Tuarascáil - A9-0297/2021Tuarascáil
A9-0297/2021

TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh

29.10.2021 - (COM(2021)0397 – C9‑0326/2021 – 2021/0215(COD)) - ***I

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir don tuairim: Jonás Fernández
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2021/0215(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0297/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0297/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh

(COM(2021)0397 – C9‑0326/2021 – 2021/0215(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0397),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0326/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021[1],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0297/2021),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) An [IO cuir isteach an dáta], ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) …/2021 ón gCoimisiún14, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, inter alia, chun go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh úsáid a bhaint as cur i láthair, ábhar agus formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Mar sin féin, socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021 chun a ndóthain ama a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh dá réir sin. Ós rud é gur socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, agus ós rud é go bhfuil gá lena áirithiú go mbeidh deireadh an tsocraithe idirthréimhsigh i gcomhthráth le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, is gá síneadh sé mhí a chur leis an socrú idirthréimhseach, i.e. go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(4) An [IO cuir isteach an dáta], ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) …/2021 ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, inter alia, chun go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh úsáid a bhaint as cur i láthair, ábhar agus formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Ba cheart a léiriú le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021 go bhfuil sé riachtanach am leordhóthanach a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna agus neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas dá réir sin.

_____________

 

14 OJ C […], […], p. […].

 

Leasú 2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an riachtanas maidir le ham leordhóthanach a bheith ann chun ullmhú don oibleagáid maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, ní mór síneadh 12 mhí a chur le fad an tsocraithe idirthréimhsigh, is é sin go dtí an 31 Nollaig 2022.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Is é is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 cur ar chumas infheisteoirí miondíola cinntí infheistíochta eolasacha níos fearr a dhéanamh. In ainneoin dea-rúin an rialacháin sin, rinneadh roinnt gearán ó glacadh é nach mór aghaidh a thabhairt orthu chun muinín infheisteoirí miondíola as na margaí airgeadais a fheabhsú, ar mhaithe le cuideachtaí atá ar lorg cistiú agus ar mhaithe le tairbhe fhadtéarmach na n-infheisteoirí. Áirítear ar na teorainneacha atá ann cheana, i measc nithe eile, an gá le sainmhíniú níos soiléire a thabhairt ar infheisteoirí miondíola, raon táirgí an Rialacháin maidir le PRIIPanna, deireadh a chur le páipéar trí réamhshocrú i gcás ina dtairgtear PRIIP ar bhonn aghaidh ar aghaidh, coincheap na n-idirbheart comhleanúnach, soláthar faisnéise réamhchonarthaí d’infheisteoirí gairmiúla. An gá atá le hathbhreithniú níos leithne, leagadh amach cheana sin i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 agus níl aon athrú tagtha ar an bpráinn a bhaineann leis. Ar bhonn athbhreithniú den sórt sin i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, táthar ag dréim go gcuirfidh an Coimisiún, mar ábhar práinne, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, a mbeidh togra ag gabháil leis i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na teorainneacha atá ann cheana.

Leasú 4

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014

Airteagal 32 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

In Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear an dáta ‘an 30 Meitheamh 2022’ in ionad ‘an 31 Nollaig 2021’.

In Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, cuirtear an dáta ‘an 31 Nollaig 2022’ in ionad ‘an 31 Nollaig 2021’.


 


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna

Tagairtí

COM(2021)0397 – C9-0326/2021 – 2021/0215(COD)

Dáta tíolactha chun PE

15.7.2021

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

13.9.2021

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

IMCO

13.9.2021

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

IMCO

1.9.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Jonás Fernández

1.9.2021

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

27.9.2021

Pléite sa choiste

27.9.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

25.10.2021

 

 

 

Dáta don chur síos

3.11.2021

 

 

An nuashonrú is déanaí: 17 Samhain 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais