Tuarascáil - A9-0301/2021Tuarascáil
A9-0301/2021

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí

3.11.2021 - (COM(2021)0399 – C9‑0327/2021 – 2021/0219(COD)) - ***I

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir don tuairim: Jonás Fernández 
(Nós imeachta simplithe - Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2021/0219(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0301/2021
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0301/2021
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí

(COM(2021)0399 – C9‑0327/2021 – 2021/0219(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0399),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0327/2021),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021[1],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0301/2021),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) An [IO cuir isteach an dáta], ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) …/202110 ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, inter alia, chun go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh úsáid a bhaint as cur i láthair, ábhar agus formáid caighdeánaithe an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Mar sin féin, socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021 chun a ndóthain ama a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh dá réir sin. Ós rud é gur socraíodh an 1 Iúil 2022 mar dháta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, agus ós rud é go bhfuil gá lena áirithiú go mbeidh deireadh an tsocraithe idirthréimhsigh i gcomhthráth le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021, leasaíodh Rialachán Uimh. 1286/2014 cheana féin le Rialachán (AE) .../2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 30 Meitheamh 2022.

(5) An [IO cuir isteach an dáta], ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/… ón gCoimisiún, lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/653 ón gCoimisiún, inter alia, chun go mbeidh sé níos éasca do chuideachtaí bainistíochta, cuideachtaí infheistíochta, agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh úsáid a bhaint as cur i láthair, inneachar agus formáid chaighdeánch an doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Ba cheart a léiriú le dáta chur i bhfeidhm Rialachán Tarmligthe (AE) .../2021 go bhfuil sé riachtanach am leordhóthanach a thabhairt do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh ullmhú do dheireadh an tsocraithe idirthréimhsigh agus don oibleagáid doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas dá réir sin.

_________________

 

10 IO C […], […], lch. […].

 

Leasú  2

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Chun a áirithiú go gcomhlíonfar an riachtanas maidir le ham leordhóthanach a bheith ann chun ullmhú don oibleagáid maidir le doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tháirgeadh, leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 le Rialachán (AE) 2021/...ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach go dtí an 31 Nollaig 2022.

Leasú  3

Togra le haghaidh Treorach

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Cumhdaítear na ceanglais chéanna faisnéise leis an ‘bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a cheanglaítear le hAirteagal 78 de Threoir 2009/65/CE agus leis na ‘doiciméid faisnéise bunriachtanaí’ a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Dá bhrí sin, is iomchuí a sheachaint go bhfaigheadh infheisteoirí miondíola in PRIIPanna ar spéis leo aonaid GCUInna a fháil, an dá dhoiciméad i ndáil leis an táirge airgeadais céanna, amhail ón 1 Iúil 2022. Ba cheart, dá bhrí sin, a leagan síos go measfar go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí na ceanglais is infheidhme maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a cheanglaítear le Treoir 2009/65/CE.

(6) Cumhdaítear na ceanglais chéanna faisnéise leis an ‘bhfaisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a cheanglaítear le hAirteagal 78 de Threoir 2009/65/CE agus leis na ‘doiciméid faisnéise bunriachtanaí’ a cheanglaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014. Dá bhrí sin, is iomchuí a sheachaint go bhfaigheadh infheisteoirí miondíola in PRIIPanna ar spéis leo aonaid GCUInna a fháil, an dá dhoiciméad i ndáil leis an táirge airgeadais céanna, amhail ón 1 Eanáir 2023. Ba cheart, dá bhrí sin, a leagan síos go measfar go gcomhlíonann an doiciméad faisnéise bunriachtanaí na ceanglais is infheidhme maidir leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí a cheanglaítear le Treoir 2009/65/CE. Ciallaíonn sé sin freisin gur cheart d’infheisteoirí, nach infheisteoirí miondíola, cuideachtaí infheistíochta agus cuideachtaí bainistíochta iad, leanúint de ‘faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a tharraingt suas i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE, ach amháin má chinneann siad ‘doiciméad faisnéise bunriachtanaí’ a tharraingt suas mar a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014, agus sa chás sin níor cheart do na húdaráis inniúla a cheangal orthu ‘faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir’ a sholáthar, agus níor cheart ach an ‘doiciméad faisnéise bunriachtanaí’ a sholáthar do na hinfheisteoirí sin.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 1 – mír 1

Treoir 2009/65/CE

Airteagal 82 a – mír 1 a (nua)

 

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfidh údaráis inniúla de cheangal ar chuideachta infheistíochta ná, i gcás aon cheann de na cistí coiteanna atá á mbainistiú aici, ar chuideachta bainistíochta faisnéis bhunriachtanach don infheisteoir a tharraingt suas mar a leagtar amach in Airteagail 78 go 82 agus Airteagal 94 den Treoir seo i gcás ina ndéanfaidh sí doiciméad faisnéise bunriachtanaí a tharraingt suas, a sholáthar, a athbhreithniú agus a aistriú, ar doiciméad é a chomhlíonann na ceanglais le haghaidh doiciméid faisnéise bunriachtanaí a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014.

Leasú  5

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

1. Na forálacha is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2022. Cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Leagfaidh na Ballstáit síos an bealach a ndéanfar tagairtí den sórt sin.

Leasú  6

Togra le haghaidh Treorach

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. A luaithe a thiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an Coimisiún ar an eolas, in am trátha chun a bharúlacha a thíolacadh, faoi aon dréachtaí de na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá beartaithe acu a ghlacadh sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo.

2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhbhearta an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.


 


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Leasú a dhéanamh ar Threoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí

Tagairtí

COM(2021)0399 – C9-0327/2021 – 2021/0219(COD)

Dáta tíolactha chuig Parlaimint na hEorpa

15.7.2021

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

13.9.2021

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Jonás Fernández

1.9.2021

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

27.9.2021

Pléite sa choiste

27.9.2021

 

 

 

Dáta an ghlactha

29.10.2021

 

 

 

Dáta don chur síos

3.11.2021

 

 

An nuashonrú is déanaí: 10 Samhain 2021
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais