cheart iad a tharchur chuig an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach. |
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(40a) Ba cheart don Bhord Bainistíochta Oifigeach um Chearta Bunúsacha a cheapadh a bheadh freagrach as faireachán a dhéanamh go ndéanann Europol urraim do chearta bunúsacha a choimirciú ina ghníomhaíochtaí agus ina chúraimí uile, go háirithe tionscadail taighde agus nuálaíochta Europol agus a mhalartuithe sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha. Ba cheart do Europol na hacmhainní agus an fhoireann is gá a chur ar fáil don Oifigeach um Chearta Bunúsacha chun a chur ar a c(h)umas a c(h)úraimí go léir a chur i gcrích go héifeachtach i gcomhréir leis an Rialachán seo agus rochtain a bheith aige/aici ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí Europol. Ba cheart don Oifigeach um Chearta Bunúsacha oibriú i ndlúthchomhar leis an Oifigeach Cosanta Sonraí laistigh de raon feidhme a n-inniúlachtaí faoi seach. Chuige sin, ba cheart don Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus don Oifigeach Cosanta Sonraí meabhrán tuisceana a bhunú, i scríbhinn, lena sonrófar roinnt a gcúraimí agus an comhar. A mhéid a bhaineann le gnóthaí cosanta sonraí, ba cheart freagracht iomlán a bheith ar an Oifigeach Cosanta Sonraí. Ba cheart do Europol tuarascálacha agus comhairle an dá chomhlacht a chur san áireamh. |
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 45
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(45) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus thug sé tuairim an [...]. |
(45) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus thug sé tuairim an 8 Márta 20211a |
|
__________________ |
|
1a IO C 143, 23.4.2021, lch. 6. |
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 46
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(46) Leis an Rialachán seo tugtar aird ar na cearta bunúsacha agus cloítear leis na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun príobháideachta mar a chosnaítear le hAirteagail 8 agus 7 den Chairt, chomh maith le hAirteagal 16 CFAE. I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sonraí pearsanta a phróiseáil in obair an fhorfheidhmithe dlí go ginearálta, agus sa tacaíocht a sholáthraíonn Europol go háirithe, tá cosaintí éifeachtacha san áireamh leis an Rialachán seo chun a chinntiú go gcomhlíontar go hiomlán cearta bunúsacha de réir mar atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Tá aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo teoranta do mhéid atá riachtanach agus comhréireach go docht, agus faoi réir coinníollacha soiléire, ceanglais dhochta agus maoirseacht éifeachtach ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. |
(46) Leis an Rialachán seo tugtar aird go hiomlán ar na cearta bunúsacha agus ar na coimircí, cloítear leis na prionsabail atá aitheanta go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus an ceart chun príobháideachta mar a chosnaítear le hAirteagail 8 agus 7 den Chairt, chomh maith le hAirteagal 16 CFAE. I bhfianaise a thábhachtaí agus atá sonraí pearsanta a phróiseáil in obair an fhorfheidhmithe dlí go ginearálta, agus sa tacaíocht a sholáthraíonn Europol go háirithe, tá coimircí, sásraí maoirseachta daonlathaí agus cuntasachta feabhsaithe san áireamh leis an Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíontar go hiomlán cearta bunúsacha de réir mar atá cumhdaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha, go háirithe na cearta chun comhionannais os comhair an dlí, chun neamh-idirdhealú, agus chun leigheas éifeachtach os comhair na cúirte náisiúnta inniúla i gcoinne aon cheann de na bearta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo. Tá aon phróiseáil ar shonraí pearsanta faoin Rialachán seo teoranta do mhéid atá riachtanach agus comhréireach go docht, agus faoi réir coinníollacha soiléire, ceanglais dhochta agus maoirseacht éifeachtach ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí. |
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 2 – mír 1 – pointe p
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(p) ciallaíonn ‘sonraí pearsanta riaracháin’ na sonraí pearsanta go léir a phróiseálann Europol seachas sonraí oibríochtúla; |
(p) ciallaíonn ‘sonraí pearsanta riaracháin’ na sonraí pearsanta go léir a phróiseálann Europol seachas sonraí pearsanta oibríochtúla; |
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1– pointe c – an chuid réamhráiteach
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 2 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) cuirtear pointe (q) seo a leanas leis: |
(c) cuirtear isteach na pointí seo a leanas: |
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 2 – mír 1 – pointe q
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(q) ciallaíonn ‘cáschomhad imscrúdaitheach’ tacar sonraí nó tacair sonraí iomadúla a fuair Ballstát, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) nó tríú tír i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil leanúnach, i gcomhréir le riachtanais agus cosaintí nós imeachta faoin dlí coiriúil náisiúnta infheidhme, agus a chuirtear faoi bhráid Europol mar thaca leis an imscrúdú coiriúil sin.” |
(q) ciallaíonn ‘cáschomhad imscrúdaitheach’ tacar sonraí nó tacair sonraí iomadúla a fhaigheann Ballstát, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (‘OIPE’), Eurojust nó tríú tír i gcomhthéacs imscrúdú coiriúil leanúnach, i gcomhréir le riachtanais agus cosaintí nós imeachta i ndáil le hurraim do chearta bunúsach faoin dlí infheidhme, agus a chuireann siad faoi bhráid Europol mar thaca leis an imscrúdú coiriúil sin. |
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 2 –mír 1 – pointe q a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qa) ciallaíonn ‘géarchéim’ fíortheagmhas atá fós sa siúl nó a tharla le déanaí, a bhfuil baint aige le coir a bhaineann le sceimhlitheoireacht, ina gcruthaítear ábhar ar líne lena léirítear díobháil don bheatha nó do shláine fhisiceach nó lena n-iarrtar díobháil don bheatha nó do shláine fhisiceach go luath agus atá dírithe ar imeagla thromchúiseach a chur ar phobal nó a bhfuil an éifeacht sin aige agus nuair atá poitéinseal réamh-mheasta ann le haghaidh iolrú agus cúrsaíocht víreasach easpónantúil ar fud seirbhísí ar líne iolracha. |
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 2 –mír 1 – pointe q b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qb) ciallaíonn ‘ábhar sceimhlitheoireachta’ ábhar sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Threoir (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a; |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2021/784 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2029 maidir le haghaidh a thabhairt ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO 172, 17.5.2021, lch. 79). |
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 2 –mír 1 – pointe q c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qc) ciallaíonn ‘ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí’ ábhar ar pornagrafaíocht leanaí é mar a shainmhínítear i bpointe (c) d’Airteagal 2 de Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a nó léiriú pornagrafach mar a shainmhínítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 den Treoir sin; |
|
__________________ |
|
1a Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2004/68/CGB ón gComhairle (IO L 335, 17.12.2011, lch. 1). |
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 2 – mír 1 – pointe q d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(qd) ciallaíonn catagóir aistrithe sonraí pearsanta grúpa aistrithe sonraí pearsanta a bhaineann leis an bhfíortheagmhas céanna a bhaineann le díobháil don bheatha nó don shláine choirp agus ina bhfuil na catagóirí céanna sonraí pearsanta agus ábhar sonraí. |
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe ii
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe j
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(j) comhoibriú leis na comhlachtaí Aontais a bunaíodh ar bhonn Theideal V CFAE agus le OLAF agus le GESLF, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíseach sna réimsí a thagann laistigh dá n-inniúlacht a chur ar fáil dóibh; |
(j) comhoibriú leis na comhlachtaí Aontais a bunaíodh ar bhonn Theideal V CFAE, mar aon le OLAF agus le GESLF, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíseach sna réimsí a thagann laistigh dá n-inniúlachtaí a chur ar fáil dóibh; |
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iii
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe m
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(m) tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát d'fhonn na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a chosc agus a chomhrac, ar coireanna iad a éascaítear, a chuirtear chun cinn nó a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, lena n-áirítear, i gcomhar leis na Ballstáit, freagairt na n-údarás forfheidhmithe dlí a chomhordú do chibirionsaithe, ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhaint agus ábhar ar an idirlíon a atreorú, lena n-éascaítear, lena gcuirtear chun cinn nó lena ndéantar na saghsanna sin coireachta, chuig na soláthróirí seirbhísí ar líne lena mbaineann chun go ndéanfaidh siad iad a mheas, go deonach, maidir le comhoiriúnacht an ábhair ar an idirlíon a chuirtear ar aghaidh chucu lena dtéarmaí agus lena gcoinníollacha féin; |
(m) tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun na saghsanna coireachta a liostaítear in Iarscríbhinn I a chomhrac, ar coireanna iad a éascaítear, a chuirtear chun cinn nó a dhéantar trí úsáid a bhaint as an idirlíon, lena n-áirítear, i gcomhar leis na Ballstáit, tacú le comhordú fhreagairt údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát ar chibear-ionsaithe, ábhar sceimhlitheoireachta ar líne agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí a bhaint, agus ábhar ar líne a atreorú chuig na soláthróirí seirbhísí ar líne chun go ndéanfaidh siad iad a mheas, go deonach, maidir le comhoiriúnacht an ábhair ar an idirlíon a chuirtear ar aghaidh chucu lena dtéarmaí agus lena gcoinníollacha féin, agus an ceart chun príobháideachais agus cosaint sonraí pearsanta á n-urramú ag an am céanna; |
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2– pointe a – pointe iv – an chuid réamhráiteach
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(iv) cuirtear pointí (q) agus (r) seo a leanas leis: |
(iv) cuirtear pointí (q) agus (ub) seo a leanas leis: |
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe q
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(q) tacú leis na Ballstáit daoine a shainaithint arb ionann a rannpháirteachas i gcoireanna atá faoi chuimsiú shainchúram Europol, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus ardriosca slándála, agus imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta a éascú; |
(q) tacú leis na Ballstáit daoine a shainaithint a bhfuil amhras fúthu go bhfuil siad ag gabháil do choireanna a thagann faoi raon feidhme shainordú Europol, de réir mar a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus arb ionann iad agus ardriosca slándála, agus a dhéanann imscrúduithe comhpháirteacha, comhordaithe agus tosaíochta a éascú; |
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe r
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(r) sonraí a chur isteach i gCóras Faisnéise Schengen, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo, agus faoi údarú ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol, maidir le rannpháirteachas amhrasta náisiúnaigh ó thríú tír i gcoir a bhfuil inniúlacht ag Europol ina leith agus ar a bhfuil sé eolach ar bhonn na faisnéise a fhaightear ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta laistigh de chiall Airteagal 17(1)(b); |
(r) foláirimh a chur isteach i gCóras Faisnéise Schengen, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán seo, nach raibh mar thoradh air go ndearna Ballstát agóid réasúnaithe ná go ndearna Ballstát a chur in iúl go raibh sé ar intinn aige foláireamh a chur isteach ar a shon féin agus faoi údarú ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Europol, maidir le rannpháirteachas amhrasta náisiúnaigh ó thríú tír i gcoir a bhfuil inniúlacht ag Europol ina leith agus ar a bhfuil sé eolach ar bhonn na faisnéise a fhaightear ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhlíonann ceann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 25(1) den Rialachán seo nó ó thríú tír nach gcomhlíonann ceann de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 25(1) den Rialachán seo, ar choinníoll go bhfuil an fhaisnéis deimhnithe ag tríú tír a chomhlíonann na coinníollacha sin nó ar choinníoll go mbaineann an fhaisnéis le cion sceimhlitheoireachta nó le coireacht eagraithe; |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus breithiúnais i ngnóthaí coiriúla, lena leasaítear Cinneadh 2007/533/JHA ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56). |
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe s
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(s) tacaíocht a sholáthar do chur i bhfeidhm an tsásra measúnaithe agus faireacháin faoi Rialachán (AE) Uimh 1053/2013 faoi chuimsiú chuspóirí Europol de réir mar a leagtar amach in Airteagal 3; |
(s) tacaíocht a sholáthar do chur i bhfeidhm an tsásra measúnaithe agus faireacháin faoi Rialachán (AE) Uimh 1053/2013 faoi chuimsiú chuspóirí Europol de réir mar a leagtar amach in Airteagal 3 trí shaineolas agus anailísí a sholáthar, i gcás inarb ábhartha; |
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe t
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(t) faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus páirt a ghlacadh iontu atá ábhartha do bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, tacú le gníomhaíochtaí gaolmhara na mBallstát, agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá chuid a chur i bhfeidhm maidir le gnóthaí a chumhdaítear ag an Rialachán seo, lena n-áirítear forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam le haghaidh uirlisí a fhorbairt. |
(t) faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus páirt a ghlacadh iontu atá ábhartha do bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, trí thacú le gníomhaíochtaí gaolmhara na mBallstát agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta dá chuid a chur chun feidhme maidir le gnóthaí a chumhdaítear ag an Rialachán seo, lena n-áirítear tionscadail maidir le forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam le haghaidh uirlisí sonracha a fhorbairt lena n-úsáid i bhforfheidhmiú an dlí. |
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe u
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(u) tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun scaipeadh ábhair ar líne a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach i gcásanna éigeandála a chosc, a eascraíonn as teagmhas leanúnach nó úrnua sa saol réadúil, lena léirítear díobháil don bheatha nó do shláine fhisiceach nó lena n-iarrtar díobháil don bheatha nó do shláine fhisiceach go luath, nó atá dírithe ar imeagla thromchúiseach a chur ar an daonra nó a bhfuil an éifeacht sin aige, agus nuair atá poitéinseal réamh-mheasta ann le haghaidh iolrú agus cúrsaíocht víreasach easpónantúil ar fud soláthraithe seirbhíse ar líne iolracha. |
scriosta |
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe – u a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ua) comhoibriú le hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais (FIUanna), trí aonad náisiúnta Europol nó, má cheadaíonn an Ballstát ábhartha é, trí theagmháil dhíreach idir na hAonaid um Fhaisnéis Airgeadais agus Europol, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíseach a sholáthar chun tacú le himscrúduithe trasteorann arna ndéanamh ag na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí sciúrtha airgid d’eagraíochtaí coiriúla trasnáisiúnta agus maoiniú na sceimhlitheoireachta; |
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a – pointe iv
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1 – pointe – u b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ub) faireachán a dhéanamh, anailís a dhéanamh agus breithmheas a thabhairt ar fholáirimh dhearga, arna bhfoilsiú ag Interpol arna iarraidh sin ag tríú tíortha, agus fógra a thabhairt do na Ballstáit, don tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus don Choimisiún i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann gur eisíodh foláireamh de shárú ar Airteagal 3 de bhunreacht Interpol.” |
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 4 a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4a. Cuideoidh Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Nuair a chuidíonn Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus clár réime an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ní bhfaighidh an Ghníomhaireacht maoiniú ón gclár sin. |
4a. Cuideoidh Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. I gcás ina bhfuil ról ag Europol i ndearadh nó i gcur i bhfeidhm chreatchlár de chuid an Aontais, ní bhfaighidh sé cistiú ón gclár sin. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Europol dul i gcomhairle leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta á sainiú agus á gcoincheapú aige maidir le gnóthaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Déanfaidh Europol na bearta uile is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. |
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 4 b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4b. Tacóidh Europol le cásanna sainiúla d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontais a scagadh faoi Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí atá in úsáid nó atá á bhforbairt ag Europol nó ag na Ballstáit chun coireanna a chosc agus a imscrúdú a chumhdaítear ag Airteagal 3 maidir leis na himpleachtaí do shlándáil lena bhfuiltear ag súil. |
4b. Tacóidh Europol leis an gCoimisiún agus le Ballstáit maidir le cásanna sainiúla d’infheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontais a scagadh faoi Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a a bhaineann le gnóthais a sholáthraíonn teicneolaíochtaí, lena n-áirítear bogearraí nó teicneolaíochtaí criticiúla a d’fhéadfaí a úsáid chun an sceimhlitheoireacht a éascú, atá in úsáid ag Europol nó ag na Ballstáit chun coireanna a chosc agus a imscrúdú a chumhdaítear ag Airteagal 3 maidir leis na himpleachtaí do shlándáil lena bhfuiltear ag súil. |
|
__________________ |
|
1a Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79I , 21.3.2019, lch. 1). |
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe e a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(e a) cuirtear isteach an mhír 5a seo a leanas: |
|
“5a. Urramóidh Europol na cearta agus na saoirsí bunúsacha atá cumhdaithe sa Chairt i gcomhlíonadh a chúraimí.” |
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 6 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: |
scriosta |
1. I gcásanna ar leith ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh maidir le coir a thagann faoi raon feidhme na gcuspóirí dá chuid, iarrfaidh sé ar údaráis inniúla an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann, trí na haonaid náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú. |
|
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(-3) In Airteagal 6, cuirtear an mhír 1a seo a leanas isteach: |
|
“1 a. Gan dochar do mhír 1, i gcás ina measann Europol gur cheart imscrúdú coiriúil a thionscnamh maidir le coir shonrach a dhéanann difear do leas coiteann atá cumhdaithe ag beartas de chuid an Aontais ach nach de chineál trasteorann an choir, iarrfaidh sé ar údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann, tríd an aonad náisiúnta, imscrúdú coiriúil den sórt sin a thionscnamh, a dhéanamh nó a chomhordú.” |
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 6 – mír 2
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3a) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: |
2. Cuirfidh na haonaid náisiúnta Europol ar an eolas gan mhoill maidir le cinneadh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann faoi aon iarraidh a dhéantar de bhun mhír 1. |
2. Cuirfidh na haonaid náisiúnta Europol ar an eolas gan mhoill maidir le cinneadh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann faoi aon iarraidh a dhéantar de bhun mhíreanna 1 agus 1a. |
(32016R0794)
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 6 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3 b) In Airteagal 6(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití: |
3. Má chinneann údaráis inniúla Ballstáit gan géilleadh d'iarraidh arna déanamh ag Europol de bhun mhír 1, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoin méid is cúis lena gcinneadh, gan moill mhíchuí, ach b'fhearr é a dhéanamh laistigh d'aon mhí tar éis an iarraidh a fháil. Mar sin féin, féadfar gan na cúiseanna a thabhairt, i gcás, dá dtabharfaí iad: |
"3. Má chinneann údaráis inniúla Ballstáit gan géilleadh d’iarraidh arna déanamh ag Europol de bhun mhíreanna 1 agus 1a, cuirfidh siad Europol ar an eolas faoin méid is cúis lena gcinneadh, gan moill mhíchuí, ach b'fhearr é a dhéanamh laistigh d'aon mhí tar éis an iarraidh a fháil. Mar sin féin, féadfar gan na cúiseanna a thabhairt, i gcás, dá dtabharfaí iad:” |
(32016R0794)
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 c (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 6 – mír 4
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3c) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: |
4. Cuirfidh Europol Eurojust ar an eolas láithreach faoi aon iarraidh arna déanamh de bhun mhír 1 agus faoi aon chinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun mhír 2. |
"4. Cuirfidh Europol Eurojust ar an eolas láithreach agus, i gcás inarb ábhartha OIPE, faoi aon iarraidh arna déanamh de bhun mhíreanna 1 agus 1a agus faoi aon chinneadh arna dhéanamh ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de bhun mhír 2;” |
(Doiciméad 32016R0794)
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 7 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Áiritheoidh na Ballstáit go ligtear do na haonaid faisnéise airgeadais dá gcuid a bunaíodh de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* comhoibriú le Europol i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, go háirithe tríd an aonad náisiúnta dá gcuid maidir le faisnéis agus anailísí airgeadais, laistigh de theorainneacha a sainordaithe agus a n-inniúlachta. |
8. Áiritheoidh na Ballstáit go ligtear do na haonaid faisnéise airgeadais dá gcuid a bunaíodh de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* freagra a thabhairt ar iarrataí a bhfuil údar cuí leo arna ndéanamh ag Europol i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, trína n-aonad náisiúnta nó, má cheadaíonn an Ballstát sin é, trí theagmháil dhíreach le Europol maidir le faisnéis agus anailísí airgeadais, laistigh de theorainneacha a sainordaithe agus a n-inniúlachta.” |
__________________ |
__________________ |
* Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73). |
* Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73). |
** Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile chun coireanna coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/JHA ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122). |
** Treoir (AE) 2019/1153 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena leagtar síos rialacha lena n-éascaítear úsáid faisnéise airgeadais agus faisnéise eile chun coireanna coiriúla áirithe a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2000/642/CGB ón gComhairle (IO L 186, 11.7.2019, lch. 122). |
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 11 – mír 1
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4a) In Airteagal 11(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): |
(a) doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol don bhliain dár gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 12; |
“(a) doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 12 i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/7151a ón gCoimisiún agus le treoirlínte gaolmhara an Choimisiúin don doiciméad clársceidealaithe aonair ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol don bhliain dár gcionn. |
|
__________________ |
|
1a Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).” |
(32016R0794)
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 11 – mír 1 – pointe – u a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4b) Cuirtear pointe (u) seo a leanas isteach in Airteagal 11(1): |
|
“(ua) Oifigeach um Chearta Bunúsacha a cheapadh, a bheidh neamhspleách ó thaobh feidhme le linn dó nó di a chuid dualgas nó a cuid dualgas a fheidhmiú” |
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 c (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 12 – mír 1
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4c) In Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: |
1. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle le GGPC. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad sin ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC. |
"1. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle le GGPC. Má chinneann an Bord Bainistíochta gan gnéithe de thuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, soláthróidh sé bonn cirt cuimsitheach. Beidh feidhm ag an oibleagáid chéanna maidir leis na gnéithe a d’ardaigh GGPC i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 51(2). Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair críochnaitheach ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC. |
(32016R0794)
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 d (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 12 – mír 2 – fomhír 1
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4d) In Airteagal 12(2), cuirtear an méid seo a leanas isteach in ionad na chéad fomhíre: |
2. Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach leis sin freisin pleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus foireann. Beidh ar áireamh ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach leis sin freisin pleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus foireann. Beidh ar áireamh ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta pleanáilte. |
(32016R0794)
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 e (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 14 – mír 4
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4e) In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: |
4. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d'aon duine a bhféadfadh a thuairim nó a tuairim a bheith ábhartha don phlé, lena n-áirítear, más iomchuí, ionadaí de chuid GGPC, freastal ar chruinnithe dá chuid i gcáil breathnóra gan ceart vótála. |
4. Féadfaidh an Bord Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhféadfadh a thuairim nó a tuairim a bheith ábhartha don phlé freastal ar chruinnithe dá chuid i gcáil breathnóra gan ceart vótála. Tabharfar cuireadh do bheirt ionadaithe GGPC chuig gach cruinniú de chuid an Bhoird Bhainistíochta i gcáil breathnóra gan ceart vótála. |
(32016R0794)
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 f (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 16 – mír 3
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4f) In Airteagal 16, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: |
3. Féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú faoi chomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas. |
3. Féadfaidh an Chomhairle agus GGPC a iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisciú faoi chomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas. |
(32016R0794)
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 g (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 16 – mír 5 – pointe d
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4g) In Airteagal 16(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): |
(d) an dréacht-chlársceidealú ilbhliantúil agus na dréachtchláir oibre bhliantúla a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún; |
(d) an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú ina bhfuil an clársceidealú ilbhliantúil agus na cláir oibre bhliantúla agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le GGPC; |
((32016R0794))
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a – pointe ii
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 2 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) taighde agus nuálaíocht maidir le gnóthaí a chumhdaítear ag an Rialachán seo maidir le forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam le haghaidh uirlisí a fhorbairt; |
(e) tionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le gnóthaí a chumhdaítear ag an Rialachán seo maidir le forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú algartam le haghaidh uirlisí sonracha a fhorbairt lena n-úsáid i bhforfheidhmiú an dlí; |
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe a – pointe ii
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 2 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun an pobal a chur ar an eolas maidir le daoine atá faoi amhras nó daoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach a bhaineann le cion coiriúil a bhfuil inniúlacht ag Europol ina leith, agus soláthar faisnéise ón bpobal a éascú i dtaca leis na daoine sin. |
(f) tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun an pobal a chur ar an eolas maidir le daoine atá faoi amhras nó daoine ciontaithe a bhfuiltear sa tóir orthu bunaithe ar chinneadh breithiúnach a bhaineann le cion coiriúil a bhfuil inniúlacht ag Europol ina leith, agus soláthar faisnéise, do na Ballstáit agus do Europol, ón bpobal a éascú i dtaca leis na daoine sin. |
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 3a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3a. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 2 trí bhíthin thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol lena mbaineann cuspóirí, fad agus raon feidhme a leagtar amach go soiléir maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta atá i gceist, a mbeidh na cosaintí sainiúla breise a leagtar amach in Airteagal 33a infheidhme ina leith. |
3a. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche taighde agus nuálaíochta dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 2 trí bhíthin thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol lena mbaineann críocha agus cuspóirí a leagtar amach go soiléir, agus beidh siad faoi réir na gcoimircí sainiúla breise a leagtar amach in Airteagal 33a, maidir le fad agus raon feidhme na próiseála sonraí pearsanta. |
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Gan dochar d’Airteagal 8(4) agus d’Airteagal 18a, tá catagóirí na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí ar féidir a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh gach rúin dá dtagraítear i mír 2 liostaithe in Iarscríbhinn II. |
5. Gan dochar d’Airteagal 8(4), d’Airteagal 18(2)(e) agus d’Airteagal 18a, tá catagóirí na sonraí pearsanta agus catagóirí na n-ábhar sonraí ar féidir a gcuid sonraí a bhailiú agus a phróiseáil le haghaidh gach rúin dá dtagraítear i mír 2 liostaithe in Iarscríbhinn II. |
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 5 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 5a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) cuirtear mír 5a seo a leanas isteach: |
scriosta |
5a. Sula ndéantar sonraí a phróiseáil faoi mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn sealadach a fhaightear de bhun Airteagal 17(1) agus (2) chun a chinneadh cibé acu an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar riachtanais mhír 5 den Airteagal seo, lena n-áirítear na sonraí a sheiceáil i gcoinne na sonraí uile a phróiseálann Europol cheana féin i gcomhréir le mír 5. |
|
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú a thuilleadh. |
|
Ní féidir le Europol sonraí a phróiseáil de bhun na míre seo ach le haghaidh tréimhse nach mó ná bliain amháin, nó i gcásanna lena mbaineann bonn cirt le haghaidh tréimhse níos faide le húdarú roimh ré ó MECS, i gcás inar gá chun críche an Airteagail seo. Nuair a léirítear le toradh na próiseála nach gcomhlíontar riachtanais mhír 5 den Airteagal seo leis na sonraí pearsanta, scriosfaidh Europol na sonraí sin agus cuirfidh sé soláthraí na sonraí ar an eolas dá réir sin. |
|
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 6
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(5 a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6: |
6. Féadfaidh Europol sonraí a phróiseáil ar bhonn sealadach chun a chinneadh an bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha dá chúraimí agus, má tá, chun na críocha dá dtagraítear i mír 2 dá bhfuil siad ábhartha a chinneadh. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú tuilleadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar na sonraí agus le húsáid na sonraí sin, chomh maith leis na teorainneacha ama a bheidh ann maidir leis na sonraí a stóráil agus a scriosadh, ar teorainneacha ama iad nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná sé mhí, agus aird chuí á tabhairt ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 28. |
6. Féadfaidh Europol sonraí a phróiseáil ar bhonn sealadach chun a chinneadh an bhfuil sonraí den sórt sin ábhartha dá chúraimí agus, má tá, chun na críocha dá dtagraítear i mír 2 dá bhfuil siad ábhartha a chinneadh. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú tuilleadh, go háirithe a mhéid a bhaineann le rochtain ar na sonraí agus le húsáid na sonraí sin, chomh maith leis na teorainneacha ama a bheidh ann maidir leis na sonraí a stóráil agus a scriosadh, ar teorainneacha ama iad nach bhféadfaidh a bheith níos faide ná sé mhí, agus aird chuí á tabhairt ar na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1725.” |
(32016R0794)
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe d a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
da. cuirtear mír 6a seo a leanas isteach: |
|
“6a. Sula ndéantar sonraí a phróiseáil faoi mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh Europol, ar bhonn eisceachtúil, sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn sealadach a fhaightear de bhun Airteagal 17(1) agus (2) chun a chinneadh cibé acu an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar riachtanais mhír 5 den Airteagal seo, agus chun na críche sin amháin, lena n-áirítear na sonraí a sheiceáil i gcoinne na sonraí uile a phróiseálann Europol cheana féin i gcomhréir le mír 5. |
|
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin ar bhonn sealadach a shonrú a thuilleadh. |
|
Ní féidir le Europol sonraí a phróiseáil de bhun na míre seo ach le haghaidh tréimhse nach mó ná bliain amháin, a bhféadfaí, aon uair amháin, síneadh sé mhí a chur léi, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo i gcás inar gá agus ina mbeidh sé comhréireach chun críoch an Airteagail seo. Cuirfidh Europol MECS ar an eolas maidir leis an síneadh ar an uastréimhse próiseala. I gcás nach bhfuil gá a thuilleadh leis an bpróiseáil shealadach agus nach bhfuil sé comhréireach chun críoch an Airteagail seo, agus i gcás ar bith tar éis dheireadh na huastréimhse próiseála, déanfaidh Europol na sonraí pearsanta nach gcomhlíonann ceanglais mhír 5 den Airteagal seo agus torthaí na próiseála a scriosadh go do-athraithe, agus soláthróir na sonraí a chur ar an eolas dá réir. |
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 a – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Próiseáil faisnéise mar thaca le himscrúdú coiriúil |
Próiseáil sonraí pearsanta mar thaca le himscrúdú coiriúil |
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás inar gá é chun tacú le himscrúdú coiriúil sainiúil, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n-ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II sna cásanna a leanas: |
1. I gcás inar gá é chun tacú le himscrúdú coiriúil sainiúil leanúnach, féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n-ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II sna cásanna a leanas: |
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 1 – pointe a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) soláthraíonn Ballstát nó Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh comhad cáis imscrúdaithigh do Europol de bhun phointe (a) d’Airteagal 17(1) chun críche anailís oibríochtúil mar thaca leis an imscrúdú coiriúil sainiúil sin laistigh de shainordú Europol de bhun phointe (c) d’Airteagal 18(2); agus |
(a) soláthraíonn Ballstát, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh nó Eurojust comhad cáis imscrúdaithigh do Europol de bhun phointí (a) agus (b) d’Airteagal 17(1) lena n-iarrtar ar Europol tacú leis an imscrúdú coiriúil sainiúil leanúnach sin laistigh de shainordú Europol de bhun phointe (c) d’Airteagal 18(2); agus |
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 3 – mír 1 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) measann Europol nach féidir an anailís oibríochtúil a dhéanamh ar an gcomhad cáis imscrúdaithigh gan sonraí pearsanta a phróiseáil nach gcomhlíontar riachtanais Airteagal 18(5) leo. Déanfar an measúnú sin a thaifeadadh. |
(b) Tagann Europol ar an tátal nach féidir an anailís oibríochtúil a dhéanamh ar an gcomhad cáis imscrúdaithigh gan sonraí pearsanta a phróiseáil nach gcomhlíontar riachtanais Airteagal 18(5) leo. Déanfar an measúnú sin a thaifeadadh agus a sheoladh chuig MECS mar eolas. |
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 13 – mír 1 – pointe b a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(b a) iarrann Ballstát nó comhlacht de chuid an Aontais anailís straitéiseach laistigh de shainordú Europol de bhun phointe (b) d’Airteagal 18(2). |
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Is féidir le Europol sonraí pearsanta a phróiseáil atá i gcás imscrúdaitheach chomh fada agus a thacaítear leis an imscrúdú coiriúil sainiúil leanúnach dá ndearna an Ballstát nó OIPE an comhad cáis imscrúdaithigh a sholáthar i gcomhréir le mír 1, agus gan ach le haghaidh an imscrúdú sin a thacú. |
2. Is féidir le Europol sonraí pearsanta a phróiseáil atá i gcomhad cáis imscrúdaithigh chomh fada agus a thacaítear leis an imscrúdú coiriúil sainiúil leanúnach dá ndearna an Ballstát, OIPE nó Eurojust an comhad cáis imscrúdaithigh a sholáthar i gcomhréir le mír 1, agus gan ach le haghaidh an imscrúdú sin a thacú. |
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 2 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú a thuilleadh. |
scriosta |
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 2 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gan dochar do phróiseáil sonraí faoi Airteagal 18(5)a, déanfar sonraí pearsanta lasmuigh de chatagóirí na n-ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II a scaradh go feidhmiúil ó na sonraí eile agus ní féidir iad a rochtain ach i gcás inar gá é chun tacú leis an imscrúdú coiriúil sainiúil dá ndearnadh iad a sholáthar. |
scriosta |
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2a. Nuair a thagann Europol ar an gconclúid go bhfuil comharthaí tosaigh ann go bhfuil a leithéid de shonraí díréireach nó go bhfuarthas iad agus cearta bunúsacha á sárú, déanfaidh Europol iad a scriosadh go do-athraithe gan iad phróiseáil. Nuair a thagann deireadh le tréimhse próiseála na sonraí pearsanta, déanfar na sonraí pearsanta a scriosadh go do-athraithe. |
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 3 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Arna iarraidh sin don Bhallstát nó do OIPE a chuir cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol de bhun mhír 1, is féidir le Europol an cáschomhad imscrúdaitheach sin agus toradh na hanailíse oibríochtúla dá chuid a stóráil níos faide ná an tréimhse stórála a leagtar amach i mír 2, chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú agus chun na críche sin amháin, agus gan ach le haghaidh na tréimhse agus a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát sin. |
3. Arna iarraidh sin don Bhallstát a chuir cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol de bhun mhír 1, nó arna iarraidh sin do OIPE nó do Eurojust, de réir mar is iomchuí, is féidir le Europol an cáschomhad imscrúdaitheach sin agus toradh na hanailíse oibríochtúla dá chuid a stóráil níos faide ná an tréimhse próiseála a leagtar amach i mír 2, chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú agus chun na críche sin amháin, agus gan ach le haghaidh na tréimhse agus a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha a bhaineann leis an imscrúdú coiriúil sin ar siúl sa Bhallstát sin nó laistigh de OIPE nó Eurojust. |
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 3 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is féidir leis an mBallstát a iarraidh go ndéanfaidh Europol an cáschomhad imscrúdaitheach sin agus toradh na hanailíse oibríochtúla dá chuid a stóráil níos faide ná an tréimhse stórála a leagtar amach i mír 2, chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú, agus gan ach le haghaidh na tréimhse agus a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil gaolmhar ar siúl sa Bhallstát sin. |
Is féidir leis an mBallstát a iarraidh go ndéanfaidh OIPE nó Eurojust an cáschomhad imscrúdaitheach sin agus toradh na hanailíse oibríochtúla dá chuid a stóráil níos faide ná an tréimhse stórála a leagtar amach i mír 2, chun críche fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú, agus gan ach le haghaidh na tréimhse agus a bhíonn na himeachtaí breithiúnacha tar éis imscrúdú coiriúil gaolmhar ar siúl sa Bhallstát sin. |
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 3 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar mholadh ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil na sonraí sin a shonrú a thuilleadh. Déanfar a leithéid de shonraí pearsanta a scaradh go feidhmiúil ó shonraí eile agus ní féidir iad a rochtain ach i gcás inar gá chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú. |
scriosta |
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18a – mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3a. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dó ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus tar éis dul i gcomhairle le MECS, na coinníollacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a shonrú tuilleadh, go háirithe maidir le scála agus castacht na próiseála agus cineál agus tábhacht na n-imscrúduithe. Déanfar na sonraí pearsanta sin a scaradh go feidhmiúil ó shonraí eile. Ní bheidh rochtain ar shonraí a phróiseáiltear i gcomhréir le mír 2 ach i gcás inar gá don imscrúdú coiriúil sainiúil dá ndearnadh iad a sholáthar agus chun fírinneacht, iontaofacht agus inrianaitheacht phróiseas na faisnéise coiriúla a áirithiú agus coimeádfar iad i gcomhréir le mír 3. |
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 — mír 1 — pointe 6
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 18 a – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Beidh míreanna 1 go 3 infheidhme freisin nuair a fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó thríú tír lena bhfuil comhaontú a tugadh i gcrích ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB i gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE i gcomhréir le pointe (b) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo, nó atá ina ábhar de chinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo agus nuair a chuireann a leithéid de thríú tír cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol le haghaidh anailís oibríochtúil lena dtacaítear leis an imscrúdú coiriúil sainiúil i mBallstát nó i mBallstáit lena dtacaíonn Europol. Nuair a chuireann tríú tír cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol, cuirfear é sin in iúl do MECS. Deimhneoidh Europol nach bhfuil méid na sonraí pearsanta díréireach go soiléir maidir leis an imscrúdú sainiúil i mBallstát lena dtacaíonn Europol, agus nach bhfuil gnéithe oibiachtúla ar bith ann lena dtugtar le fios go bhfuair an tríú tír an cáschomhad agus cearta bunúsacha á sárú go soiléir aige. Nuair a thagann Europol, nó MECS, ar an tuairim go bhfuil comharthaí tosaigh ann go bhfuil a leithéid de shonraí díréireach nó go bhfuarthas iad agus cearta bunúsacha á sárú, ní dhéanfaidh Europol iad a phróiseáil. Ní féidir le Europol sonraí a rochtain a phróiseáiltear de bhun na míre seo ach i gcás inar gá sin chun tacú leis an imscrúdú coiriúil sainiúil i mBallstát nó i mBallstáit. Ní dhéanfar iad a chomhroinnt ach amháin laistigh den Aontas.”; |
4. Beidh mír 1 go mír 3a infheidhme freisin maidir le sonraí pearsanta atá i gcáschomhad imscrúdaitheach arna chur ar fáil do Europol ag tríú tír dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 25(1) le haghaidh anailís oibríochtúil lena dtacaítear le himscrúdú coiriúil sainiúil i mBallstát amháin nó níos mó lena dtacaíonn Europol, ar choinníoll go bhfuair an tríú tír na sonraí i gcomhthéacs imscrúdaithe choiriúil i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta agus leis na coimircí is infheidhme faoina dlí coiriúil náisiúnta. Nuair a chuireann tríú tír cáschomhad imscrúdaitheach ar fáil do Europol, cuirfear é sin in iúl do MECS. Deimhneoidh Europol nach bhfuil méid na sonraí pearsanta díréireach go soiléir maidir leis an imscrúdú sainiúil i mBallstát lena dtacaíonn Europol, agus nach bhfuil gnéithe oibiachtúla ar bith ann lena dtugtar le fios go bhfuair an tríú tír an cáschomhad agus cearta bunúsacha á sárú go soiléir aige. Nuair a thagann Europol ar an gconclúid go bhfuil comharthaí tosaigh ann go bhfuil a leithéid de shonraí díréireach nó go bhfuarthas iad agus cearta bunúsacha á sárú, ní dhéanfaidh Europol iad a phróiseáil agus scriosfaidh sé na sonraí. Ní féidir le Europol sonraí pearsanta a rochtain a phróiseáiltear de bhun na míre seo ach i gcás inar gá sin chun tacú leis an imscrúdú coiriúil sainiúil i mBallstát amháin nó níos mó dá ndearnadh iad a sholáthar. Ní dhéanfar iad a chomhroinnt ach laistigh den Aontas nó, i gcás inar gá, le heagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 25(1). |
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 20 – mír 2 a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2a. Faoi chuimsiú tionscadail anailíse oibríochtúla thiomanta a chur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 18(3), is féidir leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir le faisnéis ar féidir le Europol í a chur ar fáil go díreach do na Ballstáit eile chun críche comhoibriú breisithe in imscrúduithe sainiúla, gan dochar do shrianta ar bith in Airteagal 19(2).; |
2a. Faoi chuimsiú tionscadail anailíse oibríochtúla thiomanta a chur chun feidhme amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus faoi réir na rialacha agus na gcoimircí i gcomhair próiseáil sonraí pearsanta a leagtar amach sa Rialachán seo, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfadh Europol rochtain a thabhairt, ar bhealach díreach, do na Ballstáit eile ar fhaisnéis chun críche comhoibriú breisithe in imscrúduithe sainiúla, gan dochar do shrianta ar bith in Airteagal 19(2). |
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 20 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Nuair a ligtear d’fhoireann Europol de réir an dlí náisiúnta fianaise a sholáthar a chuirtear in iúl dóibh le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh nó a gcuid gníomhaíochtaí a fheidhmiú, ní bheidh ach foireann Europol atá údaraithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun sin a dhéanamh in ann a leithéid d’fhianaise a thabhairt in imeachtaí breithiúnacha sna Ballstáit.; |
5. Nuair a fhágann an dlí nós imeachta náisiúnta gur féidir le foireann Europol fianaise a sholáthar arna cur in iúl dóibh le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh nó a gcuid gníomhaíochtaí a fheidhmiú, ní bheidh ach foireann Europol atá údaraithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin chun sin a dhéanamh in ann a leithéid d’fhianaise a thabhairt in imeachtaí coiriúla sna Ballstáit.; |
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 20a – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Tacóidh Europol le himscrúduithe agus le hionchúisimh OIPE ar bhonn gníomhach agus comhoibreoidh sé leis, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíseach a chur ar fáil. |
2. De dhroim iarraidh ó OIPE, tacóidh Europol le himscrúduithe OIPE ar bhonn gníomhach agus comhoibreoidh sé leis, go háirithe trí mhalartuithe faisnéise agus trí thacaíocht anailíseach a sholáthar, go dtí go ndéanann sé cinneadh cibé acu ba cheart an cás a ionchúiseamh nó a chur de láimh ar bhealach eile. |
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 20a – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Glacfaidh Europol na bearta iomchuí go léir chun cur ar chumas OIPE rochtain dhíreach a fháil ar fhaisnéis a chuirtear ar fáil chun críocha phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 18(2) ar bhonn córas “amas a fháil/gan amas a fháil”. Gan mír 2 dá chuid san áireamh, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 21. |
3. Glacfaidh Europol na bearta iomchuí go léir chun cur ar chumas OIPE rochtain dhíreach a fháil ar fhaisnéis a sholáthraítear chun críocha phointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 18(2) ar bhonn córas ‘amas a fháil/gan amas a fháil’. Gan míreanna 2 agus 8 dá chuid san áireamh, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 21. |
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 21 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Má tharlaíonn sé le linn gníomhaíochtaí próiseála faisnéise maidir le himscrúdú aonair nó tionscadal ar leith go sainaithníonn Europol faisnéis atá ábhartha do ghníomhaíocht fhéideartha mhídhleathach a dhochraíonn leas airgeadais an Aontais, soláthraíodh Europol an fhaisnéis sin do OLAF ar a chonlán féin agus gan moill mhíchuí. |
8. Má tharlaíonn sé le linn gníomhaíochtaí próiseála faisnéise maidir le himscrúdú nó tionscadal ar leithgo sainaithníonn Europol faisnéis atá ábhartha do ghníomhaíocht mhídhleathach a d’fhéadfadh a bheith déanta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leas airgeadais an Aontais, soláthraíodh Europol an fhaisnéis sin do OLAF ar a chonlán féin agus gan moill mhíchuí. |
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 23 – mír 7
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(9a) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7: |
7. Beidh cosc ar Bhallstáit, ar chomhlachtaí de chuid an Aontais, ar thríú tíortha agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta sonraí pearsanta atá i seilbh Europol a aistriú ar aghaidh mura mbeidh údarú tugtha go sainráite ag Europol roimh ré. |
7. Beidh cosc ar Bhallstáit, ar chomhlachtaí de chuid an Aontais, ar thríú tíortha, ar eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ar pháirtithe príobháideacha sonraí pearsanta atá i seilbh Europol a aistriú ar aghaidh mura mbeidh údarú tugtha go sainráite ag Europol roimh ré. |
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 24 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tarchur sonraí pearsanta oibríochtúla chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais |
Tarchur sonraí pearsanta chuig institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais |
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 24 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Faoi réir aon srianta breise de bhun an Rialacháin seo, go háirithe de bhun Airteagal 19(2) agus (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur chuig institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais ach amháin má tá na sonraí riachtanach i gcomhair feidhmiú dlisteanach cúraimí institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht eile an Aontais. |
1. I gcomhréir le hAirteagal 71(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus faoi réir aon srianta breise de bhun an Rialacháin seo, go háirithe de bhun Airteagal 19(2) agus (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur chuig institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais ach amháin má bhíonn na sonraí pearsanta riachtanach agus comhréireach d’fheidhmiú dlisteanach chúraimí institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht eile an Aontais. |
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 24 – mír 2 – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. I gcás ina ndéantar na sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur tar éis iarraidh ó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais, beidh freagracht as dlíthiúlacht an tarchuir sin ar an rialaitheoir agus ar an bhfaighteoir araon. |
2. De dhroim iarraidh ó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht eile de chuid an Aontais go ndéanfaí sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur, déanfaidh Europol inniúlacht institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht eile an Aontais a fhíorú. Má bhíonn amhras ann faoina riachtanaí atá sé na sonraí pearsanta a tharchur, lorgóidh Europol tuilleadh faisnéise ón bhfaighteoir. |
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 24 – mír 2 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áiritheoidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais a ghlacann na sonraí gur féidir an gá le sonraí pearsanta oibríochtúla a tharchur a fhíorú ina dhiaidh sin. |
Áiritheoidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais a ghlacann na sonraí gur féidir fíorú a dhéanamh, ina dhiaidh sin, ar an ngá leis sonraí pearsanta a tharchur. |
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 24 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Ní dhéanfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais a ghlacann na sonraí pearsanta oibríochtúla iad a phróiseáil ach amháin chun na críocha dá ndearnadh iad a tharchur. |
3. Ní dhéanfaidh an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht eile de chuid an Aontais a ghlacann na sonraí pearsanta iad a phróiseáil ach amháin chun na críocha dá ndearnadh iad a tharchur. |
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe -a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 25 – mír 3
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(-a) scriostar mír 3 |
3. Déanfaidh Europol liosta de chinntí leordhóthanachta, comhaontuithe, socruithe riaracháin agus ionstraimí eile a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta, a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin agus a choimeád cothrom le dáta i gcomhréir le mír 1. |
|
(32016R0794)
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe -a a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 25 – mír 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
|
(-aa) cuirtear mír 4a seo a leanas isteach: |
|
“4a. In éagmais cinneadh leormhaitheasa, féadfaidh Eurojust sonraí pearsanta oibríochtúla a aistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta sna cásanna seo a leanas: |
|
(a) go ndéantar foráil in ionstraim atá ceangailteach ó thaobh dlí do choimircí iomchuí i dtaca le cosaint sonraí pearsanta; nó |
|
(b) go bhfuil measúnú déanta ag Eurojust ar na himthosca uile a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta agus go bhfuil sé tagtha ar an gconclúid gur ann do choimircí iomchuí maidir le cosaint sonraí pearsanta. Cuirfidh Eurojust MECS ar an eolas faoi chatagóirí aistrithe faoi phointe (b) de mhír 1. I gcás ina mbunaítear aistriú ar phointe (b) den mhír seo, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil do MECS arna iarraidh sin. Áireofar sa doiciméadacht taifead ar dháta agus ar am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil is faighteoir, faoin réasúnú atá leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta a aistríodh.” |
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 25 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí pearsanta nó catagóirí d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú de réir an cháis más rud é gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú, nó na haistrithe gaolmhara:; |
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí pearsanta nó catagóir d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú, ar bhonn eisceachtúil, de réir an cháis más rud é gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú, nó na haistrithe gaolmhara: |
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11– pointe b – an chuid réamhráiteach
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 25 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) I mír 8, scriostar an abairt seo a leanas: |
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: |
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 25 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina mbunaítear aistriú ar mhír 5, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil don MECS arna iarraidh sin. Áireofar sna doiciméid taifead ar dháta agus ar am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil glactha, faoin mbonn cirt leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistríodh.” |
I gcás ina mbunaítear aistriú ar mhír 4a nó 5, déanfar aistriú den sórt sin a dhoiciméadú agus cuirfear an doiciméadacht ar fáil don MECS arna iarraidh sin. Áireofar sna doiciméid taifead ar dháta agus ar am an aistrithe, agus faisnéis faoin údarás inniúil glactha, faoin mbonn cirt leis an aistriú agus faoi na sonraí pearsanta oibríochtúla a aistríodh.” |
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aistriú sonraí pearsanta nó catagóir d’aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta a údarú de réir an cháis más rud é gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an aistriú, nó na haistrithe gaolmhara:” |
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó thríú páirtithe # is féidir leis na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 d’fhonn na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann a shainaithint, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Cuirfidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar bith ar phróiseáil na sonraí sin atá riachtanach chun críche dlínse a shocrú ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta lena mbaineann láithreach bonn. Féadfaidh Europol na sonraí pearsanta agus torthaí ábhartha ar bith ar phróiseáil na sonraí sin atá riachtanach chun críche dlínse a shocrú a chur ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 25 chuig pointí teagmhála agus chuig údaráis lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1. A luaithe agus atá na sonraí pearsanta ábhartha sainaitheanta ag Europol agus curtha ar aghaidh aige chuig na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann, agus a luaithe agus nach bhfuil sé indéanta aonaid náisiúnta bhreise lena mbaineann a shainaithint, scriosfaidh sé na sonraí, mura gcuireann aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí isteach arís chuig Europol i gcomhréir le hAirteagal 19(1) laistigh de 4 mhí tar éis an aistrithe sin. |
2. I gcás ina bhfaigheann Europol sonraí pearsanta go díreach ó páirtithe príobháideacha, féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 chun na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1. Na sonraí pearsanta agus aon torthaí ábhartha ar phróiseáil riachtanach na sonraí sin chun críche dlínse a shocrú, déanfaidh Europol iad a chur ar aghaidh chuig na haonaid náisiúnta lena mbaineann láithreach bonn. Na sonraí pearsanta agus aon torthaí ábhartha ar phróiseáil riachtanach na sonraí sin chun críche dlínse a shocrú, féadfaidh Europol iad a chur ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal 25 chuig na pointí teagmhála agus na húdaráis lena mbaineann, amhail dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1. A luaithe agus atá na sonraí pearsanta ábhartha sainaitheanta ag Europol agus curtha ar aghaidh aige chuig na haonaid náisiúnta uile lena mbaineann, agus a luaithe agus nach bhfuil sé indéanta aonaid náisiúnta bhreise lena mbaineann a shainaithint, scriosfaidh sé na sonraí, mura gcuireann aonad náisiúnta, pointe teagmhála nó údarás lena mbaineann na sonraí isteach arís chuig Europol i gcomhréir le hAirteagal 19(1) laistigh de 4 mhí tar éis an tarchuir nó an aistrithe sin. |
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach i dtríú tír, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin a chur ar aghaidh ach chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann a ndearnadh comhaontú léi ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó atá ina hábhar de chinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhíreanna 5 agus 6 d’Airteagal 25, féadfaidh Europol toradh na hanailíse agus an fhíoraithe ar a leithéid de shonraí leis an tríú tír lena mbaineann a aistriú. |
4. Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach i dtríú tír, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin ná toradh na hanailíse agus an fhíoraithe a chur ar aghaidh ach chuig Ballstát nó chuig tríú tír lena mbaineann a ndearnadh comhaontú léi ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó atá ina hábhar de chinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhíreanna 5 agus 6 d’Airteagal 25, féadfaidh Europol toradh na hanailíse agus an fhíoraithe ar na sonraí sin a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann. |
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 5 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a aistriú chuig páirtithe príobháideacha ar bhonn cás ar chás, i gcás ina bhfuil gá leis i ndáiríre, agus faoi réir aon srianta féideartha a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, sna cásanna a leanas: |
5. Ní dhéanfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur ná a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, seachas i gcás, ar bhonn cás ar chás, ina bhfuil fíorghá leis agus ina bhfuil sé comhréireach déanamh amhlaidh, agus faoi réir aon srianta féideartha a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, sna cásanna seo a leanas: |
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 5 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) tá géarghá le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta atá ar fáil go poiblí chun an cúram a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: |
(c) tá géarghá le tarchur nó aistriú sonraí pearsanta atá ar fáil go poiblí chun an cúram a leagtar amach i bpointe (m) d’Airteagal 4(1) a chomhlíonadh agus go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas: |
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 1 – pointe d
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun cionta coiriúla a bhfuil Europol inniúil ina dtaobh a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh; nó |
(d) tá sé riachtanach i gcásanna aonair chun cion coiriúil ar leith a bhfuil Europol inniúil ina thaobh a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh; nó |
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail i dtaca leis an aistriú dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e). |
Cuirfear MECS ar an eolas faoin aistriú gan moill mhíchuí. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a aistriú má chinneann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go bhfuil cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha an ábhair sonraí lena mbaineann níos tábhachtaí ná leas an phobail i dtaca leis an aistriú dá dtagraítear i bpointí (d) agus (e). |
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Ní bheidh aistrithe córasach, ollmhór ná struchtúrach.” |
scriosta |
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 12 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír -6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) cuirtear mír 6a agus mír 6b seo a leanas isteach: |
(d) cuirtear míreanna -6a, 6a agus 6b seo a leanas isteach: |
|
“-6a. Gan dochar do ghníomhartha eile dlí de chuid an Aontais, ní bheidh aistrithe ná tarchuir sonraí pearsanta faoi mhíreanna 5 agus 6 den Airteagal seo córasach, ollmhór ná struchtúrach.” |
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 12 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 6 a – fomhír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6a. Is féidir le Europol iarraidh ar Bhallstáit, trí na haonaid náisiúnta dá gcuid, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe ina gcríoch nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, faoi na dlíthe is infheidhme dá gcuid, chun críche iad a chomhroinnt le Europol, ar an gcoinníoll go mbeidh na sonraí pearsanta arna n-iarraidh teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol d’fhonn na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint. |
6a. Féadfaidh Europol a iarraidh ar na Ballstáit sonraí pearsanta ó pháirtithe príobháideacha a sholáthar dó, atá bunaithe ina gcríoch nó ag a bhfuil ionadaí dlíthiúil ar a gcríoch. Beidh bonn cirt leis an iarraidh sin agus beidh sí ina hiarraidh chomh spriocdhírithe agus is féidir. Déanfaidh Europol na hiarrataí sin trí aonaid náisiúnta na mBallstát. Beidh na sonraí pearsanta sin chomh híogair agus is féidir agus beidh siad teoranta go docht don mhéid atá riachtanach agus comhréireach do Europol chun críche na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint, agus chun na críche sin amháin. |
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 12 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 6 a – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beag beann ar a ndlínse ar an gcoir sainiúil a bhfuil Europol ag iarraidh na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint ina leith, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lena n-údaráis náisiúnta inniúla a leithéid d’iarrataí a phróiseáil go dleathach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a chomhlíonadh. |
Beag beann ar a ndlínse ar an gcoir sainiúil a bhfuil Europol ag iarraidh na haonaid náisiúnta lena mbaineann a shainaithint ina leith, áiritheoidh na Ballstáit gur féidir lena n-údaráis náisiúnta inniúla a leithéid d’iarrataí a phróiseáil go dleathach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a chomhlíonadh. |
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 12 – pointe d
Rialachán 2016/794
Airteagal 26 – mír 6b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6b. Féadtar bonneagar Europol a úsáid le haghaidh malartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir le dlíthe náisiúnta gach Ballstáit faoi seach. I gcásanna ina n-úsáideann na Ballstáit an bonneagar sin le haghaidh malartú sonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin.” |
6b. Féadtar bonneagar Europol a úsáid le haghaidh malartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir le dlíthe náisiúnta gach Ballstáit faoi seach. I gcásanna ina n-úsáideann na Ballstáit an bonneagar sin le haghaidh malartuithe sonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin agus measfar é a bheith ina ‘phróiseálaí’ de réir bhrí Airteagal 87 de Rialachán (AE) 2018/1725. Déanfaidh Europol measúnú ar na rioscaí slándála a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar a bhonneagar a bheith á úsáid ag páirtithe príobháideacha agus, i gcás inar gá, déanfaidh sé bearta coisctheacha agus maolaitheacha iomchuí a chur chun feidhme. |
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26a – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó thríú páirtithe agus is féidir leis na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 d’fhonn scaipeadh ábhair ar líne a chosc a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach i gcásanna géarchéime mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1). |
1. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 chun cosc a chur le scaipeadh ar líne ábhair sceimhlitheoireachta i ngéarchéimeanna mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1). |
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26a – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach i dtríú tír, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin a chur ar aghaidh ach chuig Ballstát, nó chuig tríú tír lena mbaineann a ndearnadh comhaontú léi ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó atá ina hábhar de chinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo. Nuair a chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhíreanna 5 agus 6 d’Airteagal 25, féadfaidh Europol toradh na hanailíse agus an fhíoraithe ar a leithéid de shonraí leis an tríú tír lena mbaineann a aistriú. |
2. Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach i dtríú tír, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin a chur ar aghaidh ach chuig an mBallstát, nó chuig an tríú tír lena mbaineann a ndearnadh comhaontú léi ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó atá ina hábhar de chinneadh leormhaitheasa amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhíreanna 5 agus 6 den Rialachán seo, féadfaidh Europol toradh na hanailíse agus an fhíoraithe ar na sonraí sin a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann. |
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26a – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta féideartha a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, nuair atá géarghá le tarchur nó aistriú a leithéid de shonraí d’fhonn scaipeadh ábhair ar líne a chosc a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach i gcásanna géarchéime mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1), agus nuair nach ngabhtar treis le cearta bunúsacha nó le saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann ar leas an phobail lena n-éilítear an tarchur nó an t-aistriú sa chás atá i gceist. |
3. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta féideartha a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, i gcás ina bhfuil géarghá le tarchur nó aistriú na sonraí sin chun cosc a chur le scaipeadh ar líne ábhair sceimhlitheoireachta mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1), agus nuair nach ngabhtar treis le cearta bunúsacha nó le saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann ar leas an phobail lena n-éilítear an tarchur nó an t-aistriú sa chás atá i gceist. |
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26a – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Is féidir le Europol a iarraidh ar na Ballstáit, trí na haonaid náisiúnta dá gcuid, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe ina gcríoch nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, faoi na dlíthe is infheidhme dá gcuid, chun críche iad a chomhroinnt le Europol, ar an gcoinníoll go mbeidh na sonraí pearsanta arna n-iarraidh teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol d’fhonn scaipeadh ábhair ar líne a chosc a bhaineann le sceimhlitheoireacht nó le hantoisceachas foréigneach mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1). Beag beann ar a ndlínse maidir le scaipeadh an ábhair a n-iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh Ballstáit gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla a leithéid d’iarrataí a phróiseáil go dleathach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a chomhlíonadh. |
5. Féadfaidh Europol a iarraidh ar na Ballstáit, trína n-aonaid náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe ina gcríoch nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, faoina ndlíthe is infheidhme, chun iad a chomhroinnt le Europol, ar an gcoinníoll go mbeidh na sonraí pearsanta arna n-iarraidh teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol chun cosc a chur le scaipeadh ar líne ábhair sceimhlitheoireachta mar a leagtar amach i bpointe (u) d’Airteagal 4(1). Beag beann ar a ndlínse maidir le scaipeadh an ábhair a n-iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh Ballstáit gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla a leithéid d’iarrataí a phróiseáil go dleathach i gcomhréir lena ndlíthe náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a chomhlíonadh. |
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26a – mír 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6. Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcuirfear in iúl iad do MECS, arna iarraidh sin, de bhun Airteagal 40. |
6. Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcuirfear in iúl iad do MECS, arna iarraidh sin, de bhun Airteagal 39a. |
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(13 a) cuirtear Airteagal 26b seo a leanas isteach: |
|
“Airteagal 26b - |
|
Malartuithe sonraí pearsanta le páirtithe príobháideacha chun cosc a chur ar scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí |
|
1. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a fháil go díreach ó pháirtithe príobháideacha agus féadfaidh sé na sonraí pearsanta sin a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 18 chun cosc a chur le scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí, mar a leagtar amach i bpointe (ua) d’Airteagal 4(1). |
|
2. Má fhaigheann Europol sonraí pearsanta ó pháirtí príobháideach i dtríú tír, ní fhéadfaidh Europol na sonraí sin a chur ar aghaidh ach chuig an mBallstát, nó chuig an tríú tír lena mbaineann a ndearnadh comhaontú léi ar bhonn Airteagal 23 de Chinneadh 2009/371/CGB nó ar bhonn Airteagal 218 CFAE nó atá ina hábhar de chinneadh leormhaitheasa amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach faoi mhíreanna 5 agus 6 den Rialachán seo, féadfaidh Europol toradh na hanailíse agus an fhíoraithe ar na sonraí sin a aistriú chuig an tríú tír lena mbaineann. |
|
3. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a tharchur nó a aistriú chuig páirtithe príobháideacha, ar bhonn cás ar chás, faoi réir aon srianta féideartha a shonraítear de bhun Airteagal 19(2) nó (3) agus gan dochar d’Airteagal 67, i gcás ina bhfuil géarghá le tarchur nó aistriú na sonraí sin chun cosc a chur le scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí mar a leagtar amach i bpointe (ua) d’Airteagal 4(1), agus nuair nach ngabhtar treis le cearta bunúsacha nó le saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann ar leas an phobail lena n-éilítear an tarchur nó an t-aistriú sa chás atá i gceist. |
|
4. Mura bhfuil an páirtí príobháideach lena mbaineann bunaithe laistigh den Aontas nó i dtír a bhfuil comhaontú comhair ag Europol léi lena gceadófar malartú sonraí pearsanta, a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha chun críche ag an Aontas léi de bhun Airteagal 218 CFAE nó atá faoi réir cinneadh leordhóthanachta dá dtagraítear i pointe (a) d’Airteagal 25(1) den Rialachán seo, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an t-aistriú a údarú. |
|
5. Féadfaidh Europol a iarraidh ar na Ballstáit, trína n-aonaid náisiúnta, sonraí pearsanta a fháil ó pháirtithe príobháideacha, atá bunaithe ina gcríoch nó a bhfuil ionadaí dlíthiúil acu ina gcríoch, faoina ndlíthe is infheidhme, chun iad a chomhroinnt le Europol, ar an gcoinníoll go mbeidh na sonraí pearsanta arna n-iarraidh teoranta go docht don mhéid atá riachtanach do Europol chun cosc a chur le scaipeadh ar líne ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí, mar a leagtar amach i bpointe (ua) d’Airteagal 4(1). Beag beann ar a ndlínse maidir le scaipeadh an ábhair a n-iarrann Europol na sonraí pearsanta ina leith, áiritheoidh Ballstáit gur féidir leis na húdaráis náisiúnta inniúla a leithéid d’iarrataí a phróiseáil go dleathach i gcomhréir lena ndlí náisiúnta chun críche an fhaisnéis riachtanach a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis a chuspóirí a chomhlíonadh. |
|
6. Áiritheoidh Europol go ndéanfar taifid mhionsonraithe de gach aistriú de shonraí pearsanta mar aon leis na forais a bhí le haistrithe den sórt sin a thaifeadadh i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go gcuirfear in iúl iad do MECS, arna iarraidh sin, de bhun Airteagal 39a. |
|
7. Má dhéantar dochar leis na sonraí pearsanta a fhaightear nó a bheidh le haistriú do leasanna Ballstáit, cuirfidh Europol aonad náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann ar an eolas láithreach bonn.” |
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 27a – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Maidir leis na tagairtí do ‘rialacha cosanta sonraí is infheidhme’, sa Rialachán seo, tuigfear gur tagairtí iad do na forálacha a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2018/1725. |
scriosta |
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 27a – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tuigfear gurb ionann tagairtí do ‘shonraí pearsanta’ sa Rialachán seo agus tagairtí do ‘shonraí pearsanta oibríochtúla’, mura léirítear a mhalairt. |
3. Tuigfear gurb ionann tagairtí do ‘shonraí pearsanta’ sa Rialachán seo agus tagairtí do ‘shonraí pearsanta oibríochtúla’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/1725, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo. |
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16– pointe a – an chuid réamhráiteach
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 30 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte: |
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: |
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 30 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ní cheadófar próiseáil sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibríocha nó trí mheáin eile, lena nochtfar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann ná próiseáil sonraí géiniteacha agus sonraí bithmhéadracha chun críche duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil ná próiseáil sonraí a bhaineann le sláinte nó le saol gnéis nó le claonadh gnéis an duine, ach amháin i gcás ina bhfuil sé riachtanach i ndáiríre agus comhréireach chun coireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac agus má fhorlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta eile atá próiseáilte ag Europol.; |
2. Ní cheadófar próiseáil sonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibríocha nó trí mheáin eile, lena nochtfar tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta, nó ballraíocht i gceardchumann, ná próiseáil sonraí géiniteacha, agus sonraí bithmhéadracha, chun críche duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ná próiseáil sonraí a bhaineann le saol gnéis nó claonadh gnéis duine nádúrtha, ach amháin i gcás ina bhfuil sé riachtanach i ndáiríre agus comhréireach le haghaidh tionscadail taighde agus nuálaíochta de bhun Airteagal 33a agus chun críocha oibríochtúla, laistigh de shainordú Europol, agus ach chun coireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol a chosc nó a chomhrac mar a leagtar amach in Airteagal 3. Beidh an phróiseáil sin faoi réir coimircí iomchuí freisin maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí agus, cé is moite de shonraí bithmhéadracha arna bpróiseáil chun duine nádúrtha a shainaithint go sainiúil, ní cheadófar í ach má fhorlíonann na sonraí sin sonraí pearsanta eile arna bpróiseáil ag Europol. Toirmiscfear idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha bunaithe ar na sonraí pearsanta sin; |
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe a a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 30 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) cuirtear mír 2a seo a leanas isteach: |
|
“2a. Cuirfear an tOifigeach Cosanta Sonraí ar an eolas gan moill mhíchuí i gcás próiseáil sonraí pearsanta de bhun an Airteagail seo.” |
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 16 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 30 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Ní tharchuirfear sonraí pearsanta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 chuig na Ballstáit, chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta ach amháin má tá a leithéid de tharchur nó d’aistriú riachtanach i ndáiríre agus comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le coireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol agus i gcomhréir le Caibidil V.”; |
5. Ní tharchuirfear sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 chuig na Ballstáit, chuig comhlachtaí de chuid an Aontais, ná ní aistreofar iad chuig tríú tíortha ná chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta mura rud é go bhfuil an tarchur nó an t-aistriú sin riachtanach i ndáiríre agus comhréireach i gcásanna aonair a bhaineann le coireacht a thagann laistigh de chuspóirí Europol agus i gcomhréir le Caibidil V.”; |
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 33 a – mír -1 (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
|
-1. Féadfaidh Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha a thionscadal taighde agus nuálaíochta amhail dá dtagraítear i bpointe (e) d’Airteagal 18(2), ach ní fhéadfaidh sé é sin a dhéanamh ach i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: |
|
(a) tá fíorghá le sonraí pearsanta a phróiseáil, agus tá bonn cirt cuí lena bpróiseáil, chun cuspóirí an tionscadail a bhaint amach; |
|
(b) maidir le catagóirí speisialta sonraí pearsanta, ní cheadófar próiseáil a dhéanamh ach i gcás ina bhfuil fíorghá léi agus i gcás ina bhfuil coimircí breise iomchuí ag gabháil léi, lena n-áirítear bréagainmniú. |
|
Beidh prionsabal na trédhearcachta, prionsabal an inmhínitheachta, prionsabal na cothroime agus prionsabal na cuntasachta ina mbonn leis an bpróiseáil a dhéanfaidh Europol ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs tionscadal taighde agus nuálaíochta. |
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 33a – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) beidh tionscadal ar bith faoi réir ag údarú roimh ré ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, bunaithe ar chur síos ar an ngníomhaíocht próiseála atá réamh-mheasta lena leagtar amach an riachtanas le próiseáil sonraí dá leithéid, amhail le haghaidh réitigh nuálacha a iniúchadh nó a thástáil agus cruinneas thorthaí an tionscadail a áirithiú, ar chur síos ar na sonraí pearsanta atá le próiseáil, ar chur síos ar an tréimhse choinneála agus ar na coinníollacha le haghaidh na sonraí pearsanta a rochtain, ar mheasúnacht tionchair um chosaint sonraí maidir leis na rioscaí do chearta agus do shaoirsí uile na n-ábhar sonraí, lena n-áirítear claontacht ar bith maidir leis an toradh, agus na bearta atá réamh-mheasta chun tabhairt faoi na rioscaí sin; |
(a) beidh aon tionscadal taighde agus nuálaíochta faoi réir údarú roimh ré ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, i gcomhairliúchán leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, bunaithe ar chur síos ar chuspóirí sonracha an tionscadail agus ar an gcaoi a dtugann an tionscadal cúnamh do Europol nó do na húdaráis náisiúnta um fhorghníomhú an dlí agus iad ag gabháil dá gcuraimí, i gcomhairliúchán leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, ar chur síos ar an ngníomhaíocht próiseála atá beartaithe, ina leagtar amach cuspóirí, raon feidhme agus fad na próiseála agus a mhéid is gá agus is comhréireach na sonraí a phróiseáil, ar chur síos ar na catagóirí sonraí pearsanta a bheidh le próiseáil, ar chur síos ar a mhéid a chomhlíontar an prionsabail cosanta sonraí a leagtar síos in Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2018/1725, ar chur síos ar an tréimhse choinneála agus ar na coinníollacha le haghaidh na sonraí pearsanta a rochtain, ar mheasúnacht tionchair um chosaint sonraí maidir leis na rioscaí do chearta agus saoirsí uile na n-ábhar sonraí, lena n-áirítear an baol go mbeidh aon chlaontacht ann sna sonraí pearsanta a bheidh le húsáid i gcomhair oiliúint na n-algartam agus i dtoradh na próiseála, agus na bearta atá beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin agus freisin chun sáruithe ar chearta bunúsacha a sheachaint. |
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 12 – mír 1 – pointe a a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) beidh aon tionscadal taighde agus nuálaíochta faoi réir measúnú tosaigh ón Oifigeach um Chearta Bunúsacha bunaithe ar an bhfaisnéis i bpointe (a). Déanfaidh Europol an measúnú sin agus, i gcás inarb infheidhme, na moltaí atá ar áireamh ann, a chur san áireamh sula seolfaidh sé an tionscadal. |
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 33a – mír 1 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) (g) coimeádfar logaí ar phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an tionscadail i rith thréimhse an tionscadail agus ar feadh 1 bhliain tar éis chríochnú an tionscadail, chun críche cruinneas thoradh na próiseála sonraí a dheimhniú amháin agus le haghaidh trátha nach faide ná mar atá riachtanach chun na críche sin. |
(f) coimeádfar na logaí ar phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an tionscadail go ceann ré an tionscadail agus go ceann aon bhliain amháin tar éis clabhsúr a bheith curtha ar an tionscadal, chun críche cruinneas thoradh na próiseála sonraí a fhíorú, agus chun na críche sin amháin, agus ní choimeádfar iad ach a fhad is gá lena dhéanamh sin, agus freisin chun deis a thabhairt do MECS maoirseacht agus iniúchtaí a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na coimircí uile dá bhforáiltear san Airteagal seo. |
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 33a – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Bunóidh an Bord Bainistíochta raon feidhme ginearálta ceangailteach do thionscadail taighde agus nuálaíochta Europol. Déanfar an doiciméad a nuashonrú i gcás inarb iomchuí. Cuirfear an doiciméad ar fáil do MECS i dtreo is go bhféadfaidh sé a ról maoirseachta a chomhlíonadh. |
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 33a – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Coinneoidh Europol tuairisc iomlán agus mionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht taobh thiar den oiliúint, den tástáil agus den bhailíochtú algartam d’fhonn follasacht a áirithiú agus le haghaidh cruinneas na dtorthaí a dheimhniú.; |
2. Coinneoidh Europol tuairisc mhionsonraithe ar an bpróiseas agus ar an réasúnaíocht atá le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú na n-algartam chun trédhearcacht an nóis imeachta agus na n-algartam a áirithiú, lena n-áirítear a n-inmhínitheacht, a mhéid a chomhlíonann siad na coimircí dá bhforáiltear san Airteagal seo, agus chun a fhágáil gur féidir cruinnead na dtorthaí a fhíorú. Cuirfidh Europol an tuairisc ar fáil do GGPC arna iarraidh sin. |
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 33a – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2 a. Áiritheoidh Europol go ndéanfaidh saineolaithe neamhspleácha iniúchadh sula n-úsáidfear aon réiteach teicneolaíoch a bheidh mar thoradh ar a thionscadail taighde agus nuálaíochta maidir le próiseáil sonraí pearsanta. |
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 34 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. I gcás sárú i ndáil le sonraí pearsanta, tabharfaidh Europol fógra maidir leis an sárú sin gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(5), agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann chomh maith mura bhfuil drochsheans ann go mbeidh riosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar an sárú i ndáil le sonraí pearsanta.”; |
1. Gan dochar d’Airteagal 92 de Rialachán (AE) 2018/1725, i gcás sárú ar shonraí pearsanta, tabharfaidh Europol fógra maidir leis an sárú sin gan moill mhíchuí d’údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 7(5), agus do sholáthraí na sonraí lena mbaineann chomh maith mura rud é go bhfuil drochsheans ann go mbeidh riosca ann do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha mar gheall ar an sárú ar shonraí pearsanta; |
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 35 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
“Gan dochar d’Airteagal 93 de Rialachán 2018/1725, mura bhfuil sonraí teagmhála an ábhair sonraí lena mbaineann ag Europol, iarrfaidh sé ar sholáthraí na sonraí an sárú i ndáil le sonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus Europol a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.; |
Gan dochar d’Airteagal 93 de Rialachán 2018/1725, mura bhfuil sonraí teagmhála an ábhair sonraí lena mbaineann ag Europol, iarrfaidh sé ar sholáthraí na sonraí an sárú ar shonraí pearsanta a chur in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann agus Europol a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh. Na Ballstáit a sholáthraíonn na sonraí, cuirfidh siad an sárú in iúl don ábhar sonraí lena mbaineann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. |
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 22 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 36 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun rochtana a fheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1725 ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí sin iarraidh a dhéanamh chuige sin, gan costais iomarcacha a thabhú, chuig an údarás a ceapadh don chuspóir sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. Nuair a dhéantar an iarraidh chuig údarás an Bhallstáit, déanfaidh an t-údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de mhí amháin óna fháil.”; |
3. Féadfaidh aon ábhar sonraí ar mian leis nó léi an ceart chun rochtana, dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2018/1725, ar shonraí pearsanta a bhaineann leis an ábhar sonraí a fheidhmiú iarraidh a dhéanamh chuige sin chuig an údarás a ceapadh chun na críche sin sa Bhallstát dá rogha féin, nó chuig Europol. I gcás ina ndéanfar an iarraidh chuig údarás an Bhallstáit, déanfaidh an t-údarás sin an iarraidh sin a chur faoi bhráid Europol gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de mhí amháin óna fáil.; |
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 23 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 37 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Gan dochar d’Airteagal 82(3) de Rialachán 2018/1725, déanfaidh Europol sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a shrianadh seachas iad a léirscriosadh má tá cúiseanna réasúnta ann le creidiúint go bhféadfadh léirscriosadh dochar a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí.; |
Gan dochar d’Airteagal 82(3) de Rialachán 2018/1725, déanfaidh Europol sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 a shrianadh seachas iad a scriosadh má bhíonn forais ann lena chreidiúint go bhféadfadh scriosadh difear a dhéanamh do leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí. Ní dhéanfar sonraí srianta a phróiseáil ach chun cearta an ábhair sonraí nó cearta duine nádúrtha nó dhlítheanaigh eile a chosaint nó chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 82(3) den Rialachán sin. |
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 24
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 37a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(24) cuirtear Airteagal 37a seo a leanas isteach: |
scriosta |
Airteagal 37a |
|
An ceart ar phróiseáil a shrianadh |
|
I gcás ina bhfuil srian curtha le próiseáil na sonraí pearsanta faoi Airteagal 82(3) de Rialachán (AE) 2018/1725, ní dhéanfar na sonraí pearsanta sin a phróiseáil ach amháin chun cearta an ábhair sonraí nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chosaint nó chun na gcríoch a leagtar síos in Airteagal 82(3) den Rialachán sin.; |
|
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 38
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(25) Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas: |
(25) Leasaítear Airteagal 38 mar a leanas: |
|
(-a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: |
|
“1. Próiseálfaidh Europol sonraí pearsanta ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir a bhfoinse, i gcomhréir le hAirteagal 17, a shuíomh.” |
|
(-aa) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití de mhír 2: |
|
“2. Beidh an fhreagracht as cáilíocht na sonraí pearsanta amhail dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 71(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 orthu seo a leanas:” |
|
(-ab) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 2: |
|
“(a) an Ballstát nó an comhlacht de chuid an Aontais a sholáthraigh na sonraí pearsanta;” |
|
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: |
|
“4. Beidh Europol freagrach as déanamh de réir Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta riaracháin agus as déanamh de réir an Rialacháin seo agus de réir Airteagal 3 agus Caibidil IX de Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le sonraí pearsanta oibríochtúla.” |
|
(aa) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: |
|
“6. I gcás aistriú idir Europol agus comhlacht de chuid an Aontais, is é Europol a bheidh freagrach as dlíthiúlacht an aistrithe.” |
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 29
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach Cosanta Sonraí, a bheidh ina bhall foirne nó ina ball foirne a cheapfar go sainiúil chun na críche sin. Gníomhóidh sé nó sí go neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid nó a cuid dualgas agus ní féidir leis nó léi treoracha ar bith a ghlacadh. |
1. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach Cosanta Sonraí, a bheidh ina bhall foirne nó ina ball foirne a cheapfar go sainiúil chun na críche sin. |
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 29
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Roghnófar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar bhonn a chuid nó a cuid buanna pearsanta agus gairmiúla agus, go háirithe, ar bhonn an tsaineolais ar chosaint sonraí agus ar chleachtais agus ar bhonn an chumais atá aige nó aici na cúraimí dá chuid nó dá cuid faoin rialachán seo a chomhlíonadh. |
2. Roghnófar an tOifigeach Cosanta Sonraí ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar bhonn an saineolais atá ag an duine ar an dlí um chosaint sonraí agus ar chleachtais um chosaint sonraí agus ar bhonn an chumais atá aige nó aici na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41b den Rialachán seo a chomhlíonadh. |
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 29
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Ainmneofar an tOifigeach Cosanta Sonraí le haghaidh téarma 4 bliana agus beidh sé nó sí incháilithe d’athcheapachán. Ní fhéadfaidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur amach as a phost nó as a post mar Oifigeach Cosanta Sonraí ach le cead ó MECS, mura gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid nó a cuid dualgas a fheidhmiú. |
scriosta |
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 29
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Tar éis a ainmniúcháin nó a hainmniúcháin, cláróidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí |
scriosta |
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41a – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Tacóidh Europol leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41c á gcur i gcrích aige nó aici trí na hacmhainní agus an fhoireann is gá a chur ar fáil chun na cúraimí sin a chur i gcrích agus trí rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a chur ar fáil, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choimeád. An fhoireann ghaolmhar atá ann, is féidir Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta a chur sa bhreis léi sa réimse a bhaineann le próiseáil oibríochtúil agus riaracháin sonraí pearsanta. |
2. Tacóidh Europol leis an Oifigeach Cosanta Sonraí agus na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 41b á gcur i gcrích aige nó aici trí na hacmhainní agus an fhoireann, is gá chun na cúraimí sin a chur i gcrích, a sholáthar agus trí rochtain ar shonraí pearsanta agus ar oibríochtaí próiseála a sholáthar, agus chun a shaineolas nó a saineolas a choimeád. An fhoireann a sholáthrófar chun cúnamh a thabhairt do Europol agus an Rialachán seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 á gcomhlíonadh aige, féadfar beirt Oifigeach Cosanta Sonraí cúnta a chur sa bhreis léi, oifigeach amháin a bheadh freagrach as próiseáil oibríochtúil sonraí pearsanta agus oifigeach eile a bheadh freagrach as próiseáil riaracháin sonraí pearsanta. Na forálacha is infheidhme maidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis na hOifigigh Cosanta Sonraí cúnta. |
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41a – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Áiritheoidh Europol nach bhfaighidh an tOifigeach Cosanta Sonraí aon treoir maidir le cur i gcrích na gcúraimí sin. Tuairisceoidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go díreach don Bhord Bainistíochta. Ní chuirfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí as a phost nó as a post ná ní ghearrfar pionós air nó uirthi mar gheall ar a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích. |
3. Áiritheoidh Europol go ngníomhóidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go neamhspleách agus nach bhfaighidh sé nó sí aon treoir maidir le cur i gcrích na gcúraimí sin. Tuairisceoidh an tOifigeach Cosanta Sonraí go díreach don Bhord Bainistíochta. Ní chuirfidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí as a phost nó as a post ná ní ghearrfar pionós air nó uirthi mar gheall ar a chúraimí nó a cúraimí a chur i gcrích. |
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41a – mír 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6a. Ainmneofar an tOifigeach Cosanta Sonraí le haghaidh téarma 4 bliana agus beidh sé nó sí incháilithe d’athcheapachán. Ní fhéadfaidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí a chur amach as a phost nó as a post mar Oifigeach Cosanta Sonraí ach le cead ó MECS, mura gcomhlíonann sé nó sí a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a chuid nó a cuid dualgas a fheidhmiú. |
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41a – mír 6 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
6b. Ar iad a bheith ainmnithe, cláróidh an Bord Bainistíochta an tOifigeach Cosanta Sonraí agus na hOifigigh Cosanta Sonraí cúnta le MECS. |
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41b – mír 1 – pointe e
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(e) a áirithiú go gcoinnítear taifead faoi aistriú agus faoi fháil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
(e) a áirithiú go gcoinnítear taifead de tharchur, aistriú agus fáil na sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41b – mír 1 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) comhoibriú le MECS; |
(h) freagra a thabhairt ar iarrataí ó MECS; laistigh de réimse a inniúlachta nó a hinniúlachta, comhoibriú agus dul i gcomhairle le MECS, arna iarraidh sin ag MECS nó ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin; |
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41b – mír 1 – pointe j
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(j) gníomhú mar phointe teagmhála don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán dá dtagraítear faoi Airteagail 39 agus 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus comhairliúchán a dhéanamh, nuair is iomchuí, maidir le haon ábhar eile; |
(j) gníomhú mar phointe teagmhála don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, lena n-áirítear an réamhchomhairliúchán faoi Airteagail 39 agus 90 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus comhairliúchán a dhéanamh, nuair is iomchuí, maidir le haon ábhar eile laistigh de réimse a inniúlachta nó a hinniúlachta; |
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41b – mír 1 – pointe k a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(k a) a áirithiú nach ndéanfaidh na hoibríochtaí próiseála difear do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí; |
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41b – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1a. Féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí moltaí a dhéanamh leis an mBord Bainistíochta maidir le feabhas praiticiúil a chur ar an gcosaint sonraí agus comhairle a chur air maidir le forálacha i ndáil le cosaint sonraí a chur i bhfeidhm. Thairis sin, féadfaidh an tOifigeach Cosanta Sonraí, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag an mBord Bainistíochta, imscrúdú a dhéanamh ar ábhair agus ar tharluithe a bhaineann go díreach lena chúram nó lena cúram agus a thagann chun a aire nó a haire, agus tuairisciú ar ais don té a d’iarr an t-imscrúdú nó don Bhord Bainistíochta. |
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 30 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(30a) cuirtear Airteagal 41c seo a leanas isteach |
|
“Airteagal 41c |
|
Oifigeach um Chearta Bunúsacha |
|
1. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta Oifigeach um Chearta Bunúsacha ar bhonn liosta de thriúr iarrthóirí. Roghnófar an tOifigeach um Chearta Bunúsacha ar bhonn cháilíochtaí gairmiúla an duine agus, go háirithe, ar bhonn an saineolais agus na taithí atá ag an duine i réimse na gceart bunúsach agus ar bhonn an chumais atá aige nó aici na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo a chomhlíonadh. |
|
2. Déanfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha na cúraimí seo a leanas: |
|
(a) faireachán a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann Europol cearta bunúsacha; |
|
(b) urraim Europol do chearta bunúsacha i gcomhlíonadh a chúraimí agus a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn; |
|
(c) comhairle a chur ar Europol i gcás ina measfaidh sé nó sí gur gá déanamh amhlaidh nó arna iarraidh sin maidir le haon ghníomhaíocht de chuid Europol gan bac ná moill a chur ar na gníomhaíochtaí sin; (d) tuairimí a thabhairt maidir le socruithe oibre; |
|
(f) an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur ar an eolas faoi sháruithe féideartha ar chearta bunúsacha le linn ghníomhaíochtaí Europol; |
|
(g) aon chúraimí eile a dhéanamh, i gcás ina bhforáiltear dóibh sa Rialachán seo; Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar an Oifigeach um Chearta Bunúsacha maidir le conas a tugadh aghaidh ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar chearta bunúsacha amhail dá dtagraítear i bpointe (e) den chéad fhomhír. |
|
3. Áiritheoidh Europol go ngníomhóidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go neamhspleách agus nach bhfaighidh sé nó sí aon treoir maidir le cur i gcrích na gcúraimí sin. Tacóidh Europol leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus na cúraimí dá dtagraítear san Airteagal seo á gcur i gcrích aige nó aici trí na hacmhainní agus an fhoireann, is gá chun na cúraimí sin a chur i gcrích, a sholáthar agus trí rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis uile maidir le hurraim do chearta bunúsacha i ngníomhaíochtaí Europol. |
|
4. Tuairisceoidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go díreach don Bhord Bainistíochta agus foilseoidh sé nó sí tuarascálacha bliantúla ar a chuid gníomhaíochtaí nó ar a cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear a mhéid a urramaítear cearta bunúsacha le gníomhaíochtaí Europol. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go ndéanfar gníomhaíocht maidir le moltaí ón Oifigeach um Chearta Bunúsacha. |
|
5. Déanfaidh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha agus an tOifigeach um Chosaint Sonraí meabhrán tuisceana a bhunú, i scríbhinn, lena sonrófar roinnt a gcúraimí agus an comhar.” |
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 41 d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(30 b) cuirtear Airteagal 41d seo a leanas isteach: |
|
“Airteagal 41d |
|
Oiliúint um Chearta Bunúsacha |
|
Baill foirne uile Europol a bhfuil baint acu le cúraimí oibríochtúla a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta, cuirfear oiliúint éigeantach orthu maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint, lena n-áirítear maidir le próiseáil sonraí pearsanta. Déanfar an oiliúint sin a fhorbairt agus a eagrú i gcomhar le FRA agus CEPOL.” |
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 – pointe a a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 43 – mír 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(aa) cuirtear mír 1a seo a leanas isteach: |
|
“1a. Soláthrófar acmhainní airgeadais agus daonna do MECS is gá chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach agus go héifeachtúil*.” |
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 – pointe a b (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 43 – mír 2 – pointe c
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(a b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): |
(c) cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aon ghnímh eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm sin; |
“(c) cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2018/1725 a bhaineann le cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag Europol a áirithiú agus faireachán a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm sin;” |
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 – pointe a c (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 43 – mír 2 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(a c) cuirtear mír 2a seo a leanas isteach: |
|
“2a. Beidh rochtain ag MECS ar na sonraí pearsanta oibríochtúla arna bpróiseáil ag Europol agus ar áitreabh Europol a mhéid is gá chun a chúraimí nó a cúraimí a chomhlíonadh.” |
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 – pointe a d (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 43 – mír 3
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(a d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: |
3. De bhun an Rialacháin seo, féadfaidh MECS: |
3. Cúraimí agus cumhachtaí MECS mar a leagtar amach in Airteagail 57 agus 58 de Rialachán(AE) 2018/1725, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an bpróiseáil sonraí pearsanta go léir a dhéanann Europol faoin Rialachán seo.; |
(a) comhairle a chur ar na hábhair sonraí maidir lena gcearta a fheidhmiú; |
|
(b) an t-ábhar a chur faoi bhráid Europol, i gcás sárú líomhnaithe ar na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta, agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí a dhéanamh chun an sárú sin a mheas agus cosaint na n-ábhar sonraí a fheabhsú; |
|
(c) a ordú go gcomhlíonfar iarrataí chun cearta áirithe maidir le sonraí a fheidhmiú i gcás inar diúltaíodh d'iarrataí den sórt sin de shárú ar Airteagal 36 agus ar Airteagal 37; |
|
(d) rabhadh a thabhairt do Europol nó Europol a cháineadh; |
|
(e) a ordú go ndéanfaidh Europol sonraí pearsanta a cheartú, a shrianadh, a léirscriosadh nó a dhíothú, ar sonraí iad a ndearnadh próiseáil orthu de shárú ar na forálacha a rialaíonn próiseáil sonraí pearsanta agus go dtabharfar fógra faoi ghníomhartha den sórt sin do thríú páirtithe ar nochtadh na sonraí sin dóibh; |
|
(f) bac sealadach nó críochnaitheach a chur ar na hoibríochtaí próiseála a dhéanann Europol, ar oibríochtaí iad lena sáraítear na forálacha lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta; |
|
(g) ábhar a chur faoi bhráid Europol agus, más gá, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin; |
|
(h) ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh faoi na coinníollacha dá bhforáiltear dóibh sa CFAE; |
|
(i) Idirghabháil a dhéanamh i gcaingne arna dtabhairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
|
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 – pointe a e (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 43 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(a e) scriostar mír 4. |
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 32 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 43 – mír 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
5. Déanfaidh MECS tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas maidir lena ghníomhaíochtaí nó lena gníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le Europol. Beidh an tuarascáil sin ina cuid de thuarascáil bhliantúil MECS dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725. Iarrfar ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcuid barúlacha a chur in iúl maidir leis an tuarascáil sin, sula ndéanfar cuid de thuarascáil bhliantúil MECS di. Tabharfaidh MECS na barúlacha a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta san áireamh ina n-iomláine agus, ar aon chaoi, déanfaidh sé tagairt dóibh sa tuarascáil bhliantúil. |
5. Déanfaidh MECS tuarascáil bhliantúil a tharraingt suas ar a ghníomhaíochtaí maoirseachta nó ar a gníomhaíochtaí maoirseachta i ndáil le Europol. Beidh an tuarascáil sin ina cuid de thuarascáil bhliantúil MECS dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725. |
|
Áireofar sa tuarascáil faisnéis staidrimh maidir le gearáin, fiosrúcháin agus imscrúduithe, agus freisin maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha, lena n-áirítear chuig páirithe príobháideacha, agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, maidir le cásanna réamhchomhairliúcháin, agus maidir le húsáid na gcumhachtaí a leagtar síos san Airteagal seo. |
|
Iarrfar ar na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta a gcuid barúlacha a chur in iúl maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí maoirseachta Europol i ndáil le Europol sula mbeidh sí ina cuid de thuarascáil bhliantúil MECS. Tabharfaidh MECS na barúlacha a dhéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta san áireamh ina n-iomláine agus déanfaidh sé tagairt dóibh sa tuarascáil bhliantúil. |
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 33 – an chuid réamhráiteach
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 44
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(33) in Airteagal 44, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: |
(33) Leasaítear Airteagal 44 mar a leanas |
|
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2: |
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 33 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 44 – mír 4
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(33 a) i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír: |
I gcásanna a mheasfaidh an MECS a bheith fíorphráinneach, féadfaidh sé nó sí a chinneadh beart a dhéanamh láithreach bonn. I gcásanna den sórt sin, cuirfidh MECS na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta lena mbaineann ar an eolas láithreach agus tabharfaidh sé nó sí bonn cirt maidir le práinn na staide agus maidir leis an mbeart atá déanta aige nó aici. |
“I gcásanna nach bhfuil sé ar intinn ag MECS seasamh údaráis maoirseachta náisiúnta a leanúint, cuirfidh sé nó sí an t-údarás sin ar an eolas faoi sin, tabharfaidh sé nó sí údar cuí leis sin agus cuirfidh sé nó sí an t-ábhar faoi bhráid an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí.” |
(Rialachán (AE) 2016/794)
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 35 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 47 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 36, in Airteagal 37 nó in Airteagal 37a den Rialachán seo nó in Airteagail 80, 81 nó 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh MECS i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó leis an mBallstát lena mbaineann go díreach.”;”; |
I gcás ina mbaineann gearán le cinneadh amhail dá dtagraítear in Airteagal 36 nó 37 den Rialachán seo nó in Airteagal 81 nó 82 de Rialachán (AE) 2018/1725, rachaidh MECS i gcomhairle le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an Bhallstáit a sholáthair na sonraí nó le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta an mBallstát lena mbaineann go díreach."; |
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 36 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 50 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) scriostar mír 1; |
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: |
|
“Beidh sé de cheart ag aon duine a mbaineann damáiste ábhartha nó neamhábhartha dó nó di mar thoradh ar shárú ar an Rialachán seo cúiteamh a fháil i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán 2016/1725 agus leis na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 56 de Threoir (AE) 2016/680.” |
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 36 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 50 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Maidir le haon díospóid idir Europol agus na Ballstáit maidir leis an bhfreagracht deiridh as cúiteamh arna dhámhachtain do dhuine dá ndearnadh díobháil ábhartha nó neamh-ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 65 de Rialachán (AE) 2018/1725 agus leis na dlíthe náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 56 de Threoir (AE) 2016/680, déanfar í a atreorú chuig an mBord Bainistíochta a dhéanfaidh cinneadh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, gan dochar don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE..”; |
2. Maidir le haon díospóid idir Europol agus na Ballstáit i dtaca leis an bhfreagracht deiridh as cúiteamh arna dhámhachtain do dhuine dá ndearnadh díobháil ábhartha nó neamh-ábhartha i gcomhréir le mír 1, déanfar í a atreorú chuig an mBord Bainistíochta a dhéanfaidh cinneadh ina taobh trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, gan dochar don cheart chun agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin i gcomhréir le hAirteagal 263 CFAE.”; |
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe -a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe c
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(-a) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): |
(c) an doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, dá dtagraítear in Airteagal 12(1); |
“(c) an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Europol, dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 11(1), agus roinn mhionsonraithe inti maidir le gníomhaíochtaí Europol i ndáil le tacair sonraí chasta a phróiseáil agus torthaí na próiseála sin; |
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol iarrataí iarchúraim a eisiúint chuig páirtithe príobháideacha nó iarrataí ar a chonlán féin a eisiúint chuig na Ballstáit de bhunaíocht le haghaidh sonraí pearsanta a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 26, lena n-áirítear samplaí sainiúla de chásanna lena dtaispeántar an chúis le riachtanas na n-iarrataí sin ionas go bhféadfadh Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh; |
(f) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol iarrataí iarchúraim a eisiúint chuig páirtithe príobháideacha nó iarrataí ar a chonlán féin a eisiúint chuig na Ballstáit bunaíochta le haghaidh sonraí pearsanta a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 26, mionsonraí ábhartha faoi na páirtithe príobháideacha lena mbaineann agus measúnú ar éifeachtacht an chomhair, agus samplaí sonracha de chásanna a léiríonn cén fáth a raibh na hiarrataí sin riachtanach agus comhréireach ionas go bhféadfadh Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh; |
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n-ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II d’fhonn tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach i gcomhréir le hAirteagal 18a, lena n-áirítear samplaí de chásanna den sórt sin lenar taispeánadh an chúis le riachtanas phróiseáil na sonraí sin; |
(g) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n-ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II chun tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach i gcomhréir le hAirteagal 18a, maille le fainséis faoi fhad agus torthaí na próiseála, lena n-áirítear samplaí de na cásanna sin a léiríonn cén fáth a raibh an phróiseáil sonraí sin riachtanach agus comhréireach; |
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe g a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(g a) faisnéis bhliantúil faoi aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun Airteagal 25(1) arna miondealú de réir an bhunúis dlí, agus faoi líon na gcásanna inar údaraigh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, de bhun Airteagal 25(5), aistriú nó catagóirí aistrithe sonraí pearsanta i dtaca le himscrúdú coiriúil leanúnach sonrach chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear faisnéis faoi na tíortha lena mbaineann agus faoi fhad an údaraithe; |
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol foláirimh a eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(r), agus líon na ‘n-amas’ arna ghiniúint ag na foláirimh sin, lena n-áirítear samplaí sainiúla de chásanna lena dtaispeántar an chúis le riachtanas na bhfoláireamh sin ionas gur féidir le Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh; |
(h) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol foláirimh a eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(r) in aghaidh na catagóire foláirimh agus san iomlán, agus líon na ‘n-amas’ arna ghiniúint ag na foláirimh sin in aghaidh na catagóire foláirimh agus san iomlán, lena n-áirítear samplaí sonracha de chásanna a léiríonn cén fáth a raibh na foláirimh sin riachtanach ionas go bhféadfadh Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh, an líon agóidí ó na Ballstáit i gcoinne moltaí ó Europol foláireamh a eisiúint, agus, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil do Europol, an líon imscrúduithe a tionscnaíodh agus an líon ciontuithe a bhí ann mar thoradh ar an foláirimh sin; |
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe i
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(i) faisnéis bhliantúil maidir le líon na dtreoirthionscadal ina ndearna Europol sonraí pearsanta a phróiseáil d’fhonn algartaim a thástáil agus a bhailíochtú agus oiliúint a dhéanamh ina leith chun uirlisí a fhorbairt, lena n-áirítear uirlisí bunaithe ar Intleacht Shaorga, chun an dlí a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 33a, lena n-áirítear faisnéis maidir le cuspóirí na dtionscadal sin agus na riachtanais um fhorfheidhmiú an dlí a bhféachann na tionscadail sin le haghaidh a thabhairt orthu.; |
(i) faisnéis bhliantúil maidir le líon na dtionscadal taighde agus nuálaíochta ina ndearna Europol sonraí pearsanta a phróiseáil chun algartaim a thástáil agus a bhailíochtú agus oiliúint a dhéanamh ina leith chun uirlisí a fhorbairt, lena n-áirítear uirlisí atá bunaithe ar an Intleacht Shaorga, chun an dlí a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagal 18(2)(e), lena n-áirítear faisnéis maidir le cuspóirí na dtionscadal sin, catagóirí na sonraí pearsanta arna bpróiseáil, na coimircí breise arna n-úsáid, lena n-áirítear íoslaghdú sonraí, na riachtanais um fhorfheidhmiú an dlí a bhféachann na tionscadail sin le haghaidh a thabhairt orthu, torthaí na dtionscadal agus, i gcás inarbh é a bhí mar thoradh ar na tionscadail ná uirlisí forfheidhmithe dlí, faisnéis faoi úsáid na n-uirlisí sin sna Ballstáit agus freisin faoina n-éifeachtacht; |
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe i a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ia) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna inar bhain Europol úsáid as próiseáil shealadach i gcomhréir le hAirteagal 18(6a) agus, i gcás inarb infheidhme, líon na gcásanna inar cuireadh síneadh leis an uastréimhse próiseála; |
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe i b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ib) faisnéis bhliantúil maidir le líon agus cineálacha na gcásanna inar próiseáladh catagóirí speisialta sonraí pearsanta, de bhun Airteagal 30(2); |
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe i b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(i c) faisnéis bhliantúil faoi líon na gcásanna inar phróiseáil Europol sonraí pearsanta i gcomhréir le hAirteagal 26a; |
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe i d (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(id) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 26b, lena n-áirítear, a mhéid atá an fhaisnéis sin ar fáil do Europol, líon na leanaí a sainaithníodh agus a sábháladh mar thoradh ar phróiseáil sonraí pearsanta chun scaipeadh ábhair mí-úsáide gnéasaí leanaí a chosc.”; |
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 5
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(a a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: |
5. Féadfaidh GCPC conclúidí achomair a dhréachtú maidir leis an bhfaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol agus na conclúidí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa ar aghaidh iad, chun críche faisnéise, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Europol. |
“5. Féadfaidh GGPC conclúidí achoimre a dhréachtú maidir leis an bhfaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol, lena n-áirítear moltaí sonracha a dhíriú chuig Europol, agus na conclúidí sin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na bparlaimintí náisiúnta. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa ar aghaidh iad, chun críche faisnéise, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Europol.” |
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 52 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(37 a) cuirtear Airteagal 52a seo a leanas isteach: |
|
“Airteagal 52a |
|
Fóram Comhchomhairleach |
|
1. Déanfaidh Europol fóram comhchomhairleach a bhunú chun cúnamh a thabhairt dó trí chomhairle neamhspleácha a sholáthar maidir le cearta bunúsacha arna iarraidh sin. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Bord Bainistíochta, i gcomhordú leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha, dul i gcomhairle leis an bhfóram comhchomhairleach maidir le haon ábhar a bhaineann le cearta bunúsacha. |
|
2. Tabharfaidh Europol cuireadh do shaineolaithe neamhspleácha, do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus d’eagraíochtaí ábhartha eile i réimse na gceart bunúsach a bheith rannpháirteach san fhóram comhchomhairleach. Ar bhonn moladh ón Oifigeach um Chearta Bunúsacha arna dhéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh faoi chomhdhéanamh an fhóraim chomhchomhairligh, faoina modhanna oibre agus faoi na dtéarmaí maidir le faisnéis a tharchur chuig an bhfóram comhchomhairleach. |
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 b (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 52 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(37 b) cuirtear Airteagal 52b (nua) isteach: |
|
“Airteagal 52b |
|
Cuntasacht |
|
Beidh Europol cuntasach do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo.” |
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 57 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Féadfaidh Europol leas a bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó comhaontuithe deontais i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha trína dtacaítear le beartais an Aontais. Féadfar ranníocaíochtaí a fháil ó thíortha a bhfuil comhshocrú ag Europol nó ag an Aontas leo ina ndéantar foráil maidir le ranníocaíochtaí airgeadais le Europol a thagann faoi raon feidhme chuspóirí agus chúraimí Europol. Cinnfear méid na ranníocaíochta sa chomhaontú cuí.; |
4. Féadfaidh Europol leas a bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó comhaontuithe deontais i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha trína dtacaítear le beartais an Aontais. Féadfaidh Europol, laistigh de raon feidhme a chuspóirí agus a chúraimí, ranníocaíochtaí a fháil ó thíortha atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) lenar thug sé féin nó an tAontas comhaontú i gcrích maidir le comhar oibríochtúil ina ndéantar foráil do ranníocaíochtaí airgeadais i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 20(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/7151a ón gCoimisiún nó ó thríú tíortha a chomhlíonann ceann amháin de na coinníollacha a liostaítear in Airteagal 25(1) den Rialachán seo le haghaidh tionscadail shonracha i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 20(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún. Cinnfear méid na ranníocaíochta sa chomhaontú cuí. Áireofar méid, tionscnamh agus cuspóir na ranníocaíochtaí sin i gcuntais bhliantúla Europol agus tabharfar mionsonraí soiléire ina leith sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais Europol dá dtagraítear in Airteagal 60(2).” |
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 58 – mír 9
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(38 a) In Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: |
9. Le haghaidh aon tionscadal tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu ar bhuiséad Europol, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013. |
“Le haghaidh aon tionscadail tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu do bhuiséad Europol, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún.” |
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38 b (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 60 – mír 4
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(38 b) In Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: |
4. Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol do bhliain N, de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [25], déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol don bhliain sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil. |
4. Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol do bhliain N de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25a, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol don bhliain sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil ina leith.” |
|
__________________ |
25 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1). |
|
|
25a Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 282/2013, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 996/2012 (IO L 122, 10.5.2018, lch. 1).” |
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38 c (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 60 – mír 9
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(38 c) In Airteagal 60, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9:
|
9. Aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, mar a leagtar síos in Airteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa. |
9. Aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, mar a leagtar síos in Airteagal 106(3) den Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa.” |
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 39 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 61 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chuid cuspóirí agus cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a dhámhachtain.” |
2. Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chúraimí amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 a dhámhachtain. |
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 39 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 61 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi chuspóirí agus chúraimí Europol.; |
3. Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi raon feidhme chúraimí Europol a leagtar amach in Airteagal 4.; |
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 39 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 61 – mír 3a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3a. I gcás ina mbeidh údar cuí leis chun críocha oibríochtúla, féadfar na costais infheistíochta iomlána a bhaineann le trealamh, bonneagar nó sócmhainní eile a chumhdach le tacaíocht airgeadais.; |
3a. I gcás ina mbeidh údar cuí leis chun críocha oibríochtúla, i ndiaidh údarú ón mBord Bainistíochta, féadfar na costais infheistíochta iomlána a bhaineann le trealamh agus bonneagar a chumhdach le tacaíocht airgeadais.; |
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 40
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 67
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 67: |
scriosta |
Airteagal 67 |
|
Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint |
|
1. Glacfaidh Europol a chuid rialacha slándála féin a bheidh bunaithe ar na prionsabail agus na rialacha a leagtar síos i rialacha slándála an Choimisiúin chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (FRAE) agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a chosaint, lena n-áirítear, inter alia, forálacha maidir le faisnéis den sórt sin a mhalartú le tríú tíortha, agus próiseáil agus stóráil faisnéise den sórt sin mar a leagtar amach i gCinntí (AE, Euratom) 2015/443 (44) agus (AE, Euratom) 2015/444 (45) ón gCoimisiún. Aon socrú riaracháin maidir le malartú faisnéis rún-aicmithe le húdaráis ábhartha tríú tíre nó, in éagmais comhshocrú den sórt sin, aon eisiúint ad hoc FRAE chuig na húdaráis sin, beidh sé nó sí faoi réir formheas roimh ré ón gCoimisiún. |
|
2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta rialacha slándála Europol tar éis formheas ón gCoimisiún. Agus measúnú á dhéanamh aige ar na rialacha slándála atá beartaithe, áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh siad i gcomhréir le Cinntí (AE, Euratom) 2015/443 agus (AE, Euratom) 2015/444.“ |
|
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 40 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 68 – mír 1
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(40a) In Airteagal 68, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
|
1. Faoin 1 Bealtaine 2022, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht chun measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar thionchar, ar éifeachtacht agus ar éifeachtúlacht Europol agus a chleachtas oibre. Féadfaidh an mheastóireacht díriú go háirithe ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfaidh le haon mhodhnú den sórt sin. |
“1. Faoin ... [cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar meastóireacht chun measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht Europol agus ar thionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht a chleachtas oibre. Féadfaidh an mheastóireacht díriú go háirithe ar an ngá a d'fhéadfadh a bheith ann struchtúr, oibríocht, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a mhodhnú, agus ar na himpleachtaí airgeadais a ghabhfaidh le haon mhodhnú den sórt sin. |
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 41
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 68 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh an Coimisiún, faoin [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ndéanfar measúnú ar na tairbhí oibríochtúla arna mbaint as cur chun feidhme na n-inniúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 18(2)(e) agus (5a), Airteagal 18a, Airteagal 26 agus Airteagal 26a maidir le cuspóirí Europol. Cumhdófar leis an tuarascáil tionchar na n-inniúlachtaí sin ar shaoirsí agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha.”. |
3. Déanfaidh an Coimisiún, faoin [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, ina mbeidh meastóireacht agus measúnú ar na tairbhí oibríochtúla arna mbaint as cur chun feidhme na n-inniúlachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go háirithe maidir le hAirteagal 4(1)(r), Airteagal 18(2)(e), Airteagal 18(6a), agus Airteagail 18a, 26, 26a agus 26b maidir le cuspóirí Europol mar a leagtar amach in Airteagal 3. Sa tuarascáil, déanfar measúnú ar thionchar na n-inniúlachtaí sin ar shaoirsí agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha. Sa tuarascáil freisin, beidh anailís costais is tairbhe ar leathnú shainordú Europol.”. |
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (2.6.2021)
chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht
(COM(2020)0796 – C9-0401/2020 – 2020/0349(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Niclas Herbst
RÉASÚNÚ GEARR
I Stráitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála[1], mí Iúil 2020, tugadh léargas ar thimpeallacht na bagartha slándála atá ag athrú go tapa ar fud an Aontais agus leagadh amach roinnt céimeanna chun go mbeidh beartas slándála an Aontais slán i bhfad na haimsire, chun go rachfar i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn agus chun go dtógfar éiceachóras slándála Eorpach láidir. Tá an treisiú ar shainordú Europol atáthar a bheartú ina chuid thábhachtach den straitéis sin. Is cuid de phacáiste beart é a thíolaic an Coimisiún i mí na Nollag 2020 chun freagairt an Aontais ar an sceimhlitheoireacht a neartú, lena n-áirítear togra lena leasaítear an Rialachán maidir le Córas Faisnéise Schengen[2] chun é a chur ar a chumas do Europol sonraí a iontráil in SIS.
Sa togra, leathnaítear sainordú reatha Europol, inter alia, chun é a chur ar a chumas don ghníomhaireacht comhoibriú go héifeachtach le páirtithe príobháideacha agus tacú le himscrúduithe Ballstát a mbaineann tacair mhóra sonraí casta leo, chun a ról féin a neartú maidir le taighde agus nuálaíocht agus chun comhar le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a fheabhsú. Is geal leis an Rapóirtéir aidhmeanna lárnacha an togra agus measann sé gur cheart na córacha cuí a bheith ag Europol chun go mbeidh sé in ann déileáil le timpeallacht slándála atá ag athrú go tapa agus an tacaíocht is fearr a thabhairt do na Ballstáit.
I gcomhréir lena ról mar bhuanrapóirtéir sa Choiste um Buiséid le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe, díríonn an Rapóirtéir go háirithe ar na forálacha airgeadais, na rialacha rialachais agus na forálacha a bhaineann le tuairisciú agus le meastóireacht chun gur féidir grinnscrúdú parlaiminteach cuí a áirithiú. Dá bhrí sin, tá an Rapóirtéir dírithe ar mheasúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil na forálacha sa togra ón gCoimisiún i gcomhréir leis na nithe seo a leanas:
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2019 maidir le cur chun feidhme na bhforálacha dlíthiúla agus an Ráitis Chomhpháirtigh lena n-áirithítear grinnscrúdú parlaiminteach ar ghníomhaireachtaí díláraithe (tuarascáil Schoepflin)[3]
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le gníomhaireachtaí díláraithe an 19 Iúil 2012 agus an Cur Chuige Coiteann[4]
Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún (AE) 2019/715 an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[5]
Déanann an Rapóirtéir anailís freisin ar an togra i bhfianaise Tuarascáil speisialta ón gCúirt Iniúchóirí dar teideal ‘Future of EU agencies[6] [Gníomhaireachtaí an Aontais amach anseo] agus i bhfianaise an staidéir a rinne an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla dar teideal ‘EU agencies and conflicts of interest’[7] [Gníomhaireachtaí an Aontais agus coinbhleachtaí leasa].
Ar an iomlán, is geal leis an Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún maidir leis na gnéithe sin. Molann sé, áfach, go ndéanfaí roinnt leasuithe chun Rialachán Europol a ailíniú leis an Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún lena rialaítear gníomhaireachtaí díláraithe maidir leis an gceanglas doiciméad clársceidealaithe aonair a chur ar fáil ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus cláir oibre bhliantúla. Ina theannta sin, soiléiríonn an Rapóirtéir forálacha atá ceaptha chun coinbhleachtaí leasa - a mheastar a bheith ann fiú - a sheachaint agus aird á tabhairt aige ar an ról atáthar á bheartú do Europol i dtaobh cláir thaighde a cheapadh agus a chur chun feidhme. Ar deireadh, tugann an Rapóirtéir isteach roinnt athruithe chun grinnscrúdú parlaiminteach agus na forálacha lena rialaítear meastóireacht agus tuairisciú a neartú.
Tionchar buiséadach an togra
Leis an treisiú ar shainordú Europol atáthar a bheartú, bheadh leithreasuithe breise gealltanais agus íocaíochta de 178 milliún EUR de dhíth faoi Cheannteideal 5 agus 8.5 milliún EUR de dhíth faoi Cheannteideal 7. Tugtar le fios sa Ráiteas Airgeadais Reachtach go ndéanfar ‘tionchar buiséadach na n-acmhainní airgeadais breise do Europol a fhritháireamh le laghdú cúiteamh ón gcaiteachas réamhshocraithe faoi Cheannteideal 4’. Thairis sin, sonraítear i gclárú airgeadais an Choimisiúin go ndéanfar treisiú buiséadach ar Europol a fhaighfear ón ‘Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha – an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí’.
Tugann an Rapóirtéir dá aire go dtairbhíonn ‘an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí’ de bhreisiú 1 bhilliún EUR trí bhíthin coigeartú clárshonrach a comhaontaíodh le linn chaibidlíocht CAI, rud a chiallaíonn go raibh toil pholaitiúil shoiléir ann an ionstraim a threisiú. Ina theannta sin, na cúraimí breise a shanntar do Europol faoin togra, ní cúraimí iad a chuirfí i gcrích murach é sin faoin ‘CBCT - an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí’. Is oth leis an Rapóirtéir, dá bhrí sin, gur laghdú de facto ar an imchlúdach airgeadais atá i gceist leis an togra, togra a tháinig díreach sna sála ar chomhaontú polaitiúil maidir le CAI, nár comhaontaíodh ach le fíordhéanaí i dtaca leis an ‘CBCT - an Ionstraim maidir le Bainistiú Teorainneacha agus Víosaí’.
Meabhraíonn an Rapóirtéir, i ndáil leis sin, faoi phointe 27 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020[8], go bhfuil an ráiteas airgeadais críochnaitheach a ghabhann leis an ngníomh reachtach le cur ar chlár oibre an chruinnithe thríthaobhaigh reachtaigh dheireanaigh lena fhormhuiniú agus le cur ar chlár oibre cruinnithe thrípháirtigh bhuiséadaigh ina dhiaidh sin d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir leis an maoiniú.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) An tírdhreach slándála atá os comhair na hEorpa amach, is tírdhreach í a bhíonn ag síorathrú , tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh agus sceimhlitheoirí leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach agus le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach. Chuir géarchéim COVID-19 leis sin, toisc gur thapaigh coirpigh deiseanna chun úsáid a bhaint as an ngéarchéim trí mhodhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí nua coiriúla a fhorbairt. Tá an sceimhlitheoireacht fós ina bagairt shuntasach ar shaoirse agus ar shlí mhaireachtála an Aontais agus na saoránach. |
(2) An tírdhreach slándála atá os comhair na hEorpa amach, is tírdhreach í a bhíonn ag síorathrú , tráth atá bagairtí slándála ag forbairt agus ag éirí níos casta. Baineann coirpigh agus sceimhlitheoirí leas as na buntáistí a bhaineann leis an gclaochlú digiteach agus le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear idirnascacht agus doiléire na dteorainneacha idir an domhan fisiceach agus an domhan digiteach. Chuir géarchéim COVID-19 leis sin, toisc gur thapaigh coirpigh deiseanna chun úsáid a bhaint as an ngéarchéim trí mhodhanna oibríochta a oiriúnú nó gníomhaíochtaí nua coiriúla a fhorbairt a dhéanann ionstraimiú agus dúshaothrú ar na fiacha agus an easpa ioncaim de dheasca ghéarchéim COVID-19. Braitheann téarnamh eacnamaíoch an Aontais go mór ar a chumas coireacht airgeadais a chosc agus a dhíothú Tá an sceimhlitheoireacht fós ina bagairt shuntasach ar shaoirse agus ar shlí mhaireachtála an Aontais agus na saoránach. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) De réir mar a thugann an Eoraip aghaidh ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghrúpaí coireachta eagraithe agus ó ionsaithe sceimhlitheoireachta, ní mór don fhreagairt éifeachtach forfheidhmithe dlí a áireamh go mbeidh fáil ar aonaid idirghabhála speisialta dea-oilte idir-inoibritheacha atá speisialaithe i gcásanna géarchéime a rialú. San Aontas, téann na haonaid forfheidhmithe dlí i gcomhar ar bhonn Chinneadh 2008/617 ón gComhairle.53 Ba cheart Europol a bheith in ann tacaíocht a sholáthar do na haonaid speisialta idirghabhála sin, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar. |
(4) De réir mar a thugann an Eoraip aghaidh ar bhagairtí atá ag dul i méid ó ghrúpaí coireachta eagraithe agus ó ionsaithe sceimhlitheoireachta, ní mór an fhreagairt éifeachtach forfheidhmithe dlí a áireamh go mbeidh fáil ar aonaid idirghabhála speisialta dea-oilte idir-inoibritheacha atá speisialaithe i gcásanna géarchéime a rialú. Tá gá go háirithe le hoibríochtú den sórt sin ar ionstraimí imscrúdaithe atá ar fáil faoi chreat dlíthiúil an Aontais i bhfianaise shlógadh gan fasach méideanna i bhfad níos airde d’acmhainní airgeadais faoi Next Generation EU. San Aontas, téann na haonaid forfheidhmithe dlí i gcomhar ar bhonn Chinneadh 2008/617 ón gComhairle.53 Ba cheart Europol a bheith in ann tacaíocht a sholáthar do na haonaid speisialta idirghabhála sin, lena n-áirítear trí thacaíocht oibríochtúil, theicniúil agus airgeadais a sholáthar. |
__________________ |
__________________ |
53 Cinneadh 2008/617/JHA ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir aonaid idirghabhála speisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcásanna géarchéime (IO L 210, 6.8.2008). |
53 Cinneadh 2008/617/JHA ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar idir aonaid idirghabhála speisialta Bhallstáit an Aontais Eorpaigh i gcásanna géarchéime (IO L 210, 6.8.2008). |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Le blianta beaga anuas, dhírigh cibirionsaithe ar mhórscála ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon thar go leor dlínsí san Aontas agus níos faide i gcéin, agus rinneadh difear d’earnálacha éagsúla lena n-áirítear seirbhísí iompair, sláinte agus airgeadais. Ní féidir an chibearchoireacht agus an chibearshlándáil a dheighilt óna chéile i dtimpeallacht idirnasctha. Tacaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí chomhordú agus comhoibriú idir gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’), údaráis inniúla maidir le slándáil na líonra agus córas faisnéise (‘údaráis NIS’) mar a shainítear le Treoir (AE) 2016/114854 , údaráis forfheidhmithe dlí agus páirtithe príobháideacha. D’fhonn an comhar éifeachtach idir na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar chibirionsaithe agus bagairtí slándála a áirithiú, ba cheart do Europol dul i gcomhar le ENISA ach faisnéis a mhalartú agus tacaíocht anailíseach a sholáthar. |
(5) Le blianta beaga anuas, tá cibirionsaithe ar mhórscála, lena n-áirítear ionsaithe a thagann ó thríú tíortha, ag díriú ar eintitis phoiblí agus phríobháideacha araon thar go leor dlínsí san Aontas agus níos faide i gcéin, agus tá difear á dhéanamh d’earnálacha éagsúla lena n-áirítear seirbhísí iompair, sláinte agus airgeadais. Ní féidir an chibearchoireacht agus an chibearshlándáil a dheighilt óna chéile i dtimpeallacht idirnasctha. Tacaítear le gníomhaíochtaí den sórt sin a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí chomhordú agus comhoibriú idir gníomhaithe ábhartha, lena n-áirítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (‘ENISA’), údaráis inniúla maidir le slándáil na líonra agus córas faisnéise (‘údaráis NIS’) mar a shainítear le Treoir (AE) 2016/114854 , údaráis forfheidhmithe dlí agus páirtithe príobháideacha. Chun comhar éifeachtach idir na gníomhaithe ábhartha uile ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta ar chibirionsaithe agus bagairtí slándála a áirithiú, ba cheart do Europol dul i gcomhar le ENISA ach faisnéis a mhalartú agus tacaíocht anailíseach a sholáthar. |
__________________ |
__________________ |
54 Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard coiteann slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1-30). |
54 Treoir (AE) 2016/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 maidir le bearta chun leibhéal ard coiteann slándála líonra agus córas faisnéise a áirithiú ar fud an Aontais (IO L 194, 19.7.2016, lch. 1-30). |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Tá ról ceannasach ag coirpigh ardriosca i líonraí coiriúla agus tá ardriosca coireachta tromchúisí do shlándáil inmheánach an Aontais ag baint leo. Chun grúpaí coireachta eagraithe ardriosca agus a bpríomhbhaill a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit chun a bhfreagairt imscrúdaithe a dhíriú ar na daoine sin, a ngníomhaíochtaí coiriúla agus baill na líonraí coiriúla a shainaithint. |
(6) Tá ról ceannasach ag coirpigh ardriosca i líonraí coiriúla agus tá ardriosca coireachta tromchúisí do shlándáil inmheánach an Aontais ag baint leo. Chun grúpaí coireachta eagraithe ardriosca agus a bpríomhbhaill a chomhrac, ba cheart do Europol a bheith in ann tacú leis na Ballstáit chun a bhfreagairt imscrúdaithe a dhíriú ar na daoine sin, a ngníomhaíochtaí coiriúla agus sócmhainní airgeadais, agus baill na líonraí coiriúla a shainaithint, chomh maith le daoine a bhaineann leis na hinstitiúidí polaitiúla agus airgeadais náisiúnta atá rannpháirteach i gcoireanna trí scéimeanna éillithe. Ba cheart do Europol tacú le Ballstáit freisin maidir le sócmhainní coiriúla a aisghabháil lena dtabhairt isteach ina dhiaidh sin i gcistí poiblí. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun cuidiú le cistiú an Aontais le haghaidh taighde faoin tslándáil a acmhainneacht ar fad a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais an fhorfheidhmithe dlí, ba cheart do Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht atá ábhartha do chuspóirí Europol a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Nuair a thugann Europol cúnamh don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus clár réime de chuid an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, níor cheart dó cistiú a fháil ón gclár sin i gcomhréir leis an bprionsabal coinbhleachta leasa. |
(11) Chun cuidiú le cistiú an Aontais le haghaidh taighde faoin tslándáil a acmhainneacht ar fad a fhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais an fhorfheidhmithe dlí, ba cheart do Europol cúnamh a thabhairt don Choimisiún príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht atá ábhartha do chuspóirí Europol a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Chun aon choinbhleachtaí leasa a sheachaint, níor cheart Europol cistiú a fháil ó chláir réime de chuid an Aontais ina bhfuil ról gníomhach aige sa dearadh nó sa chur chun feidhme. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(13) Soláthraíonn Europol saineolas speisialaithe chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Arna iarraidh sin ag Ballstát, ba cheart d’fhoireann Europol a bheith in ann tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit sin ar an talamh in oibríochtaí agus in imscrúduithe, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann a éascú agus tacaíocht fhóiréinseach agus theicniúil a sholáthar in oibríochtaí agus in imscrúduithe, lena n-áirítear i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaithe. Arna iarraidh sin ag Ballstát, ba cheart d’fhoireann Europol a bheith i dteideal a bheith i láthair nuair a dhéantar bearta imscrúdaithe sa Bhallstát sin agus cuidiú leis na bearta imscrúdaitheacha sin a ghlacadh. Níor cheart go mbeadh sé de chumhacht ag foireann Europol bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh. |
(13) Soláthraíonn Europol saineolas speisialaithe chun an choireacht thromchúiseach agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac. Arna iarraidh sin ag Ballstát, ba cheart foireann Europol a bheith in ann tacaíocht oibríochtúil a sholáthar d’údaráis forfheidhmithe dlí an Bhallstáit sin ar an talamh in oibríochtaí agus in imscrúduithe, go háirithe trí mhalartú faisnéise trasteorann a éascú agus tacaíocht fhóiréinseach agus theicniúil a sholáthar in oibríochtaí agus in imscrúduithe, lena n-áirítear i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaithe, agus freisin in aisghabháil sócmhainní. Arna iarraidh sin ag Ballstát, ba cheart foireann Europol a bheith i dteideal a bheith i láthair nuair a dhéantar bearta imscrúdaithe sa Bhallstát sin agus cuidiú leis na bearta imscrúdaitheacha sin a ghlacadh. Níor cheart go mbeadh sé de chumhacht ag foireann Europol bearta imscrúdaitheacha a dhéanamh. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) Ar cheann de chuspóirí Europol tá tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d’fhonn saghsanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Chun an tacaíocht sin a neartú, ba cheart do Europol a bheith in ann a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, fiú nuair nach de chineál trasteorann an choir lena mbaineann. Ba cheart do Europol Eurojust a chur ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin. |
(14) Ar cheann de chuspóirí Europol tá tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis inniúla na mBallstát agus lena gcomhar frithpháirteach d’fhonn saghsanna coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac. Chun an tacaíocht sin a neartú, ba cheart do Europol a bheith in ann a iarraidh ar údaráis inniúla Ballstáit imscrúdú a thionscnamh, a chur i gcrích nó a chomhordú maidir le coir a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais, fiú nuair nach de chineál trasteorann an choir lena mbaineann. Ba cheart do Europol Eurojust agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a chur ar an eolas faoi na hiarratais sin. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 27
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(27) I bhfianaise go bhfeidhmíonn an t-idirlíon beag beann ar theorainneacha, is minic is féidir na seirbhísí sin a sholáthar ó áit ar bith ar domhan. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh íospartaigh, déantóirí coire, agus an bonneagar digiteach ina stóráiltear na sonraí pearsanta agus an soláthraí seirbhíse a sholáthraíonn an tseirbhís go léir a bheith faoi réir dlínsí náisiúnta éagsúla, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacair sonraí ag páirtithe príobháideacha atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí agus ina bhfuil sonraí pearsanta a bhfuil naisc acu le roinnt dlínsí chomh maith le sonraí pearsanta nach féidir a chur i leith aon dlínse ar leith go héasca. Bíonn sé deacair ar údaráis náisiúnta anailís éifeachtach a dhéanamh ar thacair ildlínse nó neamh-inchurtha sonraí den sórt sin trí réitigh náisiúnta. Nuair a chinneann páirtithe príobháideacha na sonraí a roinnt go dleathach agus go deonach le húdaráis forfheidhmithe dlí, níl aon phointe teagmhála amháin acu faoi láthair lenar féidir leo tacair sonraí den sórt sin a roinnt ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, bíonn deacrachtaí ag páirtithe príobháideacha nuair a fhaigheann siad iarrataí iolracha ó údaráis forfheidhmithe dlí i dtíortha éagsúla. |
(27) I bhfianaise go bhfeidhmíonn an t-idirlíon beag beann ar theorainneacha, is minic is féidir na seirbhísí sin a sholáthar ó áit ar bith ar domhan. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh íospartaigh, déantóirí coire, agus an bonneagar digiteach ina stóráiltear na sonraí pearsanta agus an soláthraí seirbhíse a sholáthraíonn an tseirbhís go léir a bheith faoi réir dlínsí náisiúnta éagsúla, laistigh den Aontas agus níos faide i gcéin. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh tacair sonraí ag páirtithe príobháideacha atá ábhartha maidir le forfheidhmiú an dlí agus ina bhfuil sonraí pearsanta a bhfuil naisc acu le roinnt dlínsí chomh maith le sonraí pearsanta nach féidir a chur i leith aon dlínse ar leith go héasca. Bíonn sé deacair ar údaráis náisiúnta anailís éifeachtach a dhéanamh ar thacair ildlínse nó neamh-inchurtha sonraí den sórt sin trí réitigh náisiúnta. Ba cheart go mbeadh bearta i bhfeidhm ag Europol chun comhar páirtithe príobháideacha a éascú, lena n-áirítear maidir le comhroinnt faisnéise. Nuair a chinneann páirtithe príobháideacha na sonraí a roinnt go dleathach agus go deonach le húdaráis forfheidhmithe dlí, níl aon phointe teagmhála amháin acu faoi láthair lenar féidir leo tacair sonraí den sórt sin a roinnt ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, bíonn deacrachtaí ag páirtithe príobháideacha nuair a fhaigheann siad iarrataí iolracha ó údaráis forfheidhmithe dlí i dtíortha éagsúla. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(40) D’fhonn uirlisí breise agus cumais bhreise a sholáthar do Europol ní mór maoirseacht dhaonlathach agus cuntasacht Europol a threisiú. Is ionann grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach agus gné thábhachtach den fhaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol. D’fhonn faireachán polaitiúil éifeachtach a chumasú ar an mbealach a gcuireann Europol uirlisí breise agus cumais bhreise i bhfeidhm, ba cheart do Europol faisnéis bhliantúil a sholáthar do Chomh-ghrúpa Grinnscrúdaithe na Parlaiminte maidir le húsáid na n-uirlisí agus na gcumas sin agus na torthaí lena mbaineann. |
(40) D’fhonn uirlisí breise agus cumais bhreise a sholáthar do Europol ní mór maoirseacht dhaonlathach, trédhearcacht agus cuntasacht Europol a threisiú. Is ionann grinnscrúdú comhpháirteach parlaiminteach agus gné thábhachtach den fhaireachán polaitiúil ar ghníomhaíochtaí Europol. Chun faireachán polaitiúil éifeachtach a chumasú ar an mbealach a gcuireann Europol uirlisí breise agus cumais bhreise i bhfeidhm, ba cheart do Europol faisnéis bhliantúil a sholáthar do Chomh-ghrúpa Grinnscrúdaithe na Parlaiminte maidir le húsáid na n-uirlisí agus na gcumas sin agus na torthaí lena mbaineann. Ba cheart gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta pleanáilte a leagan amach sa doiciméad cláraithe aonair ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol agus ba cheart iad a tharchur chuig an nGrúpa um Ghrinnscrúdú Parlaiminteach Comhpháirteach. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40 a (nua)
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(40a) Is gá acmhainní breise daonna agus airgeadais a sholáthar do Europol ionas gur féidir leis na cuspóirí, na cúraimí agus na freagrachtaí nua a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh. Ba cheart na leithreasaí riachtanacha a tharraingt go heisiach ó chorrlaigh neamh-leithdháilte faoi uasteorainn ábhartha CAI trí ionstraimí speisialta ábhartha CAI a shlógadh. Ba cheart go n-údaródh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an méid deiridh tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(41) Cuireann seirbhísí Europol breisluach ar fáil do na Ballstáit agus do thríú tíortha. Áirítear leis sin na Ballstáit nach mbíonn rannpháirteach i mbearta de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is féidir leis na Ballstáit agus le tríú tíortha cur le buiséad Europol bunaithe ar chomhaontuithe ar leith. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh Europol in ann ranníocaíochtaí a fháil ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha ar bhonn na gcomhaontuithe airgeadais faoi chuimsiú na gcuspóirí agus na gcúraimí dá chuid. |
(41) Cuireann seirbhísí Europol breisluach ar fáil do na Ballstáit agus do thríú tíortha. Áirítear leis sin na Ballstáit nach mbíonn rannpháirteach i mbearta de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is féidir leis na Ballstáit agus le tríú tíortha cur le buiséad Europol bunaithe ar chomhaontuithe ar leith. Dá bhrí sin ba cheart go mbeadh Europol in ann ranníocaíochtaí a fháil ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha ar bhonn na gcomhaontuithe airgeadais faoi chuimsiú na gcuspóirí agus na gcúraimí dá chuid. Ba cheart na ranníocaíochtaí airgeadais sin a iontráil i mbuiséad Europol mar ioncam sannta seachtrach. Chun trédhearcacht agus cuntasacht a áirithiú, ba cheart méid, tionscnamh agus cuspóir na ranníocaíochtaí sin a áireamh sna cuntais bhliantúla agus sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais Europol. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(42) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, is é sin tacú agus treisiú le gníomhaíocht sheirbhísí forfheidhmithe dlí na mBallstát agus a gcomhar frithpháirteach maidir le coireacht thromchúiseach a théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac, mar aon le sceimhlitheoireacht agus cineálacha coireachta a dhochraíonn comhleas atá clúdaithe ag beartas an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar ghné thrasteorann na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta agus an gá le freagairt chomhordaithe do bhagairtí slándála gaolmhara, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(42) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon tacú agus treisiú le gníomhaíocht sheirbhísí forfheidhmithe dlí na mBallstát agus a gcomhar frithpháirteach maidir le coireacht thromchúiseach a théann i bhfeidhm ar dhá Bhallstát nó níos mó a chosc agus a chomhrac, mar aon le sceimhlitheoireacht agus cineálacha coireachta a dhochraíonn comhleas atá clúdaithe ag beartas an Aontais, lena n-áirítear margaíocht aindleathach ar líne ar tháirgí cógaisíochta a bhaineann le paindéim COVID-19, gáinneáil ar dhaoine, airm, drugaí agus ola, coireacht chomhshaoil agus cibearchoireacht, a ghnóthú go leordhóthanach mar gheall ar ghné thrasteorann na coireachta tromchúisí agus na sceimhlitheoireachta agus an gá le freagairt chomhordaithe do bhagairtí slándála gaolmhara, agus gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe c
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Soláthróidh Europol anailís um measúnú bagairtí freisin chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh.; |
Soláthróidh Europol anailís um measúnú bagairtí freisin, lena n-áirítear anailís ar aon tionchar airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann, chun tacú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit measúnuithe riosca a dhéanamh; |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 2 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 4 – mír 4a
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4a. Cuideoidh Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. Nuair a chuidíonn Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus clár réime an Aontais a tharraingt suas agus a chur chun feidhme, ní bhfaighidh an Ghníomhaireacht maoiniú ón gclár sin. |
4a. Cuideoidh Europol leis an gCoimisiún chun príomhthéamaí taighde a shainaithint, agus cláir réime an Aontais um ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach a tharraingt suas agus a chur chun feidhme. I gcás ina bhfuil ról gníomhach ag Europol i ndearadh nó i gcur i bhfeidhm chreatchlár de chuid an Aontais, ní bhfaighidh sé cistiú ón gclár sin. Déanfaidh Europol na bearta uile is gá chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 11 – mír 1 – pointe a
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4a) in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1, pointe a: |
“(a) doiciméad ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol don bhliain dár gcionn, a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 12;” |
"(a) doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh gach bliain, trí thromlach dhá thrian dá chuid comhaltaí agus i gcomhréir le hAirteagal 12 i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/7151a ón gCoimisiún agus le treoirlínte gaolmhara an Choimisiúin don Doiciméad Clársceidealaithe Aonair ina bhfuil clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol don bhliain dár gcionn;” |
|
___________________ |
|
1a Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do chomhlachtaí arna gcur ar bun faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1). |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 b (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 12 – mír 1
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4b) in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: |
1. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle le GGPC. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad sin ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC. |
"1. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, faoin 30 Samhain gach bliain, doiciméad clársceidealaithe aonair ina mbeidh clársceidealú ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil Europol, ar bhonn dréacht arna chur ar aghaidh ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag cur san áireamh dó tuairim an Choimisiúin agus, a mhéid a bhaineann leis an gclársceidealú ilbhliantúil déanfaidh sé é sin tar éis dó dul i gcomhairle le GGPC. Má chinneann an Bord Bainistíochta gan gnéithe de thuairim an Choimisiúin a chur san áireamh, soláthróidh sé bonn cirt cuimsitheach. Beidh feidhm freisin ag an oibleagáid maidir le bonn cirt cuimsitheach a sholáthar i dtaca leis na gnéithe a d’ardaigh GGPC. Cuirfidh an Bord Bainistíochta an doiciméad clársceidealaithe aonair críochnaitheach ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig GGPC.” |
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 c (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 12 – mír 2 – fomhír 1
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4c) in Airteagal 12, mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre: |
2. Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach leis sin freisin pleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus foireann. Beidh ar áireamh ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. |
“2. Leagfar amach sa chlársceidealú ilbhliantúil clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n-áirítear na cuspóirí, na torthaí a mbeifear ag súil leo agus na táscairí feidhmíochta. Leagfar amach leis sin freisin pleanáil acmhainní, lena n-áirítear an buiséad ilbhliantúil agus foireann. Beidh ar áireamh ann an straitéis le haghaidh caidreamh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta pleanáilte. |
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 d (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 16 – mír 5 – pointe d
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4d) in Airteagal 16, mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe d: |
(d) an dréacht-chlársceidealú ilbhliantúil agus na dréachtchláir oibre bhliantúla a ullmhú agus iad a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún; |
"(d) an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú ina bhfuil an clársceidealú ilbhliantúil agus na cláir oibre bhliantúla agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;” |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 21 – mír 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
8. Má tharlaíonn sé le linn gníomhaíochtaí próiseála faisnéise maidir le himscrúdú aonair nó tionscadal ar leith go sainaithníonn Europol faisnéis atá ábhartha do ghníomhaíocht fhéideartha mhídhleathach a dhochraíonn leas airgeadais an Aontais, soláthraíodh Europol an fhaisnéis sin do OLAF ar a chonlán féin agus gan moill mhíchuí.” |
8. Má tharlaíonn sé le linn gníomhaíochtaí próiseála faisnéise maidir le himscrúdú aonair nó tionscadal ar leith go sainaithníonn Europol faisnéis atá ábhartha do ghníomhaíocht fhéideartha mhídhleathach a dhochraíonn leas airgeadais an Aontais, soláthraíodh Europol an fhaisnéis sin do OIPE agus OLAF ar a chonlán féin agus gan moill mhíchuí. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 12 – pointe d
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 26 – mír 6b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
6b. Féadtar bonneagar Europol a úsáid le haghaidh malartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir le dlíthe náisiúnta gach Ballstáit faoi seach. I gcásanna ina n-úsáideann na Ballstáit an bonneagar sin le haghaidh malartú sonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin.” |
6b. Féadtar bonneagar Europol a úsáid le haghaidh malartuithe idir údaráis inniúla na mBallstát agus páirtithe príobháideacha i gcomhréir le dlíthe náisiúnta gach Ballstáit faoi seach. I gcásanna ina n-úsáideann na Ballstáit an bonneagar sin le haghaidh malartú sonraí pearsanta a bhaineann le coireanna atá lasmuigh de raon feidhme chuspóirí Europol, ní bheidh rochtain ag Europol ar na sonraí sin.” Chun rioscaí slándála féideartha a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar oscailt a bhonneagair le húsáid ag páirtithe príobháideacha, déanfaidh Europol measúnú agus, i gcás inar gá, cuirfidh sé bearta coisctheacha agus maolaitheacha iomchuí chun feidhme. |
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe f
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(f) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol iarrataí iarchúraim a eisiúint chuig páirtithe príobháideacha nó iarrataí ar a chonlán féin a eisiúint chuig na Ballstáit de bhunaíocht le haghaidh sonraí pearsanta a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 26, lena n-áirítear samplaí sainiúla de chásanna lena dtaispeántar an chúis le riachtanas na n-iarrataí sin ionas go bhféadfadh Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh; |
(f) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol iarrataí iarchúraim a eisiúint chuig páirtithe príobháideacha nó iarrataí ar a chonlán féin a eisiúint chuig na Ballstáit de bhunaíocht le haghaidh sonraí pearsanta a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 26, lena n-áirítear samplaí sainiúla de chásanna lena dtaispeántar an chúis le riachtanas na n-iarrataí sin ionas go bhféadfadh Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh; |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe g
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(g) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n-ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II d’fhonn tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach i gcomhréir le hAirteagal 18a, lena n-áirítear samplaí de chásanna den sórt sin lenar taispeánadh an chúis le riachtanas phróiseáil na sonraí sin; |
(g) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina raibh sé riachtanach do Europol sonraí pearsanta a phróiseáil lasmuigh de chatagóirí na n-ábhar sonraí a liostaítear in Iarscríbhinn II chun tacú leis na Ballstáit in imscrúdú coiriúil sonrach i gcomhréir le hAirteagal 18a, lena n-áirítear faisnéis shonrach a léiríonn cén fáth a raibh gá leis an bpróiseáil sonraí sin; |
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 37 – pointe a
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 51 – mír 3 – pointe h
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(h) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol foláirimh a eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(r), agus líon na ‘n-amas’ arna ghiniúint ag na foláirimh sin, lena n-áirítear samplaí sainiúla de chásanna lena dtaispeántar an chúis le riachtanas na bhfoláireamh sin ionas gur féidir le Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh; |
(h) faisnéis bhliantúil maidir le líon na gcásanna ina ndearna Europol foláirimh a eisiúint i gCóras Faisnéise Schengen i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(r), agus líon na ‘n-amas’ arna ghiniúint ag na foláirimh sin, lena n-áirítear faisnéis shonrach lena dtaispeántar cén fáth a raibh gá leis na foláirimh sin ionas go bhféadfadh Europol a chuspóirí agus a chúraimí a chomhlíonadh; |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 57 – mír 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
4. Féadfaidh Europol leas a bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó comhaontuithe deontais i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha trína dtacaítear le beartais an Aontais. Féadfar ranníocaíochtaí a fháil ó thíortha a bhfuil comhshocrú ag Europol nó ag an Aontas leo ina ndéantar foráil maidir le ranníocaíochtaí airgeadais chuig Europol a thagann faoi raon feidhme chuspóirí agus chúraimí Europol. Cinnfear méid na ranníocaíochta sa chomhaontú cuí.; |
4. Féadfaidh Europol leas a bhaint as cistiú an Aontais i bhfoirm comhaontuithe ranníocaíochta nó comhaontuithe deontais i gcomhréir lena rialacha airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 61 agus le forálacha na n-ionstraimí ábhartha trína dtacaítear le beartais an Aontais. Féadfaidh Europol ranníocaíochtaí a fháil ó tíortha a bhfuil comhshocrú tugtha i gcrích aige nó ag an Aontas leo ina ndéantar foráil do ranníocaíochtaí airgeadais a thagann faoi raon feidhme chuspóirí agus chúraimí Europol. Cinnfear méid na ranníocaíochta sa chomhaontú cuí. Áireofar méid, tionscnamh agus cuspóir na ranníocaíochtaí sin i gcuntais bhliantúla Europol agus beidh mionsonraí soiléire orthu sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht bhuiséadach agus airgeadais na Gníomhaireachta dá dtagraítear i mír 2 d’Airteagal 60. |
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38 a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 58 – mír 9
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(38 a) in Airteagal 58, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: |
9. Le haghaidh aon tionscadal tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu ar bhuiséad Europol, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013. |
"9. Le haghaidh aon tionscadail tógála ar cosúil go mbeidh impleachtaí móra acu do bhuiséad Europol, beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715.” |
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38 b – pointe -a (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 60 – mír 4
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(38b) Leasaítear Airteagal 60 mar a leanas: |
|
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: |
4. Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol do bhliain N, de bhun Airteagal 148 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol don bhliain sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil. |
"4. Ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha Europol do bhliain N, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle25, déanfaidh oifigeach cuntasaíochta Europol cuntais chríochnaitheacha Europol don bhliain sin a tharraingt suas. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil ina leith.” |
__________________ |
__________________ |
25 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 (IO L 298, 26.10.2012, lch. 1). |
25 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1). |
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 38 b (nua) – pointe b (nua)
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 60 – mír 9
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 9: |
9. Aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, mar a leagtar síos in Airteagal 109(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa. |
"9. Aon fhaisnéis is gá chun nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil do bhliain N, mar a leagtar síos in Airteagal 106(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa í, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa.” |
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 39 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 61 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chuid cuspóirí agus cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 a dhámhachtain.”; |
2. Féadfaidh Europol deontais a bhaineann le comhlíonadh a chuid cuspóirí amhail dá dtagraítear in Airteagal 3 agus i gcomhréir lena chúraimí amhail dá dtagraítear in Airteagal 4 a dhámhachtain”; |
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 39 – pointe b
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 61 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi chuspóirí agus chúraimí Europol.; |
3. Féadfaidh Europol deontais a dhámhachtain ar Bhallstáit, gan glao ar thograí, maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh a thagann faoi raon feidhme chuspóirí agus chúraimí Europol; |
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 41
Rialachán (AE) 2016/794
Airteagal 68 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Déanfaidh an Coimisiún, faoin [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ndéanfar measúnú ar na tairbhí oibríochtúla arna mbaint as cur chun feidhme na n-inniúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 18(2)(e) agus (5a), Airteagal 18a, Airteagal 26 agus Airteagal 26a maidir le cuspóirí Europol. Cumhdófar leis an tuarascáil tionchar na n-inniúlachtaí sin ar shaoirsí agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha.”. |
3. Déanfaidh an Coimisiún, faoin [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ndéanfar measúnú ar na tairbhí oibríochtúla arna mbaint as cur chun feidhme na n-inniúlachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 18(2)(e) agus (5a), Airteagal 18a, Airteagal 26 agus Airteagal 26a maidir le cuspóirí Europol. Cumhdófar leis an tuarascáil tionchar na n-inniúlachtaí sin ar shaoirsí agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha.”. Sa tuarascáil freisin, beidh anailís costais is tairbhe ar leathnú shainordú Europol. |
NÓS IMEACHTA - AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht |
|||
Tagairtí |
COM(2020)0796 – C9-0401/2020 – 2020/0349(COD) |
|||
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 8.2.2021 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 8.2.2021 |
|||
Rapóirtéir don tuairim Dáta an cheapacháin |
Niclas Herbst 14.1.2021 |
|||
Pléite sa choiste |
31.05.2021 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
12.10.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
40 1 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Rasmus Andresen, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Vlad Gheorghe, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Ioannis Lagos, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Silvia Modig, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mario Furore, Jens Geier, Henrike Hahn |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
40 |
+ |
ECR |
Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt |
ID |
Anna Bonfrisco, Valentino Grant, Joachim Kuhs, Hélène Laporte |
NI |
Mario Furore |
PPE |
Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Karlo Ressler, Rainer Wieland, Angelika Winzig |
Renew |
Olivier Chastel, Vlad Gheorghe, Valérie Hayer, Moritz Körner, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds |
S&D |
Robert Biedroń, Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Jens Geier, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Victor Negrescu, Nils Ušakovs |
The Left |
Silvia Modig, Dimitrios Papadimoulis |
Verts/ALE |
Rasmus Andresen, David Cormand, Francisco Guerreiro, Henrike Hahn |
1 |
- |
NI |
Ioannis Lagos |
0 |
0 |
|
|
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht |
|||
Tagairtí |
COM(2020)0796 – C9-0401/2020 – 2020/0349(COD) |
|||
Dáta tíolactha chuig Parlaimint na hEorpa |
10.12.2020 |
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 8.2.2021 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairimí orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 8.2.2021 |
CONT 8.2.2021 |
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
CONT 26.1.2021 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an gceapachán |
Javier Zarzalejos 10.2.2021 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
24.2.2021 |
26.5.2021 |
11.10.2021 |
|
Dáta an ghlactha |
12.10.2021 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
47 16 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Maria Grapini, Andrzej Halicki, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sara Skyttedal, Martin Sonneborn, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jadwiga Wiśniewska, Javier Zarzalejos |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Olivier Chastel, Clare Daly, Tanja Fajon, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Anne-Sophie Pelletier, Thijs Reuten, Rob Rooken, Maria Walsh |
|||
Dáta don chur síos |
15.10.2021 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
47 |
+ |
ECR |
Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Assita Kanko, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska |
ID |
Nicolaus Fest, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche |
NI |
Laura Ferrara |
EPP |
Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Sara Skyttedal, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Maria Walsh, Javier Zarzalejos |
Renew |
Olivier Chastel, Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Jan-Christoph Oetjen, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu |
S&D |
Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Tanja Fajon, Maria Grapini, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Thijs Reuten, Birgit Sippel, Bettina Vollath |
16 |
- |
ECR |
Rob Rooken |
ID |
Nicolas Bay, Marcel de Graaff, Philippe Olivier |
NI |
Martin Sonneborn, Milan Uhrík |
The Left |
Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Cornelia Ernst, Anne-Sophie Pelletier |
GREENS |
Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik |
0 |
0 |
|
|
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] COM/2020/605 final
- [2] COM(2020) 791 final
- [3] https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2019-0134_EN.html
- [4] joint_statement_and_common_approach_2012_en.pdf
- [5] https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A32019R0715
- [6] https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/SR20_22/SR_Future_of_EU_Agencies_EN.pdf
- [7] https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/621934/IPOL_STU(2020)621934_EN.pdf
- [8] OJ L 433I , 22.12.2020, p. 28.